Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0829

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

COM/2020/829 final

An Bhruiséil,16.12.2020

COM(2020) 829 final

2020/0365(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

{SEC(2020) 433 final} - {SWD(2020) 358 final} - {SWD(2020) 359 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Chun muintir na hEorpa a chosaint go héifeachtach, ní mór don Aontas Eorpach leanúint de leochaileachtaí a laghdú, lena n‑áirítear le haghaidh na mbonneagar criticiúil atá fíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú ár sochaithe agus ár ngeilleagair. Braitheann slite beatha shaoránaigh na hEorpa agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar bhonneagair éagsúla chun seirbhísí a sholáthar go hiontaofa atá riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha criticiúla a choinneáil ar bun. Tá na seirbhísí sin, ar seirbhísí ríthábhachtacha iad faoi ghnáthchúinsí, níos tábhachtaí fós agus an Eoraip ag bainistiú éifeachtaí phaindéim COVID‑19 agus ag féachaint le téarnamh a dhéanamh ina diaidh. Dá bhrí sin, ní mór d'eintitis a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha a bheith athléimneach, i.e. a bheith in ann teagmhais a bhféadfadh suaitheadh tromchúiseach, trasearnála agus trasteorann a bheith mar thoradh orthu a sheasamh agus a mhaolú, oiriúnú leo agus téarnamh a dhéanamh ina ndiaidh.

Is é is aidhm don togra seo feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach, ar seirbhísí iad atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun trí athléimneacht eintiteas criticiúil a sholáthraíonn na seirbhísí sin a mhéadú. Léirítear ann na hiarrataí ar ghníomhaíocht a rinne an Chomhairle 1 agus Parlaimint na hEorpa 2 le déanaí, a spreag an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh an gcur chuige atá ann faoi láthair chun na dúshláin mhéadaithe atá roimh eintitis chriticiúla a léiriú ar bhealach níos fearr, agus chun ailíniú níos dlúithe leis an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (NIS) 3 a áirithiú. Tá an togra seo comhsheasmhach leis an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais agus bunaítear dlúthshineirgí leis an Treoir leis an togra; (“Treoir NIS 2”) a thiocfaidh in ionad Threoir NIS chun aghaidh a thabhairt ar an idirnascthacht mhéadaithe idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach trí chreat reachtach a bhfuil bearta stóinseacha athléimneachta aige, le haghaidh cibirghnéithe agus gnéithe fisiciúla araon mar a leagtar amach i Straitéis Slándála an Aontais 4 . 

Ina theannta sin, léirítear sa togra cineálacha cur chuige náisiúnta i líon méadaitheach Ballstát, a bhfuil an claonadh iontu béim a leagan ar idirspleáchais trasearnála agus trasteorann agus atá bunaithe níos mó ar an athléimneacht, agus nach bhfuil i gceist le cosaint ach gné amháin den chur chuige sin, in éineacht le cosc agus maolú rioscaí, leanúnachas gnó agus téarnamh gnó. Ós rud é go bhfuil an baol ann go mbeidh na bonneagair chriticiúla ina dtargaidí sceimhlitheoireachta, na bearta sa togra seo atá dírithe ar athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, cuireann siad le cuspóirí Chlár Oibre an Aontais maidir leis an bhFrithsceimhlitheoireacht 5 a glacadh le déanaí.

Tá an tábhacht uile-Eorpach a bhaineann le bonneagair chriticiúla aitheanta le fada ag an Aontas Eorpach (AE). Mar shampla, bhunaigh an tAontas an Clár Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint (EPCIP) in 2006 6 agus ghlac sé an Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha (ECI) in 2008 7 . Leis an Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha, nach bhfuil feidhm aici ach maidir le hearnáil an fhuinnimh agus earnáil an iompair, cuirtear nós imeachta ar fáil chun ECInna a shainaithint agus a ainmniú, nós imeachta a mbeadh tionchar suntasach trasteorann aige in dhá Bhallstát ar a laghad dá mbeadh suaitheadh ann nó dá scriosfaí é. Leagtar amach ann freisin ceanglais shonracha chosanta le haghaidh oibreoirí ECInna agus údaráis inniúla na mBallstát. Go dtí seo, tá 94 ECI ainmnithe, agus tá dhá thrian díobh lonnaithe i dtrí Bhallstát i dTíortha na hEorpa Láir agus Thoir. Mar sin féin, tá níos mó i gceist le raon feidhme ghníomhaíocht an Aontais maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil ná na bearta sin, agus áirítear leis bearta earnála agus trasearnála maidir le, inter alia, díonadh ar an athrú aeráide, cosaint shibhialta, infheistíocht dhíreach choigríche agus cibearshlándáil 8 . Idir an dá linn, tá bearta dá gcuid féin déanta ag na Ballstáit féin sa réimse seo ar bhealaí nach bhfuil ag teacht lena chéile.

Dá bhrí sin, is léir nach leor an creat atá ann faoi láthair maidir le bonneagar criticiúil a chosaint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair do bhonneagair chriticiúla agus do na heintitis a oibríonn iad. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an idirnascadh idir na bonneagair, na líonraí agus na hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh, is gá an cur chuige reatha a athrú ó bhun, ó shócmhainní sonracha a chosaint i dtreo athléimneacht na n‑eintiteas criticiúil a oibríonn iad a threisiú.

Le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an timpeallacht oibríochtúil ina n‑oibríonn eintitis chriticiúla. Ar an gcéad dul síos, tá an timpeallacht riosca níos casta ná mar a bhí in 2008, agus baineann guaiseacha nádúrtha 9 léi sa lá atá inniu ann (cuireann an t‑athrú aeráide leo i mórán cásanna), gníomhaíochtaí hibrideacha státurraithe, sceimhlitheoireacht, bagairtí ón taobh istigh, paindéimí, agus timpistí (amhail tionóiscí tionsclaíocha). Ar an dara dul síos, tá dúshláin le sárú ag oibreoirí maidir le teicneolaíochtaí nua amhail 5G agus feithiclí gan foireann a chomhtháthú ina n‑oibríochtaí, agus ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a d'fhéadfadh teacht as na teicneolaíochtaí sin. Ar an tríú dul síos, fágann na teicneolaíochtaí seo agus treochtaí eile go mbíonn oibreoirí ag brath níos mó ar a chéile. Tá impleachtaí soiléire ag baint leis sin – d'fhéadfadh suaitheadh a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí ag oibreoir amháin in earnáil amháin éifeachtaí cascáidithe a bheith aige ar sholáthar seirbhísí in earnálacha eile, agus d'fhéadfadh sé tarlú freisin i mBallstáit eile nó ar fud an Aontais ar fad.

Mar a léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh in 2019 ar an Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha 10 , tá srianta ag baint leis na bearta Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana maidir le cabhrú le hoibreoirí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin oibríochtúla atá rompu sa lá atá inniu ann agus ar na leochaileachtaí a bhaineann lena gcineál idirspleách.

Tá roinnt cúiseanna leis sin, mar a leagtar amach sa mheasúnú tionchair a thacaigh le forbairt an togra. Ar an gcéad dul síos, níl oibreoirí go hiomlán ar an eolas ná ní thuigeann siad go hiomlán na himpleachtaí a bhaineann leis an timpeallacht riosca dhinimiciúil ina n‑oibríonn siad. Ar an dara dul síos, tá éagsúlacht shuntasach idir iarrachtaí athléimneachta idir na Ballstáit agus idir earnálacha. Ar an tríú dul síos, aithníonn cuid de na Ballstáit cineálacha comhchosúla eintiteas a bheith criticiúil ach ní aithníonn Ballstáit eile iad, rud a chiallaíonn go bhfaigheann eintitis inchomparáide leibhéil éagsúla de thacaíocht oifigiúil fothaithe acmhainneachta (sna foirmeacha seo a leanas e.g. treoir, oiliúint agus aclaíocht a eagrú) ag brath ar an áit a n‑oibríonn siad san Aontas, agus a fhágann go bhfuil siad faoi réir ceanglas éagsúil. Toisc go n‑athraíonn na ceanglais agus an tacaíocht rialtais le haghaidh oibreoirí ó Bhallstát go chéile, cruthaítear bacainní ar oibreoirí agus iad ag gníomhú thar theorainneacha, go háirithe i gcás na n‑eintiteas criticiúil sin atá ag feidhmiú sna Ballstáit a bhfuil creataí níos déine acu. Ós rud é go bhfuil an soláthar seirbhísí agus na hearnálacha sna Ballstáit agus ar fud an Aontais ag éirí níos idirnasctha, cruthaíonn leibhéal neamhleor athléimneachta ó oibreoir amháin riosca tromchúiseach le haghaidh eintitis eile sa mhargadh inmheánach.

Chomh maith le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chur i mbaol, d'fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha diúltacha a bheith ann do shaoránaigh, do ghnólachtaí, do rialtais agus don chomhshaol mar thoradh ar shuaitheadh, go háirithe iad siúd a bhfuil impleachtaí trasteorann agus uile-Eorpacha acu. Go deimhin, ar leibhéal an duine aonair, d'fhéadfadh suaitheadh difear a dhéanamh do chumas mhuintir na hEorpa taisteal gan bhac agus obair a dhéanamh, agus leas a bhaint as seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha amhail cúram sláinte. I mórán cásanna, is iad líonraí gnólachtaí Eorpacha atá idirnasctha go dlúth a sholáthraíonn na seirbhísí sin agus seirbhísí lárnacha eile atá mar bhonn taca don saol laethúil; d'fhéadfadh tionchar casta a bheith ag suaitheadh i ngnólacht amháin in earnáil amháin ar go leor earnálacha eacnamaíocha eile. Ar deireadh, trí shuaitheadh amhail, mar shampla, éarthaí cumhachta ar mhórscála agus timpistí tromchúiseacha iompair, d'fhéadfaí an tslándáil agus an tsábháilteacht phoiblí a lagú, rud a spreagfadh éiginnteacht agus a bhainfeadh an bonn den mhuinín as eintitis chriticiúla, agus as na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu agus as an daonra a choimeád slán sábháilte.

·Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Is léiriú é an togra seo ar thosaíochtaí Straitéis an Choimisiúin um Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, 11 ina n‑éilítear cur chuige athbhreithnithe maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil lena léirítear ar bhealach níos fearr an timpeallacht riosca atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag súil léi sa todhchaí, agus na hearnálacha éagsúla atá ag éirí níos idirspleáiche ar a chéile i gcónaí, agus na caidrimh atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile idir bonneagair fhisiceacha agus dhigiteacha.

Cuirtear an treoir atá beartaithe in ionad Threoir ECI, agus leis an treoir atá beartaithe, áirítear ionstraimí eile a bhí ann cheana agus ionstraimí a bheartaítear agus cuirtear leo. Is é atá sa treoir atá beartaithe athrú suntasach i gcomparáid leis an Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha, nach bhfuil feidhm aici ach maidir le hearnálacha an fhuinnimh agus an iompair, ina ndírítear go hiomlán ar bhearta cosanta, agus lena gcuirtear nós imeachta ar fáil chun ECInna a shainaithint agus a ainmniú trí idirphlé trasteorann. Ar an gcéad dul síos, bheadh raon feidhme earnála i bhfad níos leithne ag an treoir atá beartaithe, lena gcumhdófaí deich n‑earnáil, eadhon fuinneamh, iompar, baincéireacht, bonneagar an mhargaidh airgeadais, sláinte, uisce óil, fuíolluisce, bonneagar digiteach, riarachán poiblí, agus spás. Ar an dara dul síos, cuirtear ar fáil leis an treoir nós imeachta le haghaidh na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus critéir chomhchoiteanna á n‑úsáid acu ar bhonn measúnú riosca náisiúnta. Ar an tríú dul síos, leagtar amach sa togra oibleagáidí ar na Ballstáit agus ar na heintitis chriticiúla a shainaithníonn siad, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo, i.e. eintitis chriticiúla a chuireann seirbhísí fíor-riachtanacha ar fáil do bhreis agus aon trian de na Ballstáit nó i mbreis agus aon trian de na Ballstáit a bheadh faoi réir maoirseacht shonrach.

I gcás inarb iomchuí, thabharfadh an Coimisiún tacaíocht d'údaráis inniúla agus d'eintitis chriticiúla chun a n‑oibleagáidí faoin Treoir a chomhlíonadh. Ina theannta sin, chuirfeadh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin atá faoi réir an chreata chothrománaigh is infheidhme maidir le grúpaí den sórt sin, comhairle ar fáil don Choimisiún agus chuirfeadh sé comhar straitéiseach agus malartú faisnéise chun cinn . Ar deireadh, ós rud é nach stopann na hidirspleáchais ag teorainneacha seachtracha an Aontais, tá gá freisin le caidreamh le tíortha comhpháirtíochta. Déantar foráil maidir le comhar den sórt sin leis an treoir atá beartaithe, mar shampla i réimse na measúnuithe riosca.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá naisc shoiléire ag an treoir atá beartaithe le tionscnaimh earnála agus trasearnála eile de chuid an Aontais maidir le, inter alia, díonadh ar an aeráid athrú aeráide, cosaint shibhialta, infheistíocht dhíreach choigríche (IDC), cibearshlándáil agus acquis na seirbhísí airgeadais, agus tá an treoir comhsheasmhach leis na tionscnaimh sin. Go háirithe, tá an togra ailínithe go dlúth agus bunaíonn sé dlúthshineirgí le Treoir NIS 2 atá beartaithe, arb é is aidhm di feabhas a chur ar athléimneacht teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) lena gcumhdófar gach cineál guaise ag ‘eintitis fhíor-riachtanacha’ agus ‘eintitis thábhachtacha’ a chomhlíonann tairseacha sonracha i líon mór earnálacha. Is é is aidhm don togra seo le haghaidh treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoin treoir seo agus na húdaráis sin a ainmnítear faoi Threoir NIS 2 atá beartaithe bearta comhlántacha agus malartú faisnéise de réir mar is gá maidir leis an gcibear‑athléimneacht agus leis an athléimneacht nach cibear‑athléimneacht í, agus go mbeidh eintitis chriticiúla go háirithe sna hearnálacha a mheastar a bheith ina n‑earnálacha ‘fíor-riachtanacha’ de réir Threoir NIS 2 atá beartaithe faoi réir oibleagáidí níos ginearálta um athléimneacht a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nach rioscaí cibear‑athléimneachta iad. Tugtar aghaidh go cuimsitheach ar shlándáil fhisiceach chórais líonra agus faisnéise na n‑eintiteas in earnáil an bhonneagair dhigitigh i dTreoir NIS 2 atá beartaithe, mar chuid d'oibleagáidí bainistíochta agus tuairiscithe riosca cibearshlándála na n‑eintiteas sin. Ina theannta sin, cuireann an togra le acquis na seirbhísí airgeadais atá ann cheana, lena mbunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun rioscaí oibriúcháin a bhainistiú agus leanúnachas gnó a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart déileáil le heintitis a bhaineann leis an mbonneagar digiteach, le hearnálacha baincéireachta agus bonneagair airgeadais mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla de bhun na Treorach seo chun críocha oibleagáidí agus gníomhaíochtaí na mBallstát cé nach mbeadh oibleagáidí breise ar na heintitis sin ag gabháil leis an Treoir seo.

Áirítear tionscnaimh earnála agus thrasearnála eile leis an togra freisin e.g. maidir le cosaint shibhialta, laghdú rioscaí tubaiste agus oiriúnú don athrú aeráide. Ina theannta sin, aithnítear sa togra gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, go gcuireann reachtaíocht an Aontais atá ann cheana oibleagáidí i bhfeidhm ar eintitis chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe trí bhearta cosantacha. I gcásanna den sórt sin, e.g. maidir le slándáil eitlíochta nó muirí, ba cheart do na heintitis chriticiúla cur síos a dhéanamh ar na bearta sin ina bpleananna athléimneachta. Thairis sin, tá an treoir atá beartaithe gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Ní hionann agus Treoir 2008/114/CE a bhí bunaithe ar Airteagal 308 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (a chomhfhreagraíonn d'Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair), tá an togra seo le haghaidh treorach bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, lena mbaineann comhfhogasú dlíthe chun feabhas a chur ar an margadh inmheánach. Tá údar leis sin i ngeall ar aidhm, raon feidhme agus inneachar na treorach a bheith ag aistriú, méadú ar idirspleáchais agus an gá atá le cothrom iomaíochta a bhunú le haghaidh eintitis chriticiúla. In ionad tacar teoranta de bhonneagair fhisiceacha a chosaint a mbeadh mórthionchair trasteorann ag suaitheadh nó scriosadh orthu, is é an aidhm feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas sna Ballstáit, ar eintitis iad atá criticiúil chun seirbhísí a sholáthar atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun i roinnt earnálacha atá mar bhonn taca le feidhmiú go leor earnálacha eile i ngeilleagar an Aontais. Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar idirspleáchais trasteorann idir na seirbhísí a sholáthraítear trí bhonneagair chriticiúla a úsáid sna hearnálacha sin, d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag suaitheadh i mBallstát amháin ar Bhallstáit eile nó ar an Aontas ina iomláine.

Tá oibleagáidí atá an‑éagsúil go mór i gceist leis an gcreat dlí reatha mar atá bunaithe ar leibhéal na mBallstát lena rialáiltear na seirbhísí i gceist, ar dócha go dtiocfaidh méadú orthu. Ní hamháin go gcuireann na rialacha náisiúnta éagsúla a bhfuil eintitis chriticiúla faoina réir as do sholáthar iontaofa seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh ach tá an baol ann freisin go mbeidh tionchar diúltach acu ar an iomaíocht. Is é is príomhchúis leis sin, maidir le cineálacha comhchosúla eintiteas a sholáthraíonn cineálacha comhchosúla seirbhísí criticiúla, meastar gur eintitis chriticiúla iad i roinnt Ballstát ach ní i mBallstáit eile. Ciallaíonn sé sin go mbeidh eintitis atá gníomhach nó atá ag iarraidh a bheith gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin faoi réir oibleagáidí éagsúla agus iad ag gníomhú ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus go bhféadfaidh eintitis atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu dul i ngleic le bacainní i gcomparáid leo siúd sna Ballstáit a bhfuil creataí níos boige acu. Tá na héagsúlachtaí sin de chineál a fhágann go mbíonn éifeacht dhiúltach dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

·Coimhdeacht

Tá údar le creat reachtach comhchoiteann ar an leibhéal Eorpach sa réimse seo ós rud é go bhfuil caidreamh idirspleách, trasteorann ann idir oibríochtaí bonneagair chriticiúil agus a n‑aschuir, i.e. seirbhísí fíor-riachtanacha. Go deimhin, féadfaidh oibreoir atá lonnaithe i mBallstát amháin seirbhísí a sholáthar i roinnt Ballstát eile nó ar fud an Aontais trí líonraí atá fite fuaite ina chéile go docht. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh suaitheadh a dhéanann difear don oibreoir sin éifeachtaí forleathana a bheith aige in earnálacha eile agus thar theorainneacha náisiúnta. De bharr na n‑impleachtaí uile-Eorpacha a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás suaite, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, bíonn éifeacht dhiúltach dhíreach ag rialacha náisiúnta éagsúla ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair, feictear do roinnt mhaith Ballstát agus do pháirtithe leasmhara de chuid an tionscail go bhfuil gá le cur chuige Eorpach níos coitinne agus níos comhordaithe arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh eintitis athléimneach go leor in aghaidh rioscaí éagsúla, cé go bhfuil na rioscaí sna Ballstáit éagsúla éagsúil ó chéile, a chruthaíonn chuid mhór dúshlán coitianta nach féidir aghaidh a thabhairt orthu trí bhearta náisiúnta ná trí oibreoirí aonair ina n‑aonar.

·Comhréireacht

Tá an togra comhréireach maidir le cuspóir uileghabhálach sonraithe an tionscnaimh. Cé go bhféadfadh ualach riaracháin breise a bheith i gceist leis na hoibleagáidí ar na Ballstáit agus ar eintitis chriticiúla i gcásanna áirithe, e.g. i gcás ina mbeidh ar na Ballstáit straitéis náisiúnta a fhorbairt nó i gcás nach mór d'eintitis chriticiúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla áirithe a chur chun feidhme, meastar go mbeidh siad teoranta go ginearálta. I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt beart slándála déanta ag go leor eintiteas cheana féin chun a mbonneagair a chosaint agus chun leanúnachas gnó a áirithiú.

I gcásanna áirithe, áfach, d'fhéadfadh infheistíochtaí níos substaintiúla a bheith ag teastáil chun comhlíonadh na Treorach a bhaint amach. Fiú i gcásanna den sórt sin, áfach, tá údar leis na hinfheistíochtaí sin sa mhéid go gcuideodh siad le hathléimneacht fheabhsaithe ar leibhéal an oibreora agus le hathléimneacht shistéamach fheabhsaithe chomh maith le cur chuige níos comhtháite agus cumas méadaithe seirbhísí iontaofa a sholáthar ar fud an Aontais. Ina theannta sin, maidir leis na costais a bhaineann le bainistiú a dhéanamh ar aon suaitheadh mór agus le téarnamh a dhéanamh ina dhiaidh, ar suaitheadh é a chuireann i mbaol soláthar seirbhísí gan bhriseadh a bhaineann le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha agus leas eacnamaíoch na n‑oibreoirí, na mBallstát aonair, an Aontais agus saoránaigh an Aontais i gcoitinne, meastar go mbeidh na costais sin i bhfad níos mó ná aon ualach breise a thiocfaidh as an treoir.

·An rogha ionstraime

Is i bhfoirm treorach atá an togra, treoir atá dírithe ar chur chuige níos coitinne a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil i roinnt earnálacha ar fud an Aontais. Leagtar amach sa togra oibleagáidí sonracha ar údaráis inniúla chun eintitis chriticiúla a shainaithint ar bhonn critéir chomhchoiteanna agus thorthaí an mheasúnaithe riosca. Trí bhíthin treorach, is féidir a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit cur chuige aonfhoirmeach i bhfeidhm maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint, agus, ag an am céanna, go gcuirfear sonraíochtaí ar an leibhéal náisiúnta san áireamh, lena n‑áirítear leibhéil éagsúla maidir le neamhchosaint ar riosca agus idirspleáchais trasearnála agus trasteorann.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2019, bhí an Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha (ECI) faoi réir meastóireachta a bhí dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na treorach i dtéarmaí a hábharthachta, a comhsheasmhachta, a héifeachtachta, a héifeachtúlachta, a breisluach AE agus a hinbhuanaitheacht 12 .

Fuarthas sa mheastóireacht go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs ó tháinig an treoir i bhfeidhm. I bhfianaise na n‑athruithe sin, fuarthas nach raibh an treoir ábhartha ach go páirteach. Cé gur cinneadh sa mheastóireacht go raibh an treoir comhsheasmhach go ginearálta le reachtaíocht earnála ábhartha na hEorpa agus le beartas earnála ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, measadh nach raibh sí éifeachtach ach i bpáirt mar gheall ar ghinearáltacht cuid dá forálacha. Fuarthas gur ghin an treoir breisluach Eorpach a mhéid a bhain sí torthaí amach (i.e. creat comhchoiteann um chosaint ECInna) nach bhféadfadh tionscnaimh náisiúnta ná tionscnaimh Eorpacha eile a bhaint amach gan próisis i bhfad níos faide, níos costasaí agus nach mbeadh sainithe chomh maith sin a thionscnamh. Mar sin féin, fuarthas go raibh luach breise teoranta ag baint le forálacha áirithe i gcás roinnt Ballstát.

Maidir le hinbhuanaitheacht, measadh go dtiocfadh deireadh le héifeachtaí áirithe a bhí ag an treoir (e.g. plé trasteorann, ceanglais tuairiscithe) dá ndéanfaí an treoir a aisghairm agus gan treoir eile a chur ina hionad. Fuarthas sa mheastóireacht go bhfuil tacaíocht leanúnach á tabhairt ag na Ballstáit do rannpháirteachas AE in iarrachtaí chun athléimneacht bonneagair chriticiúil a neartú, agus go bhfuil imní áirithe ann go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ag aisghairm iomlán na treorach sa réimse sin, agus go háirithe maidir le ECInna ainmnithe a chosaint. Bhí fonn ar na Ballstáit a áirithiú go leanfadh rannpháirtíocht an Aontais sa réimse sin de phrionsabal na coimhdeachta a urramú, go dtacódh sí le bearta ar an leibhéal náisiúnta, agus go n‑éascódh sé comhar trasteorann, lena n‑áirítear le tríú tíortha.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an togra seo á fhorbairt, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear: Institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; eagraíochtaí idirnáisiúnta; Údaráis na mBallstát; eintitis phríobháideacha, lena n‑áirítear oibreoirí aonair agus comhlachais tionsclaíochta náisiúnta agus Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí in go leor earnálacha éagsúla; saineolaithe agus líonraí saineolaithe, lena n‑áirítear an Líonra Tagartha Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint (ERNCIP); lucht léinn; eagraíochtaí neamhrialtasacha; agus daoine den phobal.

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear: deis aiseolais ón bpobal maidir leis an Measúnú Thionchar Tionscanta le haghaidh an togra seo; seimineáir chomhairleacha; ceistneoirí spriocdhírithe; malartuithe déthaobhacha; agus comhairliúchán poiblí (chun tacú le meastóireacht 2019 ar Threoir ECI). Ina theannta sin, rinne an conraitheoir seachtrach a bhí freagrach as an staidéar féidearthachta a thacaigh le forbairt an mheasúnaithe tionchair comhairliúcháin le go leor páirtithe leasmhara tríd an méid seo a leanas e.g. suirbhé ar líne, ceistneoir scríofa, agallamh duine le duine amháin, agus ‘cuairteanna allamuigh’ fíorúla i 10 mBallstát.

Chuir na comhairliúcháin sin ar chumas an Choimisiúin féachaint ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an chreata atá ann faoi láthair maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil (i.e. an cás bunlíne), na fadhbanna a chruthaigh sé, na roghanna beartais éagsúla a d‘fhéadfaí a mheas agus aghaidh á tabhairt ar na fadhbanna sin, agus na tionchair shonracha a d'fhéadfadh a bheith ag na roghanna sin. Den chuid is mó, tarraingíodh aird sna comhairliúcháin ar roinnt réimsí ina raibh comhdhearcadh foriomlán i measc na bpáirtithe leasmhara, go háirithe gur cheart creat an Aontais atá ann cheana maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil a athchóiriú i bhfianaise an mhéadaithe ar idirspleáchais trasearnála agus i bhfianaise timpeallacht bhagartha atá ag athrú.

Go sonrach, d'aontaigh páirtithe leasmhara i gcoitinne gur cheart go mbeadh meascán de bhearta ceangailteacha agus neamhcheangailteacha in aon chur chuige nua, go ndíreofaí ar athléimneacht seachas ar chosaint shócmhainn‑lárnach leis, agus go gcuirfí nasc níos soiléire ar fáil idir bearta atá dírithe ar gcibear‑athléimneacht a fheabhsú agus ar an athléimneacht nach cibear‑athléimneacht í a fheabhsú. Thairis sin, thacaigh siad le cur chuige lena n‑áirítear forálacha sa reachtaíocht earnála atá ann cheana, lena gcuimsítear ar a laghad na hearnálacha sin a chumhdaítear le Treoir NIS atá ann faoi láthair, agus oibleagáidí níos aonfhoirmí ar eintitis chriticiúla ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart, ansin, go mbeadh sé in ann grinnscrúdú slándála leordhóthanach a dhéanamh ar phearsanra a bhfuil rochtain acu ar shaoráidí íogaire/ar fhaisnéis íogair. Ina theannta sin, mhol na páirtithe leasmhara gur cheart go gcruthódh aon chur chuige nua deiseanna do na Ballstáit maoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eintiteas criticiúil, ach freisin a áirithiú go sainaithneofar eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht uile-Eorpach ag baint leo agus go mbeadh siad athléimneach go leor. Ar deireadh, d'áitigh siad ar son maoiniú breise ón Aontas agus go dtabharfaí tacaíocht do, e.g. cur chun feidhme aon ionstraime nua, fothú acmhainneachta ar an leibhéal náisiúnta, agus comhordú/comhar poiblí‑príobháideach agus comhroinnt dea-chleachtais, eolais agus saineolais ar leibhéil éagsúla. Tá forálacha sa togra atá idir lámha, ar forálacha iad a chomhfhreagraíonn go ginearálta do thuairimí agus do roghanna na bpáirtithe leasmhara.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Mar a luadh sa roinn roimhe seo, bhain an Coimisiún leas as saineolas seachtrach i gcomhthéacs comhairliúchán le, e.g. saineolaithe neamhspleácha, líonraí saineolaithe agus baill den lucht acadúil, agus an togra á fhorbairt aige.

·Measúnú tionchair

Sa mheasúnú tionchair a thacaigh le forbairt an tionscnaimh seo rinneadh iniúchadh ar roghanna éagsúla beartais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna ginearálta agus sonracha a ndearnadh cur síos orthu níos luaithe. Chomh maith leis an gcás bunlíne, nach mbeadh aon athrú ar an staid reatha i gceist leis, bhí an méid seo a leanas san áireamh leis roghanna sin:

Rogha 1: Treoir ECI atá ann cheana a choinneáil, agus bearta deonacha a bheith ag gabháil leis i gcomhthéacs an chláir EPCIP atá ann cheana;

Rogha 2: Athbhreithniú ar Threoir ECI atá ann cheana chun na hearnálacha céanna a chumhdach le Treoir NIS atá ann cheana agus chun díriú níos mó ar athléimneacht. Le Treoir ECI nua, dhéanfaí athruithe phróiseas ainmniúcháin ECI trasteorann, lena n‑áirítear critéir nua ainmniúcháin, agus ceanglais nua ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí;

Rogha 3: Ionstraim nua a chur in ionad Threoir ECI atá ann cheana a bheidh dírithe ar athléimneacht eintiteas criticiúil sna hearnálacha a mheastar a bheith fíor-riachtanach de réir Threoir NIS 2 atá beartaithe. Leis an rogha seo, leagfaí amach íoscheanglais do na Ballstáit agus do na heintitis chriticiúla a shainaithnítear faoin gcreat nua. Chuirfí nós imeachta ar fáil chun eintitis chriticiúla a chuireann seirbhísí ar fáil do roinnt Ballstát nó i roinnt Ballstát a shainaithint. Bheadh mol tiomnaithe eolais laistigh den Choimisiún ina thacaíocht ag cur chun feidhme na reachtaíochta.

Rogha 4: Ionstraim nua a chur in ionad Threoir ECI atá ann cheana a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar athléimneacht eintiteas criticiúil sna hearnálacha a mheastar a bheith fíor-riachtanach de réir Threoir NIS 2 atá beartaithe, mar aon le ról níos substaintiúla don Choimisiún maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint agus Gníomhaireacht thiomnaithe de chuid an Aontais a chruthú a bheadh freagrach as athléimneacht bonneagair chriticiúil (a ghlacfadh na róil agus na freagrachtaí a sannadh don mhol eolais a moladh sa rogha roimhe seo).

I bhfianaise na dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil éagsúil a bhaineann le gach ceann de na roghanna, ach i bhfianaise a luach ó thaobh éifeachtachta, éifeachtúlachta agus comhréireachta de, fuarthas sa mheasúnú tionchair gurbh í Rogha 3 an rogha thosaíochta. Cé nach gcuirfeadh Rogha 1 agus Rogha 2 na hathruithe is gá chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ar fáil, bheadh creat athléimneachta comhchuibhithe agus níos cuimsithí mar thoradh ar Rogha 3, a bheadh ailínithe freisin le dlí an Aontais atá ann cheana i réimsí lena mbaineann, agus a chuirfeadh an dlí sin san áireamh. Measadh freisin go raibh rogha 3 comhréireach agus go ndealraíonn sé go bhfuil sé indéanta ó thaobh na polaitíochta de toisc go bhfuil sí ar aon dul le ráitis na Comhairle agus na Parlaiminte maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas sa réimse seo. Ina theannta sin, measadh gur dócha go n‑áiritheodh an rogha seo solúbthacht agus go gcuirfeadh sí creat a sheasfadh an aimsir ar fáil a ligfeadh d'eintitis chriticiúla freagairt do rioscaí éagsúla le himeacht ama. Ar deireadh, fuarthas sa mheasúnú tionchair go mbeadh an rogha seo comhlántach leis na creataí agus ionstraimí earnála agus trasearnála atá ann cheana. Mar shampla, leis an rogha seo cuirtear san áireamh nuair a chomhlíonann eintitis ainmnithe oibleagáidí áirithe atá san ionstraim nua seo trí oibleagáidí atá ann cheana, agus sa chás sin ní bheadh orthu gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Os a choinne sin, bheifí ag súil go nglacfaidh siad bearta áirithe i gcás nach gcumhdaítear an t‑ábhar leis na hionstraimí atá ann cheana nó ina bhfuil siad teoranta do chineálacha áirithe rioscaí nó beart.

Bhí an measúnú tionchair faoi réir grinnscrúdaithe ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, a d'eisigh tuairim dhearfach a raibh forchoimeádais inti an 20 Samhain 2020. Luaigh an Bord roinnt gnéithe den mheasúnú tionchair ar cheart aghaidh a thabhairt orthu. Go sonrach, d'iarr an Bord soiléiriú breise maidir leis na rioscaí a bhaineann le bonneagar criticiúil agus leis an ngné thrasteorann, leis an nasc idir an tionscnamh agus an t‑athbhreithniú leanúnach ar Threoir NIS, agus leis an ngaol idir an rogha bheartais thosaíochta agus píosaí eile de reachtaíocht earnála. Ina theannta sin, chonaic an Bord go raibh gá le húdar breise chun raon feidhme earnála na hionstraime a leathnú, agus d'iarr sé faisnéis bhreise maidir leis na critéir chun eintitis chriticiúla a roghnú. Ar deireadh, maidir le comhréireacht, d'iarr an Bord soiléiriú breise i dtaobh conas a thiocfadh freagairtí náisiúnta níos fearr ar rioscaí trasteorann as an rogha thosaíochta. Tugadh aghaidh ar na tuairimí sin agus ar na tuairimí níos mionsonraithe eile arna gcur ar fáil ag an mBord sa leagan deiridh den mheasúnú tionchair, ina ndéantar cur síos níos mionsonraithe, mar shampla, ar na rioscaí trasteorann do bhonneagair chriticiúla agus ar an ngaol idir an togra seo agus an togra le haghaidh Threoir NIS 2. Cuireadh barúlacha an Bhoird san áireamh freisin sa treoir atá beartaithe a leanann.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcomhréir le Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ba cheart go bhféachfaí le gach tionscnamh atá dírithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a athrú le cuspóirí beartais sonraithe a shimpliú agus a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtúla. Tugtar le fios i dtorthaí an mheasúnaithe tionchair gur cheart go laghdófaí an t‑ualach foriomlán ar na Ballstáit leis an togra. Dá ndéanfaí ailíniú ar bhealach níos dlúithe le cur chuige Threoir NIS atá ann faoi láthair atá dírithe ar sheirbhísí, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar na costais chomhlíonta le himeacht ama. Mar shampla, in ionad an phróisis sainaitheantais agus ainmniúcháin trasteorann atá i dTreoir ECI atá ann cheana, chuirfí nós imeachta rioscabhunaithe ar an leibhéal náisiúnta nach mbeadh dírithe ach ar eintitis chriticiúla a shainaithint faoi réir oibleagáidí éagsúla. Ar bhonn an mheasúnaithe riosca, dhéanfadh na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint, ar oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha iad a bhformhór cheana féin de réir Threoir NIS atá ann faoi láthair.

Ina theannta sin, trí bhearta a dhéanamh chun a n‑athléimneacht a fheabhsú, is lú seans go dtarlóidh suaitheadh in eintitis chriticiúla. Ar an gcaoi sin, laghdófaí an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais shuaiteacha a mbeadh tionchar diúltach acu ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha i mBallstáit aonair agus ar fud na hEorpa. Bheadh tionchar dearfach aige sin, mar aon leis na héifeachtaí dearfacha a bheadh mar thoradh ar chomhchuibhiú ar rialacha éagsúla náisiúnta ar leibhéal an Aontais, ar ghnólachtaí, lena n‑áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar shláinte fhoriomlán gheilleagar an Aontais agus ar fheidhmiú iontaofa an mhargaidh inmheánaigh.

·Cearta bunúsacha

Tá sé beartaithe leis an reachtaíocht atá beartaithe feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas criticiúil a chuireann cineálacha éagsúla seirbhísí fíor-riachtanacha ar fáil, agus ag an am céanna deireadh a chur le bacainní rialála ar a gcumas a seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Ar an gcaoi sin, laghdófaí an riosca foriomlán maidir le suaitheadh ar leibhéal na sochaí agus ar leibhéal an duine aonair araon agus laghdófaí ualaí. Chuideodh an méid sin le leibhéal níos airde slándála poiblí a áirithiú agus bheadh tionchar dearfach aige freisin ag an am céanna ar shaoirse cuideachtaí gnó a dhéanamh, chomh maith le go leor oibreoirí eacnamaíocha eile, a bhraitheann ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, rud a rachadh chun sochair do thomhaltóirí sa deireadh. De ghnáth, beidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist le forálacha an togra arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar bainistíocht éifeachtach ar shlándáil na bhfostaithe. Tá údar leis sin mar gheall ar an ngá atá le seiceálacha cúlra a dhéanamh ar chatagóirí sonracha pearsanra. Thairis sin, beidh aon phróiseáil sonraí pearsanta den sórt sin faoi réir chomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n‑áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 13 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh impleachtaí ag an treoir atá beartaithe do bhuiséad an Aontais. Meastar gurb ionann na hacmhainní airgeadais iomlána is gá chun tacú le cur chun feidhme an togra seo agus EUR 42.9 milliún le haghaidh na tréimhse 2021-2027, agus is caiteachas riaracháin EUR 5.1 milliún den mhéid sin. Is féidir na costais sin a mhiondealú mar seo a leanas:

Gníomhaíochtaí tacaíochta an Choimisiúin lena n‑áirítear soláthar foirne, tionscadail, staidéir agus gníomhaíochtaí tacaíochta;

Misin chomhairleacha arna n‑eagrú ag an gCoimisiún;

Cruinnithe rialta den Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, den Choiste Coisteolaíochta agus de chruinnithe eile.

Tá faisnéis níos mionsonraithe ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme na treorach atá beartaithe ceithre bliana go leith tar éis a teacht i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfaidh an tuairisc sin measúnú ar a mhéid ar ghlac na Ballstáit leis na bearta riachtanacha chun an Treoir a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar thionchar agus ar bhreisluach na treorach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de shé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na treorach.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe (Airteagail 1-2)

In Airteagal 1 leagtar amach ábhar agus raon feidhme na treorach, lena leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit bearta áirithe a dhéanamh arb é is aidhm dóibh soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ar seirbhísí iad atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun a chur ar a gcumas oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh atá dírithe ar a n‑athléimneacht a fheabhsú agus ar fheabhas a chur ar a gcumas na seirbhísí sin a sholáthar sa mhargadh inmheánach. Bunaítear leis an treoir freisin rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú eintiteas criticiúil agus maidir le maoirseacht shonrach a dhéanamh ar eintitis chriticiúla a mheastar tábhacht Eorpach ar leith a bheith ag baint leo. Mínítear in Airteagal 1 freisin an gaol idir an treoir agus gníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais, agus na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile. In Airteagal 2 tugtar liosta de na sainmhínithe is infheidhme.

Creataí náisiúnta maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (Airteagail 3-9)

De réir Airteagal 3, glacfaidh na Ballstáit straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a threisiú, déantar cur síos ann ar na gnéithe ar cheart a bheith iontu, mínítear ann gur cheart í a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus i gcás inar gá, agus sonraítear ann go gcuirfidh na Ballstáit a gcuid straitéisí in iúl don Choimisiún mar aon le haon nuashonrú ar a gcuid straitéisí. De réir Airteagal 4, bunóidh na húdaráis inniúla liosta de sheirbhísí fíor-riachtanacha agus déanfaidh siad measúnú rialta ar na rioscaí ábhartha uile a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha sin d’fhonn eintitis chriticiúla a shainaithint. Áireofar sa mheasúnú sin na measúnuithe riosca arna ndéanamh i gcomhréir le gníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais, na rioscaí a bhaineann leis na spleáchais idir earnálacha sonracha, agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le teagmhais. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear eilimintí ábhartha an mheasúnaithe riosca ar fáil d'eintitis chriticiúla, agus go gcuirfear sonraí maidir leis na cineálacha rioscaí a shainaithnítear agus torthaí a measúnuithe riosca ar fáil go rialta don Choimisiún.

De réir Airteagal 5, sainaithneoidh na Ballstáit eintitis chriticiúla in earnálacha agus i bhfo-earnálacha sonracha. Ba cheart go mbeadh torthaí an mheasúnaithe riosca san áireamh leis an bpróiseas sainaitheantais agus go gcuirfí critéir shonracha i bhfeidhm leis. Bunóidh na Ballstáit liosta de na heintitis chriticiúla, a thabharfar cothrom le dáta i gcás inar gá agus go rialta. Tabharfar fógra cuí d'eintitis chriticiúla faoina sainaithint agus faoi na hoibleagáidí a bhaineann leis sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as cur chun feidhme na Treorach fógra faoi shainaithint eintiteas criticiúil do na húdaráis inniúla atá freagrach as Treoir NIS 2 a chur chun feidhme. I gcás ina sainaithneoidh dhá Bhallstát nó níos mó gur eintiteas criticiúil é eintiteas, rachaidh na Ballstáit i mbun comhairliúcháin le chéile d'fhonn an t‑ualach ar an eintiteas criticiúil a laghdú. I gcás ina soláthraíonn na heintitis chriticiúla seirbhísí in aon trian de na Ballstáit nó níos mó nó sin nó d'aon trian de na Ballstáit nó do níos mó ná sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi cé hiad na heintitis chriticiúla sin.

Sainmhínítear in Airteagal 6 an téarma ‘éifeacht shuaiteach mhór’ dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus ceanglaítear leis go gcuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin cineálacha áirithe faisnéise a bhaineann leis na heintitis chriticiúla a shainaithníonn siad agus conas a sainaithníodh iad. Le hAirteagal 6 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, treoirlínte ábhartha a ghlacadh.

Bunaítear le hAirteagal 7 gur cheart do na Ballstáit eintitis a shainaithint in earnálacha na baincéireachta, an mhargaidh airgeadais agus an bhonneagair dhigitigh a ndéileálfar leo mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla chun críocha Chaibidil II amháin. Ba cheart fógra a thabhairt do na heintitis sin maidir lena sainaithint.

Sonraítear in Airteagal 8 go n‑ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó agus go n‑áiritheoidh siad go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil d'údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an treoir a chur i bhfeidhm i gceart ar an leibhéal náisiúnta mar aon le pointe teagmhála aonair a mbeidh sé de chúram air comhar trasteorann a áirithiú. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair tuarascáil achomair ar fáil don Choimisiún ar bhonn rialta maidir le fógraí teagmhais. Le hAirteagal 8 ceanglaítear ar na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm na Treorach oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n‑áirítear údaráis inniúla arna n‑ainmniú faoi Threoir NIS 2. Sonraítear in Airteagal 9 go dtabharfaidh na Ballstáit tacaíocht d'eintitis chriticiúla chun a n‑athléimneacht a áirithiú, agus go n‑éascóidh siad comhar agus malartú deonach faisnéise agus dea-chleachtas idir údaráis inniúla agus eintitis chriticiúla.

Athléimneacht eintiteas criticiúil (Airteagail 10-13)

Luaitear in Airteagal 10 go ndéanfaidh eintitis chriticiúla measúnú rialta ar na rioscaí ábhartha uile ar bhonn measúnuithe riosca náisiúnta agus foinsí ábhartha eile faisnéise. Sonraítear in Airteagal 11 go ndéanfaidh eintitis chriticiúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus comhréireacha chun a n‑athléimneacht a áirithiú, agus áiritheoidh siad go gcuirfear síos ar na bearta sin i bplean athléimneachta nó i ndoiciméad coibhéiseach nó i ndoiciméid choibhéiseacha. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún misin chomhairleacha a eagrú chun comhairle a chur ar eintitis chriticiúla maidir lena n‑oibleagáidí a chomhlíonadh. Le hAirteagal 11 tugtar de chumhacht freisin don Choimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

De réir Airteagal 12, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí ar sheiceálacha cúlra a chur isteach i gcás daoine a thagann nó a d'fhéadfadh teacht faoi réim catagóirí sonracha pearsanra, agus go ndéanfaidh na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha cúlra sin measúnú ar na hiarrataí sin go gasta. Déantar cur síos san airteagal seo ar chuspóir, raon feidhme agus ábhar na seiceálacha cúlra, agus beidh gach ceann acu i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

De réir Airteagal 13, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra don údarás inniúil faoi theagmhais a dhéanann suaitheadh mór ina n‑oibríochtaí nó a d'fhéadfadh suaitheadh mór a dhéanamh ina n‑oibríochtaí. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha leantach a sholáthar ansin don eintiteas criticiúil a thugann fógra. Tríd an bpointe teagmhála aonair, cuirfidh na húdaráis inniúla na pointí teagmhála aonair sna Ballstáit eile dá ndéantar difear ar an eolas freisin i gcás ina mbíonn, nó go bhféadfadh sé go mbeadh, tionchair trasteorann ag an teagmhas i mBallstát amháin eile nó níos mó.

Maoirseacht shonrach ar eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo (Airteagail 14-15)

Sainmhínítear in Airteagal 14 eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo mar eintitis a sainaithníodh mar eintitis chriticiúla agus a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha do bhreis agus aon trian de na Ballstáit nó i mbreis agus aon trian de na Ballstáit. Tar éis dó fógra a fháil de bhun Airteagal 5(6), cuirfidh an Coimisiún in iúl don eintiteas lena mbaineann go meastar gur eintiteas criticiúil é a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, agus cuirfidh sé na hoibleagáidí atá i gceist leis sin agus an dáta óna mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sin in iúl don eintiteas freisin. In Airteagal 15 déantar cur síos ar na socruithe maoirseachta sonracha is infheidhme maidir le heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo, lena n‑áirítear, arna iarraidh sin, go soláthróidh na Ballstáit óstacha faisnéis don Choimisiún agus don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis an measúnú riosca de bhun Airteagal 10 agus na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11, chomh maith le haon ghníomhaíocht mhaoirseachta nó forfheidhmithe. Sonraítear in Airteagal 15 freisin go bhféadfaidh an Coimisiún misin chomhairleacha a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag eintitis chriticiúla shonracha a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Ar bhonn anailís ar thorthaí an mhisin chomhairligh ón nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, cuirfidh an Coimisiún a thuairimí in iúl don Bhallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis lonnaithe i dtaobh an gcomhlíonann an t‑eintiteas sin a oibleagáidí agus, i gcás inarb iomchuí, cad iad na bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an eintitis a fheabhsú. Déantar cur síos san airteagal ar chomhdhéanamh, eagrú agus maoiniú na misean comhairleach. Sonraítear ann freisin go nglacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir leis na socruithe nós imeachta i ndáil le misin chomhairleacha a sheoladh agus a thuairisciú.

Comhar agus tuairisciú (Airteagail 16-17)

In Airteagal 16 déantar cur síos ar ról agus ar chúraimí an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Tabharfaidh sé tacaíocht don Choimisiún agus éascóidh sé comhar straitéiseach agus malartú faisnéise. Mínítear san Airteagal go bhféadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe nós imeachta is gá le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Sonraítear in Airteagal 17 go dtacóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit agus le heintitis chriticiúla agus a n‑oibleagáidí faoin treoir á gcomhlíonadh acu, agus go gcomhlánóidh sé gníomhaíochtaí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 9.

Maoirseacht agus forfheidhmiú (Airteagail 18-19)

De réir Airteagal 18, tá cumhachtaí, modhanna agus freagrachtaí áirithe ag na Ballstáit chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú na treorach a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfaidh údarás inniúil measúnú ar chomhlíonadh eintitis chriticiúil, go gcuirfidh sé údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann arna ainmniú faoi Threoir NIS 2 ar an eolas agus go bhféadfaidh sé iarraidh ar na húdaráis sin measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil an eintitis sin, agus ba cheart dóibh oibriú i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin. De réir Airteagal 19, i gcomhréir le cleachtas seanbhunaithe, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

Forálacha deiridh (Airteagail 20-26)

De réir Airteagal 20, tabharfaidh coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún. Airteagal caighdeánach atá san airteagal sin. Le hAirteagal 21 tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san airteagal. Airteagal caighdeánach atá san airteagal sin freisin. De réir Airteagal 22, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir a chomhlíonadh. Ní mór tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go rialta, tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar thionchar agus ar bhreisluach na treorach agus cibé ar cheart raon feidhme na treorach a leathnú chuig earnálacha nó fo-earnálacha eile, lena n‑áirítear an earnáil táirgthe, próiseála agus dáileacháin bia.

De réir Airteagal 23, déantar Treoir 2008/114/CE a aisghairm le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach. De réir Airteagal 24, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an treoir a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Déanfar téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. De réir Airteagal 25, tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. De réir Airteagal 26, dírítear an treoir chuig na Ballstáit.



2020/0365 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 16 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle 17 do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a nimreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad dá ndéanfaí iad a shuaitheadh nó a scriosadh. Is ar chosaint na mbonneagar sin amháin a raibh an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 2019 18 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina núsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a shuaitheann oibríochtaí an eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh.

(2)D’ainneoin na mbeart atá ann cheana ar leibhéal an Aontais 19 agus ar an leibhéal náisiúnta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chosaint bonneagar criticiúil san Aontas, níl na heintitis a fheidhmíonn na bonneagair sin feistithe go leormhaith chun dul i ngleic leis na rioscaí atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo maidir lena noibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí a shuaitheadh atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Timpeallacht bagairtí dhinimiciúil is é is cúis leis sin, timpeallacht ina bhfuil bagairt shíorathraitheach na sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha, chomh maith le riosca fisiceach méadaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a mhéadaíonn minicíocht agus méid na neachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar an meánaeráid a d’fhéadfadh acmhainn agus éifeachtúlacht cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta athléimneachta nó oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéantar earnálacha agus cineálacha eintiteas ábhartha a aithint ina nithe criticiúla go comhsheasmhach i ngach Ballstát.

(3)Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á noibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á noibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile.

(4)Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go bhfuil baol ann go nimreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu.

(5)Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú.

(6)Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint ar cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais shonracha agus formhaoirseacht shonrach, ach ar cheart dóibh freisin tacaíocht agus treoir shonrach a fháil atá dírithe ar ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach i bhfianaise na rioscaí ábhartha uile.

(7)Tá earnálacha áirithe den gheilleagar, amhail an fuinneamh agus an tiompar, á rialáil cheana féin nó féadfar iad a rialáil amach anseo le gníomhartha earnáilsonracha de chuid dhlí an Aontais ina bhfuil rialacha a bhaineann le gnéithe áirithe d’athléimneacht eintiteas atá ag feidhmiú sna hearnálacha sin. Chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach, ar athléimneacht na neintiteas sin atá criticiúil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart na bearta earnáilsonracha sin a chomhlánú leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, rud a chruthaíonn creat uileghabhálach lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eintiteas criticiúil i ndáil le gach cineál guaise, is é sin le rá, guaiseacha nádúrtha agus de dhéantús an duine, guaiseacha taismeacha agus d’aon ghnó.

(8)I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 [Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (dá ngairtear ‘Treoir NIS 2’ anseo feasta)]. I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh.

(9)I gcás ina gceanglófar le forálacha gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais ar eintitis chriticiúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha, bearta a dhéanamh chun a nathléimneacht a áirithiú nó fógra a thabhairt faoi theagmhais, agus i gcás ina mbeidh na ceanglais sin coibhéiseach, ar a laghad, leis na hoibleagáidí comhfhreagracha a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha na Treorach seo, d’fhonn dúbailt agus ualaí nach bhfuil gá leo a sheachaint. Sa chás sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha na ngníomhartha eile sin. I gcás nach mbeidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, níor cheart feidhm a bheith ag a forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú ach oiread. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit na hearnálacha go léir a liostaítear san Iarscríbhinn a chur san áireamh ina straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a threisiú, chomh maith leis an measúnú riosca agus na bearta tacaíochta de bhun Chaibidil II agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann eintitis chriticiúla sna hearnálacha sin a shainaithint i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha is infheidhme, agus an córas sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil na baincéireachta, an mhargaidh airgeadais agus an bhonneagair dhigitigh á chur san áireamh.

(10)D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, ba cheart straitéis a bheith ag gach Ballstát ina leagtar amach cuspóirí agus bearta beartais atá le cur chun feidhme. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an túdarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir NIS 2 i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus maidir le cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

(11)Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena náirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena náirítear cionta sceimhlitheoireachta. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena náirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na neintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh.

(12)Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a leagan síos chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm.

(13)Ba cheart critéir a bhunú freisin chun a chinneadh cé chomh mór atá éifeacht shuaiteach a thagann as teagmhais den sórt sin. Ba cheart go gcuirfeadh na critéir sin leis na critéir dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 chun leas a bhaint as na hiarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit chun na hoibreoirí sin a shainaithint mar aon leis an taithí a fuarthas ina leith sin.

(14)Tá eintitis a bhaineann le hearnáil an bhonneagair dhigitigh bunaithe go bunúsach ar chórais líonra agus faisnéise agus tagann siad faoi raon feidhme Treoir NIS 2, lena dtugtar aghaidh ar shlándáil fhisiceach na gcóras sin mar chuid dá noibleagáidí i leith bainistíocht rioscaí cibearshlándála agus i leith tuairiscithe. Ós rud é go gcumhdaítear na hábhair sin le Treoir NIS 2, níl feidhm ag oibleagáidí na Treorach seo maidir leis na heintitis sin. Mar sin féin, i bhfianaise a thábhachtaí is atá na seirbhísí a sholáthraíonn eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh i ndáil le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha eile, ba cheart do na Ballstáit eintitis a shainaithint a bhaineann le hearnáil an bhonneagair dhigitigh agus ar cheart go measfaí iad a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla chun críocha Chaibidil II amháin, bunaithe ar na critéir agus úsáid á baint as an nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo mutatis mutandis, lena náirítear an foráil maidir le tacaíocht ó na Ballstáit chun feabhas a chur ar athléimneacht na neintiteas sin. Dá bhrí sin, níor cheart na heintitis sin a bheith faoi réir na noibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí III go VI. Na hoibleagáidí atá ar eintitis chriticiúla faisnéis áirithe a chur ar fáil do na húdaráis inniúla agus a leagtar síos i gCaibidil II, de bharr go mbaineann na hoibleagáidí sin le cur i bhfeidhm Chaibidil III agus IV, níor cheart na heintitis sin a bheith faoi réir na noibleagáidí sin ach oiread.

(15)Le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena náirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Mhol an Coimisiún le déanaí an creat sin a chomhlánú Rialachán XX/YYYY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán atá beartaithe maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais (dá ngairtear ‘Rialachán DORA’ anseo feasta) 27 ], lena leagtar síos ceanglais ar ghnólachtaí airgeadais chun rioscaí TFC a bhainistiú, lena náirítear bonneagair fhisiceacha TFC a chosaint. Ós rud é go gcumhdaítear go cuimsitheach le acquis seirbhísí airgeadais an Aontais athléimneacht na neintiteas a liostaítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn, ba cheart go measfaí na heintitis sin a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla freisin chun críocha Chaibidil II den Treoir seo agus chun na gcríoch sin amháin. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le rioscaí oibríochtúla agus maidir le hathléimneacht dhigiteach a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach san earnáil airgeadais, ba cheart do na húdaráis a nainmneofar de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] tacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, ar tacaíocht í chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas airgeadais atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a fheabhsú, ar bhealach lánchomhchuibhithe agus faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa reachtaíocht sin.

(16)Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na núdarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go noibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

(17)Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú laistigh de cheann amháin de na húdaráis a ainmneoidh sé mar údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha an Aontais, ar pointe teagmhála aonair é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais ina leith sin.

(18)Eintitis a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi Threoir NIS 2, mar aon le heintitis a sainaithníodh in earnáil an bhonneagair dhigitigh nár mhór a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin Treoir seo, de bharr go bhfuil go bhfuil na heintitis sin faoi réir cheanglais chibearshlándála Threoir NIS 2, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin dá Threoir oibriú i gcomhar le chéile, go háirithe i dtaca le rioscaí agus teagmhais chibearshlándála a dhéanann difear do na heintitis sin.

(19)Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla chun a nathléimneacht á neartú, i gcomhréir lena noibleagáidí faoin Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na neintiteas féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú. Go háirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise na nidirspleáchas idir eintitis agus earnálacha, ba cheart do na Ballstáit uirlisí comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun tacú le comhroinnt faisnéise dheonach idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(20)Chun a bheith in ann a nathléimneacht a áirithiú, ba cheart tuiscint chuimsitheach a bheith ag eintitis chriticiúla ar na rioscaí ábhartha uile ar a bhfuil siad neamhchosanta agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ar na rioscaí sin. Chun na críche sin, ba cheart dóibh measúnuithe riosca a dhéanamh, nuair is gá sin i bhfianaise a gcuid dálaí sonracha féin agus i bhfianaise fhorbairt na rioscaí sin, ach in aon chás ba cheart dóibh measúnú riosca a dhéanamh gach ceithre bliana. Ba cheart na measúnuithe riosca a dhéanann eintitis chriticiúla a bheith bunaithe ar an measúnú riosca a dhéanann na Ballstáit.

(21)Ba cheart d’eintitis chriticiúla bearta eagraíochtúla agus teicniúla a dhéanamh atá iomchuí agus comhréireach leis na rioscaí a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu chun teagmhas a chosc, a chomhrac, a mhaolú, a sheasamh, freastal air agus teacht aniar uaidh. Cé gur cheart d’eintitis chriticiúla bearta a dhéanamh maidir leis na pointí uile a shonraítear sa Treoir seo, ba cheart go léireofaí le mionsonraí agus méid na mbeart na rioscaí éagsúla atá sainaitheanta ag gach eintiteas mar chuid dá mheasúnú riosca, chomh maith le sainiúlachtaí an eintitis sin, ar bhealach atá iomchuí agus comhréireach.

(22)Ar mhaithe le héifeachtacht agus le cuntasacht, ba cheart d’eintitis chriticiúla tuairisc a thabhairt ar na bearta sin, agus leibhéal mionsonraí ann chun na haidhmeanna sin a bhaint amach go leordhóthanach, ag féachaint do na rioscaí a sainaithníodh, agus é sin a dhéanamh i bplean athléimneachta nó i ndoiciméad nó doiciméid atá coibhéiseach le plean athléimneachta, agus an plean sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Féadfar doiciméad nó doiciméid den sórt sin atá coibhéiseach le plean athléimneachta a ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais agus na caighdeáin a forbraíodh i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cosaint fhisiceach, comhaontuithe a bhfuil Ballstáit páirteach iontu, lena náirítear an Coinbhinsiún maidir le cosaint fhisiceach ábhair núicléach agus saoráidí núicléacha, de réir mar is iomchuí.

(23)Le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , bunaítear ceanglais is infheidhme maidir le heintitis in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí chun teagmhais de bharr gníomhartha neamhdhleathacha a chosc agus chun iarmhairtí teagmhas den sórt sin a chomhrac agus a mhaolú. Cé go bhfuil na bearta a cheanglaítear leis an Treoir seo níos leithne ó thaobh na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu agus ó thaobh cineálacha beart atá le déanamh, ba cheart d’eintitis chriticiúla sna hearnálacha sin na bearta a rinneadh de bhun na ngníomhartha eile sin de chuid an Aontais a léiriú ina bplean athléimneachta nó ina ndoiciméid choibhéiseacha. Thairis sin, agus bearta athléimneachta á gcur chun feidhme faoin Treoir seo, féadfaidh eintitis chriticiúla breithniú ar thagairt a dhéanamh do threoirlínte neamhcheangailteacha agus do dhoiciméid maidir le dea-chleachtais a forbraíodh faoi shruthanna oibre earnálacha, amhail Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid 31 .

(24)An baol go mbainfidh fostaithe eintiteas criticiúil míúsáid as, cuir i gcás, a gcearta rochtana laistigh d’eagraíocht an eintitis chun díobháil agus damáiste a dhéanamh, is ábhar imní é atá ag géarú i rith an ama. Is measa an baol sin mar gheall ar an radacú, feiniméan atá ag dul i méid agus a bhfuil an tantoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht mar thoradh air. Is gá, dá bhrí sin, é a chur ar chumas eintiteas criticiúil seiceálacha cúlra a iarraidh ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha dá mbaill foirne agus a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú gasta ar na hiarrataí sin, i gcomhréir le rialacha infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena náirítear rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

(25)Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le teagmhais a shuaitheann go mór a noibríochtaí nó a d’fhéadfadh a noibríochtaí a shuaitheadh go mór, a luaithe is féidir le réasún faoi na himthosca atá ann. Ba cheart go gcuirfeadh an fógra ar chumas na núdarás inniúil freagairt thapa leormhaith a thabhairt ar na teagmhais agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar na rioscaí foriomlána a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu. Chun na críche sin, ba cheart nós imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair chun a dhéanamh amach cathain a bhíonn an suaitheadh atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann mór agus ar cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na teagmhais. I bhfianaise an tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh den sórt sin, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfadh na Ballstáit, trí phointí teagmhála aonair, na Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoi.

(26)Cé go bhfeidhmíonn eintitis chriticiúla i gcoitinne mar chuid de líonra bonneagar agus soláthair seirbhísí atá ag éirí níos idirnasctha agus gur minic a sholáthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha i níos mó ná Ballstát amháin, tá tábhacht ar leith ag baint le cuid de na heintitis sin don Aontas toisc go soláthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha do líon mór Ballstát, agus dá bhrí sin, is gá maoirseacht shonrach a dhéanamh orthu ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a bhunú maidir leis an maoirseacht shonrach i ndáil le heintitis chriticiúla den sórt sin a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Tá na rialacha sin gan dochar do na rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar amach sa Treoir seo.

(27)I gcás ina measfaidh aon Bhallstát go bhfuil gá le faisnéis bhreise chun a bheith in ann comhairle a chur ar eintiteas criticiúil maidir lena chuid oibleagáidí faoi Chaibidil III a chomhlíonadh nó chun measúnú a dhéanamh ar eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis maidir lena chomhlíontacht leis na hoibleagáidí sin, i gcomhaontú leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis sin lonnaithe, ba cheart don Choimisiún misean comhairleach a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar na bearta atá curtha i bhfeidhm ag an eintiteas sin. Chun a áirithiú go gcuirfear misin chomhairleacha den sórt sin i gcrích i gceart, ba cheart rialacha comhlántacha a bhunú, go háirithe maidir lena neagrú agus lena reáchtáil, maidir leis an obair leantach a bheidh le tabhairt agus maidir leis na hoibleagáidí ar na heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Gan dochar don ghá atá ann go ndéanfaidh an Ballstát ina seoltar an misean comhairleach agus an teintiteas lena mbaineann rialacha na Treorach seo a chomhlíonadh, ba cheart na misin chomhairleacha a reáchtáil faoi réir rialacha mionsonraithe dhlí an Bhallstáit sin, mar shampla rialacha maidir leis na coinníollacha beachta atá le comhlíonadh chun rochtain a fháil ar áitreabh nó doiciméid ábhartha agus maidir le sásamh breithiúnach. Saineolas sonrach a bhfuil gá leis le haghaidh misin den sórt sin, d’fhéadfaí é a iarraidh, i gcás inarb ábhartha, tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha.

(28)Chun tacú leis an gCoimisiún agus chun éascú a dhéanamh ar chomhar straitéiseach agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo, lena náirítear dea-chleachtais, ba cheart Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a bhunú, ar grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin é. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh comhar éifeachtach éifeachtúil a áirithiú i measc ionadaithe a núdarás inniúil a ainmneofar sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Ba cheart don ghrúpa tús a chur lena chúraimí a chomhlíonadh ó shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo ar aghaidh, chun modhanna breise a chur ar fáil i ndáil le comhar iomchuí le linn thréimhse thrasuí na Treorach seo.

(29)Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, agus gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na mBallstát agus eintiteas criticiúil a áirithiú go gcomhlíonfar a gcuid oibleagáidí faoi seach a leagtar amach inti, ba cheart don Choimisiún tabhairt faoi ghníomhaíochtaí tacaíochta áirithe atá dírithe ar chomhlíonadh na noibleagáidí sin a éascú, i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin. Agus tacaíocht á tabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis chriticiúla i gcur chun feidhme na noibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart don Choimisiún cur leis na struchtúir agus na huirlisí atá ann cheana, amhail iad siúd atá faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus faoin Líonra Tagartha Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint.

(30)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a núdaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh, chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, chun orduithe a eisiúint le sáruithe a sainaithníodh a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á neisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil lena chuid oibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla a ainmneofar faoi Threoir NIS 2 measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na neintiteas sin. Ba cheart do na údaráis inniúla oibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

(31)Chun rioscaí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar na bearta athléimneachta atá le déanamh ag eintitis chriticiúla trí roinnt de na bearta sin nó na bearta uile a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 32 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 .

(33)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ar seirbhísí iad atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, agus athléimneacht eintiteas criticiúil a sholáthraíonn na seirbhísí sin a fheabhsú, agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2008/114/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
Ábhar, Raon feidhme agus Sainmhínithe

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Treoir seo déantar an méid seo a leanas:

(a)cuid d’oibleagáidí na mBallstáit a leagan síos maidir le bearta áirithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint chomh maith le heintitis ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla i dtaobh gnéithe áirithe, agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(b)cuid d’oibleagáidí eintiteas criticiúil a bhunú, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an athléimneacht atá acu chomh maith leis an gcumas atá acu na seirbhísí sin a sholáthar sa mhargadh inmheánach;

(c)rialacha a bhunú maidir le maoirseacht ar eintitis chriticiúla agus forfheidhmiú na neintiteas sin, agus formhaoirseacht shonrach ar eintitis chriticiúla a mheastar go bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo.

2.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/YY [an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (‘Treoir NIS 2’)], gan dochar d’Airteagal 7.

3.I gcás ina gceanglófar le forálacha gníomhartha earnáilsonracha i ndlí an Aontais ar eintitis chriticiúla bearta mar a leagtar amach i gCaibidil III a dhéanamh agus ina mbeidh na ceanglais sin coibhéiseach ar a laghad leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena náirítear na forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.

4.Gan dochar d’Airteagal 346 de CFAE, faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, amhail rialacha maidir le rúndacht gnó, ní dhéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ach i gcás ina mbeidh gá leis an malartú sin le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus is comhréireach leis. Leis an malartú faisnéise, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘eintiteas criticiúil’ eintiteas poiblí nó príobháideach de chineál dá dtagraítear san Iarscríbhinn, eintiteas a shainaithin Ballstát gur eintiteas criticiúil é i gcomhréir le hAirteagal 5;

(2)ciallaíonn ‘athléimneacht’ an cumas teagmhas a chosc, a chomhrac, a mhaolú, a sheasamh, freastal air agus teacht aniar uaidh, ar teagmhas é a shuaitheann oibríochtaí eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí eintitis chriticiúil a shuaitheadh;

(3)ciallaíonn ‘teagmhas’ aon teagmhas a shuaitheann oibríochtaí eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh;

(4) ciallaíonn ‘bonneagar’ sócmhainn, córas nó cuid de shócmhainn nó de chóras atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar;

(5) ciallaíonn ‘seirbhís fhíor-riachtanach’ seirbhís atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun;

(6)ciallaíonn ‘riosca’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar athléimneacht eintiteas criticiúil;

(7)ciallaíonn ‘measúnú riosca’ modheolaíocht chun cineál agus méid an riosca a dhéanamh amach trí anailís a dhéanamh ar bhagairtí agus ar ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus measúnú a dhéanamh ar imthosca leochaileachta atá ann cheana a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh.

CAIBIDIL II
Creataí Náisiúnta um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil

Airteagal 3
Straitéis um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil

1.Glacfaidh gach Ballstát straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a threisiú faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Sa straitéis sin leagfar amach cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais lena gcumhdófar ar a laghad na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, d’fhonn ardleibhéal athléimneachta ó thaobh na neintiteas criticiúil sin a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

2.Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa straitéis:

(a)cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú agus idirspleáchais trasteorann trasearnálacha á gcur san áireamh;

(b)creat rialachais chun cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach, lena náirítear tuairisc ar róil agus freagrachtaí na núdarás éagsúil, na neintiteas criticiúil agus na bpáirtithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise;

(c)tuairisc ar na bearta riachtanacha chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, lena náirítear measúnú riosca náisiúnta, eintitis chriticiúla agus eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a shainaithint, agus na bearta chun tacú le heintitis chriticiúla a dhéanfar i gcomhréir leis an gCaibidil seo;

(d)creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo agus de bhun [Threoir NIS 2] chun faisnéis a mhalartú maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

Tabharfar an straitéis cothrom le dáta i gcás inar gá agus gach ceithre bliana ar a laghad.

3.Déanfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí agus aon nuashonrú ar na straitéisí sin a chur in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ó dháta a nglactha.

Airteagal 4
Measúnú riosca arna dhéanamh ag na Ballstáit

1.Bunóidh údaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 8 liosta seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn. Déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha sin faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, d’fhonn eintitis chriticiúla a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus d’fhonn cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 11.

Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dhéantús an duine, lena n‑áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí eascairdiúla, lena n‑áirítear cionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 .

2.Agus an measúnú riosca á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh:

(a)an measúnú riosca ginearálta a dhéantar de bhun Airteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 ;

(b)measúnuithe riosca ábhartha eile, a dhéantar i gcomhréir le ceanglais na ngníomhartha ábhartha earnáilsonracha i ndlí an Aontais, lena náirítear Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 agus Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ;

(c)aon riosca a eascraíonn ó na spleáchais idir na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, lena náirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha, agus an tionchar a d’fhéadfadh suaitheadh in earnáil amháin a imirt ar earnálacha eile;

(d)aon fhaisnéis maidir le teagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 13.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (c), oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le húdaráis inniúla Ballstáit agus tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí.

3.Cuirfidh na Ballstáit gnéithe ábhartha an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na heintitis chriticiúla a shainaithin siad i gcomhréir le hAirteagal 5 chun cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin a measúnú riosca a dhéanamh, de bhun Airteagal 10, agus chun cúnamh a thabhairt dóibh bearta a dhéanamh lena nathléimneacht a áirithiú de bhun Airteagal 11.

4.Cuirfidh gach Ballstát sonraí ar fáil don Choimisiún maidir leis na cineálacha rioscaí a sainaithníodh agus torthaí na measúnuithe riosca, in aghaidh na hearnála agus in aghaidh na fo-earnála dá dtagraítear san Iarscríbhinn, faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad.

5.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach a fhorbairt chun mír 4 a chomhlíonadh.

Airteagal 5
Eintitis chriticiúla a shainaithint

1.Déanfaidh na Ballstáit na heintitis chriticiúla a shainaithint le haghaidh gach earnála agus fo-earnála dá dtagraítear san Iarscríbhinn, seachas pointí 3, 4 agus 8 de, faoin [trí bliana agus trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

2.Agus eintitis chriticiúla á sainaithint ag na Ballstáit de bhun mhír 1, cuirfidh siad torthaí an mheasúnaithe riosca san áireamh de bhun Airteagal 4 agus cuirfidh siad na critéir seo a leanas i bhfeidhm:

(a)déanann an teintiteas seirbhís fhíor-riachtanach amháin nó níos a sholáthar;

(b)(braitheann soláthar na seirbhíse sin ar an mbonneagar atá suite sa Bhallstát; agus

(c)bheadh éifeachtaí suaiteacha móra ag teagmhas ar sholáthar na seirbhíse nó ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha eile sna hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, earnálacha a bhíonn ag brath ar an tseirbhís sin.

3.Bunóidh gach Ballstát liosta de na heintitis chriticiúla a sainaithníodh agus áiritheoidh siad go dtabharfar fógra do na heintitis chriticiúla sin lena chur in iúl gur sainaithníodh gur eintitis chriticiúla iad laistigh de mhí amháin tar éis a sainaitheanta, agus cuirfear ar an eolas iad faoina gcuid oibleagáidí de bhun Chaibidlí II agus III agus faoin dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha na gCaibidlí sin maidir leo.

Maidir leis na heintitis chriticiúla lena mbaineann, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo ó dháta an fhógra ar aghaidh agus ag forálacha Chaibidil III ó shé mhí tar éis dháta an fhógra ar aghaidh.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh a núdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo fógra do na húdaráis inniúla a ainmneoidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8 de [Threoir NIS 2] faoi cé hiad na heintitis chriticiúla a shainaithin siad faoin Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis a sainaitheanta.

5.Tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá núdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh ar sainaithníodh gur eintitis chriticiúla iad i mBallstáit amháin eile nó níos mó. I gcás ina sainaithneoidh dhá Bhallstát nó níos mó gur eintiteas criticiúil é eintiteas, rachaidh na Ballstáit sin i mbun comhairliúcháin le chéile d’fhonn an tualach ar an eintiteas criticiúil a laghdú i ndáil leis na hoibleagáidí de bhun Chaibidil III.

6.Chun críocha Chaibidil IV, tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá núdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh an soláthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha do níos mó ná trian amháin de na Ballstáit nó i níos mó ná trian amháin de na Ballstáit. I gcás inarb amhlaidh, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi cé hiad na eintitis chriticiúla sin gan moill mhíchuí.

7.I gcás inar gá agus gach ceithre bliana ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta de na heintitis chriticiúla a sainaithníodh agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonróidh siad é.

I gcás ina sainaithneofar eintitis chriticiúla bhreise de bharr na nuashonruithe sin, beidh feidhm ag míreanna 3, 4, 5 agus 6. Ina theannta sin, aon eintiteas nach bhfuil sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é a thuilleadh de bhun aon nuashonrú den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra dó faoin méid sin agus go gcuirfear ar an eolas é nach bhfuil sé faoi réir na n‑oibleagáidí de bhun Chaibidil III a thuilleadh ón uair a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin.

Airteagal 6
Éifeacht shuaiteach mhór

1.Agus an tábhacht a bhaineann le héifeacht shuaiteach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (c), á dhéanamh amach ag na Ballstáit, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís a sholáthraíonn an teintiteas;

(b)spleáchas earnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn ar an tseirbhís sin;

(c)an tionchar a d’fhéadfadh teagmhais a imirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí, i dtéarmaí méide agus fhad ama an tionchair;

(d)an sciar den mhargadh atá ag an eintiteas i margadh na seirbhísí sin;

(e)an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena náirítear aon tionchar trasteorann;

(f)an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach seirbhíse a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís sin a sholáthar á cur san áireamh.

2.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin faoin [trí bliana agus trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]:

(a)an liosta seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(b)an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i gcás gach earnála agus fo-earnála dá dtagraítear san Iarscríbhinn agus an tseirbhís nó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a sholáthraíonn gach eintiteas;

(c)aon tairseach a cuireadh i bhfeidhm chun ceann amháin nó níos mó de na critéir i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach i gcás inar gá agus gach ceithre bliana ar a laghad.

3.Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, treoirlínte a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 a éascú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 á cur san áireamh.

Airteagal 7
Eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin gCaibidil seo

1. Maidir leis na hearnálacha dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 8 den Iarscríbhinn, déanfaidh na Ballstáit na heintitis a shainaithint a mheasfar a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla chun críocha na Caibidle seo faoin [trí bliana agus trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad forálacha Airteagal 3, Airteagal 4, Airteagal 5(1) go (4) agus (7) agus Airteagal 9 i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin.

2. I leith eintitis na n‑earnálacha dá dtagraítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn a sainaithníodh de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit gurb iad na húdaráis arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] na húdaráis a ainmneofar ina n‑údaráis inniúla, chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 8(1).

3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra do na heintitis dá dtagraítear i mír 1, gan moill mhíchuí, lena chur in iúl gur sainaithníodh gur eintitis dá dtagraítear san Airteagal seo iad.

Airteagal 8
Údaráis inniúla agus pointe teagmhála aonair

1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as rialacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm i gceart agus, i gcás inar gá, a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta (‘údarás inniúil’). Féadfaidh na Ballstáit údarás nó údaráis atá ann cheana a ainmniú.

I gcás ina n‑ainmneoidh siad níos mó ná údarás amháin, leagfaidh siad amach go soiléir cúraimí sonracha na n‑údarás lena mbaineann agus áiritheoidh siad go n‑oibreoidh siad i gcomhar go héifeachtach chun a gcuid cúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear cúraimí maidir le hainmniú agus gníomhaíochtaí an phointe teagmhála aonair dá dtagraítear i mír 2.

2.Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair laistigh den údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a áirithiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dtagraítear in Airteagal 16 (‘pointe teagmhála aonair’).

3.Faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach bliain dá éis sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas, lena náirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

4.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag an údarás inniúil, lena náirítear an pointe teagmhála aonair arna ainmniú ann, chun na cúraimí a shannfar dó a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh a núdaráis inniúla i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus go noibreoidh siad i gcomhar leo, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go háirithe na húdaráis sin a bhfuil an chosaint shibhialta, forfheidhmiú an dlí agus cosaint sonraí pearsanta ina gcúraimí orthu, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear eintitis chriticiúla.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh a núdaráis inniúla arna nainmniú de bhun an Airteagail seo i gcomhar le húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun [Threoir NIS 2]  i dtaca le rioscaí cibearshlándála agus cibirtheagmhais a dhéanann difear d’eintitis chriticiúla, agus i dtaca leis na bearta a dhéanann údaráis inniúla arna nainmniú faoi [Threoir NIS 2] atá ábhartha d’eintitis chriticiúla.

7.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi ainmniú an údaráis inniúil agus an phointe teagmhála aonair laistigh de thrí mhí ón ainmniúchán sin, lena náirítear a gcuid cúraimí agus freagrachtaí beachta faoin Treoir seo, a gcuid sonraí teagmhála agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Poibleoidh gach Ballstát an túdarás inniúil agus an pointe teagmhála aonair a d’ainmnigh siad.

8.Foilseoidh an Coimisiún liosta de phointí teagmhála aonair na mBallstát.

Airteagal 9
Tacaíocht ó na Ballstáit do na heintitis chriticiúla

1.Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla agus iad ag feabhsú a nathléimneachta. D’fhéadfadh a bheith san áireamh sa tacaíocht sin ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le heintitis chriticiúla na nearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn agus go malartóidh siad faisnéis agus dea-chleachtais leo.

3.Bunóidh na Ballstáit uirlisí malartaithe faisnéise chun tacú le malartú faisnéise deonach idir eintitis chriticiúla i ndáil le ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le hiomaíochas agus cosaint sonraí pearsanta go háirithe.

CAIBIDIL III
Athléimneacht Eintiteas Criticiúil

Airteagal 10
Measúnú riosca a dhéanfaidh eintitis chriticiúla

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis chriticiúla measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh a n‑oibríochtaí a shuaitheadh, agus go ndéanfaidh siad é sin laistigh de shé mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, ar bhonn measúnú riosca na mBallstát agus foinsí faisnéise ábhartha eile.

Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a d’fhéadfadh suaitheadh i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha a bheith ann dá dtoradh. Cuirfear san áireamh ann aon spleáchas atá ag earnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t‑eintiteas criticiúil, lena n‑áirítear sna Ballstáit chomharsanachta agus i dtríú tíortha i gcás inarb ábhartha, agus an tionchar a d’fhéadfadh suaitheadh i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha in earnáil amháin nó níos mó a imirt ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t‑eintiteas criticiúil.

Airteagal 11
Bearta athléimneachta de chuid eintiteas criticiúil

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis chriticiúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun a nathléimneacht a áirithiú; lena náirítear bearta riachtanacha chun:

(a)tarlú teagmhas a chosc, lena náirítear le laghdú rioscaí tubaiste agus bearta oiriúnaithe don athrú aeráide;

(b)cosaint fhisiceach leormhaith a áirithiú ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, lena náirítear fálú, bacainní, uirlisí agus gnáthaimh faireacháin imlíne, chomh maith le trealamh braite agus rialuithe rochtana;

(c)iarmhairtí teagmhas a chomhrac agus a mhaolú, lena náirítear nósanna imeachta agus prótacail um rioscaí agus um bainistíocht géarchéime agus gnáthaimh foláirimh a chur chun feidhme;

(d)téarnamh ó theagmhais, lena náirítear bearta leanúnachais gnó agus slabhraí soláthair malartacha a shainaithint;

(e)bainistíocht cosanta fostaithe leormhaith a áirithiú, lena náirítear trí chatagóirí de bhaill foirne a leagan amach maidir le baill foirne a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla, trí chearta rochtana a bhunú ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, agus ar fhaisnéis íogair, chomh maith le catagóirí sonracha de bhaill foirne a shainaithint i bhfianaise Airteagal 12;

(f)feasacht a ardú faoi na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc na mball foirne ábhartha.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla plean athléimneachta ar bun, nó doiciméad nó doiciméid atá coibhéiseach le plean athléimneachta, agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad, doiciméadacht ina dtabharfar tuairisc mhionsonraithe ar na bearta de bhun mhír 1. I gcás ina ndéanfaidh eintitis chriticiúla bearta de bhun oibleagáidí atá i ngníomhartha eile de dhlí an Aontais atá ábhartha freisin maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh siad tuairisc freisin ar na bearta sin sa phlean athléimneachta nó sa doiciméad nó doiciméid atá coibhéiseach le plean athléimneachta.

3.Arna iarraidh sin ó Bhallstát a shainaithin an teintiteas criticiúil agus le comhaontú an eintitis chriticiúil lena mbaineann, eagróidh an Coimisiún misin chomhairleacha, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 15(4), (5), (7) agus (8), chun comhairle a chur ar fáil don eintiteas criticiúil lena mbaineann maidir lena gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Bhallstát sin agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 lena bhforlíontar mír 1 trí rialacha mionsonraithe a bhunú lena sonraítear cuid de na bearta nó na bearta uile atá le déanamh de bhun na míre sin. Glacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a mhéid is gá chun an mhír sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo, ag féachaint d’aon fhorbairt ábhartha sna rioscaí, sa teicneolaíocht nó i soláthar na seirbhísí lena mbaineann agus ag féachaint d’aon sainiúlacht a bhaineann le hearnálacha áirithe agus cineálacha eintiteas áirithe.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta riachtanacha a leagan amach a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 12
Seiceálacha cúlra

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí a chur isteach ar sheiceálacha cúlra ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha áirithe dá mbaill foirne, lena náirítear daoine atá á meas i leith earcú le haghaidh post a thagann faoi na gcatagóirí sin, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis atá inniúil na seiceálacha cúlra sin a dhéanamh na hiarrataí sin a mheasúnú go gasta.

2.I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena náirítear Rialachán (AE) 2016/679/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  38 , déanfar an méid seo a leanas le seiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1:

(a)céannacht an duine a shuí ar bhonn fianaise doiciméadaí;

(b)aon taifead coiriúil a chumhdach ar na cúig bliana roimhe sin ar a laghad, agus ar thréimhse deich mbliana ar a mhéad, i ndáil le coireanna atá ábhartha maidir le hearcaíocht le haghaidh post sonrach, i mBallstát nó i Ballstáit náisiúntacht an duine agus in aon cheann de na Ballstáit chónaithe nó de na tríú tíortha cónaithe le linn na tréimhse sin;

(c)fostaíocht roimhe sin, oideachas agus aon bhearna in oideachas nó fostaíocht in curriculum vitae an duine a chumhdach, le linn na gcúig bliana roimhe sin ar a laghad agus le linn deich mbliana ar a mhéad.

A mhéid a bhaineann le pointe (b) den chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh a n‑údaráis atá inniúil seiceálacha cúlra a dhéanamh an fhaisnéis maidir le taifid choiriúla ó Bhallstáit eile tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle agus, i gcás inarb ábhartha, Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 . Na húdaráis láir dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh Réime sin agus in Airteagal 3(5) den Rialachán sin, tabharfaidh siad freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin laistigh de dheich lá oibre ó fuarthas an iarraidh.

3.I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena náirítear Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar freisin síneadh a chur leis an tseiceáil cúlra dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn iarraidh ón eintiteas criticiúil a bhfuil údar cuí léi, chun leas a bhaint as faisnéis a bailíodh agus aon fhaisnéis oibiachtúil atá ar fáil a d’fhéadfadh gá a bheith léi chun a dhéanamh amach an bhfuil an duine lena mbaineann oiriúnach le bheith ag obair sa phost ar iarr an teintiteas criticiúil seiceáil cúlra a dhéanamh ina leith.

Airteagal 13
Fógra faoi theagmhais

1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra gan moill mhíchuí don údarás inniúil faoi theagmhais a shuaitheann go mór a noibríochtaí nó a d’fhéadfadh a noibríochtaí a shuaitheadh go mór. Áireofar sna fógraí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhfuil gá léi chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena náirítear aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a dhéanamh amach. Leis an bhfógra sin, ní bheidh an teintiteas criticiúil faoi réir dliteanas méadaithe.

2.Chun a dhéanamh amach cé chomh mór is atá an suaitheadh nó is atá suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann i leith oibríochtaí an eintitis chriticiúil de thoradh teagmhais, cuirfear san áireamh na paraiméadair seo a leanas go háirithe:

(a)an líon úsáideoirí a dhéanann an suaitheadh difear dóibh nó a dhéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dóibh;

(b)fad an tsuaite nó an fad a mheastar a mhairfidh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(c)an limistéar geografach a ndéanann an suaitheadh difear dó nó a ndéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dó.

3.Ar bhonn na faisnéise a chuir an teintiteas criticiúil ar fáil san fhógra, cuirfidh an túdarás inniúil pointe teagmhála aonair na mBallstát lena mbaineann ar an eolas, trína phointe teagmhála aonair féin, má tá tionchar mór ag an teagmhas nó go bhféadfaidh tionchar mór a bheith ag an teagmhas ar eintitis chriticiúla agus ar leanúnachas an tsoláthair seirbhísí fíor-riachtanacha i mBallstát amháin nó níos mó.

Leis sin, déanfaidh na pointí teagmhála aonair, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, an fhaisnéis a láimhseáil ar bhealach ina n‑urramófar rúndacht na faisnéise sin agus ina gcosnófar slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis lena mbaineann.  

4.A luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh an teintiteas inniúil faisnéis ábhartha don eintiteas criticiúil a thug an fógra dó, faisnéis faoi na bearta leantacha a rinneadh ar a fhógra, lena náirítear faisnéis a d’fhéadfadh tacú le freagairt éifeachtach an eintitis chriticiúil ar an teagmhas.

CAIBIDIL IV
Formhaoirseacht shonrach ar eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo

Airteagal 14
Eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo

1.Beidh eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo faoi réir formhaoirseacht shonrach, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

2.Measfar eintiteas a bheith ina eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis nuair a bheidh sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é agus go soláthraíonn sé seirbhísí fíor-riachtanacha do níos mó ná trian amháin de na Ballstáit nó i níos mó ná trian de na Ballstáit, agus nuair a bheidh fógra tugtha ina leith sin don Choimisiún de bhun Airteagal 5(1) agus (6), faoi seach.

3.Tabharfaidh an Coimisiún fógra don eintiteas lena mbaineann, gan moill mhíchuí tar éis dó an fógra a fháil de bhun Airteagal 5(6), lena rá go meastar gur eintiteas criticiúil é a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, agus lena gcuirfear an teintiteas sin ar an eolas faoina chuid oibleagáidí de bhun na Caibidle seo agus faoin dáta óna mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis.

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis an eintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis ón dáta a bhfuarthas an fógra sin.

Airteagal 15
Formhaoirseacht shonrach

1.Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó nó ón gCoimisiún, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis suite, in éineacht leis an eintiteas sin, déanfaidh sé an Coimisiún agus an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11.

Déanfaidh an Ballstát sin an Coimisiún agus an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur ar an eolas freisin, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht maoirseachta nó forfheidhmiúcháin a rinne a údarás inniúil de bhun Airteagail 18 agus 19 i leith an eintitis sin, lena n‑áirítear aon mheasúnú ar chomhlíonadh nó aon ordú a eisíodh.

2.Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhréir leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis suite, eagróidh an Coimisiún misean comhairleach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir an teintiteas sin ar bun chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. I gcás inar gá, féadfaidh na misin chomhairleacha saineolas sonrach a iarraidh i réimse na bainistíochta rioscaí tubaiste tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha.

3.Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an misean comhairleach a thabhairt i gcrích.

Déanfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil anailís ar an tuarascáil agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún i dtaobh an gcomhlíonann an t‑eintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis a chuid oibleagáidí de bhun Chaibidil III agus, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an eintitis sin a fheabhsú.

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na comhairle sin, a thuairimí a chur in iúl don Bhallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis sin lonnaithe, don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus don eintiteas lena mbaineann i dtaobh an gcomhlíonann an t‑eintiteas sin a chuid oibleagáidí de bhun Chaibidil III agus, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an eintitis sin a fheabhsú.

Tabharfaidh an Ballstát sin aird chuí ar na tuairimí sin agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil don Choimisiún agus don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir le haon bheart atá déanta aige de bhun na teachtaireachta.

4.Is saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh ar gach misean comhairleach. Féadfaidh na Ballstáit iarrthóirí a mholadh le bheith ina gcuid de mhisean comhairleach. Déanfaidh an Coimisiún comhaltaí gach misin chomhairligh a roghnú agus a cheapadh de réir a gcumais ghairmiúil agus áiritheoidh sé ionadaíocht chothrom ó thaobh geografaíochta de i measc na mBallstát. Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais a bhaineann le rannpháirtíocht sa mhisean comhairleach.

Eagróidh an Coimisiún an clár a bheidh ag misean comhairleach, i gcomhairle le comhaltaí an mhisin chomhairligh shonraigh agus i gcomhaontú leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil suite nó ina bhfuil an t‑eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leis lonnaithe.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir leis na socruithe nós imeachta i ndáil le misin chomhairleacha a reáchtáil agus i ndáil le tuarascálacha na misean sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

6.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an teintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis rochtain don mhisean comhairleach ar gach faisnéis, córas agus saoráid a bhaineann le soláthar a sheirbhísí fíor-riachtanacha, nithe a bhfuil gá leo chun go bhféadfaidh an misean a chúraimí a chomhlíonadh.

7.Cuirfear an misean comhairleach i gcrích i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit ina bhfuil an bonneagar sin lonnaithe.

8.Agus na misin chomhairleacha á neagrú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha ó aon chigireachtaí atá déanta aige faoi Rialachán (CE) 300/2008 agus Rialachán (CE) 725/2004 agus na tuarascálacha ó aon fhaireacháin atá déanta aige faoi Threoir 2005/65/CE i ndáil leis an eintiteas criticiúil nó leis an eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, de réir mar is iomchuí.

CAIBIDIL V
Comhar agus Tuairisciú

Airteagal 16
An Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil

1.Bunaítear Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le héifeacht ó [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Tacóidh sé leis an gCoimisiún agus éascóidh sé comhar straitéiseach agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo.

2.Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh ina chuid oibre.

Is ionadaí ón gCoimisiúin a bheidh ina chathaoirleach ar an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

3.Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil:

(a)tacú leis an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit an cumas atá acu a threisiú maidir le hathléimneacht na neintiteas criticiúil a áirithiú i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)meastóireacht a dhéanamh ar na straitéisí maidir le hathléimneacht na neintiteas criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 3 agus na dea-chleachtais i ndáil leis na straitéisí sin a shainaithint;

(c)éascú a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5, lena náirítear maidir le spleáchais trasteorann agus maidir le rioscaí agus teagmhais;

(d)rannchuidiú le hullmhú na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus le hullmhú aon ghnímh tharmligthe nó aon ghnímh cur chun feidhme faoin Treoir seo, arna iarraidh sin;

(e)scrúdú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar na tuarascálacha achoimre dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)dea-chleachtais a mhalartú maidir le malartú faisnéise a bhaineann le fógra a thabhairt faoi theagmhais dá dtagraítear in Airteagal 13;

(g)anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ó mhisin chomhairleacha i gcomhréir le hAirteagal 15(3) agus comhairle a thabhairt maidir leo;

(h)faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le taighde agus forbairt a bhaineann le hathléimneacht na neintiteas criticiúil i gcomhréir leis an Treoir seo;

(i)i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le hábhair a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil, an fhaisnéis sin a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

4.Faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach dhá bhliain dá éis sin, bunóidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil clár oibre i dtaca le gníomhaíochtaí atá le déanamh chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme, clár a bheidh comhsheasmhach le ceanglais agus le cuspóirí na Treorach seo.

5.Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi [Threoir NIS 2] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn.

6.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na socruithe nós imeachta riachtanacha le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

7.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(4) a chur ar fáil don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad.

Airteagal 17
Tacaíocht ón gCoimisiún d’údaráis inniúla agus d’eintitis chriticiúla

1.Tacóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit agus le heintitis chriticiúla agus iad ag comhlíonadh a noibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe trí fhorléargas ar leibhéal an Aontais a ullmhú ar rioscaí trasteorann trasearnálacha a bhaineann le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha, trí na misin chomhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(3) a eagrú agus trí mhalartú faisnéise idir saineolaithe ar fud an Aontais a éascú.

2.Comhlánóidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 9 trí dhea-chleachtais agus modheolaíochtaí a fhorbairt, agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus cleachtaí trasteorann a fhorbairt chun athléimneacht eintiteas criticiúil a thástáil.

CAIBIDIL VI
MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 18
Cur chun feidhme agus forfheidhmiú

1.Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na noibleagáidí de bhun na Treorach seo ag na heintitis a shainaithin na Ballstáit gur eintitis chriticiúla iad de bhun Airteagal 5, áiritheoidh siad go mbeidh na cumhachtaí agus na modhanna ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar an áitreabh a úsáideann an teintiteas criticiúil chun a sheirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar, agus maoirseacht lasmuigh den láthair ar bhearta na neintiteas criticiúil de bhun Airteagal 11;

(b)iniúchtaí a dhéanamh nó a ordú i leith na neintiteas sin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na modhanna ag na húdaráis inniúla chun a éileamh, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na heintitis a shainaithin siad gur eintitis chriticiúla iad de bhun mhír 5 an méid seo a leanas a sholáthar, laistigh de thréimhse ama réasúnach a leagfaidh na húdaráis sin síos:

(a)an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú an gcomhlíonann na bearta a rinne na heintitis sin chun a nathléimneacht a áirithiú ceanglais Airteagal 11;

(b)fianaise ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sin, lena náirítear torthaí iniúchóireachta a dhéanfaidh iniúchóir cáilithe neamhspleách ar chostas an eintitis sin, ar iniúchóir é a roghnóidh an teintiteas.

Agus an fhaisnéis sin á héileamh acu, luafaidh na húdaráis inniúla cuspóir an cheanglais agus sonróidh siad an fhaisnéis is gá.

3.Gan dochar don fhéidearthacht pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 19, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, nó tar éis an mheasúnaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh siad a ordú do na heintitis chriticiúla lena mbaineann go ndéanfaidh siad na bearta comhréireacha is gá chun aon sárú ar an Treoir seo a leigheas, laistigh de thréimhse ama réasúnach a leagfaidh na húdaráis sin síos, agus go soláthróidh siad faisnéis do na húdaráis sin maidir leis na bearta a rinneadh. Cuirfear san áireamh sna horduithe sin, go háirithe, a thromchúisí is atá an sárú.

4.Áiritheoidh an Ballstát nach bhféadfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 a fheidhmiú ach amháin faoi réir coimircí iomchuí. Leis na coimircí sin, ráthófar, go háirithe, go ndéanfar an feidhmiú sin ar bhealach oibiachtúil trédhearcach comhréireach agus go ndéanfar cearta agus leasanna dlisteanacha na neintiteas criticiúil lena mbaineann a choimirciú go cuí, lena náirítear a gceart chun éisteacht a fháil, a gceart chun cosanta agus a gceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirt neamhspleách.

5.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfaidh údarás inniúil measúnú ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil de bhun an Airteagail seo, go gcuirfidh sé údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann arna nainmniú faoi [Threoir NIS 2] ar an eolas agus go bhféadfaidh sé iarraidh ar na húdaráis sin cibearshlándáil an eintitis a mheasúnú, chomh maith le hoibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

Airteagal 19
Pionóis

Na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit na rialacha sin a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a dhéanann difear dóibh.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22
Tuairisciú agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, faoin [54 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnálacha nó fo-earnálacha eile a chumhdach. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin [sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfar measúnú inti, go háirithe, i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnáil an táirgthe, na próiseála agus an dáilte bia a áireamh.

Airteagal 23
Treoir 2008/114/CE a Aisghairm

Déantar Treoir 2008/114/CE a aisghairm le héifeacht ó [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 24
Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi cheann [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ó [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo + lá amháin].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Slándáil

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 40  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Cuireann oibreoirí bonneagar criticiúil seirbhísí ar fáil i roinnt earnálacha (amhail iompar, fuinneamh, sláinte, uisce, etc.) atá riachtanach le haghaidh feidhmeanna sochaíocha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha . Dá bhrí sin, ní mór do na hoibreoirí a bheith athléimneach, i.e. cosaint mhaith a bheith acu, ach ní mór dóibh teacht ar ais i mbun oibríochtaí go tapa i gcás suaite.

Is é cuspóir ginearálta an togra athléimneacht na n‑oibreoirí sin (dá dtagraítear ‘eintitis chriticiúla’) a fheabhsú in aghaidh raon rioscaí nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, d'aon ghnó nó neamhbheartaithe.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Tá sé d'aidhm ag an tionscnamh aghaidh a thabhairt ar cheithre chuspóir shonracha:

- tuiscint ar leibhéal níos airde a áirithiú maidir le rioscaí agus idirspleáchais nach mór d'eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu, agus ar an modh le haghaidh a thabhairt orthu;

- a áirithiú go n‑ainmneoidh údaráis na mBallstát na heintitis ábhartha uile mar ‘eintitis chriticiúla’;

- a áirithiú go n‑áireofar raon iomlán na ngníomhaíochtaí athléimneachta i mbeartais phoiblí agus i gcleachtas oibríochtúil;

-an acmhainneacht a neartú agus feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcumarsáid idir páirtithe leasmhara.

Rannchuideoidh na cuspóirí sin le cuspóir ginearálta an tionscnaimh a bhaint amach.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Meastar go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar shlándáil eintiteas criticiúil, a bheadh níos athléimní maidir le rioscaí agus le suaitheadh. Bheadh siad in ann rioscaí a mhaolú ar bhealach níos fearr, déileáil le haon suaitheadh a d'fhéadfadh tarlú, agus na tionchair dhiúltacha a íoslaghdú i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais.

Ciallaíonn athléimneacht fheabhsaithe eintiteas criticiúil freisin go mbeidh a gcuid oibríochtaí níos iontaofa agus go gcuirfear a gcuid seirbhísí ar fáil ar bhealach leanúnach ar fud go leor earnálacha ríthábhachtacha, rud a chuirfidh le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Beidh tionchar dearfach ag an méid sin ar an bpobal i gcoitinne agus ar ghnólachtaí, toisc go mbraitheann siad ar na seirbhísí sin ina ngníomhaíochtaí laethúla.

Thairbheodh údaráis phoiblí freisin den chobhsaíocht a eascraíonn as feidhmiú rianúil na bpríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus de bhuansoláthar seirbhísí fíor-riachtanacha dá saoránaigh.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Nascfar táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain le cuspóirí sonracha an tionscnaimh:

- beidh líon agus raon feidhme na measúnuithe riosca a dhéanfaidh údaráis agus eintitis chriticiúla ionadach ar an tuiscint níos fearr atá ag na príomhghníomhaithe ar rioscaí.

- beidh líon na ‘n‑eintiteas criticiúil’ arna sainaithint ag na Ballstáit ina léiriú ar a chuimsithí atá cumhdach na mbeartas bonneagair chriticiúil.

- léireofar príomhshruthú na hathléimneachta i mbeartais phoiblí agus i gcleachtas oibríochtúil sna straitéisí náisiúnta agus i mbearta athléimneachta eintiteas criticiúil.

- déanfar measúnú ar fheabhsuithe ó thaobh acmhainneachta agus comhair de ar bhonn gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus tionscnaimh chomhair a fhorbrófar.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Chun riachtanais an tionscnaimh a chomhlíonadh, beidh ar na Ballstáit straitéis a fhorbairt sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil; measúnú riosca náisiúnta a dhéanamh; agus na hoibreoirí ar ‘eintitis chriticiúla’ iad a shainaithint ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca agus na gcritéar sonrach. Déanfar na gníomhaíochtaí sin go rialta de réir mar is gá, agus uair amháin gach ceithre bliana ar a laghad. Beidh ar na Ballstáit sásraí comhair a bhunú freisin idir páirtithe leasmhara ábhartha.

Cheanglófaí ar na hoibreoirí a ainmnítear mar ‘eintitis chriticiúla’ measúnú riosca dá gcuid féin a dhéanamh, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma; bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun a n‑athléimneacht a áirithiú; agus na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi theagmhais.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d'fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante):

Is é cuspóir an tionscnaimh seo athléimneacht na eintiteas criticiúil a fheabhsú in aghaidh raon rioscaí. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach mar is ceart agus iad ag gníomhú ina n‑aonar: tá údar le gníomhaíocht de chuid an Aontais mar gheall ar chineál coiteann na rioscaí a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu; gné thrasnáisiúnta na seirbhísí a sholáthraíonn siad; agus na hidirspleáchais agus na naisc eatarthu (ar fud na n‑earnálacha agus thar theorainneacha). Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh leochaileacht nó suaitheadh i saoráid aonair amháin suaitheadh a chruthú ar fud earnálacha agus thar theorainneacha.

An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post):

I gcomparáid leis an staid reatha, cruthóidh an tionscnamh atá beartaithe breisluach go háirithe tríd an méid seo a leanas:

- creat ginearálta a bhunú a chuirfeadh ailíniú níos dlúithe ar bheartais na mBallstát chun cinn (raon feidhme comhleanúnach earnála, critéir chun eintitis chriticiúla a ainmniú, ceanglais choiteanna i dtéarmaí measúnuithe riosca),

- a áirithiú go ndéanfaidh eintitis chriticiúla bearta iomchuí athléimneachta,

- eolas agus saineolas ó ar fud an Aontais a thabhairt le chéile a chuirfeadh barr feabhais ar fhreagairt eintiteas criticiúil agus údarás,

- na neamhréireachtaí idir na Ballstáit a laghdú agus athléimneacht eintiteas criticiúil a mhéadú ar fud an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Baintear leas sa togra as na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme na Treorach maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha (Treoir 2008/114/CE) agus as an meastóireacht a rinneadh uirthi (SWD(2019) 308).

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra seo ar cheann de bhunchlocha Straitéis nua an Aontais um an Aontas Slándála a bhfuil sé d'aidhm aici timpeallacht slándála a sheasfaidh an aimsir a bhaint amach.

Is féidir sineirgí a fhorbairt leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta maidir le tubaistí a chosc, a mhaolú agus a bhainistiú.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

·Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2021 go 2027,

·agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 41  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

☑ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Le bainistíocht dhíreach, cumhdófar an méid seo a leanas go príomha: costais riaracháin le haghaidh AS HOME, Socrú Riaracháin le JRC, deontais arna mbainistiú ag an gCoimisiún.

Le bainistíocht chomhroinnte, cumhdófar an méid seo a leanas: Tionscadail atá faoi bhainistíocht chomhroinnte: Beidh ar na Ballstáit straitéis agus measúnú riosca a fhorbairt, agus féadfaidh siad a n‑imchlúdaigh náisiúnta a úsáid chun na gcríoch sin.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

De réir an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, ionstraim an Aontais atá dírithe ar réimse na slándála (COM(2018) 472 final):

Bainistíocht chomhroinnte:

Bunóidh gach Ballstát córais bhainistithe agus rialaithe dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC). Chun tosú tapa ar an gcur chun feidhme a éascú, is féidir leanúint, sa chéad chlárthréimhse eile, d'úsáid córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith.

Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na Ballstáit coiste faireacháin a bhunú agus glacfaidh an Coimisiún páirt in obair an choiste sin mar chomhairleoir. Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a ghnóthú.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht ar aghaidh, ina leagfar amach faisnéis faoin dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

Ag deireadh na tréimhse, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach. Ba cheart an tuarascáil deiridh a bheith dírithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le gnóthú chuspóirí an chláir agus ba cheart forléargas a bheith ann ar na príomh‑shaincheisteanna a rinne difear d'fheidhmíocht na tíre, ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ar an measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí i láthair inti rannchuidiú an chláir maidir le dul i ngleic leis an dúshláin arna sainaithint sna moltaí ábhartha ón Aontas don Bhallstát, an dul chun cinn i dtaca le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta, torthaí na meastóireachtaí ábhartha agus na bearta leantacha arna ndéanamh maidir leis na torthaí sin agus torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide.

De réir dhréacht‑togra RFC, cuirfidh na Ballstáit pacáiste dearbhaithe ar aghaidh gach bliain, ina mbeidh na cuntais bhliantúla, an dearbhú bainistíochta agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta maidir leis na cuntais, an tuarascáil bhliantúil ar rialú mar a cheanglaítear le hAirteagal 92(1)(d) de RFC, an córas bainistithe agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú sna cuntais bhliantúla. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bpacáiste dearbhaithe sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta a chinneadh.

Eagrófar cruinniú athbhreithnithe idir an Coimisiún agus gach Ballstát gach re bliain chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.

6 huaire in aghaidh na bliana, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar aghaidh maidir le gach clár, arna miondealú de réir cuspóirí sonracha. Bainfidh na sonraí sin le costas na n‑oibríochtaí agus le luachanna na dtáscairí coiteanna aschuir agus toraidh.

Go ginearálta:

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste seo, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a bheith bunaithe go háirithe ar an meastóireacht mheántéarma ar chláir arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

De réir an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, ionstraim an Aontais atá dírithe ar réimse na slándála (COM(2018) 472 final):

Léirigh na meastóireachtaí ex post ar Chistí AS HOME 2007-2013 agus na meastóireachtaí eatramhacha ar na Cistí atá ag AS HOME faoi láthair gur fhág an meascán modhanna seachadta a bhí ann i réimsí na himirce agus na ngnóthaí baile go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gCistí a ghnóthú. Coinneofar an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta agus cuimseofar bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach.

Cuireann na Ballstáit chun feidhme, trí bhainistíocht chomhroinnte, cláir a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus iad saincheaptha dá gcomhthéacs náisiúnta. Áirithíonn an bhainistíocht chomhroinnte go bhfuil an tacaíocht airgeadais ar fáil sna Stáit rannpháirteacha uile. Thairis sin, faoi bhainistíocht chomhroinnte bíonn intuarthacht cistiúcháin ann agus is féidir leis na Ballstáit, ar acu atá an t‑eolas is fearr ar na dúshláin atá rompu féin, a maoiniú fadtéarmach a phleanáil dá réir. Nuair a thagann cúinsí nua chun cinn, is féidir leis an gCiste cúnamh éigeandála a thabhairt faoi bhainistíocht chomhroinnte, maille leis an mbainistíocht dhíreach agus indíreach.

Trí bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile trína gcuirtear le cuspóirí coiteanna beartais an Aontais. Cuireann na gníomhaíochtaí tacaíocht shaincheaptha ar fáil maidir le riachtanais phráinneacha shonracha i mBallstáit ar leith (‘cúnamh éigeandála’), tacaíonn siad le líonraí agus le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, tástálann siad gníomhaíochtaí nuálacha ab fhéidir a mhéadú faoi chláir náisiúnta agus cumhdaíonn siad staidéir atá le leas an Aontais ina iomláine (‘gníomhaíochtaí an Aontais’).

Faoi bhainistíocht indíreach, coinníonn an Ciste an deis cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile, agus chuig comhlachtaí nach iad, chun críocha áirithe.

I bhfianaise na gcuspóirí agus na riachtanais éagsúla, tá saoráid théamach á beartú faoin gCiste mar bhealach cothromaíocht a fháil idir intuarthacht i ndáil le leithdháileadh ilbhliantúil an chistithe ar na cláir náisiúnta agus solúbthacht chun cistiú a íoc amach go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann ardleibhéal breisluacha don Aontas. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha sna Ballstáit agus i measc na mBallstát, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála. Áiritheofar léi gur féidir cistí a leithdháileadh agus a aistriú idir na módúlachtaí thuasluaite, ar bhonn timthriall clársceidealaithe dhá bhliain.

Tá tuairisc ar na modúlachtaí íocaíochta don bhainistíocht chomhroinnte i ndréacht‑togra RFC ina bhforáiltear maidir le réamh‑mhaoiniú bliantúil, agus, ina dhiaidh sin, maidir le huasmhéid 4 híocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir in aghaidh na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht a chuirfidh na Ballstáit isteach le linn na bliana cuntasaíochta. De réir mar atá i dréacht‑togra RFC, glanfar an réamh‑mhaoiniú le linn bhliain airgeadais dheireanach na gclár.

Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Leis an Rialachán Airgeadais nua agus dréacht‑togra RFC ba cheart cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid. Tabharfar isteach foirmeacha nua íocaíochtaí freisin, bunaithe ar na torthaí arna mbaint amach, seachas an costas. Beidh tairbhithe in ann méid sheasta airgid a fháil má chruthaíonn siad go ndearnadh bearta áirithe amhail cúrsaí oiliúna nó seachadadh cúnaimh daonnúil. Meastar go simpleoidh sé sin an t‑ualach rialaithe ar leibhéal an tairbhí agus ar leibhéal an Bhallstáit araon (e.g. seiceáil billí agus admhálacha costais).

I gcás bainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea dréacht‑togra RFC ar an straitéis bainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a mbeidh sé mar aidhm leo an cur chun feidhme a shimpliú agus an t‑ualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus mBallstát araon. Ar na cúinsí nua áirítear an méid seo a leanas:

- deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin (ba cheart go mbeifí in ann dlús a chur le cur chun feidhme na gclár mar gheall air)

- fíoruithe bainistíochta (fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair) a bheidh le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (i gcomparáid leis an 100 % rialuithe riaracháin a cheanglaítear le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020). Thairis sin, faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh na húdaráis bhainistíochta socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta.

- coinníollacha faoinar féidir an iliomad iniúchtaí ar an oibríocht/caiteachas céanna a sheachaint

Cuirfidh údaráis an chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún bunaithe ar an gcaiteachas a thabhóidh na tairbhithe. Faoi dhréacht‑togra RFC, beidh na húdaráis bhainistíochta in ann fíoruithe bainistíochta a dhéanamh ar bhonn riosca agus foráiltear ann freisin rialuithe sonracha (e.g. rialuithe ar an láthair ag an údarás bainistíochta agus iniúchtaí ar oibríochtaí/chaiteachas ag an údarás iniúchóireachta) tar éis an caiteachas lena mbaineann a bheith dearbhaithe don Choimisiún sna héilimh eatramhacha ar íocaíochtaí. D'fhonn an riosca atá ann go n‑aisíocfaí caiteachas neamh‑incháilithe a mhaolú, déantar foráil i ndréacht‑RFC maidir le huasteorainn 90 % a chur le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, i bhfianaise nach bhfuil déanta go fóill ach cuid de na rialuithe náisiúnta. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena n‑imréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht as aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.

Maidir leis an gcuid a chuirtear chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach faoin tsaoráid théamach, cuirfidh an córas bainistíochta agus rialaithe leis an taithí a fuarthas in 2014-2020 i ngníomhaíochtaí an Aontais agus i gcúnamh éigeandála araon. Cuirfear scéim shimplithe ar bun faoina bhféadfar próiseáil ghasta a dhéanamh ar iarratais agus, san am céanna, an riosca earráide a laghdú: ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ó iarratasóirí cáilithe sna Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, bunófar an cistiú ar roghanna costais simplithe, forbrófar teimpléid chaighdeánacha le haghaidh iarratais ar chistiú, comhaontuithe deontais/rannchuidithe agus tuarascála, agus déanfaidh coiste seasta meastóireachta scrúdú ar na hiarratais a luaithe a gheofar iad.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo. Deimhniú air sin gur minic nach mbíonn aon rud suntasach aimsithe i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár atá ann faoi láthair, baineann siad le cur chun feidhme easnamhach an Chiste ag na Ballstáit agus le hearráidí ab fhéidir a bheith ann de dheasca a chasta atá na rialacha agus de dheasca laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe. Simpleoidh dréacht RFC an creat rialála trí na rialacha agus na córais bhainistithe agus rialaithe a chomhchuibhiú i gcás na gCistí éagsúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Simplítear leis na ceanglais rialaithe (e.g. fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, an deis socruithe rialaithe comhréireacha a bheith ann bunaithe ar nósanna imeachta náisiúnta, teorainneacha le hobair iniúchóireachta ó thaobh uainiú de agus/nó oibríochtaí sonracha).

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Déanann an Coimisiún tuairisciú ar an gcóimheas idir ‘costais rialaithe/luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’. I dTuarascáil Bhliantúil 2019 ar Ghníomhaíochtaí ó AS HOME, tuairiscítear 0.72 % don chóimheas sin maidir le bainistíocht chomhroinnte, 1.31 % le haghaidh deontais bhainistíochta dírí agus 6.05 % le haghaidh soláthar bainistíochta dírí. I gcás bainistíocht chomhroinnte, laghdaíonn an céatadán sin de ghnáth a bhuí le gnóthachain éifeachtúlachta maidir le cur chun feidhme na gclár agus méadú ar na híocaíochtaí leis na Ballstáit.

 De thoradh an chur chuige rioscabhunaithe maidir le bainistiú agus rialú atá á thabhairt isteach le dréacht‑RFC, maille leis an iarracht threisithe roghanna costais simplithe a ghlacadh, meastar go laghdófar costas na rialuithe a thuilleadh i gcás na mBallstát.

I dTuarascáil Bhliantúil 2019 ar Ghníomhaíochtaí, tuairiscíodh ráta earráidí iarmharacha carnach 1.57 % le haghaidh Chláir Náisiúnta CTIL/ISF agus ráta earráidí iarmharacha carnach 4.11 % le haghaidh deontais bhainistíochta dírí neamhthaighde.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Leanfaidh AS HOME ar aghaidh ag cur a Straitéis Frith‑Chalaoise i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin (SFCC) chun a áirithiú inter alia go mbeidh a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le SFCC agus go mbeidh a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh na Ballstáit dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá ar áireamh sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Agus mar atá i gcás na clárthréimhse atá ann faoi láthair 2014-2020 tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit nósanna imeachta a chur ar bun chun neamhrialtachtaí a bhrath agus maidir leis an bhfrithchalaois chomh maith le Rialachán Tarmligthe sonrach ón gCoimisiún maidir le neamhrialtachtaí a thuairisciú. Leanfaidh bearta frithchalaoise de bheith ina prionsabal ginearálta agus ina n‑oibleagáid ar na Ballstáit.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

(1) Línte nua buiséid

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal Uimh. 5: Athléimneacht, Slándáil agus Cosaint 

LD./LN 42 .

ó thíortha de chuid CSTE 43

ó thíortha is iarrthóirí 44

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

5

12.02.01 – ‘Ciste Slándála Inmheánaí’

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

5

12 01 01 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh an ‘Chiste Slándála Inmheánaí’

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Nóta tráchta:

Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcumhdaítear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a iarrtar i gcomhthéacs an togra le leithreasuithe dá bhforáiltear cheana féin in SFS is bonn le Rialachán CSI.

Iarrtar acmhainní daonna breise i gcomhthéacs an togra reachtaigh seo.

   

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

☑Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

5

Athléimneacht, Slándáil agus Cosaint

ArD‑Stiúrthóireacht: HOME

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne buiséid 12 02 01 An Ciste Slándála Inmheánaí

Gealltanais

(1a)

0,124

4,348

5,570

6,720

7,020

7,020

7,020

 

37,822

Íocaíochtaí

(2a)

0,540

4,323

5,357

5,403

5,403

5,403

5,403

5,989

37,822

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 45  

Líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
AS HOME

Gealltanais

=1a+1b +3

0,124

4,348

5,570

6,720

7,020

7,020

7,020

 

37,822

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0,540

4,323

5,357

5,403

5,403

5,403

5,403

5,989

37,822





IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0,124

4,348

5,570

6,720

7,020

7,020

7,020

 

37,822

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,540

4,323

5,357

5,403

5,403

5,403

5,403

5,989

37,822

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0,124

4,348

5,570

6,720

7,020

7,020

7,020

 

37,822

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,540

4,323

5,357

5,403

5,403

5,403

5,403

5,989

37,822





Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

ArD‑Stiúrthóireacht: HOME

• Acmhainní daonna

0,152

0,228

0,499

0,813

0,932

0,932

0,932

4,488

• Caiteachas riaracháin eile

0,033

0,085

0,109

0,109

0,109

0,109

0,109

0,663

IOMLÁN AS HOME

Leithreasuithe

0,185

0,313

0,608

0,922

1,041

1,041

1,041

5,151

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,185

0,313

0,608

0,922

1,041

1,041

1,041

5,151

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0,309

4,661

6,178

7,642

8,061

8,061

8,061

-

42,973

Íocaíochtaí

0,725

4,636

5,965

6,325

6,444

6,444

6,444

5,989

42,973

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,152

0,228

0,499

0,813

0,932

0,932

0,932

4,488

Caiteachas riaracháin eile

0,033

0,085

0,109

0,109

0,109

0,109

0,109

0,663

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,185

0,313

0,608

0,922

1,041

1,041

1,041

5,188

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 46  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,185

0,313

0,608

0,922

1,041

1,041

1,041

5,188

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san ArD‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den ArD‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArD‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 2023

Bliain 2024

2025    2026    2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1

2

4

5

5

5

5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 47

20 02 01 03 (AC, SNI, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

1

2

2

2

2

XX 01 02 02 (AC, AL, SNI, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  48

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02/12/22 (AC, SNI, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02/12 (AC, SNI, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1

2

5

7

7

7

7

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArD‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den ArD‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArD‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Glactar sa togra le 4 AD agus 1 AST atá tiomanta do chur chun feidhme na Treorach ar thaobh an Choimisiúin, a bhfuil 1 AD díobh ag obair go hinmheánach sa Choimisiún cheana féin agus ar acmhainní daonna breise le hearcú iad na FTEnna eile.

Foráiltear don mhéid seo a leanas sa phlean earcaíochta:

2022: +1 AD: an t‑oifigeach beartas atá freagrach as an inniúlacht eolais agus na gníomhaíochtaí tacaíochta a bhunú

2023: +1 AD (oifigeach beartas atá freagrach as na foirne Comhairleacha), 1 AST (Cúntóir le haghaidh foirne Comhairleacha maidir le hAthléimneacht)

2024: +1 AD (oifigeach beartas a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh údarás agus oibreoirí)

Pearsanra seachtrach

Glactar sa togra le 2 SNI atá tiomnaithe do chur chun feidhme na Treorach ar thaobh an Choimisiúin.

 

Foráiltear don mhéid seo a leanas sa phlean earcaíochta:

2023: +1 SNI (Saineolaí maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil / rannchuidiú le gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh údarás agus oibreoirí)

2024: +1 SNI (Saineolaí maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil / rannchuidiú le gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh údarás agus oibreoirí)

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Caiteachas oibríochtúil arna chumhdach ag CSI faoi CAI 2021-2027

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 49

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   maidir le hacmhainní dílse

   maidir le hioncam eile

- má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 50

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[...]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[...]

(1)    Conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 maidir le hiarrachtaí comhlántacha chun an athléimneacht a fheabhsú agus chun bagairtí hibrideacha a chomhrac (14972/19).
(2)    Tuarascáil ar thorthaí agus ar mholtaí Choiste Speisialta Pharlaimint na hEorpa um Sceimhlitheoireacht (2018/2044(INI)).
(3)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais.
(4)    COM(2020) 605.
(5)    COM(2020) 795.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Clár Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint. COM (2006) 786.
(7)    Treoir ón gComhairle 2008/114/CE an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis de chuid an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. COM(2013) 216; Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta; Rialachán 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh; Treoir 2016/1148 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais.
(9)    Forléargas ar rioscaí tubaistí nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine d'fhéadfadh a bheith i ndán don Aontas Eorpach. SWD(2020) 330.
(10)    SWD(2019) 308.
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála. COM(2020) 605.
(12)    SWD(2019)  310.
(13)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE.
(14)    IO C , , lch. .
(15)    IO C […], […], lch. […].
(16)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa […] agus ón gComhairle […].
(17)    Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
(18)    SWD(2019) 308.
(19)    An Clár Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint (EPCIP).
(20)    [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.]
(21)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(23)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(26)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(27)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014, COM(2020)595.
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).
(30)    Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).
(31)    Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 lena mbunaítear Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid C/2018/4014.
(32)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(34)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
(35)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(36)    Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
(37)    Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(38)    IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(39)    IO L 135, 22.5.2019, lch. 1.
(40)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(41)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArD‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(42)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(43)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(44)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(45)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(47)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; SNI = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(48)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(49)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(50)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,16.12.2020

COM(2020) 829 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

{SEC(2020) 433 final} - {SWD(2020) 358 final} - {SWD(2020) 359 final}


IARSCRÍBHINN

Earnálacha, fo-earnálacha agus cineálacha eintitis

Earnáil

Fo-earnáil

Cineál eintitis

1. Fuinneamh

(a) Leictreachas

   Gnóthais leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (57) de Threoir (AE) 2019/944 1 a dhéanann an fheidhm ‘soláthar’ dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (12) den Treoir sin

   Oibreoirí córais dáileacháin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (29) de Threoir (AE) 2019/944

   Oibreoirí córais tarchuir dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2019/944

   Táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (38) de Threoir (AE) 2019/944

— Oibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8) de Rialachán (AE) 2019/943 2

— Rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2019/943 lena soláthraítear comhbhailiú, freagairt don éileamh nó seirbhísí stórála fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 2, pointí (18), (20) agus (59) de Threoir (AE) 2019/944

(b) Téamh agus fuarú ceantair

   Téamh agus fuarú ceantair dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (19) de Threoir (AE) 2018/2001 3 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn

(c) Ola

   Oibreoirí píblínte tarchuir ola

   Oibreoirí saoráidí táirgthe, scagtha agus cóireála ola, agus oibreoirí stórála agus tarchuir ola

   Eintitis stocshealbhaíochta ola lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (f) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle 4

(d) Gás

   Gnóthais soláthair dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8) d’ de Threoir (AE) 2009/73/CE 5  

   Oibreoirí córais dáileacháin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (6) de Threoir (AE) 2009/73/CE

   Oibreoirí córais tarchuir dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (4) d' de Threoir (AE) 2009/73/CE

   Oibreoirí córais stórála dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (10) de Threoir (AE) 2009/73/CE

   Oibreoirí córais GNL dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2009/73/CE

   Gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2009/73/CE

   Oibreoirí saoráidí scagtha agus cóireála gáis nádúrtha

(e) Hidrigin

— Oibreoirí táirgthe, stórála agus tarchuir hidrigine

2. Iompar

(a) Aer

   Aeriompróirí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (4) de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 6  

   Comhlachtaí bainistíochta aerfoirt dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (2) de Threoir 2009/12/CE 7 , aerfoirt dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1) den Treoir sin, lena n‑áirítear na croí‑aerfoirt a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn 2 a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 8 , agus eintitis a oibríonn suiteálacha coimhdeacha laistigh d’aerfoirt

   Oibreoirí rialaithe bainistíochta tráchta a sholáthraíonn rialú aerthráchta dá dtagraítear i Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 9  

(b) Iarnród

   Bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (2) de Threoir 2012/34/AE 10

   Gnóthais iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir (AE) 34/944 lena n‑áirítear oibreoirí saoráidí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (12) de Threoir 2012/34/AE

(c) Uisce

   Cuideachtaí iompair paisinéirí agus lasta d’uiscebhealaí intíre, ar muir agus cois cósta, dá dtagraítear i dtaca le hiompar muirí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 725/2004 11 , nach bhfuil na soithí aonair arna n‑oibriú ag na cuideachtaí sin san áireamh ann

   Comhlachtaí bainistithe calafoirt dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2005/65/CE 12 , lena n‑áirítear a saoráidí calafoirt dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 agus eintitis a oibríonn oibreacha agus trealamh atá laistigh de chalafoirt

   Oibreoirí seirbhísí um thrácht árthaí dá dtagraítear in Airteagal 3, bpointe (o) de Threoir 2002/59/CE 13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(d) Bóthar

   Údaráis bhóthair dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (12) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/962 14 ó gCoimisiún atá freagrach as rialú bainistíochta tráchta

   Oibreoirí Córas Cliste Iompair dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1) de Threoir 2010/40/AE 15  

3. Baincéireacht

Institiúidí creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4, bpointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 16  

4. Bonneagair mhargaidh airgeadais

   Oibreoirí ionad trádála dá dtagraítear in Airteagal 4, bpointe (24) de Threoir 2014/65/AE 17  

   Contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 18  

5. Sláinte

   Soláthraithe cúraim sláinte dá dtagraítear in Airteagal 3, bpointe (g) de Threoir 2011/24/AE 19  

   Saotharlanna tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán [XX] maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte 20  

   Eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ar tháirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe 2 de Threoir 2001/83/CE 21

   Eintitis a mhonaraíonn táirgí cógaisíochta bunúsacha agus ullmhóidí cógaisíochta dá dtagraítear i roinn C, rannán 21 de NACE Ath. 2

   Eintitis a mhonaraíonn feistí leighis a meastar a bheith criticiúil le linn éigeandála sláinte poiblí (‘an liosta feistí criticiúla i gcomhair éigeandáil sláinte poiblí’) dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán XXXX 22  

6. Uisce óil

Soláthraithe agus dáileoirí uisce atá ceaptha lena thomhailt ag an duine dá dtagraítear in Airteagal 2, bpointe (1)(a) de Threoir 98/83/CE ón gComhairle 23 ach nach bhfuil dáileadh uisce atá lena thomhailt ag an duine ach ina chuid dá ngníomhaíocht ghinearálta a bhaineann le dáileadh tráchtearraí agus earraí eile nach meastar a bheith ina seirbhísí fíor‑riachtanacha ná tábhachtacha

7. Fuíolluisce

Gnóthais a dhéanann fuíolluisce uirbeach, tí agus tionsclaíoch, dá dtagraítear in Airteagal 2, pointí (1) go (3) de Threoir 91/271/CEE ón gComhairle 24 , a bhailiú, a dhiúscairt, nó a chóireáil

8. Bonneagar digiteach

   — Soláthraithe Pointe Malartaithe Idirlín [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

   — Soláthraithe seirbhísí um chóras ainmneacha fearainn [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

   Soláthraithe clárlann ainmneacha fearainn barrleibhéil [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

   Soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

— Soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

   Soláthraithe líonra seachadta ábhair [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2]

   Soláthraithe seirbhíse iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 3, bpointe (19) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 25

   Soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8) de Threoir (AE) 2018/1972 26 nó soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2018/1972 a mhéid is go bhfuil a seirbhísí ar fáil go poiblí

9. Riarachán poiblí

   Eintitis riaracháin phoiblí, [dá dtagraítear in Airteagal 4, bpointe (X) de Threoir NIS 2] de chuid rialtas lárnach

   Eintitis riaracháin phoiblí, [dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2] de chuid réigiúin atá ar leibhéal 1 NUTS a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 27

   Eintitis riaracháin phoiblí, [dá dtagraítear i Airteagal 4, pointe (X) de Threoir NIS 2] de chuid réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

10. An Earnáil Spáis

   Oibreoirí bonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha, atá á bhainistiú acu agus á oibriú acu agus a thacaíonn le soláthar seirbhísí spásbhunaithe, seachas soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (8) de Threoir (AE) 2018/1972

(1)    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE, (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125
(2)    Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh leictreachais inmheánach (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
(3)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(4)    Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).
(5)    Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(7)    Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat‑Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).
(10)    Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).
(12)    Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).
(13)    Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
(14)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise taistil fíor-ama ar fud an Aontais (IO L 157, 23.6.2015, lch. 21).
(15)    Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(17)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(19)    Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
(20)    [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE, tagairt a thabharfar cothrom le dáta a luaithe a ghlactar togra COM(2020) 727 final].
(21)    Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(22)    [Rialachán maidir le ról treisithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus i mbainistiú i leith géarchéimeanna táirgí íocshláinte agus feistí leighis COM(2020) 725 final; tagairt a luaithe a thabharfar an togra cothrom le dáta].
(23)    Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha lena thomhailt ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(24)    Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(26)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach(IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Top