EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0314

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

COM/2020/314 final

An Bhruiséil,15.7.2020

COM(2020) 314 final

2020/0148(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

{SEC(2020) 271 final} - {SWD(2020) 129 final} - {SWD(2020) 130 final} - {SWD(2020) 131 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá cánachas cothrom ar cheann de phríomhfhondúireachtaí gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa agus ar cheann de phríomhcholúin thiomantas an Choimisiúin maidir le “geilleagar a oibríonn do dhaoine 1 . Le cánachas cothrom, cuirtear ceartas sóisialta agus cothroime iomaíochta chun cinn san Aontas Eorpach. Ba cheart córas cánach cothrom a bheith bunaithe ar rialacha cánach a chinntíonn go n‑íocann gach duine a cion cothrom agus ag an am céanna é a dhéanamh éasca do cháiníocóirí, bíodh sin gnólachtaí nó na saoránaigh, cloí leis na rialacha. Tá cánachas cothrom agus éifeachtúil ríthábhachtach chun ioncam leordhóthanach le haghaidh infheistíocht phoiblí i ndaoine agus i mbonneagar a choimirciú, agus ag an am céanna timpeallacht ghnó a chruthú laistigh den mhargaidh aonair inar féidir le gnólachtaí nuálacha dul chun cinn a dhéanamh.

Le paindéim COVID-19, cuirtear leis an ngá le hairgeadas poiblí a chosaint agus leis na hiarmhairtí socheacnamaíocha a theorannú. Beidh ioncam cánach leordhóthanach de dhíth ar na Ballstáit chun a gcuid iarrachtaí suntasacha a mhaoiniú chun tionchar diúltach eacnamaíoch na mbeart i gcoinne phaindéim COVID-19 a shrianadh, agus a áirithiú, ag an am céanna, nach iad na grúpaí is leochailí a bheidh thíos leis an ioncam seo a chruinniú. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh cothroime cánach a áirithiú trí chalaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc. Sa chomhthéacs sin, tá comhar riaracháin agus malartú faisnéise a neartú ríthábhachtach sa troid in aghaidh na seachanta cánach agus na himghabhála cánach san Aontas. Mar a cuireadh i dtreis sa teachtaireacht ón gCoimisiún “Tráth na hEorpa: Deisiúchán agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile” 2 , lena áirithiú go mbeidh an dlúthpháirtíocht agus an chothroime ag croílár an téarnaimh, cuirfidh an Coimisiún dlús leis an gcomhrac i gcoinne calaois chánach agus cleachtais éagóracha eile. Cabhróidh sin leis na Ballstáit an t‑ioncam cánach is gá a ghiniúint chun dul i ngleic le mórdhúshláin na géarchéime atá ann faoi láthair.

Tá an togra reachtach atá ann faoi láthair ina chuid de phacáiste i gcomhair cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn le téarnamh san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear Teachtaireacht ón gCoimisiún le haghaidh plean gníomhaíochta ina gcuirtear i láthair roinnt tionscnamh atá le teacht maidir le cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh 3 , agus Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le dea-rialachas cánach san Aontas agus níos faide i gcéin 4 , ina ndéanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le dea-rialachas cánach a fheabhsú san Aontas agus lasmuigh den Aontas freisin agus ina moltar réimsí a d'fhéadfaí a fheabhsú ag an am céanna.

Le blianta beaga anuas, dhírigh an tAontas Eorpach a chuid iarrachtaí ar dhul i ngleic le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach agus leis an trédhearcacht a chur chun cinn. Cé go bhfuil feabhsuithe móra déanta i réimse an mhalartaithe faisnéise, léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh 5 ar chur i bhfeidhm Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais 6 go bhfuil gá fós le feabhas a chur ar fhorálacha atá ann cheana a bhaineann le gach cineál malartuithe faisnéise agus comhair riaracháin. Go háirithe, tháinig coincheapa maidir le hábharthacht intuartha agus iarrataí ar fhaisnéis le haghaidh grúpa cáiníocóirí chun cinn i measc na ngnéithe is mó den chreat a chruthaíonn fadhbanna mar gheall ar a easpa soiléireachta.

Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach raibh bunús dlí le roinnt de na córais náisiúnta sna rialacha maidir le rialuithe comhuaineacha a úsáid agus maidir le ligean d'oifigigh Ballstáit a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosrúchán eile ar siúl i mBallstát eile, córais ina gcuirtear cosc ar úsáid éifeachtúil a bhforálacha sin faoi láthair. I dTuarascáil 2018 ón bhFóram Comhpháirteach maidir le Praghsáil Aistrithe maidir le rialuithe praghsála aistrithe laistigh den Aontas Eorpach, 7 pléitear an pointe sin ar bhealach níos sonraithe. Cuireadh san áireamh sa tuarascáil an cleachtas atá ann cheana sna Ballstáit chun lochtanna reatha a chur i dtábhacht agus feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh a mholadh i ndáil leis na rialuithe praghsála aistrithe a úsáid in dhá Bhallstát nó níos mó. Moladh sa tuarascáil chun glacadh le “cur chuige comhordaithe maidir le rialuithe praghsála aistrithe [a chuideodh] le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in dhá ghné: chuirfeadh sin uirlis thrédhearcach agus éifeachtúil ar fáil do riarthóirí cánach [.i. córais riaracháin chánach] chun leithdháileadh na gceart cánachais a éascú agus cosc a chur ar chánachas dúbailte agus neamhchánachas dúbailte”.

Dá bhrí sin, is léir go bhfuil gá leis an gcreat atá ann cheana a fheabhsú maidir le malartú faisnéise agus comhar riaracháin san Aontas Eorpach. Go deimhin, ag tús a tréimhse oifige, chuir Uachtarán an Choimisiúin béim ar an ngá le scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le comhar idir údaráis náisiúnta a fheabhsú 8 . Tá ról lárnach ag an malartú faisnéise agus an comhar riaracháin san Aontas Eorpach a fheabhsú.

De bhreis ar na rialacha atá ann cheana a threisiú, tá gá leis an gcomhar riaracháin a leathnú chuig réimsí nua san Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le claochlú digiteach an gheilleagair, agus chun cuidiú leis na córais riaracháin chánach cánacha a bhailiú ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtúla agus chun cos a choinneáil le forbairtí nua. Mar gheall ar shaintréithe gheilleagar na n‑ardán digiteach, is deacair d'údaráis chánach teagmhais inchánacha a rianú agus a bhrath. Treisítear an fhadhb go háirithe nuair a bhíonn idirbhearta den sórt sin gafa trí oibreoirí ardán digiteach atá bunaithe i ndlínse eile. Mar thoradh ar an easpa tuairiscithe maidir leis an ioncam a thuilleann díoltóirí le haghaidh seirbhísí a sholáthar nó earraí a dhíol trí na hardáin dhigiteacha, tá easnamh in ioncam cánach na mBallstát. Chomh maith leis sin, tugann sé buntáiste do dhíoltóirí i gcomparáid leo siúd nach bhfuil gníomhach ar ardáin dhigiteacha. Mura dtugtar aghaidh ar an mbearna rialála sin, ní féidir an cuspóir maidir le cánachas cothrom a áirithiú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an reachtaíocht atá beartaithe, tugtar aghaidh ar an tosaíocht leathan pholaitiúil maidir le trédhearcacht i gcúrsaí cánachais, rud atá ina réamhriachtanas chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac ar bhealach éifeachtúil. Le blianta beaga anuas, chomhaontaigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh sraith uirlisí reachtacha i réimse na trédhearcachta agus ní mór d'údaráis náisiúnta chánach comhoibriú go dlúth lena chéile chun faisnéis a mhalartú. Cuireadh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle in ionad Threoir 77/799/CEE11 ón gComhairle agus cuireadh tús le comhar riaracháin feabhsaithe i measc na n‑údarás cánach san Aontas Eorpach. Bunaíodh leis sin uirlisí úsáideacha le haghaidh comhar níos fearr sna réimsí seo a leanas:

(1)malartuithe faisnéise arna iarraidh sin;

(2)malartuithe gan choinne;

(3)uathmhalartuithe faisnéise ar liosta uileghabhálach réimsí (i.e. ioncam ó fhostaíocht; táillí stiúrthóra; táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear i dTreoracha eile; pinsin; agus úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin);

(4)rannpháirtíocht na n‑oifigeach eachtrach i bhfiosruithe riaracháin;

(5)rialuithe comhuaineacha; agus

(6)fógraí maidir le cinntí cánach chuig údaráis chánach eile.

Leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle roinnt uaireanta leis na tionscnaimh seo a leanas:

·Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 9 (DAC2) maidir le faisnéis faoi chuntais airgeadais a uathmhalartú idir na Ballstáit bunaithe ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) ECFE lena bhforordaítear uathmhalartú faisnéise maidir le cuntais airgeadais atá i seilbh neamhchónaitheoirí;

·Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 10 (DAC3) maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i dtaca le réamhrialuithe cánach trasteorann;

·Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 11 (DAC4) maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i dtaca le tuairisciú de réir tíre (CbCR) i measc na n‑údarás cánach;

·Treoir (AE) 2016/2258 ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 12 (DAC5) maidir le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid;

·Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 13 (DAC6) maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Idirghníomhaíonn forálacha reatha na Treorach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 14 (RGCS) i roinnt cásanna ina dtagann sonraí pearsanta a bheith ábhartha agus áirítear forálacha agus coimircí maidir le cosaint sonraí iontu ag an am céanna. Leanfaidh na leasuithe atá beartaithe de na coimircí sin a leanúint agus urramóidh siad na coimircí sin. Laghdófar aon tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ann ar shonraí pearsanta le bearta TF agus nós imeachta. Rachaidh an malartú sonraí trí chóras leictreonach daingnithe a chriptíonn agus a dhíchriptíonn na sonraí agus, i ngach córas riaracháin cánach, ba cheart go mbeadh rochtain ar an bhfaisnéis sin ag oifigigh údaraithe amháin. Mar chomhrialaitheoirí sonraí, beidh orthu a áirithiú go stórálfar na sonraí ar bhealach slán agus sonrach.

Tá an Coimisiún gníomhach i roinnt réimsí beartais atá ábhartha don gheilleagar digiteach, agus oibreoirí ardán digiteach a chumhdaítear sa tionscnamh atá beartaithe san áireamh. Ní chuireann an tionscnamh atá beartaithe isteach ar thionscadail chomhuaineacha eile atá ar bun ag an gCoimisiúin mar gheall go bhfuil sé dírithe go sonrach ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe atá bainteach le cáin. Tá sé gan dochar d'aon cheanglas maidir le faisnéis a bhféadfaí a mheas le haghaidh soláthraithe seirbhíse digití mar chuid den phacáiste den Acht um Sheirbhísí Digiteacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le déanamh ar an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil atá ann faoi láthair 15 , nó faoi thionscnamh atá dírithe ar dhálaí saothair na ndaoine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha a fheabhsú.

Áirítear i raon feidhme na rialacha atá beartaithe seirbhísí sluachistiúcháin ina bhfuil sluachistiúchán atá bunaithe ar infheistíocht agus ar iasachtaí. I bhfianaise an méid sin agus chun comhsheasmhacht i mbeartais an Aontais i réimse na rialála margaí airgeadais a áirithiú, déantar tagairt don reachtaíocht ábhartha sa réimse sin sa sainmhíniú a bhaineann leis na seirbhísí sluachistiúcháin agus na soláthraithe seirbhíse.

.2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí do thionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais dhírigh. Cé nach ndearnadh aon tagairt shainráite do chánachas díreach, déantar tagairt in Airteagal 115 do threoracha maidir le comhfhogasú dlíthe náisiúnta toisc go ndéanann siad difear do bhunú nó d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun an choinníoll seo a chomhlíonadh, is gá go mbeadh sé d'aidhm le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i réimse an chánachais dhírigh atá beartaithe na neamhréireachtaí atá ann cheana i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a cheartú. Thairis sin, ós rud é gur féidir an fhaisnéis a mhalartaítear faoin Treoir a úsáid i réimse CBL agus i réimse cánacha indíreacha eile freisin, luaitear Airteagal 113 de CFAE mar bhunús dlí chomh maith.

Ós rud é go leasaítear an Treoir leis an tionscnamh atá beartaithe, is gné dhílis de go bhfanfaidh an bunús dlí mar atá sé. Go deimhin, ní imíonn na rialacha atá beartaithe a bhfuil d'aidhm leo feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le malartú faisnéise agus comhar riaracháin ó ábhar na Treorach. Go háirithe, soláthróidh na modhnuithe atá beartaithe sainmhíniú soiléir ar ábharthacht intuartha agus le creat sainráite dlíthiúil chun iniúchtaí comhpháirteacha a chur i gcrích. Ní féidir cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a bhaint amach go comhsheasmhach ach amháin trí dhlíthe náisiúnta a chomhfhogasú.

De bhreis ar an gcreat atá ann faoi láthair, tugtar isteach leis an togra rialacha maidir le tuairisciú a dhéanann oibreoirí ardán digiteach mar fhreagairt ar na fadhbanna a eascraíonn as úsáid na n‑ardán digiteach i ngníomhaíochtaí éagsúla. Mar gheall ar fhianaise dhigiteach na n‑ardán, is féidir díoltóirí earraí agus seirbhísí úsáid a bhaint as ardáin dhigiteacha den sórt sin chun a ngíomhaíochtaí a chur i gcrích, agus ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach dtuairisceofaí an t‑ioncam a thuilltear sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu. Dá réir sin, bíonn na Ballstáit thíos le hioncam neamhthuairiscithe agus caillteanas ioncaim chánach. Eascraíonn dálaí a bhaineann le hiomaíocht éagórach cánach as staid den sórt sin, i gcoinne daoine aonair nó gnólachtaí nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí trí ardáin dhigiteacha, rud a shaobhann feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ní féidir dul i ngleic le staid den sórt sin ach amháin trí chur chuige aonfhoirmeach, mar a leagtar síos in Airteagal 115 CFAE.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Leis an togra seo déantar prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE a chomhlíonadh ina iomláine. Dírítear ar chomhar riaracháin i réimse an chánachais. Áirítear leis sin modhnuithe áirithe sna rialacha chun feidhmiú na bhforálacha atá ann cheana a bhaineann le comhar trasteorann idir na córais riaracháin chánach ó Bhallstáit éagsúla a fheabhsú. Baineann an togra le raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise a leathnú chuig oibreoirí ardán digiteach trí oibleagáid a chur orthu maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an ioncam a thuilleann díoltóirí earraí agus seirbhísí a bhaineann úsáid as na hardáin ábhartha.

Léiríodh i gcur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach atá ann cheana neamhréireachtaí suntasacha i measc na mBallstát. Cé go bhfuil roinnt Ballstát toilteanach oibriú go hiomlán i gcomhar agus faisnéis a mhalartú, glacann Ballstáit eile cur chuige sriantach nó fiú diúltaíonn siad malartuithe faisnéise. Thairis sin, is léir nár leor forálacha áirithe chun dul i ngleic le riachtanais na gcóras riaracháin cánach agus iad ag comhoibriú le Ballstáit eile le himeacht ama.

De bhreis air sin, mar gheall ar an méadú atá tagtha ar úsáid na n‑ardán digiteach chun seirbhísí a sholáthar agus earraí a dhíol, tá dearbhuithe neamhréireacha ioncaim á ndéanamh ag díoltóirí, rud a fhágann go bhfuil baol mór ann go ndéanfar cáin a sheachaint. Cé go bhfuil oibleagáid tuairiscithe forchurtha ag roinnt Ballstát ina ndlí náisiúnta, is léir ón taithí a fuarthas nach féidir forálacha i gcoinne imghabháil chánach a bheith iomlán éifeachtach go háirithe nuair a dhéantar gníomhaíochtaí spriocdhírithe trasteorann.

Ní féidir soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ach trí dhul i ngleic leis na neamhéifeachtúlachtaí trí shraith aonair rialacha a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát. Tá gá ag an margadh inmheánach le sásra láidir chun dul i ngleic leis na bealaí éalaithe sin ar bhealach aonfhoirmeach agus an saobhadh atá ann cheana a cheartú trína áirithiú go bhfaighidh na húdaráis chánach faisnéis iomchuí ar bhonn tráthúil. Is léir go bhfuil creat comhchuibhithe ar fud an Aontais le haghaidh tuairiscithe fíor-riachtanach go háirithe i bhfianaise ghné fhorleathan trasteorann na seirbhísí a sholáthraíonn oibreoirí ardán. Ós rud é go bhfuil d'aidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir leis an ioncam a thuilltear trí úsáid a bhaint as ardáin dhigiteacha na húdaráis chánach a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil gné ag baint leo lasmuigh de dhlínse aonair, is gá tabhairt faoi aon tionscnamh den sórt sin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an bhfadhb a aithnítear.

Dá bhrí sin, is fearr atá an tAontas Eorpach ná Ballstáit aonair in ann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithnítear agus éifeachtacht agus iomláine an chórais malartaithe faisnéise agus comhar riaracháin a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, áireofar leis sin go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ar an dara dul síos, beidh na hardáin dhigiteacha uile lena mbaineann faoi réir na gceanglas tuairiscithe céanna. Ar an tríú dul síos, beidh malartú faisnéise in éineacht leis an tuairisciú agus, mar sin, cuirfear ar chumas na gcóras riaracháin chánach tacar cuimsitheach faisnéise a fháil maidir leis an ioncam a thuilltear trí ardán digiteach.

Comhréireacht

Is éard atá sa togra feabhas a chur ar fhorálacha na Treorach atá ann cheana agus leathnaítear leis raon feidhme na n‑uathmhalartuithe faisnéise chuig faisnéis shonrach áirithe arna tuairisciú ag na hoibreoirí ardán digiteach. Ní théann na feabhsuithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaineann le malartuithe faisnéise a bhaint amach agus comhar riaracháin níos leithne a bhaint amach. Ós rud é gurb iondúil go mbíonn na saofa a aithnítear i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair lasmuigh de theorannacha aon Bhallstát amháin, an t‑íosmhéid is gá chun dul i ngleic leis na fadhbanna ar bhealach éifeachtach atá i gcomhrialacha an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, rannchuidíonn na rialacha atá beartaithe chun an Treoir a chur i bhfeidhm ar bhealach níos soiléire, níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí a fhágann go bhfuil bealaí níos fearr ann chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach. Leis an oibleagáid atá beartaithe ar oibreoirí ardán digiteach tuairisc a dhéanamh ar an ioncam a thuilleann a gcuid úsáideoirí, i.e na díoltóirí, cuirtear comhréiteach inoibrithe i gcoinne imghabháil cánach trí úsáid a bhaint as sásraí chun faisnéis a ndearnadh triail orthu cheana roimhe seo le haghaidh DAC2 agus DAC4 a mhalartú. Sa chaoi sin, is féidir a mhaíomh go bhfuil freagairt chomhréireach sa togra atá beartaithe maidir leis na neamhréireachtaí a aithnítear sa Treoir agus go bhfuil d'aidhm aige freisin dul i ngleic le fadhb na himghabhála cánach.

An rogha ionstraime

Tá dhá bhunús dlí leis an togra sin: Airteagail 113 agus 115 CFAE lena leagtar síos go sainráite nach bhféadfar an reachtaíocht sa réimse sin a achtú ach i bhfoirm dhlíthiúil na Treorach. Ní cheadaítear, dá bhrí sin, aon chineál ghníomh dlí eile de chuid an Aontais a úsáid maidir le rialacha ceangailteacha i gcúrsaí cánachais a rith. De bhreis air sin, is é atá sa Treoir atá beartaithe an séú leasú ar DAC; dá bhrí sin, leanann sé Treoracha 2014/107/AE, (AE) 2015/2376, (AE) 2016/881, (AE) 2016/2258 agus (AE) 2018/822 ón gComhairle

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ar reachtaíocht atá ann cheana

In 2019 rinne an Coimisiún meastóireacht ar 16 éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Aontais na rialacha atá ann cheana i dtaca le comhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh. Is é an chonclúid a bhí ag an meastóireacht go bhfuil buntáistí tábhachtacha ag baint le comhar, ach go bhfuil deis ann fós le feabhas a chur air. Léiríodh ann go bhfuil difríochtaí sa chaoi a mbaineann Ballstáit leas as na huirlisí atá ar fáil i ndáil le comhar riaracháin. D'fhéadfaí an fhaisnéis a malartaíodh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus d'fhéadfaí anailís ar bhealach níos cuimsithí a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le comhar. Ag cur leis an meastóireacht, léirítear sa togra reachtach seo tacar áirithe idirghabhálacha chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhair riaracháin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 10 Feabhra 2020, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun aiseolas a bhailiú faoin mbealach chun tosaigh le haghaidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gcreat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais a neartú. Cuireadh roinnt roghanna féideartha i láthair agus thug na geallsealbhóirí a gcuid aiseolais in 37 freagra san iomlán. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún comhairliúcháin spriocdhírithe trí chruinniú a reáchtáil an 27 Feabhra 2020 le hionadaithe éagsúla ó oibreoirí ardán digiteach. Bhí comhdhearcadh ann i measc ionadaithe oibreoirí ardán digiteach maidir leis na buntáistí a bhaineann le creat dlí caighdeánaithe a bheith ann chun faisnéis a bhailiú ó ardáin, i gcomparáid le roinnt rialacha tuairiscithe náisiúnta éagsúla. Ina theannta sin, mhol ionadaithe oibreoirí ardán digiteach réiteach atá cosúil le hionad ilfhreastail is féidir a fháil in CBL, réiteach lena bhféadfaí an fhaisnéis a thuairisciú don chóras riaracháin cánach sa mBallstát ina bhfuil an t‑ardán.

Maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha, cuireadh i dtábhacht i dtorthaí an chomhairliúcháin phoiblí an gá le feabhas a chur ar a ról sa chreat comhair riaracháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Comhairliúcháin leis na Ballstáit

Rinne an Coimisiún Eorpach comhairliúcháin spriocdhírithe trí cheistneoir le haghaidh na mBallstát. Thairis sin, an 26 Feabhra 2020, d'eagraigh AS TAXUD cruinniú do Mheitheal IV agus bhí deis ag na Ballstáit togra a d'fhéadfadh a bheith ann do leasú a dhéanamh ar DAC a phlé. Sa chruinniú, díríodh ar thuairisciú agus ar mhalartú faisnéise maidir leis an ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha.

Go ginearálta, rinneadh taifead de thacaíocht leathan le haghaidh tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh a d'fhéadfadh a bheith ann chun faisnéis maidir leis an ioncam a thuilleann díoltóirí earraí trí ardáin dhigiteacha a mhalartú. Bhí formhór na mBallstát i bhfabhar raon feidhme leathan don chreat dlí nua go n‑aireofaí air sin an t‑ioncam ó mhaoin dhochorraithe a fháil ar cíos agus ó sheirbhísí pearsanta a sholáthar chomh maith le díol earraí, aon mhodh iompair a fháil ar cíos agus seirbhísí sluachistiúcháin.

Toradh na gcomhairliúchán

Is cosúil go bhfuil na comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe den tuairim gur cheart é a bheith d'aidhm leis na rialacha nua a dhírítear ar oibreoirí ardán digiteach aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: tearcthuairisciú i ngeilleagar na n‑ardán digiteach agus neamhéifeachtúlachtaí; an gá le feabhas a chur ar an gcreat comhair riaracháin atá ag an Aontas faoi láthair, amhail i réimse na n‑iniúchtaí comhpháirteacha.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar roghanna beartais ábhartha lena bhfuarthas tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 5 Bealtaine 2020 (SEC(2020)271) 17 . Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála roinnt moltaí maidir le feabhsuithe atá curtha san áireamh sa tuarascáil deiridh maidir leis an measúnú tionchair (SWD(2020)131) 18 . Rinneadh measúnú ar roghanna difriúla beartais i gcoinne na gcritéir maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas i gcomparáid leis an gcás bonnlíne. Tá rogha le déanamh ag an leibhéal is airde den anailís idir an status quo nó cás bonnlíne agus cás ina ndéanfadh an Coimisiún gníomh ar shlí rialaitheach nó neamhrialaitheach. Bheadh moladh a eisiúint i gceist le gníomhaíocht neamhrialála. Bhí tionscnamh reachtach chun gnéithe sonracha áirithe den chreat comhair riaracháin atá ann cheana a leasú i gceist leis an rogha rialála.

Sainaithníodh leasú reachtach mar rogha tosaíochta maidir leis na rialacha atá ann cheana a leasú chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú.

Maidir leis na hoibreoirí ardán digiteach, tugtar le fios sa Mheasúnú Tionchair gurb é an rogha tosaíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh an rogha is iomchuí chun an bearta atá aitheanta a chomhlíonadh. Léiríodh gurb é an status quo nó an cás bonnlíne an rogha is lú éifeacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. I gcodarsnacht leis an gcás bonnlíne, d'áiritheofaí le caighdeán coiteann éigeantach de chuid an Aontais Eorpaigh go mbeadh rochtain ag córais riaracháin chánach uile an Aontais ar an gcineál céanna sonraí. Is é sin le rá go gcuirfí le gníomhaíocht rialála de chuid an Aontais na húdaráis chánach uile ar bhonn cothrom maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhailítear chun na críche cánach atá aitheanta. Fágann sin freisin gur féidir faisnéis a uathmhalartú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar bhonn caighdeán coiteann agus sonraíochtaí. A luaithe a chuirtear chun feidhme é, is é an t‑aon chás inar féidir leis na húdaráis chánach sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an díoltóir a fhíorú go ndearna an díoltóir an t‑ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha a thuairisciú go cruinn, gan gá le hiarrataí agus fiosrúcháin ad hoc, fadálacha. Thairis sin, d'áiritheofaí le caighdeán coiteann éigeantach de chuid an Aontais Eorpaigh nach mbeidh ar oibreoirí ardán digiteach aghaidh a thabhairt ar réitigh náisiúnta ilroinnte maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le cúrsaí cánach.

Tionchair eacnamaíocha

Sochair

Cuideoidh an oibleagáid chun an t‑ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha a thuairisciú agus faisnéis den sórt sin a mhalartú leis na Ballstáit tacar iomlán faisnéise a fháil chun an t‑ioncam cánach atá dlite a bhailiú. Cuideoidh na rialacha coiteanna tuairiscithe freisin leis an gcothroime iomaíochta a chruthú idir na díoltóirí a úsáideann ardáin dhigiteacha agus díoltóirí nach n‑úsáideann iad, agus idir oibreoirí ardán digiteach a bhféadfadh oibleagáidí tuairiscithe fíor-éagsúla a bheith orthu faoi láthair. Dá mbeadh trédhearcacht maidir leis an ioncam a thuilleann na díoltóirí trí ardáin dhigiteacha a úsáid, mhéadófaí an chothroime iomaíochta le gnólachtaí traidisiúnta.

Agus ionstraim aonair éigeantach de chuid an Aontais a bheith ann, d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchair shóisialta dhearfacha aici agus go gcuirfeadh sí le dearcadh dearfach maidir le cothroime cánach agus leis an ualach a roinnt go cothrom idir na cáiníocóirí. Glactar leis dá leithne raon feidhme na rialacha, gur treise an dearcadh atá ann maidir le cothroime cánach, ós rud é go bhfuil saincheisteanna tearcthuairiscithe i ngach cineál gníomhaíochta. Baineann an réasúnaíocht chéanna leis na buntáistí i dtéarmaí an ualach a roinnt go cothrom: Dá leithne raon feidhme na hidirghabhála, is ea is fearr is féidir leis na Ballstáit a áirithiú go mbailítear na cánacha atá dlite ar bhealach éifeachtach. Tá sochair fhioscacha ghníomhaíocht an Aontais i bhfad níos mó in áiteanna ina bhfuil raon feidhm níos leithne ag an oibleagáid tuairiscithe, i.e. tá feidhm aici ar na seirbhísí agus díol earraí uile. D'fhéadfadh an raon feidhme a theorannú chuig ardáin dhigiteacha atá bunaithe san Aontas na hioncaim chánach a bhaineann le gach rogha a laghdú.

Costais

Gan beann ar an raon feidhme, meastar na costais aon uaire a d'eascair as uatuairisciú a chur chun feidhme ar fud an Aontais sna céadta million euro d'iomlán na n‑oibreoirí ardán digiteach agus na gcóras riaracháin cánach agus meastar na costais athfhillteacha sna deicheanna milliún euro. Is de bharr forbairt agus oibríochtaí na gcóras TF go príomha a bhíonn costais aon uaire agus costais athfhillteacha ann. Chomh maith leis sin, tabhóidh córais riaracháin chánach costais fhorfheidhmiúcháin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht costais, moltar do na Ballstáit tuairisciú digiteach a chumasú agus idir-inoibritheacht na gcóras a áirithiú, idir-inoibritheacht ar an leibhéal sonraí san áireamh, a mhéid is féidir idir na hardáin dhigiteacha agus na córais riaracháin chánach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá d'aidhm ag an togra na hualaí rialála a laghdú d'oibreoirí ardán digiteach, do cháiníocóirí agus do chórais riaracháin chánach. Tá an fhreagairt tosaíochta beartais ina freagra comhréireach ar an bhfadhb a aithníodh ós rud é nach dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir na gConarthaí a bhaint amach le go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach níos fearr gan saobhadh. Go deimhin, beidh na rialacha coiteanna teoranta don chreat comhchoiteann íosta is gá a chruthú chun an t‑ioncam a thuilltear trí ardán digiteach a thuairisciú. Mar shampla: (i) Go n‑áirítear leis na rialacha nach bhfuil aon tuairisciú dúbailte ann (i.e. pointe aonair clárúcháin agus tuairiscithe); (ii) go bhfuil an t‑uathmhalartú teoranta do na Ballstáit ábhartha; agus (iii) go bhfanfaidh forchur na bpionós de dheasca an neamhchomhlíonta faoi rialú ceannasach na mBallstát. Ina theannta sin, ní théann an comhchuibhiú níos faide ná chun a áirithiú go gcuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas faoin ioncam a thuilltear. Ina dhiaidh sin, is leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoin gcáin atá dlite.

Cearta bunúsacha

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, déantar an tacar gnéithe sonraí atá le tarchur chuig córais riaracháin chánach a shainmhíniú sa chaoi agus go ngabhfar na sonraí íosta is gá chun tearcthuairisciú neamhchomhlíontach nó neamh-thuairisciú a bhrath i gcomhréir leis na hoibleagáidí a bhaineann le RGCS.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach an Ráiteas Airgeadais Reachtach.

5.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA

Moltar sa leasú athruithe a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana maidir le malartuithe faisnéise agus comhar riaracháin chomh maith leis an raon feidhme a leathnú amach chuig an uathmhalartú faisnéise maidir leis an bhfaisnéis a thuairiscíonn oibreoirí ardán digiteach. Tá na rialacha maidir le tuairisciú d'oibreoirí ardán digiteach bunaithe ar an obair atá déanta ag ECFE.

(i) Malartú faisnéise arna iarraidh sin

Ábharthacht intuartha

Foráiltear le hAirteagal 5a sainmhíniú ar an gcaighdeán ábharthachta intuartha a mbeidh feidhm aige sa chás go n‑iarrfar faisnéis. Leagtar síos sa sainmhíniú gnéithe an chaighdeáin agus na gceanglas nós imeachta nach mór don údarás iarrthach a chomhlíonadh. Féadfaidh baint a bheith ag an iarraidh ar fhaisnéis ar cháiníocóir amháin nó níos mó a fhad is a ainmneofar iad go haonarach.

Mar a leagtar síos i mír 10 d'Airteagal 8a, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha sa chás go seolfar iarraidh ar fhaisnéis mar obair leantach ar an rialú trasteorann malartaithe nó ar an réamh-chomhaontú praghsála de bhun Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015.

Leasaítear Airteagal 17(1) chun an bhrí a bhaineann le huileghabhálacht na ngnáthfhoinsí faisnéise a shoiléiriú. Sula n‑iarrfar faisnéis, tá d'oibleagáid ar an údarás iarrthach leas a bhaint as na gnáthfhoinsí faisnéise uile a d'fhéadfaí a úsáid sna hiomthosca chun an fhaisnéis a iarradh a fháil agus gur úsáideadh gach modh dá raibh ar fáil. Dá bhrí sin, dá mba rud é, trína dhéanamh sin, go mbeadh ar an údarás iarrthach dul i ngleic le deacrachtaí díréireacha agus go mbeadh baol ann go gcuirfí baint amach a chuspóirí i gcontúirt, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid. Sá chás nár urramaigh an t‑údarás iarrthach an oibleagáid sin, féadfaidh an t‑údarás iarrtha a dhiúltú faisnéis a chur ar fáil.

Áireofar le leasú ar Airteagal 20(2) go ndéanfar na foirmeacha maidir le malartú faisnéise arna iarraidh sin a oiriúnú dá réir.

Iarrataí ó ghrúpaí

Tugtar aghaidh in Airteagal 5b ar iarrataí ó ghrúpaí i gcomhthéacs iarraidh ar fhaisnéis. Baineann iarrataí ó ghrúpaí le grúpa cáiníocóirí nach féidir a ainmniú ina n‑aonar, ach is grúpa cáiníocóirí iad a dtugtar tuairisc orthu trí tacar tréithe comónta. De bharr chineál an iarrata, tá éagsúlacht san fhaisnéis a cheanglaítear má bhaineann iarraidh le cáiníocóir aonair. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5a. Ina ionad sin, ní mór don údarás iarrthach tacar faisnéise a chur ar fáil don údarás iarrtha lena n‑áirítear (i) cur síos cuimsitheach ar thréithe an ghrúpa; agus (ii) míniú ar an dlí is infheidhme agus ar na fíorais nó na himthosca as ar eascair an iarraidh.

(ii) Uathmhalartú faisnéise

Catagóirí ioncaim

Leagtar síos in Airteagal 8(1) na catagóirí ioncaim atá faoi réir an uathmhalartaithe éigeantaigh faisnéise idir na Ballstáit. Cuirtear ríchíosanna leis na catagóirí ioncaim sin atá faoi réir an mhalartaithe faisnéise. Leis an leasú, cuirfear d'oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis uile atá ar fáil a mhalartú, ar dhá thréimhse inchánach ar a laghad go dtí 2024 agus ar cheithre chatagóir ioncaim ar a laghad leis na Ballstáit eile maidir le tréimhsí inchánach amhail 2024 i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

Beidh rialacha tuairiscithe d'oibreoirí ardán faoi réir uathmhalartú faisnéise sainordaitheach

Leagtar síos le hAirteagal 8ac an raon feidhme agus na coinníollacha don uathmhalartú faisnéise sainordaitheach a dhéanfaidh oibreoirí ardán a thuairisciú chuig an údarás inniúil. Leagtar síos rialacha sonracha in Iarscríbhinn V. Mar chéad chéim, déantar foráil sna rialacha maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí ardán digiteach chun faisnéis a bhailiú agus a fhíorú i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí. Mar dara céim, ní mór do na hoibreoirí ardán tuairiscithe faisnéis a thuairisciú maidir leis na díoltóirí intuairiscithe a úsáideann an t‑ardán ar a n‑oibríonn siad chun a gcuid earraí a dhíol, a gcuid seirbhísí a sholáthar nó infheistiú agus iasachtú i gcomhthéacs sluachistiúcháin a dhéanamh. Baineann an tríú céim leis an bhfaisnéis tuairiscithe a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an díoltóir intuairiscithe ina chónaí nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoine dhochorraithe suite.

Raon feidhme 

Foráiltear le hIarscríbhinn V, Roinn I sainmhínithe a chinneann raon feidhme na rialacha tuairiscithe.

Cé ar a bhfuil d'ualach an tuairisciú a dhéanamh

Áirítear sna rialacha sainmhínithe ar a bhfuil i gceist le hArdán, Oibreoir Ardán agus Oibreoir Ardán Tuairiscithe.

Ní áirítear le coincheap an Ardáin bogearraí a fhágann gur féidir go heisiach (i) íocaíochtaí a phróiseáil, (ii) gur féidir le húsáideoirí Gníomhaíocht Ábhartha a liostú nó a fhógairt, nó (iii) úsáideoirí a aistriú nó a atreorú chuig Ardán.

Is Oibreoir Ardán Tuairiscithe aon oibreoir ardán a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i mBallstát nó atá ionchorpraithe faoi dhlíthe Ballstáit nó a bhfuil a áit bhainistíochta nó a bhuanbhunaíocht i mBallstát (dá ngairtear “ardáin de chuid an Aontais Eorpaigh” de ghnáth).

Ina theannta sin, áirítear leis an raon feidhme oibreoirí ardán nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha sin ach oibreoirí ardán a éascaíonn feidhmiú ghníomhaíocht ábhartha ag díoltóirí tuairiscithe a bhfuil cónaí orthu chun críocha na Treorach seo i mBallstát nó maidir le maoin dhochorraithe atá suite i mBallstát (dá ngairtear “ardáin eachtracha” de ghnáth). Chun a bheith gníomhach laistigh den Aontas, nó mór d'ardáin den sórt sin clárú i mBallstát (i.e. clárú aonair) i gcomhréir le hAirteagal 8ac(4). Leagtar síos in Iarscríbhinn V, Roinn IV, mír F na sonraí a bhaineann leis an gclárú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na rialacha atá beartaithe agus chun a bheith níos cruinne, Oibreoirí Ardán Tuairiscithe a chlárú agus a shainaithint, tugtar le fomhír 3 d'Airteagal 8ac(4) cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun glacadh leis an bhfoirm chaighdeánach. Feidhmeofar na cumhachtaí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 

Ní chláróidh oibreoirí ardán atá aitheanta cheana féin chun críocha CBL laistigh den Aontas in aon Bhallstát seachas sa Bhallstát ina bhfuil aitheantas CBL acu.

Cé na gníomhaíochtaí intuairiscithe

Áirítear i nGníomhaíocht Ábhartha cíos ar mhaoin dhochorraithe, seirbhísí pearsanta a sholáthar, díolacháin earraí, cíos ar aon mhodh iompair agus infheistiú agus iasachtú i gcomhthéacs sluachistiúcháin.

Ní áireofar le Gníomhaíocht Ábhartha gníomhaíocht a dhéanann Díoltóir ag feidhmiú mar fhostaí de chuid an Oibreora Ardán Tuairiscithe.

Seirbhís is ea Seirbhís Phearsanta ina mbíonn obair a bhfuil am nó tasc i gceist ann agus a dhéanann duine amháin nó níos mó ann, duine nó daoine a bhíonn ag feidhmiú go neamhspleách nó ag feidhmiú ar son Eintitis. Déantar an tseirbhís sin ar iarraidh ó úsáideoir, bíodh sin ar líne nó as líne go fisiciúil tar éis sin a éascú ar ardán.

Cé na gníomhaíochtaí intuairiscithe

Is Díoltóir úsáideoir ardáin atá cláraithe ar an ardán agus a dhéanann aon cheann de na Gníomhaíochtaí Ábhartha. Ní mheastar gur eintiteas Rialtais é Díoltóir.

Is Díoltóir Gníomhach aon díoltóir a sholáthraíonn Gníomhaíocht Ábhartha le linn na tréimhse intuairiscithe.

Is Díoltóir Intuairiscithe aon Díoltóir Gníomhach a raibh, le linn na tréimhse intuairiscithe, (i) a phríomhsheoladh i mBallstát, nó (ii) eisíodh TIN nó uimhir aitheantais cháin bhreisluacha(CBL) dó i mBallstát, nó (iii) i gcás Díoltóra is Eintiteas, bhí buanbhunaíocht aige i mBallstát. Measfar Díoltóir Intuairiscithe, a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a liostaítear, a bheith ina chónaitheoir i mBallstát chun críocha na Treorach seo.

Ina theannta sin, is Díoltóir Intuairiscithe freisin aon Díoltóir Gníomhach a lig maoin dhochorraithe atá suite i mBallstát ar cíos le linn na tréimhse intuairiscithe.

Is iad gníomhaíochtaí an Díoltóra Intuairiscithe na gníomhaíochtaí tuairiscithe.

Nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

Déanfaidh Oibreoirí Ardán Tuairiscithe nósanna imeachta maidir le dícheall cuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn, Roinn II chun Díoltóirí Intuairiscithe a aithint.

Leagtar síos i Mír B, Roinn II an fhaisnéis shonrach a theastaíonn ó Oibreoir Ardán Tuairiscithe a bhailiú maidir le Díoltóir Intuairiscithe. Ní mór don Oibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis a bailíodh a fhíorú trí úsáid a bhaint as gach taifead agus doiciméad dá bhfuil ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe ina thaifid, chomh maith le haon chomhéadan leictreonach atá curtha ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas saor in aisce chun bailíocht TIN nó uimhir aitheantais CBL a chinneadh. De rogha air sin, is féidir an tOibreoir Ardán Tuairiscithe aitheantas agus cónaí an Díoltóra a dheimhniú trí sheirbhís aitheantais leictreonach arna cur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas.

Déanfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe Díoltóir a mheas a bheith ina chónaitheoir i mBallstát Phríomhsheoladh an Díoltóra. I gcás nach ionann é agus Ballstát Phríomhsheoladh an Díoltóra, déanfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe Díoltóir a mheas a bheith ina chónaitheoir i mBallstát eisiúna TIN nó uimhir aitheantais CBL chomh maith nó sa Bhallstát ina bhfuil buanbhunaíocht ag an Díoltóir. Sa chás go n‑úsáideann Oibreoir Ardán Tuairiscithe an tseirbhís aitheantais leictreonach arna cur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas, meastar go bhfuil cónaí ar an Díoltóir i ngach Ballstát arna dheimhniú ag seirbhís aitheantais leictreonach den sórt sin.

Baileoidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis a cheanglaítear, an fhaisnéis sin a fhíorú agus a chur ar fáil faoin 31 Nollaig den Tréimhse Intuairiscithe.

Féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairisicithe brath ar nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a ndearnadh le linn Tréimhsí Intuairiscithe roimhe seo, ar na coinníollacha (i) gur bailíodh agus gur fíoraíodh an fhaisnéis a cheanglaítear laistigh den 36 mhí anuas; agus (ii) nach bhfuil cúis ann go mbeadh a fhios aige go bhfuil an fhaisnéis arna bailiú tar éis éirí neamhiontaofa nó míchruinn.

Féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe Oibreoir Ardán eile nó tríú páirtí a ainmniú chun na hoibleagáidí maidir le nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a ghlacadh.

Tuairisciú don údarás inniúil

Déanfaidh an fhaisnéis, mar a bailíodh agus a fíoraíodh í, a thuairisciú laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe ina n‑aithnítear an Díoltóir a bheith ina Dhíoltóir Intuairiscithe. Ní dhéanfar tuairisciú ach in aon Bhallstát amháin (i.e. tuairisciú aonair). Déanfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe ar ardán “de chuid an Aontais” é tuairisciú chuig an mBallstát ina gcomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Roinn I, mír A(3) pointe (a). Sa chás go gcomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha sin i níos mó ná aon Bhallstát amháin, déanfaidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe Ballstát amháin a thoghadh ina ndéanfaidh sé tuairisciú. Déanfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe ar “ardán eachtrach” é tuairisciú sa Bhallstát inar chláraigh sé i gcomhréir le hAirteagal 8ac(4).

Déanfar faisnéis maidir leis an gComaoin agus gach méid eile a thuairisciú i leith na Tréimhse Intuairiscithe inar íocadh an Chomaoin nó inar cuireadh chun sochair í. Ní áirítear i sainmhíniú na Comaoine aon táillí, coimisiúin nó cánacha a choinníonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé.

I gcomhréir le hAirteagal 25(3), ní mór do na hOibreoirí Ardán Tuairiscithe gach duine aonair lena mbaineann a chur ar an eolas go ndéanfar faisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin a bhailiú agus a thuairisciú chuig na húdaráis de bhun na Treorach agus an fhaisnéis uile a gceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí a sholáthar a sholáthar faoi RGCS. Ní mór do na hOibreoirí Ardán an fhaisnéis uile a chur ar fáil do gach duine aonair agus in aon chás, sula dtuairisceofar an fhaisnéis. Tá sin gan dochar do chearta an ábhair sonraí faoi RGCS.

Uathmhalartú faisnéise a thuairiscíonn na hOibreoirí Ardán

Ní mór d'údaráis inniúla na mBallstát ina ndearnadh an tuairisciú an fhaisnéis arna tuairisciú ag Oibreoirí Ardán a chur in iúl do Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an Díoltóir Intuairiscithe de réir bhrí Iarscríbhinn V, Roinn I, mír B(3)agus/nó ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe suite. Leagtar síos i Mír 2 d'Airteagal 8ac an fhaisnéis a thuairisceofar do na Ballstáit sin.

Déanfar an malartú laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na tréimhse intuairiscithe.

Cuirfear le malartuithe tráthúla den sórt sin tacar iomlán faisnéise ar fáil do na húdaráis chánach, le gur féidir measúnuithe cánach bliantúla réamhchomlánaithe a ullmhú.

Déanfar an fhaisnéis a uathmhalartú go leictreonach trí chomhlíonra cumarsáide an Aontais Eorpaigh (CCN) trí scéimre XML a d'fhorbair an Coimisiún a úsáid.

Cur chun feidhme éifeachtach agus dúnadh chuntais na nDíoltóirí

Mura gcuireann Díoltóir Intuairiscithe an fhaisnéis a cheanglaítear ar fáil tar éis dhá mheabhrúchán, ní mór don Oibreoir Ardán Tuairiscithe cuntas an Díoltóra den sórt sin a dhúnadh agus cuirfidh sé cosc ar an Díoltóir athchlárú ar an Ardán le haghaidh tréimhse sé mhí nó coinneoidh sé siar íocaíocht na Comaoine leis an Díoltóir (Roinn IV, mír A).

Pionóis éifeachtacha de dheasca neamhchomhlíonta ar leibhéal náisiúnta

Leasaítear Airteagal 25a maidir le pionóis chun faisnéis a thuairiscíonn Oibreoirí Ardán a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 8ac. Déanfar é sin chun a áirithiú go gcuireann na Ballstáit pionóis i bhfeidhm maidir le cásanna nach n‑urramaítear na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(iii) Comhar riaracháin

Oifigigh Ballstáit a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosrúchán eile ar siúl i mBallstát eile

Tugtar isteach leis an leasú ar Airteagal 11(1) oibleagáid ar an údarás inniúil iarrtha chun freagra a thabhairt ar an iarraidh ar oifigeach ó Bhallstát eile a bheith i láthair le linn fiosrúcháin. Sprioc-am 30 lá atá ann chun freagra a thabhairt chun a dheimhniú go n‑aontaíonn sé nó chun a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin a chur in iúl don údarás iarrthach.

Cumasaítear in Airteagal 11(2), arna leasú, daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú gan aon teorainneacha ón dlí náisiúnta sa Bhallstát iarrtha. Cuireadh leis freisin an rogha chun a bheith rannpháirteach i bhfiosrúcháin riaracháin trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, chun aghaidh a thabhairt ar na modhanna nua cumarsáide.

Rialuithe comhuaineacha

Leasaíodh Airteagal 12(3) chun foráil a dhéanamh maidir le sprioc-am 30 laistigh di nach mór do na húdaráis iarrtha freagra a thabhairt ar an togra maidir le rialú comhuaineach.

Iniúchtaí comhpháirteacha

Tá Roinn IIa curtha leis an Treoir chun creat dlíthiúil sainráite agus soiléir a leagan síos i ndáil le hiniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh idir dhá Bhallstát nó níos mó.

Áirítear in Airteagal 12a(1) sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le hiniúchadh comhpháirteach: fiosrúchán riaracháin a chuireann údaráis inniúla in dhá Bhallstát nó níos mó i gcrích go comhpháirteach. Téann údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar aghaidh, ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe, chun cás atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach acu a scrúdú.

Iarraidh ar iniúchadh comhpháirteach

Ó údarás inniúil Ballstáit

Tugtar aghaidh in Airteagal 12a(2) ar an staid ina n‑iarrann údarás inniúil i mBallstát ar údarás inniúil i mBallstát eile chun iniúchadh a dhéanamh go comhpháirteach. Tabharfaidh na húdaráis iarrtha freagra ar an iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

Féadfar diúltú d'iarraidh ar forais a bhfuil údar maith leo. Tugtar i Mír 3 d'Airteagal 12a liosta neamh-uileghabhálach de na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú.

Ó dhuine

Tugtar aghaidh in Airteagal 12a(4) ar staid ina n‑iarrann duine ar údarás inniúil in dhá Bhallstát nó níos mó chun iniúchadh a dhéanamh go comhpháirteach. Tabharfaidh na húdaráis iarrtha freagra ar an iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

Féadfar diúltú d'iarraidh agus ní mór na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú sin a chur in iúl don duine iarrthach.

Sainmhínítear an bhrí atá le duine in Airteagal 3 de Threoir 2011/16/AE.

An nós imeachta

Tugtar soiléiriú in Airteagal 12a(5) gur bhain an malartú faisnéise le rúin tráchtála, thionsclaíocha nó ghairmiúla nó le próiseas tráchtála, nó le faisnéis a mbeadh a nochtadh in aghaidh an bheartais phoiblí, níor cheart an malartú faisnéise sin a dhiúltú i gcomhthéacs iniúchadh comhpháirteach. Ba cheart faisnéise malartaithe den sórt sin a choinneáil faoi rún áfach i measc na n‑údarás inniúil atá páirteach agus gan é a nochtadh do thríú páirtithe.

Le hAirteagal 12a(6), suitear go ndéanfar an t‑iniúchadh comhpháirteach i gcomhréir le na comhaontuithe nós imeachta is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iniúchadh. Ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise arna bailiú le linn an iniúchta chomhpháirtigh a aithint go frithpháirteach.

Baineann Airteagal 12a(10) le socruithe teanga ar iniúchtaí comhpháirteacha agus tugtar sonraí go gcomhaontóidh na Ballstát lena mbaineann na socruithe sin.

Tuarascáil deiridh

Leagtar síos in Airteagal 12a(7) oibleagáid ar na húdaráis inniúla maidir le fíricí agus imthosca an cháis a chomhaontú agus iarrtar ar údaráis inniúla na mBallstát chun féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air/orthu a léirmhíniú. Ní mór conclúidí an iniúchta chomhpháirtigh a chur i láthair i dtuarascáil chríochnaitheach. Ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus a bheith ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eiseofar mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha.

I gcomhréir le hAirteagal 12a(9), ba cheart toradh an iniúchta comhpháirtigh agus an tuarascáil chríochnaitheach a chur in iúl don duine inniúil nó do na daoine inniúla laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna na tuarascála críochnaithí.

Coigeartú comhfhreagrach

Bunaítear le hAirteagal 12a(8) oibleagáid ar na Ballstáit ar dá mbun lena dtrasuitear an Treoir seo, ní mór do Bhallstáit an creat dlíthiúil lena bhféadfaidh siad coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh.

(iv) Forálacha eile

Úsáid na faisnéise malartaithe

Leasaítear Airteagal 16(1) chun a shoiléiriú gur féidir an fhaisnéis a mhalartaítear faoin Treoir seo a úsáid i gcomhair riarachán, measúnú agus forfheidhmiú CBL agus cánacha indíreacha.

Cur in iúl éigeantach na dtorthaí meastóireachta

Leasaítear Airteagal 23(2) chun oibleagáid ar na Ballstáit a chruthú maidir le héifeachtacht an chomhair riaracháin ina ndlínse féin a scrúdú agus a mheasúnú faoin Treoir agus torthaí a meastóireachta a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

Malartuithe ar fionraí

Le hAirteagal 25(5) cuirtear ar chumas na mBallstát na rioscaí a bhaineann le sáruithe sonraí i gcomhthéacs malartaithe faisnéis a mhaolú. I gcás sáraithe ar shonraí pearsanta, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar chomhrialaitheoirí sonraí, a chinneadh chun iarraidh ar an gCoimisiún na malartuithe faisnéise leis an mBallstát nó na Ballstáit inar tharla an sárú a chur ar fionraí.

Athbhunóidh an Coimisiún an próiseas le haghaidh malartuithe faisnéise tar éis do na húdaráis inniúla iarraidh ar an gCoimisiún malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís.

Tagann fionraí den sórt sin i dteannta na mbeart a cheanglaítear faoi RGCS chun dul i ngleic leis an sárú ar shonraí.

2020/0148 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 19 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)D'fhonn freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle 21 le blianta anuas. Leis na hathruithe seo tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, maidir le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Ar an mbealach sin, leathnaíodh raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac.

(2)Le blianta anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE 22 i gcrích in 2019. Cé go ndearnadh feabhas nach beag i réimse an uathmhalartaithe faisnéise, is gá go fóill feabhas a chur ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin.

(3)De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE tar éis iarraidh ó údarás iarrthach, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus diúltuithe d'iarrataí gan údar maith a chosc, agus chun gurb ann don tsoiléireacht dhlíthiúil agus don deimhneacht dhlíthiúil chomh maith le haghaidh córais riaracháin chánach agus cáiníocóirí, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a bheith sainithe go soiléir. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a shoiléiriú chomh maith nár cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise tar éis malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2011/16/AE maidir le réamhrialú trasteorann nó réamh-chomhaontú praghsála.

(4)De réir thaithí phraiticiúil córas riaracháin cánach, is gá uaireanta dul i ngleic le hiarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le grúpaí cáiníocóirí nach féidir a aithint go haonarach agus nach féidir cur síos a dhéanamh orthu ach amháin de réir tacar tréithe comónta. I bhfianaise an mhéid sin, is gá gur féidir le córais riaracháin chánach iarrataí ó ghrúpaí a dhéanamh ar fhaisnéis.

(5)Tá sé tábhachtach go malartaítear faisnéis a bhaineann le hioncam díorthaithe ó mhaoin intleachtúil idir Ballstáit, mar go mbíonn socruithe aistrithe brabúis ann go minic de thoradh a sócmhainní foluiteacha fíor-shoghluaiste. Dá bhrí sin, ba cheart ríchíosanna a áireamh i gcatagóirí ioncaim faoi réir uathmhalartú faisnéise sainordaitheach chun feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach.

(6)Tá fás as cuimse ag teacht ar dhigitiú an gheilleagair le blianta anuas. Tá líon méadaithe cásanna casta maidir le himghabháil cánach tagtha chun cinn mar thoradh air sin. Fágann gné thrasteorann na seirbhísí a sholáthraítear trí oibreoirí ardán digiteach go bhfuil timpeallacht chasta ann inar féidir leis a bheith dúshlánach rialacha cánach a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh cánach a áirithiú. Tá an comhlíonadh cánach fo-optamach agus tá luach mór ar an ioncam neamhthuairiscithe. Tá easpa faisnéise ag córais riaracháin chánach na mBallstát chun measúnú agus rialú ceart a dhéanamh ar an ollioncam a thuilltear ina dtír ó ghníomhaíochtaí tráchtála a dhéantar trí ardáin dhigiteacha a idirghabháil. Baineann fadhbanna ar leith leis sin i gcás ina bhfuil sreabha an ioncaim nó an mhéid inchánach ag dul trí ardáin a bhunaítear i ndlínse eile.

(7)Is minic a iarrann córais riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán digiteach. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta ag oibreoirí ardáin. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad an iliomad caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(8)Ós rud é go mbíonn sreabhadh trasteorann ag formhór ioncam agus méideanna inchánacha na ndíoltóirí ar ardáin dhigiteacha, bheadh torthaí dearfacha breise ann ar thuairisciú na faisnéise a bhaineann leis an ngníomhaíocht ábhartha dá gcuirfidh seo in iúl do na Ballstáit incháilithe chun cáin a ghearradh ar an ioncam a thuilltear. Go háirithe, tá uathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach ríthábhachtach chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na húdaráis sin chun cur ar a gcumas cánacha ioncaim dlite agus CBL dlite a mheasúnú go hiomchuí.

(9)D'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart dearadh na rialacha tuairiscithe a bheith éifeachtúil agus simplí. Agus na deacrachtaí a bhaineann le teagmhais inchánach a bhrath a aithint, deacrachtaí a tharlaíonn le linn gníomhaíocht tráchtála a éascaítear trí ardáin dhigiteacha, agus an tualach breise riaracháin a mbeadh ar chórais riaracháin chánach aghaidh a thabhairt orthu sa chás sin á chur san áireamh, is gá oibleagáid tuairiscithe a fhorchur ar oibreoirí ardán. Maidir leis an bhfaisnéis is gá i dtaca le gach díoltóir i mbun gníomhaíochta ar ardán sonrach nó a bhaineann úsáid as ardán sonrach, tá oibreoirí ardán i riocht níos fearr chun an fhaisnéis sin a bhailiú agus a fhíorú.

(10)Ós rud é go mbaineann daoine aonair agus eintitis araon úsáid fhorleathan as ardáin dhigiteacha chun gníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú an fhaisnéis a bheith intuairiscithe beag beann ar chineál dlíthiúil an díoltóra. Mar sin féin, ba cheart eisceacht dhéanamh d'eintitis rialtais, ar eintitis iad nár cheart a bheith faoin oibleagáid tuairiscithe.

(11)Leis an tuairisciú ar ioncam a thuilltear trí ghníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart go gcuirfear tacar cuimsitheach faisnéise ar fáil do chórais riaracháin chánach atá riachtanach chun measúnú ceart a dhéanamh ar an gcáin ioncaim atá dlite.

(12)Ar mhaithe le simpliú agus le maolú na gcostas comhlíonta, bheadh sé réasúnta ceangal a chur ar oibreoirí ardán an tioncam a thuill na díoltóirí tríd an ardán a úsáid in aon Bhallstát amháin a thuairisciú.

(13)I bhfianaise nádúr digiteach agus solúbthacht na nardán digiteach, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát. D'áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta bheith ann i measc na nardán agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun an méid sin a éascú, ba cheart ceangal a chur ar ardáin eachtracha clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach.

(14)I bhfianaise na bhforbairtí sa gheilleagar digitithe, maidir leis an tuairisciú ar ghníomhaíocht tráchtála, ba cheart ligean ar cíos maoine dochorraithe, seirbhísí pearsanta, díolacháin earraí, ligean ar cíos d'aon mhodh iompair agus infheistiú agus iasachtú i gcomhthéacs sluachistiúcháin a bheith san áireamh. Níor cheart go dtiocfadh gníomhaíochtaí a dhéanann díoltóir atá ag feidhmiú mar fhostaí ag oibreoir ardán faoi raon feidhme an tuairiscithe.

(15)D'fhéadfaí an cuspóir maidir le cosc ar imghabháil agus ar sheachaint cánach a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán digiteach ioncam a thuilltear trí ardáin a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh na húdaráis chánach náisiúnta a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe laistigh d'aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. D'fhonn uathmhalartú faisnéise a éascú agus úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (“CCN”) arna fhorbairt ag an Aontas.

(16)Sa mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE arna déanamh ag an gCoimisiún, léiríodh an gá le faireachán leanúnach ar éifeachtacht chur i bhfeidhm na Treorach sin agus éifeachtacht na bhforálacha trasuite náisiúnta lena néascaítear an cur i bhfeidhm sin. Chun go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán agus meastóireacht iomchuí ar éifeachtacht na nuathmhalartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit staitisticí maidir le malartuithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

(17)Is gá sásraí Threoir 2011/16/AE a neartú maidir le hoifigigh chórais riaracháin chánach i mBallstát amháin a bheith i láthair ar chríoch Ballstáit eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha a bheith á ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó chun a gcur i bhfeidhm éifeachtach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart freagraí ar iarrataí ar oifigigh ó Bhallstát eile a bheith i láthair agus ar rialuithe comhuaineacha a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. I gcás ina bhfuil oifigigh eachtracha i láthair ar chríoch Ballstáit eile le linn fiosrúcháin riaracháin, nó rannpháirteach trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, ba cheart cead a bheith acu daoine aonair a chur faoi agallamh go díreach agus taifid a scrúdú.

(18)Ceanglaítear ar Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige rialú comhuaineach a dhéanamh a rún a chur in iúl do na Ballstáit eile lena mbaineann. Cé go bhfuil oibleagáid ar údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann freagra a thabhairt ar an togra, tá sé tábhachtach a áirithiú go dtugtar an freagra laistigh de theorainn ama réasúnta. Dá bhrí sin, ba cheart d'údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann freagra a thabhairt ar an togra laistigh de 30 lá ón tráth a fhaightear an togra.

(19)Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag dhá chóras riaracháin cánach nó níos mó san Aontas. Ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sainráite ann chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, déantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin faoi láthair bunaithe ar fhorálacha comhcheangailte Threoir 2011/16/AE maidir le hoifigigh eachtracha a bheith i láthair ar chríoch Ballstát eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, léiríodh in a lán cásanna nach raibh an cleachtas sin leordhóthanach agus nach bhfuil soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil ann.

(20)Ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir agus éifeachtúil a ghlacadh chun go bhféadfaidh a núdaráis chánach iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil gníomhaíocht trasteorann acu. Is éard is iniúchtaí comhpháirteacha ann fiosrúcháin riaracháin a ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach chun cás a scrúdú atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag na Ballstáit sin acu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena náirítear an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú.

(21)Chun éifeachtacht an phróisis a áirithiú, ba cheart freagairtí ar iarrataí ar iniúchtaí comhpháirteacha a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama ar leith. Ba cheart údar maith a bheith le diúltú d'iarrataí. Ba cheart socruithe nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht iniúchóireachta ábhartha a bheith sna socruithe nós imeachta is infheidhme maidir le hiniúchóireacht chomhpháirteach. Dá réir sin, ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise a bhailítear le linn iniúchadh chomhpháirteach a aithint go frithpháirteach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go bhféachann siad le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air a léirmhíniú. D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh iniúchóireachta comhpháirtí a chur chun feidhme sna Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eisítear mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha. I gcás inar ghá, ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil a sholáthar chun coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.

(22)Ag aithint dó go bhfuil iniúchtaí comhpháirteacha bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, maidir le malartú faisnéise a bhaineann le rúin tráchtála, thionsclaíocha nó ghairmiúla nó le próiseas tráchtála, nó le faisnéis a mbeadh a nochtadh in aghaidh an bheartais phoiblí, níor cheart an malartú faisnéise sin a dhiúltú i gcomhthéacs iniúchadh comhpháirteach. Ba cheart faisnéis mhalartaithe den sórt sin a choinneáil faoi rún áfach gan é a nochtadh do thriú páirtithe.

(23)Tá sé tábhachtach chomh maith malartú éifeachtach faisnéise arna iarraidh sin agus comhar idir údaráis inniúla a áirithiú. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis inniúla a fhaigheann faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5 nó le hAirteagal 9 de Threoir 2011/16/AE, ba cheart iad a bheith faoi oibleagáid aiseolas a chur ar fáil don údarás inniúil a chur an fhaisnéis sin ar fáil i ndáil le gach malartú a iarrtar sin laistigh de 30 lá tar éis an toraidh maidir le húsáid na faisnéise a bheith ar eolas.

(24)Tá sé tábhachtach ar bhonn prionsabail go núsáidtear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a gcumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Ar an mbonn sin agus i bhfianaise a shuntasaí atá CBL maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun CBL agus cánacha indíreacha eile a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.

(25)Tá sé fíor-riachtanach sonraí pearsanta a mhalartaítear idir na Ballstáit faoi Threoir 2011/16/AE a chosaint go héifeachtach. Má bhíonn sárú ann ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 i mBallstát amháin nó níos mó, ba cheart do na Ballstáit, mar chomhrialaitheoirí na sonraí, a chinneadh an gceanglaítear leis an sárú sin malartuithe faisnéise a chur ar fionraí leis an mBallstát nó leis na Ballstáit inar tharla an sárú agus ar cheart a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, na malartuithe sin a chur ar fionraí. Ba cheart go mairfeadh an fionraí go dtí go niarrfadh na Ballstáit ar an gCoimisiún na malartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE a chumasú arís leis an mBallstát inar tharla an sárú.

(26)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena náirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 .

(27)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 .

(28)Ní mór d'aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

(29)Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(30)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin comhar éifeachtúil riaracháin idir na Ballstáit faoi choinníollacha atá comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a bhaint amach go leordhóthanach. Is gá le rialacha aonfhoirmeacha a d'fhéadfadh a bheith éifeachtach i gcásanna trasteorann chun an comhar idir chórais riaracháin chánach a fheabhsú, is é sin is aidhm don Treoir seo, agus dá bhrí sin is fearr is féidir an méid sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(31)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:

(1)In Airteagal 3 leasaítear pointe 9 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad fhomhír:

‘(a)chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a, 8aa, 8ab agus 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe.’

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) den chéad fhomhír:

‘(c)chun críocha fhorálacha na Treorach seo seachas Airteagal 8(1) agus Airteagal (3a) agus Airteagail 8a, 8aa agus 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach, faisnéis dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den phointe seo.’

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

I gcomhthéacs Airteagal 8(3a), 8(7a) agus 21(2) agus Airteagal 25(2) agus (3), beidh ag aon téarma faoi cheannlitreacha an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcomhthéacs Airteagal 8aa agus Iarscríbhinn III, beidh ag aon téarma faoi cheannlitreacha an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcomhthéacs Airteagal 8ac agus Iarscríbhinn V, beidh ag aon téarma faoi cheannlitreacha an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn V.’.

(2)Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5a

Ábharthacht intuartha

1.Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, measfar an fhaisnéis a iarrtar a bheith ábhartha intuartha i gcás ina measann an túdarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra nó do ghnóthaí cánach cáiníocóirí, is cuma má aithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh chun an timscrúdú a dhéanamh.

2.Agus é mar aidhm leis ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an túdarás inniúil iarrthach ar fáil don údarás iarrtha faisnéis tacaíochta, go háirithe maidir leis an gcúis chánach lena niarrtar an fhaisnéis agus maidir leis na forais lena dtugtar le fios go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an údaráis iarrtha nó i seilbh duine nó faoi riail ag duine laistigh de dhlínse an údaráis iarrtha.

Airteagal 5b

Iarrataí ó ghrúpaí

Féadfaidh baint a bheith ag iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 5 le grúpa cáiníocóirí nach féidir a aithint go haonarach de réir ainm nó ar bhealach eile ach nach féidir cur síos a dhéanamh orthu ach ar bhonn saintréithe comhchoiteanna.

I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil iarrthach an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don údarás iarrtha:

(a)cur síos cuimsitheach ar shaintréithe comhchoiteanna an ghrúpa; agus

(b)míniú ar an dlí is infheidhme agus ar na fíorais a bhfuil bunaithe orthu an chúis gan chreidiúint gur chomhlíon cáiníocóirí sa ghrúpa an dlí is infheidhme lena náirítear fíorais agus imthosca maidir le páirtíocht tríú páirtí a rannchuidigh go gníomhach le neamh-chomhlíonadh dlí féideartha na gcáiníocóirí sa ghrúpa leis an dlí.’.

(3)In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Féadfaidh iarraidh réasúnaithe ar fhiosrúchán riaracháin a bheith san iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 5. Má bhíonn an túdarás faighte iarrata [an túdarás iarrtha] den tuairim nach bhfuil gá le fiosrúchán riaracháin, cuirfidh sé an túdarás iarrthach ar an eolas láithreach maidir leis na cúiseanna atá leis sin.’.

(4)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.Cuirfidh an túdarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis ar fáil in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:

(a)ioncam ó fhostaíocht;

(b)táillí stiúrthóra;

(c)táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear in ionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta eile den chineál céanna;

(d)pinsin;

(e)úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin;

(f)ríchíosanna.

Maidir leis na tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2023, áireofar le cur in iúl na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír Uimhir Aitheantais Chánach (TIN) an Bhallstáit chónaithe.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil maidir le dhá chatagóir ar a laghad i ndáil le hioncam agus caipitil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.

2.Roimh an 1 Eanáir 2023 cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún maidir le ceithre chatagóir ar a laghad dá liostaítear i bhfomhír 1 a gcuirfidh an túdarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis, i ndáil leis na catagóirí sin, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin. Bainfidh an fhaisnéis le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh an dáta sin.

(b)Scriostar an dara fomhír de mhír 3.

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.Cuirfear faisnéis de bhun mhír 1 agus mhír 3a in iúl go bliantúil, laistigh de naoi mí tar éis dheireadh na bliana féilire nó tréimhse tuairiscithe eile iomchuí lena mbaineann an fhaisnéis.’.

(5)Leasaítear Airteagal 8a mar a leanas:

(a)Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) i mír 5:

‘(a)maidir leis an bhfaisnéis a mhalartaítear de bhun mhír 1 – gan mhoill tar éis eisiúint, leasú nó athnuachan na rialuithe trasteorann nó na réamh-chomhaontuithe praghsála agus laistigh de thrí mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh leath na bliana féilire ar eisíodh, ar leasaíodh nó ar athnuadh na rialuithe trasteorann nó na réamh-chomhaontuithe praghsála lena linn;’.

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) i mír 6:

‘(b)achoimre ar réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontaithe praghsála, lena náirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart a d'fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d'fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.’.

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.D'ainneoin an tagairt don ábharthacht intuartha i mír 1 d'Airteagal 1 agus coinníollacha ábharthacht intuartha a leagtar síos in Airteagal 5a, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 5, agus ag féachaint d'Airteagal 21(4), faisnéis bhreise a iarraidh, lena náirítear an téacs iomlán den rialú cánach trasteorann nó den réamh-chomhaontú praghsála.’.

(6)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 8ac

Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach a thuairiscíonn Oibreoirí Ardán

1.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá a cheanglóidh ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus díchill chuí a leagtar síos i Ranna II agus III d'Iarscríbhinn V a chur i gcrích. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfear rialacha den sórt sin chun feidhme go héifeachtach, agus go gcomhlíonfar iad go héifeachtach i gcomhréir le Roinn IV d'Iarscríbhinn V.

2.De bhun na gceanglas tuairiscithe agus díchill chuí is infheidhme atá le fáil i Ranna II agus III d'Iarscríbhinn V, cuirfidh an túdarás inniúil i ngach Ballstát trí uathmhalartú in iúl laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 3 d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí de réir bhrí an dara fomhír de mhír b(3) de Roinn I d'Iarscríbhinn V agus/nó ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe suite, an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach aon Díoltóir Intuairiscithe le haghaidh tréimhsí inchánach ón 1 Eanáir 2022 i leith:

(a)ainm, TIN agus seoladh oifige cláraithe an Oibreora Ardán Tuairiscithe chomh maith le hainm gnó an Ardáin nó ainmneacha gnó na nArdán a bhfuil an tOibreoir Ardán Tuairscithe ag tuairisciú ina leith;

(b)ainm agus sloinne an Díoltóra, ar ainm agus sloinne dlíthiúil an Díoltóra iad, Díoltóir ar eintiteas é;

(c)an príomhsheoladh;

(d)aon TIN, nó in éagmais aon TIN, a chomhionann feidhmiúil a eisíodh don Díoltóir, lena náirítear gach Ballstát eisiúna;

(e)uimhir chláraithe ghnó an Díoltóra is Eintiteas;

(f)uimhir aitheantais cháinbhreisluacha (CBL) an Díoltóra, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(g)dáta breithe Díoltóirí is daoine aonaracha;

(h)Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena níoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(i)i gcás ina bhfuil ainm difriúil ann ó ainm an Díoltóra Intuairiscithe, ainm an tsealbhóra agus uimhir an chuntais airgeadais lena níoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis chéannachta eile ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe i ndáil leis sealbhóir cuntais sin;

(j)gach Ballstát ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí de réir bhrí an dara fomhír de mhír B(3) Roinn I d'Iarscríbhinn V;

(k)an Chomaoin iomlán a íoctar nó a dtéann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe;

(l)aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinnítear siar nó a ghearrann an tArdán Tuairiscithe le linn gach ráithe na Tréimhse Intuairiscithe.

I gcás ina soláthraíonn an Díoltóir Intuairiscithe seirbhísí cíosa maoine dochorraithe, cuirfear an fhaisnéis bhreise seo a leanas in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit ina a bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí chun críocha cánach:

(a)seoladh gach Liostú Maoine a chinntear ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i mír E de Roinn II d'Iarscríbhinn V agus cláruimhir talún gach Liostú Maoine i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(b)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, líon na laethanta a bhí gach Liostú Maoine ar cíos le linn na Tréimhse Intuairiscithe agus cineál gach Liostú Maoine.

3.Déanfar an cur in iúl de bhun mhír 2 leis an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(7) laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann oibleagáidí Oibreora Ardán Tuairiscithe.

4.Chun oibleagáidí tuairiscithe de bhun mhír 1 a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá a cheanglóidh ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí fhomhír A(3)(b) de Roinn I d'Iarscríbhinn V chun clárú leis an Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe sin.

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe clárú le húdaráis inniúla aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d'Iarscríbhinn V.

Leagfaidh síos an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun Oibreoirí Ardán Tuairiscithe a chlárú agus a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).”.

(7)Leasaítear Airteagal 8b mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Tabharfaidh na Ballstáit staitisticí don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na nuathmhalartuithe faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.

(b)Scriostar mír 2.

(8)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.D'fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna núdarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagfaidh an Ballstát sin síos:

(a)a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrata a gcuid dualgas i gcrích;

(b)a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit faighte iarrata;

(c)a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.

Freagróidh údarás inniúil d'iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 30 lá chun a dheimhniú go n‑aontaíonn sé chun cur in iúl don údarás iarrthach a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis faighte iarrata uirthi, tabharfar cóipeanna de sin d'oifigigh an údaráis iarrthaigh.’.

(b)I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina bhfuil oifigigh an údaráis iarrthaigh i láthair le linn fiosrúcháin riaracháin, nó rannpháirteach trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, féadfaidh siad daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú.’.

(9)In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Cinnfidh an túdarás inniúil i ngach Ballstát lena mbaineann cibé is mian leis a bheith páirteach i rialuithe comhuaineacha nó nach mian. Deimhneoidh sé go naontaíonn sé nó cuirfidh sé a chinneadh diúltaithe, a bheidh réasúnaithe, in iúl don údarás a mhol an rialú comhuaineach laistigh de 30 lá tar éis an togra a fháil.’.

(10)Cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

‘ROINN IIa

Iniúchtaí Comhpháirteacha

Airteagal 12a

Iniúchtaí comhpháirteacha

1.Chun críocha na Treorach seo, ciallóidh “iniúchadh comhpháirteach” fiosrúchán riaracháin a chuireann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó i gcrích go comhpháirteach, Ballstáit a théann ar aghaidh ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe chun cás atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach acu lena mBallstáit faoi seach a scrúdú.

2.I gcás ina niarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó Ballstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine amháin nó níos mó ar leas coiteann nó comhlántach iad a mBallstát uile faoi seach, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

3.Féadfar diúltú d'iarraidh ó Bhallstát ar iniúchadh comhpháirteach ar forais a bhfuil údar maith leo, agus háirithe, de dheasca aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)leis an iniúchadh comhpháirteach a iarradh bheadh sé i gceist fiosrúcháin a dhéanamh nó faisnéis a chur in iúl de shárú ar reachtaíocht an Bhallstáit iarrtha;

(b)ní féidir leis an mBallstát iarrthach, ar chúiseanna dlí, faisnéis a chur in iúl a bheadh cosúil leis an bhfaisnéis a mbeifí ag súil leis an mBallstát iarrtha a chur ar fáil le linn iniúchadh comhpháirteach.

4.I gcás ina niarrann duine amháin nó níos mó ar údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó chun iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine nó dhaoine, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarriadh sin laistigh de 30 lá.

I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an duine iarrthach nó na daoine iarrthacha ar an eolas maidir leis na forais a bhaineann leis an diúltú.

5.D'ainneoin na teorannacha a leagtar síos in Airteagal 17(4), ní féidir diúltú d'fhaisnéis a soláthar d'údarás inniúil Ballstáit i gcomhthéacs iniúchadh comhpháirteach de bhun an Airteagail seo ar na forais go nochtfaí rún tráchtála, tionsclaíoch nó ghairmiúil nó próiseas tráchtála dá bharr, nó go nochtfaí faisnéis a mbeadh a nochtadh in aghaidh an bheartais phoiblí, dá bharr. Ní dhéanfaidh sé sin dochar d'oibleagáid an údaráis inniúil a fhaigheann faisnéis gan an fhaisnéis sin a scaipeadh nó a nochtadh do thríú páirtithe.

6.Déanfar iniúchtaí i gcomhréir le socruithe nós imeachta is infheidhme an Bhallstáit a ndearnadh na gníomhaíochta a bhaineann leis an iniúchadh ann. Maidir le fianaise a bhaileofar i gcomhthéacs iniúchadh comhpháirteach i mBallstát amháin de bhun a dhlí, aithneoidh gach údarás inniúil eile na mBallstát a bhíonn rannpháirteach san iniúchadh comhpháirteach.

7.I gcás ina ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó iniúchadh comhpháirteach, comhaontóidh na húdaráis sin maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir le seasamh cánach an duine nó na ndaoine a rinneadh iniúchóireacht air nó orthu bunaithe ar thorthaí an iniúchta chomhpháirtigh. Déanfar conclúidí an iniúchta a ionchorprú sa tuarascáil chríochnaitheach a mbeidh an stádas dlí coibhéiseach uirthi agus a bheidh ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eiseofar tar éis an iniúchta.

8.Chun an tuarascáil chríochnaitheach a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit de réir dlí foráil don fhéidearthacht an coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.

9.Maidir le húdaráis inniúla na mBallstát a rinne iniúchadh comhpháirteach, tabharfaidh na húdaráis sin fógra faoi thoradh an iniúchta, lena náirítear an tuarascáil chríochnaitheach, don duine a ndearnadh iniúchadh air nó do na daoine a ndearnadh iniúchadh orthu, laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna na tuarascála críochnaithí.

10.Comhaontóidh na húdaráis inniúla a bheidh rannpháirteach san iniúchadh comhpháirteach ar shocruithe teanga an iniúchta chomhpháirtigh sin.’.

(11)In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil faisnéis ar fáil de bhun Airteagal 5 nó Airteagal 9, seolfaidh an túdarás inniúil a fuair an fhaisnéis, gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht cánach agus cosaint sonraí is infheidhme ina Bhallstát, aiseolas chuig an údarás inniúil a chuir an fhaisnéis ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an toraidh maidir le húsáid na faisnéise arna hiarraidh a bheith ar eolas.

Leagfaidh síos an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla chun aiseolas a sholáthar i gcásanna den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’.

(12)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.’.

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an túdarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát uile maidir leis an úsáid a d'fhéadfadh a bhaint as faisnéis agus doiciméid, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, seachas an úsáid dá dtagraítear i mír 1. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis, is féidir leis an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear a úsáid chun críocha eile liostaithe ag an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’.

(13)In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Cuirfidh údarás iarrtha i mBallstát amháin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil don údarás iarrthach i mBallstát eile ar choinníoll go bhfuil leas bainte ag an údarás iarrthach as na gnáthfhoinsí faisnéise uile a d'fhéadfaí a úsáid sna himthosca chun an fhaisnéis a iarradh a fháil agus gur úsáideadh gach modh dá raibh ar fáil ach amháin na cinn sin as a dtiocfadh deacrachtaí díréireacha, agus gan an riosca go gcuirfí baint amach a chuspóirí i gcontúirt.’.

(14)Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1, faisnéis a bheidh le cur ar fáil ag an údarás iarrthach:

(a)céannacht an duine faoi scrúdú nó imscrúdú agus, i gcás ina bhfuil iarrataí ó ghrúpaí dá dtagraítear in Airteagal 5b, cur síos cuimsitheach ar shaintréithe comhchoiteanna an ghrúpa;

(b)an cuspóir cánach ar dá réir a lorgaítear an fhaisnéis.’.

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

‘3.Seolfar faisnéis gan choinne agus a hadmháil de bhun Airteagail 9 agus 10 faoi seach, iarrataí ar fhógraí riaracháin de bhun Airteagal 13, faisnéis aiseolais de bhun Airteagal 14 agus cumarsáidí de bhun Airteagail 16(2), (3) agus 24(2), leis an bhfoirm chaighdeánach arna glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.Déanfar uathmhalartú faisnéise de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 8ac tríd an bhfoirm chaighdeánach ríomhairithe a bhfuil sé d'aidhm aici uathmhalartú faisnéise den chineál sin a éascú, arna glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’.

(15)In Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní dhéanfaidh rochtain an Choimisiúin dochar d'oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na socruithe praiticiúla is gá a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’.

(16)In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

‘1a.Chun críocha chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú dhlíthe na mBallstát a lena dtugtar éifeacht don Treoir seo agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an comhar riaracháin a bhunaítear leis, déanfaidh na Ballstáit foráil de réir dlí do rochtain údarás cánach ar na sásraí, nósanna imeachta, doiciméid agus faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13, 30, 31, 32a agus 40 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

* Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’.

(17)In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Déanfaidh na Ballstáit ina ndlínse féin meastóireacht ar éifeachtacht an chomhair riaracháin agus í a scrúdú i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl don Choimisiún.’.

(18)In Airteagal 23a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críocha anailíseacha, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d'aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún.

D'ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).’.

(19)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

‘2.Measfar gur rialaitheoirí comhpháirteacha sonraí iad Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, idirghabhálaithe, Oibreoirí Ardán Tuairiscithe agus údaráis inniúla gach Ballstáit agus measfar gur próiseálaí sonraí an Coimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

3.D'ainneoin mhír 1, áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfidh a údarás inniúil nó gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe nó idirghabhálaí nó Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, de réir mar a bheidh, faoina dhlínse:

(a)gach duine aonair lena mbaineann ar an eolas go mbaileofar faisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin agus go naistreofar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)an fhaisnéis uile ar fáil do gach duine aonair a bhfuil sé ina teideal ón rialaitheoir sonraí sách luath le go mbeidh deis ag an duine aonair a chearta um chosaint sonraí a fheidhmiú agus, in aon chás, sula dtuairisceofar an fhaisnéis.

D'ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír, leagfaidh gach Ballstát síos rialacha lena gcuirfear oibleagáid ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe Díoltóirí Intuairiscithe a chur ar an eolas maidir leis an gComaoin arna tuairisciú.

* Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’.

(b)Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn sárú ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, chun na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chur ar fionraí mar bheart maolaithe.

Mairfidh an fionraí go dtí go n‑iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an gCoimisiún malartú faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís.’.

(20)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a:

‘Airteagal 25a

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’.

(21)Cuirtear isteach Iarscríbhinn V nua, leagtar amach a téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 27  

14

14.03

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh lebeart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 28  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Ar na tosaíochtaí atá liostaithe ag an gCoimisiún ina chlár oibre 2020 tá an comhrac in aghaidh imghabháil cánach. Mar obair leantach air sin, is príomhréimse gníomhaíochta an comhrac in aghaidh imghabhála a neartú a thuilleadh chomh maith le trédhearcacht agus an malartú faisnéis a mhéadú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach

Tá d'aidhm ag an reachtaíocht atá beartaithe feabhas a chur ar fheidhmiú na bhforálacha beartais atá ann cheana de Threoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin. Baineann na feabhsuithe atá beartaithe le gach cineál malartaithe faisnéise agus le comhar riaracháin. Ina theannta sin, tá d'aidhm acu raon feidhme na n‑uathmhalartuithe faisnéise a leathnú maidir le faisnéis a thuairiscíonn na hoibreoirí ardán.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

ABB 3

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ba cheart go n‑imreodh feabhsú na forála atá ann cheana tionchar dearfach ar chur i bhfeidhm éifeachtúil Threoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin. Áiritheofar soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil trí dhul i ngleic leis na neamhéifeachtúlachtaí atá ann faoi láthair ar bhealach aonfhoirmeach.

Tá d'aidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir leis an ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha a úsáid na húdaráis chánach a chur ar an eolas go príomha faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil gné ag baint leo lasmuigh de dhlínse aonair. Leis an bhfaisnéis a thuairiscítear agus a mhalartaítear leis na dlínsí ábhartha, cuirfear ar chumas na n‑údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar an gcáin atá dlite, bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus iomlán. Ina theannta sin, trí cheanglas tuairiscithe a fhorchur ar na hardáin dhigiteacha, tuairisceofar ioncam na ndíoltóirí sa chaoi go gcruthófar cothroime iomaíochta idir na díoltóirí, gan beann ar cé acu a oibríonn trí ardáin dhigiteacha. Ina theannta sin, beidh gach oibreoir ardán faoi réir na gceanglas tuairiscithe céanna.

1.4.4.Táscairí lena léirítear torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Rialófar an togra i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin (lena leasaítear é) i ndáil leis na nithe seo a leanas: (i) an soláthar bliantúil staidrimh ó Bhallstáit maidir le malartuithe faisnéise; agus (ii) tuarascáil ón gCoimisiún a thíolacadh ar bhonn an staidrimh sin, lena n‑áirítear éifeachtacht an uathmhalartaithe faisnéise.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Leasófar Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin chun feabhas a chur ar fheidhmiú na bhforálacha atá ann cheana díreach amhail ó tháinig siad i bhfeidhm agus oibleagáidí a thabhairt isteach maidir le hoibreoirí ardán digiteach, chun faisnéis maidir leis an ioncam a thuilleann cáiníocóirí trí ardáin dhigiteacha a bhailiú agus a thuairisciú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

Tabharfaidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh breisluach i gcomparáid le tionscnaimh aonair sa réimse ar leibhéal na mBallstát. Ar an gcéad dul síos, áireofar leis sin go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ar an dara dul síos, beidh na hardáin dhigiteacha uile lena mbaineann faoi réir na gceanglas tuairiscithe céanna. Ar an tríú dul síos, beidh malartú faisnéise in éineacht leis an tuairisciú agus, mar sin, cuirfear ar chumas na riarachán cánach tacar cuimsitheach faisnéise a fháil maidir leis an ioncam a thuilltear trí ardán digiteach. Dá bhrí sin, is fearr a bheidh gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun éifeachtacht agus iomláine an chórais maidir le malartú faisnéise agus comhar riaracháin a áirithiú ná tionscnaimh aonair ar leibhéal na mBallstát.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Maidir leis na hoibreoirí ardán digiteach, tá reachtaíocht agus/nó treoraíocht riaracháin i bhfeidhm ag 12 Bhallstát ar ar a bhonn a mbeadh ar oibreoirí ardán faisnéise maidir le díoltóirí atá gníomhach ar a n‑ardán a thuairisciú do riarthóirí cánach. Tá i gceist ag ceithre Bhallstát reachtaíocht nó treoraíocht riaracháin den sórt sin a thabhairt isteach. Ina theannta sin, rinne na Ballstáit seiceálacha comhlíontachta lena díríodh ar idirbhearta arna n‑éascú ag ardáin, amhail iniúchtaí, litreacha agus feachtais faisnéise.

1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Toisc go bhfuil an togra deartha chun Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin a leasú, beidh na nósanna imeachta, na socruithe agus na huirlisí TF atá ar bun cheana nó atá á bhforbairt i gcomhthéacs na Treorach sin ar fáil lena n‑úsáid chun críocha an togra seo.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 29  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Forbairt is ea an togra seo ar an gcreat agus ar na córais atá ann cheana maidir leis an uathmhalartú faisnéise a forbraíodh de bhun Airteagal 21 Threoir 2011/16/AE i gcomhthéacs leasú a rinneadh roimhe sin. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, foirmeacha caighdeánacha agus formáidí a fhorbairt chun faisnéis a mhalartú trí bhearta cur chun feidhme. Maidir le líonra CCN lena gceadófar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, is é an Coimisiún atá freagrach as líonra den sórt sin a thabhairt chun cinn agus gabhfaidh na Ballstáit orthu féin an bonneagar náisiúnta iomchuí a chruthú lena mbeifear in ann faisnéis a mhalartú trí líonra CCN.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Gabhann na Ballstáit orthu féin an méid seo a leanas a dhéanamh:

- Meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise i dTreoir dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, agus Airteagal 8ac atá beartaithe mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach;

- Liosta na sonraí staidrimh arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le nós imeachta Airteagal 26(2) (bearta cur chun feidhme) i gcomhair na meastóireachta ar an Treoir seo.

In Airteagal 27, ghlac an Coimisiún mar chúram air féin tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach a thíolacadh gach cúig bliana, a tosaíodh ag comhaireamh i ndiaidh 1 Eanáir 2013. Áireofar torthaí an togra seo (lena leasaítear DAC) sa tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a eiseofar an 1 Eanáir 2028.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

Sainaithníodh na rioscaí féideartha seo a leanas:

- Gabhann Ballstáit orthu féin sonraí staidrimh a sholáthar don Choimisiún a bheidh ina lón eolais don mheastóireacht a dhéanfar ar an Treoir. Gabhann an Coimisiún air féin tuarascáil bunaithe ar na sonraí sin a thíolacadh gach 5 bliana. Maidir leis an uathmhalartú faisnéise go sonrach, gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad measúnú ar éifeachtacht an mhalartaithe sin in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Is é an riosca féideartha a bhaineann leis sin go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh na sonraí a bhfaigheadh an Coimisiún den chaighdeán lena mbeifí ag súil.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Tacóidh Fiscalis leis an gcóras rialaithe inmheánaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 an 11 Nollaig 2013 30 , trí chistí a sholáthar do na nithe seo a leanas:

- Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha (i bhfoirm grúpaí tionscadail, mar shampla);

- Forbairt na sonraíochtaí teicniúla lena n‑áirítear Scéimre XML.

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

Conarthaí soláthair

Na nósanna imeachta maidir le soláthar arna sainiú sa Rialachán Airgeadais: Bunaítear gach conradh soláthair de réir an nós imeachta fíorúcháin a dhéanann seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, ag cur san áireamh oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna gcur i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TAXUD TEMPO: déantar táirgí insoláthartha a athbhreithniú, a leasú más gá agus a ghlacadh (nó a dhiúltú) go sainráite faoi dheireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan “litir inghlacthachta”.

Fíorú teicniúil ar sholáthar

Déanann AS TAXUD rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí ar bhonn rialta freisin. Trí iniúchtaí cáilíochta déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú i bhfianaise na rialacha agus na nósanna imeachta atá sainithe ina bpleananna cáilíochta. Cuirtear béim sna hiniúchtaí slándála ar na próisis, ar na nósanna imeachta agus ar an gcur ar bun ar leith.

Sa bhreis ar na rialuithe thuas, déanann AS TAXUD na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex-ante na ngealltanas

Déanann ceann Aonad na nAcmhainní Daonna agus Airgeadais gealltanais uile AS TAXUD a fhíorú. Dá thoradh sin, tá 100 % de na méideanna geallta cumhdaithe ag fíorú ex-ante. Tríd an nós imeachta seo tugtar leibhéal ard ráthaíochta maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex-ante na n‑íocaíochtaí

Fíoraítear ar bhonn ex-ante 100 % de na híocaíochtaí. Sa bhreis air sin, déantar íocaíocht amháin ar a laghad (ó na catagóirí caiteachais uile) a roghnú go randamach in aghaidh na seachtaine le haghaidh mionfhíorú ex-ante a dhéanann ceann Aonad na nAcmhainní Daonna agus Airgeadais. Níl aon sprioc maidir le cumhdach, mar gurb é aidhm an fhíoraithe sin íocaíochtaí a sheiceáil “go randamach” chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmligthe (AOSD)

Déanann na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmlighte dearbhuithe a shíniú ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil don bhliain lena mbaineann. Sna dearbhuithe sin cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn AOSD go bhfuil na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid curtha i gcrích i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go dtugann na córais bhainistíochta agus rialaithe atá curtha ar bun ráthaíocht shásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndearnadh na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go ndearnadh gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun feidhme.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

De bharr na rialuithe a bunaíodh, beidh ráthaíocht leordhóthanach ag AS TAXUD maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus laghdófar an riosca neamhchomhlíonta. Trí na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí féideartha faoi bhun an sprioc 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bhearta breise chun rioscaí a laghdú ní bheadh de thoradh air ach costais arda dhíréireacha agus ní bheartaítear amhlaidh ar an ábhar sin. Tá na costais uile a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – maidir leis an gcaiteachas ar fad faoi chlár Fiscalis 2020 – teoranta do 1.6 % d'iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéantar. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna don tionscnamh seo. Le straitéis rialaithe an chláir, déantar an riosca neamhchomhlíonta a theorannú chuig nialas beagnach agus fanann sí comhréireach leis na rioscaí lena mbaineann.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 32 d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maidir le maoiniú faoin Rialacháin seo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

14.03.01

LD/LN 33 .

ó thíortha de chuid CSTE 34

ó thíortha is iarrthóirí 35

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1A – Iomaíochas le haghaidh fás agus post

Feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachais

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[…][Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…][XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1A

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

Ard-Stiúrthóireacht: TAXUD

Bliain 
N 36

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain 
N+4

Bliain 
N+5

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid 14.03.01

Gealltanais

(1)

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

(2)

0.0

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 37  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
do AS TAXUD

Gealltanais

=1+1a +3

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0.0

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

 



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

(5)

0.0

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1A 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.0

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

(5)

0.000

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.0

0.4

0.4

0.1

0.1

0.1

1.1





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

Caiteachas riaracháin eile

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain 
N+4

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: TAXUD

• Acmhainní daonna

0.069

0.069

0.028

0.014

0.014

0.194

• Caiteachas riaracháin eile

0.004

0.004

0.002

0.001

0.001

0.012

IOMLÁN AS TAXUD

Leithreasuithe

0.073

0.073

0.030

0.015

0.015

0.206

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.073

0.073

0.030

0.015

0.015

0.206

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 38

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain 
N+4

Bliain 
N+5

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0.473

0.473

0.130

0.115

0.115

1.306

Íocaíochtaí

0.073

0.473

0.430

0.115

0.115

0.100

1.306

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain

N+4

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 39

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 40

Sonraíochtaí

0.400

0.100

0.500

Forbairt

0.280

0.280

Cothabháil

0.050

0.050

0.050

0.150

Tacaíocht

0.010

0.030

0.030

0.030

0.100

Oiliúint

Bainistiú Seirbhíse TF (Bonneagar, óstáil, ceadúnais, srl.),

0.010

0.020

0.020

0.020

0.070

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0.400

0.400

0.100

0.100

0.100

1.100

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

0.400

0.400

0.100

0.100

0.100

1.100

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 41

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain 
N+4

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.069

0.069

0.028

0.014

0.014

0.194

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0.004

0.004

0.002

0.001

0.001

0.012

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.073

0.073

0.030

0.015

0.015

0.206

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 42  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.073

0.073

0.030

0.015

0.015

0.206

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Bliain N+4

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.5

0.5

0.2

0.1

0.1

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 43

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  44

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.5

0.5

0.2

0.1

0.1

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cruinnithe agus comhfhreagras leis na Ballstáit a ullmhú; obair a dhéanamh ar fhoirmeacha, formáidí TF agus ar an Eolaire Lárnach;

Conraitheoirí seachtracha a choimisiúnú chun obair a dhéanamh ar an gcóras TF.

Pearsanra seachtrach

Neamhbhainteach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 45

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá “sannta”, sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

(1)    An Coimisiún Eorpach, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024, Aontas níos uaillmhianaí, https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf .
(2)    COM(2020) 456 final.
(3)    COM(2020) 312 final.
(4)    COM(2020) 313 final.
(5)    An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear 77/799/CEE, SWD(2019) 328 críochnaitheach.
(6)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch.1).
(7)    Fóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe, Cur chuige comhordaithe maidir le Rialuithe Praghsála Aistrithe laistigh den Aontas Eorpach, FCPA/013/2018/EN, Deireadh Fómhair 2018.
(8)    Litir chuig Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar, ó Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, an 10 Meán Fómhair 2019.
(9)    Treoir (AE) 2014/107 ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 359, 16.12.2014, lch. 1).
(10)    Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an Dé Máirt 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 332, 18.12.2015, lch. 1).
(11)    Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an Dé Máirt Dé Céadaoin 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8).
(12)    Treoir /2016/2258/AE ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid IO L 342, 16.12.2016, lch. 1-3).
(13)    Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2011/16 maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1-13).
(14)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39-98).
(15)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(16)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin (n 2).
(17)    (Cuir isteach an tagairt chuig an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála).
(18)    (Cuir isteach an tagairt chuig an measúnú tionchair (IA) deiridh).
(19)    IO C […], […], lch. […].
(20)    IO C […], […], lch. […].
(21)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(22)    An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE, SWD(2019) 328 final.
(23)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
(24)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(26)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.
(27)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(28)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(29)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(30)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE, IO L 347 lch. 25–32, 20.12.2013.
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), IO L 136, lch. 1, 31.5.1999.
(32)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile, IO L 292, lch. 2, 15.11.1996.
(33)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(34)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(35)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(36)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(37)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(38)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(39)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(40)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”
(41)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(42)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(43)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(44)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(45)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,15.7.2020

COM(2020) 314 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais




{SEC(2020) 271 final} - {SWD(2020) 129 final} - {SWD(2020) 130 final} - {SWD(2020) 131 final}


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN V

RIALACHA TUAIRISCITHE LE hAGHAIDH
oibreoirí ardán

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo na rialacha maidir le tuairisciú agus dícheall cuí a chuirfidh Oibreoirí Ardán Tuairiscithe i bhfeidhm chun a chur ar chumas na mBallstát an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8ac den Treoir seo a chur in iúl, trí uathmhalartú.

Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo freisin ar na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a bheidh i bhfeidhm sna Ballstáit le cur chun feidhme éifeachtach na nósanna imeachta maidir le tuairisciú agus dícheall cuí atá leagtha amach san Iarscríbhinn, agus comhlíonadh na nósanna imeachta sin, a áirithiú.

ROINN I 

TÉARMAÍ SAINMHÍNITHE

Beidh an bhrí atá leagtha amach thíos ag na Téarmaí seo a leanas:

A. Oibreoirí Ardán Tuairiscithe

1.Ciallaíonn “Ardán” aon bhogearraí lena n‑áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n‑áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, inrochtana ag úsáideoirí agus a fhágann gur féidir le Díoltóirí a bheith nasctha le húsáideoirí eile chun críche Gníomhaíochta Ábhartha a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach le haghaidh díoltóirí eile. Áirítear leis chomh maith aon socrú maidir le Comaoin a bhailiú nó a íoc i leith Gníomhaíocht Ábhartha.

Ní áireofar leis an téarma “Ardán” aon bhogearraí a fhágann go bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas indéanta gan idirghníomhú a thuilleadh le linn Gníomhaíocht Ábhartha a dhéanamh go heisiach:

(a)próiseáil íocaíochtaí maidir le Gníomhaíocht Ábhartha;

(b)Gníomhaíocht Ábhartha a liostú nó a fhógairt ag úsáideoirí;

(c)úsáideoirí a aistriú nó a atreorú chuig Ardán.

2.Ciallaíonn “Oibreoir Ardán” Eintiteas a dhéanann conradh le Díoltóirí chun an tArdán uile nó cuid de a chur ar fáil do na díoltóirí sin.

3.Ciallaíonn “Oibreoir Ardán Tuairiscithe” Oibreoir Ardán in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)tá sé ina chónaitheoir chun críocha cánach i mBallstát nó i gcás nach bhfuil Oibreoir ina chónaí chun críocha cánach i mBallstát, comhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)tá sé ionchorpraithe faoi dhlíthe Ballstáit;

(ii)tá a áit bhainistíochta (lena náirítear bainistíocht éifeachtach) lonnaithe i mBallstát;

(iii)tá buanbhunaíocht aige i mBallstát;

(b)níl sé ina chónaí chun críocha cánach i mBallstát, ná ionchorpraithe nó bainistithe ann, nó níl buanbhunaíocht aige i mBallstát, ach éascaíonn sé Gníomhaíocht Ábhartha Díoltóirí Intuairiscithe nó ligean ar cíos maoine dochorraithe suite i mBallstát.

4.Ciallaíonn “Gníomhaíocht Ábhartha” gníomhaíocht a dhéantar le haghaidh Comaoine agus is ceann díobh seo a leanas:

(a)ligean ar cíos maoine dochorraithe;

(b)Seirbhís phearsanta;

(c)díolacháin earraí;

(d)ligean ar cíos d’aon mhodh iompair.

(e)Infheistiú agus iasachtú i gcomhthéacs sluachistithe mar a shainmhínítear i gcreat dlíthiúil mhargaí airgeadais an Aontais.

Ní áireofar leis an téarma “Gníomhaíocht Ábhartha” gníomhaíocht a dhéanann Díoltóir ag feidhmiú mar fhostaí de chuid an Oibreora Ardán Tuairiscithe nó Eintiteas a bhaineann leis an Oibreoir Ardán.

5.Ciallaíonn “Comaoin” cúiteamh in aon fhoirm, glan i ndiaidh d’aon táille, coimisiúin nó cánacha a bheith coinnithe siar nó gearrtha ag an Oibreoir Ardán Tuairiscithe, is é sin cúiteamh a íoctar le Díoltóir nó a chuirtear chun sochair do Dhíoltóir maidir leis an nGníomhaíocht Ábhartha, ar méid é arb eol don Oibreoir Ardán nó arb eol go réasúnta don Oibreoir Ardán.

6.Ciallaíonn “Seirbhís Phearsanta” seirbhís a chuireann duine aonair nó daoine ar fáil ar bhonn ama nó ar bhonn tascanna, duine nó daoine a bhíonn ag feidhmiú go neamhspleách nó ag feidhmiú ar son Eintitis, obair a dhéantar ar iarraidh ó úsáideoir, bíodh an obair sin ar líne nó as líne go fisiciúil tar éis an obair sin a éascú ar ardán.

B. Díoltóirí Intuairiscithe

1.Ciallaíonn “Díoltóir” úsáideoir Ardáin, bíodh duine nó Eintiteas ann, atá cláraithe agus a dhéanann an Ghníomhaíocht Ábhartha aon tráth le linn na Tréimhse Intuairiscithe ar an Ardán.

2.Ciallaíonn “Díoltóir Gníomhach” aon Díoltóir a sholáthraíonn Gníomhaíocht Ábhartha le linn na Tréimhse Intuairiscithe nó a íoctar Comaoin leis nó a chuirtear Comaoin chun sochair dó maidir le Gníomhaíocht Ábhartha le linn na Tréimhse Intuairiscithe.

3.Ciallaíonn “Díoltóir Intuairiscithe” aon Díoltóir Gníomhach, seachas Díoltóir Eisiata, atá ina chónaí i mBallstát nó a bhfuil maoin dhochorraithe ligthe ar cíos aige, ar maoin í atá suite i mBallstát.

Measfar Díoltóir Intuairiscithe a bheith ina chónaitheoir i mBallstát de réir bhrí na chéad fhomhíre má chomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas le linn na Tréimhse Intuairiscithe:

(a)bhí a Phríomhsheoladh i mBallstát;

(b)eisíodh uimhir aitheantais chánach (TIN) nó uimhir aitheantais CBL dó i mBallstát;

(c)i gcás Díoltóra is Eintiteas, bhí buanbhunaíocht aige i mBallstát.

4.Ciallaíonn “Díoltóir Eisiata” aon Díoltóir ar Eintiteas Rialtais é.

C. Sainmhínithe Eile

1.Ciallaíonn "Eintiteas" duine dlítheanach nó comhshocrú dlíthiúil, amhail corparáid, comhpháirtíocht, iontaobhas nó fondúireacht.

2.Ciallaíonn "Eintiteas Rialtais" rialtas Ballstáit nó dlínse eile, foroinn pholaitiúil ar bith de Bhallstát nó de dhlínse eile (lena n‑áirítear stát, cúige, contae, nó bardas), nó aon ghníomhaireacht nó ionstraimeacht faoi lánúinéireacht de chuid Ballstáit nó dlínse eile nó ceann amháin nó níos mó de na nithe thuasluaite (ar “Eintiteas Rialtais” iad gach ceann díobh).

3.Ciallaíonn “TIN” (Uimhir Aitheantais Chánach) Uimhir Aitheantais an Cháiníocóra nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais Uimhir Aitheantais Chánach.

4.Ciallaíonn “uimhir aitheantais CBL” an uimhir uathúil lena n‑aithnítear duine inchánach nó eintiteas dlíthiúil neamh-inchánach atá cláraithe chun críocha na cánach breisluacha.

5.Ciallaíonn “Príomhsheoladh” an seoladh arb é príomháit chónaithe an Díoltóra is duine aonair, agus chomh maith leis sin, seoladh oifige cláraithe Díoltóra is Eintiteas.

6.Ciallaíonn “Tréimhse Intuairiscithe” bliain féilire a ndéantar tuairisciú ina leith de bhun Roinn III.

7.Ciallaíonn “liostú Maoine” gach aonad maoine dochorraithe atá suite in aon seoladh sráide amháin a gcuireann aon Díoltóir amháin ar fáil ar cíos iad ar Ardán.

8.Ciallaíonn “Aitheantóir Cuntais Airgeadais” uimhir uathúil shainaitheanta nó tagairt uathúil shainaitheanta atá ar fáil d'Oibreoir Ardán an chuntais airgeadais nó cuntas seirbhísí íocaíochta eile lena n‑íoctar an Chomaoin nó lena gcuirtear an Chomaoin chun a sochair di.

ROINN II 

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun críocha Díoltóirí Intuairiscithe a shainaithint.

A. Díoltóirí nach bhfuil faoi réir athbhreithnithe

Chun a chinneadh an bhfuil Díoltóir is Eintiteas cáilithe mar Dhíoltóir Eisiata a shainítear i bhfomhír B(4), féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí nó ar dheimhniú ón Díoltóir is Eintiteas.

B. Bailiú faisnéis Díoltóra

1.Baileoidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach Díoltóir is duine aonair:

(a)an t‑ainm agus an sloinne;

(b)an Príomhsheoladh;

(c)aon TIN a eisítear don Díoltóir, lena n‑áirítear gach Ballstát ina n‑eisítear é;

(d)uimhir aitheantais CBL an Díoltóra, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(e)an dáta breithe.

2.Baileoidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach Díoltóir is Eintiteas agus nach Díoltóir Eisiata é:

(a)an t‑ainm dlíthiúil;

(b)an Príomhsheoladh;

(c)aon TIN a eisítear don Díoltóir, lena n‑áirítear gach Ballstát ina n‑eisítear é;

(d)uimhir aitheantais CBL an Díoltóra, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(e)uimhir chlárúcháin ghnó;

(f)buanbhunaíocht a bheith ann san Aontas, nuair is féidir, lena léirítear gach Ballstát faoi seach, áit a bhfuil buanbhunaíocht dá leithéid lonnaithe ann.

3.D'ainneoin fhomhír B(1) agus fhomhír B(2), ní cheanglaítear leis an Oibreoir Ardán Tuairiscithe faisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) d'fhomhír B(1) agus i bpointí (b) go (f) d'fhomhír B(2) a bhailiú i gcás ina bhfuil sé ag brath ar dheimhniú díreach ar aitheantas agus ar chónaí an Díoltóra trí sheirbhís aitheantais a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil chun aitheantas agus áit chónaithe an Díoltóra chun críocha cánach a dhéanamh amach.

4.D'ainneoin phointe (c) d'fhomhír B(1) agus phointe (c) agus phointe (e) d'fhomhír B(2), ní gá TIN ná uimhir chlárúcháin ghnó, de réir an cháis, a bhailiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)ní eisíonn Ballstát cónaithe an Díoltóra TIN ná uimhir chlárúcháin ghnó don Díoltóir;

(b)ní éilíonn Ballstát cónaithe an Díoltóra TIN a eisítear don Díoltóir sin.

C. Fíorú eolais Díoltóra

1.Cinnfidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a bailíodh de bhun mhír A, fomhír B(1), pointí (a) go (e) d'fhomhír B(2) agus mír E iontaofa, trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis agus as na doiciméid ar fad a bheidh ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe ina chuid taifead, agus as aon chomhéadan leictreonach a chuireann an Ballstát nó an tAontas ar fáil saor in aisce chun a dhéanamh amach an bhfuil TIB nó uimhir aitheantais CBL bailí.

2.D'ainneoin fhomhír C(1), chun nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i gcrích de bhun fhomhír F(2), féadfaidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a bailíodh de bhun mhír A, fomhír B(1), pointe (a) go (e) d’fhomhír B(2) agus mír E iontaofa, trí úsáid a bhaint as faisnéis agus as doiciméid a bheidh ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe ina chuid taifead ar féidir cuardach leictreonach a dhéanamh orthu.

3.Agus fomhír F(3)(b) á cur i bhfeidhm agus d'ainneoin fhomhír C(1) agus fhomhír C(2), i gcásanna ina mbeadh cúis ann go mbeadh a fhios ag an Oibreoir Ardán Tuairiscithe go mbeadh aon cheann de na míreanna faisnéise, a dtugtar tuairisc orthu i míreanna B nó E, míchruinn mar gheall ar fhaisnéis arna cur ar fáil ag an údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun iarraidh maidir le Díoltóir sonrach, iarrfaidh sé ar an Díoltóir na míreanna faisnéise a ndearnadh amach go raibh siad míchruinn a chur ina gceart agus doiciméid tacaíochta, sonraí nó faisnéis a bheadh iontaofa agus ó fhoinse neamhspleách a chur ar fáil, amhail:

(a)    doiciméad aitheantais bailí arna eisiúint ag an rialtas,

(b)    deimhniú cónaitheachta chun críocha cánach a eisíodh le déanaí.    

D. Cinneadh Ballstáit nó Cinneadh Ballstát cónaithe an Díoltóra chun críocha na Treorach seo

1.Déanfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe Díoltóir a mheas a bheith ina chónaitheoir i mBallstát Phríomhsheoladh an Díoltóra. I gcás nach ionann é agus Ballstát Phríomhsheoladh an Díoltóra, measfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe an Díoltóir a bheith ina chónaitheoir sa Bhallstát eisiúna TIN nó CBL freisin. I gcás ina gcuirfidh an Díoltóir faisnéis ar fáil maidir le buanbhunaíocht a bheith ann de bhun phointe (f) d’fhomhír B(2), measfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe an Díoltóir a bheith ina chónaí freisin sa Bhallstát faoi seach faoi mar atá sonraithe ag an Díoltóir.

2.D'ainneoin fhomhír D(1), measfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe Díoltóir a bheith ina chónaitheoir i ngach Ballstát arna dheimhniú trí sheirbhís aitheantais leictreonach a chuirfear ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas de bhun fhomhír B(3).

E. Bailiú faisnéise maidir le maoin dhochorraithe ar cíos

I gcás ina bhfuil baint ag Díoltóir le Gníomhaíocht Ábhartha a bhaineann le maoin dhochorraithe a ligean ar cíos, baileoidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe seoladh gach Liostú Maoine agus cláruimhir talún gach Liostú Maoine, i gcás inar eisíodh í.

F. Uainiú agus bailíocht na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

1.I dtaca leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i míreanna A go E, cuirfidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe i gcrích iad faoin 31 Nollaig sa Tréimhse Intuairiscithe.

2.D'ainneoin fhomhír F(1), i gcás díoltóirí a cláraíodh ar an Ardán ón 1 Eanáir 2022 i leith cheana nó ó dháta ar a n‑iompóidh Eintiteas ina Oibreoir Ardán Tuairiscithe, is gá na nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna A go E a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig sa dara Tréimhse Intuairiscithe le haghaidh an Oibreora Ardán Tuairiscithe.

3.D'ainneoin fhomhír F(1), féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe brath ar nósanna imeachta maidir le dícheall cuí arna ndéanamh i leith Tréimhsí Intuairiscithe roimhe sin, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)maidir le faisnéis an Díoltóra a éilítear i bhfomhír B(1) agus i bhfomhír B(2), bailíodh agus fíoraíodh í nó deimhníodh í le 36 mhí anuas; agus

(b)níl cúis ann fios a bheith ag an Oibreoir Ardán Tuairiscithe go bhfuil an fhaisnéis arna bailiú de bhun mhíreanna A, B agus E neamhiontaofa nó míchruinn nó tar éis éirí neamhiontaofa nó míchruinn.

G. Cur chun feidhme nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin

Féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe a roghnú go gcuirfidh sé i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun mhíreanna A go F a chomhlíonadh i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin.

H. Tabhairt i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí ag tríú páirtithe

1.Féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe brath ar sheirbhís tríú páirtí chun na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí, a leagtar síos san Roinn seo, a chomhlíonadh, ach beidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe fós freagrach as na hoibleagáidí sin.

2.I gcás ina gcomhlíonann Oibreoir Ardán na hoibleagáidí d’Oibreoir Ardán Tuairiscithe maidir le dícheall cuí i leith an Ardán chéanna de bhun fhomhír H(1), déanfaidh an tOibreoir Ardán sin na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun na rialacha a leagtar síos sa Roinn seo.

ROINN III 

CEANGLAIS TUAIRISCITHE

A. Am agus bealach an tuairiscithe

1.Tuairisceoidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d'fhomhír A(3) de Roinn I d'údarás inniúil an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le pointe (a) d'fhomhír A(3) de Roinn I an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn sin i leith na Tréimhse Intuairiscithe tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire inar aithníodh an Díoltóir a bheith ina Dhíoltóir Intuairiscithe.

2.Má chomhlíonann Oibreoir Ardán Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d'fhomhír A(3) de Roinn I aon cheann de na coinníollacha a liostaítear ann i níos mó ná Ballstát amháin, roghnóidh sé ceann de na Ballstáit sin chun na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Roinn seo a chomhlíonadh. Tuairisceoidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe sin an fhianaise a liostaítear i mír B den Roinn seo i leith na Tréimhse Intuairiscithe d'údarás inniúil an Bhallstáit arna roghnú, tráth a chinnfear é sin i gcomhréir le fomhír E(1) de Roinn IV tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ina n‑íocfar an Chomaoin leis an Díoltóir Intuairiscithe nó ina gcuirfear an Chomaoin chun sochair don Díoltóir Intuairiscithe as ucht Gníomhaíocht Ábhartha.

3.Tuairisceoidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d'fhomhír A(3) de Roinn I, tuairisceoidh sé an fhianaise a leagtar amach i mír B den Roinn sin i leith na Tréimhse Intuairiscithe d'údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin, tráth a chinnfear é sin i gcomhréir le fomhír F(1) de Roinn IV, tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ina n‑íocfar an Chomaoin leis an Díoltóir Intuairiscithe nó ina gcuirfear an Chomaoin chun sochair don Díoltóir Intuairiscithe as ucht Gníomhaíocht Ábhartha.

4.Soláthróidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis a leagtar amach i bhfomhír B(2) agus i bhfomhír B(3) don Díoltóir Intuairiscithe, a ndéantar tagairt dó inti, tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana féilire dá éis sin ina n‑íocfar Comaoin leis an Díoltóir Intuairiscithe nó ina gcuirfear Comaoin chun sochair don Díoltóir Intuairiscithe as ucht Gníomhaíocht Ábhartha.

5.Maidir leis an bhfianaise i leith na Comaoine a íoctar nó a chuirtear chun sochair in airgeadra fiat, déanfar an fhianaise sin a thuairisciú san airgeadra inar íocadh í nó inar cuireadh chun sochair í. I gcás inar íocadh an Chomaoin, nó i gcás inar cuireadh an Chomaoin chun sochair, i bhfoirm eile seachas in airgeadra fiat, déanfar í a thuairisciú san airgeadra áitiúil, í comhshóite nó luacháilte ar bhealach a chinnfidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe ar bhonn seasta.

6.Tuairisceofar an fhaisnéis maidir leis an gComaoin agus gach méid eile i leith ráithe na Tréimhse Intuairiscithe ina n‑íocfar an Chomaoin nó ina gcuirfear chun sochair í.

B. Faisnéis a bheidh le tuairisciú

Déanfaidh gach Oibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú:

1.Ainm, TIN agus seoladh oifige cláraithe an Oibreora Ardán Tuairiscithe chomh maith le hainm gnó an Ardáin nó ainmneacha gnó na nArdán a bhfuil an tOibreoir Ardán Tuairiscithe ag tuairisciú ina leith.

2.Maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a bhí i mbun Gníomhaíochta Ábhartha, seachas ligean ar cíos maoine dochorraithe:

(a)na míreanna faisnéise le bailiú de bhun mhír B de Roinn II;

(b)Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(c)i gcás nach ionann é agus ainm an Díoltóra Intuairiscithe, ainm shealbhóir an chuntais airgeadais lena níoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid agus is féidir ag an Oibreoir Ardán Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis chéannachta eile a bheidh ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe i ndáil leis an sealbhóir cuntais sin;

(d)gach Ballstát ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí chun críocha na Treorach sin de bhun mhír B(3) de Roinn I d'Iarscríbhinn I;

(e)an Chomaoin iomlán a íoctar nó a dtéann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe;

(f)aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinníonn an tArdán Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe.

3.Maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a chur seirbhísí cíosa maoine dochorraithe ar fáil:

(a)na míreanna faisnéise le bailiú de bhun mhír B de Roinn II;

(b)Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(c)i gcás nach ionann é agus ainm an Díoltóra Intuairiscithe, ainm shealbhóir an chuntais airgeadais lena níoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis chéannachta eile ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe i ndáil leis an sealbhóir cuntais;

(d)gach Ballstát ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí chun críocha na Treorach sin de bhun fhomhír B(3) de Roinn I;

(e)seoladh gach Liostaithe Maoine a chinnfear ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i mír E de Roinn II agus a gcláruimhir talún, má bhíonn sí ar fáil;

(f)an Chomaoin iomlán a íoctar nó a théann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe;

(g)aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinníonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé le linn gach ráithe na Tréimhse Intuairiscithe;

(h)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, líon na laethanta a raibh gach Liostú Maoine ar cíos le linn na Tréimhse Intuairiscithe agus cineál gach Liostú Maoine.

ROINN IV 

CUR CHUN FEIDHME ÉIFEACHTACH

De bhun Airteagal 8a, beidh rialacha agus nósanna imeachta riaracháin i bhfeidhm sna Ballstáit chun cur chun feidhme éifeachtach na n‑oibleagáidí maidir le tuairisciú agus dícheall cuí atá leagtha amach i Roinn II agus Roinn III den Iarscríbhinn seo, agus comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin, a áirithiú.

A. Rialacha chun na ceanglais bailithe agus fíoraithe a leagtar síos i Roinn II a fhorfheidhmiú

1.Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá a cheanglóidh ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe na ceanglais bailithe agus fíoraithe faoi Roinn II i leith Díoltóirí Intuairiscithe a fhorfheidhmiú.

2.I gcás nach gcuirfidh Díoltóir Intuairiscithe an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn II ar fáil tar éis dhá mheabhrúchán i ndiaidh an chéad iarrata ón Oibreoir Ardán Tuairiscithe, dúnfaidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe cuntas an Díoltóra agus cuirfidh sé cosc ar an Díoltóir athchlárú ar an Ardán le haghaidh tréimhse sé mhí nó coinneoidh sé siar íocaíocht na Comaoine leis an Díoltóir.

B. Rialacha lena gceanglaítear ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na taifid sin a fháil

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le ceangal a chur ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach i Ranna II agus III. Beidh na taifid sin fós ar fáil le haghaidh tréimhse a bheidh fada go leor agus in aon chás; le haghaidh tréimhse nach lú na 5 bliana ach nach faide ná 7 mbliana tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, lena n‑áireofar an fhéidearthacht ordú tuairiscithe a sheoladh chuig Oibreoirí Ardán Tuairiscithe, chun a áirithiú go dtuairisceofar an fhaisnéis uile is gá d'údarás inniúil chun gur féidir leis an údarás sin an oibleagáid maidir le faisnéis a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 8ac(2) a chomhlíonadh.

C. Nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardán Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe

Leagfaidh na Ballstát síos nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardán Tuairiscithe nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i Ranna II agus III.

D. Nósanna imeachta riaracháin leantach maidir le hOibreoir Ardán Tuairiscithe i gcás ina dtuairiscítear faisnéis mhíchruinn nó easnamhach

Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta leantacha maidir le hOibreoirí Ardán Tuairiscithe i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar míchruinn nó easnamhach.

E. Nós imeachta maidir le rogha Ballstát amháin chun tuairisciú a dhéanamh ann

Má chomhlíonann Oibreoir Ardán Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d'fhomhír A(3) de Roinn I aon cheann de na coinníollacha a liostaítear ann i níos mó ná Ballstát amháin, roghnóidh sé ceann de na Ballstáit sin chun na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Roinn seo a chomhlíonadh de bhun Roinn III. Tabharfaidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe fógra d'údaráis inniúla uile na mBallstát sin maidir lena roghnú.

F. Nós imeachta riaracháin maidir le clárúchán aonair Oibreora Ardán Tuairiscithe

1.A. Maidir le hOibreoir Ardán Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d'fhomhír A(3) de Roinn I, cláróidh sé le húdarás inniúil aon Bhallstáit de bhun Airteagal 8ac(4) tráth a chuirfidh sé tús lena ghníomhaíocht mar Oibreoir Ardán. I gcás ina bhfuil Oibreoir Ardán Tuairiscithe den sórt sin aitheanta cheana féin chun críocha CBL laistigh den Aontas faoin scéim speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 358a et seq. de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 1 nó faoin scéim speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 369a et seq. den Treoir sin, ní chláróidh sé in aon Bhallstát eile.

2.Cuirfidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas maidir leis féin a chur in iúl don Bhallstát:

(a)ainm;

(b)seoladh poist;

(c)seoltaí ríomhphoist, lena n‑áirítear suíomhanna gréasáin;

(d)aon uimhir TIN a eisítear don Oibreoir Ardán Tuairiscithe;

(e)ráiteas lena gcuirtear in iúl nach bhfuil an tArdán aitheanta cheana féin chun críocha CBL laistigh den Aontas.

3.Tabharfaidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe fógra do Bhallstát an chlárúcháin aonair maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi fhomhír F(2).

4.Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair uimhir aitheantais aonair a leithdháileadh don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus tabharfaidh sé fógra ina leith trí mheán leictreonach.

5.Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair Oibreoir Ardán Tuairiscithe a bhaint den chlár sna cásanna seo a leanas:

(a)tugann an tOibreoir Ardán fógra don Bhallstát nó déanann sé aon ghníomhaíocht a thuilleadh mar Oibreoir Ardán;

(b)in éagmais fógra de bhun phointe a), tá forais ann glacadh leis go bhfuil gníomhaíocht an Oibreora Ardán scortha;

(c)ní chomhlíonann an tOibreoir Ardán a thuilleadh na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) d'fhomhír A(3) de Roinn I.’.

(1)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
Top