AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.6.2020
COM(2020) 225 final
2020/0112(APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52020PC0225
Proposal for a COUNCIL REGULATION amending Regulation (EC) No 168/2007 establishing a European Union Agency for Fundamental Rights
Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
COM/2020/225 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.6.2020
COM(2020) 225 final
2020/0112(APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
De bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha 1 (“an Rialachán bunaidh”), tá mar chuspóir leis an nGníomhaireacht “cúnamh agus saineolas a bhaineann le cearta bunúsacha a chur ar fáil d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Chomhphobail agus a Bhallstát agus dlí an Chomhphobail á chur chun feidhme, d'fhonn tacaíocht a thabhairt dóibh nuair a dhéanann siad bearta nó nuair a cheapann siad gníomhartha laistigh dá raon inniúlachta féin chun cearta bunúsacha a urramú go hiomlán”.
Gach cúig bliana, déanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (“an Ghníomhaireacht”) meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar an méid atá bainte amach aici (i gcomhréir le hAirteagal 30(3) agus (4) den Rialachán bunaidh). Rinneadh an chéad mheastóireacht sheachtrach in 2012 2 , agus ní raibh aon leasú ar an Rialachán bunaidh mar thoradh uirthi. Rinneadh an dara meastóireacht sheachtrach 3 in 2017. Rinne seirbhísí an Choimisiúin anailís ar na moltaí a thug an meastóir seachtrach agus Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta don Choimisiún (Doiciméad Inmheánach Oibre an 26 Iúil 2019 4 ).
I bhfianaise thorthaí na meastóireachta seachtraí agus thorthaí anailís sheirbhísí an Choimisiúin, is é is aidhm leis an togra seo roinnt leasuithe teicniúla spriocdhírithe a thabhairt isteach i Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta.
Tá an dá aidhm seo a leanas leis na leasuithe:
–forálacha áirithe Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 (dá ngairtear “an Cur Chuige Coiteann” anseo feasta) 5 , chun éifeachtúlacht, ábharthacht agus rialú na Gníomhaireachta a fheabhsú;
–chun é sin a shoiléiriú, ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm cumhdaíonn raon feidhme ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta inniúlachtaí an Aontais agus, dá bhrí sin, áirítear sna gníomhaíochtaí sin réimsí téamacha maidir le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.
Cé gur iarmhairt dhíreach é sin ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, lenar cuireadh an tAontas in ionad an Chomhphobail, is fiú léiriú a thabhairt air sa Rialachán bunaidh chun ábharthacht na Gníomhaireachta a léiriú ina hiomláine maidir le cúnamh a thabhairt d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha.
Ní togra é atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Bunaíodh an Ghníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle. Tá mar chuspóir leis an nGníomhaireacht “cúnamh agus saineolas a bhaineann le cearta bunúsacha a chur ar fáil d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Chomhphobail agus a Bhallstát agus dlí an Chomhphobail á chur chun feidhme, d'fhonn tacaíocht a thabhairt dóibh nuair a dhéanann siad bearta nó nuair a ghlacann siad gníomhartha laistigh dá raon inniúlachta féin chun cearta bunúsacha a urramú go hiomlán” (Airteagal 2 den Rialachán bunaidh).
Faoin togra, tá sainordú na Gníomhaireachta slán fós. Trí bliana déag tar éis an Rialachán bunaidh a ghlacadh, áfach, tá údar le roinnt leasuithe teicniúla chun é a ailíniú le ceanglais an Chur Chuige Choitinn, chun feabhas a chur ar rialú, éifeachtacht agus feidhmiú na Gníomhaireachta, agus chun é a shoiléiriú gurb é dlí an Aontais is sainchúram don Ghníomhaireacht ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní mór cearta bunúsacha a urramú i ngach beartas de chuid an Aontais, mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais”). Trína chur ar chumas na Gníomhaireachta saineolas agus cúnamh i réimse na gceart bunúsach a sholáthar ar shlí níos éifeachtúla d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, cuirfear feabhas ar cháilíocht bheartais eile an Aontais leis na leasuithe ar Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta atá beartaithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an Rialachán atá beartaithe. Tá sé ar cheann de chuspóirí ginearálta an Aontais Eorpaigh a áirithiú go n‑urramaítear cearta bunúsacha go hiomlán ina ghníomhaíocht féin, mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Cuirfear an cuspóir sin chun cinn leis an éifeachtúlacht fheabhsaithe, an ábharthacht fheabhsaithe agus an rialú feabhsaithe a thuillfidh an Ghníomhaireacht de bharr na leasuithe teicniúla atá beartaithe, gan fhoráil do chumhachtaí sonracha sa Chomhaontú chun na críche sin.
•Coimhdeacht
Tugtar aghaidh sa togra seo ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le feidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta agus leis an dóigh a bhfeidhmíonn sí laistigh de chreat institiúideach an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach trí ghníomhú ar an leibhéal náisiúnta.
•Comhréireacht
Urramaítear prionsabal na comhréireachta go hiomlán a mhéid a bhaineann na leasuithe atá beartaithe leis na codanna sin den Rialachán bunaidh, agus leis na codanna sin amháin, ina bhfuil gá le soiléiriú nó modhnuithe chun éifeachtúlacht, ábharthacht agus rialachas na Gníomhaireachta a fheabhsú.
•An rogha ionstraime
Seachas Rialachán ón gComhairle, níl aon ionstraim atá oiriúnach chun an Rialachán atá ann faoi láthair, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle, a leasú.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post
Bhí mar thátal ar an dara meastóireacht sheachtrach ar an nGníomhaireacht, arna lua thuas, gur cheart don Ghníomhaireacht cloí lena bhfuil ar siúl aici agus go bhfuil an sainordú atá aici faoi láthair ábhartha agus go gcomhfhreagraíonn sé do riachtanais na bpáirtithe leasmhara. Thuairiscigh an meastóir seachtrach go molann formhór mór na bpáirtithe leasmhara breisluach AE na Gníomhaireachta, gur dóigh leo nach bhféadfaí cáilíocht aschur na Gníomhaireachta a shéanadh agus gur dóigh leo go bhfuil éifeachtacht agus tionchar na Gníomhaireachta le feiceáil ar leibhéal an Aontais. Rinne an meastóir seachtrach amach, áfach, go bhfuil údar le roinnt leasuithe teicniúla spriocdhírithe a dhéanamh ar an Rialachán bunaidh chun feabhas a chur ar rialachas, éifeachtúlacht agus feidhmiú na Gníomhaireachta: i) ar an gcéad dul síos, ba cheart a shoiléiriú nach mór don Ghníomhaireacht gníomhú laistigh d’inniúlachtaí an Aontais, agus é sin ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009; ii) sa dara háit, le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta agus rialachas níos fearr ba cheart Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bunaíodh an dara meastóireacht sheachtrach de chuid na Gníomhaireachta ar chomhairliúchán uileghabhálach leis na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis na mBallstát, institiúidí an Aontais agus institiúidí idirnáisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, saol an léinn agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Leanann an tionscnamh an mheastóireacht sheachtrach ar an nGníomhaireacht a rinneadh in 2017 agus Doiciméad Inmheánach Oibre sheirbhísí an Choimisiúin a ndearnadh anailís ann ar na moltaí a thug an meastóir seachtrach agus Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta don Choimisiún (SWD (2019) 313). Bunaíodh an Doiciméad Inmheánach Oibre ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara na Gníomhaireachta freisin agus ar thaithí ionadaithe an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.
•Measúnú tionchair
Leasuithe de chineál teicniúil is ea na leasuithe atá beartaithe le haghaidh Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta. Ní bheidh tionchar acu ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí, ar na Ballstáit ná ar bhuiséid na n‑údarás poiblí. Ní bheidh tionchar ag an tionscnamh ach ar an nGníomhaireacht féin, agus uirthise amháin. Dá bharr sin ní raibh gá le measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach. Níl aon bhaint ag an togra le REFIT.
•Cearta bunúsacha
Soláthraíonn an Ghníomhaireacht sonraí agus saineolas maidir le staid na gceart bunúsach sna Ballstáit. Cuireann sí taca faoi obair institiúidí an Aontais agus na mBallstát i réimse na gceart bunúsach. Trí fheabhas a chur ar rialachas, éifeachtúlacht agus feidhmiú na Gníomhaireachta, ligfidh an togra di a misean reachtúil a dhéanamh ar shlí níos fearr.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra, óir ní chuirfear cúraimí breise ar an nGníomhaireacht agus fanfaidh a sainordú mar atá.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
I gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, áirítear foráil sa togra maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Neamhbhainteach.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá dhá Airteagal sa togra. Sa chéad airteagal sonraítear na leasuithe atá beartaithe le haghaidh Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta, agus baineann an dara hairteagal le teacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithe atá beartaithe.
Sa leasú ar Airteagal 3 (Raon feidhme) léirítear an iarmhairt a bhí ag teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ar raon feidhme ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar tugadh “dlí an Aontais” air in ionad “dlí an Chomhphobail” ina dhiaidh sin, agus, dá bhrí sin, cuimsítear ann réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (a dtugtaí “tríú colún” an Aontais Eorpaigh air tráth).
Is é is aidhm le gach leasú eile atá beartaithe an Rialachán bunaidh a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann agus leis an Rialachán Réime Airgeadais, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ábharthacht agus rialachas na Gníomhaireachta.
Dá bhrí sin, leasuithe de chineál teicniúil is ea na leasuithe ar fad agus ní athraítear sainordú na Gníomhaireachta leo ná ní bhronntar aon inniúlacht bhreise uirthi mar gheall orthu.
In Airteagail 4, 5, 8, 9, 10, 12 agus 15, níl tagairtí don “Chlár Oibre Bliantúil” sa Rialachán bunaidh réadúil a thuilleadh, agus ba cheart tagairtí don “doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil” a chur ina n‑ionad dá bhrí sin (is é sin doiciméad clársceidealaithe a bhfuil idir chomhpháirteanna ilbhliantúla agus chomhpháirteanna bliantúla ann), doiciméad a tharraingíonn an Ghníomhaireacht suas gach bliain i gcomhréir leis an Rialachán Réime Airgeadais. Seachas an modhnú cléireachais sin, tugtar forbhreathnú sa tábla seo a leanas ar na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán bunaidh.
|
Airteagal |
Ábhar |
Athruithe |
|
1 |
Ábhar |
Gan athrú |
|
2 |
Cuspóir |
Gan athrú |
|
3 |
Raon feidhme |
An focal “Aontas” a chur in ionad an fhocail “Comhphobal”. |
|
4 |
Cúraimí |
Gan athrú |
|
5 |
Réimsí gníomhaíochtaí |
Forálacha an Airteagail ina dtagraítear don Chreat Ilbhliantúil a scriosadh. |
|
5a |
An clár oibre ilbhliantúil |
Forálacha a raibh teacht orthu in Airteagail éagsúla go dtí seo tugtha le chéile san Airteagal nua seo. |
|
6 |
Modhanna oibre |
Gan athrú |
|
7 |
An caidreamh le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Chomhphobail |
Gan athrú |
|
8 |
An comhar le heagraíochtaí ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal idirnáisiúnta |
Gan athrú |
|
9 |
Comhar le Comhairle na hEorpa |
Gan athrú |
|
10 |
Comhar leis an tsochaí shibhialta; An Clár Oibre um Chearta Bunúsacha |
Gan athrú |
|
11 |
Comhlachtaí na Gníomhaireachta |
Gan athrú |
|
12 |
An Bord Bainistíochta |
Baineann na leasuithe atá beartaithe leis an méid seo a leanas: -scileanna breise buiséadacha agus riaracháin a cheanglaítear a bheith ag na comhaltaí; -an deis iarchomhalta nó comhalta malartach a athcheapadh le haghaidh téarmaí nach dtagann i ndiaidh a chéile; -ionadaí a chur in ionad comhalta sula dtagann deireadh lena théarma, tabharfaidh sin a théarma chun críche; -sonraíocht go dteastaíonn tromlach dhá thrian chun Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta a thoghadh agus go dtoghfaidh tromlach de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta an dá chomhalta eile den Bhord Feidhmiúcháin (i gceachtar den dá chás ní bheidh ceart vótála ag an gcomhalta a cheap Comhairle na hEorpa); -foráil maidir leis an méid seo a leanas i dtaobh an Bhoird Bainistíochta: go dtabharfar cumhachtaí an údaráis ceapacháin dó - a dtarmligfear trí chinneadh chuig an Stiúrthóir atá údaraithe, dá réir sin, na cumhachtaí sin a fhotharmligean - agus gur féidir leis an mBord an tarmligean sin a chur ar fionraí i gcás inar gá i ngeall ar imthosca eisceachtúla; go nglacfar straitéis slándála (lena n‑áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a láimhseáil); go nglacfar rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a sheachaint; go nglacfar straitéis cumarsáide; -go bhforálfar gurb é tromlach chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta an tromlach a bheidh ag teastáil maidir le gnáthcheisteanna a chinneadh; -go bhforálfar gur féidir cruinniú urghnách den Bhord Bainistíochta a reáchtáil ar iarratas ón gCoimisiún freisin. |
|
13 |
An Bord Feidhmiúcháin |
Leasuithe maidir leis an méid seo a leanas: -a shoiléiriú go mbeidh grinnscrúdú ar ábhair a bhaineann leis an mbuiséad agus le hacmhainní daonna ina chuid de chúram an Bhoird Feidhmiúcháin maoirsiú a dhéanamh ar an obair ullmhúcháin le haghaidh na gcinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta; -na cúramaí maidir leis an straitéis frith‑chalaoise a d’ullmhaigh an Stiúrthóir a ghlacadh, na cúraimí sin a shannadh; a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir le hiniúchadh agus imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE); cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme; -a fhoráil, i gcás inar gá, i gcásanna práinne, go bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta; -a léiriú gur féidir é a reáchtáil ar iarratas ó chomhalta amháin dá chuid; -a shoiléiriú go nglacfar cinntí trí thromlach na gcomhaltaí atá i láthair agus go mbeidh cearta vótála ag ionadaí Chomhairle na hEorpa maidir le hítimí a bhaineann leis na cinntí a bhfuil ceart vótála aige ina dtaobh sa Bhord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 12(8). |
|
14 |
An Coiste Eolaíochta |
Leasú lena bhféadfaidh an Bord Bainistíochta tarraingt ón liosta ionadaithe i gcás inar ghá comhalta a ionadú roimh dheireadh shainordú an Choiste Eolaíochta. |
|
15 |
An Stiúrthóir |
Is é is aidhm leis na leasuithe atá beartaithe foráil maidir leis an méid seo a leanas: -féadfar síneadh cúig bliana (seachas trí bliana) a chur le téarma an Stiúrthóra agus ba cheart tús a chur leis an nós imeachta le linn an dá mhí déag (seachas naoi mí) roimh dheireadh a théarma; -is é an Stiúrthóir a bheidh freagrach as an méid seo a leanas: plean gníomhaíochta chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha, straitéis frith‑chalaoise, agus plean gníomhaíochta chun obair leantach a dhéanamh ar iniúchtaí, tuarascálacha agus imscrúduithe a ullmhú chun na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta, an méid sin a chur chun feidhme; -gurb é tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta an tromlach atá ag teastáil chun Stiúrthóir na Gníomhaireachta a dhífhostú i gcás mí‑iompair, feidhmíocht mhíshásúil nó neamhrialtachtaí athfhillteacha nó tromchúiseacha. |
|
16 |
Neamhspleáchas agus leasanna an phobail |
Gan athrú |
|
17 |
Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid |
Gan athrú |
|
18 |
Cosaint sonraí |
Gan athrú |
|
19 |
Athbhreithniú ag an Ombudsman |
Gan athrú |
|
20 |
An buiséad a tharraingt suas |
Gan athrú |
|
21 |
An buiséad a chur chun feidhme |
Gan athrú |
|
22 |
An chalaois a chomhrac |
Gan athrú |
|
23 |
Stádas dlí agus suíomh |
Gan athrú |
|
24 |
An fhoireann |
An mhír lena bhforáiltear go bhfeidhmíonn an Ghníomhaireacht “cumhachtaí an údaráis ceapacháin” a scriosadh (agus an fhoráil a chur ina hionad gurb é an Bord Bainistíochta, le cinneadh, a fheidhmeoidh iad agus a dhéanfaidh iad a tharmligean chuig an Stiúrthóir). |
|
25 |
Socruithe teanga |
Gan athrú |
|
26 |
Pribhléidí agus díolúintí |
Gan athrú |
|
27 |
Dlínse na Cúirte Breithiúnais |
Gan athrú |
|
28 |
Rannpháirtíocht agus raon feidhme i leith na dtíortha is iarrthóirí lenar tugadh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcrích |
Gan athrú |
|
29 |
Socruithe idirthréimhseacha |
Gan athrú |
|
30 |
Meastóireachtaí |
Leasuithe lena sonrófar gurb é an Coimisiún a dhéanfaidh an mheastóireacht ar an nGníomhaireacht a choimisiúnú, agus go ndéanfar é sin gach cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo; agus, tráth gach dara meastóireachta, go ndéanfar measúnú ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach maidir lena cuspóirí, lena sainordú agus lena cúramaí, lena n‑áirítear meastóireacht ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós leis ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin go leanfaí ar aghaidh leis an nGníomhaireacht. |
|
31 |
Athbhreithniú |
Scriosta (mar iarmhairt ar na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 30) |
|
32 |
Tús oibriú na Gníomhaireachta |
Gan athrú |
|
33 |
Aisghairm |
Gan athrú |
|
34 |
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm |
Gan athrú |
2020/0112 (APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 6 ,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (“an Ghníomhaireacht”) le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 7 ón gComhairle chun cúnamh agus saineolas a bhaineann le cearta bunúsacha a chur ar fáil d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail agus a Bhallstát.
(2)Chun feabhas a chur ar shoiléireacht raon feidhme ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus chun cur le rialachas agus éifeachtúlacht oibriú na Gníomhaireachta, ní mór forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a shoiléiriú agus a nuashonrú gan cuspóir ná cúramaí na Gníomhaireachta a athrú.
(3)Ar an gcéad dul síos, chun ábharthacht na Gníomhaireachta i dtaobh cúnamh a thabhairt d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha a léiriú ina hiomláine, ba cheart a shoiléiriú sa Rialachán go gcumhdaíonn raon feidhme ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta inniúlachtaí an Aontais, lena n‑áirítear comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, agus go bhfuil sé sin amhlaidh ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm.
(4)Thairis sin, ní mór roinnt leasuithe teicniúla spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 chun an Ghníomhaireacht a rialú agus a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabail an Chur Chuige Choitinn atá curtha i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 (“an Cur Chuige Coiteann”) 8 . Tá ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 leis na prionsabail a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann curtha in oiriúint d’obair shonrach agus do nádúr na Gníomhaireachta agus tá mar aidhm leis simpliú, rialachas feabhsaithe agus gnóthachan éifeachtúlachta a thabhairt chuig oibriú na Gníomhaireachta.
(5)Ar an gcéad dul síos, ba cheart sainiú réimsí ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith bunaithe ar dhoiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil na Gníomhaireachta, agus ar an doiciméad sin amháin. Le bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún 9 (ar tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún 10 i gcomharbacht air), ba cheart deireadh a chur leis an gcur chuige atá ann faoi láthair ina ndéantar Creat Ilbhliantúil leathantéamach comhthreomhar gach cúig bliana, óir tá sé iomarcach de bharr an doiciméid chlársceidealaithe ilbhliantúil a ghlac an Ghníomhaireacht go bliantúil ó bhí 2017 ann. Leagtar amach go soiléir sa doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil, a bhunaítear ar chlár oibre beartais an Aontais agus ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara, na réimsí agus na tionscadail shonracha a mbeidh an Ghníomhaireacht ag obair orthu go ceann trí bliana. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar a cumas don Ghníomhaireacht a fócas oibre agus téamach thar am a phleanáil agus é a chur in oiriúint go bliantúil do thosaíochtaí a thagann chun cinn.
(6)Sa dara háit, chun rialachas agus feidhmiú feabhsaithe Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart roinnt forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a leasú.
(7)I bhfianaise an róil thábhachtaigh faireacháin atá ag an mBord Bainistíochta, ba cheart ceanglas a bheith ar a chomhaltaí na scileanna iomchuí riaracháin agus buiséadacha a bheith acu, chomh maith le ceanglas an neamhspleáchais, faisnéis ar réimse na gceart bunúsach agus taithí bainistíochta.
(8)Ba cheart a shoiléiriú freisin, cé nach féidir téarmaí chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ná a chomhaltaí malartacha a athnuachan go leantach, gur cheart é a bheith indéanta iarchomhalta nó comhalta malartach a athcheapadh le haghaidh téarmaí nach dtagann i ndiaidh a chéile. Má tá bonn cirt leis, de pháirt amháin, gan athnuachaintí leantacha a cheadú ar mhaithe lena neamhspleáchas a áirithiú, dhéanfadh sé níos éasca é ar na Ballstáit comhaltaí oiriúnacha a cheapadh a chomhlíonfadh na ceanglais ar fad is gá, den pháirt eile, dá gceadófaí daoine a athcheapadh le haghaidh téarmaí nach dtagann i ndiaidh a chéile .
(9)Maidir le comhaltaí a chur in ionad chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, ba cheart a shoiléiriú go gcuirfidh téarma an chomhalta nua deireadh le téarma cúig bliana a réamhtheachtaí i ngach cás ina gcuirtear deireadh leis an téarma oifige roimh dhul in éag na tréimhse cúig bliana, agus ní i gcás ina gcailltear neamhspleáchas amháin ach i gcásanna eile freisin cosúil le héirí as oifig nó bás, ach amháin i gcás inar lú ná dhá bhliain a bhfuil fágtha den téarma, nuair is féidir tús a chur le téarma nua cúig bliana as an nua.
(10)Chun ailíniú leis an staid laistigh de na hInstitiúidí, ba cheart cumhachtaí an údaráis ceapacháin a thabhairt do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Cé is moite den stiúrthóir a cheapadh, ba cheart na cumhachtaí sin a tharmligean chuig an Stiúrthóir. Is in imthosca eisceachtúla amháin gur cheart don Bhord Bainistíochta cumhachtaí an údaráis ceapacháin a fheidhmiú maidir le foireann na Gníomhaireachta.
(11)Chun sáinneacha a sheachaint agus chun imeachtaí vótála a shimpliú maidir le comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a thoghadh, ba cheart foráil a dhéanamh go dtoghfaidh an Bord Bainistíochta iad trí thromlach chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.
(12)Ar deireadh, chun Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a ailíniú a thuilleadh leis an gCur Chuige Coiteann agus chun inniúlacht an Bhoird Bainistíochta a neartú maidir le maoirsiú a dhéanamh ar bhainistiú riaracháin, oibríochtúil agus buiséadach na Gníomhaireachta, is gá cúramaí breise a shannadh don Bhord Bainistíochta agus na cúramaí a sannadh don Bhord Feidhmiúcháin a shonrú a thuilleadh. I measc cúramaí breise an Bhoird Bainistíochta ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh, straitéis slándála a ghlacadh, lena n‑áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a láimhseáil, straitéis cumarsáide a ghlacadh, agus rialacha a ghlacadh maidir le bainistiú agus cosc coinbhleachtaí leasa i leith na gcomhaltaí agus chomhaltaí an Choiste Eolaíochta. Ba cheart a shoiléiriú go mbeidh grinnscrúdú ar ábhair a bhaineann leis an mbuiséad nó le hacmhainní daonna ina chuid de chúram an Bhoird Feidhmiúcháin maoirsiú a dhéanamh ar an obair ullmhúcháin le haghaidh na gcinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart é a chur de chúram ar an mBord Feidhmiúcháin an straitéis frith‑chalaoise a ullmhaíonn an Stiúrthóir a ghlacadh agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir le torthaí iniúchta agus imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Thairis sin, ba cheart, i gcás inar gá, i gcásanna práinne, a fhoráil go bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta.
(13)Chun an nós imeachta atá ann faoi láthair a shimpliú, an nós imeachta lena gcuirtear comhaltaí in ionad chomhaltaí an Choiste Eolaíochta, ba cheart ligean don Bhord Bainistíochta an chéad duine eile ar an liosta ionadaithe a cheapadh ar feadh na tréimhse atá fágtha sa téarma oifige i gcás inar gá duine a chur in ionad comhalta roimh dheireadh a théarma.
(14)Maidir le Stiúrthóir na Gníomhaireachta, de bharr nós imeachta ceapacháin atá an‑iomaíoch agus toisc gur minic líon na n‑iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ar a gcumas na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh a bheith íseal, ba cheart go bhféadfaí síneadh suas le cúig bliana a chur lena théarma. Thairis sin, de bharr tábhacht an phoist agus an nós imeachta cuimsitheach a bhaineann le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, ba cheart tús a chur leis an nós imeachta sin le linn an dá mhí déag roimh dheireadh an téarma.
(15)Thairis sin, chun cur le cobhsaíocht shainordú an Stiúrthóra agus, dá bhrí sin, le cobhsaíocht oibriú na Gníomhaireachta, ba cheart an tromlach atá ag teastáil chun a dhífhostú a mholadh a ardú ón trian atá ag teastáil anois go tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Ar deireadh, chun freagracht fhoriomlán an Stiúrthóra as bainistiú riaracháin na Gníomhaireachta a shonrú, ba cheart a fhoráil go sonrach gur ar an Stiúrthóir atá an fhreagracht na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme, straitéis frith‑chalaoise a ullmhú le haghaidh na Gníomhaireachta, agus plean gníomhaíochta a leagan amach chun obair leantach a dhéanamh ar thuarascálacha iniúchta inmheánacha nó seachtracha agus ar imscrúduithe OLAF agus OIPE.
(16)Chun Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann ní mór a fhoráil gur cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht gach cúig bliana.
(17)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
“Airteagal 3
Raon feidhme
1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh d’inniúlachtaí an Aontais.
2.Tagróidh an Ghníomhaireacht do na cearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus cúraimí á déanamh aici.
3.Déileálfaidh an Ghníomhaireacht le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha san Aontas agus sna Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme.”;
(2)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 1:
“(c) go ndéanfar taighde eolaíoch agus suirbhéanna eolaíocha, staidéir ullmhúcháin agus staidéir indéantachta, go rachfar i gcomhar maidir leis an méid sin agus go ndéanfar é a spreagadh, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí agus inarb comhoiriúnach lena cuid tosaíochtaí agus lena clár oibre ilbhliantúil, ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún;”;
(b)cuirtear Airteagail 3 agus 4 isteach mar a leanas:
“3. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta roimh an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 a ghlacadh;
4. Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh seolfaidh an Ghníomhaireacht na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointí (e) agus (g) de mhír 1 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.”;
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:
“Airteagal 5
Réimsí gníomhaíochta
Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí ar bhonn a cláir oibre ilbhliantúil agus aird chuí á tabhairt aici ar na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil.”;
(4)cuirtear isteach Airteagal 5a mar a leanas:
“Airteagal 5a
An clár oibre ilbhliantúil
1.Beidh an clár oibre ilbhliantúil i gcomhréir leis na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil agus cuirfear san áireamh ann taighde agus obair staidrimh an Aontais.
2.Cuirfidh an Stiúrthóir an dréachtchlár oibre ilbhliantúil isteach chuig an gCoimisiún agus chuig an gCoiste Eolaíochta chun a mbarúil a fháil. Seolfaidh an Stiúrthóir an dréacht sin chuig na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh sna Ballstáit freisin.
3.Cuirfidh an Stiúrthóir an dréachtchlár oibre ilbhliantúil isteach chuig an mBord Bainistíochta le go nglacfar é tar éis a mbarúil a bheith tugtha ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste Eolaíochta.
4.Seolfaidh an Stiúrthóir an clár oibre ilbhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;
(5)In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach rialtais mar oifigeach náisiúnta idirchaidrimh.
Is é an t‑oifigeach náisiúnta idirchaidrimh príomhphointe teagmhála na Gníomhaireachta sa Bhallstát.
Féadfaidh na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh, go háirithe, barúlacha a mBallstáit maidir leis an dréachtchlár oibre ilbhliantúil a tharchur chuig an Stiúrthóir roimh a thíolacadh don Bhord Bainistíochta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht gach doiciméad arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4(1) in iúl do na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh.”;
(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
“Airteagal 9
Comhar le Comhairle na hEorpa
Chun dúbláil a sheachaint agus chun comhlántacht agus breisluach a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí Chomhairle na hEorpa, go háirithe maidir lena clár oibre ilbhliantúil, agus rachaidh sí i gcomhar leis an tsochaí shibhialta i gcomhréir le hAirteagal 10.
Chun na críche sin, déanfaidh an tAontas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 den Chonradh, comhaontú le Comhairle na hEorpa chun dlúthchomhar idir an Chomhairle agus an Ghníomhaireacht a bhunú. Áireofar sa chomhaontú sin go gceapfaidh Comhairle na hEorpa duine neamhspleách le suí ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta agus ar a Bord Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13.”;
(7)in Airteagal 10(4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a) moltaí a chur chuig an mBord Bainistíochta maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil a ghlacfar de bhun Airteagal 5a;”;
(8)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
“1. Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta de dhaoine a bhfuil taithí iomchuí acu ar eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach a bhainistiú, a bhfuil scileanna iomchuí riaracháin agus buiséadacha acu, chomh maith le heolas ar réimse na gceart bunúsach, mar a leanas:”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:
“3. Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus chomhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta cúig bliana. Féadfar iarchomhalta nó comhalta malartach a athcheapadh le haghaidh téarmaí nach dtagann i ndiaidh a chéile.
4. Lasmuigh de ghnáthmhalartú nó bás, ní thiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh go dtí go n‑éiríonn sé as a oifig. Sa chás nach gcomhlíonann comhalta nó comhalta malartach critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, áfach, éireoidh sé as a oifig láithreach agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do Stiúrthóir na Gníomhaireachta. Sna cásanna sin lasmuigh den ghnáthmhalartú, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige. Má dheimhníonn an Bord Bainistíochta, de bharr moladh ó thrian dá chomhaltaí nó ón gCoimisiún, nach gcomhlíonann comhalta nó comhalta malartach ar leith critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige freisin. I gcás inar lú ná dhá bhliain an téarma oifige atá fágtha, féadfar síneadh ama a chur le sainordú an chomhalta nua nó an chomhalta mhalartaigh nua ionas gur téarma iomlán cúig bliana a bheidh i dtéarma an tsainordaithe sin.
5. Toghfaidh an Bord Bainistíochta a Chathaoirleach, a Leas‑Chathaoirleach agus an dá chomhalta eile den Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) as measc na gcomhaltaí dá chuid a ceapadh de bhun phointe (a) de mhír 1 ar feadh téarma dhá bhliain go leith, ar féidir síneadh a chur leis uair amháin.
Toghfar Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta tríd an tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1. Toghfar an dá chomhalta eile den Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) tríd an tromlach de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1.”;
(c)leasaítear mír 6 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):
“(a) clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh;
(b) na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(e) agus (g) a ghlacadh, agus na torthaí a bhaintear amach i gcuid (g) go háirithe a chur i gcomparáid le cuspóirí an chláir oibre ilbhliantúil; ”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
“(e) i gcomhréir le míreanna 7a agus 7b den Airteagal seo, i ndáil le foireann na Gníomhaireachta, go bhfeidhmeofar na cumhachtaí a bronnadh ar an údarás ceapacháin le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (‘na Rialacháin Foirne’) 11 agus ar an údarás a dtugadh an chumhacht dó conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’) le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile;”;
(c)cuirtear pointí (m) go (o) isteach mar a leanas:
“(m) straitéis slándála a ghlacadh, lena n‑áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a mhalartú;
(n) rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena cuid comhaltaí chomh maith le comhaltaí an Choiste Eolaíochta;
(o) an straitéis cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(h) a ghlacadh agus a nuashonrú go tráthrialta.”;
(d)cuirtear míreanna 7a agus 7b isteach mar a leanas:
“7a. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
7b. Más rud é gur gá sin de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir sin, a chur ar fionraí go sealadach agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú é féin, nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir.”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 agus 9:
“8. Mar riail ghinearálta, is le tromlach na gcomhaltaí ar fad a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta.
Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ar fad a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e), (g), (k) agus (l) de mhír 6.
Is d'aon toil a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta, nó ag a chomhalta malartach má bhíonn sé as láthair. Beidh an vóta réitigh ag an gCathaoirleach.
Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa vótáil ar na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (k) de mhír 6, agus ar na cinntí sin amháin.
9. Tionólfaidh an Cathaoirleach an Bord Bainistíochta dhá uair sa bhliain, gan dochar do chruinnithe urghnácha. Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe urghnácha ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún nó ó thrian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.”;
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:
“Airteagal 13
An Bord Feidhmiúcháin
1. Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin maoirsiú ar an obair ullmhúcháin is gá le haghaidh na gcinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta. Déanfaidh sé grinnscrúdú ar ábhair a bhaineann leis an mbuiséad nó le hacmhainní daonna go háirithe;
2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas freisin:
(a)clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5a a athbhreithniú, bunaithe ar an dréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir, agus é a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;
(b)dréachtbhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta a athbhreithniú agus é a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;
(c)an dréacht‑tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a athbhreithniú agus í a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;
(d)straitéis frith‑chalaoise le haghaidh na Gníomhaireachta a ghlacadh, i gcomhréir leis na rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh agus í bunaithe ar dhréacht a ullmhóidh ag an Stiúrthóir;
(e)obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as na tuarascálacha iniúchta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chomh maith;
(f)cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir, gan dochar dá fhreagrachtaí, mar a leagtar amach iad in Airteagal 15(4), agus comhairle a chur air maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme d’fhonn an mhaoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a atreisiú.
3. I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, lena n‑áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 12(7a) agus (7b) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.
4. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, dhá chomhalta eile den Bhord Bainistíochta a thoghfaidh an Bord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 12(5) agus duine d’ionadaithe an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta.
Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa ar an mBord Bainistíochta a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin.
5. Reáchtálfaidh an Cathaoirleach an Bord Feidhmiúcháin. Féadfar é a reáchtáil ar iarratas ó chomhalta amháin dá chuid freisin. Glacfaidh sé a chuid cinntí trí thromlach na gcomhaltaí atá i láthair. Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa vótáil ar ítimí a bhaineann leis na cinntí a bhfuil cead vótála ag an duine sin ina dtaobh sa Bhord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 12(8).
6. Glacfaidh an Stiúrthóir páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin ach ní bheidh cearta vótála aige.”;
(10)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Beidh an Coiste Eolaíochta comhdhéanta de 11 duine neamhspleách d’ardcháilíocht i réimse na gceart bunúsach. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta na 11 chomhalta agus déanfaidh sé liosta ionadaithe a fhormheas arna bhunú de réir ord fiúntais tar éis glao trédhearcach ar iarratais agus nós imeachta roghnúcháin trédhearcach agus tar éis dul i gcomhairle le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta ionadaíocht chothrom gheografach. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí den Choiste Eolaíochta. Sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(6)(g) leagfar síos na coinníollacha mionsonraithe lena rialófar ceapadh an Choiste Eolaíochta.”
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíochta neamhspleách. Ní fhéadfar iad a ionadú ach amháin má iarrann siad é, nó i gcás nach féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh go buan. Sa chás nach gcomhlíonann comhalta critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, áfach, éireoidh sé as a oifig láithreach agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do Stiúrthóir na Gníomhaireachta. De rogha air sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta, de bharr moladh ó thrian de na comhaltaí nó ón gCoimisiún, easpa neamhspleáchais a dhearbhú agus an duine lena mbaineann a chúlghairm. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an chéad duine eile atá ar fáil ar an liosta ionadaithe ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige. I gcás inar lú ná dhá bhliain an téarma oifige atá fágtha, féadfar síneadh ama a chur le sainordú an chomhalta nua, ionas gur téarma iomlán cúig bliana a bheidh i dtéarma an tsainordaithe sin. Cuirfear liosta chomhaltaí an Choiste Eolaíochta ar fáil don phobal agus déanfaidh an Ghníomhaireacht é a nuashonrú ar a shuíomh gréasáin.”;
(11)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
“3. Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra cúig bliana.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, i gcaitheamh na 12 mhí a thagann roimh dheireadh na tréimhse sin. Sa mheastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a mheasúnú go háirithe:
a) feidhmíocht an Stiúrthóra;
b) dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón gCoimisiún, agus an tuarascáil mheastóireachta á cur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú uair amháin go ceann tréimhse nach mó ná cúig bliana.
Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir lena rún síneadh a chur le sainordú an Stiúrthóra. Laistigh de thréimhse moille nach faide ná mí amháin sula ndéanann an Bord Bainistíochta cinneadh foirmiúil síneadh a chur leis an sainordú sin, féadfar iarraidh ar an Stiúrthóir dearbhú a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó na comhaltaí a fhreagairt.
I gcás nach gcuirfear síneadh leis an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba.
4. Beidh an Stiúrthóir freagrach as an méid seo a leanas:
(a)na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhéanamh agus, go háirithe, na doiciméid a tharraingeofar suas i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a) go (h) i gcomhar leis an gCoiste Eolaíochta a ullmhú agus a fhoilsiú;
(b)clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ullmhú agus a chur chun feidhme;
(c)gnóthaí riaracháin ó lá go lá;
(d)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;
(e)buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 21;
(f)nósanna imeachta éifeachtacha faireacháin agus meastóireachta a bhaineann le feidhmiú na Gníomhaireachta os coinne a cuspóirí a chur chun feidhme, agus é sin a dhéanamh de réir caighdeáin agus táscairí feidhmíochta a aithnítear go proifisiúnta;
(g)plean gníomhaíochta a ullmhú chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha lena ndéanfar measúnú ar fheidhmiú na gclár agus na ngníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach, i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715;
(h)tuairisc a thabhairt go bliantúil don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí an chórais faireacháin agus meastóireachta;
(i)straitéis frith‑chalaoise a ullmhú le haghaidh na Gníomhaireachta agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena formheas;
(j)plean gníomhaíochta a ullmhú lena ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúdú na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;
(k)an comhar le hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh;
(l)an comhar leis an tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear comhordú an Chláir Oibre um Chearta Bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 10.”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
“7. I gcás mí‑iompair, feidhmíocht mhíshásúil nó neamhrialtachtaí athfhillteacha nó tromchúiseacha, féadfar an Stiúrthóir a dhífhostú roimh dheireadh a théarma le cinneadh ón mBord Bainistíochta a dhéanfaidh tromlach dhá thrian dá chomhaltaí ar fad nó ón gCoimisiún.”;
(12)in Airteagal 24, scriostar mír 2;
(13)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:
“Meastóireacht agus athbhreithniú”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
“3. Tráth nach déanaí ná [5 bliana tar éis teacht i bhfeidhm], agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a leasú agus ar impleachtaí airgeadais aon leasú den sórt sin.”
“4. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.”;
(c)cuirtear mír 5 isteach mar a leanas:
“5. Tráth gach dara meastóireachta, déanfar measúnú ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúramaí, lena n‑áirítear meastóireacht ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós leis ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin go leanfaí ar aghaidh leis an nGníomhaireacht.”
(14)Scriostar Airteagal 31.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán