Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0155

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú 2018/0178 (COD), agus lena leasaítear Rialachán 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

COM/2020/155 final

An Bhruiséil,23.4.2020

COM(2020) 155 final

2018/0178(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú 2018/0178 (COD), agus lena leasaítear Rialachán 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais


2018/0178 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú 2018/0178 (COD), agus lena leasaítear Rialachán 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa

Agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 0353 final – 2018/0178 COD):

An 24 Bealtaine 2018

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus

Sóisialta na hEorpa:

An 17 Deireadh Fómhair 2018

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 28 Márta 2019

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 15 Aibreán 2020

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

I mí na Márta 2018, chuir an Coimisiún plean uaillmhianach gníomhaíochta maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú 1 . Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta sin an earnáil phríobháideach a shlógadh le haghaidh an aistrithe i dtreo geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar acmhainní a ídiú agus níos inbhuanaithe. De réir mar a leagadh amach sa phlean gníomhaíochta, an easpa soiléireachta i dtaca le cad is “inbhuanaitheacht comhshaoil” ann, tá sé ar cheann de na constaicí is mó atá le sárú má táthar le dlús a chur leis an infheistíocht ghlas. Sin an fáth nár mhór córas coiteann aicmithe a chruthú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe, nó “tacsanomaíocht AE”, agus is air sin a bheidh an plean gníomhaíochta bunaithe. Chuige sin, chuir an Coimisiún síos togra le haghaidh rialacháin i mí na Bealtaine 2018, 2 togra a raibh na trí sprioc seo a leanas aige:

(1)sainmhínithe iomchuí a sholáthar do chuideachtaí agus d'infheisteoirí lena bhféadfar a mheas faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha iad a bheith inbhuanaithe;

(2)úsáideoirí deiridh a chumhachtú, lena náirítear infheisteoirí miondíola, chun caipiteal a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, trí na rioscaí a bhaineann le “snas glas” a theorannú trí bhíthin na sainmhínithe sin 3 ; agus

(3)ilroinnt na margaí a sheachaint trí phointe tagartha aonair a sholáthar d'infheisteoirí, do cuideachtaí agus do na Ballstáit nuair a dhéantar inbhuanaitheacht comhshaoil a shainmhíniú chun críoch infheistíochta.

Teanga choiteann a bheidh i dtacsanomaíocht an Aontais Eorpaigh is féidir le hinfheisteoirí agus le cuideachtaí a úsáid chun deiseanna infheistíochta a shainaithint le haghaidh tionscadal agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn go mór le cuspóirí aeráide agus comhshaoil. Cuideoidh sin le hinfheisteoirí agus le cuideachtaí a n‑oibríochtaí a aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, cuideoidh tacsanomaíocht an Aontais Eorpaigh le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú chun an t‑aistriú inbhuanaitheachta a mhaoiniú, i gcomhréir le cuspóirí an chomhaontaithe ghlais don Eoraip.

Díríonn an tacsanomaíocht ar ghníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de sna réimsí seo a leanas: maolú ar an athrú aeráide; oiriúnú don athrú aeráide; úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint; an geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú. Faoin 31 Nollaig 2021, ní mór don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir le raon feidhme na tacsanomaíochta a leathnú chun cuspóirí inbhuanaitheachta a chumhdach, lena n‑áirítear cuspóirí sóisialta.

A luaithe a bheidh an tacsanomaíocht curtha i gcrích, déanfaidh sí forbairt na gcaighdeán agus na lipéad le haghaidh táirgí airgeadais glasa a éascú. Beidh dlúthbhaint aige freisin leis an tuairisciú a bhaineann leis an inbhuanaitheacht ó chuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais. Ina theannta sin, de réir mar a fógraíodh i bPlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, 4 cuirfear an tacsanomaíocht san áireamh sna treoirdhoiciméid maidir le rianú aeráide agus comhshaoil agus deimhniú inbhuanaitheachta mar chuid de InvestEU, 5 doiciméid a fhoilseofar sa dara leath de 2020. Tar éis de InvestEU, trí straitéis athnuaite maidir le maoiniú inbhuanaithe a fhoilseofar sa dara leath de 2020, scrúdóidh an Coimisiún an chaoi ar féidir le heintitis san earnáil phoiblí an tacsanomaíocht a úsáid, le go bhféadfar cóineasú na gcaighdeán a bhaint amach idir an earnáil phríobháideach agus eintitis phoiblí agus an úsáid is iomchuí is féidir a bhaint as feithiclí airgeadais cumaiscthe.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Léiríonn an seasamh ón gComhairle an comhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 16 Nollaig 2019. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin.

Thug an comhaontú polaitiúil roinnt athruithe isteach nach raibh ar aon dul leis an gcéad togra ón gCoimisiún, lena n‑áirítear na pointí seo a leanas:

1.Raon feidhme an Rialacháin a leathnú:

Ar an gcéad dul síos, leagtar amach sa chomhaontú polaitiúil oibleagáid bhreise ar an Aontas an tacsanomaíocht a chur i bhfeidhm chun críche aon bheartas poiblí, aon chaighdeán nó lipéad, ina leagtar amach ceanglais ar rannpháirtithe margaidh airgeadais nó ar eisitheoirí i réimse na dtáirgí airgeadais nó na mbannaí corparáideacha, táirgí agus bannaí a mhargaítear mar tháirgí atá “inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de”.

Ar an dara dul síos, beidh sé de cheangal ar gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, de réir mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le Nochtadh, 6 an chaoi a dtacaíonn na hinfheistíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá i gcomhréir leis an tacsanomaíocht agus a mhéid a dhéantar sin, infheistíochtaí atá mar bhonn lena dtáirge airgeadais. Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach mian leo an t‑ailíniú tacsanomaíochta a thabhairt le fios, rannpháirtithe nach mian leo dá réir sin an táirge atá acu a dhíol ar an margadh ina tháirge atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, beidh ar na rannpháirtithe sin ráiteas a dhéanamh leis an méid sin a mhíniú.

Ar an tríú dul síos, maidir le cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais ar gá dóibh ráiteas neamhairgeadais 7 a fhoilsiú cheana, uaidh seo amach beidh orthu fios a thabhairt i dtaobh cén bealach agus cé chomh mór atá baint ag a gcuid gníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag an tacsanomaíocht. Orthu sin, tá isteach agus amach le 6,000 cuideachta agus grúpa ar fud an Aontais Eorpaigh. Ar na heochairtháscairí feidhmíochta le haghaidh tuairisciú ábhartha, i gcomhréir leis na treoirlínte a ghabhann leis an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais, tá láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas riaracháin. I dtaca le cuideachtaí airgeadais, is féidir eochairtháscairí feidhmíochta a shonrú tuilleadh i ngníomh tarmligthe nár mhór don Choimisiún a sholáthar faoi mhí Mheithimh 2021.

2.Sonrú ar na cineálacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha is féidir a mheas le haghaidh na hincháilitheachta:

Is comhaontú polaitiúil é a thugann isteach dhá fhochatagóir de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de: gníomhaíochtaí cumasaithe (is infheidhme dóibh seo i gcás gach ceann de na sé chuspóir comhshaoil) agus gníomhaíochtaí aistrithe (rud nach infheidhme ach i gcás chuspóir maolaithe an athraithe aeráide).

Cuireann gníomhaíochtaí cumasaithe ar a gcumas caol díreach do ghníomhaíochta eile rannchuidiú mór a dhéanamh le ceann de na cuspóirí comhshaoil nó le níos mó ná ceann díobh. Tá coimircí socraithe anois le cosc a chur ar an snas glas. Ar an gcéad choimirce díobh sin tá an déanamh deimhin de nach rud é cumasú na ngníomhaíochtaí a dtarlóidh gaibhniú sócmhainní dá dheasca, gaibhniú a dhéanfadh creimeadh ar chuspóirí comhshaoil fadtéarmacha, nuair a chuirtear fad saoil eacnamaíoch na sócmhainní sin san áireamh. Ar an dara coimirce díobh sin, níor mhór do chumasú na n‑acmhainní tionchar mór agus tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol nuair is gnéithe de shaolré na n‑acmhainní sin atá i gceist.

Is éard is gníomhaíochtaí aistrithe ann: (i) gníomhaíochtaí nach bhfuil a malairt ann faoi láthair a bheadh praiticiúil ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de agus ísle iontu ó thaobh astú an charbóin de; (ii) gníomhaíochta a thacaíonn leis an aistriú chuig geilleagar ba neodrach ó thaobh na haeráide de ar bhealach is dílis do phlean nach ligfeadh don teocht dul thar 1.5 céim Celsius os cionn na leibhéal a bhí ann roimh ré na tionsclaíochta. Tá coimircí eile socraithe anois le cosc a chur ar an snas glas, coimircí den chineál céanna atá ann i gcás na ngníomhaíochtaí cumasaithe 8 . Ní ábhartha don fhochatagóir gníomhaíochtaí aistrithe seo ach amháin i gcás chuspóir seo maolaithe an athraithe aeráide.

3.Athruithe sna forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha gur díol spéise iad:

Tá eisiamh neamhbhalbh déanta ar an incháilitheacht a ghabhann le giniúint aibhléise le breoslaí iontaise soladacha.

In aithris a ghabhann leis an gcomhaontú polaitiúil, tá aitheantas tugtha don tábhacht atá le “fuinneamh is neodrach ó thaobh na haeráide de”, agus maidir leis an tagairt don “fhuinneamh is neodrach ó thaobh na haeráide de” mar chuid de chuspóir seo maolaithe an athruithe aeráide. Iarradh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí ábhartha ar fad dá bhfuil ann nuair a bheidh gníomhaíochtaí á roghnú a mbeifí i dteideal “gníomhaíochtaí aistrithe” a thabhairt orthu. Sa chomhthéacs sin, meastar “díobháil mhór” a bheith i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chás gur dhíobháil mhór fadtéarmach don chomhshaol a bheadh i ndiúscairt fhadtéarmach a gcuid dramhaíola. Mar chuid den chomhaontú polaitiúil, tá athneartú sa téacs chomh maith ar an ról atá ag an measúnú ar an saolré i bhforbairt na gcritéar scagtha teicniúil.

I réimse loiscthe na dramhaíola, cuireadh “íoslaghdú” in áit na tagartha don “tseachaint”, is é sin an t‑íoslaghdú ar loisceadh na dramhaíola a bheith ar cheann de na bealaí a bhféadfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch comaoin mhór a chur ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Rud eile de, cuireadh isteach tagairt do phrionsabail an oird i réiteach na dramhaíola. Prionsabal seo “gan díobháil mhór a bheith á dhéanamh”, is prionsabal é dar briathar nach ceart méadú mór ar ghiniúint ná ar loisceadh ná ar dhiúscairt na dramhaíola de dheasca na ngníomhaíochtaí incháilitheachta, ach tá díolúine déanta de loisceadh na dramhaíola guaisí nach féidir a athchúrsáil.

4.Síneadh a chur leis na coimircí sóisialta íosta

Tá trí ionstraim/treoir idirnáisiúnta maidir le cearta daonna curtha ag an gcomhaontú polaitiúil le liosta na gcoimircí íosta:

treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta;

Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Cúrsaí Gnó agus Cearta an Duine; agus

an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

5.Fairsinge a chur le ballraíocht agus le tascanna an Ardáin maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (an tArdán):

Cuireann an comhaontú polaitiúil le raon feidhme agus le ballraíocht an Ardáin araon ionas gur féidir leis comhairle a chur ar an gCoimisiún faoi na pointí breise seo a leanas:

an ról a d'fhéadfadh a bheith ag an gcuntasaíocht inbhuanaitheachta agus ag na caighdeáin tuairiscithe tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na tacsanomaíochta;

an gá a tharlódh le feabhas ar na sonraí faisnéise atá ar fáil agus ar cháilíocht na sonraí sin;

aghaidh a thabhairt ar chuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n‑áirítear cuspóirí sóisialta;

feidhmiú na gcoimircí íosta agus an gá a tharlódh le cur leis na ceanglais atá ann faoi láthair;

meastóireacht agus forbairt na mbeartas airgeadais inbhuanaithe lena n‑áirítear beartais maidir le ceisteanna comhleanúnachais.

Sa chomhthéacs seo, tá sé ráite go sonrach sa chomhaontú polaitiúil nach mór na gníomhaithe seo a leanas a bheith ar an Ardán:

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

ionadaithe ón tsochaí shibhialta;

ionadaithe ó na hearnálacha ábhartha airgeadais agus ó na hearnálacha ábhartha neamhairgeadais gnó, ina measc sin ionadaithe ó na tionscail ábhartha;

saineolaithe a bhfuil saineolas acu ar an gcuntasaíocht agus ar an tuairisciú.

Is faoi rialacha cothrománacha an Choimisiúin i leith grúpaí saineolaithe a bheidh an tArdán ag feidhmiú 9 .

6.Bunú grúpa saineolaithe a bhaineann leis na Ballstáit

Leis an gcomhaontú polaitiúil, cruthaítear Grúpa Saineolaithe Ballstát le comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil agus maidir leis an gcur chuige atá ag an Ardán. Is faoi rialacha cothrománacha an Choimisiúin i leith grúpaí saineolaithe a bheidh an grúpa saineolaithe ag feidhmiú 10 .

7.Leasuithe ar an Rialachán maidir le nochtadh

Tá leasuithe sonracha déanta ag an gcomhaontú polaitiúil ar an Rialachán maidir le Nochtadh. Thar aon ní eile, an nochtadh i réimse na tacsanomaíochta a dhéanann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, is rud é a bhféachann na leasuithe seo lena dhaingniú sa chreat mór atá ann i leith an nochtadh a bhaineann le cúrsaí inbhuanaitheachta a dhéantar in earnáil na seirbhísí airgeadais faoi mar a leagtar amach é sa Rialachán maidir le Nochtadh. Sa chomhthéacs sin, rinneadh roinnt leasuithe ar an Rialachán le cumhacht a thabhairt do na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha i bhforbairt na gcaighdeán teicniúla rialála ionas go bhféadfaí sonrú a dhéanamh ar an nochtadh a bhaineann le cúrsaí tacsanomaíochta.

Mar aon leis sin, tugadh isteach airteagal maidir leis an bprionsabal “gan díobháil mhór a dhéanamh”. Tugann an leasú seo de chumhacht do na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha caighdeán teicniúil rialála breise a thabhairt chun cinn. Ar mhaithe le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil, déanfaidh an caighdeán teicniúil rialála breise seo sonrú ar na sonraí atá in inneachar agus i gcur i láthair na faisnéise a ghabhann le prionsabal seo an “gan díobháil mhór a dhéanamh”. Prionsabal seo an “gan díobháil mhór a dhéanamh” nuair is gnéithe sóisialta atá i gceist, faoi mar a shainmhínítear é sa Rialachán maidir le Nochtadh, is prionsabal é ba cheart a bheith ar aon dul leis na coimircí íosta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Ba cheart do chuideachtaí nuair is leo féin beart a dhéanamh prionsabal seo an “gan díobháil mhór a dhéanamh” a chleachtadh nuair atá nósanna imeachta á gcur chun feidhme acu i gcomhair chomhlíonadh na gcoimircí íosta.

8.An clár ama i gcomhair na nachtanna tarmligthe

Beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, gníomhartha a mbeidh na critéir scagtha theicniúla mar chuid díobh, critéir i leith an dá chuspóir aeráide faoin 31 Nollaig 2020 (teacht i bhfeidhm an 31 Nollaig 2021), agus i leith na gceithre chuspóir aeráide eile faoin 31 Nollaig 2021 (teacht i bhfeidhm an 31 Nollaig 2022).

9.Athbhreithniú

Cuireann an comhaontú polaitiúil fairsinge leis an gclásal athbhreithnithe faoina leagtar de chúram ar an gCoimisiún na hábhair bhreise seo a leanas a chur faoi scáth na tuarascála nuair a bheidh sí á foilsiú:

tugtar tuairisc ar na forálacha ba ghá le cur le raon feidhme na tacsanomaíochta le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a thabhairt faoina scáth, ina measc sin gníomhaíochta neodracha agus gníomhaíochtaí a dhéanann díobháil don chomhshaol;

measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na nósanna comhairleoireachta i gcomhair fhorbairt na gcritéar scagtha teicniúla (arb iad an tArdán agus Grúpa Saineolaithe na mBallstát atá ann);

meastóireacht a dhéanamh ar an réimeas maoirseachta atá beartaithe.

5.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idir institiúidí, agus dá bhrí sin is féidir leis glacadh leis an seasamh atá ag an gComhairle ar an gcéad léamh.

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Plean Gníomhaíochta Choiste na Réigiún: Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe (COM/2018/097 final)
(2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (2018/0178 (COD)).
(3)    “Snas glas”, tagraíonn sé don chleachtas ina ndéantar táirgí, aidhmeanna nó beartais eagraíochta a chur chun cinn mar tháirgí neamhdhíobhálacha ó thaobh an chomhshaoil de nuair is féidir nach mar sin atá.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (COM/2020/21 final).
(5)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár InvestEU (COM/2018/439 final - 2018/0229 (COD)).
(6)    Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir lenochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lgh. 1–16).
(7)    Orthu sin tá cuideachtaí atá faoi réir Threoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le gnólachtaí móra áirithe agus grúpaí a nochtann faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta (IO L 330, 15.11.2014, lgh. 1–9).
(8)    Maidir le gníomhaíochtaí aistrithe, ní mór (i) leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith acu atá i bhfad níos ísle ná an meán atá san earnáil nó sa tionscal faoi láthair; (ii) gan iad a bheith ina laincis ar fhorbairt ná ar úsáid roghanna malartacha eile is íseal carbón; agus (iii) gan gaibhniú sócmhainní a tharraingt leo, rud nach mbeadh ag teacht le cuspóir na neodrachta aeráide.
(9)    Cinneadh ón gComhairle an 30.5.2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha i leith chruthú agus feidhmiú grúpaí saineolaithe sa Choimisiúin (C (2016) 3301).
(10)    Cinneadh ón gComhairle an 30.5.2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus feidhmiú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin (C (2016) 3301).
Top