AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.11.2021
COM(2021) 693 final
2017/0114(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE a ghlacadh lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí
2017/0114 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE a ghlacadh lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2017) 275 final – 2017/0114 COD):
|
an 1 Meitheamh 2017.
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
an 18 Deireadh Fómhair 2017.
|
|
Dáta na tuairime ó Coiste Eorpach na Réigiún:
|
an 1 Feabhra 2018.
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
an 25 Deireadh Fómhair 2018.
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
an 9 Samhain 2021.
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Mhol an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/62/CE (‘Eoraifínéad’) an 31 Bealtaine 2017, mar chuid den chéad Phacáiste Soghluaisteachta (‘An Eoraip ag Gluaiseacht’). Leis an leasú seo, tugtar aghaidh ar na gnéithe den Treoir sin a bhaineann le muirearú bóithre.
Is é is cuspóir don tionscnamh go ndéanfar dul chun cinn maidir leis na prionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus ‘íoc mar a úsáidtear’ a chur i bhfeidhm agus, sa tslí sin, an t-iompar de bhóthar, atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus ó thaobh an chomhshaoil de, a chur chun cinn. Cuimsíonn an méid sin:
·cuidiú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach trí astaíochtaí CO2 ón iompar de bhóthar a laghdú;
·an riosca a laghdú go ndéanfaí idirdhealú i leith úsáideoirí ócáideacha, ar eachtrannaigh iad den chuid is mó, go háirithe úsáideoirí gluaisteán paisinéirí; agus
·aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shonracha atá sa reachtaíocht atá ann cheana, i.e. na cuspóirí lena mbaineann a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr, go háirithe trí mhuirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm ar bhealach níos simplí, rud a mbaineann próiseas anásta leis faoi láthair i dtaca le bonn cirt agus fógra a thabhairt, agus rogha nua a thabhairt isteach maidir le muirearú brú tráchta.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
3.1.An cineál muirearaithe (dolaí agus/nó greamáin)
(a)Feithiclí tromshaothair (HDVanna)
Cé gur mhol an Coimisiún deireadh a chur de réir a chéile le muirearú ambhunaithe (i.e. muirir ar úsáideoirí ar a dtugtar greamáin go coitianta) tar éis 6 bliana, de réir an tseasaimh ón gComhairle:
·Cuirfear deireadh de réir a chéile le greamáin le haghaidh HDVanna sa chroíghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) laistigh de 8 mbliana
·Agus beidh suas le 2 bhliain bhreise ag dul do na córais choiteanna muirear ar úsáideoirí (i.e. Conradh Eoraifínéid)
·Ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo (cásanna a bhaineann le costais/sochair atá nasctha le dlús tráchta/daonra nó an riosca atreoraithe tráchta).
Ina theannta sin, dá bhféadfaí ‘córas muirearaithe comhcheangailte’ a chur i bhfeidhm, bheadh na Ballstáit a bhfuil dolaí i bhfeidhm acu cheana féin in ann greamáin a thabhairt isteach, i.e. muirir ar úsáideoirí a fhorchur i gcás bóithre nó catagóirí feithiclí nach ngearrtar dola orthu faoi láthair, faoi choinníollacha áirithe.
B’fhearr leis an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile le greamáin sa ghréasán TEN-T ina iomláine le haghaidh na HDVanna uile. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí raon feidhme chur i bhfeidhm an chórais muirearaithe chomhcheangailte a léiriú ar bhealach níos cruinne san fhoráil ábhartha dlí. San am céanna, ní mór foráil den chineál sin a léamh i gcomhthéacs na Treorach agus na n-aithrisí a ghabhann léi, agus tá teorainn le cur i bhfeidhm na forála sin de bharr na gcóras dolaí atá i bhfeidhm cheana féin. I bhfianaise an tionchair measartha teoranta ar an mbonneagar agus na gcostas seachtrach a bhaineann le HDVanna (feithiclí nach ngearrtar dolaí orthu faoi láthair i roinnt Ballstát), agus i bhfianaise na gcoimircí atá ar fáil (i.e. réamhfhógra ón gCoimisiún) i gcás eisceachtaí a bhfuil bonn cirt leo, agus tabhairt isteach córas muirearaithe comhcheangailte, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an gcomhréiteach.
(b)Feithiclí éadroma
Mhol an Coimisiún freisin deireadh a chur de réir a chéile le greamáin le haghaidh feithiclí éadroma. Mar sin féin, comhaontaíonn na comhreachtóirí gurb ann don fhéidearthacht do na Ballstáit greamáin a choinneáil ar bun agus a thabhairt isteach i gcás na bhfeithiclí sin (gluaisteáin phríobháideacha, feithiclí éadroma tráchtála agus mionbhusanna).
A mhéid a bhaineann le comhréireacht phraghsanna na ngreamán, mhol an Coimisiún teorainneacha beagán níos ísle le haghaidh greamáin ghearrthéarmacha ná na teorainneacha dá bhforáiltear sa seasamh ón gComhairle. San am céanna, leis an seasamh ón gComhairle, ceanglaítear ar na Ballstáit anois greamáin laethúla a chur ar fáil agus is céim shuntasach é sin i dtreo praghsáil níos comhréirí le haghaidh feithiclí éadroma. Ina theannta sin, áirítear clásail athbhreithniúcháin i ndáil leis na rialacha is infheidhme maidir le feithiclí éadroma i gcoitinne agus go sonrach i ndáil leis an mbealach a gcaitear le feithiclí tráchtála éadroma (LCVanna), mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa.
Tá praghsáil níos comhréirí i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún.
3.2.Éagsúlú na muirear ar bhonn feidhmíocht chomhshaoil
(a)Feithiclí tromshaothair
Mhol an Coimisiún éagsúlú éigeantach bunaithe ar astaíochtaí CO2 na HDVanna a chur in ionad an éagsúlaithe bunaithe ar an aicme astaíochtaí Euro (tabharfar aghaidh ar thruailleáin aeir trí mhuirearú costas seachtrach, cf. roinn 3.3). In éagmais bunlíne tráth an togra, mhol an Coimisiún na mionsonraí a fhorbairt i ngníomhartha tarmligthe.
Sa seasamh ar an gcéad léamh ó Pharlaimint na hEorpa, chloígh sí leis an togra den chuid is mó agus ní dhearna sí ach leasuithe teoranta i ndáil leis an mbealach a gcaitear le hoibríochtaí astaíochtaí nialasacha, leasuithe atá i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle. D’fhorbair an Chomhairle mionsonraí an éagsúlaithe bunaithe ar astaíochtaí CO2 le haghaidh HDVanna trí chur leis na caighdeáin CO2 a glacadh in 2019. San am céanna, leathnaigh an Chomhairle an oibleagáid na muirir a éagsúlú chun greamáin (muirir ar úsáideoirí) a chumhdach freisin.
I bhfianaise an togra a tháinig amach le déanaí maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh an iompair de bhóthar, áirítear sa seasamh ón gComhairle clásal athbhreithniúcháin/meastóireachta chun aghaidh a thabhairt ar aon fhíor-riosca dúbailte sa phraghsáil carbóin nó ar riosca den sórt sin a mheastar a bheith ann.
Tacaíonn an Coimisiún leis an modheolaíocht maidir le muirir bunaithe ar astaíochtaí CO2 a éagsúlú, modheolaíocht a forbraíodh sa téacs ón gComhairle mar aon le clásal athbhreithniúcháin.
(b)Feithiclí éadroma
Mhol an Coimisiún na muirir bóithre le haghaidh feithiclí éadroma a éagsúlú freisin ar bhonn a bhfeidhmíochta comhshaoil, i.e. agus astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán á gcur san áireamh. Comhaontaíonn na comhreachtóirí gur cheart éagsúlú na muirear le haghaidh gluaisteáin paisinéirí a bheith roghnach.
De réir an tseasaimh ón gComhairle, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit ó 2026 ar aghaidh, nuair is indéanta go teicniúil é, na dolaí agus an muirear bliantúil ar veaineanna (fo-thacar LCVanna) agus mionbhusanna a éagsúlú de réir fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle. Scéim tháscach a bheadh sa scéim dá bhforáiltear in Airteagal 7gb agus in Iarscríbhinn VII, ar bhonn na gcaighdeán astaíochtaí is déanaí. Na Ballstáit a roghnaíonn scéim eile a chur i bhfeidhm (e.g. i dtéarmaí na gcritéar maidir le feidhmíocht astaíochtaí, i dtéarmaí mhéid an éagsúlaithe, nó b’fhéidir trí chritéir eile a áireamh), níor mhór dóibh bonn cirt a thabhairt dá rogha agus fógra a thabhairt don Choimisiún. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú laghduithe a chur i bhfeidhm ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha amháin, gan na muirir ar fheithiclí eile a éagsúlú agus gan fógra a thabhairt don Choimisiún.
Cé gurbh fhearr leis an gCoimisiún riail chomhchosúil a chur i bhfeidhm ar na LCVanna uile, is féidir leis tacú leis an gcomhréiteach ós rud é go bhfuil an prionsabal maidir leis na muirir a éagsúlú de réir an chostais úsáide bóthair i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún.
3.3.Muirearú costas seachtrach
Mhol an Coimisiún muirearú costas seachtrach a shimpliú (trí luachanna tagartha atá inúsáidte go díreach) agus é a dhéanamh éigeantach i gcás HDVanna, ar a laghad i gcás na gcodanna sin den ghréasán ina bhfuil an costas seachtrach a bhaineann le truailliú aeir agus/nó torann níos airde ná an meán. Sa seasamh deiridh ón gComhairle, leathnaíodh raon feidhme na hoibleagáide sin trína dhéanamh infheidhme maidir leis an ngréasán iomlán dolaí 4 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí.
Mar riail ghinearálta, ní mór do na Ballstáit muirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm ar thruailliú ach amháin i gcásanna sonracha a bhfuil bonn cirt leo, rud is méadú uaillmhéine sásúil é i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún.
An rogha muirir a ghearradh freisin as costas na n-astaíochtaí CO2 mar rogha mhalartach ar an muirear bonneagar le haghaidh HDVanna a éagsúlú bunaithe ar astaíochtaí CO2, (nó le húsáid in éineacht leis), is rogha í sin a chuir an Chomhairle isteach (cf. roinn 3.2).. Cé go léiríonn sé sin méadú uaillmhéine soiléir eile, beidh dúbailt praghsála carbóin mar thoradh air i gcás ina bhfuil gné CO2 cheana féin sa cháin náisiúnta breosla is infheidhme, agus i gcás ina n-áirítear breoslaí iompair de bhóthar i dtrádáil astaíochtaí mar a mhol an Coimisiún i mí Iúil. Mar a luaitear i roinn 3.2, ba cheart coimircí chun an riosca sin a íoslaghdú a bheith sna clásail athbhreithniúcháin. Le ceann de na clásal athbhreithniúcháin sin, cuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún na méideanna is inmhuirearaithe le haghaidh astaíochtaí CO2 a choigeartú, agus praghas éifeachtach an charbóin is infheidhme maidir le breoslaí iompair de bhóthar san Aontas á chur san áireamh. Measann an Coimisiún gur leor na coimircí agus tacaíonn sé leis an bhféidearthacht costas a ghearradh as na hastaíochtaí CO2 a fhad is nach gcumhdaítear sin go hiomlán le hionstraim níos oiriúnaí, amhail trádáil astaíochtaí nó cánachas breosla.
3.4.Muirearú brú tráchta
Tá an seasamh ón gComhairle maidir le rogha an mhuirearaithe brú tráchta i gcomhréir, den chuid is mó, leis an togra ón gCoimisiún: féadfaidh na Ballstáit muirear brú tráchta a thabhairt isteach ar aon chuid dá ngréasán bóithre lena mbaineann brú tráchta, agus cuirfear an muirear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar na catagóirí feithiclí uile. Chuir an Chomhairle luachanna tagartha in ionad na gcostas inmhuirearaithe uasta, luachanna a fhéadfar a shárú faoi choinníollacha sonracha, faoi réir fógra a thabhairt don Choimisiún. Chuir sí isteach eisceacht amháin freisin i gcomhréir leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa, i.e. féadfaidh na Ballstáit mionbhusanna, busanna agus cóistí a dhíolmhú go páirteach nó go hiomlán. Féadfaidh an Coimisiún tacú leis na hathruithe sin.
3.5.Marcálacha suas
Mar a mhol an Coimisiún, d’fhéadfaí marcálacha suas a chur i bhfeidhm in aon limistéar íogair (ní hamháin i réigiúin shléibhtiúla), agus ní mór an t-ioncam a ghintear ón marcáil suas sin a infheistiú chun forbairt na seirbhísí iompair a mhaoiniú, nó i dtógáil nó i gcothabháil bhonneagar iompair an chroíghréasáin thras-Eorpaigh.
De réir an tseasaimh ón gComhairle, ní fhéadfadh an mharcáil suas dul thar an uasmhéid reatha de 25 %, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit uile lena mbaineann, agus sa chás sin d’fhéadfadh sí dul chomh hard le 50 %. Níl sé sin ag teacht salach ar thogra an Choimisiúin ach oiread.
3.6.Úsáid ioncam agus tuairisciú
Mar a mhol an Coimisiún, ceanglaítear sa seasamh ón gComhairle ar na Ballstáit, sa bhreis ar an ioncam ó na marcálacha suas a chur i leataobh, na hacmhainní airgeadais arb ionann a luach agus an t-ioncam ó aon mhuirear roghnach brú tráchta a úsáid ar a laghad chun fadhb an bhrú tráchta a laghdú nó chun tairbhe an iompair inbhuanaithe.
Maidir le tuairisciú, ní fhéadfadh an Chomhairle comhaontú leis an gceanglas meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an ghréasáin bóithre a ngearrtar dolaí orthu, ceanglas a mhol an Coimisiún. Tá an seasamh ón gComhairle agus an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ailínithe go maith i dtaca le gnéithe eile, lena gcumhdaítear na muirir éagsúla, na héagsúlachtaí de réir na catagóire feithicle, mar aon leis an ioncam a bhailítear, a úsáid, agus an teacht chun cinn atá déanta ar fheidhmíocht chomhshaoil feithiclí a úsáideann bóithre dola.
Tacaíonn an Coimisiún leis na feabhsuithe sin.
3.7.Díolúintí
Is mian leis an gComhairle an fhéidearthacht a choinneáil conarthaí lamháltais atá ann cheana a dhíolmhú ón oibleagáid muirir a éagsúlú nó muirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm, agus is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis sin. Ní thabharfaí díolúine i gcás lamháltais nua, lamháltais athnuaite nó lamháltais arna leasú go substaintiúil. Chun na críche sin, forbraíodh an sainmhíniú ar shocrú dola arna leasú go substaintiúil ar bhonn an togra ón gCoimisiún.
Bhainfí an fhéidearthacht díolúine a thabhairt maidir le feithiclí faoi bhun 12 thona, mar a mhol an Coimisiún, tar éis 5 bliana ar a dhéanaí.
Sa seasamh ón gComhairle, ceadaítear díolúine i gcás:
·feithiclí atá faoi bhun 7.5 tona agus a úsáidtear chun críoch ceirde
·feithiclí arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas
·feithiclí stairiúla
Cé gurb é beartas an Choimisiúin teorainn a chur leis an líon díolúintí, is dócha nach mbeadh aon saobhadh suntasach ann de dheasca na ndíolúintí a choinnítear agus ní bheadh tionchar fóinteach acu ar chuspóirí comhshaoil an togra. Is amhlaidh atá toisc nach mbainfidís ach le sciar sách beag d’fheithiclí earraí atá faoi bhun 7.5 tona agus a úsáidtear chun críoch ceirde, d’fheithiclí stairiúla, agus d’fheithiclí arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas, agus is feithiclí iad uile a chumhdaíonn achair dhiomaibhseacha i gcomparáid le feithiclí eile, go háirithe ar bhóithre dola. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na díolúintí sin.
4.Conclúid
D’ainneoin laghdú beag a dhéanamh ar leibhéal na huaillmhéine maidir le gnéithe áirithe (deireadh a chur le muirir ambhunaithe, muirear le haghaidh feithiclí éadroma a éagsúlú, díolúintí), cuireann an seasamh ón gComhairle leis an uaillmhian maidir le roinnt pointí eile atá chomh tábhachtach céanna. Is iad sin:
·An fhoráil maidir le muirearú ar bhonn CO2 a threisiú, go háirithe trína leathnú chun aon chóras greamáin nach bhfuil cumhdaithe cheana a chumhdach
·Muirearú costas seachtrach atá éigeantach le haghaidh truailliú ar an ngréasán iomlán dolaí
·Rogha muirir a ghearradh le haghaidh costas seachtrach astaíochtaí CO2
·Muirearú brú tráchta agus marcálacha suas a chur i bhfeidhm ar bhealach níos solúbtha
·Greamáin laethúla le haghaidh úsáideoirí ócáideacha feithiclí éadroma.
Ar an gcaoi sin, is léir ón seasamh ón gComhairle go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le praghsáil bóithre níos cothroime níos éifeachtúla agus, dá bhrí sin, maidir le cur chun feidhme na bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus ‘íoc mar a úsáidtear.’ Is príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip é an leasú seo ar an Treoir Eoraifínéid agus tacaíonn an Coimisiún leis.