Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE6395

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ann ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh (COM(2021) 727 final — 2021/0385 (COD))

    EESC 2021/06395

    IO C 290, 29.7.2022, p. 68–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 290/68


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ann ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh

    (COM(2021) 727 final — 2021/0385 (COD))

    (2022/C 290/12)

    Rapóirtéir:

    Jörg Freiherr FRANK VON FÜRSTENWERTH

    Comhairliúchán

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 3.2.2022

    Parlaimint na hEorpa, 27.1.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    3.3.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.3.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    568

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    210/0/4

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair, in am trátha, chun teilitéipeanna comhdhlúite a bhunú do na haicmí sócmhainní – scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí díorthacha – mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil (1). Is céim eile é sin i dtreo Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún Eorpach.

    1.2.

    Tá CESE á thabhairt le fios athuair gur tosaíocht agus réamhriachtanas tábhachtach é Aontas na Margaí Caipitil a bhunú le go bhféadfar fíormhargadh aonair a chruthú, iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shárú agus an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a bhaint amach san Eoraip.

    1.3.

    Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Rialacháin lena dtugtar isteach na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha agus na bearta tionlacain. Má chuirtear chun feidhme go maith iad, cuirfidh siad go mór le trédhearcacht agus le hinfhaighteacht sonraí margaidh, feabhsóidh siad an chothroime iomaíochta idir na hionaid forghníomhaithe agus neartóidh siad na margaí caipitil san Eoraip. Fágfaidh an trédhearcacht chomhdhlúite go bhféadfar maolú go mór ar na drochéifeachtaí a bhíonn ag ilroinnt mhargaí caipitil na hEorpa, leibhéal ilroinnte atá fós an-ard.

    1.4.

    Tá sé an-tábhachtach do CESE go mbeadh rochtain neamh-idirdhealaitheach, saor in aisce ar shonraí margaidh ar fáil do chách, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus, ar bhonn níos ginearálta, d’infheisteoirí miondíola. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na neamhshiméadrachtaí faisnéise atá ann cheana a laghdú.

    1.5.

    Molann CESE go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi thuilleadh gníomhaíochtaí maidir le hAontas na Margaí Caipitil a chruthú le go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar shaol na scaireanna san Eoraip, toisc an-éagsúlachtaí a bheith ann. Bheadh gá, freisin, sa bhreis ar rialacha coisctheacha maidir le cosaint tomhaltóirí, ar rialacha lena spreagfaí iontaoibh iad, bearta a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an oideachas tomhaltóirí. Lena chois sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach béim mhór a leagan ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, agus ar dhálaí oibre, i ngach beart atá dírithe ar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú. Mar chuid de sin, bheadh gá a áirithiú go gcuirfí na cúraimí breise a bheadh ar na maoirseoirí Eorpacha agus náisiúnta san áireamh agus acmhainní daonna á roinnt.

    1.6.

    Maidir leis an tsaincheist achrannach i dtaobh an choisc ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh lena bhforghníomhú, is é sin íocaíochtaí a thairiscint i leith sreabhadh orduithe (PFOF), molann CESE an prionsabal seo a leanas a neartú: ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais an t-ionad trádála nó an contrapháirtí a fhorghníomhaíonn trádálacha a gcliant a roghnú ar bhonn an fhorghníomhaithe is fearr a bhaint amach dá gcliant, agus ar an mbonn sin amháin. Tá CESE ag teacht le dearcadh an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil sé ar neamhréir leis an bprionsabal sin go bhfaigheadh an t-idirghabhálaí airgeadais luach saothair ábhartha nó neamhábhartha ón ionad trádála nó ó chontrapháirtí mar mhalairt ar orduithe forghníomhaithe a chur ar aghaidh.

    2.   Cúlra

    2.1.

    An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste beart ar mhaithe leis an bpacáiste maidir le hAontas na Margaí Caipitil a neartú. Is éard atá sa phacáiste sin teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach agus ceithre ghníomh dlí (2). Tá an tuairim seo dírithe – mar chuid de phacáiste Aontas na Margaí Caipitil – ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR) (3), ina leagtar amach go bunúsach na rialacha maidir le bonneagar an mhargaidh airgeadais agus trína soláthraítear, in éineacht leis an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID II) (4), an creat rialála maidir le seirbhísí infheistíochta a sholáthar.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.   Leagan amach an togra

    3.1.1

    Tá sé i gcoiteann ag na tograí atá i bpacáiste Aontas na Margaí Caipitil go bhfuil siad dírithe ar an trédhearcacht a mhéadú sna margaí caipitil Eorpacha atá ilroinnte go fóill. Is díol sásaimh do CESE an cuspóir sin, mar nach bhféadfar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú gan trédhearcacht mhaith agus sonraí iontaofa a bheith ar fáil go tapa. Tá an-tábhacht ina leith sin leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR). Baineann na leasuithe sin den chuid is mó leis an mbonneagar margaidh, óir bhí na rialacha maidir le cosaint infheisteoirí san áireamh cheana sa leasú “tapa” a rinneadh ar an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) ag tús 2021 chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 (5).

    3.1.2

    Tá gá freisin, dá bhrí sin, leis an leibhéal trédhearcachta is airde agus is féidir a áirithiú sna margaí urrús le go bhféadfar rochtain níos fearr ar na margaí caipitil a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus, ar bhonn níos ginearálta, d’infheisteoirí miondíola. Is fíor go bhfuil ceangal cheana ar gach ionad forghníomhaithe faisnéis a fhoilsiú maidir le, mar shampla, méid, am agus praghas na n-idirbheart. Mar sin féin, ní éiríonn ach le gnólachtaí móra infheistíochta na sonraí sin a bhailiú ar bhealach comhdhlúite – rud a thugann léargas ceart ar an margadh – agus bíonn costas mór ar a leithéid. Dá bhrí sin, ní féidir le haon duine a bheith cinnte faoi, faoi láthair, go bhfuil an praghas is fearr á fháil acu. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain éasca ar shonraí iontaofa margaidh. Tá baint aige sin freisin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, rud atá riachtanach chun margaí airgeadais inbhuanaithe a chruthú maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme agus tá ról na faisnéise sin ag éirí níos tábhachtaí. Tá nasc tábhachtach substainte aige sin leis an ionad Eorpach ilfhreastail aonair (ESAP) agus le héascú an tsoláthair faisnéise a bhaineann leis an inbhuanaitheacht (na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna)).

    3.1.3

    Trí rochtain thapa, iontaofa agus éasca a thabhairt ar shonraí margaidh, cothófar iomaíocht idir ionaid trádála a bhuí leis an trédhearcacht a bheidh ann, ós rud é go bhfágann an trédhearcacht go ndéantar idirbhearta urrús san áit ina bhfuil an praghas is fearr le fáil agus ina bhfuil leachtacht ard. Gné thábhachtach do na hinfheisteoirí príobháideacha agus na hinfheisteoirí institiúideacha araon is ea an trédhearcacht maidir le cripteashócmhainní i gcóras na dteilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha.

    3.1.4

    Is uirlis bhunriachtanach í an teilitéip chomhdhlúite Eorpach – ceann do gach aicme sócmhainní (scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí díorthacha) – chun na neamhshiméadrachtaí faisnéise atá ann cheana a laghdú. Is féidir léi cabhrú freisin le ceannasacht na trádála ardmhinicíochta a laghdú. Is díol sásaimh do CESE an iomaíocht sa bhonneagar margaidh. Is den tábhacht é don Choiste go bhfuil an iomaíocht cothrom agus go ndéantar an leibhéal céanna rialála a chur i bhfeidhm ina leith. Ba cheart an arbatráiste rialála idir ionaid trádála a chur as san áireamh. Cé go bhfuil an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) infheidhme go díreach sna Ballstáit, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach dlúthfhaireachán ar na gníomhartha reachtaíochta náisiúnta a ghabhann leis agus ar a gcur chun feidhme praiticiúil, agus ar na cleachtais náisiúnta maoirseachta, d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, agus, nuair is gá, a iarraidh ar na Ballstáit coigeartuithe a dhéanamh agus, más gá, pionóis a ghearradh i leith sáruithe.

    3.1.5

    Le tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite, i.e. bunachair sonraí láraithe a thugann rochtain éasca agus neamh-idirdhealaitheach ar shonraí margaidh comhdhlúite do gach infheisteoir (bainisteoirí sócmhainní beaga agus móra, cistí pinsin, infheisteoirí miondíola) agus do gach idirghabhálaí airgeadais, bídís mór nó beag, laghdófar an buntáiste faisnéise atá ag soláthraithe móra agus éascófar go mór an rochtain ar mhargaí airgeadais, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos éifeachtúla amach anseo.

    3.1.6

    Is féidir leis na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha cabhrú freisin chun cur i gcoinne treochtaí de luaineacht iomarcach, amhail borradh faoi phraghsanna agus titim praghsanna, trí thrédhearcacht bhreise a chruthú.

    3.1.7

    Tá CESE den tuairim nach leor an trédhearcacht a chruthaítear leis na teilitéipeanna comhdhlúite agus an rochtain níos éasca ar shonraí margaidh, lena n-áirítear d’infheisteoirí miondíola, mar mhalairt ar an gcosaint leanúnach dea-fhorbartha d’infheisteoirí. Trí rochtain ar shonraí a éascú d’infheisteoirí miondíola, meabhraítear go bhfuil gá le hiarrachtaí a neartú lena áirithiú gur leor an t-oideachas tomhaltóirí i réimse an airgeadais le go mbeidh tomhaltóirí in ann déileáil go freagrach leis na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann leis na margaí caipitil.

    3.1.8

    Is céim mhór chun cinn freisin i dtaca le heitic sonraí é cruthú na dteilitéipeanna comhdhlúite, toisc an eitic sonraí a bheith ag éirí níos tábhachtaí sa saol digitithe ina bhfuil sonraí ina dtráchtearra agus ina ngné bhunriachtanach le páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta. Molann CESE rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí margaidh a áirithiú. Is díol sásaimh don Choiste go bhfágann tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite go dtabharfar rochtain ar shonraí riachtanacha do, go háirithe, gnólachtaí beaga agus tomhaltóirí nach mbeadh rochtain acu orthu murach sin de thoradh easpa acmhainní airgeadais. Tá tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite ag tabhairt aghaidh, mar sin, ar an ngá le rochtain eiticiúil ar fhaisnéis sna margaí airgeadais.

    3.1.9

    Is díol sásaimh do CESE gur bhunaigh an Coimisiún Eorpach a chuid tograí ar dhianphlé faoin tionchar a bheadh acu ar an margadh, is é sin le rá ar na hionaid trádála san Eoraip agus ar an iomaíocht idirnáisiúnta freisin. Is díol sásaimh don Choiste freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach meastóireacht a dhéanamh amach anseo ar na rialacha nua.

    3.2.   Teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha, Airteagal 22 agus Airteagal 27 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)

    3.2.1

    Tá CESE á thabhairt le fios athuair (6) go dtacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún maidir le teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a thabhairt isteach. Má chuirtear chun feidhme go maith é ón taobh teicniúil de, beidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh in ann rochtain atá gar do rochtain fíor-ama a bheith acu ar shonraí trádála – scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí airgeadais díorthacha – ó ionaid trádála uile an Aontais. Dá réir sin, táthar ag súil leis go gcabhróidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha go mór chun dul i ngleic leis na margaí ilroinnte. Mar sin féin, tá rath na dteilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha ag brath go mór ar an gcaoi a gcuirfear chun feidhme go praiticiúil iad (an oibleagáid sonraí a sholáthar, caighdeáin na sonraí, an rochtain ar shonraí, cáilíocht na sonraí, slándáil sonraí, cosaint sonraí (i gcás inarb ábhartha), aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna trédhearcachta maidir le huimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a shannadh d’ionstraimí díorthacha dá saolré iomlán (seachas ar bhonn laethúil), úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is nua-aimseartha, athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, rochtain éasca agus neamhchostasach).

    3.2.2

    Chun go n-éireoidh leo, ní mór do gach soláthraí sonraí a bheith faoi réir na ndiancheanglas cáilíochta céanna ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, is cuma an stocmhalartán nó banc, gnáthsholáthraí sonraí nó cuideachta teicneolaíochta airgeadais iad. Ina theannta sin, is réamhriachtanais ríthábhachtacha iad cáilíocht na sonraí agus struchtúr oiriúnach rialachais chun go n-éireoidh leo. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí faireachán leanúnach ar cháilíocht na sonraí agus ar rialachas chóras na dteilitéipeanna comhdhlúite agus go ndéanfaí iad a choigeartú, más gá.

    3.2.3

    Tacaíonn CESE leis an togra dea-chothromaithe chun ról lárnach a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) san fhaireachán leanúnach a dhéantar ar na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha. Tá súil ag CESE leis go gcuirfear na hacmhainní airgeadais, acmhainní ábhartha agus acmhainní daonna is gá chun na críche sin ar fáil do ÚEUM – agus do na maoirseoirí náisiúnta i réimse na maoirseachta urrús.

    3.2.4

    Tá tábhacht mhór ag baint leis na nósanna imeachta maidir le hoibreoir amháin teilitéipe comhdhlúite a roghnú do gach aicme sócmhainní. Dar le CESE, tá tábhacht le nósanna imeachta roghnúcháin atá réidh agus trédhearcach. Is é is cúis leis sin den chuid is mó go mbeidh buntáiste iomaíoch suntasach ag na chéad oibreoirí a roghnófar nuair a bheidh gá tairiscintí a chur isteach arís tar éis cúig bliana. Bheadh sé inmhianaithe, dá bhrí sin, dá meallfadh na glaonna ar thairiscintí réimse leathan tairiscintí iomaíocha. Is díol sásaimh don Choiste go bhfuil na critéir roghnúcháin leagtha síos go mionsonraithe agus go sonraítear freisin na ceanglais eagraíochtúla a bheadh le comhlíonadh ag na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite. Measann CESE gur cur chuige maith é an cur chuige go mbeadh ar na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite staitisticí feidhmiúlachta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht agus córais sonraí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin saor in aisce ag deireadh gach ráithe.

    3.2.5

    Beidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha ina gcéim agus ina n-uirlis fhíor-riachtanach ag soláthraithe seirbhísí infheistíochta le go bhféadfaidh siad a gcuid dualgas maidir leis an bhforghníomhú is fearr a chomhlíonadh (Airteagal 27(2) MiFID II) ar chaoi atá níos eolaí agus níos éasca agus ar bhonn níos ginearálta. Príomhchritéar a bheidh ann an praghas is fearr a bhaint amach, go háirithe i gcás infheisteoirí miondíola. Mar sin féin, ba mhaith le CESE a chur in iúl, mar réamhchúram, nár cheart na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a chur in ionad phrionsabal an fhorghníomhaithe is fearr.

    3.2.6

    Ní fhéadfaidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a bheith iomlán éifeachtach mura mbeidh na hionaid forghníomhaithe éagsúla atá sa mhargadh faoi réir cothroime iomaíochta. Tacaíonn CESE, dá bhrí sin, leis na tograí ón gCoimisiún Eorpach, tograí atá dírithe ar thrédhearcacht iomlán na n-ardán trádála a áirithiú, go háirithe an toirmeasc ar ardáin trádála anaithnide nach bhfuil ar a dtrádálaithe aon cheanglas trédhearcachta a chomhlíonadh.

    3.3.   Oibleagáid an ionaid trádála le haghaidh ionstraimí airgeadais díorthacha, Airteagal 28 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)

    3.3.1

    Is díol sásaimh do CESE go gceartaítear sa togra ón gCoimisiún Eorpach earráid chórasach a tháinig chun cinn tar éis fhoilsiú EMIR faoin gclár REFIT. Uaidh seo amach, ní bheidh ar chontrapháirtithe airgeadais beaga oibleagáid an ionaid trádála a chomhlíonadh níos mó de réir an dlí agus beidh siad díolmhaithe freisin, mar a bhí roimhe seo, ón oibleagáid imréitigh.

    3.4.   Ionad trádála le haghaidh scaireanna, Airteagal 23 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)

    3.4.1

    De réir an togra ní bheidh feidhm ag oibleagáid an ionaid trádála le haghaidh scaireanna ach maidir le sócmhainní a bhfuil uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) de chuid an Aontais Eorpaigh ag gabháil leo. Agus díolmhófar fiú na sócmhainní sin ó oibleagáid an ionaid trádála más lasmuigh den Aontas Eorpach san airgeadra áitiúil a dhéanfar iad a thrádáil. Tá tairbhe ag baint leis an togra ó dhearcadh an infheisteora de, ós rud é, i gcás na sócmhainní a bhfuil ionad trádála lasmuigh den Aontas Eorpach acu, gur dócha gur san ionad sin a gheofar na praghsanna is fearr. Tá an rud céanna fíor go háirithe i gcás sócmhainní a bhfuil uimhir ISIN de chuid an Aontais ag gabháil leo ach a thrádáiltear den chuid is mó in GBP ar Stocmhalartán Londan. Aontaíonn CESE leis an togra sin go sonrach, dá bhrí sin.

    3.5.   Íocaíocht i leith sreabhadh orduithe (PFOF), Airteagal 39(a) den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)

    3.5.1

    Cuirtear cosc leis an togra ar an tsamhail luacha saothair ar a dtugtar PFOF, samhail lena bhfaigheann idirghabhálaithe airgeadais táillí óna gcomhpháirtithe trádála mar chúiteamh as gnó a gcliant a stiúradh i dtreo an chomhpháirtí trádála sin. Thar aon ní eile, is samhail mhaoinithe do bhróicéirí ar líne é PFOF, ar minic é ina mhalairt rogha chostéifeachtach ar thrádáil thraidisiúnta na stocmhalartán, go háirithe i gcás infheisteoirí miondíola. I gcás bróicéirí ar a dtugtar bróicéirí “zero-commission”, go háirithe, is é an cleachtas gan ach táille bheag a ghearradh ar chustaiméirí i leith an ordaithe agus ioncam (an bhróicéara) a fháil as “lacáistí” ón ionad trádála. Ina lán cásanna, bíonn na horduithe trádála go léir dírithe ar chomhpháirtí trádála amháin. Ní nochtar na “lacáistí” sin do na custaiméirí. Aontaíonn CESE le ÚEUM (7) go dtagann an cleachtas sin salach ar oibleagáid an fhorghníomhaithe is fearr agus ar an trédhearcacht is gá ó thaobh praghsanna. Ar an taobh eile, tugann na bróicéirí ar líne sin rochtain ar sheirbhísí infheistíochta ísealtairsí ar chostas íseal, go háirithe d’infheisteoirí miondíola. Measann an Coiste go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht chothrom ó thaobh costais de agus cothroime iomaíochta a áirithiú idir na cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais agus na gnáthsholáthraithe. Molann CESE go dtabharfaí aird ar leith ar an tsaincheist sin sna céimeanna den phróiseas reachtach atá amach romhainn.

    3.5.2

    Dar le CESE, beidh sé riachtanach freisin plé a dhéanamh, ainneoin na n-ábhar imní dlíthiúil (an forghníomhú is fearr), ar an gceist go bhféadfadh sé nach mbeadh PFOFanna inmhianaithe ar chúiseanna a bhaineann le struchtúr an mhargaidh, díreach toisc go ndéanann siad an iomarca trádála a atreorú ó na stocmhalartáin agus, ar an gcaoi sin, feidhmiú na stocmhalartán ina iomláine a chur i mbaol. Bheadh laghdú ar leachtacht an mhargaidh ar neamhréir iomlán leis na cuspóirí atá le hAontas na Margaí Caipitil. Dhéanfadh sin dochar tromchúiseach, go háirithe, do thrédhearcacht an mhargaidh (go háirithe trédhearcacht réamhthrádála), rud a bhfuil gá leis, agus bheadh tionchar diúltach aige ar chustaiméirí.

    3.6.   An forghníomhú is fearr

    3.6.1

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 27(1) MiFID II a tharscaoileadh, is é sin an oibleagáid atá ar ionaid forghníomhaithe faisnéis a fhoilsiú maidir le cáilíocht fhorghníomhú na n-orduithe. Tá ciall leis an togra sin ón gCoimisiún Eorpach ós rud é go nglactar leis go ginearálta nach bhfuil na tuarascálacha á n-úsáid go praiticiúil ag infheisteoirí mar fhoinse úsáideach faisnéise agus go mbeidh faisnéis iarthrádála maidir le hidirbhearta ar fáil freisin sna teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha. Tuigeann CESE an méid sin agus tacaíonn sé leis sin.

    3.6.2

    Mar sin féin, níl aon chiall leis go rachadh ÚEUM i mbun comhairliúcháin faoi láthair maidir le hoiriúnú na gcaighdeán teicniúil rialála sin (RTS 27 agus RTS 28) ina sonraítear go soiléir an fhoráil atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach, sa togra uaidh, a scriosadh (Airteagal 27(2) MiFID II). Ní hamháin nach bhfuil ciall leis, ach cuireann sé ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na páirtithe lena mbaineann, rud nach bhfuil aon leas ann. Ar mhaithe le dea-chleachtas rialála inbhuanaithe, creideann CESE nach mór cleachtais den sórt sin a sheachaint.

    An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  COM(2020) 590 final.

    (2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Capital Markets Union – Delivering one year after the Action Plan, Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear ionad Eorpach ilfhreastail aonair (ESAP), Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha (ELTIF), Athbhreithniú ar an Treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFMD) agus Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (5)  Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).

    (6)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.

    (7)  Ráiteas poiblí ó ÚEUM, Doiciméad ESMA35-43-2749, 13.7.2021: “ESMA warns firms and investors about risks arising from Payment of Orderflow” [i mBéarla amháin a foilsíodh].


    Top