This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52021IE6151
Opinion of the European Economic and Social Committee on making packaging a safe, affordable and eco-friendly industry (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil atá sábháilte, inacmhainne agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh den tionscal pacáistíochta (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil atá sábháilte, inacmhainne agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh den tionscal pacáistíochta (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2021/06151
IO C 323, 26.8.2022, pp. 19–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/19 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil atá sábháilte, inacmhainne agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh den tionscal pacáistíochta
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 323/04)
|
Rapóirtéir: |
Matteo Carlo BORSANI |
|
Comhrapóirtéir: |
Dirk JARRÉ |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
21.10.2021 |
|
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
11.3.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
201/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is teicneolaíocht chumasúcháin í an phacáistíocht atá riachtanach sa chuid is mó de na slabhraí soláthair. Ina fhianaise sin, is i bhfad is faide a imríonn sí tionchar ná a héiceachóras féin. Is cuid riachtanach de gheilleagar agus margadh aonair na hEorpa í agus tá sí riachtanach ó thaobh an téarnamh a chothú agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh. Tá CESE á mholadh don Choimisiún agus na rialtais náisiúnta, i gcomhairle le geallsealbhóirí uile thionscal na pacáistíochta, dul i mbun tionscnamh feadh shaolré iomlán na dtáirgí chun próisis an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh agus díriú ar an gcur amú a chosc agus acmhainní arna n-úsáid a choinneáil laistigh de gheilleagar an Aontais a fhad is féidir. |
|
1.2. |
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann, ba cheart d’eagraíochtaí ionadaíocha na dtionscal agus na n-oibrithe, rialtais, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha réitigh nuálacha a aimsiú chun inbhuanaitheacht thionscal na pacáistíochta a mhéadú, ós rud é gur cuid riachtanach den obair chun an pláinéad a chosaint é an pacáistiú ciorclach. |
|
1.3. |
De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún a chur chun cinn go láidir idirphlé sóisialta Eorpach a chur ar bun idir cónaidhmeanna ceardchumainn agus cónaidhmeanna fostóirí in earnáil na pacáistíochta. A bhuí lena leithéid d’idirphlé Eorpach, arna chomhtháthú ar an leibhéal náisiúnta agus leibhéal na gcuideachtaí, bheadh an tacaíocht is gá ag an gCoimisiún Eorpach chun a chuid tionscnamh a cheapadh agus a chur chun feidhme agus bheadh ardán ag na comhpháirtithe sóisialta chun aistriú cóir a chur i gcrích. |
|
1.4. |
Tá CESE á mholadh pacáistíocht atá “oiriúnacht dá feidhm” a thabhairt isteach i gcás gach cineáil pacáistíochta, rud a chiallaíonn gur cheart gach pacáistíocht a fhorbairt de réir prionsabail “éicidhearthóireachta”: a bheith oiriúnach don táirge ó thaobh tomhais de leis an méid is lú spás agus meáchan breise agus is féidir, rud a chuirfeadh deireadh leis an róphacáistiú agus an gannphacáistiú agus an cur amú agus caillteanas lena mbaineann. D’fhágfadh sé sin freisin go mbeadh an lorg carbóin ba lú ab fhéidir ag baint le hiompar na n-earraí pacáistithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na spriocanna a bhaint amach a leag an Coimisiún Eorpach síos maidir le hastaíochtaí. |
|
1.5. |
Níl a dhóthain de réimse leathan na n-athruithe le feiceáil ar leibhéal na ngeallsealbhóirí go fóill. Dá bhrí sin, tá CESE ag éileamh ar institiúidí an Aontais a thuilleadh freagrachta a ghlacadh agus a thuilleadh ceannaireachta a ghabháil i mbainistiú an phróisis sin.
Áirítear leis sin na codanna rialála atá ar iarraidh a chur in iúl ar bhealach atá éasca a thuiscint agus a chur chun feidhme, chomh maith le bearta tacaíochta a dhéanamh ar fud an éiceachórais ar fad, agus béim ar leith a leagan ar na heintitis is íogaire, amhail FBManna agus daoine príobháideacha. |
|
1.6. |
Tá cur chuige iomlánaíoch á mholadh ag CESE ó thaobh ról agus tionchar foriomlán na pacáistíochta a mheas. Má scrúdaítear an pacáistiú amháin is féidir go n-imreofar drochthionchar ar an gcreat rialála agus go spreagfar comhlachtaí chun straitéisí costasacha neamhéifeachtúla is lú atá inbhuanaithe sa deireadh. Is iad na gnéithe riachtanacha is gá a chur san áireamh ná sábháilteacht agus cosaint na dtáirgí pacáistithe, bia agus deochanna (1) go háirithe, ionas go mbeidh an pacáistiú inbhuanaithe agus éifeachtach araon. Chuige sin, ní mór nach gcuirfear isteach ar na feidhmiúlachtaí sin le cur chuige a dhíríonn ar an inbhuanaitheacht i gcás dhearadh na pacáistíochta. |
|
1.7. |
Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha íoschaighdeáin a chur chun cinn chun tacú le cuideachtaí pacáistíochta na hEorpa agus iad ag déileáil le cuspóirí na n-aistrithe glasa agus córa, agus iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le gach pacáistíocht a thagann isteach sa mhargadh inmheánach ó thríú tíortha. Tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha na mbeartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a áirithiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n-allmhairí i dtaca le coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n-oibrithe feadh shlabhra luacha earnáil na pacáistíochta. Leis sin, d’fhéadfaí cothroime iomaíochta a chur ar bun sa mhargadh. |
|
1.8. |
Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún feachtais oideachais, faisnéise agus feasachta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais chun feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht na gcleachtas atá dírithe ar inbhuanaitheacht, ar gach leibhéal de shaolré na pacáistíochta, agus iompar comhchoiteann a threorú ó thaobh an táirgthe inbhuanaithe, roghanna ceannaigh inbhuanaithe, agus an dea-chleachtais maidir le pacáistíocht a dhiúscairt agus a athchúrsáil. |
|
1.9. |
Níor cheart reachtaíocht agus bearta an Aontais amach anseo a dhíriú ar an bpacáistíocht féin amháin ach ar an slabhra ina iomláine: táirgeadh, tomhaltas agus cóireáil dramhaíola. Tá CESE ag moladh infheistíochtaí a chothú sa nuálaíocht theicneolaíoch trí thacú leis an éileamh ar ábhair inathnuaite agus ábhair in-athchúrsáilte ardcháilíochta agus lena soláthar. |
|
1.10. |
Is gá go gcuirfidh an phacáistíocht leis an ngeilleagar ciorclach, agus béim á leagan ar an éicidhearthóireacht, teicneolaíochtaí athchúrsála seanbhunaithe agus scaipeadh a chosc. Tá CESE ag moladh straitéisí éifeachtúla bainistithe acmhainní a shainiú a chuirfear in oiriúint do chineál na n-acmhainní éagsúla agus a bhunófar ar phrionsabail choiteanna maidir le hacmhainní a bhainistiú, a chaomhnú agus a athchóiriú. |
|
1.11. |
Tá sé riachtanach pacáistíocht a bhailiú agus a athchúrsáil i gceart má táthar chun cur amú acmhainní a laghdú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ag moladh beartais phoiblí agus iompraíocht arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar phacáistiú agus ar shórtáil, bailiú agus diúscairt dramhaíola a chur chun cinn amach anseo i reachtaíocht an Aontais maidir le pacáistiú. Thacódh sé sin freisin le baint amach spriocanna inathchúrsáilteachta an Aontais i gcás na n-ábhar pacáistíochta go léir. Tá CESE ag moladh freisin meastóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh na Scéime Aisíoca Éarlaise le feiceáil an bhféadfaí iad a úsáid chun gníomhaíochtaí athchúrsála pacáistíochta a mhéadú in earnálacha ar leith. |
|
1.12. |
Tá sé ag moladh critéir chomhchuibhithe a chur chun feidhme le haghaidh rialacha maidir le hathchúrsáil agus bailiú pacáistíochta arna n-úsáid ar an leibhéal áitiúil sna Ballstáit, lena n-áirítear modhnú na dtáillí freagrachta leathnaithe táirgeora, agus maidir le lipéadú na pacáistíochta in-athchúrsáilte. Ní mór rialacha an Aontais maidir le pacáistiú agus earraí pacáistithe a cheapadh i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus ní mór tacú lena gcur chun feidhme comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá sé riachtanach go n-áiritheoidh an Coimisiún Eorpach infheidhmeacht agus forfheidhmiú comhionann na gceanglas rialála maidir le hinbhuanaitheacht ar fud chríoch iomlán an Aontais, agus ilroinnt agus bacainní teicniúla inmheánacha a sheachaint. |
|
1.13. |
Tá gá le bearta beartais fianaisebhunaithe má táthar chun an toradh comhshaoil is fearr is féidir a áirithiú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ag moladh an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht (2) atá ar na bacáin a úsáid chun a thuilleadh nuálaíochta a éascú ach spriocanna a leagan síos a bheadh ag teacht leis an smaointeoireacht saolré, a mbeadh bunús láidir sonraí agus fianaise eolaíochta leo agus lena mbainfí amach an toradh foriomlán ab fhearr don chomhshaol, ar spriocanna iad lena dtabharfaí aird freisin ar aon tionchar a d’imreofaí ar an táirge laistigh den phacáistíocht. |
|
1.14. |
Ní mór rannpháirt a thabhairt do na geallsealbhóirí uile sa phróiseas cinnteoireachta sa ghnáthchur chuige ba cheart do na hinstitiúidí náisiúnta agus institiúidí an Aontais a ghlacadh san earnáil seo. Tá sé riachtanach gur féidir brath ar an gcreat rialála atá i bhfeidhm agus go n-áirithítear an deimhneacht dhlíthiúil leis. Ina éagmais sin, is iondúil go gcuireann fiontair infheistíochtaí ar atráth nó go ndéanann siad infheistíochtaí nach luíonn leis na héilimh rialála. Is é an toradh a bheadh air sin, gan aon agó, go gcuirfí na cuspóirí foriomlána i mbaol, go gcuirfí acmhainní amú agus go gcaillfí poist san earnáil. |
|
1.15. |
Ba cheart taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua a chothú agus oiliúint a chur ar oibrithe earnála. De bhreis air sin, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta obair a dhéanamh i gcomhar le chéile chun na scileanna nua atá ag teastáil ón earnáil a shainiú agus, i gcomhar leis na húdaráis phoiblí, oiliúint na bhfostaithe i dtáirgeadh agus diúscairt na pacáistíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn. |
|
1.16. |
Tá CESE ag moladh go gcuirfí san áireamh sa reachtaíocht amach anseo a bhféadfaí a bhaint amach leis an digiteáil ó thaobh athrú ó bhonn a dhéanamh i dtionscal na pacáistíochta. |
|
1.17. |
Ós rud é go bhfuil ról speisialta ag an bpacáistíocht agus í i gcroílár earnáil uile an gheilleagair, ba cheart don Choimisiún Eorpach fóram bliantúil a chur ar bun maidir leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht, idir na geallsealbhóirí agus ionadaithe ó na hinstitiúidí Eorpacha, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, chun faisnéis a mhalartú maidir le forbairt an tionscail agus chun an dea-chleachtas a shainaithint agus a chur chun cinn ó thaobh rialacháin maidir leis an bpacáistiú inbhuanaithe. |
|
1.18. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach idirphlé a eagrú leis maidir le cur chun feidhme na moltaí a chuirtear chun cinn sa tuairim seo agus na deiseanna chun comhobair a dhéanamh ar bhearta leantacha iomchuí a phlé. |
2. Cúlra agus creat rialála éiceachóras na pacáistíochta
|
2.1. |
Tá baint ag tionscal na pacáistíocht le réimse leathan gnéithe de shaol laethúil an duine: an tomhaltóir agus an táirge a chosaint, an táirge a chur chun cinn, eolas a roinnt leis an tomhaltóir, an táirge a dhéanamh níos áisiúla, úsáid agus láimhseáil an táirge a éascú agus dramhaíl a laghdú. Is rud í an phacáistíocht, ar cuid ríthábhachtach de bhonneagar na sochaí agus an ghnó í, a éascaíonn folláine na sochaí agus an trádáil agus is gné riachtanach í den obair ar son an téarnaimh eacnamaíoch agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú. |
|
2.2. |
Feidhmíonn tionscal na pacáistíochta laistigh d’éiceachóras atá ag éirí níos casta i gcónaí, ceann a bhfuil an-chuid gníomhaithe ann, idir tháirgeoirí na n-amhábhar a úsáidtear sa phacáistiú, mhiondíoltóirí a dhíolann an táirge pacáistithe, oibrithe earnála, thomhaltóirí, chuideachtaí agus na húdaráis phoiblí a dhéileálann leis an bpacáistíocht a bhfuil a ré caite. |
|
2.3. |
Tá tionscal pacáistíochta an Aontais ar an dara tionscal pacáistíochta is mó ar domhan. Áirítear ann lucht déanta agus úsáidte táirgí pacáistíochta de bhunús gloine, miotal feiriúil agus alúmanaim, plaistigh, adhmaid agus páipéir agus tá os cionn 6,5 milliún duine fostaithe ann san Eoraip (3). Meastar gur 4 % an ráta fáis iolraithe bhliantúil a bheidh ag margadh pacáistíochta tomhaltais na hEorpa thar thréimhse réamhaisnéise 2021-2026. I measc na gcúiseanna leis an bhfás iontach atá á thuar don phacáistíocht tomhaltais, tá an nuálaíocht theicneolaíoch, an inbhuanaitheacht agus cúinsí eacnamaíocha fabhracha (4). |
|
2.4. |
Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (an Coimisiún Eorpach, 2019), de bhreis ar an sprioc fhoriomlán na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cuspóirí beartais tábhachtacha chun a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh in aistriú inbhuanaithe shlabhra luacha an phacáistithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
2.5. |
Pléitear na spriocanna foriomlána sin ar bhonn níos mine i bPlean Gníomhaíochta 2.0 um an nGeilleagar Ciorclach (5), ina n-ullmhaítear chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Tá an treoir sin, a tháinig i bhfeidhm in 1994, ag croílár an chreata rialála atá ann faoi láthair. Tá an Coimisiún i mbun athbhreithniú ar an treoir sin i láthair na huaire – féach an comhairliúchán (6) ábhartha agus an measúnú tionchar (7) lena mbaineann – agus rún ginearálta aige an dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, agus sreafaí ciorclacha a chur in ionad sreafaí líneacha táirgí agus ábhar (i.e. táirgeadh – úsáid – diúscairt). |
3. An geilleagar ciorclach a chothú
|
3.1. |
Is cuid ríthábhachtach d’aistriú na hEorpa chuig geilleagar ciorclach í earnáil na pacáistíochta i bhfianaise na hacmhainne atá inti ábhair a athchúrsáil. Is minice ná riamh a athchúrsáiltear na hábhair phacáistíochta nó is ábhair athchúrsáilte ó earnálacha déantúsaíochta eile iad féin. Mar sin féin, d’fhéadfaí an lúb ar lár sa gheilleagar ciorclach a chur ina ceart agus cosc a chur ar ábhair dhramhaíola amhrasacha (8) a onnmhairiú agus rochtain ar mhargaí na hEorpa a dhiúltú d’allmhaireoirí pacáistíochta nach gcloíonn leis an dea-chleachtas comhshaoil. Is údar mór imní i gcónaí ceist na hiomaíochta éagóraí ó chuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad, go háirithe i gcás FBManna, a bheadh ar an gcéad dream sa mhargadh a bheadh thíos léi. |
|
3.2. |
I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2.0 um an nGeilleagar Ciorclach, ba cheart gach pacáistíocht a bheith á hathúsáid nó á hathchúrsáil faoi 2030. Dá bhrí sin, ba cheart caitheamh le gach ábhar pacáistíochta mar acmhainn thábhachtach san obair chun geilleagar ciorclach a bhaint amach, agus béim á leagan ar an éicidhearthóireacht, teicneolaíochtaí athchúrsála seanbhunaithe agus bearta a threisiú maidir leis an scaipeadh a chomhrac. Is ag dul in olcas atá an brú ar na hacmhainní atá ann cheana féin, mar gheall ar dhaonra an domhain a bheith ag dul i méid agus an tomhaltas per capita leis. |
|
3.3. |
Is féidir pacáistíocht atá bunaithe ar shnáithín nó ábhar nádúrtha eile tacú le fás atá díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Is as ábhair inathnuaite a dhéantar an snáithín ar rud é atá marthanach, tarraingteach, in-athchúrsáilte agus in-bhithdhíghrádaithe. Tugadh le fios i staidéir a rinneadh le déanaí gur féidir pacáistíocht snáithíní a athchúrsáil os cionn 25 huaire, rud a léiríonn gur cuid riachtanach den gheilleagar ciorclach í. |
|
3.4. |
Ar an gcaoi chéanna, is féidir go mbeidh alúmanam agus cruach, ar bunábhair uathúla iad, ina ngné shuntasach den gheilleagar ciorclach freisin. A bhuí leis an il-athchúrsáil, coinnítear i gcóras ciorclach na n-ábhar táirgí agus pacáistíocht arna déanamh as bunábhair amhail miotail nó gloine agus is féidir iad a bheith ina n-acmhainní le haghaidh táirgí agus pacáistíocht eile. |
|
3.5. |
Tá gá lena thuilleadh beart chun glacadh na bpolaiméirí bithbhunaithe a fhorbairt ós rud é nach bhfuil ach cúpla Ballstát sásta tacú leis an mbonneagar atá ag teastáil chun pacáistíocht inmhúirínithe a bhailiú agus a mhúiríniú. Maidir le plaistigh, is gá tacú le tionscadail agus le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha atá ag teacht chun cinn, amhail athchúrsáil plaisteach meicniúil nó ceimiceach, agus a áirithiú ag an am céanna go laghdófar leo an tionchar foriomlán a imrítear ar an gcomhshaol i gcomhthéacs na saolré iomláine. |
|
3.6. |
Tá athrú ag teacht freisin ar an gcaoi a mbraitheann tomhaltóirí ar an bpacáistíocht agus ar a gcaidreamh léi. De réir an Staidéir ar Dhearcadh an Tomhaltóra Eorpaigh ar an bPacáistíocht, taighde neamhspleách ó Perspectus Global ar choimisiúnaigh Pro Carton é in 2021, dúirt beagnach dhá thrian de na freagróirí gur athraigh siad ó tháirge amháin go táirge eile mar gheall ar imní a bhí orthu faoin bpacáistíocht, agus bhí líon ní ba mhó daoine fós sásta praghas ní ba mhó a íoc as pacáistíocht a bheadh ní ba neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Is féidir an claonadh sin a fheabhsú a thuilleadh le feachtais múscailte feasachta agus faisnéise. |
|
3.7. |
Is mór is féidir a dhéanamh chun bailiú, sórtáil agus athchúrsáil na n-ábhar pacáistíochta a mhéadú san Eoraip. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar damáiste suntasach don chomhshaol le pacáistíocht inbhuanaithe mura ndéantar í a bhailiú, a dhiúscairt nó a athchúrsáil i gceart. Cé gur gá cleachtais níos inbhuanaithe a chothú i dtionscal na pacáistíochta, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na húdaráis phoiblí, eintitis bainistithe dramhaíola, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus na tomhaltóirí féin san obair chun bailiú, athúsáid agus athchúrsáil na dramhaíola a dhéanamh níos éifeachtúla. Ní mór an ghné sin a chur chun cinn go láidir sa reachtaíocht agus sna beartais phoiblí amach anseo chun spriocanna in-athchúrsáilteachta an Aontais a bhaint amach i gcás na n-ábhar pacáistíochta go léir, agus d’fhonn astaíochtaí CO2 a laghdú, rud a chabhródh le clár oibre aistrithe ghlais an Aontais. |
|
3.8. |
Beifear in ann cuid mhaith de na coigeartuithe atá ag teastáil a dhéanamh trí bhíthin na digiteála. A bhuí leis na teicneolaíochtaí digiteacha, is féidir dul chun cinn bunathraitheach a dhéanamh i dtionscal na pacáistíochta ós rud é gur féidir an inrianaitheacht, an áisiúlacht agus brath na crioscaíola a bharrfheabhsú. Is féidir feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht oibríochtúil freisin, rud a fhágann gur féidir freastal níos fearr a dhéanamh ar na custaiméirí agus cabhrú leis an dearadh ar son na ciorclaíochta leis an bpacáistiú cliste a bhfuil an inbhuanaitheacht ina chroílár. De bhreis air sin, éascaítear an athchúrsáil leis an bpacáistiú cliste ós rud é gur éasca teacht ar an bhfaisnéis maidir leis na hamhábhair arna n-úsáid sa phacáistíocht. |
4. Barúlacha ginearálta
|
4.1. |
Ní mór an inbhuanaitheacht a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí thionscail phacáistíochta an Aontais i gcónaí. Ba cheart do thionscal na pacáistíochta, i gcomhréir le ceanglais an Phlean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach (9), dul i mbun tionscnamh feadh shaolré iomlán na dtáirgí. |
|
4.2. |
Dá bhrí sin, is mór an tionchar a bhíonn ag beartais a dhéanann difear don chreat reachtach a bhaineann le tionscal na pacáistíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le dramhaíl ó phacáistíocht, ar na tionscail agus na gníomhaíochtaí sóisialta uile a mbíonn pacáistíocht á n-úsáid acu. Cuir i gcás, maidir le pacáistiú bia, áirithítear leis an gcreat sin sábháilteacht agus cosaint táirgí, coimeádtar bia inite go ceann tréimhse fhada, seachnaítear cur amú bia a oiread is féidir, agus cabhraítear go mór le soláthar bia inacmhainne a chothú agus a chinntiú do chách. |
|
4.3. |
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann, ní mór do na geallsealbhóirí go léir réitigh nuálacha a aimsiú chun inbhuanaitheacht thionscal na pacáistíochta a mhéadú, ós rud é gur cuid riachtanach den obair chun an pláinéad a chosaint é an pacáistiú ciorclach. Ní mór do na gníomhaithe sóisialta go léir idirphlé soiléir a chur ar bun de réir a ról agus inniúlachtaí féin ó thaobh na spriocanna thuas a bhaint amach. |
|
4.4. |
Tá sé riachtanach go n-áiritheofar laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais infheidhmeacht agus forfheidhmiú comhionann na gceanglas rialála maidir le hinbhuanaitheacht ar fud chríoch iomlán an Aontais, agus ilroinnt agus bacainní teicniúla inmheánacha a sheachaint. Ba cheart rialacha an Aontais maidir le pacáistiú agus earraí pacáistithe a cheapadh i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus ba cheart tacú lena gcur chun feidhme comhchuibhithe ar fud an Aontais. Chuige sin, is gá croíphrionsabail, spriocanna agus sainmhínithe soiléire a chumhdach i gcorp na reachtaíochta agus ina gníomhartha cur chun feidhme, rud a chuirfidh cosc ar éagsúlacht a theacht chun cinn idir na bearta náisiúnta an chéad lá riamh. I gcás na n-impleachtaí don mhargadh aonair a bhainfeadh le bearta náisiúnta ar bith, níor cheart srianta a thabhairt isteach ar shaorghluaiseacht na pacáistíochta ná na n-earraí pacáistithe, rud a bheadh díréireach agus/nó nach mbeadh gá leis ó thaobh chosaint an chomhshaoil de agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le saobhadh éagórach ar mhargadh an Aontais. |
|
4.5. |
Is cuid riachtanach d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta í an phacáistíocht. Sa chás nach ndírítear ach ar an bpacáistiú amháin is féidir drochthionchar a imirt ar an gcreat rialála. Go deimhin, is iondúil go mbíonn i bhfad níos mó acmhainní ag baint le táirgí agus go mbíonn luach intreach i bhfad níos airde acu ná mar atá i gceist leis an bpacáistíocht a úsáidtear lena gcosaint. Dá bhrí sin, is dócha gurb é an comhshaol is mó a bheidh thíos leis i gcás táirgí ar a bhfuil pacáistíocht tearcfheidhmíochta. Cuir i gcás, i dtionscal an bhia, imíonn 30 % (10) den bhia go léir a tháirgtear ar domhan amú nó cuirtear amú é áit éigin ar an slabhra soláthair; is féidir gur ceann de na réitigh lenar féidir an ráta sin a laghdú í an phacáistíocht bharrfheabhsaithe. Is ionann méid an chaillteanais agus chur amú bia – i slabhraí soláthair agus i lámha an tomhaltóra – agus thart ar an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhia, is é sin 6 % d’iomlán na n-astaíochtaí domhanda (11). |
|
4.6. |
Tá sé tábhachtach, ar go leor cúiseanna, tacú le tionscal pacáistíochta na hEorpa. Mar shampla, cé gur ann do reachtaíocht chun a áirithiú go gcloíonn ábhair phacáistíochta leis na caighdeáin chomhshaoil, cloíonn lucht pacáistíochta na hEorpa ar bhonn deonach le roinnt treoirlínte eile freisin, amhail deimhniú ón gComhairle um Maoirseacht Foraoisí i gcás pacáistíocht páipéir, cláir nó adhmaid, chun astaíochtaí a laghdú agus dea-chleachtas comhshaoil a chur chun cinn. Cé gur gá d’iomaitheoirí nach de chuid an Aontais iad cloígh le reachtaíocht na hEorpa, is féidir nach gcloífidh siad leis na cóid dheonacha sin nó leis na caighdeáin a leanann cuideachtaí Eorpacha. |
Tá lucht saothair an-oilte de dhíth ar earnáil na pacáistíochta agus ní mór di a bheith níos tarraingtí don ghlúin óg. Ní mór don earnáil a bheith ar a dícheall i gcónaí ag iarraidh dálaí oibre a fheabhsú, deiseanna oiliúna a chruthú agus speisialtóirí digiteála ardoilte a mhealladh chun an tionscail.
|
4.7. |
Dá bhrí sin, tá oiliúint earnálach na n-oibrithe, agus uasdátú leanúnach phróiseas an díchill chuí, ríthábhachtach do thionscal na pacáistíochta agus ba cheart an méid sin a chur chun cinn. |
|
4.8. |
I gcás an dá aistriú a imreoidh tionchar ar gheilleagar an Aontais i rith na bliana atá le teacht, beidh siad ar cheann d’ábhair thosaíochta earnáil na pacáistíochta freisin. I ndáil leis sin, ba cheart an Sásra um Aistriú Cóir a chur san áireamh san athshainiú nua ar an gcreat rialála, chun a áirithiú nach bhfágfar aon dream ar an trá fholamh. |
5. Barúlacha sonracha
5.1. Má dhéantar dearadh na pacáistíochta a bharrfheabhsú, is féidir cuidiú le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a laghdú.
Is gné shuntasach é dearadh na pacáistíochta ó thaobh na feidhmíochta comhshaoil a bheidh ag an táirge ar feadh a shaolré a shocrú. Is iomaí buntáiste a bhaineann le pacáistíocht dhea-cheaptha, de dhéantús foinsí arna n-aimsiú go freagrach, a mbaintear leas cuí aisti agus a athchúrsáiltear go héifeachtach, ina measc siúd tá laghdú ar an damáiste a dhéantar do tháirgí, saolré fhóinteach na dtáirgí a mhéadú, stóráil, iompar agus dáileadh éifeachtúil a éascú, rochtain shábháilte áisiúil ar earraí a sholáthar, an tomhaltóir a mhealladh agus faisnéis riachtanach a chur in iúl dó nó di. Dá bhrí sin, ní féidir an phacáistíocht a mheas gan an táirge a ghabhann léi a chur san áireamh léi, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint idir ábhar, formáid agus a dearadh na pacáistíochta agus na feidhmiúlachtaí is gá di a chomhlíonadh i gcás an táirge lena mbaineann. Mar sin féin, cé go nglactar lena riachtanaí atá feidhmiúlacht na pacáistíochta, is léir gur cheart pacáistíocht inbhuanaithe a bheadh spárálach ar acmhainní a fhorbairt de réir phrionsabail na éicidhearthóireachta. Áirítear sa mhéid sin:
|
— |
úsáid na n-amhábhar a íoslaghdú; |
|
— |
úsáid na n-ábhar in-athchúrsáilte agus athchúrsáilte a uasmhéadú (agus ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh); |
|
— |
éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe a mhéadú; |
|
— |
bainistiú lóistíochta a bharrfheabhsú; |
|
— |
feasacht a mhúscailt maidir le luach agus ath-inúsáideacht na pacáistíochta; |
|
— |
feabhas a chur ar bhailiú, cóireáil agus athchúrsáil na pacáistíochta. |
Tá sé riachtanach inbhuanaitheacht agus feidhmiúlacht na pacáistíochta araon a chur san áireamh.
Is cuma cén cineál pacáistíochta a úsáidtear, ba cheart róphacáistiú a sheachaint i gcónaí, go háirithe i gcás na ríomhthráchtála agus táirgí a sheachadtar chun an bhaile, inarb é 1:1 An cóimheas idir an phacáistíocht agus an táirge. I ndáil leis sin, ba cheart aird a thabhairt freisin ar thaighde agus ar réitigh nuálacha a laghdódh an drochthionchar a imrítear ar an gcomhshaol de dheasca phacáistiú na n-earraí arna seachadadh.
5.2. Tá gá le bearta beartais fianaisebhunaithe má táthar chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach ó thaobh an chomhshaoil de.
Deis atá i ndúshláin an athraithe aeráide don Aontas Eorpach bonn tionsclaíoch inbhuanaithe a thógail a bheidh dírithe ar an todhchaí. A mhéid a bhaineann leis an bpacáistíocht, ba cheart gach tionscnamh beartais atá ar na bacáin a bhunú ar fhianaise eolaíoch agus tuiscint fhónta ar an tionchar iarbhír a bheidh acu ar an gcomhshaol. Is cabhair straitéiseach é úsáid mhodheolaíocht an Mheasúnaithe Saolré a mholadh mar uirlis chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn táirgí ar an gcomhshaol i rith a saolré iomláine.
5.3. De thoradh ábhair phacáistíochta atá go hiomlán in-athchúrsáilte agus inathnuaite a úsáid, cothaítear forbairt an gheilleagair chiorclaigh.
Ba cheart tacaíocht a thabhairt i reachtaíocht agus gníomhaíochtaí an Aontais amach anseo don éileamh ar ábhair in-athchúrsáilte inathnuaite ardcháilíochta, rud a chothódh a thuilleadh infheistíochta sa nuálaíocht phacáistíochta. Ar bhonn níos sonraí, níor cheart díriú ar an bpacáistíocht féin i reachtaíocht agus gníomhaíochtaí an Aontais ach ar an slabhra táirgthe ina iomláine: e.g. mar a aimsítear agus próiseáiltear na hábhair, na hacmhainní agus an fuinneamh atá ag teastáil ón bpróiseas táirgthe, agus a éasca atá sé i ndáiríre an t-ábhar nó an táirge a athchúrsáil. Ba cheart don Aontas infhaighteacht agus cáilíocht na n-ábhar athchúrsáilte a mhéadú, agus béim á leagan ar a mhéad a choinnítear airíonna bunúsacha an ábhair ann i ndiaidh a athchúrsála, agus ar a mhéad is féidir é úsáid in ionad amhábhair phríomhúla amach anseo (12).
5.4. Tá comhchuibhiú na scéimeanna áitiúla bailithe agus athchúrsála ríthábhachtach ó thaobh na spriocanna a bhaint amach maidir le hathchúrsáil na pacáistíochta.
Tá sé ar cheann de spriocanna an Aontais rátaí athchúrsála dramhaíola a mhéadú, ach tá a bhaint amach sin ag brath freisin ar mar a éiríonn leis na húdaráis áitiúla an bailiú a mhéadú agus a fheabhsú.
Maidir le hathchúrsáil dramhaíola cathrach, tá éagsúlacht mhór sna rátaí ó áit amháin go háit eile san Aontas, fiú idir tíortha a bhfuil rátaí athchúrsála acu atá mórán mar an gcéanna, tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh rialacha agus modhanna bailiúcháin de. Tá gá lena thuilleadh comhchuibhithe ó thaobh na rialacha maidir le hábhair a athchúrsáil agus na scéimeanna bailiúcháin a úsáidtear go háitiúil sna Ballstáit. Tá gá freisin le critéir chomhchuibhithe maidir le modhnú táillí freagrachta leathnaithe táirgeora agus maidir le lipéadú na pacáistíochta in-athchúrsáilte.
Tá sé ríthábhachtach freisin measúnú a dhéanamh ar spriocanna sonracha maidir le bailiú agus athchúrsáil i gcás roinnt catagóirí táirge ar leith amhail pacáistíocht na seirbhísí bia i gcás béilí a itear ar an láthair agus iad siúd a thugtar abhaile araon. Ach spriocanna soiléire a shocrú maidir leis an mbailiú agus an athchúrsáil i gcás earnáil an mhiondíola, an fháilteachais, na lónadóireachta, etc., agus i gcás na mbardas freisin, is féidir bruscar ó phacáistíocht a laghdú, rud chuirfidh leis an ráta athchúrsála.
5.5. Córas na Scéimeanna Aisíoca Éarlaise
Is cinnte gur féidir na Scéimeanna Aisíoca Éarlaise a úsáid chun athchúrsáil a dhreasú agus éifeachtúlachtaí bailiúcháin a sholáthar do ghnólachtaí ar féidir leo bruscar a laghdú ar scála ollmhór, go háirithe i gcás cineálacha tomhaltais ar leith, amhail deochanna a dhíoltar i mbuidéil phlaisteacha agus ghloine.
5.6. Ach feabhas a chur ar cháilíocht an bhailithe pacáistíochta cuirtear borradh a chur faoi inbhuanaitheacht thionscal na hathchúrsála.
Chun tacú leis na húdaráis áitiúla, tá sé riachtanach treoirlínte soiléire athchúrsála agus cumarsáid spriocdhírithe a fhorbairt, i gcomhairle le tionscal na hathchúrsála, maidir leis an gcaoi ar cheart don ghnáthdhuine den phobal ábhair in-athchúrsáilte a dhealú agus a chur ar fáil go héifeachtúil lena mbailiú.
An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) De bhreis air sin, tá ról tábhachtach ag an bpacáistiú i roinnt tionscal, cuir i gcás tionscal an agraibhia, ó thaobh traséilliú bia agus deochanna a chosc, rud a chuireann cosc ar na rioscaí sláinte a ghabhann leis.
(2) OJ L 365, 31.12.1994, p. 10.
(3) Eurostat.
(4) https://www.mordorintelligence.com/industry-reports/europe-consumer-packaging-market
(5) https://environment.ec.europa.eu/strategy/circular-economy-action-plan_en
(6) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12263-Dramhail-o-phacaistiu-a-laghdu-athbhreithniu-ar-rialacha_ga
(7) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say_ga
(8) Cuir i gcás, onnmhairíonn cuid de na tíortha san Eoraip a gcuid dramhaíola plaistigh as an Eoraip. Ba cheart an méid sin a sheachaint ach borradh a chur faoi scéim athchúrsála inmheánach an Aontais, lena dtiontófaí an dramhaíl sin ina hamhábhar luachmhar athchúrsáilte. (https://www.theguardian.com/environment/2021/jan/12/loophole-will-let-uk-continue-to-ship-plastic-waste-to-poorer-countries).
(9) https://environment.ec.europa.eu/strategy/circular-economy-action-plan_ga.
(10) Gerber, P.J., Steinfeld, H., Henderson, B., Mottet, A., Opio, C., Dijkman, J., Tempio, G. (2013). Tackling climate change through livestock – A global assessment of emissions and mitigation opportunities [An t-athrú aeráide a chomhrac trí bhíthin an bheostoic – Measúnacht dhomhanda ar astaíochtaí agus deiseanna maolaithe]. An Róimh: Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO).
(11) “Is é an cur amú bia is cúis le 6 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar domhan” (https://ourworldindata.org/food-waste-emissions).
(12) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI)) (IO C 465, 17.11.2021, lch. 11), mír 39.