Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021M10585

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10585 – APMH INVEST / UNILABS) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2021/C 523/07

    PUB/2021/1028

    IO C 523, 28.12.2021, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 523/8


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.10585 – APMH INVEST / UNILABS)

    Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2021/C 523/07)

    1.   

    An 17 Nollaig 2021 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    APMH Invest A/S (“APMHI”, an Danmhairg), cuideachta atá faoi rialú A.P. Møller Holding A/S (“APMH”, an Danmhairg);

    Unilabs Holding AB (“Unilabs”, an Eilvéis), cuideachta atá faoi rialú Cidra GP S.à.r.l (Lucsamburg).

    Faigheann APMHI rialú ar Unilabs ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    i gcás APMHI: cuideachta infheistíochta atá gníomhach ar fud an domhain, cuideachta ag a bhfuil infheistíochtaí in Maersk Tankers, Maersk Product Tankers, A.P. Moller Capital, KK Wind Solutions Holding A/S, Faerch, Nissens Cooling Solutions, Maersk Drilling, Danske Bank A/S, mar aon le hinfheistíochtaí airgeadais eile in ioncam seasta agus in urrúis. Tá rialú ag APHM ar A.P. Møller-Mærsk freisin, cuideachta chomhtháite iompair agus lóistíochta atá i mbun gníomhaíochtaí ar fud an domhain.

    i gcás Unilabs: soláthraí seirbhísí diagnóiseacha atá gníomhach maidir le soláthar seirbhísí tástála bithleighis (ar a dtugtar CLTS freisin), seirbhísí íomháithe míochaine, seirbhísí míochaine atáirgthe agus seirbhísí forbartha drugaí. Tá saotharlanna agus/nó ionaid íomháithe aige i roinnt tíortha san Aontas agus lasmuigh den Aontas.

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.10585 – APMH INVEST / UNILABS

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Facs +32 22964301

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top