AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.12.2020
COM(2020) 853 final
2020/0379(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle tá tríú tíortha áirithe coibhéiseach a mhéid a bhaineann le cigireachtaí allamuigh agus le táirgeadh síl speiceas áirithe a dhéantar i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle. Maidir leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear síol a bhuaintear agus a rialaítear sna tíortha sin, tá ag gabháil leo na ráthaíochtaí céanna a mhéid a bhaineann le saintréithe an tsíl agus leis na socruithe i dtaca lena scrúdú, i dtaca le sainaithint an tsíl a áirithiú, i dtaca le marcáil agus le rialú agus atá ag gabháil leis na forálacha is infheidhme maidir le síol a bhuaintear agus a rialaítear laistigh den Aontas.
Chuir an Ríocht Aontaithe faoi bhráid an Choimisiúin iarraidh go ndearbhófar go bhfuil a síolta plandaí farae, síol gránach, síol biatais agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín coibhéiseach i gcomhréir le Cinneadh 2003/17/CE.
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an reachtaíocht is infheidhme de chuid na Ríochta Aontaithe. Maidir leis na ceanglais agus an córas atá i bhfeidhm ag an Úcráin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil siad coibhéiseach le ceanglais agus le córas an Aontais agus go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leo.
Dá bhrí sin, is iomchuí go bhfuil síol na Ríochta Aontaithe coibhéiseach leis an síol céanna a bhuaintear, a tháirgtear agus a rialaítear san Aontas.
Chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a thabhairt do choibhéis, de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil sa Ríocht Aontaithe.
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an reachtaíocht ábhartha de chuid na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis leis na forálacha a bhaineann le cineálacha a chothabháil de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE. Chinn sé go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe agus na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit.
Dá bhrí sin, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha oifigiúla ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil, a rialaítear leis na Treoracha sin, sa Ríocht Aontaithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cur chun feidhme teicniúil na gceanglas atá ann cheana is ea seo, cur chun feidhme atá comhsheasmhach, dá bhrí sin, le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais nó i margú síolta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo i gcomhréir le cuspóirí bheartas trádála agus talmhaíochta an Aontais, toisc go gcuirfidh sé borradh faoi thrádáil síolta a chomhlíonann rialacha an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí an ghnímh seo, airteagal lena dtugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle forálacha a bhunú is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is ar leibhéal an Aontais a rialaítear ceanglais maidir le síolta. Chun a ráthú gur féidir síol allmhairithe ón Ríocht Aontaithe a aistriú gan srian sa mhargadh inmheánach, is gá gníomh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Is é seo an t‑aon fhoirm ghníomhaíochta amháin de chuid an Aontais ar trínar féidir an cuspóir saothraithe a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Cinneadh an ionstraim iomchuí le haghaidh cur chun feidhme teicniúil na gceanglas atá ann cheana.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Cuireadh na Ballstáit ar an eolas agus chuathas i gcomhairle leo sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Ní dhearnadh aon chomhairliúchán ar leithligh, toisc nach mbaineann an tionscnamh ach le cur chun feidhme teicniúil na rialacha atá ann cheana agus toisc nach ndearnadh aon chomhairliúchán ar leithligh faoi thionscnaimh chomhchosúla san am a chuaigh thart.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Rinne an Coimisiún anailís reachtach i bpáirt leis an Ríocht Aontaithe. Rinne an Ríocht Aontaithe na Treoracha sin a thrasuí agus a chur chun feidhme, agus chomhlíon siad na Treoracha a bhí ann roimhe sular tharraing sí siar as an Aontas. Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n‑athrófar an reachtaíocht seo agus go mbeidh feidhm léi fós ón 1 Eanáir 2021.
•Measúnú tionchair
Is de chineál teicniúil amháin é an Cinneadh seo lena gcuirtear chun feidhme rialacha atá ann cheana, rud a fhágann, dá bhrí sin, nach mbeidh aon cheanglas ann measúnú tionchair a dhéanamh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT. Leis an togra seo coinneofar trádáil síolta talmhaíochta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas ar bun. Rannchuideodh an choibhéis, dá bhrí sin, le soláthar leanúnach síolta ar ardchaighdeán a choimeád san Aontas. Níl aon tionchar ag an togra ar chostais chomhlíontachta d'oibreoirí. Ní bhaineann an “Measúnú Digiteach” le hábhar an togra seo.
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an aon fhoráil shubstainteach atá sa togra, cuirtear an Ríocht Aontaithe le liosta na dtíortha a bhfuil aitheantas faighte acu i taca le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh, agus coibhéis chothabháil cineálacha, ar bharra táirgthe síolta arna dtáirgeadh ag speicis ghránach agus i dtaca le coibhéis an tsíl táirgthe. Tá an méid seo bunaithe ar scrúdú a rinneadh ar an reachtaíocht infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus ar an gconclúid go soláthraítear leis na ceanglais agus na córais atá i bhfeidhm na ráthaíochtaí céanna agus a sholáthraítear le córas na Aontais. Tar éis an Ríocht Aontaithe a chur ar an liosta sin, ceadófar allmhairí síolta ón Ríocht Aontaithe isteach san Aontas, chomh maith le cothabháil na gcineálacha céanna sa tír sin.
2020/0379 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh a dhéantar ar bharra áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach le cigireachtaí allamuigh a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais, agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol a tháirgeann speicis áirithe a tháirgtear sna tíortha sin a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol a tháirgtear i gcomhréir le dlí an Aontais.
(2)Bunaítear le Cinneadh 2005/834/CE ón gComhairle rialacha maidir le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais a dhéantar i dtíortha tríú tír áirithe maidir le cineálacha a chothabháil. Na seiceálacha oifigiúla ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar i dtríú tíortha agus arb iad na húdaráis a dhéanann iad, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, le haghaidh na speiceas a chumhdaítear leis na Treoracha dá dtagraítear i gcás an uile thír díobh, beidh na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leo agus a ghabhann leis na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit.
(3)Rinne an Ríocht Aontaithe Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE 2002/55/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle a thrasuí agus a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leo. Leis na gníomhartha sin, leagtar amach na rialacha ar a mbunaíonn na Treoracha sin ón gComhairle aithint na coibhéise ábhartha.
(4)Tá dlí an Aontais, lena n‑áirítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE, infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i rith na hidirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú Um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 126 agus Airteagal 127(1) de.
(5)I bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú Um Tharraingt Siar, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin aitheantas a thabhairt, ón 1 Eanáir 2021, go bhfuil síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín a tháirgtear san Aontas agus i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE.
(6)D'iarr an Ríocht Aontaithe freisin aitheantas a thabhairt don choibhéis a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe de bhun na dTreoracha sin, agus le Treoir 2002/53/CE freisin.
(7)Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n‑athrófar a reachtaíocht, lena ndearnadh na Treoracha sin a thrasuí, agus go mbeidh feidhm léi fós ón 1 Eanáir 2021.
(8)Rinne an Coimisiún scrúdú ar an reachtaíocht ábhartha de chuid na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis le ceanglais an Aontais, agus chinn sé go ndéantar na cigireachtaí allamuigh ar bharraí táirgthe síolta go sásúil agus go sásaíonn siad na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE.
(9)Dá bhrí sin, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis na gcigireachtaí allamuigh a dhéantar i leith na síolta sin a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe agus arb iad a húdaráis a dheimhníonn go hoifigiúil iad, agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint tar éis dheireadh na hidirthréimhse.
(10)Rinne an Coimisiún scrúdú ar an reachtaíocht ábhartha de chuid na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis leis na forálacha a bhaineann leis na cleachtais maidir le cineálacha a chothabháil de bhun Threoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE. Chinn an Coimisiún go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leis na seiceálacha ar chleachtais maidir leis na cineálacha sin a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe agus na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit.
(11)Dá bhrí sin, is iomchuí coibhéis na seiceálacha oifigiúla ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a rialaítear le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE agus 2002/55/CE agus 2002/57/CE, sa Ríocht Aontaithe, an choibhéis sin a aithint.
(12)Ba cheart, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú Um Tharraingt Siar i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.
(13)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE a leasú dá réir.
(14)Ós rud é go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú Um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh ón 1 Eanáir 2021,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaithe le Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE
1.Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE i gcomhréir le pointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2.Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE a leasú i gcomhréir le pointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 3
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán