Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0189

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach

    COM/2021/189 final

    An Bhruiséil,21.4.2021

    COM(2021) 189 final

    2021/0104(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2021) 164 final} - {SWD(2021) 150 final} - {SWD(2021) 151 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Glacadh an Treoir um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais (Treoir 2014/95/AE, NFRD), lena leasaítear an Treoir Chuntasaíochta, in 2014 1 Bhí ar gach cuideachta a thagann faoi raon feidhme NFRD tuairisciú i gcomhréir lena fhorálacha den chéad uair in 2018 (lena gcumhdaítear bliain airgeadais 2017).

    Tá feidhm ag NFRD maidir le gnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán, agus maidir le heintitis leasa phoiblí ar máthairchuideachtaí de ghrúpa mór iad ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán ar bhonn comhdhlúite. 2 Le NFRD, díolmhaítear fochuideachtaí óna oibleagáidí um thuairisciú má dhéanann a máthairchuideachta an tuairisciú thar ceann an ghrúpa uile, lena n‑áirítear na fochuideachtaí. Tá thart ar 11 700 cuideachta faoi réir cheanglais tuairiscithe NFRD 3 .

    Le NFRD tugadh isteach ceanglas do chuideachtaí tuairisciú ar an difear a dhéanann saincheisteanna inbhuanaitheachta dá bhfeidhmíocht, dá suíomh agus dá bhforbairt (an pheirspictíocht ‘taobh amuigh istigh’) agus ar a dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol (an pheirspictíocht ‘taobh istigh amuigh’) araon. Is minic a thugtar ‘ábharthacht dhúbailte’ air sin.

    I gcomhréir le NFRD, in 2017 d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte tuairiscithe neamhcheangailteacha do chuideachtaí. 4 In 2019 d’fhoilsigh sé treoirlínte breise, ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú. 5 Níor chuir na treoirlínte sin feabhas leordhóthanach ar cháilíocht na faisnéise a nochtann cuideachtaí de bhun NFRD.

    Thug an Coimisiún Eorpach a thiomantas go molfaidh sé athbhreithniú ar an Treoir um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus ina Chlár Oibre le haghaidh 2020. 6 Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050. 7 Déanfar an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil leis ó úsáid acmhainní, agus áiritheofar leis go mbeidh gach réigiún agus saoránach de chuid an Aontais ina rannpháirtí in aistriú a bheidh cóir ar bhonn sóisialta chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Cuirfidh an t‑athbhreithniú ar NFRD leis an gcuspóir go dtógfar geilleagar a fhóireann do dhaoine. Treiseofar leis geilleagar margaidh shóisialta an Aontais, chun cuidiú lena áirithiú go mbeidh sé réidh don todhchaí agus go soláthróidh sé cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht. Tá na spriocanna sin tábhachtach go háirithe i bhfianaise an damáiste shocheacnamaíoch a rinneadh mar thoradh ar phaindéim COVID‑19 agus an gá atá le téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cóir.

    I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, tá líon beart glactha ag an Aontas lena áirithiú go mbeidh ról suntasach ag an earnáil airgeadais i gcuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach 8 . Tá sonraí níos fearr ó chuideachtaí maidir leis na rioscaí inbhuanaitheachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu, agus ar a dtionchar féin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, fíor‑riachtanach chun an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a chur chun feidhme go rathúil. Trí chuideachtaí a dhéanamh níos cuntasaí agus níos trédhearcaí maidir lena dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, is féidir leis an togra seo cuidiú leis an gcaidreamh idir gnólachtaí agus an tsochaí a neartú freisin. Cruthóidh sé freisin deiseanna do chuideachtaí, infheisteoirí, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile feabhas radacach a chur ar an gcaoi a ndéantar faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú agus a úsáid a bhuíochas do theicneolaíochtaí digiteacha. I mí na Nollag 2019, ina conclúidí maidir le hAontas na Margaí Caipitil, chuir an Chomhairle i dtábhacht a thábhachtaí atá faisnéis iontaofa, inchomparáide agus ábhartha faoi rioscaí inbhuanaitheachta, deiseanna agus tionchair, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeán tuairiscithe neamhairgeadais Eorpach a fhorbairt 9 .

    Ina rún maidir le maoiniú inbhuanaithe i mí na Bealtaine 2018, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar cheanglais tuairiscithe faoi chuimsiú na Treorach um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais (NFRD). 10 Ina rún maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe i mí na Nollag 2020, chuir sí fáilte roimh ghealltanas an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar NFRD, d’éiligh sí go gcuirfear síneadh le raon feidhme NFRD chun catagóirí breise cuideachtaí a chumhdach, agus chuir sí fáilte roimh ghealltanas an Choimisiúin caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais an Aontais a fhorbairt 11 . Mheas Parlaimint na hEorpa freisin gur cheart d’fhaisnéis neamhairgeadais a fhoilsíonn cuideachtaí de bhun NFRD a bheith faoi réir iniúchadh sainordaitheach.

    Is infheisteoirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile iad príomhúsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla cuideachtaí. Is mian le hinfheisteoirí, lena n‑áirítear bainisteoirí sócmhainní, tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí agus deiseanna a chruthaíonn saincheisteanna inbhuanaitheachta dá n‑infheistíochtaí, chomh maith leis na tionchair a bhíonn ag na hinfheistíochtaí sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Is mian le heagraíochtaí neamhrialtasacha, comhpháirtithe sóisialta, agus páirtithe leasmhara eile gnóthais a thabhairt chun cuntais maidir leis na tionchair a bhíonn ag a ngníomhaíochtaí ar dhaoine agus ar an gcomhshaol.

    Ní áirithíonn an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair go gcomhlíontar riachtanais faisnéise na n‑úsáideoirí sin. Tá sin amhlaidh toisc nach dtuairiscíonn cuideachtaí áirithe óna dteastaíonn faisnéis inbhuanaitheachta ó úsáideoirí faisnéis den chineál sin, agus cuid mhaith de na cuideachtaí siúd a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta, ní thuairiscíonn siad an fhaisnéis ar fad atá ábhartha d’úsáideoirí. Nuair a thuairiscítear faisnéis, is minic nach mbíonn sí iontaofa go leor, ná nach mbíonn sí inchomparáide go leor, ó chuideachta go chéile. Is minic a bhíonn sé deacair ar úsáideoirí an fhaisnéis a aimsiú agus ní minic a bhíonn sí ar fáil i bhformáid dhigiteach atá meaisín‑inléite. Déantar faisnéis ar shócmhainní doláimhsithe, lena n‑áirítear sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, a thearcthuairisciú, cé go léiríonn na sócmhainní doláimhsithe sin formhór na hinfheistíochta earnála príobháidí in ardgheilleagair (e.g. caipiteal daonna, branda agus maoin intleachtúil agus sócmhainní doláimhsithe a bhaineann le taighde agus forbairt).

    Tá riachtanais faisnéise úsáideoirí méadú go suntasach le blianta beaga anuas agus tá sé beagnach cinnte go leanfaidh an méadú sin. Tá roinnt cúiseanna leis sin. Cúis amháin is ea feasacht mhéadaithe infheisteoirí gur féidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta feidhmíocht airgeadais cuideachtaí a chur i mbaol. Cúis eile ná an margadh méadaithe le haghaidh táirgí infheistíochta a n‑iarrtar leo go sainráite caighdeáin inbhuanaitheachta áirithe a chomhlíonadh nó cuspóirí inbhuanaitheachta áirithe a bhaint amach. Cúis amháin eile is ea an rialáil, lena n‑áirítear an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. De thoradh an dá rialachán sin, is gá do bhainisteoirí sócmhainní agus comhairleoirí airgeadais tuilleadh faisnéis inbhuanaitheachta a fháil ó institiúidí infheistiúcháin 12 . Ar deireadh, is dócha go gcuirfidh paindéim COVID‑19 dlús leis an bhfás ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta ó chuideachtaí, mar shampla faisnéis maidir le leochaileacht oibrithe agus athléimneacht slabhraí soláthair.

    Tá bearna atá ag leathnú ann, dá bhrí sin, idir an fhaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscíonn cuideachtaí agus riachtanais úsáideoirí beartaithe na faisnéise sin. Ar thaobh amháin, ciallaíonn sin nach féidir le hinfheisteoirí aird chuí a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht ina gcuid cinntí infheistíochta. D’fhéadfaí rioscaí córasacha a chruthú mar thoradh air sin a bheadh ina mbagairt ar chobhsaíocht airgeadais. Ar an taobh eile, ciallaíonn an bhearna nach féidir le hinfheisteoirí acmhainní airgeadais a dhíriú ar chuideachtaí ag a bhfuil múnlaí gnó agus gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe. Déantar dochar, mar thoradh air sin, do bhaint amach cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Cuireann sé isteach freisin ar chumas na bpáirtithe leasmhara gnóthais a thabhairt chun cuntais maidir leis an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, rud a chruthaíonn easnamh ó thaobh cuntasachta de a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fheidhmiú éifeachtúil gheilleagar an mhargaidh shóisialta.

    Cruthaíonn an staid mar atá ann faoi láthair fadhbanna freisin do chuideachtaí ar gá dóibh tuairisciú. Fágann an easpa beachtais sna ceanglais atá ann faoi láthair, agus an líon mór caighdeán agus creataí príobháideacha a bhfuil ann dóibh, go bhfuil sé deacair ar chuideachtaí fios a bheith acu cén fhaisnéis go díreach ba cheart dóibh a thuairisciú. Is minic a bhíonn deacrachtaí acu an fhaisnéis a theastaíonn uathu féin a fháil ó sholáthraithe, cliaint agus institiúidí infheistiúcháin. Faigheann neart cuideachtaí iarrataí ar fhaisnéis inbhuanaitheachta ó pháirtithe leasmhara anuas ar an bhfaisnéis a thuairiscíonn siad chun na ceanglais dlí atá ann faoi láthair a chomhlíonadh. Cruthaíonn seo ar fad costais ghnó nach bhfuil gá leo.

    Is é is cuspóir don togra seo, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tuairisciú inbhuanaitheachta ar an gcostas is lú agus is féidir, d’fhonn leas níos fearr a bhaint as acmhainn mhargadh aonair na hEorpa rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais a bheidh iomlán inbhuanaithe ionchuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

    Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil go poiblí ar na rioscaí a chruthaíonn saincheisteanna inbhuanaitheachta do chuideachtaí, agus ar na tionchair a bhíonn ag na cuideachtaí féin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Ciallaíonn sé sin gur cheart do chuideachtaí óna dteastaíonn faisnéis inbhuanaitheachta ó úsáideoirí an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus gur cheart do chuideachtaí an fhaisnéis uile a mheasann úsáideoirí a bheith ábhartha a thuairisciú. Ba cheart don fhaisnéis a thuairiscítear a bheith inchomparáide, iontaofa agus éasca d’úsáideoirí teacht uirthi agus í a úsáid le teicneolaíochtaí digiteacha. Chuige sin, is gá stádas na faisnéise inbhuanaitheachta a athrú chun go mbeidh sí níos cosúla le faisnéis airgeadais.

    Cuideoidh an togra seo le rioscaí córasacha don gheilleagar a laghdú. Cuirfidh sé feabhas freisin ar leithdháileadh an chaipitil airgeadais ar chuideachtaí agus gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar fhadhbanna sóisialta, sláinte agus comhshaoil. Ar deireadh, déanfaidh sé cuideachtaí níos cuntasaí as an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus ar an gcaoi sin cothófar muinín idir cuideachtaí agus an tsochaí.

    Is é is aidhm don togra costais neamhriachtanacha an tuairiscithe inbhuanaitheachta do chuideachtaí a laghdú, agus a chur ar a gcumas dóibh an t‑éileamh méadaithe ar fhaisnéis inbhuanaitheachta a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil. Beidh sé ina chúis le soiléireacht agus cinnteacht maidir leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta atá le tuairisciú, agus fágfaidh sé níos éasca é d’ullmhóirí an fhaisnéis atá uathu chun críocha tuairiscithe a fháil óna gcomhpháirtithe gnó féin (soláthraithe, cliaint agus institiúidí infheistiúcháin). Ba cheart dó líon na n‑éileamh a fhaigheann cuideachtaí ar fhaisnéis inbhuanaitheachta anuas ar an bhfaisnéis a fhoilsíonn siad ina dtuarascálacha bliantúla a laghdú freisin.

    Tá roinnt tionscnaimh thábhachtacha idirnáisiúnta i bhfeidhm. Is aidhm dóibh cuidiú le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a chóineasú agus a chomhchuibhiú ar fud an domhain. Tacaíonn an tAontas ina iomláine leis an uaillmhian sin. Tairbheoidh cuideachtaí agus infheisteoirí de chuid an Aontais a oibríonn ar fud an domhain den chóineasú agus comhchuibhiú sin. Tacaíonn an Coimisiún le tionscnaimh de chuid G20, G7, an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais agus dreamanna eile chun gealltanas idirnáisiúnta a ghiniúint chun bonnlíne maidir le caighdeáin dhomhanda tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt a chuirfeadh le hobair an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid. Tá tograí na Fondúireachta Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais chun Bord nua um Chaighdeáin Inbhuanaitheachta a chruthú ábhartha go háirithe sa chomhthéacs sin, chomh maith leis an obair atá déanta cheana féin ag tionscnaimh atá ar bun cheana féin lena n‑áirítear an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú (GRI), an Bord um Chaighdeáin Chuntasaíochta na hInbhuanaitheachta (SSAB), an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite (IIRC), an Bord um Chaighdeáin Nochta Aeráide (CDSB) agus CDP (ar a dtugtaí an Tionscadal Nochtadh Carbóin roimhe seo). Is é is aidhm don tionscnamh seo cur le tionscnaimh idirnáisiúnta um thuairisciú inbhuanaitheachta agus rannchuidiú leo. Ba cheart caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a fhorbairt le comhar fiúntach dhá threo leis na príomhthionscnaimh idirnáisiúnta, agus ba cheart dóibh ailíniú leis na tionscnaimh sin a mhéid is féidir agus sainiúlachtaí na hEorpa á gcur san áireamh.

    Sa togra seo tá Treoir amháin lena leasófaí ceithre phíosa reachtaíochta atá ann faoi láthair. Ar an gcéad dul síos, leasófaí léi an Treoir Chuntasaíochta, trí roinnt forálacha atá ann faoi láthair a leasú agus forálacha nua áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a chur léi. Ina theannta sin, leasófaí léi an Treoir Iniúchóireachta agus an Rialachán Iniúchóireachta, chun iniúchadh na faisnéise inbhuanaitheachta a chumhdach. Ar deireadh, leasófaí léi an Treoir Trédhearcachta chun raon feidhme na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a shíneadh chuig cuideachtaí a bhfuil urrúis acu a liostaítear ar mhargaí rialáilte, agus chun an córas maoirseachta le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta na gcuideachtaí sin a shoiléiriú.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is iad NFRD, in éineacht leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe (SFDR) agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, comhpháirteanna lárnacha na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca faoi straitéis maoinithe inbhuanaithe an Aontais. Is aidhm don chreat dlíthiúil seo sreabhadh comhsheasmhach comhleanúnach faisnéise inbhuanaitheachta a chruthú ar fud an tslabhra luacha airgeadais.

    Cuireann an togra seo leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach in NFRD, agus déanann sé athbhreithniú orthu, chun ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh níos comhsheasmhaí leis an gcreat dlíthiúil airgeadais inbhuanaithe níos forleithne, lena n‑áirítear SFDR agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, agus chun nascadh le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

    Rialaíonn SFDR an chaoi ar cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais (lena n‑áirítear bainisteoirí sócmhainní agus comhairleoirí airgeadais) faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh d’infheisteoirí deiridh agus d’úinéirí sócmhainní. Chun gur féidir ceanglais SFDR a chomhlíonadh - agus a bheith in ann, dá bhrí sin, riachtanais infheisteoirí deiridh, lena n‑áirítear daoine aonair agus teaghlaigh, a chomhlíonadh ar deireadh thiar - is gá do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis leordhóthanach a fháil ó institiúidí infheistiúcháin. Is é an aidhm atá leis an togra seo, dá bhrí sin, a áirithiú go dtuairiscíonn institiúidí infheistiúcháin an fhaisnéis a theastaíonn ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun gur féidir leo a gceanglais tuairiscithe SFDR féin a chomhlíonadh.

    Leagtar amach sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht córas aicmithe le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus é mar aidhm scálaí infheistíochtaí inbhuanaithe a mhéadú agus dul i ngleic le glas-snasú táirgí airgeadais ‘inbhuanaithe’. Ceanglaítear ar chuideachtaí laistigh de raon feidhme NFRD leis táscairí áirithe a nochtadh maidir leis an méid atá a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de réir na tacsanomaíochta. Sonrófar na hoibleagáidí sin um nochtadh i ngníomh tarmligthe ar leithligh de chuid an Choimisiúin. Tá na táscairí sin comhlántach leis an bhfaisnéis is gá do chuideachtaí a nochtadh de réir NFRD féin, agus beidh ar chuideachtaí iad a thuairisciú in éineacht le faisnéis inbhuanaitheachta eile a shainordaíonn NFRD.

    Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe le haghaidh cuideachtaí comhsheasmhach leis an tacsanomaíocht. Bainfear seo amach, thar aon ní eile, trí na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá beartaithe. Na táscairí is gá do chuideachtaí a nochtadh maidir leis an méid atá a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de réir na tacsanomaíochta, agus critéir scagtha agus tairseacha ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ na tacsanomaíochta, cuirfear san áireamh sna caighdeáin iad.

    I gcomparáid le ceanglais tuairiscithe inbhuanaithe NFRD, is iad seo a leanas príomhghnéithe nua an togra seo:

    síneadh a chur le raon feidhme na gceanglas tuairiscithe chuig cuideachtaí breise, lena n‑áirítear gach cuideachta mór agus cuideachta liostaithe (seachas micreachuideachtaí liostaithe);

    dearbhú na faisnéise inbhuanaitheachta a éileamh;

    tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt ar an bhfaisnéis ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú, agus ceangal orthu í a thuairisciú i gcomhréir le caighdeáin shainordaitheacha tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais;

    a áirithiú go bhfoilsítear an fhaisnéis uile mar chuid de thuarascálacha bainistíochta cuideachtaí, agus go nochtaítear í i bhformáid dhigiteach atá meaisín‑inléite.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Cuireann an togra seo le cur i gcrích Aontas na Margaí Caipitil trína chur ar a gcumas d’infheisteoirí agus páirtithe leasmhara eile rochtain a fháil ar fhaisnéis inchomparáide inbhuanaitheachta ó institiúidí infheistiúcháin ar fud an Aontais. Mar chuid den phlean gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil (COM(2020) 590 final), cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh togra reachtach chun tairseach rochtana digití ar fud an Aontais ar fhaisnéis phoiblí airgeadais agus inbhuanaitheachta cuideachtaí (Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair (ESAP)) a bhunú. Déantar an tionscnamh sin a chomhlánú leis an togra seo, trí rannchuidiú leis na cuspóirí i Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach (COM(2020) 591 final) a bhaint amach, trína éileamh go ndéantar faisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear a chlibeáil go digiteach.

    Cuirtear san áireamh sa togra seo Clár Oibre 2021 an Choimisiúin, go háirithe an tionscnamh atá ar na bacáin maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, agus gealltanas an Choimisiúin sa Chomhaontú Glas don Eoraip go gcuirfidh sé dlús faoi ghníomhaíocht in aghaidh bréagéilimh ghlasa agus go dtacóidh sé le gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile chun cleachtais chuntasaíochta chaighdeánaithe don chaipiteal nádúrtha a fhorbairt san Aontas agus go hidirnáisiúnta.

    Tagann an togra seo le togra an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe 13 . Tagann sé freisin leis an treoir atá beartaithe maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí móra atá liostaithe san Aontas Eorpach a fheabhsú trí fhaisnéis ar pholasaithe éagsúlachta na gcuideachtaí a roinnt 14 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is iad Airteagail 50 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Is é Airteagal 50 CFAE an bunús dlí le bearta an Aontais a ghlacadh ar aidhm dóibh an ceart bunaíochta sa mhargadh aonair a bhaint amach i ndlí na gcuideachtaí. Is é an bunús dlí le Treoracha 2013/34/AE, 2006/43/CE, 91/674/CEE, 86/635/CEE freisin, agus is cuid den bhunús dlí le Treoir 2004/109/CE é. Le hAirteagal 50 CFAE, tugtar sainordú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomhú trí bhíthin treoracha. Ina theannta sin, is gníomh ginearálta dlí é Airteagal 114 CFAE a bhfuil sé mar chuspóir aige feidhmiú an mhargaidh aonair a bhunú nó a áirithiú - is é sin saorghluaiseacht chaipitil sa chás seo. Áirítear Airteagal 114 CFAE mar an bunús dlí leis an treoir seo lena leasaítear Treoir 2004/109/CE.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Rialaítear nochtadh na faisnéise inbhuanaithe san Aontas Eorpach cheana féin leis an Treoir maidir le Cuntasaíocht, arna leasú le NFRD. Is gá rialacha trédhearcachta chun cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais ar fud an Aontais a áirithiú. Áirithítear le rialacha coiteanna i dtaca le tuairisciú inbhuanaitheachta agus a dhearbhú go mbeidh cothroime iomaíochta ann do chuideachtaí a bhunaítear sna Ballstáit éagsúla. Cruthaíonn difríochtaí suntasacha sna ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú idir na Ballstáit costais agus castacht bhreise le haghaidh cuideachtaí a oibríonn thar theorainneacha. Déanann seo dochar don mhargadh aonair. Ní féidir leis na Ballstáit ag feidhmiú astu féin comhsheasmhacht agus inchomparáideacht ceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a áirithiú ar fud an Aontais.

    Ina theannta sin, ní féidir ach le hidirghabháil an Aontais a áirithiú go bhfuil rialacha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta comhsheasmhach le dlíthe eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, agus leis na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun na rialachán sin.

    Is ábhar suime agus idirghabhála rialála méadaithí i ndlínsí ar fud an domhain é tuairisciú inbhuanaitheachta. Ní mór don Aontas, dá bhrí sin, cur chuige comhleanúnach cuimsitheach a fhorbairt maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, chun gur féidir teagmháil fhóinteach a dhéanamh lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta. I gcomparáid le gníomhaíocht aonair ó na Ballstáit, is féidir le hidirghabháil an Aontais rannchuidiú suntasach Eorpach a áirithiú i leith forbairtí beartais domhanda, chun leasanna cuideachtaí Eorpacha agus páirtithe leasmhara eile a chosaint ar bhealach níos fearr.

    Comhréireacht

    Is gné lárnach den togra seo a cheangal ar chatagóirí áirithe cuideachtaí tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin sainordaitheacha tuairiscithe inbhuanaitheachta. Mar is amhlaidh i gcás an tuairiscithe airgeadais, tá comhchaighdeáin riachtanach chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a thuairiscítear inchomparáide agus ábhartha. Éascóidh comhchaighdeáin tuairiscithe go mór digitiú, dearbhú agus forfheidhmiú an tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin.

    Beartaítear leis an togra seo ceanglas a thabhairt isteach chun faisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear a dhearbhú, ionas go mbeidh sí iontaofa. Beartaítear leis freisin a cheangal ar chuideachtaí faisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear a chlibeáil go digiteach. Tá an chlibeáil dhigiteach fíor‑riachtanach chun leas a bhaint as na deiseanna a sholáthraíonn teicneolaíochtaí digiteacha chun feabhas ollmhór a chur ar an gcaoi a n‑úsáidtear faisnéis inbhuanaitheachta. Tá ceanglas tugtha isteach ag an Aontas cheana féin maidir le clibeáil dhigiteach na faisnéise airgeadais 15 .

    Leis an togra seo glactar cur chuige comhréireach i leith a chinneadh cé na cuideachtaí a bheidh faoi réir ceanglais shainordaitheacha tuairiscithe. Ní fhorchuirtear leis ceanglais ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), seachas FBManna a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach. Leis an togra díolmhaítear micreachuideachtaí liostaithe ó oibleagáidí sainordaitheacha tuairiscithe 16 .

    Glacfaidh an Coimisiún caighdeáin le haghaidh cuideachtaí móra agus caighdeáin chomhréireacha ar leithligh le haghaidh FBManna. Beidh caighdeáin na FBManna curtha in oiriúint d’inniúlachtaí agus acmhainní cuideachtaí den chineál sin. Cé go gceanglófar ar FBManna a liostaítear ar mhargaí rialáilte na caighdeáin chomhréireacha sin a úsáid, is féidir le FBManna neamhliostaithe - is iad sin formhór na FBManna - a roghnú iad a úsáid ar bhonn deonach.

    An rogha ionstraime

    Cuimsítear sa togra seo Treoir lena leasaítear forálacha na Treorach Cuntasaíochta, na Treorach Trédhearcachta, na Treorach Iniúchóireachta agus an Rialacháin Iniúchóireachta, agus ar an gcaoi sin áiritheofar comhleanúnachas idir forálacha ábhartha na gceithre ionstraim sin.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    I mí Aibreáin 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún seiceáil oiriúnachta ar chreat an Aontais le haghaidh tuairisciú corparáideach airgeadais agus neamhairgeadais, in éineacht le hathbhreithniú sainordaitheach ar ghnéithe áirithe NFRD 17 . Ba é príomhchonclúid na seiceála oiriúnachta agus an athbhreithnithe nach gcomhlíonann an fhaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscíonn cuideachtaí faoi láthair riachtanais úsáideoirí beartaithe na faisnéise, agus gur cheart don Choimisiún dá bhrí sin athbhreithniú ar NFRD a mholadh. Tá sé sin comhsheasmhach le torthaí an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra seo (féach thíos).

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Chuidigh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a leanas le hábhar an togra seo a mhúnlú.

    Comhairliúchán poiblí oscailte ar líne idir mí an Mhárta agus mí Iúil 2018, chun an tseiceáil oiriúnachta a ullmhú ar chreat an Aontais le haghaidh an tuairiscithe chorparáidigh.

    Comhairliúchán spriocdhírithe ar líne idir mí Feabhra agus mí an Mhárta 2019, chun cuidiú le treoirlínte a fhorbairt maidir le tuairisciú a bhaineann leis an aeráid.

    Comhairliúchán spriocdhírithe ar líne le cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme NFRD, a rinne comhairleoirí seachtracha (CEPS) thar ceann an Choimisiúin idir mí na Nollag 2019 agus mí an Mhárta 2020.

    Aiseolas ar líne le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin ar thionchar tionscanta le haghaidh an athbhreithnithe ar NFRD idir mí Eanáir agus mí Feabhra 2020.

    Comhairliúchán poiblí oscailte ar líne ar an athbhreithniú ar NFDR idir mí Feabhra agus mí an Mheithimh 2020.

    Suirbhé spriocdhírithe ar líne ar FBManna (Painéal FBManna) ar thuairisciú inbhuanaitheachta idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2020.

    D’eagraigh an Coimisiún ceardlanna ilpháirtithe leasmhara freisin ar choincheap na hábharthachta (mí na Samhna 2019) agus ar dhearbhú na faisnéise inbhuanaitheachta (mí na Nollag 2020), chomh maith le cruinnithe comhairliúcháin ar leithligh le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara i mí na Bealtaine 2020 (cuideachtaí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn).

    Nochtadh roinnt difríochtaí idir úsáideoirí agus ullmhóirí faisnéise inbhuanaitheachta sna comhairliúcháin. Is iondúil gur fearr le húsáideoirí ceanglais mhionsonraithe chuimsitheacha tuairiscithe. Chuir ullmhóirí imní in iúl maidir leis na costais a bhaineann le ceanglais den sórt sin, agus ba mhinic a chuir siad tosaíocht in iúl go gcoinneoidís ardleibhéal discréide maidir leis an bhfaisnéis a thuairiscítear agus conas a thuairiscítear í.

    Mar sin féin léiríodh leis an gcomhairliúchán oscailte poiblí ar an athbhreithniú ar NFRD go raibh an‑tacaíocht ann do chaighdeáin shainordaitheacha tuairiscithe inbhuanaitheachta (breis agus 80 % de na freagróirí, lena n‑áirítear 81 % de na freagróirí ar cuideachtaí iad a ullmhaíonn tuarascálacha inbhuanaitheachta, nó a dhéanann ionadaíocht ar chuideachtaí a ullmhaíonn tuarascálacha inbhuanaitheachta). Chuir neart páirtithe leasmhara i dtábhacht gur cheart don Aontas cur le tionscnaimh idirnáisiúnta socraithe caighdeáin, agus a bheith comhsheasmhach leo, má fhorbraíonn sé caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht freisin an gá le soiléiriú a thabhairt ar an oibleagáid go dtuairisceofaí de réir pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte.

    Léiríodh le comhairliúcháin freisin go raibh an‑tacaíocht ann le haghaidh bearta chun ailíniú cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta NFRD le reachtaíocht ábhartha an Aontais a áirithiú, go háirithe leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

    Tá réimse leathan tuairimí ag páirtithe leasmhara maidir leis na catagóirí cuideachtaí ba cheart a bheith faoi réir ceanglais shainordaitheacha tuairiscithe. Tacaíonn an chuid is mó d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus de cheardchumainn le raon feidhme NFRD a shíneadh chuig réimse leathan cuideachtaí, lena n‑áirítear cuideachtaí móra neamhliostaithe agus FBManna. Tacaíonn an‑chuid institiúidí airgeadais agus bainisteoirí sócmhainní le ceanglais chomhréireach tuairiscithe a thabhairt isteach do FBManna, FBManna liostaithe go háirithe. Bhí comhlachais ghnó phríomhshrutha in aghaidh síneadh a chur le raon feidhme na gceanglas tuairiscithe den chuid is mó. Eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna, agus formhór na FBManna iad féin, tá siad in aghaidh ceanglais shainordaitheacha a thabhairt isteach le haghaidh FBManna ach tá siad oscailte go fóill do chaighdeáin chomhréireacha, dheonacha dóibh. Mhol grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara go mbeadh feidhm ag ceanglais tuairiscithe maidir le cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad freisin.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Agus an togra seo á ullmhú, chuir an Coimisiún moltaí an tascfhórsa a bhunaigh an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) san áireamh chun an fhéidearthacht go bhforbrófaí caighdeáin Eorpacha tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhiosrú 18 . Bhreithnigh sé freisin moltaí Uachtarán EFRAG maidir le hathruithe féideartha rialachais ar EFRAG má iarrtar air caighdeáin den sórt sin a fhorbairt 19 . Dhéanfaí rialachas EFRAG a mhodhnú dá réir sin sula gcuireann EFRAG aon dréachtchaighdeán faoi bhráid an Choimisiúin. Go háirithe, ba cheart colún nua tuairiscithe inbhuanaitheachta a chruthú taobh le colún tuairiscithe airgeadais reatha EFRAG. Ba cheart struchtúr láidir rialachais agus próise cuí a bheith ag an gcolún nua lena léireofaí an ról atá aige caighdeáin a fhorbairt. Ba cheart réimse níos leithne páirtithe leasmhara, seachas iad siúd a bhíonn rannpháirteach i dtuairisciú airgeadais go traidisiúnta, lena n‑áirítear ionadaíocht chothromaithe saineolaithe ó na húdaráis áitiúla, ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach, a chomhtháthú ann.

    Rinne an Coimisiún conradh le comhairleoirí sonraí a bhailiú ar thuairisciú inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear costais, trí shuirbhé ar chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme NFRD 20 . Rinne sé conradh le comhairleoirí freisin anailís a dhéanamh ar chleachtais mhargaidh agus ar chleachtais atá ann faoi láthair maidir le sonraí, rátálacha agus taighde inbhuanaitheachta a sholáthar don earnáil airgeadais 21 .

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair dréachtaithe ag seirbhísí an Choimisiúin don togra seo 22 . D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an dréachtmheasúnú tionchair, ach bhí roinnt agús léi 23 .

    Sa mheasúnú tionchair, díríodh ar roghanna beartais i dtrí réimse: (1) caighdeánú – cé acu atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid an Aontais le forbairt nó nach bhfuil, agus cé acu atá ceangal ar chuideachtaí iad a úsáid nó nach bhfuil; (2) urrús (iniúchadh) – cé acu ba cheart faisnéis inbhuanaitheachta tuairiscithe a dhearbhú nó nár cheart, agus sa chás sin, cén leibhéal ar ar cheart sin a dhearbhú; agus (3) an raon feidhme – cé na catagóirí cuideachtaí ba cheart a bheith faoi réir na gceanglas tuairiscithe.

    Leis an rogha beartais tosaíochta a shainaithnítear sa mheasúnú tionchair dhéanfaí an méid seo a leanas:

    (1)chuirfí ceangal ar gach cuideachta a thagann faoin raon feidhme léi tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin an Aontais;

    (2)chuirfí ceangal ar gach cuideachta a thagann faoin raon feidhme léi dearbhú teoranta a lorg maidir le faisnéis inbhuanaitheachta tuairiscithe, agus rogha chun aistriú i dtreo ceanglas réasúnach dearbhaithe ag céim níos déanaí á cur san áireamh; agus

    (3)chuirfí síneadh leis an raon feidhme chuig gach cuideachta mhór, agus chuig gach cuideachta a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas, seachas micreachuideachtaí liostaithe. D’áireofaí faoin raon feidhme cuideachtaí nach bhfuil bunaithe san Aontas Eorpach a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas, agus fochuideachtaí de chuid an Aontais de chuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad.

    Is í an rogha thosaíochta an chomhbhabhtáil is fearr idir dhá rogha fhéideartha bearta. Rogha amháin is ea ceanglais mhionsonraithe shaintreoracha tuairiscithe, ceanglais láidir dearbhaithe agus raon feidhme leathan – ar rogha an‑éifeachtach í maidir le riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh ach atá níos costasaí d’ullmhóirí. An rogha eile is ea ceanglais tuairiscithe nach bhfuil chomh mionsonraithe, ceanglas dearbhaithe nach bhfuil chomh láidir agus raon feidhme níos cúinge – ar rogha í nach bhfuil chomh héifeachtach céanna maidir le riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh ach atá níos saoire d’ullmhóirí, sa ghearrthéarma ar a laghad, freisin. Is é an aidhm an toradh is fearr luacha a bhaint amach i dtéarmaí cuspóirí agus costais ghaolmhara.

    Leis an rogha thosaíochta ligtear do na Ballstáit soláthraithe neamhspleácha seirbhísí dearbhaithe, seachas iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, a cheadú freisin chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh. Tá seo beartaithe chun rogha níos leithe soláthraithe seirbhísí dearbhaithe a sholáthar do chuideachtaí chun tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú.

    Tairbheoidh úsáideoirí den rochtain níos fearr ar fhaisnéis inbhuanaitheachta inchomparáide, ábhartha agus iontaofa a fháil ó níos mó cuideachtaí. Laghdófar leis sin ansin na rioscaí a bhaineann le rioscaí infheistíochta sa chóras airgeadais, méadófar ar shreafaí airgeadais chuig cuideachtaí a bhfuil tionchar dearfach ar dhaoine agus ar an gcomhshaol acu, agus fágfaidh sé go mbeidh cuideachtaí níos cuntasaí. Soláthrófar léi do choigilteoirí agus infheisteoirí a dteastaíonn uathu infheistíocht a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe deiseanna amhlaidh a dhéanamh. Leis an rogha atá beartaithe, d’áiritheofaí go dtuairisceodh tuairim agus 49 000 cuideachta faisnéis inbhuanaitheachta (75 % de lánioncam gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta), i gcomparáid leis an 11 600 cuideachta atá ann faoi láthair (47 % de lánioncam gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta) a thagann faoi raon feidhme NFRD. Cheanglófaí ar gach cuideachta mhór, agus ar gach cuideachta a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach (seachas micreachuideachtaí liostaithe), caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a chur i bhfeidhm agus dearbhú a lorg le haghaidh faisnéis thuairiscithe. I gcomparáid leis sin, meastar nach gcuireann ach 20 % de na cuideachtaí móra aon chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta i bhfeidhm ina iomláine faoi láthair, agus ní lorgaíonn ach 30 % de chuideachtaí dearbhú de chineál éigin. Leis an rogha atá beartaithe, beidh éifeachtaí dearfacha indíreacha ar mheas ar chearta bunúsacha, agus ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, ós rud é gur féidir le ceanglais tuairiscithe níos déine iompraíocht chorparáideach a athrú chun feabhais.

    Is iad costais iomlána mheasta na rogha tosaíochta ar ullmhóirí EUR 1.200 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 3.600 milliún i gcostais athfhillteacha bhliantúla. Ina theannta sin, tabhóidh ullmhóirí costais de thoradh Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. 24 Mura ndéanfaidh an tAontas aon bheart, meastar go méadófar go mór ar na costais ar ullmhóirí ar aon nós, i ngeall ar mhéadú ar éilimh neamhchomhordaithe ar fhaisnéis ó úsáideoirí, an easpa comhthola faoin bhfaisnéis ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú chun riachtanais na n‑úsáideoirí a chomhlíonadh, agus na deacrachtaí leanúnacha maidir leis an bhfaisnéise inbhuanaitheachta a theastaíonn ó na hullmhóirí chun a gcríocha tuairiscithe féin a fháil óna soláthraithe, cliaint agus institiúidí infheistiúcháin. Toisc nach bhfuil sonraí sách mionsonraithe ar fáil, ní féidir na costais a thabhódh na hullmhóirí a ríomh in éagmais rialacha nua. Meastar, áfach, go bhféadfadh coigiltis EUR 24 200-41 700 ar chostais bhliantúla in aghaidh na cuideachta a bheith mar thoradh ar chaighdeáin a úsáid (thart ar EUR 280-490 milliún in aghaidh na bliana i gcás dhaonra NFRD atá ann faoi láthair agus EUR 1 200-2 000 milliún in aghaidh na bliana i gcás na rogha tosaíochta), más rud é go gcuirfí deireadh iomlán leis an ngá le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise ar ullmhóirí agus caighdeáin á n‑úsáid 25 .

    Is baol do chuideachta de chuid an Aontais Eorpaigh costais níos airde a thabhú ná cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh iad mura nglacann dlínsí eile cur chuige atá cosúil leis an gcur chuige a leagtar amach sa togra seo. D’fhéadfadh cóir neamh‑chomhionann cuideachtaí de chuid an Aontais agus cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad a bheith ann dá dheasca sin agus dhéanfaí dochar, dá bhrí sin, don chothroime iomaíochta i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh. Chun an baol sin a mhaolú, fochuideachtaí de chuid an Aontais de chuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad, chomh maith le haon cuideachta nach cuideachta de chuid an Aontais í ag a bhfuil urrúis inaistrithe a liostaítear ar mhargadh a rialaíonn an tAontas Eorpach, cumhdaítear leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa togra iad.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Chun cuidiú le cosaint infheisteoirí a áirithiú, ba cheart do gach cuideachta a liostaítear ar mhargaí rialáilte, i bprionsabal, a bheith faoi réir na rialacha céanna um nochtadh. Dá bhrí sin, bheadh ar FBManna a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach na ceanglais nua tuairiscithe inbhuanaitheachta atá beartaithe a chomhlíonadh 26 . Ní bheadh feidhm ag na ceanglais le haghaidh FBManna a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach ach 3 bliana i ndiaidh go mbeadh feidhm acu maidir le cuideachtaí eile, áfach, chun na deacrachtaí coibhneasta eacnamaíocha roimh chuideachtaí beaga de dheasca phaindéim COVID‑19 a chur san áireamh. Leis an tréimhse céimnithe sin, ligfí do FBManna liostaithe na ceanglais nua a chur i bhfeidhm freisin nuair a bheidh leibhéal níos airde aibíochta bainte amach ag cleachtais tuairiscithe agus dearbhaithe le haghaidh faisnéis inbhuanaitheachta. Ní bheadh feidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh atá sa togra seo maidir le FBManna ag a bhfuil urrúis inaistrithe a liostaítear ar mhargaí fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide nó ar shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna). Ina theannta sin, ar chúiseanna comhréireachta, ní bheadh feidhm acu maidir le micrifhiontair a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach.

    Ní cheanglaítear ar FBManna eile faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú leis an togra seo. Féadfaidh FBManna neamhliostaithe a chinneadh, áfach, na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacfaidh an Coimisiún mar ghníomhartha tarmligthe a úsáid ar bhonn deonach le haghaidh tuairisciú ag FBManna liostaithe. Is é is aidhm dóibh é a chur ar chumas d’aon FBM faisnéis a thuairisciú go costéifeachtúil mar fhreagra ar na hiarrataí iomadúla ar fhaisnéis a fhaigheann siad ó chuideachtaí eile a mbíonn siad i mbun gnó leo, amhail bainc, cuideachtaí árachais agus cliaint mhóra chorparáideacha, agus is é is aidhm dóibh cuidiú leis na teorainneacha leis an bhfaisnéis ar féidir le cuideachtaícoinne a bheith acu leis go réasúnta go soláthróidh FBManna ina slabhra luacha í, a shainmhíniú. Ba cheart do chaighdeán den sórt sin cuidiú le FBManna freisin infheistíocht agus cistiú breise a mhealladh, agus páirt iomlán a ghlacadh san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, agus rannchuidiú leis an aistriú sin. Socrófar tagairt do chuideachtaí leis na caighdeáin FBM, a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach maidir le leibhéal na faisnéise inbhuanaitheachta a d’fhéadfaidís a iarraidh go réasúnach ó sholáthraithe FBM agus ó chliaint ina slabhraí luacha.

    Tá an togra seo in oiriúint don saol digiteach, toisc go gceanglaítear ar chuideachtaí leis faisnéis tuairiscithe inbhuanaitheachta a chlibeáil go digiteach i gcomhréir le tacsanomaíocht dhigiteach.

    Cearta bunúsacha

    Urramaítear sa togra na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus cloítear leis na prionsabail a leagtar amach ann. Imreofar tionchair dhearfacha indíreacha ar chearta bunúsacha, ós rud é gur féidir le ceanglais tuairiscithe níos déine iompraíocht chorparáideach a athrú chun feabhais. Ba cheart dó cur le feasacht cuideachtaí ar chearta bunúsacha agus dea‑thionchar a imirt ar an gcaoi a ndéanann siad drochthionchair iarbhír agus drochthionchair fhéideartha ar chearta bhunúsacha a aithint agus a bhainistiú. Ba cheart dó sreafaí caipitil a mhéadú do chuideachtaí a urramaíonn cearta bunúsacha freisin, agus cuideachtaí a dhéanamh níos cuntasaí as a dtionchar ar chearta bunúsacha i gcoitinne.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra. Úsáidfear acmhainní buiséadacha atá ann cheana féin le haghaidh caiteachais chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a fhorbairt.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí sonracha an togra a bhaint amach, fiosróidh an Coimisiún an fhéidearthacht go mbeifear in ann suirbhéanna tráthrialta ar úsáideoirí agus ullmhóirí a eagrú, ag brath ar acmhainní airgeadais a bheith ar fáil.

    Cuimsítear leis an togra go gcuirfí ceangal ar an gCoimisiún a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na gceanglas dearbhaithe tráth nach déanaí ná 3 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Beidh tograí reachtacha maidir le ceanglais dearbhaithe níos déine (‘dearbhú réasúnach’) ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

    Ní éilítear plean cur chun feidhme leis an togra seo.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leasaítear Treoir 2013/34/AE (‘an Treoir maidir le Cuntasaíocht’) le hAirteagal 1.

    Le mír (1) d’Airteagal 1 cuirtear síneadh le raon feidhme Airteagail na Treorach Cuntasaíochta ar oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus cuideachtaí árachais nach cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta iad nó nach meastar go bhfuil siad faoi dhliteanas teoranta, de réir na Treorach Cuntasaíochta, lena n‑áirítear comharbhainc agus cuideachtaí árachais frithpháirteacha agus comhchuideachtaí árachais, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha méide.

    Sainmhínítear i mír (2) d’Airteagal 1 téarmaí áirithe atá riachtanach don togra. Tugtar isteach agus sainmhínítear ann na téarmaí ‘ábhair inbhuanaitheachta’ agus ‘tuairisciú inbhuanaitheachta’, cé go dtagraíonn forálacha na Treorach Cuntasaíochta atá ann cheana féin do ‘faisnéis neamhairgeadais’. Sainmhínítear ann freisin na téarmaí ‘soláthraí neamhspleách seirbhísí dearbhaithe’ agus ‘sócmhainní doláimhsithe’.

    Cuirtear mír (3) d’Airteagal 1 in ionad Airteagal 19a den Treoir Chuntasaíochta, ina sonraítear na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh cuideachtaí áirithe. Leis an togra leasaítear Airteagal 19a mar a leanas:

    Modhnaítear leis raon feidhme pearsanta na gceanglas tuairiscithe, lena gcuirtear síneadh lena gcur i bhfeidhm chuig gach cuideachta mhór, agus chuig gach cuideachta le hurrúis a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas, seachas micreachuideachtaí. Chun an t‑ualach tuairiscithe a laghdú le haghaidh FBManna liostaithe, tá siad le tosú den tuairisciú i gcomhréir leis an Treoir seo 3 bliana i ndiaidh a teacht i bhfeidhm.

    Soiléirítear leis prionsabal na hábharthachta dúbailte, chun fáil réidh le haon débhríocht ar an ábhar gur cheart do chuideachtaí an fhaisnéis is gá chun an chaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear dóibh a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a thuiscint, a thuairisciú.

    Sonraítear ann ar bhealach níos mionsonraithe an fhaisnéis ba cheart do chuideachtaí a nochtadh. I gcomparáid leis na forálacha atá ann cheana féin, tugtar isteach leis ceanglais nua le haghaidh cuideachtaí maidir le faisnéis a sholáthar ar a straitéis, a spriocanna, ról an bhoird agus na bainistíochta, na príomh‑dhrochthionchair a bhaineann leis an gcuideachta agus a slabhra luacha, sócmhainní doláimhsithe, agus an chaoi ar shainaithin siad an fhaisnéis a thuairiscíonn siad.

    Sonraítear ann gur cheart do chuideachtaí faisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil, faisnéis réamhbhreathnaitheach agus faisnéis chúlghabhálach, agus faisnéis lena gcumhdaítear tréimhsí ionchais gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, a thuairisciú, de réir mar is iomchuí.

    Ceanglaítear leis ar gach cuideachta a thagann faoina raon feidhme tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus ligtear leis do FBManna liostaithe a thagann faoina raon feidhme tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhaineann go sonrach le FBManna.

    Baintear leis an fhéidearthacht go ligfidh Ballstáit do chuideachtaí an fhaisnéis is gá a thuairisciú i dtuarascáil ar leithligh nach cuid den tuarascáil bhainistíochta í.

    Ceanglaítear leis ar fhochuideachtaí díolmhaithe tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite na máthairchuideachta a thuairiscíonn ar leibhéal an ghrúpa a fhoilsiú, agus tagairt a chur san áireamh ina tuarascáil bhainistíochta eintitis dhlítheanaigh (aonair) chun a chur in iúl go bhfuil an chuideachta i gceist díolmhaithe ó cheanglais na Treorach.

    Le mír (4) d’Airteagal 1 tugtar trí fhoráil nua, Airteagail 19b, 19c agus 19d, isteach sa Treoir Chuntasaíochta, maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Le hAirteagal 19b cumhachtaítear don Choimisiún caighdeáin Eorpacha tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus sonraítear ann na ceanglais maidir lena nglacadh. Ar an gcéad dul síos, sonraítear ann na híoschritéir cháilíochta a bheadh ar fhaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis na caighdeáin a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, sainaithnítear ann na hábhair ba cheart a chumhdach. Ar an tríú dul síos, sainaithnítear ann ionstraimí agus tionscnaimh ar leith ar cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt orthu agus ábhar na ngníomhartha tarmligthe á chinneadh aige, lena n‑áirítear reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais, agus obair tionscnamh idirnáisiúnta socraithe caighdeán le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún an chéad sraith de chaighdeáin a ghlacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2022 freisin. Ba cheart don tsraith caighdeán sin an fhaisnéis ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú ar gach ábhar inbhuanaitheachta agus gach réimse tuairiscithe a liostaítear in Airteagal 19a(2) a shonrú. Ba cheart do na gníomhartha tarmligthe sin, ar a laghad, an fhaisnéis ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú chun freastal ar riachtanais rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh i Rialachán (AE) 2019/2088 a shonrú. Ba cheart an dara sraith caighdeán a ghlacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2023 ar a dhéanaí. Ba cheart don tsraith caighdeán sin an fhaisnéis chomhlántach ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú ar ábhair inbhuanaitheachta agus réimsí tuairiscithe a liostaítear in Airteagal 19a(2), i gcás inar gá, agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina bhfeidhmíonn cuideachta, a shonrú. Ar deireadh, le hAirteagal 19b cuirtear ceangal ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin gach 3 bliana ar a laghad chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n‑áirítear forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Le hAirteagal 19c cuirtear ceangal ar an gCoimisiún caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide faoin 31 Deireadh Fómhair 2023. Le hairteagal Airteagal 19d cuirtear ceangal ar chuideachtaí a ráitis airgeadais agus a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú i bhformáid aonair leictreonach tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún, agus faisnéis inbhuanaitheachta a mharcáil nuair is gá mar a shonraítear sa Rialachán sin 27 .

    Le mír (5) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 20 chun a cheangal ar chuideachtaí liostaithe atá faoi réir na forála seo tagairt d’inscne a chur sa tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta. Leasaítear Airteagal 20 leis freisin chun a ligean do ghnóthais liostaithe atá faoi réir Airteagal 20 na ceanglais a leagtar amach i bpointí (c), (f) agus (g) a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis is gá a chur san áireamh mar chuid dá dtuairisciú inbhuanaitheachta 28 .

    Le mír (6) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 23 den Treoir Chuntasaíochta, lena shoiléiriú go bhfeidhmíonn an córas díolúine le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite ar leithligh ón gcóras díolúine le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite. Ciallaíonn sé sin gur féidir le cuideachta a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe airgeadais comhdhlúite, ach gan a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta comhdhlúite. Is amhlaidh an cás i gcás ina n‑ullmhaíonn máthairghnóthas deiridh na cuideachta ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, nó i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha más tríú tír atá i gceist, ach nach n‑ullmhaíonn sé tuarascálacha inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir leis na ceanglais choibhéiseacha más tríú tír atá i gceist.

    Cuirtear mír (7) d’Airteagal 1 in ionad Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta chun go mbeidh feidhm ag ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta uile Airteagal 19a de réir mar is iomchuí maidir le máthairchuideachtaí a thuairiscíonn ar bhonn comhdhlúite don ghrúpa iomlán.

    Le mír (8) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 30 den Treoir Chuntasaíochta chun é a ailíniú leis na ceanglais nua tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ar an gcéad dul síos, leasaítear é chun a cheangal ar Bhallstáit a áirithiú go bhfoilsíonn cuideachtaí a ráitis airgeadais bhliantúla agus tuarascáil bhainistíochta atá formheasta go cuí san fhormáid leictreonach a fhorordaítear le hAirteagal 19d laistigh de 12 mhí de dháta an chláir chomhardaithe. Ar an dara dul síos, leasaítear é chun a cheangal, má thugann soláthraí neamhspleách seirbhísí dearbhaithe seachas an t‑iniúchóir reachtúil tuairim ar thuairisciú inbhuanaitheachta, go bhfoilseofar an tuairim sin in éineacht leis na ráitis airgeadais bhliantúla agus an tuarascáil bhainistíochta. Ar deireadh, leasaítear é chun a cheangal ar Bhallstáit a áirithiú go ndéanfar tuarascálacha bainistíochta ina bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta a chur ar fáil don sásra ábhartha atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear i dTreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir Trédhearcachta), gan mhoill, tar éis a bhfoilsithe. Sonraítear ann mura liostaítear cuideachtaí a ullmhaíonn tuairisciú inbhuanaitheachta ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach, gur cheart don sásra ábhartha atá ceaptha go hoifigiúil a bheith ar cheann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an gcuideachta i gceist. Is gá seo chun an fhaisnéis inbhuanaitheachta a nochtann cuideachtaí san Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair, a bhunófar mar a fógraíodh i ngníomh 1 den phlean gníomhaíochta ar Aontas na Margaí Caipitil, a chuimsiú.

    Le mír (9) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 33 den Treoir Chuntasaíochta chun freagracht chomhchoiteann comhaltaí comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta cuideachta a ailíniú leis na ceanglais athbhreithnithe tuairiscithe inbhuanaitheachta. Go háirithe, cuirtear ceangal ar chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta leis a áirithiú go dtuairiscíonn an chuideachta i gceist i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais Eorpaigh, agus san fhormáid dhigiteach a éilítear, agus go scriosann sí an tagairt don tuarascáil ar leithligh le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta a cheadaítear faoi láthair.

    Le mír (10) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 34 den Treoir Chuntasaíochta maidir le dearbhú tuairiscithe inbhuanaitheachta. Go háirithe, cuirtear ceangal ar an iniúchóir reachtúil leis dearbhú iontaofachta teoranta a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta cuideachta, lena n‑áirítear ar chomhlíonadh na gcaighdeán tuairiscithe leis an tuairisciú inbhuanaitheachta, ar an bpróiseas ar thug an chuideachta faoi chun an fhaisnéis a tuairiscíodh de bhun na gcaighdeán a shainaithint, ar mharcáil an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus ar na táscairí a tuairiscíodh de bhun Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Ina theannta sin ceadaíonn sé do na Ballstáit aon soláthraí neamhspleách seirbhísí dearbhaithe atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tuairim a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta ar bhonn dearbhú iontaofachta teoranta. Cuirtear ceangal ar na Ballstáit leis freisin a áirithiú go leagtar amach ceanglais chomhsheasmhacha le haghaidh gach duine agus gnólachta, lena n‑áirítear iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, a gceadaítear dóibh an tuairim ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a sholáthar.

    Le mír (11) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 49 den Treoir Chuntasaíochta, lena leagtar amach na coinníollacha chun an Coimisiún a chumhachtú na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear san Airteagal 19b nua. Cuirtear ceangal ar an gCoimisiún leis comhairle theicniúil an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) a chur san áireamh agus na gníomhartha sin á n‑ullmhú, ar choinníoll go bhforbraítear í le próis chuí chóir, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht agus le saineolas páirtithe leasmhara ábhartha, agus go bhfuil anailísí costais is tairbhe ag gabháil léi, a éascóidh glacadh na gcaighdeán ag an gCoimisiún. Cuirtear ceangal ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) leis an mír seo freisin tuairim a sholáthar ar an gcomhairle theicniúil a sholáthraíonn EFRAG sula nglacann sé caighdeáin. Soláthrófar an tuairim sin laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún. Tréimhse réasúnach atá ann mar go mbeidh ESMA rannpháirteach in obair EFRAG, agus dá bhrí sin beidh cleachtadh aige ar ábhar chomhairle theicniúil EFRAG sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin í. Ina theannta sin, cuirtear ceangal ar an gCoimisiún freisin dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), an Banc Ceannais Eorpach, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe sula nglacann sé caighdeáin. I gcás ina gcinneann aon cheann de na comhlachtaí sin tuairim a thíolacadh, déanfaidh siad é laistigh de dhá mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo.

    Le mír (12) d’Airteagal 1 leasaítear Airteagal 51 den Treoir Chuntasaíochta, chun na híoschineálacha pionós agus beart riaracháin ar cheart do na Ballstáit foráil maidir leo i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta na Treorach Cuntasaíochta a shonrú.

    Leasaítear Treoir 2004/109/CE (an Treoir Trédhearcachta) le hAirteagal 2.

    I mír (1) d’Airteagal 2 tugtar isteach agus sainmhínítear an téarma ‘tuairisciú inbhuanaitheachta’, atá riachtanach don togra.

    Le mír (2) d’Airteagal 2 leasaítear Airteagal 4 den Treoir Trédhearcachta, chun cuid an tuairiscithe inbhuanaitheachta den fhaisnéis rialáilte atá le tarraingt suas agus le foilsiú faoina forálacha a chur san áireamh. Ar an gcéad dul síos, leasaítear é chun a éileamh go mbeidh ráitis arna ndéanamh ag na daoine atá freagrach as tuairisciú airgeadais laistigh den eisitheoir, go bhfuil, de réir mar is fearr is eol dóibh, an tuarascáil bhainistíochta ullmhaithe i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta mar a cheanglaítear le Treoir 2013/34/AE, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na ráitis sin sa tuarascáil airgeadais bhliantúil. Tagann an ceanglas go gcuirfear tuairisciú inbhuanaitheachta san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta, de thoradh na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo, roimh an ngá le hAirteagal 4(2)(b) de Threoir 2004/109/CE a mhodhnú. Ar an dara dul síos, tugtar na tagairtí d’fhorálacha na Treorach Cuntasaíochta agus Threoir 2006/43/CE (an Treoir Iniúchóireachta) cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis an gceanglas iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Treoir Chuntasaíochta, agus a chur in iúl cibé acu atá míráitis ábhartha sainaitheanta ag an iniúchóir nó ag an ngnólacht iniúchóireachta sa tuarascáil bhainistíochta nó nach bhfuil, agus a mhéid a bhaineann leis an gceanglas an tuarascáil iniúchóireachta a nochtadh, lena n‑áirítear an tuairim ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ar deireadh, tugtar cothrom le dáta agus leasaítear na tagairtí d’fhorálacha na Treorach Cuntasaíochta a mhéid a bhaineann le hullmhú na tuarascála bainistíochta chun tuairisciú inbhuanaitheachta a éileamh. Leis na leasuithe sin is féidir na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a shíneadh chuig cuideachtaí a liostaítear ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach, seachas micreachuideachtaí, lena n‑áirítear eisitheoirí nach eisitheoirí de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Soiléirítear leo freisin an sainordú dlíthiúil atá ag údaráis náisiúnta inniúla chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mhaoirsiú.

    Le mír (3) d’Airteagal 2 leasaítear Airteagal 23(4) den Treoir Trédhearcachta chun an Coimisiún a chumhachtú bearta a ghlacadh chun sásra a bhunú chun comhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí nach eisitheoirí de chuid an Aontais iad a chinneadh agus chun na cinntí is gá a dhéanamh ar an gcomhionannas sin. Beidh aon chinneadh ar chomhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí nach eisitheoirí de chuid an Aontais iad neamhspleách ar chinntí comhionannais a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe airgeadais.

    Le mír (4) d'Airteagal 2 tugtar isteach Airteagal 28(d) sa Treoir Trédhearcachta chun a cheangal ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) treoirlínte a eisiúint le haghaidh údaráis náisiúnta inniúla chun cóineasú maoirseachta tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur chun cinn. Sainaithnítear i Rialachán ESMA (Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010) gurb é an Treoir Trédhearcachta ceann de ghníomhartha reachtacha an Aontais lena sainítear raon feidhme gníomhaíochta ESMA.

    Leasaítear Treoir 2006/43/CE (an Treoir Iniúchóireachta) le hAirteagal 3.

    Le mír (1) d’Airteagal 3 leasaítear ábhar Airteagal 1 den Treoir Iniúchóireachta chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite, i gcás ina ndéanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an t‑iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais an méid sin, a chur san áireamh.

    Le mír (2) d’Airteagal 3 leasaítear agus cuirtear isteach sainmhínithe áirithe atá riachtanach don togra in Airteagal 2 den Treoir Iniúchóireachta. Leasaítear leis na sainmhínithe ar ‘iniúchóir reachtúil’ agus ‘gnólacht iniúchóireachta’ chun a gcuid oibre féideartha ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Tugtar isteach agus sainmhínítear leis freisin an téarma ‘dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta’ agus ‘tuairisciú inbhuanaitheachta’.

    Le míreanna (3)–(7) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagail 6-11 den Treoir Iniúchóireachta, ina bhfuil rialacha maidir le ceadú, oideachas leanúnach gairmiúil agus aitheantas frithpháirteach iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, chun a áirithiú go bhfuil an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair atá ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an cumas an t‑eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas ag iniúchóirí reachtúla.

    Le mír (7) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 14, ina bhfuil rialacha maidir leis na nósanna imeachta ba cheart do na húdaráis inniúla a leagan amach le haghaidh formheas iniúchóirí reachtúla ó Bhallstát difriúil. Leasaítear é chun a áirithiú, i gcás ina gcinneann an Ballstát gur cheart don iarratasóir a bhfuil formheas á lorg aige a bheith faoi réir triail infheidhmeachta, go gcumhdaítear leis an triail sin freisin eolas leordhóthanach an iniúchóra reachtúil ar dhlíthe agus rialacháin an Bhallstáit óstaigh atá ábhartha do dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    Le mír (8) d’Airteagal 3 tugtar isteach Airteagal 14a ina gcuimsítear clásal marthanachta chun a áirithiú gur féidir le hiniúchóirí reachtúla atá formheasta leanúint d’iniúchtaí reachtúla a dhéanamh agus iniúchtaí a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta nuair a bheidh feidhm ag na ceanglais dlí leasaithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh iniúchóirí reachtúla atá formheasta cheana féin an t‑eolas is gá ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta tríd an gceanglas maidir le hoideachas leanúnach in Airteagal 13 den Treoir Iniúchóireachta.

    Le mír (9) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 24b chun na rialacha ar eagrú obair an iniúchóra a oiriúnú chun tagairtí dá chuid oibre ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh. Go háirithe, leasaítear é chun a éileamh go mbeidh ról gníomhach ag an bpríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta nó ag na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh; le linn dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, go dtabharfaidh an t‑iniúchóir reachtúil am leordhóthanach don dearbhú iontaofachta agus go sannfaidh sé acmhainní leordhóthanacha chun é a chur ar a chumas dó a dhualgais a dhéanamh go hiomchuí; go sonraítear ar thaifead chuntas an chliaint na táillí le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta; agus go mbeidh faisnéis ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, i gcás ina ndéanann an t‑iniúchóir reachtúil an dearbhú, sa chomhad iniúchóireachta.

    Le mír (10) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 25 chun a cheangal ar Bhallstáit rialacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar thionchar a bheith ar na táillí le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ag soláthar seirbhísí breise don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, ná nach gcinnfear leis sin iad, ná nach mbeidh siad bunaithe ar aon chineál teagmhais.

    Le mír (11) d’Airteagal 3 cuirtear isteach Airteagal 25b chun síneadh a chur le rialacha na Treorach Iniúchóireachta maidir le heitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil a cheanglaítear ar iniúchóirí ráiteas airgeadais maidir lena gcuid oibre ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    Le mír (12) d’Airteagal 3 cuirtear isteach Airteagal 26a, lena gceanglaítear ar Bhallstáit a cheangal ar iniúchóirí dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún agus caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais maidir le dearbhú náisiúnta a chur i bhfeidhm seachas má tá caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún lena gcumhdaítear an t‑ábhar céanna. Cumhachtaítear don Choimisiún leis, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, caighdeáin dearbhaithe a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leagan amach a fheidhmeoidh an t‑iniúchóir chun teacht ar a chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear pleanáil dearbhaithe iontaofachta, breithniú riosca agus freagairt ar rioscaí agus cineál na gconclúidí atá le háireamh sa tuarascáil iniúchóireachta. Cuirtear ceangal ar iniúchóirí leis freisin a dtuairim ar thuairisciú inbhuanaitheachta a bhunú ar dhearbhú iontaofachta réasúnach dá n‑úsáidfeadh an Coimisiún an rogha caighdeáin a ghlacadh le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta.

    Le mír (13) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 27a chun na rialacha maidir le hiniúchadh reachtúil ar ghrúpa cuideachtaí a shíneadh chuig dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite, i gcás ina ndéanann an t‑iniúchóir reachtúil an dearbhú.

    Le mír (14) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 28 chun a cheangal ar an iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a thorthaí nó a dtorthaí a chur i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta, agus an tuarascáil a ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le caighdeáin dearbhaithe lena nglacann an tAontas Eorpach nó an Ballstát lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite agus an dáta agus an tréimhse a chumhdaítear leis a shonrú sa tuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart creat an tuairiscithe inbhuanaitheachta a cuireadh i bhfeidhm ina ullmhú a shainaithint inti. Ba cheart tuairisc ar raon feidhme dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a áireamh inti agus na caighdeáin dearbhaithe ar i gcomhréir leo a rinneadh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a shainaithint inti. Ar deireadh, ba cheart tuairim an iniúchóra reachtúil ar thuairiscí inbhuanaitheachta a áireamh inti.

    Le mír (15) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 29 den Treoir Iniúchóireachta maidir leis an gcóras le haghaidh athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta chun a áirithiú go ndéantar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta le haghaidh na n‑iniúchtaí ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus go bhfuil oideachas gairmiúil iomchuí agus taithí ábhartha ar thuairisciú inbhuanaitheachta ag na daoine siúd a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta.

    Le mír (16) d’Airteagal 3 cuirtear isteach Airteagal 30g chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an gcóras imscrúduithe agus smachtbhannaí le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla, go bhfuil feidhm ag an gcóras sin maidir le hiniúchtaí ar thuairisciú inbhuanaitheachta freisin.

    Le mír (17) d’Airteagal 3 cuirtear isteach Airteagal 36a chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le formhaoirseacht phoiblí agus socruithe rialála idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le hiniúchtaí reachtúla, go bhfuil feidhm ag na forálacha sin maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin.

    Le mír (18) d’Airteagal 3 cuirtear isteach Airteagal 38a chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh agus a dhífhostú a mhéid a bhaineann le hiniúchtaí reachtúla, go bhfuil feidhm ag na forálacha sin maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin.

    Le mír (19) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 39 chun cúraim an choiste iniúchóireachta le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a shoiléiriú. Go háirithe, ba cheart don choiste iniúchóireachta comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a chur ar an eolas faoi thoradh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a rannchuidigh an coiste iniúchóireachta le sláine an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar phróiseas an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear próiseas an tuairiscithe dhigitigh, agus an próiseas a dhéanann an chuideachta chun go sainaithneofar an fhaisnéis a thuairiscítear de réir na gcaighdeán ábhartha tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus moltaí nó tograí a thíolacadh chun sláine an mhéid sin a áirithiú. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chórais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus bainistíochta riosca na cuideachta agus, i gcás inarb infheidhme, a iniúchóireachta inmheánaí, maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, lena n‑áirítear a thuairisciú digiteach mar a éileofar de réir na Treorach maidir le Cuntasaíocht arna leasú, gan a neamhspleáchas a shárú. Ar deireadh, ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite, agus athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta.

    Le mír (20) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 45 chun na ceanglais maidir le hiniúchóirí agus eintitis iniúchóireachta nach iniúchóirí nó eintitis iniúchóireachta de chuid an Aontais iad a chlárú agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu a ailíniú le raon feidhme nua na Treorach, lena gcumhdaítear dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    Le mír (21) d’Airteagal 3 leasaítear Airteagal 48a chun na coinníollacha a leagan amach maidir le feidhmiú tharmligean na gcumhachtaí ar an gCoimisiún chun caighdeáin dearbhaithe a ghlacadh le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta de bhun Airteagal 26a(2).

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 537/2014 (an Rialachán Iniúchóireachta) le hAirteagal 4.

    Le mír (1) d’Airteagal 4 leasaítear Airteagal 5 den Rialachán Iniúchóireachta chun cosc a chur ar sholáthar seirbhísí comhairleoireachta le haghaidh ullmhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta sna tréimhsí a shonraítear in Airteagal 5 den Rialachán Iniúchóireachta, i gcás ina ndéanann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an t‑iniúchadh reachtúil dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin.

    Le mír (2) d’Airteagal 4 leasaítear Airteagal 14 chun a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta an t‑údarás inniúil i gceist a chur ar an eolas go bliantúil maidir leis an ioncam, ón ioncam ó sheirbhísí neamh‑iniúchóireachta, a gineadh ó dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    Le hAirteagal 5 ceanglaítear ar na Ballstáit Airteagail 1 go 3 den Treoir a thrasuí faoin 1 Nollaig 2022, agus a áirithiú go mbeidh feidhm ag a forálacha maidir le cuideachtaí don bhliain airgeadais a thosaíonn an 1 Eanáir 2023 nó le linn bliain féilire 2023.

    Le hAirteagal 6 leagtar amach dáta theacht i bhfeidhm fhorálacha leasaithe Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 (an Rialachán Iniúchóireachta) ar 1 Eanáir 2023.

    .

    2021/0104 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Ina theachtaireacht ar an gComhaontú Glas don Eoraip a glacadh an 11 Nollaig 2019 30 , thug an Coimisiún Eorpach gealltanas chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún a bhaineann le tuairisciú neamhairgeadais. 31 Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis nua fáis don Aontas Eorpach. Is é is aidhm dó geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus a áirithiú go mbeidh gach réigiún agus saoránach de chuid an Aontais ina rannpháirtí in aistriú chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe, aistriú a bheidh cóir ar bhonn sóisialta. Cuirfidh sé leis an gcuspóir geilleagar a oibríonn do na daoine a fhorbairt, geilleagar margaidh shóisialta an Aontais a threisiú, chun cuidiú lena áirithiú go mbeidh sé réidh don todhchaí agus go soláthróidh sé cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht. Tá na spriocanna sin tábhachtach go háirithe i bhfianaise an damáiste shocheacnamaíoch a rinneadh mar thoradh ar phaindéim COVID‑19 agus an gá atá le téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cóir. Ina thogra an 4 Márta 2020 le haghaidh Dlí Aeráide Eorpach, mhol an Coimisiún Eorpach go mbeadh an cuspóir go mbainfí aeráidneodracht amach faoi 2050 ceangailteach san Aontas. 32  

    (2)Ina Phlean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú leag an Coimisiún amach bearta chun na cuspóirí a leanas a bhaint amach: sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe ionchuimsitheach a bhaint amach, rioscaí airgeadais a eascraíonn as an athrú aeráide, ídiú acmhainní, díghrádú comhshaoil agus saincheisteanna sóisialta a bhainistiú, agus trédhearcacht agus fadtéarmachas i ngníomhaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a chothú 33 . Réamhriachtanas chun na cuspóirí sin a bhaint amach is ea nochtadh faisnéise ábhartha, inchomparáide agus iontaofa inbhuanaitheachta ag gnóthais. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le roinnt gníomhartha reachtacha mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Rialaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 an chaoi a bhfuil rannpháirtithe margaí airgeadais agus comhairleoirí airgeadais le faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh d’infheisteoirí deiridh agus úinéirí sócmhainní. Cruthaítear le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 córas aicmithe le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus é mar aidhm scálaí infheistíochtaí inbhuanaithe a mhéadú agus dul i ngleic le glas-snasú táirgí airgeadais a mhaíonn go míchuí go bhfuil siad inbhuanaithe. Tugtar isteach le Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , arna chomhlánú ag Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/1816 37 , (AE) 2020/1817 38 agus (AE) 2020/1818 39 ón gCoimisiún, ceanglais maidir le nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais (‘ESG’) le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna agus íoschaighdeáin maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais agus Tagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras a thógáil. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 ar institiúidí móra a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte faisnéis a nochtadh ar rioscaí ESG ón 28 Meitheamh 2022. Sa chreat nua stuamachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta a leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 tá forálacha maidir le gné riosca ESG a thabhairt isteach sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta (SREP) ag údaráis inniúla, agus tá ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG ann le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, a mbeidh feidhm acu ón 26 Nollaig 2022. Tá togra maidir le Caighdeán Eorpach Bannaí Glasa fógartha ag an gCoimisiún freisin ina Chlár Oibre le haghaidh 2021, d’fhonn bearta leantacha a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú.

    (3)An 5 Nollaig 2019, ina conclúidí maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá faisnéis iontaofa, inchomparáide agus ábhartha faoi rioscaí inbhuanaitheachta, deiseanna agus tionchair, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeán tuairiscithe neamhairgeadais Eorpach a fhorbairt.

    (4)Ina rún maidir le maoiniú inbhuanaithe an 29 Bealtaine 2018 43 , d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar cheanglais tuairiscithe neamhairgeadais faoi chuimsiú Threoir 2013/34/AE. Ina rún maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe an 17 Nollaig 2020 44 , chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh ghealltanas an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2013/34/AE agus léirigh sí an gá atá le creat cuimsitheach de chuid an Aontais um thuairisciú neamhairgeadais a bhunú ina bhfuil caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais shainordaitheacha de chuid an Aontais. D’iarr Parlaimint na hEorpa raon feidhme na gceanglas tuairiscithe a leathnú chun catagóirí breise gnóthas a chur san áireamh agus chun ceanglas iniúchta a bhunú.

    (5)An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat nua domhanda maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (an ‘Clár 2030’). Tá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcroílár Chlár Oibre 2030 agus cumhdaítear trí ghné na hinbhuanaitheachta leis: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip, déantar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartas de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, go gcuirfear na spriocanna sin san áireamh ón tús. 45 Leis na conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017, deimhníodh gealltanas an Aontais agus a Bhallstáit maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile. 46  

    (6)Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis neamhairgeadais a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe. Le Treoir 2014/95/AE cuireadh ceanglas ar ghnóthais faisnéis a thuairisciú maidir le hábhair chomhshaoil, shóisialta agus fhostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair fhrithéillithe agus fhrithbhreabaireachta, ar a laghad. Maidir leis na topaicí sin, cuireann Treoir 2014/95/AE ceangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi na réimsí tuairiscithe seo a leanas: an tsamhail ghnó, beartais (lena náirítear próisis dhíchill chuí arna gcur chun feidhme), toradh na mbeartas, rioscaí agus bainistíocht riosca, agus na príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó.

    (7)Measann go leor páirtithe leasmhara go bhfuil an téarma ‘neamhairgeadais’ míchruinn, go háirithe toisc go dtugann sé sin le fios nach bhfuil aon tábhacht airgeadais leis an bhfaisnéis atá i gceist. Go minic anois, áfach, bíonn tábhacht airgeadais leis an bhfaisnéis atá i gceist. Tagraíonn go leor eagraíochtaí, tionscnamh agus cleachtóirí sa réimse seo d’fhaisnéis ‘inbhuanaitheachta’. Dá bhrí sin, is fearr an téarma ‘faisnéis inbhuanaitheachta’ a úsáid in ionad ‘faisnéis neamhairgeadais’. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2013/34/AE a leasú chun an tathrú sin sa téarmaíocht a chur san áireamh.

    (8)Is iad na saoránaigh agus na coigilteoirí aonair na tairbhithe deiridh den tuairisciú níos fearr ar an inbhuanaitheacht ag gnóthais. Má theastaíonn ó choigilteoirí infheistiú ar bhealach inbhuanaithe tabharfar deis dóibh amhlaidh a dhéanamh, ach ba cheart go dtairbheodh na saoránaigh uile de chóras eacnamaíoch atá cobhsaí, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Chun na tairbhithe sin a bhaint amach, ní mór an fhaisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla gnóthais a chur in iúl do dhá phríomhghrúpa (‘úsáideoirí’) ar dtús. Is infheisteoirí atá sa chéad ghrúpa úsáideoirí, lena náirítear bainisteoirí sócmhainní, ar mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí agus deiseanna a chruthaíonn saincheisteanna inbhuanaitheachta dá ninfheistíochtaí agus na tionchair a bhíonn ag na hinfheistíochtaí sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Is eagraíochtaí atá sa dara grúpa úsáideoirí, lena náirítear, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe sóisialta, ar mian leo gnóthais a thabhairt chun cuntais ar bhealach níos fearr maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile úsáid a bhaint as an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla freisin. Féadfaidh páirtithe gnó gnóthas, lena náirítear custaiméirí, brath ar an bhfaisnéis sin chun tuiscint a fháil ar na rioscaí inbhuanaitheachta agus tionchair trína slabhraí luacha féin, agus tuairisciú orthu i gcás inar gá. Féadfaidh lucht ceaptha beartas agus gníomhaireachtaí comhshaoil úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin, go háirithe ar bhonn comhiomlán, chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí comhshaoil agus sóisialta, chun cur le cuntais chomhshaoil, agus chun faisnéis a chur ar fáil i gcomhair beartas poiblí. Is beag saoránach aonair ná tomhaltóir a fhéachann go díreach ar thuarascálacha gnóthas, ach d’fhéadfaidís úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin go hindíreach amhail agus breithniú á dhéanamh acu ar chomhairle nó ar thuairimí comhairleoirí airgeadais nó eagraíochtaí neamhrialtasacha. Ceannaíonn go leor infheisteoirí agus bainisteoirí sócmhainní faisnéis inbhuanaitheachta ó sholáthraithe sonraí tríú páirtí, a bhailíonn faisnéis ó fhoinsí éagsúla, lena náirítear tuarascálacha corparáideacha poiblí.

    (9)Tháinig méadú an‑suntasach ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta chorparáideach le blianta beaga anuas, go háirithe ón bpobal infheistíochta. Tá an méadú sin ar an éileamh á spreagadh ag cineál athraitheach na rioscaí do ghnóthais agus feasacht níos mó na ninfheisteoirí ar impleachtaí airgeadais na rioscaí sin. Is ionann an cás go háirithe maidir le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid. Tá feasacht ag méadú freisin ar na rioscaí do ghnóthais agus d’infheistíochtaí a eascraíonn as saincheisteanna comhshaoil eile agus as saincheisteanna sóisialta, lena náirítear saincheisteanna sláinte. Tá an méadú ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta á spreagadh ag an bhfás i dtáirgí infheistíochta freisin, a niarrtar leo go sainráite caighdeáin inbhuanaitheachta áirithe a chomhlíonadh nó cuspóirí inbhuanaitheachta áirithe a bhaint amach. Tá cuid den mhéadú sin mar iarmhairt loighciúil na reachtaíochta de chuid an Aontais a glacadh roimhe seo, go háirithe Rialachán (AE) 2019/2088 agus Rialachán (AE) 2020/852. Tharlódh cuid den mhéadú sin in aon chás, toisc go bhfuil feasacht saoránach, roghanna tosaíochta tomhaltóirí agus cleachtais mhargaidh ag athrú go tapa. Tiocfaidh méadú níos mó ar riachtanais faisnéise úsáideoirí de bharr phaindéim COVID‑19, go háirithe ós rud é gur nochtadh leochaileachtaí oibrithe agus slabhraí luacha gnóthas dá thoradh. Tá faisnéis faoi thionchair chomhshaoil ábhartha freisin i gcomhthéacs paindéimí sa todhchaí a mhaolú, ós rud é go bhfuil baint níos mó idir suaitheadh éiceachóras a dhéanann an duine agus tarlú agus scaipeadh galar.

    (10)D’fhéadfadh na gnóthais féin tairbhiú de thuairisciú ardchaighdeáin a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta. Maidir leis an méadú ar líon na dtáirgí infheistíochta a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí inbhuanaitheachta a shaothrú, ciallaíonn sé sin go bhféadfaí rochtain níos fearr ar chaipiteal airgeadais a thabhairt do ghnóthas le tuairisciú inbhuanaitheachta maith. Féadfaidh tuairisciú inbhuanaitheachta cuidiú le gnóthais chun a gcuid rioscaí agus deiseanna féin a aithint agus a bhainistiú i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. Is féidir leis a bheith ina bhonn i gcomhair idirphlé agus cumarsáid níos fearr idir na gnóthais agus a bpáirtithe leasmhara, agus is féidir leis cuidiú le gnóthais chun feabhas a chur ar an gcáil atá orthu.

    (11)Leis an tuarascáil ar an gclásal athbhreithnithe sa Treoir um Thuairisciú Neamh-Airgeadais (Treoir 2014/95/AE), agus an tseiceáil oiriúnachta ar thuairisciú corparáideach a ghabhann léi, aithníodh fadhbanna maidir le héifeachtacht na Treorach sin 48 . Tá fianaise shuntasach ann nach nochtann go leor gnóthais faisnéis ábhartha faoi na príomhthopaicí go léir a bhaineann le hinbhuanaitheacht. D’aithin an tuarascáil inchomparáideacht agus iontaofacht theoranta na faisnéise inbhuanaitheachta mar fhadhbanna suntasacha freisin. Sa bhreis air sin, i gcás go leor gnóthas óna mbíonn faisnéis inbhuanaitheachta ag teastáil ó úsáideoirí, ní bhíonn aon dualgas ar na gnóthais sin faisnéis den sórt sin a thuairisciú.

    (12)In éagmais gníomhaíocht beartais, meastar go bhfásfaidh an bhearna idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá á tuairisciú ag gnóthais. Tá iarmhairtí diúltacha suntasacha ag an mbearna sin. Ní féidir le hinfheisteoirí aird chuí a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht ina gcuid cinntí infheistíochta. Má dhéantar go leor cinntí infheistíochta le chéile nach dtugtar aird chuí leo ar na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht d’fhéadfaí rioscaí córasacha a chruthú dá bharr sin, rud a d’fhéadfadh an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Tá an Banc Ceannais Eorpach agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais tar éis aird a tharraingt ar na rioscaí córasacha sin, go háirithe i ndáil leis an aeráid. Bíonn deis níos lú ag infheisteoirí acmhainní airgeadais a threorú chuig gnóthais agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thugann aghaidh ar fhadhbanna sóisialta agus comhshaoil agus nach ngéaraíonn na fadhbanna sin, rud a dhéanann dochar do cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Tá sé níos deacra ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe sóisialta, comhphobail a ndéanann gníomhaíochtaí gnóthas difear dóibh, agus páirtithe leasmhara eile gnóthais a thabhairt chun cuntais maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Cruthaíonn sé sin easnamh ó thaobh cuntasachta de, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le leibhéil níos ísle iontaoibhe ag saoránaigh i ngnólachtaí, rud a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige ar fheidhmiú éifeachtúil gheilleagar an mhargaidh shóisialta. Tá an easpa méadrachtaí agus modhanna a nglactar leo go ginearálta chun rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thomhas, a luacháil agus a bhainistiú ina bacainn freisin ar na hiarrachtaí a dhéanann gnóthais chun a áirithiú go bhfuil a gcuid samhlacha gnó agus a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe.

    (13)Sa tuarascáil ar an gclásal athbhreithnithe i dTreoir 2014/95/AE, agus an tseiceáil oiriúnachta ar thuairisciú corparáideach a ghabhann léi, aithníodh méadú suntasach ar líon na niarrataí ar fhaisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta do ghnóthais freisin agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise a bhí ann cheana féin. Chomh maith leis sin, is dócha go mbeidh coinne fós leis go núsáidfeadh gnóthais réimse creataí agus caighdeán agus d’fhéadfaí béim níos mó a leagan air sin de réir mar a éiríonn faisnéis inbhuanaitheachta níos tábhachtaí. In éagmais gníomhaíocht beartais chun comhdhearcadh a spreagadh maidir leis an bhfaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú, tiocfaidh méaduithe suntasacha ar chostais agus ar an ualach do ghnóthais tuairiscithe agus d’úsáideoirí na faisnéise sin.

    (14)I bhfianaise na bearna atá ag fás idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus na cleachtais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair ag gnóthais, is mó an seans go dtabharfaidh Ballstáit aonair rialacha nó caighdeáin náisiúnta níos éagsúla isteach. Le ceanglais tuairiscithe dhifriúla i mBallstáit dhifriúla chruthófaí costais bhreise agus castacht níos mó do ghnóthais a oibríonn thar theorainneacha agus dá bhrí sin, dhéanfaí dochar don mhargadh aonair, agus dhéanfaí dochar freisin don cheart chun caipiteal a bhunú agus a bhogadh go héasca ar fud an Aontais. De thoradh ar na ceanglais tuairiscithe dhifriúla sin freisin bheadh sé níos deacra an fhaisnéis a thuairiscítear a chur i gcomparáid lena chéile thar theorainneacha, rud a dhéanfadh dochar d’aontas na margaí caipitil.

    (15)Tá feidhm ag Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE maidir le gnóthais mhóra atá ina neintitis leasa phoiblí ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán, agus maidir le heintitis leasa phoiblí atá ina máthairghnóthais ar ghrúpa mór ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán ar bhonn comhdhlúite, faoi seach. I bhfianaise an mhéadaithe ar riachtanais úsáideoirí i ndáil le faisnéis inbhuanaithe, ba cheart a cheangal ar chatagóirí breise gnóthas faisnéis den sórt sin a thuairisciú. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar gach gnóthas mór agus gach gnóthas atá liostaithe ar mhargaí rialáilte, seachas micreaghnóthais, faisnéis inbhuanaitheachta mhionsonraithe a thuairisciú. Ina theannta sin, ba cheart do na gnóthais uile atá ina máthairghnóthais ar ghrúpaí móra tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú ar leibhéal grúpa.

    (16)Maidir leis an gceanglas go ndéanfadh gnóthais mhóra neamhliostaithe faisnéis a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta, is é is siocair leis sin imní faoi thionchair agus cuntasacht gnóthas den sórt sin, lena náirítear trína slabhra luacha. Chuige sin, ba cheart gach gnóthas mór a bheith faoi réir na gceanglas céanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú go poiblí. Ina theannta sin, bíonn faisnéis de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ó na gnóthais mhóra neamhliostaithe freisin.

    (17)I gcás gnóthas nach bhfuil bunaithe san Aontas ach go bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargaí rialáilte tá ceangal ar na gnóthais sin faisnéis a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta agus freagraíonn an ceanglas sin do riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i ndáil le faisnéis a fháil ó ghnóthais den sórt sin chun tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhaineann lena gcuid infheistíochtaí agus na tionchair a bheidh acu, agus chun na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh.

    (18)I bhfianaise ábharthacht mhéadaitheach na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus é á chur san áireamh go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá liostaithe ar mhargaí rialáilte ina gcion suntasach de na gnóthais liostaithe go léir san Aontas, chun cosaint infheisteoirí a áirithiú is iomchuí a cheangal ar na FBManna sin faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a nochtadh. Ach an ceanglas sin a thabhairt isteach, cuideoidh sé chun a áirithiú go bhféadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gnóthais bheaga liostaithe a chur san áireamh i bpunanna infheistíochta ar an mbonn go dtuairiscíonn siad an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Dá bhrí sin, cuideoidh sé chun rochtain ar chaipiteal airgeadais a chosaint agus a fheabhsú do ghnóthais bheaga liostaithe, agus chun idirdhealú in aghaidh na ngnóthas sin a sheachaint ar thaobh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Is gá an ceanglas sin a thabhairt isteach freisin chun a áirithiú go bhfaighidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis atá de dhíth orthu ó ghnóthais infheisteora ionas go mbeidís ábalta a gceanglais féin maidir le nochtadh inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart go leor ama a thabhairt do FBManna atá liostaithe ar mhargaí rialáilte ullmhú do chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú áfach, toisc go bhfuil siad níos lú agus go bhfuil níos lú acmhainní acu, agus aird á tabhairt ar na cúinsí eacnamaíocha deacra a chruthaigh paindéim COVID‑19. Ba cheart an deis a thabhairt dóibh freisin chun tuairisciú de réir caighdeán atá i gcomhréir le hinniúlachtaí agus acmhainní FBManna. Féadfaidh FBManna neamhliostaithe a roghnú na caighdeáin chomhréireacha sin a úsáid ar bhonn deonach freisin. Socrófar tagairt do ghnóthais leis na caighdeáin FBM, a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le leibhéal na faisnéise inbhuanaitheachta a d’fhéadfaidís a iarraidh go réasúnta ó sholáthraithe FBM agus ó chliaint ina slabhraí luacha.

    (19)Tá feidhm ag Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 maidir le gach gnóthas a bhfuil urrúis liostaithe aige ar mhargaí rialáilte. Chun a áirithiú go dtagann gach gnóthas a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargaí rialáilte, lena náirítear eisitheoirí tríú tír, faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta céanna, ba cheart na crostagairtí riachtanacha d’aon cheanglas maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sa tuarascáil airgeadais bhliantúil a bheith i dTreoir 2004/109/CE.

    (20)Airteagal 23(4), an chéad fhomhír, pointe (i), agus Airteagal 23(4), an ceathrú fomhír de Threoir 2004/109/CE, cumhachtaíonn siad an Coimisiún chun bearta a ghlacadh chun sásra a chur ar bun ar mhaithe le comhionannas na faisnéise a éilítear faoin Treoir a chinneadh, agus chun critéir chomhionannais ghinearálta a bhunú maidir le caighdeáin chuntasaíochta, faoi seach. Airteagal 23(4), an tríú fomhír, de Threoir 2004/109/CE, cumhachtaíonn sé an Coimisiún freisin chun na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Chun cuimsiú na gceanglas inbhuanaitheachta i dTreoir 2004/109/CE a léiriú, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun sásra a bhunú chun comhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaithe a chuireann eisitheoirí urrús tríú tír i bhfeidhm a chinneadh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Áiritheofar leis na leasuithe sin córais chomhionannais chomhsheasmhacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta agus oibleagáidí tuairiscithe airgeadais i ndáil leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil.

    (21)De réir Airteagail 19a(3) agus 29a(3) de Threoir 2013/34/AE, tá na foghnóthais go léir díolmhaithe ón oibleagáid chun faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú faoi láthair, i gcás ina gcuimsítear na gnóthais sin agus a bhfoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais, ar choinníoll go gcuimsítear an fhaisnéis neamhairgeadais is gá léi sin. Is gá a áirithiú áfach, go bhféadfaidh úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis inbhuanaitheachta go héasca agus go mbeidh trédhearcacht ann faoi mháthairghnóthas an fhoghnóthais díolmhaithe atá ag tuairisciú ar leibhéal comhdhlúite. Dá bhrí sin, is gá a chur de chúram ar na foghnóthais sin tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais a fhoilsiú agus tagairt a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta don chaoi a bhfuil siad díolmhaithe ó fhaisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin freisin i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas atá ag tuairisciú ar leibhéal comhdhlúite ina ghnóthas tríú tír a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo nó ar bhealach atá comhionann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais Eorpaigh.

    (22)Le hAirteagal 23 de Threoir 2013/34/AE, díolmhaítear máthairghnóthais ón oibleagáid chun ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a ullmhú i gcás ina bhfuil na gnóthais sin ina bhfoghnóthais de mháthairghnóthas eile a chomhlíonann an oibleagáid sin. Ba cheart a shonrú áfach, maidir leis an gcóras díolúine le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite, go bhfeidhmítear an córas sin ar leithligh ón gcóras díolúine le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite. Dá bhrí sin, féadfaidh gnóthas a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí tuairiscithe airgeadais comhdhlúite ach gan a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcás ina nullmhaíonn a mháthairghnóthas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír, ach nach nullmhaíonn sé tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, nó i gcomhréir leis na ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír.

    (23)Bíonn ról lárnach ag institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais san aistriú i dtreo córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. D’fhéadfadh tionchair shuntasacha dhearfacha agus dhiúltacha a bheith acu trína gcuid gníomhaíochtaí iasachta, infheistíochta agus frithgheallta. Institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais seachas na cinn sin a néilítear orthu Treoir 2013/34/AE a chomhlíonadh, lena náirítear comharchumainn agus gnóthais fhrithpháirteacha, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta, dá bhrí sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir mhéide áirithe. Ar an gcaoi sin, cuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí na faisnéise sin measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngnóthas sin ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol agus ar na rioscaí a eascraíonn as ábhair inbhuanaitheachta a d’fhéadfadh a bheith i gceist do na gnóthais sin. Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais tuairiscithe Threoir 86/635/CEE ón gComhairle 50 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile, féadfaidh Ballstáit a dhéanann tuairisciú inbhuanaitheachta a roghnú gan ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá liostaithe in Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 .

    (24)Ba cheart an liosta de na hábhair inbhuanaitheachta nach mór do ghnóthais tuairisciú ina leith a bheith chomh comhleanúnach agus is féidir leis an sainmhíniú ar ‘thosca inbhuanaitheachta’ a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088. Ba cheart an liosta sin a bheith ag freagairt do riachtanais agus ionchais úsáideoirí, agus na ngnóthas féin, freisin, a bhaineann úsáid as na téarmaí ‘comhshaoil’, ‘sóisialta’ agus ‘rialachas’ go minic mar bhealach chun na trí phríomhábhar inbhuanaitheachta a chatagóiriú. Ní áirítear ábhair rialachais go sainráite sa liosta de thosca inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar ábhair inbhuanaitheachta i dTreoir 2013/34/AE a bheith bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘thosca inbhuanaitheachta’ a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088, ach le hábhair rialachais curtha leis.

    (25)De réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE éilítear go ndéanfar faisnéis a thuairisciú ‘a mhéid is gá chun tuiscint a fháil ar fhorbairt, fheidhmíocht agus sheasamh an ghnóthais’, agus faisnéis a thuairisciú freisin a bhfuil gá léi chun tuiscint a fháil ar thionchar ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar ábhair chomhshaoil, shóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta. Dá bhrí sin, cuireann na hairteagail sin de chúram ar ghnóthais tuairisciú ar an difear a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta éagsúla don ghnóthas, agus ar na tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Tagraítear dó sin mar pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte, ina léiríonn na rioscaí don ghnóthas agus tionchair an ghnóthais faoi seach peirspictíocht ábharthachta amháin. Léiríonn an tseiceáil oiriúnachta ar thuairisciú corparáideach nach dtuigtear an dá pheirspictíocht sin go maith nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad go minic. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nach mór do ghnóthais an dá pheirspictíocht ábharthachta a chur san áireamh ina gceart féin, agus nach mór dóibh faisnéis a nochtadh atá ábhartha ón dá pheirspictíocht chomh maith le faisnéis nach bhfuil ábhartha ach ó pheirspictíocht amháin.

    (26)Cuireann Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE ceangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi chúig réimse tuairiscithe: an tsamhail ghnó, beartais (lena náirítear próisis dhíchill chuí arna gcur chun feidhme), toradh na mbeartas sin, rioscaí agus bainistíocht riosca, agus na príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó. Níl tagairtí sainráite in Airteagal 19a(1) de Threoir 2013/34/AE do réimsí tuairiscithe eile a mheasann úsáideoirí faisnéise a bheith ábhartha, a bhfuil cuid acu i gcomhréir le nochtaí a chuirtear san áireamh i gcreataí idirnáisiúnta, lena náirítear moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid. Ba cheart ceanglais maidir le nochtadh a shonrú ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun a áirithiú go dtuairisceoidh gnóthais faisnéis faoina nathléimneacht i leith rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. I dteannta na réimsí tuairiscithe a aithnítear in Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ba cheart a cheangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoina straitéis ghnó agus athléimneacht na samhla gnó agus na straitéise i leith rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, chomh maith le haon phleananna a d’fhéadfadh a bheith acu chun a áirithiú go bhfuil a samhail ghnó agus a straitéis ghnó oiriúnach don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach; a chinneadh cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear leasanna na bpáirtithe leasmhara san áireamh i samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa; aon deiseanna don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta; cur chun feidhme na ngnéithe den straitéis ghnó a dhéanann difear d’ábhair inbhuanaitheachta nó a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear dóibh; aon sprioc inbhuanaitheachta a shocraigh an gnóthas agus an dul chun cinn a rinneadh i dtreo iad a bhaint amach; ról an bhoird agus an lucht bainistíochta maidir le hábhair inbhuanaitheachta; na príomh‑dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais; agus conas a d’aithin an gnóthas an fhaisnéis a thuairiscíonn siad. Má éilítear ar ghnóthais tuairisciú a dhéanamh ar ghnéithe amhail spriocanna agus an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, ní bhíonn gá a thuilleadh leis an gceanglas ar leithligh chun torthaí beartas a nochtadh.

    (27)Chun comhsheasmhacht le hionstraimí idirnáisiúnta a áirithiú, amhail Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach, ba cheart na ceanglais maidir le nochtadh um dhícheall cuí a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe ná mar a dhéantar in Airteagal 19a(1), pointe (b), agus in Airteagal 29a(1), pointe (b) de Threoir 2013/34/AE. Is é atá i gceist le dícheall cuí an próiseas a dhéanann gnóthais chun na príomh‑dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí a aithint, a chosc, a mhaolú agus a cheartú agus aithnítear leis conas a thugann siad aghaidh ar na drochthionchair sin. Áirítear le tionchair a bhaineann le ghníomhaíochtaí gnóthais na tionchair sin a mbíonn an gnóthas ina chúis leo go díreach, tionchair a gcuireann an gnóthas leo, agus tionchair a bhfuil baint acu le slabhra luacha an ghnóthais ar chaoi éigin eile. Baineann an próiseas díchill chuí le slabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena náirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidrimh ghnó agus a shlabhraí soláthair. I gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, measfar drochthionchar iarbhír nó féideartha a bheith ina phríomh‑dhrochthionchar i gcás ina náirítear é sna tionchair is mó a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais bunaithe ar an méid a leanas: a thromchúisí atá an tionchar ar dhaoine nó ar an gcomhshaol; an líon daoine a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, nó méid an damáiste don chomhshaol; a éasca is atá sé an díobháil a réiteach, agus an comhshaol nó na daoine a ndearnadh difear dóibh a chur ar ais mar a bhí siad roimhe sin.

    (28)Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go nochtfar faisnéis faoi shócmhainní doláimhsithe seachas sócmhainní doláimhsithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Aithnítear go forleathan, nach ndéantar go leor tuairiscithe ar fhaisnéis faoi shócmhainní doláimhsithe agus tosca doláimhsithe eile, lena náirítear sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, rud a chuireann bac ar mheasúnú ceart a dhéanamh ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh gnóthais agus ar fhaireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí. Chun é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an mbearna mhéadaitheach idir leabharluach cuntasaíochta go leor gnóthas agus a luacháil margaidh, a thugtar faoi deara i mórán earnálacha den gheilleagar, ba cheart tuairisciú leordhóthanach ar shócmhainní doláimhsithe a éileamh. Dá bhrí sin, is gá a cheangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi shócmhainní doláimhsithe seachas sócmhainní doláimhsithe a aithnítear sa chlár comhardaithe, lena náirítear caipiteal intleachtúil, caipiteal daonna, lena náirítear forbairt scileanna, agus caipiteal sóisialta agus caidrimh, lena náirítear caipiteal cáile. Ba cheart faisnéis a bhaineann le taighde agus forbairt a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis faoi shócmhainní doláimhsithe freisin.

    (29)Ní shonraítear in Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE cibé an gá an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith ina faisnéis réamhbhreathnaitheach nó ina faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo. Tá easpa nochtaí réamhbhreathnaitheacha ann faoi láthair, rud a mbíonn ardmheas ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú le hAirteagal 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE nach mór faisnéis réamhbhreathnaitheach agus faisnéis chúlghabhálach, agus faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon, a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear. Ba cheart na físeanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a chur san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear freisin, agus ba cheart faisnéis a bheith iontu faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena náirítear a chuid oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidreamh gnó, agus a shlabhra soláthair, de réir mar is iomchuí. Maidir le faisnéis faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, ba cheart faisnéis a chuimsiú a bhaineann lena shlabhra luacha laistigh den Aontas Eorpach agus faisnéis a chumhdaíonn tríú tíortha más rud é go síneann slabhra luacha an ghnóthais lasmuigh den Aontas Eorpach.

    (30)De réir Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais tagairtí do na méideanna a tuairiscíodh sna ráitis airgeadais bhliantúla a chur san áireamh ina dtuairisciú neamhairgeadais, chomh maith le mínithe breise ina leith. Ní chuireann na hAirteagail sin ceangal ar ghnóthais tagairtí a dhéanamh d’fhaisnéis eile sa tuarascáil bhainistíochta áfach, ná chun mínithe breise a chur leis an bhfaisnéis sin. Dá bhrí sin, tá easpa comhsheasmhachta ann faoi láthair idir an fhaisnéis neamhairgeadais a thuairiscítear agus an chuid eile den fhaisnéis a nochtar sa tuarascáil bhainistíochta. Is gá ceanglais shoiléire a leagan síos maidir leis sin.

    (31)De réir Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais míniú soiléir agus réasúnaithe a sholáthar ar an gcúis nár saothraíodh beartais i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na hábhair atá liostaithe, i gcás nach ndéanann an gnóthas amhlaidh. Toisc gur pléadh go difriúil le nochtaí faoi na beartais a d’fhéadfadh a bheith ag gnóthais, i gcomparáid le réimsí tuairiscithe eile a áirítear sna hairteagail sin, cruthaíodh mearbhall idir gnóthais tuairiscithe agus níor chuidigh sé sin chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a thuairiscítear. Dá bhrí sin, ní gá leanúint leis an láimhseáil dhifriúil sin i ndáil le beartais sa Treoir. Cinnfear leis na caighdeáin cén fhaisnéis is gá a nochtadh i ndáil le gach ceann de na réimsí tuairiscithe a luaitear in Airteagal 19a agus Airteagal 29a.

    (32)Féadfaidh gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE brath ar chreataí tuairiscithe náisiúnta, creataí tuairiscithe atá bunaithe san Aontas nó creataí tuairiscithe idirnáisiúnta, agus i gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh na creataí sin ar ar bhraith siad a shonrú. Ní chuireann Treoir 2013/34/AE ceanglas ar ghnóthais creat nó caighdeán tuairiscithe coiteann a úsáid áfach, agus ní chuireann sí cosc ar ghnóthais a roghnú gan aon chreat ná aon chaighdeán tuairiscithe in aon chor a úsáid. De réir mar a éilítear le hAirteagal 2 de Threoir 2014/95/AE, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha in 2017 do ghnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin 52 . In 2019 d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte breise, maidir le faisnéis a thuairisciú a bhaineann leis an aeráid, go sonrach. 53 Rinneadh moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid a ionchorprú go sainráite sna treoirlínte maidir le tuairisciú a bhaineann leis an aeráid. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil nach raibh tionchar suntasach ag na treoirlínte neamhcheangailteacha sin ar cháilíocht an tuairiscithe neamhairgeadais a rinne gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE. Ciallaíonn cineál deonach na dtreoirlínte go bhfuil sé de shaoirse ag na gnóthais féin iad a chur i bhfeidhm nó gan iad a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir a áirithiú leis na treoirlínte amháin go mbeidh an fhaisnéis go léir a nochtfaidh gnóthais dhifriúla inchomparáide ná go nochtfar an fhaisnéis uile a mheasann úsáideoirí a bheith ábhartha. Is é sin an chúis go bhfuil gá le caighdeáin tuairiscithe choiteanna shainordaitheacha chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis inchomparáide agus go ndéantar gach faisnéis ábhartha a nochtadh. Ag cur le prionsabal na hábharthachta dúbailte, ba cheart an fhaisnéis uile atá ábhartha d’úsáideoirí a chumhdach sna caighdeáin. Tá gá le caighdeáin tuairiscithe choiteanna freisin chun iniúchadh agus digitiú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumasú agus chun maoirseacht agus forfheidhmiú ina leith a éascú. Is gá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna shainordaitheacha a fhorbairt chun dul ar aghaidh chuig cás ina mbeadh stádas na faisnéise inbhuanaitheachta inchomparáide le stádas na faisnéise airgeadais.

    (33)Níl aon chaighdeán ná creat ann faoi láthair lena sásaítear riachtanais an Aontais i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta mionsonraithe leis féin. Maidir leis an bhfaisnéis a éilítear le Treoir 2013/34/AE, is gá faisnéis a chumhdach léi atá ábhartha ó thaobh gach ceann de na peirspictíochtaí ábharthachta, is gá na hábhair inbhuanaitheachta uile a chumhdach léi agus is gá í a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le hoibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais chun faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh, lena náirítear oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852 agus Rialachán (AE) 2019/2088. Chomh maith leis sin, ní mór na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta shainordaitheacha do ghnóthais an Aontais a bheith i gcomhréir le leibhéal uaillmhéine an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais le haghaidh 2050. Dá bhrí sin, is gá an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a ghlacadh, lena gcuirfear ar a chumas dó iad a ghlacadh go tapa agus a áirithiú go bhfuil ábhar na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta comhsheasmhach le riachtanais an Aontais.

    (34)Is comhlachas neamhbhrabúis é an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) a bunaíodh faoi dhlí na Beilge agus a oibríonn chun leasa an phobail trí chomhairle a sholáthar don Choimisiún maidir le caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta a fhormhuiniú. Tá EFRAG tar éis cáil a bhaint amach mar lárionad saineolais Eorpach um thuairisciú corparáideach, agus is áit mhaith é chun comhordú a chothú idir caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta Eorpacha agus tionscnaimh idirnáisiúnta a fhéachann le caighdeáin a fhorbairt atá comhsheasmhach ar fud an domhain. I mí an Mhárta 2021, rinne tascfhórsa ilpháirtithe leasmhara, a bhunaigh EFRAG, moltaí a fhoilsiú maidir leis an bhféidearthacht caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt don Aontas Eorpach. Tá tograí sna moltaí sin chun sraith chomhleanúnach agus chuimsitheach caighdeán tuairiscithe a fhorbairt, lena gcumhdófar gach ábhar inbhuanaitheachta ó pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte. Áirítear leis na moltaí sin freisin treochlár mionsonraithe chun caighdeáin den sórt sin a fhorbairt, chomh maith le tograí chun comhar a threisiú go frithpháirteach idir tionscnaimh socraithe caighdeán dhomhanda agus tionscnaimh socraithe caighdeán de chuid an Aontais Eorpaigh. I mí an Mhárta 2021, d’fhoilsigh Uachtarán EFRAG moltaí maidir le hathruithe féideartha ar rialachas EFRAG dá niarrfaí air comhairle theicniúil a fhorbairt i ndáil le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Áirítear leis na moltaí sin colún tuairiscithe inbhuanaitheachta nua a fhritháireamh laistigh de EFRAG gan modhnú suntasach a dhéanamh ar an gcolún tuairiscithe airgeadais atá ann cheana féin. Nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á nglacadh, ba cheart don Choimisiún comhairle theicniúil a fhorbróidh EFRAG a chur san áireamh. Chun caighdeáin ardcháilíochta a áirithiú a chuireann le leas phobal na hEorpa agus lena gcomhlíontar riachtanais gnóthas agus úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear, ba cheart comhairle theicniúil EFRAG a fhorbairt le próis chuí chóir, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht, in éineacht le hanailísí costais is tairbhe, agus ba cheart saineolas páirtithe leasmhara ábhartha a chur san áireamh agus í á forbairt. Chun a áirithiú go gcuirfear dearcaí Bhallstáit an Aontais san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le comhairle theicniúil EFRAG sula nglacann sé na caighdeáin sin. Tá ról ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú de bhun Rialachán (AE) 2019/2088 agus is gá comhleanúnachas a bheith ann idir na caighdeáin theicniúla rialála sin agus na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. De réir Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 , tá ról ag ESMA freisin i gcóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus tuairisciú inbhuanaitheachta á fhorfheidhmiú ag eisitheoirí a bhfuil a gcuid urrús liostaithe ar mhargaí rialáilte an Aontais Eorpaigh agus a gceanglófar orthu na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ESMA tuairim a sholáthar maidir le comhairle theicniúil EFRAG. Ba cheart an tuairim sin a sholáthar laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe chun a áirithiú go bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta comhleanúnach le beartas agus reachtaíocht ábhartha an Aontais. I gcás ina gcinneann aon cheann de na comhlachtaí sin tuairim a thíolacadh, déanfaidh siad é laistigh de dhá mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo.

    (35)Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhleanúnach le reachtaíocht eile an Aontais. Go háirithe, ba cheart na caighdeáin sin a ailíniú leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088, agus ba cheart na táscairí agus modheolaíochtaí forluiteacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe éagsúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 a chur san áireamh, mar aon leis na ceanglais maidir le nochtadh is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmhairc de bhun Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 , agus na híoschaighdeáin le haghaidh tagarmharcanna aistrithe aeráide an Aontais agus tagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras a fhorléiriú; agus maidir le haon obair a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus ceanglais nochta Cholún III ó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur chun feidhme. Ba cheart reachtaíocht chomhshaoil an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sna caighdeáin, lena náirítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 agus Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 , agus ba cheart Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún 58 agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, agus na nuashonruithe orthu, a chur san áireamh freisin. Ba cheart reachtaíocht ábhartha eile an Aontais, lena náirítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 , agus ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais do ghnóthais a mhéid a bhaineann le dualgais stiúrthóirí agus dícheall cuí, a chur san áireamh freisin.

    (36)Ba cheart na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le tuairisciú neamhairgeadais 60 agus na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú 61 a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart ceanglais tuairiscithe eile i dTreoir 2013/34/AE, nach mbaineann go díreach le hinbhuanaitheacht, a chur san áireamh leo freisin, d’fhonn tuiscint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear ar fhorbairt, feidhmíocht, seasamh agus tionchar an ghnóthais, tríd an leas is mó is féidir a bhaint as na naisc idir an fhaisnéis inbhuanaitheachta agus faisnéis eile a thuairiscítear i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE.

    (37)Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhréireach agus ní cheart dóibh ualach riaracháin gan ghá a chur ar na cuideachtaí a gcuirtear ceangal orthu iad a úsáid. Chun an suaitheadh a íoslaghdú do ghnóthais a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta cheana féin, ba cheart a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta na caighdeáin agus creataí atá ann cheana féin maidir le cuntasaíocht agus tuairisciú inbhuanaitheachta i gcás inarb iomchuí. Áirítear leo sin an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú, an Bord um Chaighdeáin Chuntasaíochta Inbhuanaitheachta, an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite, an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, an Bord um Chaighdeáin Nochtadh Carbóin, agus CDP (ar a dtugtaí an Tionscadal Nochtadh Carbóin roimhe seo). Ba cheart aon chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi choimirce na Fondúireachta Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais a chur san áireamh le caighdeáin an Aontais Eorpaigh. Chun deighilt rialála gan ghá a sheachaint, a d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aici do ghnóthais a oibríonn go domhanda, ba cheart do chaighdeáin Eorpacha cuidiú le próiseas an chóineasaithe ar chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar leibhéal domhanda.

    (38)Sa teachtaireacht uaidh maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, gheall an Coimisiún Eorpach go dtacódh sé le gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile chun cleachtais chuntasaíochta caighdeánaithe don chaipiteal nádúrtha a fhorbairt laistigh den Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta, agus é mar aidhm aige bainistiú iomchuí ar rioscaí comhshaoil agus deiseanna maolaithe a áirithiú, agus na costais idirbhirt lena mbaineann a laghdú. Tá an chéad mhodheolaíocht cuntasaíochta nádúrtha á forbairt ag an Tionscadal Trédhearcach atá urraithe faoin gclár LIFE, lena mbeidh sé níos éasca na modhanna atá ann cheana féin a chur i gcomparáid lena chéile agus lena ndéanfar níos trédhearcaí iad, fad is a ísleofar an tairseach do chuideachtaí chun na córais a ghlacadh agus a úsáid chun tacú lena ngnó fanacht slán i bhfad aimsire. Is tagairt thábhachtach é an Prótacal Caipitil Nádúrtha sa réimse seo freisin. Cé gurb é an phríomhchúis le modhanna cuntasaíochta caipitil nádúrtha ná cinntí bainistíochta inmheánacha a neartú, ba cheart iad a chur san áireamh go hiomchuí nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á mbunú. Bíonn sé d’aidhm ag roinnt modheolaíochtaí cuntasaíochta caipitil nádúrtha luach airgid a shannadh do na tionchair chomhshaoil a bhíonn i gceist de thoradh gníomhaíochtaí cuideachtaí, rud a d’fhéadfadh cuidiú le húsáideoirí tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair sin. Dá bhrí sin, is iomchuí go bhféadfaí táscairí airgid ar thionchair inbhuanaitheachta a chuimsiú i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta má mheastar go bhfuil gá leis sin.

    (39)Ba cheart prionsabail agus creataí maidir le hiompar gnó freagrach a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin, mar aon le freagracht shóisialta chorparáideach, agus forbairt inbhuanaithe, lena náirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach agus treoirlínte earnálacha gaolmhara, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, caighdeán ISO 26000 maidir le freagracht shóisialta, agus Prionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le hInfheistíocht Fhreagrach.

    (40)Ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar riachtanais úsáideoirí leis an bhfaisnéis a thuairiscíonn gnóthais i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir leis na mórthosca comhshaoil uile, lena náirítear a dtionchair agus spleáchais ar an aeráid, ar aer, talamh, uisce agus bithéagsúlacht. Soláthraítear aicmiú ar chuspóirí comhshaoil an Aontais le Rialachán (AE) 2020/852. Ar mhaithe le comhleanúnachas, is iomchuí aicmiú comhchosúil a úsáid chun na tosca comhshaoil a aithint nach mór aghaidh a thabhairt orthu le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Aon fhaisnéis gheografach nó chomhthéacsúil eile nach mór do ghnóthais a nochtadh chun tuiscint a sholáthar ar na príomhthionchair a bhíonn acu ar ábhair inbhuanaitheachta agus ar na príomhrioscaí don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta, ní mór an fhaisnéis sin a bhreithniú agus a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe.

    (41)Maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid, is spéis le húsáideoirí foghlaim faoi rioscaí fisiciúla agus aistrithe gnóthas, agus faoina nathléimneacht i leith cásanna aeráide difriúla. Tá spéis acu freisin i leibhéal agus raon feidhme na naistrithe agus na nastaíochtaí gás ceaptha teasa a chuirtear i leith an ghnóthais, lena náirítear a mhéid a úsáideann an gnóthas fritháirimh agus foinse na bhfritháireamh sin. Is gá caighdeáin fritháirimh agus cuntasaíochta gás ceaptha teasa a ailíniú chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach. Bíonn faisnéis iontaofa de dhíth ar úsáideoirí maidir le fritháirimh lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní i ndáil le comhaireamh dúbailte agus rómheastacháin fhéideartha, i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfaí a chruthú le comhaireamh dúbailte agus rómheastachán i ndáil le spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú maidir leis na hábhair sin a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe.

    (42)Ní mór na hearnálacha eacnamaíocha uile a shlógadh go hiomlán chun geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus timpeallacht saor ó thocsainí a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach úsáid fuinnimh a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chuige sin, mar úsáidtear fuinneamh ar fud na slabhraí soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ghnéithe fuinnimh i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, go háirithe i ndáil le hábhair chomhshaoil.

    (43)Ba cheart an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir le tosca sóisialta, lena náirítear tosca fostaithe agus cearta an duine, a shonrú i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart na tionchair a bhíonn ag gnóthais ar dhaoine, lena náirítear ar shláinte daoine, a chumhdach le faisnéis den sórt sin. Ba cheart faisnéis faoi shaothar éignithe ina slabhraí luacha a chur san áireamh san fhaisnéis a nochtann gnóthais faoi chearta an duine i gcás inarb ábhartha. I gcás caighdeáin tuairiscithe lena dtugtar aghaidh ar thosca sóisialta, ba cheart a shonrú iontu an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta atá ábhartha do ghnólachtaí, lena náirítear deiseanna comhionanna do gach duine agus dálaí oibre. Éilítear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a glacadh i mí an Mhárta 2021 go gcuirfí ceanglais níos láidre ar ghnóthais chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna sóisialta. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe freisin an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh i ndáil le cearta an duine, na saoirsí bunúsacha, na prionsabail dhaonlathacha agus na caighdeáin dhaonlathacha a bhunaítear sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Saothair Idirnáisiúnta agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (44)Bíonn faisnéis faoi thosca rialachais de dhíth ar úsáideoirí, lena náirítear faisnéis faoi ról comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta gnóthais, lena náirítear maidir le hábhair inbhuanaitheachta, comhdhéanamh na gcomhlachtaí sin, agus rialú inmheánach agus córais bainistíochta riosca gnóthais, lena náirítear i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe. Bíonn faisnéis de dhíth ar úsáideoirí faoi chultúr corparáideach gnóthas agus a gcur chuige i leith eitic ghnó freisin, lena náirítear frithéilliú agus frithbhreabaireacht, agus faoina rannpháirtíocht pholaitiúil, lena náirítear gníomhaíochtaí brústocaireachta. Faisnéis faoi bhainistiú an ghnóthais agus faoi cháilíocht na gcaidreamh le páirtithe gnó, lena náirítear cleachtais íocaíochta a bhaineann leis an dáta nó an tréimhse íocaíochta, an ráta úis maidir le híocaíocht dhéanach nó an cúiteamh i leith costais téarnaimh dá dtagraítear i dTreoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 maidir le híocaíocht dhéanach in idirbhearta tráchtála, cuidíonn an fhaisnéis sin le húsáideoirí tuiscint a fháil ar rioscaí gnóthais chomh maith leis na tionchair a bhíonn aige ar ábhair inbhuanaitheachta. Gach bliain, bíonn ualaí riaracháin agus airgeadais ar na mílte gnólachtaí, go háirithe FBManna, toisc go níoctar go déanach iad, nó nach níoctar in aon chor iad. Sa deireadh, tarlaíonn dócmhainneacht agus féimheacht de bharr íocaíochtaí déanacha, agus bíonn droch‑éifeachtaí acu sin ar shlabhraí luacha ina niomláine. Má mhéadaítear an fhaisnéis faoi chleachtais íocaíochta, ba cheart go ndéanfaí gnóthais eile a chumhachtú chun íocóirí iontaofa a íocann go pras a aithint, chun cleachtais íocaíochta éagóracha a aithint, rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na gnólachtaí lena mbíonn siad ag trádáil, agus téarmaí íocaíochta níos córa a chaibidliú.

    (45)Ba cheart léiriú níos comhtháite ar an bhfaisnéis go léir a fhoilsíonn gnóthais sa tuarascáil bhainistíochta a chur chun cinn leis na caighdeáin tuairiscithe, ionas go gcuirfí tuiscint níos fearr ar fáil d’úsáideoirí na faisnéise sin ar fhorbairt, fheidhmíocht, sheasamh agus thionchar an ghnóthais. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh leis na caighdeáin sin, de réir mar is gá, idir an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar leibhéal aonair agus an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar leibhéal comhdhlúite. Ba cheart treoraíocht do ghnóthais a bheith sna caighdeáin sin freisin maidir leis an bpróiseas a leantar chun an fhaisnéis inbhuanaitheachta is gá a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta a aithint.

    (46)Is minic a bhíonn gnóthas san earnáil chéanna nochta do rioscaí inbhuanaitheachta comhchosúla, agus bíonn tionchair chomhchosúla acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol go minic freisin. Tá sé fíorluachmhar d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile na faisnéise inbhuanaitheachta comparáidí a dhéanamh idir gnóthais san earnáil chéanna. Dá bhrí sin, maidir leis an bhfaisnéis is ceart do ghnóthais i ngach earnáil a nochtadh agus an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh ag brath ar a nearnáil gníomhaíochta, ba cheart an dá chineál faisnéise araon a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacann an Coimisiún. Ba cheart na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gnóthais maidir le faisnéis a bhailiú ó ghníomhairí ar feadh a slabhra luacha a chur san áireamh leis na caighdeáin freisin, go háirithe ó sholáthraithe FBM agus ó sholáthraithe i margaí agus geilleagair éiritheacha.

    (47)Chun riachtanais faisnéise úsáideoirí a chomhlíonadh go tráthúil, agus go háirithe i bhfianaise na práinne chun riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chomhlíonadh faoi réir na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 4, míreanna 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart don Choimisiún céad sraith de chaighdeáin tuairiscithe a ghlacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2022. Ba cheart a shonrú sa tsraith caighdeán tuairiscithe sin an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh maidir le gach réimse tuairiscithe agus ábhar inbhuanaitheachta, agus nach mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na hoibleagáidí nochta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún dara sraith caighdeán tuairiscithe a ghlacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2023 ar a dhéanaí, lena sonraítear an fhaisnéis chomhlántach is ceart do ghnóthais a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta agus réimsí tuairiscithe i gcás inar gá, agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina noibríonn an gnóthas. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin gach 3 bliana ar a laghad chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena náirítear forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta.

    (48)Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go gcuirfear na ráitis airgeadais ná an tuarascáil bhainistíochta ar fáil i bhformáid dhigiteach, rud a chuireann bac ar so‑aimsitheacht agus ar inúsáidteacht na faisnéise a thuairiscítear. Bíonn coinne ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta i gcónaí go mbeidh an fhaisnéis sin so‑aimsithe agus inléite ag meaisín i bhformáidí digiteacha. Cruthaíonn digitiú deiseanna chun faisnéis a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus d’fhéadfaí coigilteas costais suntasach a dhéanamh leis d’úsáideoirí agus do ghnóthais araon. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ghnóthais a ráitis airgeadais agus a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú i bhformáid XHTML i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún, 63 agus faisnéis inbhuanaitheachta a mharcáil, lena náirítear na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin. Beidh gá le tacsanomaíocht dhigiteach ar chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais ionas go mbeifí ábalta an fhaisnéis a thuairiscítear a chlibeáil i gcomhréir leis na caighdeáin sin. Cuirfidh na ceanglais sin leis an obair ar dhigitiú a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht Straitéis Eorpach maidir le sonraí 64 agus sa Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach. 65 Comhlánaíonn na ceanglais sin ionad Eorpach ilfhreastail aonair a chruthú le haghaidh faisnéis chorparáideach phoiblí mar a bheartaítear sa phlean gníomhaíochta maidir le haontas na margaí caipitil, lena ndéantar breithniú ar an ngá le sonraí struchtúrtha freisin.

    (49)Chun gur féidir an fhaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear a chuimsiú san ionad Eorpach ilfhreastail aonair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsíonn gnóthais an tuarascáil bhainistíochta agus na ráitis airgeadais bhliantúla a formheasadh go hiomchuí san fhormáid leictreonach forordaithe, agus a áirithiú go ndéantar tuarascálacha bainistíochta ina bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta a chur ar fáil gan mhoill tar éis a bhfoilsithe, don sásra ábhartha a ceapadh go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE.

    (50)Le hAirteagal 19a(4) de Threoir 2013/34/AE cuirtear ar a gcumas do Bhallstáit gnóthais a dhíolmhú ón ráiteas neamhairgeadais a éilítear faoi Airteagal 19a(1) a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta. Féadfaidh Ballstáit é sin a dhéanamh i gcás ina nullmhaíonn an gnóthas lena mbaineann tuarascáil ar leithligh a fhoilsítear in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin, nó i gcás ina gcuirtear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an ghnóthais laistigh de thréimhse réasúnach ama nach mó ná 6 mhí, tar éis dháta an chláir chomhardaithe, agus go dtagraítear di sa tuarascáil bhainistíochta. Tá an fhéidearthacht chéanna ann maidir leis an ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 29(a)(4) de Threoir 2013/34/AE. Bhain fiche Ballstát leas as an rogha sin. Leis an bhféidearthacht maidir le tuarascáil ar leithligh a fhoilsiú, cuirtear bac ar infhaighteacht na faisnéise a nascann faisnéis airgeadais agus faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta, áfach. Cuireann sé sin bac ar sho‑aimsitheacht agus inrochtaineacht na faisnéise d’úsáideoirí freisin, go háirithe infheisteoirí, a bhfuil spéis acu i bhfaisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta araon. Géaraítear an fhadhb sin leis an bhféidearthacht d’amanna foilsithe difriúla le haghaidh faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta. Má dhéantar foilsiú i dtuarascáil ar leithligh, féadfar a thabhairt le fios freisin, go hinmheánach agus go seachtrach, go mbaineann faisnéis inbhuanaitheachta le catagóir faisnéise nach bhfuil chomh hábhartha céanna, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’iontaofacht braite na faisnéise. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú sa tuarascáil bhainistíochta agus níor cheart a cheadú do Bhallstáit a thuilleadh gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid chun faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a chuimsiú sa tuarascáil bhainistíochta. Cuideoidh oibleagáid den sórt sin freisin chun ról na núdarás náisiúnta inniúil a shoiléiriú maidir le maoirseacht a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta, mar chuid den tuarascáil bhainistíochta, i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE. Chomh maith leis sin, maidir le gnóthais a gceanglaítear orthu faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú, níor cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid chun an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú mar tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear faisnéis inbhuanaitheachta ar fáil go poiblí.

    (51)Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargaí rialáilte ráiteas rialachais chorparáidigh a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta, nach mór tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuir an gnóthas i bhfeidhm i ndáil lena comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta a bheith san áireamh ann, i measc nithe eile. Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE fágtar solúbthacht do ghnóthais a chinneadh cén gnéithe den éagsúlacht a ndéanfaidh siad tuairisciú ina leith. Ní chuireann sé oibleagáid ar ghnóthais go sainráite chun faisnéis a chuimsiú ar aon ghné ar leith den éagsúlacht. Chun bogadh i dtreo rannpháirtíocht níos cothroime ó thaobh inscne de i gcinnteoireacht eacnamaíoch, is gá a áirithiú go ndéanann gnóthais a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargaí rialáilte tuairisciú ar a gcuid beartais maidir le héagsúlacht inscne agus ar chur chun feidhme na mbeartas sin. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint áfach, ba cheart an deis a bheith ag na gnóthais sin cuid den fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE a thuairisciú in éineacht le faisnéis inbhuanaitheachta eile. 

    (52)De réir Airteagal 33 de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil sé de fhreagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais a áirithiú go ndéantar na ráitis airgeadais bhliantúla (chomhdhlúite), an tuarascáil bhainistíochta (chomhdhlúite) agus an ráiteas rialachais chorparáidigh (comhdhlúite) a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. Ba cheart an fhreagracht chomhchoiteann sin a shíneadh chuig na ceanglais maidir le digitiú a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815, chuig an gceanglas chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh agus chuig an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil.

    (53)Déanann gairm an dearbhaithe idirdhealú idir dearbhuithe iontaofachta teoranta agus réasúnacha. Soláthraítear an chonclúid ar dhearbhú iontaofachta teoranta le léiriú diúltach de ghnáth, trína lua nár aithin an cleachtóir aon ábhar as a mbainfí an chonclúid gur tugadh míráiteas ábhartha i leith an ábhair atá i gceist. Déanann an tiniúchóir líon níos lú tástálacha ná mar a dhéantar le dearbhú iontaofachta réasúnach. Dá bhrí sin, bíonn méid níos lú oibre i gceist le gníomhaíocht dearbhaithe theoranta ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach. Cuimsítear nósanna imeachta fairsinge leis an iarracht oibre a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach lena náirítear breithniú ar rialuithe inmheánacha an ghnóthais atá ag tuairisciú agus tástáil shubstainteach, agus dá bhrí sin, bíonn an iarracht oibre i bhfad níos mó ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta teoranta. Léirítear conclúid an chineáil sin dearbhaithe i bhfoirm dhearfach de ghnáth agus luaitear tuairim ar an ábhar a thomhas in aghaidh critéar a sainíodh cheana féin. De réir Airteagal 19a(5) agus Airteagal 29a(5) de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go seiceálann an tiniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta cibé an ndearnadh an ráiteas neamhairgeadais nó an tuarascáil ar leithligh a sholáthar. Ní éilítear leis an Treoir go ndéanfadh soláthraí neamhspleách de sheirbhísí dearbhaithe an fhaisnéis a fhíorú, cé go gcuireann sé ar chumas na mBallstát an fíorú sin a éileamh más mian leo. In éagmais ceanglas dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, i gcodarsnacht leis an gceanglas a chuirtear ar an iniúchóir reachtúil chun dearbhú iontaofachta réasúnach a dhéanamh ar ráitis airgeadais, chuirfí creidiúnacht na faisnéise inbhuanaitheachta a nochtar i mbaol, agus ar an gcaoi sin ní fhéadfaí riachtanais úsáideoirí beartaithe na faisnéise a chomhlíonadh. Cé gurb é an cuspóir leibhéal dearbhaithe comhchosúil a bhaint amach maidir le tuairisciú airgeadais agus inbhuanaitheachta, tá an baol ann go mbeidh tuiscintí agus ionchais dhifriúla ann i ndáil leis an méid a bheadh i gceist le gealltanas dearbhaithe réasúnta le haghaidh catagóirí difriúla faisnéise inbhuanaitheachta toisc nach bhfuil caighdeán a comhaontaíodh i gcomhpháirt ann maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú, go háirithe maidir le nochtaí réamhbhreathnaitheacha agus cáilíochtúla. Dá bhrí sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chur chuige forásach chun feabhas a chur ar leibhéal an dearbhaithe a éilítear maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, ag tosú le hoibleagáid ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta chun tuairim a léiriú maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Ba cheart a chumhdach leis an tuairim sin cibé an gcomhlíontar caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta nó nach gcomhlíontar, mar aon leis an bpróiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear a aithint de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an chomhlíontacht leis an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil. Ba cheart don iniúchóir measúnú a dhéanamh freisin ar cibé an gcomhlíonann tuairisciú an ghnóthais na ceanglais maidir le tuairisciú atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 nó nach gcomhlíonann. Chun comhthuiscint agus ionchais choiteann a ráthú maidir leis an méid a bheadh i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach, ba cheart a cheangal ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta tuairim a léiriú bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta, dá nglacfadh an Coimisiún caighdeáin dearbhaithe i ndáil le dearbhú iontaofachta réasúnach ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ar an gcaoi sin, chumasófaí forbairt fhorásach an mhargaidh um dhearbhú iontaofachta maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, agus forbairt fhorásach chleachtais tuairiscithe gnóthas freisin. Ar deireadh, leis an gcur chuige forásach sin thabharfaí isteach an méadú ar chostais de réir a chéile do ghnóthas atá ag tuairisciú, ós rud é go mbaineann costas níos airde le dearbhú iontaofachta réasúnach ná dearbhú iontaofachta teoranta.

    (54)Déanann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta na ráitis airgeadais agus an tuarascáil bhainistíochta a fhíorú cheana féin. I gcás ina ndéanfadh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú iontaofachta i ndáil leis an tuairisciú inbhuanaitheachta, chuideodh sé sin chun nascacht agus comhsheasmhacht a áirithiú idir faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta, rud atá fíorthábhachtach d’úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta. Tá an baol ann go ndéanfaí an margadh iniúchóireachta a chomhchruinniú a thuilleadh áfach, rud a chuirfeadh neamhspleáchas iniúchóirí i mbaol agus d’fhéadfaí táillí iniúchóireachta nó dearbhaithe a mhéadú dá thoradh. Dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe rogha níos leithne soláthraithe dearbhaithe iontaofachta neamhspleácha a thairiscint do ghnóthais i ndáil le dearbhú iontaofachta a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit soláthraithe neamhspleácha seirbhísí dearbhaithe a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 chun tuairim a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, ar cheart í a fhoilsiú in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta. Ba cheart do na Ballstáit ceanglais a leagan amach lena náiritheofaí torthaí comhsheasmhacha maidir le dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhíse dearbhaithe iontaofachta éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha uile a bheith faoi réir ceanglais atá comhsheasmhach leis na ceanglais sin a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Ar an gcaoi sin, déanfar cothrom iomaíochta a ráthú i measc na ndaoine agus na ngnólachtaí uile a gceadaíonn Ballstáit dóibh an tuairim a sholáthar maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena náirítear iniúchóirí reachtúla. Má lorgaíonn gnóthas tuairim ó sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách creidiúnaithe seachas an tiniúchóir reachtúil i ndáil lena thuairisciú inbhuanaitheachta, ní gá dó an tuairim sin a iarraidh ón iniúchóir reachtúil chomh maith.

    (55)Le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 leagtar amach na rialacha maidir le hiniúchadh reachtúil a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla agus chomhtháite. Is gá a áirithiú go gcuirtear rialacha comhsheasmhacha i bhfeidhm maidir leis an iniúchadh a dhéanann an tiniúchóir reachtúil ar ráitis airgeadais agus an dearbhú a dhéanann sé ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2006/43/CE i gcás ina bhfaightear an tuairim ar thuairisciú inbhuanaitheachta ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an tiniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais.

    (56)Leis na rialacha maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a fhormheas agus a aithint, ba cheart a áirithiú go bhfuil an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ag iniúchóirí reachtúla ar ábhair atá ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an cumas an teolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Maidir le hiniúchóirí reachtúla a ndearna Ballstát iad a fhaomhadh nó a aithint cheana féin áfach, ba cheart a cheadú dóibh go fóill iniúchtaí reachtúla a dhéanamh agus a cheadú dóibh dearbhuithe iontaofachta a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú áfach go bhfaighidh iniúchóirí reachtúla atá formheasta cheana féin an teolas is gá sa tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta trí oideachas gairmiúil leanúnach.

    (57)Ba cheart a áirithiú go bhfuil na ceanglais a fhorchuirtear ar iniúchóirí, a mhéid a bhaineann lena gcuid oibre ar an iniúchadh reachtúil, agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta comhsheasmhach. Ba cheart a leagan síos, dá bhrí sin, i gcás ina bhfaightear an tuairim ar thuairisciú inbhuanaitheachta ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an tiniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais, go bhfuil páirt ghníomhach ag na príomhpháirtithe iniúchóireachta i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Le linn dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla am leordhóthanach a chaitheamh ar an dearbhú iontaofachta agus acmhainní leordhóthanacha a shannadh chun é a chur ar a gcumas a ndualgais a dhéanamh go hiomchuí. Ar deireadh, ba cheart na táillí a gearradh i ndáil le dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a shonrú i dtaifead cuntais an chliaint agus ba cheart faisnéis a chuimsiú sa chomhad iniúchóireachta maidir leis an dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta.

    (58)De réir Airteagal 25 de Threoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit rialacha iomchuí a chur ar bun chun a áirithiú i gcás ina soláthraítear seirbhísí breise don eintiteas ar a ndearnadh iniúchadh nach mbeadh tionchar aige sin ar na táillí don iniúchadh reachtúil agus nach mbeadh na táillí sin bunaithe ar aon chineál teagmhais. De réir Airteagail 21 agus 24 den Treoir sin ceanglaítear ar Bhallstáit freisin a áirithiú go gcomhlíonann iniúchóirí reachtúla a dhéanann iniúchtaí reachtúla na rialacha maidir le heitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil. Ar chúiseanna comhleanúnachais, is iomchuí go sínfear na rialacha sin chuig an obair a dhéanann iniúchóirí reachtúla maidir le dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta.

    (59)Chun foráil a dhéanamh maidir le cleachtais dearbhaithe iontaofachta aonfhoirmeacha agus dearbhú iontaofachta ardchaighdeáin ar thuairisciú inbhuanaitheachta ar fud an Aontais, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin um dhearbhú iontaofachta i leith inbhuanaitheachta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart do na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta maidir le dearbhú a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún lena gcumhdaítear an tábhar céanna. Ba cheart a leagan amach sna caighdeáin dearbhaithe iontaofachta sin na nósanna imeachta a fheidhmeoidh an tiniúchóir chun teacht ar a chonclúidí maidir le dearbhú iontaofachta i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta.

    (60)Le hAirteagal 27 de Threoir 2006/43/CE leagtar amach rialacha maidir le hiniúchadh reachtúil a dhéanamh ar ghrúpa gnóthas. Ba cheart na rialacha sin a shíneadh chun dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite a chumhdach, i gcás ina ndéanann an tiniúchóir reachtúil an tiniúchadh reachtúil.

    (61)De réir Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE ceanglaítear ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí reachtúla torthaí a niniúchta reachtúil a chur i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart an ceanglas sin a shíneadh chun dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a chumhdach, chun a áirithiú go gcuirtear torthaí an dearbhaithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta chéanna.

    (62)De réir Airteagal 29 de Threoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit córas a bhunú chun athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta. Chun a áirithiú go ndéantar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta freisin i ndáil le dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus chun a áirithiú go bhfuil oideachas gairmiúil agus taithí ábhartha iomchuí, ar dhearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus ar an tuairisciú inbhuanaitheachta féin, ag na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, ba cheart an ceanglas sin chun córas a bhunú le haghaidh athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh a shíneadh chun dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a chumhdach.

    (63)De réir Chaibidil VII de Threoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit córas imscrúduithe agus pionós a bhunú le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. De réir Chaibidil VIII den Treoir sin ceanglaítear ar Bhallstáit córas éifeachtach a eagrú chun formhaoirseacht phoiblí a dhéanamh, agus chun a áirithiú go gceadaíonn socruithe rialála i ndáil le córais formhaoirseachta phoiblí comhar éifeachtach ar leibhéal an Aontais i leith ghníomhaíochtaí formhaoirseachta na mBallstát. Ba cheart na ceanglais sin a shíneadh chun iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chumhdach a dhéanann dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta chun comhsheasmhacht a áirithiú ó thaobh na nimscrúduithe, na bpionós agus na gcreataí formhaoirseachta a bhunaítear ar mhaithe le hobair an iniúchóra san iniúchadh reachtúil agus dearbhú iontaofachta i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta.

    (64)Tá rialacha in Airteagail 37 agus 38 de Threoir 2006/43/CE maidir le ceapadh agus dífhostú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. Ba cheart na rialacha sin a shíneadh chun dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a chumhdach, chun comhsheasmhacht a áirithiú sna rialacha a fhorchuirtear ar iniúchóirí a mhéid a bhaineann lena gcuid oibre ar an iniúchadh reachtúil agus dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta.

    (65)De réir Airteagal 39 de Threoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil coiste iniúchóireachta ag gach eintiteas leasa phoiblí, agus go sonraíonn sé a chuid cúraimí maidir leis an iniúchadh reachtúil. Ba cheart cúraimí áirithe a shannadh don choiste iniúchóireachta maidir le dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart a chuimsiú leis na cúraimí sin an oibleagáid chun comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a chur ar an eolas faoi thoradh an dearbhaithe iontaofachta ar an tuairisciú inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a chuidigh an coiste iniúchóireachta le sláine an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin.

    (66)Tá ceanglais in Airteagal 45 de Threoir 2006/43/CE maidir le heintitis iniúchóireachta agus iniúchóirí tríú tír a chlárú agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu. Chun a áirithiú gurb ann do chreat comhsheasmhach le haghaidh obair na niniúchóirí san iniúchóireacht reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta araon, is gá síneadh a chur leis na ceanglais sin chuig dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    (67)Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí. Chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil a áirithiú, le hAirteagal 5 den Rialachán sin cuirtear cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta áirithe thar thréimhsí áirithe. Ba cheart an neamhspleáchas sin a áirithiú freisin le haghaidh obair na niniúchóirí reachtúla agus na ngnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí comhairliúcháin le haghaidh ullmhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a áireamh i liosta na seirbhísí neamh‑iniúchóireachta ar a bhfuil cosc.

    (68)Le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, éilítear ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a núdarás inniúil a chur ar an eolas go bliantúil faoin ioncam a ghintear ó iniúchóireachtaí reachtúla agus seirbhísí neamh‑iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí. Ba cheart a cheangal ar iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a shonrú cén tioncam ó sheirbhísí neamh‑iniúchóireachta a ghintear ó dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.

    (69)De réir Airteagal 51 de Threoir 2013/34/AE, maidir le forfheidhmiú an tuairiscithe chorparáidigh ag gnóthais nach liostaítear a nurrúis ar mhargaí rialáilte, déanann na Ballstáit é sin. Ní shonraítear na cineálacha pionós, áfach, agus fágann sin gur féidir athrú mór a bheith sna córais phionósaithe idir na Ballstáit, rud a dhéanann dochar don mhargadh aonair. Chun feabhas a chur ar thuairisciú inbhuanaitheachta sa mhargadh inmheánach agus rannchuidiú leis an aistriú i dtreo córas eacnamaíoch agus airgeadais atá go hiomlán inbhuanaithe agus ionchuimsitheach ina ndéantar sochair an fháis a chomhroinnt go forleathan i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus bearta riaracháin áirithe i gcás sáruithe ar cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart córas pionósaithe Threoir 2013/34/AE a neartú dá réir sin, trína bhfuil na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus bearta riaracháin iomchuí.

    (70)Le hAirteagal 24 de Threoir 2004/109/CE sanntar cúram ar mhaoirseoirí náisiúnta a bhaineann le forfheidhmiú comhlíontachta gnóthas ag a bhfuil urrúis liostaithe ar mhargaí rialáilte le ceanglais tuairiscithe chorparáidigh. Le hAirteagal 4 den Treoir sin sonraítear inneachar na dtuarascálacha airgeadais bliantúla, ach níl tagairt shainráite ann d’Airteagal 19a ná 29a de Threoir 2013/34/AE, lena gceanglaítear ullmhú ráitis neamhairgeadais (chomhdhlúite). Tugtar le fios leis sin nach bhfuil aon sainordú dlíthiúil ag údaráis náisiúnta inniúla Ballstát áirithe chun na ráitis neamhairgeadais sin a mhaoirsiú, go háirithe i gcás ina bhfoilsítear na ráitis sin i dtuarascáil ar leithligh, lasmuigh den tuarascáil airgeadais bhliantúil, rud a fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú faoi láthair. Is gá, dá bhrí sin, tagairt don tuairisciú inbhuanaitheachta a chur isteach in Airteagal 4(5) de Threoir 2004/109/CE. Is gá, freisin, ceangal ar na daoine atá freagrach laistigh den eisitheoir a dheimhniú sa tuarascáil airgeadais bhliantúil go ndéantar, de réir mar is fearr is eol dóibh, an tuarascáil bhainistíochta a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ina theannta sin, i bhfianaise shaintréith nua na gceanglas tuairiscithe sin, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí treoirlínte a eisiúint chun go bhféadfaidh údaráis náisiúnta inniúla maoirseacht chóineasaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanann eisitheoirí a chur chun cinn faoi réir Threoir 2004/109/CE.

    (71)Iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna chun a áirithiú nach ndéantar difear díréireach dóibh, agus aird shonrach á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú. Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach chun tacú le FBManna na caighdeáin tuairiscithe shimplithe dheonacha a chur i bhfeidhm.

    (72)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a leasú,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE

    Leasaítear Treoir 2013/34/AE mar a leanas:

    (1)in Airteagal 1, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

    ‘3.    Na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 19a, 19d, 29a, 30 agus 33, Airteagal 34(1), an dara fomhír, pointe (aa), míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 34, agus Airteagal 51 den Treoir seo, beidh feidhm acu freisin maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na gnóthais seo a leanas beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil:

    (a)    gnóthais árachais de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle*1;

    (b)    institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*2.

    Féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan na bearta comhordúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais a liostaítear in Airteagal 2(5), pointí (2) go (23), de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*3.

    ____________________________________________________________________

    *1Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

    *2Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    *3Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’;

    (2)in Airteagal 2, cuirtear na pointí (17) go (20) seo a leanas isteach:

    ‘(17) ciallaíonn “ábhair inbhuanaitheachta” fachtóirí inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*4, agus fachtóirí rialachais;

    (18) ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú faisnéise a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta i gcomhréir le hAirteagail 19a, 19d agus 29a den Treoir seo;

    (19) ciallaíonn “sócmhainní doláimhsithe” acmhainní neamhfhisiceacha a rannchuidíonn le cruthú luacha an ghnóthais;

    (20) ciallaíonn “soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách” comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5 le haghaidh na gníomhaíochta sonraí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 34(1), an dara fomhír, pointe (aa) den Treoir seo.

    __________________________________________________________________

    *4Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

    *5Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).’;

    (3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19a:

    ‘Airteagal 19a

    Tuairisciú Inbhuanaitheachta

    1.    Gnóthais mhóra agus, amhail ón 1 Eanáir 2026, gnóthais bheaga agus mheánmhéide ar gnóthais iad dá dtagraítear in Airteagal 2 pointe (1), pointe (a), áireoidh siad sa tuarascáil bhainistíochta an fhaisnéis is gá chun tionchair an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun conas a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d’fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais a thuiscint.

    2.    Beidh an méid seo a leanas go háirithe san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a)    tuairisc ghearr ar shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais, lena n‑áirítear:

    (i)    athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais maidir le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

    (ii)    deiseanna an ghnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

    (iii)    pleananna an ghnóthais chun a áirithiú go bhfuil a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorannú an téimh dhomhanda chuig 1.5 C i gcomhréir le Comhaontú Pháras;

    (iv)    conas a chuirtear leasanna gheallsealbhóirí an ghnóthais agus tionchair an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta san áireamh i samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghnóthais;

    (v)    conas a cuireadh straitéis an ghnóthais chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (b)    tuairisc ar na spriocanna a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta atá leagtha síos ag an ngnóthas agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngnóthas chun na spriocanna sin a bhaint amach;

    (c)    tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (d)    tuairisc ar bheartais an ghnóthais i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta;

    (e)    tuairisc ar an méid seo a leanas:

    (i)    an próiseas díchill chuí a cuireadh chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (ii)    na príomh‑dhrochthionchair iarbhír nó ionchasacha atá nasctha le slabhra luacha an ghnóthais, lena n‑áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidrimh ghnó agus a shlabhra soláthair;

    (iii)    aon ghníomhaíocht a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun drochthionchair iarbhír nó ionchasacha a chosc, a mhaolú nó a leigheas;

    (f)    tuairisc ar na príomhrioscaí don ghnóthas a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear príomhspleáchais an ghnóthais ar na hábhair sin, agus conas a bhainistíonn an gnóthas na rioscaí sin;

    (g)    táscairí atá ábhartha maidir leis na nochtuithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (f).

    Nochtfaidh gnóthais freisin faisnéis maidir le sócmhainní doláimhsithe, lena n‑áirítear faisnéis maidir le caipiteal intleachtúil, daonna, agus sóisialta agus caidrimh.

    Tuairisceoidh gnóthais an próiseas a dhéantar chun go sainaithneofar an fhaisnéis atá cuimsithe acu sa tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le mír 1 agus sa phróiseas sin cuirfidh siad tréimhsí ionchais gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha san áireamh.

    3.    San fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh faisnéis réamhbhreathnaitheach agus chúlghabhálach, agus faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil.

    I gcás inarb iomchuí, san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh faisnéis maidir le slabhra luacha an ghnóthais, lena n‑áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidrimh ghnó agus a shlabhra soláthair.

    I gcás inarb iomchuí, san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh tagairtí freisin d’fhaisnéis eile, agus mínithe breise uirthi, ar faisnéis í a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 19 agus méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais bhliantúla.

    Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfaí dochar mór do sheasamh tráchtála an ghnóthais dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear leis an easnamh sin tuiscint chothrom ná chóir ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais ná ar thionchar a ghníomhaíochta.

    4.    Tuairisceoidh gnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b.

    5.    De mhaolú ar Airteagal 19a, míreanna 1 go 4, féadfaidh na gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1), pointe (a), tuairisciú a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 19c.

    6.    Na gnóthais a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4, measfar gur chomhlíon siad an ceanglas a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagal 19(1).

    7.    Gnóthas ar foghnóthas é beidh sé díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 má áirítear an gnóthas sin agus a fhoghnóthais sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid máthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 29a. Gnóthas ar foghnóthas é ó mháthairghnóthas a bhunaítear i dtríú tír, beidh sé díolmhaithe freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 i gcás ina n‑áirítear an gnóthas sin agus a fhoghnóthais sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid an mháthairghnóthais sin agus i gcás ina ndéantar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a tharraingt suas ar dhóigh a fhéadfar a mheas a bheith coibhéiseach, i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme ábhartha a ghlactar de bhun Airteagal 23(4), pointe (i), de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*6, leis an dóigh a éilítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b den Treoir seo.

    Déanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid an mháthairghnóthais dá dtagraítear i bhfomhír 1 a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 30, ar an dóigh a fhorordaítear le dlí an Bhallstáit lena ndéantar an gnóthas atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 a rialú.

    An Ballstát a rialaíonn an gnóthas atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4, féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fhoilsiú i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstát nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, agus go ndéanfar aon aistriúchán is gá a dhéanamh sna teangacha sin a dheimhniú.

    Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa tuarascáil bhainistíochta de chuid gnóthais atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4:

    (a)    ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar leibhéal grúpa i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 29a, nó ar dhóigh a fhéadfar a mheas a bheith coibhéiseach, i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 23(4), pointe (i) de Threoir 2004/109/CE, leis an dóigh a éilítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b;

    (b)    gurb amhlaidh atá an gnóthas díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo.

    ______________________________________________________________________

    *6Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).’;

    (4)cuirtear na hAirteagail 19b, 19c agus 19d seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 19b

    Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta

    1.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin sonrófar an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a agus, i gcás inarb ábhartha, sonrófar an struchtúr ina dtuairisceofar an fhaisnéis sin. Go háirithe:

    (a)faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena sonraítear an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 19a, agus ar a laghad lena sonraítear faisnéis a chomhfhreagraíonn do riachtanais rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi réir na noibleagáidí maidir le nochtadh i Rialachán (AE) 2019/2088.

    (b)faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena sonraítear:

    (i)    faisnéis chomhlántach a thuairisceoidh gnóthais maidir leis na hábhair inbhuanaitheachta agus na réimsí tuairiscithe a liostaítear in Airteagal 19a(2), i gcás inar gá;

    (ii)    faisnéis a thuairisceoidh gnóthais a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n‑oibríonn siad.

    Maidir leis an gCoimisiún, déanfaidh sé athbhreithniú ar a laghad gach trí bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm, ar aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo, agus comhairle theicniúil an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á cur san áireamh, agus i gcás inar gá leasóidh sé an gníomh tarmligthe sin chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n‑áirítear forbairtí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta.

    2.    Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 ceanglófar go bhfuil an fhaisnéis atá le tuairisciú intuigthe, ábhartha, ionadaíoch, infhíoraithe, inchomparáide, agus go léireofar ar dhóigh dhílis í.

    Déanfar an méid seo a leanas leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus ábhar caighdeáin ar leith á chur san áireamh:

    (a)    sonrófar an fhaisnéis atá le nochtadh ag gnóthais maidir le fachtóirí comhshaoil, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)    maolú ar an athrú aeráide;

    (ii)    oiriúnú don athrú aeráide;

    (iii)    uisce agus acmhainní muirí;

    (iv)    úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach;

    (v)    truailliú;

    (vi)    bithéagsúlacht agus éiceachórais;

    (b)    sonrófar an fhaisnéis atá le nochtadh ag gnóthais maidir le fachtóirí sóisialta, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)    comhionannas deiseanna do chách, lena n‑áirítear comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair chomhionann, oiliúint agus forbairt scileanna, agus fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas;

    (ii)    dálaí oibre, lena n‑áirítear fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, pá, idirphlé sóisialta, cómhargáil agus rannpháirtíocht oibrithe, cothromaíocht oibre is saoil, agus timpeallacht oibre atá folláin, sábháilte agus dea‑oiriúnaithe;

    (iii)    meas ar chearta an duine, na saoirsí bunúsacha, na prionsabail dhaonlathacha agus na caighdeáin dhaonlathacha a bhunaítear sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid NA maidir le cearta an duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha EIS agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (c)    sonrófar an fhaisnéis atá le nochtadh ag gnóthais maidir le fachtóirí rialachais, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)    ról chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais, lena n‑áirítear maidir le hábhair inbhuanaitheachta, agus a gcomhdhéanamh;

    (ii)    eitic ghnó agus cultúr corparáideach, lena n‑áirítear frithéilliú agus frithbhreabaireacht;

    (iii)    rannpháirtíocht pholaitiúil an ghnóthais, lena n‑áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta;

    (iv)    bainistíocht agus cáilíocht caidreamh le comhpháirtithe gnó, lena n‑áirítear cleachtais íocaíochta;

    (v)    córais rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca an ghnóthais, lena n‑áirítear i ndáil le próiseas tuairiscithe an ghnóthais.

    3.    Le linn gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)obair tionscnamh domhanda ó thaobh caighdeáin a leagan síos maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, agus caighdeáin agus creata atá ann cheana maidir le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha, iompar gnó freagrach, freagracht shóisialta chorparáideach agus forbairt inbhuanaithe;

    (b)an fhaisnéis atá ag teastáil ó rannpháirtithe margaidh airgeadais chun a noibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh chomh maith leis na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin sin;

    (c)na critéir a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Rialachán (AE) 2020/852*7;

    (d)na ceanglais maidir le nochtadh is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna sa ráiteas tagarmhairc agus sa mhodheolaíocht tagarmhairc agus na híoschaighdeáin maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais agus Tagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras a thógáil i gcomhréir le Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/1816*8, (AE) 2020/1817*9 agus (AE) 2020/1818*10 ón gCoimisiún;

    (e)na nochtuithe a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 434a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013*11;

    (f)Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún*12;

    (g)Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*13;

    (h)Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*14.

    ______________________________________________________________________

    *7Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    *8Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).

    *9Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12).

    *10Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais agus Tagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

    *11Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtuithe poiblí ó na hinstitiúidí maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (C(2021)1595)

    *12Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

    *13Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    *14Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

    Airteagal 19c

    Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh FBManna

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá i gcomhréir le hinniúlachtaí agus saintréithe gnóthas beag agus meánmhéide. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 19a agus 29a a thuairisceoidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1)(a). Cuirfear na critéir a leagtar amach in Airteagal 19b, míreanna 2 agus 3 san áireamh iontu freisin. Sonrófar iontu freisin, i gcás inarb ábhartha, an struchtúr ina dtuairisceofar an fhaisnéis sin.

    Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin ar a dhéanaí faoin 31 Deireadh Fómhair 2023.

    Airteagal 19d

    Formáid tuairiscithe leictreonach aonair

    1.    Ullmhóidh gnóthais faoi réir Airteagal 19a a ráitis airgeadais agus a dtuarascáil bhainistíochta i bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún*15 agus déanfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil suas, lena n‑áirítear na nochtuithe a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin.

    2.    Ullmhóidh gnóthais atá faoi réir Airteagal 29a a ráitis airgeadais chomhdhlúite agus a dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 agus déanfaidh siad tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil suas, lena n‑áirítear na nochtuithe a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852.

    ____________________________________________________________________

    *15Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).;’

    (5)Leasaítear Airteagal 20(1) mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g) tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais maidir le hinscne agus gnéithe eile amhail aois, nó cúlraí oideachais agus gairmiúla, cuspóirí an bheartais éagsúlachta sin, conas a cuireadh chun feidhme é agus na torthaí sa tréimhse tuairiscithe. Mura gcuirtear aon bheartas den sórt sin i bhfeidhm, beidh míniú sa ráiteas ar an bhfáth gurb amhlaidh an cás.’;

    (b)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    ‘Féadfaidh gnóthais faoi réir Airteagal 19a an oibleagáid a leagtar síos i bpointí (c), (f) agus (g) den chéad fhomhír den Airteagal seo a chomhlíonadh i gcás ina n‑áiríonn siad an fhaisnéis a éilítear faoi na pointí sin mar chuid dá dtuairisciú inbhuanaitheachta.’;

    (6)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

    (a)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b) maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (a) agus an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite don ghrúpa gnóthas níos mó, tarraingeoidh máthairghnóthas an ghrúpa sin suas iad, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena rialaítear an máthairghnóthas sin, i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a, nó i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;’;

    (b)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i):

    ‘(i)    i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a,’;

    (c)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad (b)(iii):

    ‘(iii)    ar dhóigh atá coibhéiseach le ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite a tharraingítear suas i gcomhréir leis an Treoir seo, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29a, nó’;

    (7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a:

    ‘Airteagal 29a

    Tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite

    1.    Áireoidh máthairghnóthais grúpa mhóir sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite an fhaisnéis is gá chun tionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun conas a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d’fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais a thuiscint.

    2.    Beidh an méid seo a leanas go háirithe san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a)    tuairisc ghearr ar shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa, lena n‑áirítear:

    (i)    athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa maidir le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

    (ii)    deiseanna an ghrúpa a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta;

    (iii)    pleananna an ghrúpa chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorannú an téimh dhomhanda chuig 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras;

    (iv)    conas a chuirtear leasanna gheallsealbhóirí an ghrúpa agus tionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta san áireamh i samhail ghnó agus straitéis ghnó an ghrúpa;

    (v)    conas a cuireadh straitéis an ghrúpa chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (b)    tuairisc ar na spriocanna a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta atá leagtha síos ag an ngrúpa agus ar dhul chun cinn an ghnóthais chun na spriocanna sin a bhaint amach;

    (c)    tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (d)    tuairisc ar bheartais an ghrúpa i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta;

    (e)    tuairisc ar an méid seo a leanas:

    (i)    an próiseas díchill chuí a cuireadh chun feidhme maidir le hábhair inbhuanaitheachta;

    (ii)    na príomh‑dhrochthionchair iarbhír nó ionchasacha atá nasctha le slabhra luacha an ghrúpa, lena n‑áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidrimh ghnó agus a shlabhra soláthair;

    (iii)    aon ghníomhaíocht a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun drochthionchair iarbhír nó ionchasacha a chosc, a mhaolú nó a leigheas;

    (f)    tuairisc ar na príomhrioscaí don ghrúpa a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear príomhspleáchais an ghrúpa ar na fachtóirí sin, agus conas a bhainistíonn an grúpa na rioscaí sin;

    (g)    táscairí atá ábhartha maidir leis na nochtuithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (f).

    Tuairisceoidh máthairghnóthais freisin faisnéis maidir le sócmhainní doláimhsithe, lena n‑áirítear faisnéis maidir le caipiteal intleachtúil, daonna, agus sóisialta agus caidrimh.

    Tabharfaidh máthairghnóthais tuairisc ar an bpróiseas a dhéantar chun an fhaisnéis atá áirithe acu sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainaithint.

    3.    San fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh faisnéis réamhbhreathnaitheach agus faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin, agus faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil. San fhaisnéis sin cuirfear tréimhsí ionchais gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

    San fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh faisnéis maidir le slabhra luacha an ghrúpa, lena n‑áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a chaidrimh ghnó agus a shlabhra soláthair, i gcás inarb iomchuí.

    San fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh tagairtí freisin, i gcás inarb iomchuí, d’fhaisnéis eile, agus mínithe breise uirthi, ar faisnéis í a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 29 den Treoir seo agus méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfadh dochar mór do sheasamh tráchtála an ghrúpa dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear leis an easnamh sin tuiscint chothrom ná chóir ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghrúpa ná ar thionchar a ghníomhaíochta.

    4.    Tuairisceoidh máthairghnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b.

    5.    De mhaolú ar Airteagal 29a, míreanna 1 go 4, féadfaidh máthairghnóthais ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1), pointe (a), tuairisciú a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 19c.

    6.    Máthairghnóthas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagail 19(1), 19a agus 29.

    7.    Máthairghnóthas ar foghnóthas é freisin beidh sé díolmhaithe ón oibleagáid a leagtar amach i míreanna 1 go 4 má áirítear an máthairghnóthas díolmhaithe sin agus a fhoghnóthais sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid gnóthais eile, a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagal 29 agus leis an Airteagal seo. Máthairghnóthas ar foghnóthas é ó mháthairghnóthas a bhunaítear i dtríú tír, beidh sé díolmhaithe freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 i gcás ina n‑áirítear an gnóthas sin agus a fhoghnóthais sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid an mháthairghnóthais sin agus i gcás ina ndéantar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a tharraingt suas ar dhóigh a fhéadfar a mheas a bheith coibhéiseach, i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme ábhartha a ghlactar de bhun Airteagal 23(4)(i) de Threoir 2004/109/CE, leis an dóigh a éilítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b den Treoir seo.

    Déanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid an mháthairghnóthais dá dtagraítear i bhfomhír 1 a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 30, ar an dóigh a fhorordaítear le dlí an Bhallstáit lena ndéantar an máthairghnóthas atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 a rialú.

    An Ballstát a rialaíonn an máthairghnóthas atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4, féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fhoilsiú ina theanga oifigiúil nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, agus go ndéanfar aon aistriúchán is gá a dhéanamh sna teangacha sin a dheimhniú.

    Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite de chuid máthairghnóthais atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4:

    (a)    ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar leibhéal grúpa i gcomhréir le hAirteagal 29 agus leis an Airteagal seo, nó ar dhóigh a fhéadfar a mheas a bheith coibhéiseach, i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme ábhartha a ghlactar de bhun Airteagal 23(4)(i) de Threoir 2004/109/CE, leis an dóigh a éilítear leis na caighdeáin inbhuanaitheachta a ghlactar de bhun Airteagal 19b;

    (b)    gurb amhlaidh atá an gnóthas díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo.’;

    (8)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais laistigh de thréimhse réasúnach, nach mbeidh níos faide ná 12 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe, na ráitis airgeadais bhliantúla agus an tuarascáil bhainistíochta atá formheasta go cuí san fhormáid a fhorordaítear le hAirteagal 19d den Treoir seo i gcás inarb infheidhme, mar aon leis na tuairimí agus an ráiteas a thíolacfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir seo, mar a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le Caibidil 3 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*16.’

    ‘I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) d’Airteagal 34(1), foilseofar an tuairim sin mar aon leis na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    Féadfaidh na Ballstáit, áfach, gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú i gcás ina bhféadfar cóip iomlán d’aon tuarascáil den sórt sin nó cuid di a fháil go héasca arna iarraidh sin ar phraghas nach mó ná a costas riaracháin.’

    ‘Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos sa tríú fomhír maidir le gnóthais atá faoi réir Airteagal 19a ná 29a.’;

    ______________________________________________

    *16Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

    (b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tuarascálacha bainistíochta ina bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta atá tarraingthe suas ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a a chur ar fáil freisin don sásra ábhartha atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE gan mhoill tar éis a bhfoilsithe.

    I gcás nach bhfuil an gnóthas a tharraingíonn suas an tuarascáil bhainistíochta faoi réir Threoir 2004/109/CE, beidh an sásra ábhartha atá ceaptha go hoifigiúil ar cheann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an ngnóthas.’;

    (9)in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta de chuid gnóthais, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta, as a áirithiú go ndéanfar na doiciméid seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo agus, i gcás inarb infheidhme, leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, le Rialachán Tarmligthe 2019/815, leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b den Treoir seo, agus le ceanglais Airteagal 19d den Treoir seo:

    (a) na ráitis airgeadais bhliantúla, an tuarascáil bhainistíochta agus an ráiteas rialachais chorparáidigh nuair a sholáthraítear ar leithligh é;

    (b) na ráitis airgeadais chomhdhlúite, na tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite agus an ráiteas rialachais chorparáidigh nuair a sholáthraítear ar leithligh é.’;

    (10)Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

    (a)i mír 1, leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

    (i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ii):

    ‘(ii)    cibé acu a ullmhaíodh an tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme, seachas na ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 19a;’;

    (ii)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

    ‘(aa)    i gcás inarb infheidhme, tuairim a thabhairt bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta a mhéid a bhaineann le comhlíontacht an tuairiscithe inbhuanaitheachta le ceanglais na Treorach seo, lena n‑áirítear comhlíontacht an tuairiscithe inbhuanaitheachta leis na caighdeáin tuairiscithe a ghlactar de bhun Airteagal 19b, an próiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear de bhun na gcaighdeán tuairiscithe sin a shainaithint, agus comhlíontacht an cheanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil suas i gcomhréir le hAirteagal 19d, agus a mhéid a bhaineann le comhlíontacht cheanglais tuairiscithe Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (aa), a thabhairt, ar choinníoll go bhfuil sí faoi réir ceanglais atá comhsheasmhach leo sin a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (r) den Treoir sin.

    (11)Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 1(2), 3(13), 46(2), 19b agus 19c a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Airteagal 3(13), Airteagal 46(2), Airteagal 19b agus Airteagal 19c a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

    (b)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    ‘3a. Le linn gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagail 19b agus 19c, cuirfidh an Coimisiún comhairle theicniúil ó EFRAG san áireamh, ar choinníoll gur forbraíodh an chomhairle sin le próis chuí, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht chóir agus le saineolas geallsealbhóirí ábhartha, agus go bhfuil anailísí costais is tairbhe ag gabháil léi lena n‑áirítear anailísí ar thionchair na comhairle teicniúla ar ábhair inbhuanaitheachta.

    Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis an gcomhairle theicniúil atá soláthartha ag EFRAG roimh ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 19b agus 19c.

    Iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí maidir leis an gcomhairle theicniúil atá soláthartha ag EFRAG, go háirithe maidir lena comhsheasmhacht le Rialachán (AE) 2019/2088 agus a ghníomhartha tarmligthe. Soláthróidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a thuairim laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún.

    Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bhunaítear de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis an gcomhairle theicniúil atá soláthartha ag EFRAG roimh ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 19b agus 19c. I gcás ina gcinneann aon cheann de na comhlachtaí sin tuairim a thíolacadh, déanfaidh siad é laistigh de dhá mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo.’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(2), 3(13), 46(2), 19b ná 19c i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

    (12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

    ‘Airteagal 51

    Pionóis

    1.    Gan dochar do mhír 2, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar i gcomhréir leis an Treoir seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

    2.    I gcás sárú ar na forálacha náisiúnta leis dtrasuitear Airteagail 19a, 19d agus 29a, déanfaidh na Ballstáit foráil ar a laghad maidir leis na bearta riaracháin agus na pionóis riaracháin seo a leanas:

    (a) ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an duine nádúrtha nó an t‑eintiteas dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

    (b) ordú á cheangal ar an duine nádúrtha nó ar an eintiteas dlítheanach atá freagrach scor den iompar ar sárú é agus staonadh ó aon iompar den sórt sin a dhéanamh an athuair;

    (c) pionóis airgid riaracháin.

    3.    Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós, na bpionós riaracháin nó na mbeart dá dtagraítear i mír 2 á gcinneadh, go gcuirfear na himthosca ábhartha uile san áireamh, lena n‑áirítear:

    (a)    tromchúis agus fad an tsáraithe;

    (b)    leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó an eintitis dhlítheanaigh atá freagrach;

    (c)    acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó an eintitis dhlítheanaigh atá freagrach;

    (d)    tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó an t‑eintiteas dlítheanach atá freagrach, nó méid na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid agus is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;

    (e)    na caillteanais a bhain do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir na caillteanais sin a chinneadh;

    (f)    leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an eintitis dhlítheanaigh atá freagrach leis an údarás inniúil;

    (g)    sáruithe a bhí déanta roimhe sin ag an duine nádúrtha nó ag an eintiteas dlítheanach atá freagrach.’.

    Airteagal 2
    Leasuithe ar Threoir 2004/109/CE

    Leasaítear Treoir 2004/109/CE mar a leanas:

    (1)in Airteagal 2(1) cuirtear an pointe (r) seo a leanas isteach:

    ‘(r) ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*18.’;

    ___________________________________________

    *18Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (2)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c) ráitis arna ndéanamh ag na daoine atá freagrach laistigh den eisitheoir, a léireofar a n‑ainmneacha agus a bhfeidhmeanna go soiléir, á rá gurb amhlaidh, de réir mar is fearr is eol dóibh, a thugtar léargas fíor cothrom sna ráitis airgeadais a ullmhaíodh i gcomhréir leis an tsraith caighdeán cuntasaíochta is infheidhme, ar léargas é ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar staid airgeadais agus ar bhrabús nó caillteanas an eisitheora agus na ngnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú ina iomláine agus gurb amhlaidh a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta athbhreithniú cothrom ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht an ghnó agus ar staid an eisitheora agus na ngnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú ina iomláine, mar aon le tuairisc ar na príomhrioscaí agus ar na príomh‑neamhchinnteachtaí atá rompu agus, i gcás inarb iomchuí, a ullmhaítear i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b de Threoir 2013/34/AE.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

    ‘4. Déanfar iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 34 de Threoir 2013/34/AE agus le hAirteagal 28 de Threoir 2006/43/CE.

    Déanfar an tuarascáil iniúchóra, arna síniú ag an duine nó na daoine atá freagrach as an obair a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE, a nochtadh ina hiomláine don phobal mar aon leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil.

    5. Déanfar an tuarascáil bhainistíochta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 19, 19a, 19d(1) agus 20 de Threoir 2013/34/AE, nuair atá sí tarraingthe suas ag gnóthais dá dtagraítear sna forálacha sin.

    I gcás ina bhfuil ceangal ar an eisitheoir cuntais chomhdhlúite a ullmhú, déanfar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 19d(2), 29 agus 29a de Threoir 2013/34/AE, nuair atá sí tarraingthe suas ag gnóthais dá dtagraítear sna forálacha sin.’;

    (3)in Airteagal 23(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú agus an cheathrú fomhír:

    ‘Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na cinntí is gá maidir le coibhéis na gcaighdeán cuntasaíochta agus coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 19b de Threoir 2013/34/AE a úsáideann eisitheoirí tríú tír faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 30(3). Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil caighdeáin chuntasaíochta tríú tír ná caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta tríú tír coibhéiseach, féadfaidh sé a cheadú do na heisitheoirí lena mbaineann leanúint de na caighdeáin chuntasaíochta sin a úsáid le linn idirthréimhse iomchuí.

    I gcomhthéacs an tríú fomhír, glacfaidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlactar i gcomhréir le míreanna 2a, 2b agus 2c d’Airteagal 27, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 27a agus 27b, bearta arb é is aidhm dóibh critéir choibhéise ghinearálta a bhunú maidir le caighdeáin chuntasaíochta agus caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá ábhartha maidir le heisitheoirí ó bhreis agus tír amháin.’;

    (4)cuirtear an tAirteagal 28(d) seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 28d

    Treoirlínte ESMA

    Tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, eiseoidh ESMA treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán 1095/2010 maidir leis an maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta inniúla ar thuairisciú inbhuanaitheachta.

    Airteagal 3
    Leasuithe ar Threoir 2006/43/CE

    Leasaítear Treoir 2006/43/CE mar a leanas:

    (1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo bunaítear rialacha maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar chuntais bhliantúla agus chomhdhlúite agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite, i gcás ina ndéanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais an méid sin.’;

    (2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2. ciallaíonn “iniúchóir reachtúil” duine nádúrtha atá formheasta i gcomhréir leis an Treoir seo ag údaráis inniúla Ballstáit chun iniúchóireachtaí reachtúla agus dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh;

    3. ciallaíonn “gnólacht iniúchóireachta” duine dlítheanach nó aon eintiteas eile, beag beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá formheasta i gcomhréir leis an Treoir seo ag údaráis inniúla Ballstáit chun iniúchóireachtaí reachtúla agus dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh;’

    (b)cuirtear isteach na pointí 21 agus 22 seo a leanas:

    ‘21. ciallaíonn “tuairisciú inbhuanaitheachta” tuairisciú inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir 2013/34/AE;

    ‘22. ciallaíonn “dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta” an tuairim atá tugtha ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 34(1), an dara fomhír, pointe (aa) agus le hAirteagal 34(2) de Threoir 2013/34/AE.’;

    (3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 6 agus 7:

    ‘Airteagal 6

    Cáilíochtaí oideachais

    Gan dochar d’Airteagal 11, ní fhéadfar duine nádúrtha a fhormheas chun iniúchóireacht reachtúil ná dearbhú iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh ach amháin tar éis leibhéal iontrála ollscoile nó leibhéal coibhéiseach a ghnóthú, ansin cúrsa teagaisc theoiriciúil a chur i gcrích, dul faoi oiliúint phraiticiúil agus pas a fháil i scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil ar leibhéal scrúdaithe deiridh ollscoile nó ar leibhéal scrúdaithe choibhéisigh, atá eagraithe nó aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann.

    Rachaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32 i gcomhar le chéile d’fhonn cóineasú ar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo a ghnóthú. Le linn dóibh dul i mbun an chomhair sin, cuirfidh na húdaráis inniúla sin san áireamh forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta agus, go háirithe, cóineasú a gnóthaíodh sa ghairm cheana. Rachaidh siad i gcomhar le Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) agus leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a mhéid a bhaineann an cóineasú sin leis an tuairisciú iniúchóireachta reachtúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí.

    Airteagal 7

    Scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil

    Leis an scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6 ráthófar an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair atá ábhartha maidir le tuairisciú iniúchóireachta reachtúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an cumas an t‑eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Is i scríbhinn a bheidh ar a laghad cuid den scrúdú sin.’;

    (4)Leasaítear Airteagal 8(1) mar a leanas:

    (a)cuirtear isteach an pointe (bb) seo a leanas:

    ‘(bb)    ceanglais agus caighdeáin dhlíthiúla a bhaineann le hullmhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite;’;

    (b)cuirtear isteach an pointe (cc) seo a leanas:

    ‘(cc)    caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta;’;

    (c)cuirtear isteach an pointe (dd) seo a leanas:

    ‘(dd)    anailís inbhuanaitheachta;’;

    (d)cuirtear isteach an pointe (ff) seo a leanas:

    ‘(ff)    próisis díchill chuí maidir le hábhair inbhuanaitheachta;’;

    (e)cuirtear isteach an pointe (ii) seo a leanas:

    ‘(ii)    caighdeáin dearbhaithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 26a;’;

    (f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    ‘(h)    ceanglais dlí agus caighdeáin ghairmiúla a bhaineann le tuairisciú iniúchóireachta reachtúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus iniúchóirí reachtúla;’;

    (5)in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.    Chun an cumas chun eolas teoiriciúil a chur i bhfeidhm sa chleachtas a áirithiú, a n‑áirítear tástáil air sin sa scrúdú, cuirfidh oiliúnaí ar a laghad trí bliana d’oiliúint phraiticiúil i gcrích, inter alia, an iniúchóireacht ar ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite nó ráitis airgeadais chomhchosúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite. Cuirfear ar a laghad dhá thrian den oiliúint phraiticiúil sin i gcrích le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta atá formheasta in aon Bhallstát.’;

    (6)in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a) gur ghabh sé nó sí, ar feadh 15 bliana, le gníomhaíochtaí gairmiúla a chuir ar a chumas nó ar a cumas taithí leordhóthanach a fháil i réimsí an airgeadais, an dlí agus na cuntasaíochta, agus an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus go bhfuair sé nó sí pas sa scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 7, nó’;

    (7)in Airteagal 14, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    ‘Déanfar an triail infheidhmeachta i gceann de na teangacha a cheadaítear leis na rialacha teanga is infheidhme sa Bhallstát óstach lena mbaineann. Ní chumhdófar léi ach amháin eolas leordhóthanach an iniúchóra reachtúil ar dhlíthe agus rialacháin an Bhallstáit óstaigh sin a mhéid atá sé ábhartha maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla agus dearbhuithe iontaofachta an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (8)cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 14a
    Iniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear roimh an 1 Eanáir 2023

    Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh iniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear chun iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh roimh an 1 Eanáir 2023 faoi réir cheanglais Airteagail 6, 7, 10, 11 ná 14 den Treoir seo.

    Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh iniúchóirí reachtúla a fhormheastar roimh an 1 Eanáir 2023 an t‑eolas is gá sa tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta tríd an gceanglas maidir le hoideachas leanúnach in Airteagal 13.’;

    (9)Leasaítear Airteagal 24b mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá an iniúchóireacht reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á ndéanamh ag gnólacht iniúchóireachta, go n‑ainmneoidh an gnólacht iniúchóireachta sin ar a laghad aon phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta amháin. Soláthróidh an gnólacht iniúchóireachta acmhainní leordhóthanacha don phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta nó do na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta mar aon le pearsanra ag a bhfuil an inniúlacht agus na cumais is gá chun a dhualgais a dhéanamh go hiomchuí.

    Is iad na príomhchritéir a bheidh ann nuair a roghnaíonn an gnólacht iniúchóireachta an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta nó na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta atá le hainmniú ná cáilíocht iniúchóireachta, neamhspleáchas agus inniúlacht a dhaingniú. Beidh baint ghníomhach ag an bpríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta nó na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta san iniúchóireacht reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh.’;

    (b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a. Le linn dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, tabharfaidh an t‑iniúchóir reachtúil am leordhóthanach don dearbhú iontaofachta agus sannfaidh sé acmhainní leordhóthanacha chun é a chur ar a chumas a dhualgais a dhéanamh go hiomchuí.’;

    (c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c) na táillí a ghearrtar ar an iniúchóireacht reachtúil, ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus na táillí a ghearrtar ar sheirbhísí eile in aon bhliain airgeadais.’;

    (d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Cruthóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta comhad iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchóireachta reachtúla. Áireofar faisnéis sa chomhad iniúchóireachta freisin a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, i gcás inarb infheidhme.’;

    (10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    ‘Airteagal 25

    Táillí iniúchóireachta

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha leordhóthanacha i bhfeidhm lena bhforáiltear an méid seo a leanas maidir le táillí ar iniúchóireachtaí reachtúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta:

    (a) nach mbeidh tionchar ag soláthar seirbhísí breise don eintiteas ar a ndéantar iniúchóireacht orthu ná nach gcinnfear leis sin iad;

    (b) nach féidir iad a bhunú ar aon fhoirm teagmhais.’;

    (11)cuirtear an tAirteagal 25b seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 25b

    Eitic Ghairmiúil, Neamhspleáchas, Oibiachtúlacht, Rúndacht agus Rúndacht Ghairmiúil a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta

    Maidir le ceanglais Airteagail 21 go 24a a mhéid a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (12)cuirtear an tAirteagal 26a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 26a

    Caighdeáin dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta

    1.    Ceanglóidh na Ballstáit ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2.

    Cuirfidh na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta maidir le dearbhú i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún lena gcumhdaítear an t‑ábhar céanna.

    Cuirfidh na Ballstáit na nósanna imeachta nó na ceanglais maidir le dearbhú in iúl don Choimisiún ar a laghad trí mhí roimh a dteacht i bhfeidhm.

    2.    Cumhachtófar don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 48a, na caighdeáin dearbhaithe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leagan amach, nósanna imeachta a fheidhmeoidh an t‑iniúchóir chun teacht ar a chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear pleanáil dearbhaithe iontaofachta, breithniú riosca agus freagairt ar rioscaí agus cineál na gconclúidí atá le háireamh sa tuarascáil iniúchóireachta.

    Ní fhéadfaidh an Coimisiún na caighdeáin dearbhaithe a ghlacadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a) go mbeidh siad forbartha le próis chuí, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht chóir;

    (b) go gcuireann siad ardleibhéal inchreidteachta agus cáilíochta leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite;

    (c) go mbeidh siad fabhrach do leas pobail an Aontais.’

    3.    I gcás ina nglacann an Coimisiún caighdeáin maidir le dearbhú réasúnach, beidh an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 34(1), an dara fomhír, pointe (aa) de Threoir 2013/34/AE bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach.’;

    (13)cuirtear an tAirteagal 27a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 27a

    Dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite

    Beidh feidhm ag ceanglais Airteagal 27 a mhéid a bhaineann le hiniúchóireacht ar ráitis airgeadais chomhdhlúite mutatis mutandis maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite.’;

    (14)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla i láthair agus, i gcás inarb infheidhme, torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i dtuarascáil iniúchóireachta. Ullmhófar an tuarascáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le caighdeáin iniúchóireachta arna nglacadh ag an Aontas nó ag an mBallstát lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 26 agus leis na ceanglais maidir le caighdeáin dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 26a.’;

    (b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

    ‘(aa) sonrófar inti an tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite agus an dáta agus an tréimhse a chumhdaítear leis; agus sainaithneofar inti creat an tuairiscithe inbhuanaitheachta a cuireadh i bhfeidhm agus iad á n‑ullmhú;’;

    (ii)cuirtear isteach an pointe (bb) seo a leanas:

    ‘(bb) áireofar inti tuairisc ar raon feidhme dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta lena sainaithneofar, ar a laghad, na caighdeáin dearbhaithe ar i gcomhréir leo a rinneadh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta;’;

    (c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e) áireofar inti na tuairimí agus an ráiteas, a bheidh bunaithe ar an obair a dhéantar i gcúrsa na hiniúchóireachta, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Threoir 2013/34/AE, i gcás inarb infheidhme;’;

    (d)i mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    ‘Beidh feidhm ag ceanglais na chéad fhomhíre a mhéid a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (e)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘Beidh an tuarascáil iniúchóireachta sínithe agus dátaithe ag an iniúchóir reachtúil. I gcás ina ndéanann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar an tuarascáil iniúchóireachta, beidh ar a laghad síniú an iniúchóra reachtúil nó na n‑iniúchóirí reachtúla a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. I gcás ina mbeidh níos mó ná iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta amháin fostaithe go comhuaineach, beidh an tuarascáil iniúchóireachta sínithe ag na hiniúchóirí reachtúla uile nó ar a laghad ag na hiniúchóirí reachtúla a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann gach gnólachta iniúchóireachta. In imthosca eisceachtúla féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gá an síniú sin ná na sínithe sin a nochtadh don phobal dá bhféadfadh garbhagairt shuntasach teacht as an nochtadh sin do shlándáil phearsanta aon duine.’;

    (f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Le tuarascáil an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta reachtúil maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Agus tuairisciú á dhéanamh ar chomhsheasmhacht an tuairiscithe bainistíochta agus na ráiteas airgeadais mar a éilítear le mír 2, pointe (e), breithneoidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite. I gcás ina gcuirfear ráitis airgeadais bhliantúla an mháthairghnóthais i gceangal leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite, féadfar tuarascálacha na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta a éilítear leis an Airteagal seo a chomhcheangal.’

    (15)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d) maidir leis na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, beidh oideachas gairmiúil iomchuí orthu agus taithí ábhartha acu i dtuairisciú iniúchóireachta agus airgeadais reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhcheangailte le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;’;

    (b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    ‘(h) déanfar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar bhonn anailís ar an riosca agus, i gcás iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a), agus, i gcás inarb infheidhme, a dhéanann dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta, ar a laghad gach sé bliana;’;

    (c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a) beidh oideachas gairmiúil iomchuí ar athbhreithneoirí agus taithí ábhartha acu i dtuairisciú iniúchóireachta agus airgeadais reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus sa tuairisciú inbhuanaitheachta comhcheangailte le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;’;

    (16)cuirtear an tAirteagal 30(g) seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 30g

    Imscrúduithe agus Pionóis a mhéid a bhaineann le Dearbhú an Tuairiscithe Inbhuanaitheachta

    Maidir le ceanglais Airteagail 30 go 30f a mhéid a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (17)cuirtear an tAirteagal 36(a) seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 36a

    Formhaoirseacht Phoiblí agus Socruithe Rialála idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta

    Maidir le ceanglais Airteagail 32, 33, 34 agus 36 a mhéid a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (18)cuirtear an tAirteagal 38a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 38a

    Ceapadh agus dífhostú a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta

    Maidir le ceanglais Airteagail 37 agus 38 a mhéid a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (19)in Airteagal 39(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (e):

    ‘(a) comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a chur ar an eolas faoi thoradh na hiniúchóireachta reachtúla agus faoi thoradh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a chuir an iniúchóireacht reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta le sláine an tuairiscithe airgeadais agus inbhuanaitheachta agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin;

    (b) faireachán ar phróiseas an tuairiscithe airgeadais agus inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear próiseas an tuairiscithe dhigitigh dá dtagraítear in Airteagal 19d agus an próiseas a dhéanann an gnóthas chun go sainaithneofar an fhaisnéis a thuairiscítear de réir na gcaighdeán a ghlactar de bhun Airteagal 19b de Threoir 2013/34/AE, agus moltaí nó tograí a thíolacadh chun sláine an mhéid sin a áirithiú;

    (c) faireachán ar éifeachtacht chórais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus bainistíochta riosca an ghnóthais agus, i gcás inarb infheidhme, a iniúchóireachta inmheánaí, maidir le tuairisciú airgeadais agus inbhuanaitheachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, lena n‑áirítear a thuairisciú digiteach dá dtagraítear in Airteagal 19d, gan a neamhspleáchas a shárú;’

    (d) faireachán ar iniúchóireacht reachtúil na ráiteas bliantúil agus comhdhlúite agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite, go háirithe, a fheidhmíocht, agus aon toradh agus conclúid ón údarás inniúil de bhun Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 á gcur san áireamh;

    (e) athbhreithniú agus faireachán ar neamhspleáchas na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagail 22, 22a, 22b, 24a, 24b agus 25b den Treoir seo agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, agus go háirithe a iomchuí atá soláthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin;’;

    (20)Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Cláróidh údaráis inniúla Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagail 15, 16 agus 17, gach iniúchóir tríú tír agus eintiteas iniúchóireachta tríú tír, i gcás ina soláthraíonn an t‑iniúchóir tríú tír nó an t‑eintiteas iniúchóireachta tríú tír sin tuarascáil iniúchóireachta maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla nó chomhdhlúite agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite gnóthais atá corpraithe lasmuigh den Aontas a ligtear isteach a gcuid urrús inaistrithe chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de chuid an Bhallstáit sin de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (14), de Threoir 2004/39/CE, seachas i gcás ina n‑eisíonn an gnóthas i gceist urrúis fiachais gan íoc go heisiach a bhfuil feidhm ag ceann díobh seo a leanas maidir leo:

    (a)    ligeadh isteach na hurrúis sin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*19 roimh an 31 Nollaig 2010 agus is ionann an ainmníocht in aghaidh an aonaid, an dáta eisiúna, agus ar a laghad EUR 50 000 nó, i gcás urrúis fiachais atá ainmnithe in airgeadra eile, agus méid atá ar a laghad coibhéiseach le EUR 50 000, an dáta eisiúna;

    (b)    ligtear na hurrúis sin isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2004/109/CE ón 31 Nollaig 2010 agus is ionann an ainmníocht in aghaidh an aonaid, an dáta eisiúna, agus ar a laghad EUR 100 000 nó, i gcás urrúis fiachais atá ainmnithe in airgeadra eile, agus méid atá ar a laghad coibhéiseach le EUR 100 000, an dáta eisiúna’;

    (b)i mír 5, cuirtear isteach an pointe (dd) seo a leanas:

    ‘(dd)    déantar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil nó chomhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le caighdeáin dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a, chomh maith leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22, 22b, 25 agus 25b;’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5a:

    ‘5a.    Ní fhéadfaidh Ballstát iniúchóir tríú tír a chlárú ach amháin má chomhlíonann sé nó sí na ceanglais a leagtar amach i mír 5, pointí (c), (d), (dd) agus (e).

    _______________________________________________________________

    *19Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).’;

    (21)Leasaítear Airteagal 48a mar a leanas:

    (a)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:

    ‘Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 26a(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 26(3), 26a(2), 45(6), 46(2) agus 47(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 26(3), 26a(2), 45(6), 46(2) ná 47(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

    Airteagal 4
    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 mar a leanas:

    (22)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘1. Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil ná gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar eintiteas leasa phoiblí, ná aon chomhalta den líonra lena mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, aon seirbhís neamh‑iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar go díreach ná go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas ná dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas:

    (a) sa tréimhse idir tús na tréimhse a ndearnadh iniúchóireacht uirthi agus eisiúint na tuarascála iniúchóireachta; agus

    (b) sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) i ndáil leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (e) den dara fomhír.’;

    (ii)    sa dara fomhír, cuirtear isteach an pointe (l) seo a leanas:

    ‘(l) seirbhísí comhairliúcháin le haghaidh ullmhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, i gcás ina ndéanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.’;

    (b)cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

    ‘6. Míreanna 4 agus 5 lena dtagraítear don iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, i gcás inarb infheidhme.’

    (23)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b) ioncam ó sheirbhísí neamh‑iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar seirbhísí iad a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta, lena sonraítear an t‑ioncam ó dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta; agus,’.

    Airteagal 5
    Trasuí

    1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 3 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le blianta airgeadais an 1 Eanáir 2023 nó dá éis sin.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 6
    Dáta chur i bhfeidhm Airteagal 4

    Beidh feidhm ag Airteagal 4 den Treoir seo maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2023 nó dá éis sin.

    Airteagal 7
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    .

    Airteagal 8
    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo. Beidh Airteagal 4, áfach, ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe.
    (2)    Sainmhínítear eintitis leasa phoiblí sa Treoir Chuntasaíochta mar chuideachtaí a bhfuil urrúis acu atá liostaithe ar mhargaí a rialaíonn an tAontas Eorpach, bainc (cibé acu a liostaítear nó nach liostaítear iad), cuideachtaí árachais (cibé acu a liostaítear nó nach liostaítear iad) agus aon chuideachta eile a ainmníonn na Ballstáit.
    (3)    Leis an bhfigiúr seo cuirtear an chaoi a bhfuil an Treoir trasuite ag na Ballstáit san áireamh. Gan an trasuí náisiúnta a chur san áireamh, tagann thart ar 2 000 cuideachta faoi raon feidhme NFRD.
    (4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún C(2017) 4234 final.
    (5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún C(2019) 4490 final.
    (6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)640 final. Clár Oibre Coigeartaithe an Choimisiúin 2020 COM(2020) 440 final.
    (7)    An 4 Márta 2020, ghlac an Coimisiún an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (2020/0036 (COD)), lena moltar go mbeidh cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ceangailteach ó thaobh dlí de ar an Aontas Eorpach.
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú, COM(2018)097 final.
    (9)    Conclúidí na Comhairle maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Dhoimhniú (5 Nollaig 2019).
    (10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe (2018/2007(INI)).
    (11)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe (2020/2137(INI)).
    (12)    Rialachán (AE) 2019/2088 (Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe), agus Rialachán (AE) 2020/852 (Rialachán maidir le Tacsanomaíocht).
    (13)    COM (2021)93
    (14)    COM(2012) 614
    (15)    An Fhormáid Leictreonach Aonair Eorpach (ESEF), a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/815.
    (16)    Sainmhínítear le hAirteagal 3 den Treoir Chuntasaíochta (2013/34/AE) catagóirí na ngnóthas de réir a méide: Mír 1: [...] micreaghnóthais a shainmhíniú mar ghnóthais nach dtéann thar theorainneacha dhá nó trí cinn de na critéir seo a leanas ar a laghad ar dhátaí a gcláir chomhardaithe: (a) an t‑iomlán ar an gclár comhardaithe: EUR 350 000; (b) glanláimhdeachas: EUR 700 000; (c) meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais: 10. Mír 2: Is éard a bheith i ngnóthais bheaga gnóthais nach dtéann thar theorainneacha dhá nó trí cinn de na critéir seo a leanas ar a laghad ar dhátaí a gcláir chomhardaithe: (a) an t‑iomlán ar an gclár comhardaithe: EUR 4 000 000; (b) glanláimhdeachas: EUR 8 000 000; (c) meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais: 50. […] Mír 3: Is éard a bheidh i ngnóthais mheánmhéide gnóthais nach micreaghnóthais ná gnóthais bheaga iad agus nach dtéann thar theorainneacha dhá nó trí cinn de na critéir seo a leanas ar a laghad ar dhátaí a gcláir chomhardaithe: (a) an t‑iomlán ar an gclár comhardaithe: EUR 20 000 000; (b) glanláimhdeachas: EUR 40 000 000; (c) meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais: 250. […].
    (17)    [Oifig na bhFoilseachán: iontráil tagairt don Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa maidir leis na clásail athbhreithnithe i dTreoracha 2013/34/AE, 2014/95/AE, agus 2013/50/AE, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre (Seiceáil Oiriúnachta) a ghabhann leo].
    (18)     https://www.efrag.org/Lab2  
    (19)     https://www.efrag.org/Assets/Download?assetUrl=%2fsites%2fwebpublishing%2fSiteAssets%2fJean-Paul%2520Gauz%c3%a8s%2520-%2520Ad%2520Personam%2520Mandate%2520-%2520Final%2520Report%2520-%252005-03-2021.pdf  
    (20)    Study on the Non-Financial Reporting Directive [Staidéar ar an Treoir um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais] https://data.europa.eu/doi/10.2874/229601 .
    (21)    Study on sustainability ratings, data and research [Staidéar ar rátálacha, sonraí agus taighde inbhuanaitheachta]: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d7d85036-509c-11eb-b59f-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-183474104  
    (22)    Oifig na bhFoilseachán: iontráil nasc le IA SWD(2021)150
    (23)    Oifig na bhFoilseachán: iontráil nasc le tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ar IA SWD(2021)150
    (24)    Tá méid measta na gcostas sin san áireamh sa mheasúnú tionchair ar an ngníomh tarmligthe maidir le tacsanomaíocht maolaithe agus oiriúnaithe ar an athrú aeráide (C(2021)2800; IA SWD(2021)152): EUR 1.200–3.700 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 600–1.500 milliún i gcostais athfhillteacha in aghaidh na bliana.
    (25)    Tá na ríomhanna sin bunaithe ar na freagraí ar an suirbhé a rinne an Sustainability Institute (ERM) mar chuid dá staidéar ar rátálacha agus taighde inbhuanaitheachta ( https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d7d85036-509c-11eb-b59f-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-183474104 ).
    (26)    Seachas micreachuideachtaí liostaithe.
    (27)    Teanga ríomhaireachta is ea teanga mharcála a úsáideann teicníc shonrach chódúcháin (na ‘clibeanna’) chun eilimintí a shainmhíniú laistigh de dhoiciméad, lena ligtear faisnéis a chur i láthair ar bhealach inar féidir le meaisíní agus daoine araon é a léamh.
    (28)    Tagraíonn pointe (c) do chórais rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe airgeadais. Tagraíonn pointe (f) do chomhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta. Tagraíonn pointe (g) don bheartas éagsúlachta a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais.
    (29)    IO C […], […], lch. […].
    (30)    COM(2019) 640 final.
    (31)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
    (32)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) [2020/0036 (COD)]
    (33)    COM(2018) 97 final.
    (34)    Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
    (35)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
    (36)    Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtaí inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna (IO L 317, 9.12.2019, lch. 17).
    (37)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).
    (38)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12).
    (39)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).
    (40)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
    (41)    Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
    (42)    Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
    (43)    2018/2007(INI).
    (44)    A9-0240/2020 (INI).
    (45)    COM(2016) 739 final
    (46)    Conclúidí na Comhairle ‘Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Freagairt an Aontais Eorpaigh ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, 20 Meitheamh 2017.
    (47)    Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
    (48)    Oifig na bhFoilseachán: iontráil tagairt don Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis na clásail athbhreithnithe i dTreoir 2013/34/AE, i dTreoir 2014/95/AE, agus i dTreoir 2013/50/AE, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre (Seiceáil Oiriúnachta) a ghabhann leo.
    (49)    Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
    (50)    Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
    (51)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
    (52)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais (modheolaíocht maidir le faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú) (C/2017/4234).
    (53)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: Forlíonadh maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú (C/2019/4490).
    (54)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
    (55)    Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
    (56)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
    (57)    Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
    (58)    Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).
    (59)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
    (60)    2017/C 215/01.
    (61)    2019/C 209/01.
    (62)    Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).
    (63)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).
    (64)     https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/european-strategy-data  
    (65)     https://ec.europa.eu/info/publications/200924-digital-finance-proposals_en  
    (66)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
    (67)    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
    (68)    Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).
    Top