AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.7.2020
COM(2020) 623 final
2020/0161(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, maidir le feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An Conradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (dá ngairtear “Conradh Canterbury” anseo feasta), leis an gConradh sin bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht.
Go deireadh na hidirthréimhse a cuireadh i bhfeidhm leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá inniúil ar an Nasc Seasta Mhuir nIocht.
I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798, is féidir le húdarás náisiúnta sábháilteachta a bheith ina chomhlacht ar a gcuireann roinnt Ballstát cúram na gcúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid. Mar sin féin, tar éis dheireadh na hidirthréimhse thuasluaite, beidh an Coimisiún Idir-Rialtasach ina chomhlacht arna bhunú ag Ballstát agus tríú tír. De réir Threoir (AE) 2016/798, ní fhoráiltear go bhféadfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta a bheith ina chomhlacht ar a gcuireann Ballstát agus tríú tír cúraimí. Dá bhrí sin, mura bhforáiltear a mhalairt, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ní bheidh feidhm ag dlí an Aontais i dtaca leis an gcuid sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.
Chun oibriú sábháilte éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú, is gá údarás sábháilteachta amháin a bheith freagrach as an mbonneagar sin ina iomláine, agus ba cheart an cúram sin a bheith ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach fós. Chun é sin a bhaint amach ní mór leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2016/798.
I dtionscnamh comhthreomhar gaolmhar, molann an Coimisiún freisin cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena dtabharfar de chumhacht don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích faoi choinníollacha áirithe lena gcoinneofaí an Coimisiún Idir-Rialtasach mar an t‑aon údarás náisiúnta sábháilteachta ar Nasc Seasta Mhuir nIocht. Leis an gcomhaontú sin d'áiritheofaí go gcomhlíonfadh an Coimisiún Idir-Rialtasach na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais i leith Údaráis Náisiúnta Sábháilteachta, agus go háirithe Treoir (AE) 2016/798, agus Treoir (AE) 2016/797 agus Rialachán (AE) 2016/796 maidir le Nasc Seasta Mhuir nIocht. Bheadh foráil sa chonradh sin, i gcásanna éigeandála, go nglacfadh údarás náisiúnta sábháilteachta na Fraince inniúlacht go sealadach as an gcuid sin den Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince. Bheadh foráil ann freisin nach mór don bhinse eadrána, arna chur ar bun le conradh Canterbury, aon díospóid a tharraingeoidh ceist anuas maidir leis an léirmhíniú ar dhlí an Aontais an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Faoi dheireadh, faoin gcinneadh maidir le cumhacht atá beartaithe, thabharfadh an Coimisiún údarás don Fhrainc an comhaontú a thabhairt i gcrích tar éis a sheiceáil an gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh maidir le cumhacht.
Agus an Togra seo ón gCoimisiún maidir le cinneadh cumhachtúcháin a bheidh dírithe ar an bhFrainc á chur san áireamh, tá sé d'aidhm ag an Togra seo leasú a dhéanamh ar Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798, lena sainítear an coincheap faoi “údarás sábháilteachta náisiúnta”, chun críocha na sábháilteachta iarnróid faoin gCinneadh sin agus chun críocha na hidir-inoibritheachta iarnróid faoi Chinneadh (AE) 2016/797. An cuspóir atá ann go bhféadfaí a mheas gur údarás náisiúnta sábháilteachta faoi dhlí an Aontais é comhlacht ar a gcuireann Ballstát agus tríú tír cúram na gcúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid agus idir-inoibritheacht ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna údarú ag an Aontas.
Chomh maith leis sin, déantar foráil leis an Togra reatha gur cheart don Bhallstát lena mbaineann, i gcás inar gá ar chúiseanna sábháilteachta iarnróid, úsáid a bhaint gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú seo leis an tríú tír lena mbaineann, sa chaoi go mbeidh an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh i dtaobh an chuid den bhonneagar iarnróid atá suite sa Bhallstát sin. Bheadh foráil ann sa togra freisin go mbeadh an dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a thabhairt arna iarraidh sin ag binse eadrána arna chur ar bun le conradh idirnáisiúnta amhail an ceann ar cheart an chumhacht a bheith ag an bhFrainc é a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is leasú é an togra seo a bhfuil raon feidhme an‑teoranta aige faoi Threoir (AE) 2016/798 lena dtabharfar aghaidh ar roinnt de na hiarmhairtí a bheidh ann toisc nach mbeidh feidhm ag an Treoir sin sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta go docht don mhéid is gá chuige sin, chun oibriú sábháilte éifeachtúil a áirithiú i dtaca le hoibríochtaí trasteorann, agus forálacha atá ann cheana a chomhlánú. Ar an gcaoi sin tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht atá ann cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Baineann an togra seo le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid, lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798 chun déileáil go sonrach le staid Nasc Seasta Mhuir nIocht tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ós rud é go bhféachtar leis an togra seo leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2016/798, leasú atá riachtanach chun na gcríoch a thuairiscítear thuas, ní féidir an cuspóir atá aige a bhaint amach ach le gníomh ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach mar gur féidir oibriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú agus suaitheadh a sheachaint trí fhoráil a dhéanamh maidir le hathrú dlí atá teoranta agus riachtanach. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
•An rogha ionstraime
Sa togra seo tá sraith bheag forálacha chun dul i ngleic le staid an‑sonrach agus ní gá aon cheann acu a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta. I bhfianaise an mhéid sin, is cosúil gur Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an cineál gnímh dlí a bheadh fónta.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach, toisc gur leasú é an togra ar reachtaíocht atá an cheana agus tá raon feidhme an‑teoranta aige.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Níl comhairliúchán poiblí ar an togra ag teastáil de bharr raon feidhme an‑teoranta an leasaithe ar Threoir (AE) 2016/798.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinneadh anailís dhlíthiúil agus theicniúil intí ar an togra seo chun a áirithiú go sroichfear cuspóirí an togra leis na bearta a bheartaítear ann, ach tá sé srianta san am céanna don mhéid a bhfuil fíorghá leis.
•Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é nach bhfuil aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair de.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chur i bhfeidhm ná ar chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá dhá eilimint sa Togra:
(1)Trí fhleasc nua a chur isteach in Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798, d'fhéadfaí a mheas gur údarás náisiúnta sábháilteachta faoi dhlí an Aontais é comhlacht ar a gcuireann Ballstát agus tríú tír cúram na gcúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna údarú ag an Aontas.
(2)Faoi mhír 4 nua a chuirtear isteach in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2016/798, bhunófaí rialacha sonracha maidir le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais a chur i bhfeidhm nuair a bhunóidh Ballstát agus tríú tír an t‑údarás sábháilteachta le haghaidh aon phíosa amháin de struchtúr innealtóireachta de bhun comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna údarú ag an Aontas. Go háirithe, foráiltear san fhoráil sin maidir le dualgas an Bhallstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais i gcónaí. Tá foráil ann freisin go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh inniúil chun réamhrialuithe a thabhairt maidir le saincheisteanna a bhaineann le léirmhíniú ar dhlí an Aontais nuair a tharraingítear anuas iad i ndíospóidí idir an Ballstát agus an tríú tír lena mbaineann i réimsí na sábháilteachta iarnróid agus na hidir-inoibritheachta iarnróid.
2020/0161 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, maidir le feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ceanglaítear ar na Ballstáit údaráis náisiúnta sábháilteachta a bhunú a gcuirfear cúram na gcúraimí a shonraítear maidir le sábháilteacht iarnróid. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798, is féidir le húdarás náisiúnta sábháilteachta a bheith ina údarás arna bhunú go haontaobhach ag an mBallstát lena mbaineann nó, de rogha air sin, ina chomhlacht a gcuireann roinnt Ballstát de chúram na cúraimí sin a dhéanamh chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú.
(2)
An Conradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), leis an gConradh sin bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht.
(3)
Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an idirthréimhse”), is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta atá freagrach as Nasc Seasta Mhuir nIocht de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798.
(4)
Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, beidh an Coimisiún Idir-Rialtasach ina chomhlacht arna bhunú ag Ballstát agus tríú tír. Mura bhforálfar a mhalairt, ní bheadh sé ina údarás náisiúnta sábháilteachta a thuilleadh faoi dhlí an Aontais agus ní bheadh feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh i gcás na coda sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.
(5)
Chun oibriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú, bheadh sé ina bhuntáiste dá gcoinneofaí an Coimisiún Idir-Rialtasach mar an t‑aon údarás sábháilteachta amháin atá freagrach as an mbonneagar ina iomláine.
(6)
Chun na críche sin, le Cinneadh XXX/XX údaraítear don Fhrainc, faoi choinníollacha áirithe, comhaontú a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích sa chaoi is go gcoinneofar an Coimisiún Idir-Rialtasach arna bhunú ag Conradh Canterbury mar an t‑údarás sábháilteachta inniúil maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht.
(7)
Ní mór Treoir (AE) 2016/798 a oiriúnú chun an staid áirithe sin a chur san áireamh.
(8)
Chuige sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú maidir le húdaráis inniúla, agus maidir le dualgais an Bhallstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an t‑údarás inniúil comhchoiteann dlí an Aontais i bhfeidhm i gcónaí nó, ina éagmais sin, go gcuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit sin dlí an Aontais i bhfeidhm. D'fhéadfadh réiteach díospóidí idir an Ballstát lena mbaineann agus an tríú tír i réimsí na sábháilteachta iarnróid saincheisteanna a tharraingt anuas maidir leis an léirmhíniú ar dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh inniúil réamhrialuithe a thabhairt maidir leis na saincheisteanna sin,
(9) Ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh mar ábhar práinne chun a áirithiú go mbeidh na forálacha is gá i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
(10) Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2016/798 mar a leanas:
(a)
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
" 7.
ciallaíonn ‘údarás náisiúnta sábháilteachta"
–an comhlacht náisiúnta ar a gcuirtear cúram na gcúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid i gcomhréir leis an Treoir seo,
–aon chomhlacht ar a gcuireann roinnt Ballstát cúram na gcúraimí sin chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú,
–aon chomhlacht ar a gcuireann Ballstát agus tríú tír cúram na gcúraimí sin chun córas sábháilteacht aontaithe a áirithiú, ar choinníoll go mbeidh an comhaontú curtha i gcrích ag an Aontas chuige sin leis an tríú tír lena mbaineann nó go mbeidh an comhaontú sin curtha i gcrích ag Ballstát i gcomhréir leis an údarú arna dheonú ag an Aontas chuige sin."
(b) In Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4. I gcás ina mbeidh aon phíosa amháin de struchtúr innealtóireachta suite i bpáirt i dtríú tír agus i bpáirt i mBallstát, féadfaidh an Ballstát, sa bhreis ar údarás náisiúnta sábháilteachta atá inniúil ina chríoch thairis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (7), an tríú fleasc, agus le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó arna údarú aige, údarás sábháilteachta a ainmniú a bheidh inniúil go sonrach maidir leis an struchtúr innealtóireachta sin agus gach aon ghné eile de chuid an bhonneagair iarnróid atá nasctha leis (“an t‑údarás sábháilteachta sonrach”). I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, féadfaidh an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta inniúlacht a ghlacadh go sealadach as an gcuid sin den bhonneagar atá suite i gcríoch an Bhallstáit sin.
I gcomhthéacs aon chomhaontaithe idirnáisiúnta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta ar fad atá ar fáil dó faoin gcomhaontú sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t‑údarás sábháilteachta sonrach na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais. Chuige sin, agus i gcás inar gá, ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht iarnróid, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú seo leis an tríú tír lena mbaineann, sa chaoi go mbeidh an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh i dtaobh na coda sin den bhonneagar iarnróid atá suite sa Bhallstát lena mbaineann.
I gcás ina dtarraingeoidh díospóid a cuireadh chun eadrána i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ceist anuas faoin léirmhíniú ar fhoráil de chuid dhlí an Aontais, beidh an dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a thabhairt maidir leis an gceist sin arna iarraidh sin ag an mbinse eadrána arna chur ar bun chun díospóidí a réiteach faoin gcomhaontú náisiúnta sin.
Maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear nósanna imeachta a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le hiarrataí ar rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna ndéanamh de bhun na tríú fomhíre.
Maidir leis na cásanna a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an tríú fomhír:
(a)féadfaidh an tríú tír atá ina pháirtí den chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi chéanna atá Ballstát;
(b)na dlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí an tríú tír sin, beidh siad i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe nó cúnamh a thabhairt dóibh sna himeachtaí sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Sna cásanna sin, caithfear leis na dlíodóirí sin i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna na mBallstát chun ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí nó chun cúnamh a thabhairt dó os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an t‑údarás sábháilteachta sonrach aon rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna thabhairt i gcomhréir leis an tríú fomhír, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa chaoi go mbeidh an t‑údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh i dtaobh na coda sin den bhonneagar iarnróid atá suite sa Bhallstát lena mbaineann.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán