AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.11.2019
COM(2019) 619 final
2019/0272(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (an “Bunrialachán”), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle, is é formheas a rinne an tAontas Eorpach ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ina bhfuil, inter alia, prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní bitheolaíocha na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na noibleagáidí idirnáisiúnta eile atá ar an Aontas, bíonn sé rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.
De bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle, is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“an Coinbhinsiún”) ó bhí an 14 Samhain 1997 ann.
Déantar foráil leis an gCoinbhinsiún maidir le creat le haghaidh comhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird tríd an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“ICCAT”) a bhunú.
Tá sé d'údarás ag ICCAT cinntí (moltaí) a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh atá faoina chúram, agus tá na cinntí sin ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Is ar na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún go háirithe a bhíonn na moltaí sin dírithe, ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. máistrí soithigh) freisin. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir.
Ag an 21ú cruinniú speisialta in 2018, ghlac ICCAT Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a dtugtar “an plean Bainistíochta” air. Tá an plean Bainistíochta i gcomhréir leis an gcomhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (“SCRS”) ina moltar gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil i gcomhair an stoic a bhunú in 2018 ós rud é go ndealraíonn sé nach bhfuil gá leis na bearta éigeandála maidir le stádas reatha an stoic a tugadh isteach faoin bplean téarnaimh don tuinnín gorm tar éis Mholadh 17-17 lena leasaítear Moladh 14-04.
Is é is cuspóir don mholadh seo go gcuirfear Moladh ICCAT 18-02 chun feidhme i ndlí an Aontais Eorpaigh chun ligean don Aontas na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá air a chomhlíonadh agus chun deimhneacht dlí maidir le rialacha agus oibleagáidí a thabhairt do na hoibreoirí.
Ceanglaítear leis an bplean Bainistíochta tuinníní gorma a aischur agus a scaoileadh in imthosca áirithe. Leagtar síos sa phlean an oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma ar bord soithí iascaireachta a aischur, lena náirítear gabhálacha áineasa a théann thar an gcuóta a leithdháileadh ar an soitheach, agus/nó thar uasmhéid na bhfoghabhálacha ceadaithe. Gabhálacha tuinníní gorma ar bord soithí atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe, ní mór na gabhálacha sin a aischur freisin, cé is moite de theorainn lamháltais ar leith a leagtar síos i bpleananna iascaireachta bliantúla na mBallstát.
Chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Choinbhinsiún ICCAT a chomhlíonadh, ceadaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 maoluithe ón oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma a thabhairt i dtír, maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 den Bhunrialachán. Dá réir sin, bunófar plean Bainistíochta don tuinnín gorm leis an Rialachán seo nach gcumhdófar oibleagáidí aischuir agus scaoilte leis a mhéid atá feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Déantar rialú ar an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir leis an méid seo a leanas:
–an plean téarnaimh don tuinnín gorm atá cumhdaithe i Rialachán (AE) 2016/1627,
–bearta teicniúla faoi Airteagal 9(4) agus Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2019/1241, agus faoi Airteagal 8agus pointe 6(1) d’Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle,
–Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2107,
–Airteagal 4(a), Airteagal 4(b) agus Airteagal 4(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, agus
–Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2019/833.
Le linn na caibidlíochta, an seasamh a bhí ag an Aontas Eorpach, bhí sé i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 2(2), Airteagal 28(1), agus (2), Airteagal 29 agus Airteagal 33 den Bhunrialachán.
Agus Moladh ICCAT 18-02 á thrasuí leis an Rialachán seo, déantar foráil leis maidir le plean Bainistíochta atá níos solúbtha ná na rialacha téarnaimh atá ann cheana, cé go bhfuil roinnt beart ann atá níos beaichte nó níos teorantaí, an rialú ar fheirmeacha mar shampla. Seo achoimre ar na príomhdhifríochtaí:
(a)Séasúir oscailte: sa Rialachán seo déantar foráil maidir le deich lá a chur leis an séasúr oscailte do shoithí peassaighne, sin deich lá níos faide ná i Rialachán (AE) 2016/1627, mura mbunaíonn na Ballstáit a mhalairt ina gcuid pleananna iascaireachta bliantúla.
(b)Méadaítear an teorainn foghabhála go 20% sa Rialachán seo, i comparáid le 5% i Rialachán (AE) 2016/1627.
(c)Acmhainn iascaireachta: tá cead iascaireachta ag suas le 20% níos mó soithí peassaighne (tréimhse tagartha 2018) faoin Rialachán seo, i gcomparáid le Rialachán (AE) 2016/1627, agus tá cuóta nua earnála ann d’iascach ar mhionscála sna hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha.
(d)Acmhainn feirmeoireachta: leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh 7% níos mó iasc a bheith ann sna feirmeacha.
(e)Aistrithe ar fheirmeacha agus rialuithe randamacha: daingnítear an córas rialaithe do thuinníní gorma maidir le faireachán ar an iasc beo ar fheirmeacha. Déantar sin le rialuithe randamacha atá bunaithe ar anailís riosca agus meastachán ar an tabhairt anonn trí cheamaraí steiréascópacha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is plean é atá comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•
Comhréireacht
Maidir le hiascach na dtuinníní gorma a bhainistiú, agus go háirithe na rialacha agus na hoibleagáidí go léir atá sa phlean bainistíochta arna bhformheas ag ICCAT, áiritheofar leis an togra go mbeidh dlí an Aontais i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá air agus go mbeidh an tAontas Eorpach ag comhlíonadh na gcinntí a dhéanann na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ina bhfuil an tAontas Eorpach ina Pháirtí Conarthach. Leis an togra déantar trasuí gan níos mó ná mar atá gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe, is rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá inti.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann sé le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle le rialtais na mBallstát i rith chruinniú na meithle ag an gComhairle ar an 25-26 Deireadh Fómhair 2018, agus ar an 31 Deireadh Fómhair 2018 rinne COREPER formhuiniú ar an seasamh a bheadh le glacadh ag an Aontas ag cruinniú bliantúil ICCAT an 12-19 Samhain 2018 nuair a glacadh Moladh 18-02 faoi cheannaireacht an Aontais.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Is é atá ann moladh a thrasuí a ghlac ICCAT i gcomhréir le comhairle eolaíoch arna soláthar ag Buanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh.
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann sé le hábhar. Is éard atá ann seo moladh a thrasuí atá infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cearta bunúsacha saoránach a chosaint.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
(f)Trasuí a dhéanamh ar an mbunús atá leis na deiseanna iascaireachta i gcomhair 2019 agus 2020
Socraíodh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta don tuinnín gorm do 2018, 2019 agus 2020 ag an 25ú Gnáthchruinniú de ICCAT. Cuireadh tábla a raibh an fhaisnéis sin bailithe air le Moladh ICCAT 17-07 ar mhír 5. Chuir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún (PCCanna) in iúl, áfach, nach raibh siad sásta leis an gcuóta a fuair siad, agus d’iarr siad rochtain ar chúlstoic neamhleithdháilte iasc ICCAT agus úsáid na gcúlstoc sin (i.e. cuótaí neamhleithdháilte). Chuige sin, i rith an chruinnithe idirsheisiúnaigh de Phainéal 2 ICCAT i Maidrid i mí an Mhárta 2018, pléadh an cheist arbh fhéidir an cuóta don tuinnín gorm do 2019 agus 2020 a choigeartú trí úsáid na gcúlstoc neamhleithdháilte. Ba é tuairim na PCCanna go ginearálta gur cheart aghaidh a thabhairt go príomha ar riachtanais na gcabhlach ar mhionscála as oileánraí ar leith sa Ghréig (na hOileáin Iónacha), sa Spáinn (na hOileáin Chanáracha) agus sa Phortaingéil (na hAsóir agus Maidéara) agus na cuótaí á gcoigeartú. Socraíodh cion an Aontais Eorpaigh do 2019 ag 17 536 tona ar dtús ach, mar phríomhthoradh ar an gcruinniú thuasluaite, rinneadh méadú de 87 dtona de chúlstoc air, le húsáid in iascach ar mhionscála, go lánchuóta AE de 17 623 tona don bhliain 2019. Aithnítear an cuóta sin i Moladh 18-02 agus cuirtear chun feidhme é i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit.
(g)Cumhachtaí cur chun feidhme
Rialacha ICCAT lena rialaítear an tiascach ar thuinníní gorma beo (oibríochtaí a bhaineann le héisc a ghabhail, a aistriú, a iompar, a chur i gcaighean, a thógáil, a shaothrú agus a thabhairt anonn), is rialacha andinimiciúil atá iontu. Tá teicneolaíochtaí ann chun an iascach a rialú agus a bhainistiú atá ag síorfhorbairt (i.e. úsáid ceamaraí steiréascópacha nó modhanna malartacha) agus ní mór do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Ar an mbealach céanna, ní mór nósanna imeachta oibríochta a fhorbairt i gcás inar gá chun cuidiú leis na Ballstáit rialacha ICCAT a chomhlíonadh mar a chumhdaítear iad sa Rialachán seo.
Tá gá dá bhrí sin le gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 7maidir le “tabhairt anonn” agus ranna 6 agus 7 maidir le “hoibríochtaí aistrithe” agus “oibríochtaí cur i gcaighean”.
(h)Cumhachtaí tarmligthe
Bunaítear le hAirteagal 65 den Rialachán seo liosta mionsonraithe de chásanna ina niarrtar cumhachtaí tarmligthe chun aghaidh a thabhairt ar athruithe rialta ar na moltaí a ghlacann ICCAT. Seo achoimre ar na príomhchúiseanna a d’fhéadfadh an liosta cásanna a mhíniú ina niarrtar cumhachtaí tarmligthe:
–Tá an Buanchoiste um Thaighde agus Staidreamh i mbun próiseas meastóireachta ar an straitéis um fhorbairt bainistíochta, próiseas arb aidhm dó meastóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta éagsúla um bainistíocht iascaigh atá anéifeachtach in aghaidh na bpríomhfhoinsí éiginnteachta maidir le stoc na dtuinníní gorma. Meastar go dtiocfaidh nósanna imeachta roghnacha um bainistíocht as an bpróiseas meastóireachta ar an straitéis um bainistíocht sa ghearrthéarma (i.e. 2020-2021). I bhfianaise an mhéid sin agus ós rud é go bhfuil cuspóir eatramhach bainistíochta ag an bplean bainistíochta don tuinnín gorm ar cheart do ICCAT athbhreithniú a dhéanamh air amhail ó 2020, tiocfaidh cumhachtaí tarmligthe isteach chun an plean a thrasuí go pras i ndlí an Aontais;
–I Rialachán (AE) 2016/1627 maidir leis an bplean téarnaimh don tuinnín gorm san Atlantach Thoir, ní sholáthraítear cumhachtaí tarmligthe chun an plean a leasú i gcomhréir le cinntí bliantúla ICCAT. Sin ba chúis le cás géarchéime in 2018 nuair nárbh fhéidir Moladh 18-02 a thrasuí faoi chumhachtaí tarmligthe, agus d’iarr roinnt Ballstát ar an gCoimisiún é a chur chun feidhme le gníomh comhreachtach don séasúr iascaireachta i mí an Mheithimh 2019. Tugtar isteach leis an Rialachán seo cumhachtaí tarmligthe chun athruithe tráthúla ar an bplean téarnaimh don tuinnín gorm a chur chun feidhme, rud a fhágfaidh cothroime iomaíochta ann do chabhlach an Aontais Eorpaigh maidir le cabhlaigh tríú tíortha.
2019/0272 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú go ndéanfar acmhainní uisce beo a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
(2)Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle, rinne an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a fhaomhadh, mar aon leis an gComhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach a chur chun feidhme, lena náirítear prionsabail agus rialacha maidir le caomhnú agus bainistiú na nacmhainní muirí beo. Faoi chuimsiú na noibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.
(3)Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“an Coinbhinsiún”).
(4)In 2018, le linn an 21ú cruinniú speisialta a bhí ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), rud a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún, ghlac an Coimisiún Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (“an Plean Bainistíochta”). Maidir leis an bPlean Bainistíochta, is plean é a leanann comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT, comhairle a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil don stoc a chur ar bun i gcomhair 2018, mar de réir an stádais reatha atá ag an stoc, is cosúil nach bhfuil na forálacha éigeandála a tugadh isteach faoi phlean téarnaimh an tuinnín ghoirm ag teastáil feasta (forálacha a cuireadh ar bun faoi Mholadh 17-17 lenar leasaíodh Moladh 14-04).
(5)Le Moladh 18-02, aisghairfear Moladh 17-07 lena leasaítear Moladh 14-04 lena mbunaítear plean aisghabhála do thuinníní gorma a cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/1627.
(6)Seo a leanas na Moltaí ó ICCAT ar cheart don Rialachán seo gach cuid díobh nó páirt díobh a chur chun feidhme: 06-07, 18-10, 96-14, 13-13 agus 16-15.
(7)Tá seasamh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú gur i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhainisteofar acmhainní iascaigh, go háirithe leis an gcuspóir atá ann chun stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (“UTI”) a tháirgeadh, agus leis an gcuspóir dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar an talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de. De réir na Tuarascála a d’eisigh SCRS in 2018, na gabhálacha tuinníní gorma arb é F 0.1 is ráta básmhaireachta dóibh le linn na hiascaireachta, is gabhálacha iad atá i gcomhréir le básmhaireacht iascaireachta a bheadh ar comhsheasamh leis an Uastáirgeacht Inbhuanaithe is féidir a bhaint amach (Futi). Measfar an stoc bithmhaise a bheith ar leibhéal deimhnithe na hUastáirgeachta Inbhuanaithe (UTI) B0.1, is é sin idir rud atá os cionn an leibhéil sin nuair is meánach nó íseal don earcaíocht, agus rud faoi bhun an leibhéil sin nuair is ard don earcaíocht.
(8)Cuirtear san áireamh sa phlean Bainistíochta sainiúlacht na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta. Le linn dóibh an plean téarnaimh a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, lena náirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.
(9)Chun comhlíonadh an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, tá reachtaíocht de chuid an Aontais glactha chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, reachtaíocht lena náirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, córas ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá forálacha sna Rialacháin sin cheana, ceadúnais agus údaruithe iascaireachta, mar shampla, agus rialacha áirithe faoi chórais faireacháin soithí, forálacha a chumhdaíonn cuid de na bearta a leagadh síos i Moladh ICCAT 18-02. Ní gá, mar sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.
(10)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na níosmhéideanna tagartha caomhnaithe. D'fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéideanna ICCAT a thrasuí i ndlí an Aontais ina íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.
(11)De réir Mholadh ICCAT 18-02, na tuinníní gorma a gabhadh agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe, is mithid a naischur, agus is amhlaidh is fíor freisin do ghabhálacha den tuinnín gorm is mó ná na teorainneacha foghabhála atá sna pleananna iascaigh bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, déantar foráil le hAirteagal 4de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún maidir le maoluithe ón oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 18-02 ICCAT a chur chun feidhme agus leis an Moladh sin leagtar síos an oibleagáid tuinníní gorma na soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte nó a nuasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe. Dá bhrí sin, ní gá don Rialachán seo an oibleagáid aischuir agus an oibleagáid scaoilte sin a chumhdach, agus beidh sé gan dochar dá réir sin do na forálacha comhfhreagracha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98.
(12)Le linn chruinniú bliantúil 2018, d’aithin Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin gur ghá atreisiú a dhéanamh ar na rialuithe a dhéantar ar chuid d’oibríochtaí an tuinnín ghoirm. I gcomhair an chuspóra sin, is éard a comhaontaíodh i rith cruinniú bliantúil 2018 go ndeimhneodh Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin láninrianaitheacht na noibríochtaí cur i gcaighean, agus gur cheart dóibh rialuithe randamacha a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an anailís riosca.
(13)Tá foráil i Rialachán (AE) 640/2010 maidir le doiciméad leictreonach gabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm (‘r-DGTG’), foráil lena gcuirtear Moladh ICCAT 09-11 chun feidhme, Moladh lena leasaítear Moladh 08-12. Ní fada ó rinneadh aisghairm ar Mholtaí 17-09 agus 11-20 i leith chur i bhfeidhm an r-DGTG, aisghairm a rinneadh le Moltaí 18-12 agus 18-13. Dá bhrí sin, tá Rialachán (AE) 640/2010 ligthe in éag, agus is é plean atá ag an gCoimisiún rialachán nua a ghlacadh, rialachán lena gcuirfear rialacha reatha ICCAT chun feidhme. Dá bhrí sin, ní ceart tagairt do Rialachán (AE) 640/2010 a bheith sa Rialachán seo, ach i dtéarmaí is ginearálta ná sin do chlár na ndoiciméad um ghabháil, clár atá molta ag ICCAT.
(14)Ós minic moltaí áirithe de chuid ICCAT á leasú ag Páirtithe Conarthacha in ICCAT, agus ós dóigh go ndéanfar tuilleadh leasuithe orthu sa todhchaí, agus ionas go bhféadfar moltaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme ina ndlíthe de chuid an Aontais go pras, is é sin moltaí lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean Bainistíochta ICCAT; an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is cumhacht í ba cheart a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: na spriocanna ama atá ann i leith an ráta básmhaireachta iascaireachta is gá leis an mbithmhais stoic a choinneáil ar leibhéal atá ar comhsheasamh leis an UTI; na spriocanna ama atá ann le faisnéis a thuairisciú, tréimhsí ama i gcomhair na séasúir iascaireachta; íosmhéideanna tagartha caomhnaithe; céatadáin agus paraiméadair, an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin; tascanna do na breathnóirí náisiúnta agus réigiúnacha, fáthanna leis an údarú um iasc a thabhairt anonn a dhiúltú; na fáthanna leis na gabhálacha a urghabháil agus le héisc a scaoileadh isteach san fharraige. Is tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(15)An Coimisiún is ionadaí don Aontas ag cruinnithe ICCAT, déantar comhaontú bliantúil eatarthu maidir le roinnt moltaí ICCAT nach bhfuil iontu ach moltaí teicniúla, go háirithe maidir le teorainn a chur ar toilleadh, riachtanais na logleabhar, foirmeacha na dtuairiscí gabhála, dearbhuithe trasloingsithe agus tabhairt anonn, íosmhéideanna faisnéise i gcomhair na núdaraithe iascaigh, íoslíon na soithí iascaireachta i ndáil le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta; sonraíochtaí a bhaineann leis an scéim cigireachta agus breathnóireachta, caighdeán na dtaifead físe, an prótacal maidir le scaoileadh, na caighdeáin maidir le láimhseáil an éisc mhairbh, dearbhuithe maidir le cur i gcaighean, nó caighdeáin na gCóras Faireacháin Soithí, caighdeáin a chuirtear chun feidhme faoi Iarscríbhinní I-XV den Rialachán seo. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear nó lena bhforlíontar Iarscríbhinní I-XV i gcomhréir le moltaí leasaithe nó moltaí forlíonta ICCAT. Is tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(16)Na moltaí atá ag ICCAT, moltaí lena rialaítear iascach na dtuinníní gorma (oibríochtaí a bhaineann leis na héis a ghabháil, a aistriú, a iompar, a chur i gcaighean, a thógáil, a shaothrú agus a thabhairt anonn), is moltaí iad atá thar a bheith dinimiciúil. Bíonn teicneolaíochtaí nua ann de shíor chun an tiascach a rialú agus a bhainistiú (i.e. úsáid ceamaraí steiréascópacha nó modhanna eile) agus ní mór do na Ballstáit iad sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Ar an mbealach céanna, ní mór nósanna imeachta oibríochta a fhorbairt i gcás inar gá chun cuidiú leis na Ballstáit rialacha ICCAT a chomhlíonadh mar a chumhdaítear iad sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe i leith thabhairt anonn na dtuinníní gorma beo, mar aon le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(17)Tá na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais san am atá le teacht tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
(18)Ós rud é go mbeidh plean Bainistíochta cuimsitheach nua ann i gcomhair an tuinnín ghoirm de bharr an Rialacháin seo, ba cheart na forálacha i leith an tuinnín ghoirm a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833 a scriosadh. Maidir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2107, an chuid atá ag comhfhreagairt do cholgán na Meánmhara, is cuid í a áirítear i Rialachán (AE) 2019/1154. Ba cheart forálacha áirithe i Rialachán (AE) Uimh. 1936/2001 a scriosadh chomh maith. Ba cheart Rialachán (AE) 2017/2107, Rialachán (AE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (AE) 2019/833 a leasú dá réir sin.
(19)Rinneadh Moladh ICCAT 17-07 a aisghairm le Moladh 18-02, arae an stádas a bhí ag an stoc, is rud é a d’fhág nach raibh gá feasta leis na bearta éigeandála dá bhforáiltear i bplean téarnaimh an tuinnín ghoirm, plean a bunaíodh faoin moladh sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1627 a aisghairm, is é sin an rialachán lenar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta d’fhonn plean ilbhliantúil bainistíochta an tuinnín ghoirm Thunnus thynnus a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus go héifeachtach san Aigéan Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, faoi mar a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“ICCAT”) leo.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)soithí iascaireachta an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa, ar soithí iad:
–a ghabhann an tuinnín gorm laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin; agus
–a dhéanann trasloingsiú nó iompar ar bord loinge, fiú más lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin é, ar an tuinnín gorm a ghabhtar i Limistéar an Choinbhinsiúin;
(b)feirmeacha de chuid an Aontais;
(c)soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa in uiscí an Aontais agus soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin;
(d)soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt de chuid na mBallstát agus a mbíonn tuinníní gorma ar bord acu a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, nó táirgí iascaigh de thionscnamh tuinníní gorma a gabhadh in uiscí an Aontais agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.
Airteagal 3
Cuspóir
Is éard is cuspóir don Rialachán seo bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil os cionn na leibhéal a theastaíonn le go mbeadh uastáirgeacht inbhuanaithe ann.
Airteagal 4
Gaol le dlíthe eile de chuid an Aontais
Mura ndeirtear a mhalairt sa Rialachán seo go sonrach, na forálacha atá sa Rialachán, is forálacha iad a bheidh i bhfeidhm gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais a rialaíonn earnáil na hiascaireachta, go háirithe:
(1)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú;
(2)Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
(3)Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha;
(4)Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).
Airteagal 5
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(5)ciallaíonn “ICCAT” an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;
(6)ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;
(7) ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear chun acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena náirítear soithí gabhála, soithí próiseála éisc, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;
(8)ciallaíonn “tuinnín gorm beo” an tuinnín gorm a choinnítear beo seal i ngaiste, nó an tuinnín a aistrítear agus é ina bheo chuig ionad feirmeoireachta, nó an tuinnín a bhíonn i gcaighean, nó á thógáil ar fheirm, an tuinnín a bhaintear ina fhómhar i ndeireadh ama, nó an tuinnín a scaoiltear saor;
(9)ciallaíonn “SCRS” an Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh atá ag ICCAT;
(10)ciallaíonn “iascach áineasa” an ghníomhaíocht in iascach neamhthráchtála a bhaineann leas as bithacmhainní muirí i gcomhair na siamsaíochta nó na turasóireachta nó i gcomhair an spóirt;
(11)ciallaíonn “soitheach tarraingthe” soitheach ar bith a úsáidtear le caighin a tharraingt;
(12)ciallaíonn “soitheach próiseála” soitheach ar a mbíonn táirgí iascaireachta faoi réir ag ceann de na hoibríochtaí seo a leanas nó ag cuid de na hoibríochtaí seo a leanas sula ndéantar pacáistiú orthu: filléadú nó slisíniú, reo agus/nó próiseáil;
(13)ciallaíonn “soitheach cúnta” soitheach a úsáidtear chun tuinníní gorma marbha (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, ó eangach peassaighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;
(14)ciallaíonn “gaiste” trealamh feistithe ar ancaire ar an ngrinneall a mbíonn eangach treorach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach i bhfál nó sraith d’fhálta, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú;
(15)ciallaíonn “peaslíonta saighne” líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile iontu le gad íochtair ag bun an lín, agus an gad sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;
(16)ciallaíonn “cur i gcaighean” tuinníní gorma a athlonnú ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus an bhithmhais iomlán atá iontu a mhéadú;
(17)ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a ghabháil ar bhonn tráchtála;
(18)ciallaíonn “feirm” limistéar muirí a bhfuil sainmhíniú soiléir air sna comhordanáidí geografacha, limistéar a úsáidtear le tuinníní gorma a ramhrú nó lena dtógáil ar fheirm, tuinníní a gabhadh i ngaistí agus/nó ar shoithí peassaighne. Tharlódh suíomhanna éagsúla ag feirm, sainmhíniú soiléir orthu ar fad sna comhordanáidí geografacha, agus sainmhíniú soiléir ar an domhanfhad agus ar an domhanleithead i gcás gach pointe de phointí an pholagáin;
(19)ciallaíonn “feirmeoireacht” nó ‘ramhrú’ tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;
(20)ciallaíonn tuinníní gorma “a bhaint” iad a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;
(21)ciallaíonn “ceamara steiréascópach” ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil ar mhaithe le fad an éisc a thomhas;
(22)is éard is ‘soitheach cósta mionscála’ ann soitheach gabhála a bhfuil rud nach lú ná trí cinn de na cúig thréith seo a leanas ag roinnt leis:
(a)an fad ó shoc go cúl < 12 m;
(b)ní dhéanann an soitheach a chuid iascaireachta ach amháin laistigh de na huiscí atá i ndlínse an Bhallstáit brataí;
(c)ní mhaireann na sciuirdeanna iascaireachta ach achar is lú ná 24 uair an chloig;
(d)ní théann líon na foirne thar cheathrar; nó
(e)is rogha modhanna iascaireachta atá in úsáid ag an soitheach, rogha a bhfuil laghdú i gceist leo ar an tionchar atá ag an iascaireacht ar an gcomhshaol;
(23)ciallaíonn “comhoibríocht iascaireachta” oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peassaighne nó níos mó páirteach, comhoibríocht ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peassaighne amháin a shannadh do shoitheach peassaighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála leithdháilte na gcion;
(24)ciallaíonn “iascaireacht go gníomhach”, i gcás soithigh dá mbíonn i mbun gabhála, an ghabháil a fhéachann siad le déanamh ar an tuinnín gorm i rith séasúr iascaireachta ar leith;
(25)ciallaíonn “DGTG” doiciméad gabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm;
(26)ciallaíonn “r-DGTG” doiciméad gabhála leictreonach i gcomhair an tuinnín ghoirm;
(27)ciallaíonn “Limistéar an Choinbhinsiúin” an ceantar geografach a shainmhínítear in Airteagal 1den Choinbhinsiún;
(28)ciallaíonn “trasloingsiú” gach a bhfuil nó cuid a bhfuil de tháirgí iascaireachta ar bord soithigh iascaireachta a athluchtú go soitheach iascaireachta eile. Bíodh sin mar atá, an tathluchtú a dhéantar ar an tuinnín gorm marbh ó eangach na peassaighne, ón ngaiste, nó ón soitheach tarraingthe ar shoitheach coimhdeachta, is éard a mheastar nach trasloingsiú atá san athluchtú sin;
(29)ciallaíonn “aistriú rialaithe” aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun fíorú a dhéanamh ar líon na niasc atá á naistriú;
(30)ciallaíonn “ceamara rialaithe” ceamara steiréascópach agus/nó gnáthfhíscheamara chun críoch na rialuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;
(31)Ciallaíonn “PCC” Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún agus páirtí comhoibritheach neamhchonarthach, eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach, nó eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach iascaireachta;
(32)ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach is faide ná 24 mhéadar ó shoc go cúl;
(33)ciallaíonn “aistriú” aistriú a dhéanamh ar ní ar bith de na nithe seo a leanas:
(a)tuinnín gorm beo ó eangach an tsoithigh gabhála chuig an gcaighean iompair;
(b)tuinnín gorm beo ón gcaighean iompair chuig caighean iompair eile;
(c)an caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó shoitheach tarraingthe amháin chuig soitheach tarraingthe eile;
(d)tuinnín gorm beo ó fheirm go chéile, nó ó chaighean go chéile ar aon fheirm amháin;
(e)tuinnín gorm beo ón ngaiste go dtí an caighean iompair bíodh soitheach tarraingthe i láthair nó ná bíodh;
(34)ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn gnóthas nó a shealbhaíonn gnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe nó próiseála, cur ar an margadh nó dáilte, nó slabhra miondíola na dtáirgí iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe;
(35)ciallaíonn “grúpa trealaimh” grúpa de shoithí iascaireachta arb é an trealamh céanna atá in úsáid acu agus ar leithdháileadh cuóta grúpa orthu;
(36)ciallaíonn “iarracht iascaireachta” an toradh a bhíonn ar an rud is acmhainn do shoitheach iascaireachta, agus an toradh a bhíonn ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta i dtomhas a chuid oibríochtaí iascaireachta. Bíonn éagsúlacht sa tomhas sin ó threalamh go trealamh. Is é líon na nduán nó líon na nuaireanta duáin an tomhas atá ann i gcás iascach le dorú fada. Is é líon na laethanta bádóireachta an tomhas atá ann i gcás na soithí peassaighne (an tam a chaitear ag iascaireacht móide an tam a chaitear i mbun cuardaigh).
(37)ciallaíonn “an Ballstát freagrach” an Ballstát ar leis an bhratach nó an Ballstát ar cuid dá dhlínse an áit a bhfuil an fheirm nó an gaiste lonnaithe.
CAIBIDIL II
Bearta Bainistíochta
Airteagal 6
Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta iascaigh
(1)Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar sna bearta a ghlacfaidh na Ballstáit cuótaí aonair a bhunú le haghaidh na soithí gabhála dá gcuid is faide ná 24 m agus a áirítear ar an liosta soithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 25.
(2)Ceanglóidh na Ballstáit ar na soithí gabhála dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh na Ballstáit nuair a mheasfar go bhfuil cuóta aonair an tsoithigh ídithe, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009.
(3)Ní cheadófar oibríochtaí cairtfhostaithe san iascach ar thuinníní gorma.
Airteagal 7
Tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn
(1)Cuótaí nár úsáideadh, nó tuinníní gorma beo nár saothraíodh, ní cheadófar ceachtar acu a thabhairt anonn.
(2)De mhaolú ar mhír 1, féadfar a cheadú tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn má dhéanann an Coimisiún córas rialaithe athneartaithe a cheapadh agus a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 13 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear in Airteagail 26(3) agus 52 ar a laghad.
(3)Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollshaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chuige sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála ina ndearnadh ollshaothrú i bhfeirmeacha, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna eile a úsáid, ar choinníoll go ráthaítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 50. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh saothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta samplála céanna a úsáid atá bunaithe ar mheasúnú riosca.
(4)Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun córas rialaithe athneartaithe a cheapadh le haghaidh tuinníní gorma beo a thabhairt anonn. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67.
Airteagal 8
Aistrithe cuótaí
(1)Ní dhéanfar cuótaí a aistriú idir an tAontas agus na páirtithe conarthacha eile sa Choinbhinsiún (PCCanna) go dtí go mbeidh údarú tugtha roimh ré ag na Ballstáit agus/nó ag na PCCanna lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT 48 nuair an chloig roimh aistriú na gcuótaí.
(2)Ceadófar aistriú cuótaí laistigh de ghrúpaí trealaimh, cuótaí seachghabhála agus cuótaí iascaireachta aonair do gach Ballstát, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas roimh ré faoi na haistrithe sin, ionas gur féidir leis an gCoimisiún Rúnaíocht ICCAT a chur ar an eolas faoi sula dtiocfaidh an taistriú i bhfeidhm.
Airteagal 9
Asbhaintí as cuótaí i gcás róiascaireachta
(3)Más rud é go sáróidh na Ballstáit na cuótaí a leithdháileadh orthu agus nach féidir an cás sin a leigheas le malartú cuótaí de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag Airteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 10
Pleananna iascaireachta bliantúla
(1)Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean iascaireachta bliantúil a cheapadh. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean sin:
(a)na cuótaí arna leithdháileadh ar gach grúpa trealaimh, cuótaí seachghabhála san áireamh;
(b)i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáidtear chun cuótaí a leithdháileadh agus a bhainistiú;
(c)na bearta chun a áirithiú go nurramófaí cuótaí aonair;
(d)na séasúir oscailte iascaireachta i gcomhair gach aicme trealaimh;
(e)faisnéis faoi na calafoirt ainmnithe;
(f)na rialacha maidir le seachghabháil; agus
(g)an líon soithí, seachas trálaeir ghrinnill, is mó ná 24 m agus soithí peassaighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
(2)Féadfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh ar shoithí mionscála cósta atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta na bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina niomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1á núsáid acu.
(3)Féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn cuótaí earnálacha a leithdháileadh le haghaidh báid bhaoite a oibríonn sna huiscí sin de chuid an Aontais atá timpeall ar oileánraigh na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach. Áireofar an cuóta earnálach ina bpleananna iascaireachta bliantúla agus leagfar amach go soiléir ina bpleananna bliantúla faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun faireachán a dhéanamh ar ídiú an chuóta sin.
(4)I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh i gcomhréir le mír 2nó 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas íoschuóta 5 thona a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta.
(5)Má dhéantar aon leasú ar an bplean iascaireachta bliantúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann é sin a chur in iúl don Choimisiún trí lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú. Cuirfidh an Coimisiún an leasú ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú.
Airteagal 11
Leithdháileadh deiseanna iascaireachta
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena náirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus féachfaidh siad freisin le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á núsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.
Airteagal 12
Pleananna bainistíochta bliantúla maidir le hacmhainn iascaireachta
Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe acmhainne iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh na Ballstáit an líon soithí iascaireachta a choigeartú sa tslí go náiritheofar go bhfuil an acmhainn iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí gabhála don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh na Ballstáit an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta. Beidh an coigeartú acmhainne iascaireachta i gcás soithí peassaighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainn bhunlíne iascaireachta don bhliain 2018.
Airteagal 13
Pleananna cigireachta bliantúla
Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean cigireachta bliantúil a cheapadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit a bplean féin faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfar na pleananna sin amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta atá leagtha amach sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta le haghaidh tuinníní gorma a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(b)an clár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 14
Pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta
(1)Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a cheapadh.
(2)Sa phlean bliantúil bainistithe feirmeoireachta, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil an acmhainn ionchuir iomlán agus an acmhainn feirmeoireachta iomlán i gcomhréir leis an méid measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht.
(3)Déanfaidh na Ballstáit a nacmhainn feirmeoireachta tuinníní a theorannú don acmhainn feirmeoireachta iomlán a cláraíodh sa “taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma” de chuid ICCAT nó a údaraíodh agus a dearbhaíodh do ICCAT in 2018.
(4)Maidir le huasionchur na dtuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, beidh sé teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sa “taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma” sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.
(5)Más gá do Bhallstát uasionchur na dtuinníní gorma fiáine a ghabhfar a mhéadú i bhfeirm tuinníní amháin nó i roinnt feirmeacha tuinníní dá chuid, beidh an méadú sin i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar an mBallstát sin, lena náirítear tuinníní gorma beo a allmhairiú.
(6)Na Ballstáit atá freagrach as na feirmeacha maidir le heolaithe ar chuir SCRS cúram orthu triallacha a dhéanamh chun rátaí fáis a shainaithint le linn na tréimhse ramhraithe, áiritheoidh na Ballstáit sin go mbeidh rochtain acu ar na feirmeacha agus go dtabharfar cúnamh dóibh i ndéanamh a gcuid dualgas.
Airteagal 15
Pleananna bliantúla a chur ar aghaidh
(1)Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma na pleananna seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún:
(a)an plean iascaireachta bliantúil a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 10 le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí ina mbítear ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;
(b)an plean bliantúil bainistithe acmhainne iascaireachta a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 12;
(c)an plean cigireachta bliantúil a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 13; agus
(d)an plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 14.
(2)Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile, agus úsáidfidh sé iad chun plean bliantúil de chuid an Aontais a cheapadh. Cuirfidh an Coimisiún plean an Aontais ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfaidh ICCAT é a phlé agus a fhormheas.
(3)I gcás ina mainneoidh Ballstát aon cheann de na pleananna dá dtagraítear i mír 1a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am nó ina gcinnfidh an Coimisiún go raibh cás tromchúiseach ann nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin reatha mar a suíodh sna tuarascálacha cigireachta críochnaitheacha, féadfaidh sé a chinneadh gan na pleananna nár cuireadh faoina bhráid a fhormhuiniú agus plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann.
CAIBIDIL III
Bearta Teicniúla
Airteagal 16
Séasúir iascaireachta
(1)Ceadófar peassaighneoireacht ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 1 Iúil.
(2)De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Chróit a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10 go gceadófar iascach ar thuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta ó shoithí peassaighne a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) go dtí an 15 Iúil.
(3)De mhaolú ar mhír 1, má sholáthraíonn Ballstát fianaise don Choimisiún gurb amhlaidh, mar thoradh ar ghaotha dul chomh láidir le fórsa 4, nó níos láidre, ar scála Beaufort, a bhí roinnt dá shoithí gabhála peassaighneoireachta a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir neamhábalta ar a ngnáthlaethanta iascaireachta a úsáid le linn bliana, féadfaidh an Ballstát sin 10 lá a cailleadh ar a mhéad a thabhairt ar aghaidh chuig an 11 Iúil an bhliain sin i gcás na soithí lena mbaineann. Tabharfar údar cuí le neamhghníomhaíocht na soithí lena mbaineann agus, i gcás comhoibríocht iascaireachta, na soithí go léir a bhí páirteach trí thuairiscí aimsire agus suíomhanna CFS.
(4)Ceadófar do shoithí spiléir peiligeacha mórscála iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine.
(5)Bunóidh na Ballstáit séasúir iascaireachta dá gcabhlaigh, seachas soithí peassaighne agus soithí spiléir peiligeacha mórscála, ina bpleananna iascaireachta bliantúla.
Airteagal 17
Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena náirítear aon mhaoluithe is infheidhme maidir leis.
Airteagal 18
Íosmhéid tagartha caomhnaithe
(1)Maidir le tuinníní gorma is éadroime ná 30 kg nó is lú ná 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, beidh toirmeasc ar thuinníní gorma den sórt sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena náirítear tuinníní gorma a ghabhfar mar fhoghabhálacha nó in iascaigh áineasa.
(2)De mhaolú ar mhír 1, beidh íosmhéid tagartha caomhnaithe 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) i bhfeidhm le haghaidh tuinníní gorma i gcás na niascach seo a leanas:
(a)tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach Thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;
(b)tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag báid bhaoite, báid spiléireachta agus báid lámhdhorú laistigh den iascach cabhlaigh cósta mionscála; agus
(c)tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad ag soithí a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu chun críoch feirmeoireachta.
(3)Leagtar amach in Iarscríbhinn I coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2.
(4)Eiseoidh na Ballstáit údarú iascaireachta do shoithí a bheidh ag iascaireacht faoi na maoluithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 25.
(5)Aon éisc a bheidh faoi bhun na níosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach san Airteagal seo agus a aischuirfear agus iad marbh, is i gcoinne chuóta an Bhallstáit a ríomhfar iad.
Airteagal 19
Gabhálacha de thaisme faoi bhun an íosmhéid tagartha
(1)De mhaolú ar Airteagal 18(1), maidir le tuinníní gorma ina bhfuil meáchan idir 8 kg agus 30 kg nó, de rogha air sin, atá idir 75 cm agus 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, ceadófar líon uasta 5 % gabhálacha de thaisme do gach soitheach gabhála agus gaiste ina mbítear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma.
(2)Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1a ríomh ar bhonn iomlán na ngabhálacha tuinníní gorma arna gcoinneáil ar bord soithigh nó laistigh den ghaiste tráth ar bith tar éis gach oibríochta iascaireachta.
(3)Gabhálacha a rinneadh de thaisme, déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste.
(4)Maidir le tuinníní gorma atá faoi bhun an íosmhéid tagartha, beidh gabhálacha tuinníní gorma den sórt sin faoi réir Airteagail 30, 32, 33 agus 34.
Airteagal 20
Foghabhálacha
(1)Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh.
(2)Ní mó ná 20 % de na gabhálacha go léir a bheidh ar bord i ndeireadh gach turais iascaireachta líon na bhfoghabhálacha údaraithe, agus saineofar go soiléir sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10 an líon sin agus an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na foghabhálacha sin a ríomh i ndáil leis an ngabháil iomlán a bheidh ar bord. Féadfar céatadán na bhfoghabhálacha a ríomh de réir meáchain nó de réir líon na neiseamal. Ní dhéanfar ríomh de réir líon na neiseamal ach i gcás tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní arna mbainistiú ag ICCAT. Féadfar líon na bhfoghabhálacha údaraithe don chabhlach soithí mionscála cósta a ríomh ar bhonn bliantúil.
(3)Déanfar gach foghabháil tuinníní gorma marbha a coinníodh ar bord nó a aischuireadh a bhaint de chuóta an Bhallstáit brataí, agus a thaifeadadh agus a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31.
(4)I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta tuinníní gorma acu, déanfar na foghabhálacha lena mbaineann a bhaint den chuóta sonrach foghabhálacha de chuid an Aontais do thuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) den Chonradh agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(5)I gcás ina mbeidh an cuóta iomlán a leithdháileadh ar an mBallstát ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a ghabháil agus déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. Sa chás sin, beidh toirmeasc ar phróiseáil agus ar thráchtálú tuinníní gorma marbha agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníochtaí na bhfoghabhálacha tuinníní gorma marbha sin a thuairisciú ar bhonn bliantúil don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
(6)I soithí nach mbeifear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma uathu déanfar aon chainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord a scaradh go soiléir ó speicis eile ionas gur féidir le húdaráis rialaithe faireachán a dhéanamh ar urramú an Airteagail seo. Féadfar na foghabhálacha sin a mhargú má bhíonn r-DGTG ag gabháil leo.
Airteagal 21
Aermhodhanna a úsáid
Beidh toirmeasc ar aon aermhodh a úsáid chun tuinníní gorma a chuardach, lena náirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerfheithiclí gan foireann.
CAIBIDIL IV
Iascaigh áineasa
Airteagal 22
Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa
(1)Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma iascaigh áineasa a rialáil trí chuóta sonrach a leithdháileadh chun críoch na niascach sin. Déanfar tuinníní gorma a dtarlódh dóibh a bheith marbh a chur san áireamh sa leithdháileadh sin, lena náirítear maidir le hiascaireacht gabháil agus scaoileadh. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcuóta a leithdháiltear ar iascaigh áineasa nuair a chuirfidh siad a bpleananna iascaigh ar aghaidh.
(2)Déanfar gabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú agus a ríomh i gcoinne chuóta an Bhallstáit.
Airteagal 23
Coinníollacha sonracha le haghaidh iascaigh áineasa
(1)Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma iascaigh áineasa a rialáil trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa. Má iarrann an Coimisiún é, déanfaidh na Ballstáit liosta na soithí áineasa ar deonaíodh údarú iascaireachta dóibh a chur ar fáil. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa liosta:
(a)Ainm an tsoithigh;
(b)An uimhir ar an gclár;
(c)An uimhir thaifid ICCAT (más ann di);
(d)Aon ainm a bhí air roimhe; agus
(e)Ainm agus seoladh an úinéara (na núinéirí) agus an oibritheora (na noibritheoirí).
(2)In iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar níos mó ná tuinnín gorm amháin in aghaidh an tsoithigh sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
(3)Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a gabhadh in iascaigh áineasa a chur ar an margadh.
(4)Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena náirítear meáchan agus fad gach tuinnín ghoirm a gabhadh trí iascaireacht áineasa agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
(5)Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe cinn óga, a gabhadh beo trí iascaireacht áineasa. Aon tuinnín gorm a thabharfar i dtír, beidh sé iomlán, beidh na geolbhaigh bainte de agus/nó beidh sé glanta.
Airteagal 24
Gabháil, clibeáil agus scaoileadh
(1)De mhaolú ar Airteagal 22(1), na Ballstáit a bheidh ag údarú iascaireacht “gabháil agus scaoileadh” san Atlantach thoir thuaidh a bheidh á déanamh go heisiach ó shoithí áineasa féadfaidh siad a cheadú do líon teoranta de na soithí sin díriú ar thuinníní gorma agus é de chuspóir acu iascaireacht “gabháil, clibeáil agus scaoileadh” a dhéanamh gan gá a bheith ann le cuóta sonrach a leithdháileadh orthu. Is mar chuid de thionscadal eolaíochta de chuid institiúid taighde atá comhtháite le clár taighde eolaíochta a oibreoidh soithí den sórt sin. Déanfar torthaí an tionscadail a chur in iúl d’údaráis ábhartha an Bhallstáit brataí.
(2)Na soithí óna mbeidh taighde eolaíochta á dhéanamh faoi Chlár Taighde ICCAT le haghaidh tuinníní gorma, ní mheasfar gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh” dá dtagraítear i mír 1a bheith á ndéanamh acu.
(3)Na Ballstáit a bheidh ag údarú gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh”, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
(a)tuairisc ar na gníomhaíochtaí sin agus ar na bearta is infheidhme maidir leo a chur mar chuid lárnach dá bpleananna iascaireachta agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 14;
(b)dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí na soithí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin seo;
(c)a áirithiú gur pearsanra oilte a dhéanfaidh na hoibríochtaí clibeála agus scaoilte chun a áirithiú go mairfidh líon mór eiseamal; agus
(d)tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí eolaíochta a rinneadh agus sin a dhéanamh 50 lá ar a laghad roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 60 lá roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn.
(4)Aon tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh”, bainfear de chuóta an Bhallstáit brataí é, agus tabharfar tuairisc air.
CAIBIDIL V
Bearta Rialaithe
ROINN 1
Liostaí agus Taifid ar shoithí agus ar ghaistí
Airteagal 25
Liostaí agus Taifid ar shoithí
(1)Gach bliain, mí roimh thús na tréimhse údarúcháin, cuirfidh na Ballstáit na liostaí soithí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach san fhormáid a leagtar amach sa leagan deireanach de Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:
(a)liosta de gach soitheach gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma; agus
(b)liosta de gach soitheach iascaireachta eile a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a shaothrú ar bhonn tráchtála.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT 15 lá roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta ionas gur féidir na soithí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí údaraithe agus, más ábhartha, i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar ar fad nó is faide ná sin ina niomláine agus atá údaraithe chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin.
(2)Le linn bliain féilire, féadfar soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta san am céanna.
(3)Áireofar san fhaisnéis maidir le soithí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) ainm an tsoithigh agus uimhir an tsoithigh ar chlár an chomhchabhlaigh (CFR) mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/218 ón gCoimisiún.
(4)Ní ghlacfaidh an Coimisiún le haon iarratas cúlghabhálach.
(5)Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta dár tugadh fógra páirt a ghlacadh san iascach mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó force majeure. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:
(a)mionsonraí iomlána an tsoithigh/na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad an tsoithigh iascaireachta sin; agus
(b)cuntas cuimsitheach ar an gcúis atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí ábhartha.
(6)Le linn na bliana, modhnóidh an Coimisiún, más gá, an fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i mír 1 trí fhaisnéis cothrom le dáta a sholáthar do Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403.
Airteagal 26
Údaruithe iascaireachta do shoithí
(1)Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta do shoithí a bheidh san áireamh ar cheann de na liostaí a luaitear in Airteagal 25(1) agus (5). Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus is san fhormáid a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a eiseofar na húdaruithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(2)Gan dochar d’Airteagal 20(6), na soithí iascaireachta de chuid an Aontais nár cuireadh isteach sna taifid de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 25(1) ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ná tuinníní gorma a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir.
(3)Nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta aonair a sannadh do shoitheach ídithe, déanfaidh an Ballstát brataí an túdarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh don soitheach a tharraingt siar agus féadfaidh sé a cheangal ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh sé.
Airteagal 27
Liostaí agus taifid ar ghaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma
(1)Déanfaidh gach Ballstát liosta de na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a chur go leictreonach chuig an gCoimisiún mar chuid dá bplean iascaireachta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma.
(2)Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta le haghaidh gaistí a áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 1. Beidh an fhaisnéis agus an fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(3)Na gaistí de chuid an Aontais nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir. Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a ghabhfar sna gaistí sin a choinneáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean agus a thabhairt i dtír.
(4)Tarraingeoidh an Ballstát brataí siar an túdarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do ghaistí nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a sannadh dóibh ídithe.
Airteagal 28
Faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta
(1)Faoin 15 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le haon ghabhálacha tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rinneadh sa bhliain iascaireachta roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
(a)ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;
(b)tréimhse údaraithe gach soithigh gabhála;
(c)líon iomlán gabhálacha gach soithigh gabhála fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil le linn na tréimhse údaraithe;
(d)an líon iomlán laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na dtréimhsí údaraithe; agus
(e)an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (foghabháil).
(2)Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas chuig an gCoimisiún le haghaidh soithí gabhála a raibh a mbratach ar foluain orthu agus nach raibh údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoirm ná sa Mheánmhuir ach a ghabh tuinníní gorma mar fhoghabháil:
(a)ainm agus uimhir ICCAT nó, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT, cláruimhir náisiúnta an tsoithigh; agus
(b)an líon iomlán gabhálacha tuinníní gorma.
(3)Cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis maidir le haon soithí nach náirítear i míreanna 1 agus 2 ach is eol nó a thoimhdítear a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil.
Airteagal 29
Comhoibríochtaí Iascaireachta
(1)Ní cheadófar aon chomhoibríocht iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma ach amháin má údaraíonn an Ballstát brataí/na Ballstáit bhrataí na soithí rannpháirteacha. Chun údarú a fháil ní mór do gach soitheach peassaighne a bheith feistithe chun iascach ar thuinníní gorma, ní mór cuóta aonair a bheith aige agus ní mór dó na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 31 a chomhlíonadh.
(2)Beidh an cuóta a leithdháilfear ar chomhoibríocht iascaireachta comhionann le hiomlán na gcuótaí a leithdháilfear ar na soithí peassaighne rannpháirteacha.
(3)Ní ghlacfaidh soithí peassaighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peassaighne as PCCanna eile.
(4)Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an fhoirm iarratais ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil ón soitheach peassaighne/ó na soithí peassaighne dá chuid a bheidh ag glacadh páirt i gcomhoibríocht iascaireachta:
(a)an tréimhse údaraithe atá iarrtha don chomhoibríocht iascaireachta;
(b)aitheantas na noibreoirí a bheidh páirteach;
(c)an cuóta atá ag gach soitheach;
(d)an scála leithdháilte idir na soithí maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus
(e)faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.
(5)Deich lá ar a laghad roimh thús na comhoibríochta iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 chuig an gCoimisiún san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Ballstát brataí na soithí iascaireachta eile a bheidh ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta cúig lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta iascaireachta.
(6)I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 5maidir leis an bhfaisnéis faoi na feirmeacha cinn scríbe. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis le force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
ROINN 2
Gabhálacha a Thaifeadadh
Airteagal 30
Ceanglais tuairiscithe
(1)Coinneoidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais logleabhar ar a gcuid oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
(2)Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna B, C agus D d’Iarscríbhinn II.
Airteagal 31
Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí
(1)Déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha a chur in iúl go leictreonach dá mBallstát brataí le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Ní oibleagáid ar na soithí a bheidh i gcalafort iad na tuarascálacha sin ach amháin má tá siad páirteach i gcomhoibríocht iascaireachta. Maidir leis na sonraí a bheidh sna tuarascálacha, is ó logleabhair a thógfar iad agus áireofar orthu dáta, am, suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, lena náirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chuirfidh na máistrí na tuarascálacha.
(2)Cuirfidh máistrí soithí peassaighne na tuarascálacha laethúla dá dtagraítear i mír 1le chéile le haghaidh gach oibríochta iascaireachta, fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil. Déanfaidh máistir an tsoithigh nó a ionadaithe údaraithe na tuarascálacha a chur ar aghaidh chuig Ballstát brataí an tsoithigh faoi 9.00 GMT don lá roimhe.
(3)Déanfaidh oibreoirí gaistí a bheidh ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, nó déanfaidh a nionadaithe údaraithe, tuarascálacha laethúla a chur le chéile agus ní mór na tuarascálacha sin a chur in iúl go leictreonach dá mBallstát brataí laistigh de gach 48 nuair an chloig le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Áireofar sna tuarascálacha sin uimhir an ghaiste ar chlár ICCAT, dáta agus am na gabhála, agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh, fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil agus lena náirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chuirfidh siad an fhaisnéis sin.
(4)Déanfaidh máistrí soithí gabhála seachas soithí peassaighne na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí Dé Máirt ar 12.00 GMT ar a dhéanaí don tseachtain roimhe dar chríoch an Domhnach.
ROINN 3
Tabhairt i dtír agus trasloingsiú
Airteagal 32
Calafoirt ainmnithe
(1)Déanfaidh gach Ballstát ar leithdháileadh cuóta tuinníní gorma dó calafoirt a ainmniú ina gceadófar tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú. Déanfar an fhaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe a áireamh sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon leasú ar an bhfaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl gan mhoill do Rúnaíocht ICCAT.
(2)Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)amanna bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú;
(b)láithreacha bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú; agus
(c)nósanna imeachta bunaithe cigireachta agus faireachais lena náirithítear cigireacht le linn gach ama agus ar gach láthair chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú i gcomhréir le hAirteagal 34.
(3)Beidh toirmeasc ar aon chainníocht tuinníní gorma a niascfar orthu san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí gabhála, agus ó shoithí próiseála agus ó shoithí coimhdeachta, aon áit seachas sna calafoirt a ainmneoidh na PCCanna agus na Ballstáit. Mar eisceacht, féadfar tuinníní gorma marbha a saothraíodh ó ghaiste/ó chaighean a iompar chuig soitheach próiseála le soitheach coimhdeachta má dhéantar i láthair an údaráis rialaithe é.
Airteagal 33
Réamhfhógra maidir le tabhairt i dtír
(1)Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 25. Cuirfear an réamhfhógra faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Ballstát brataí) nó an PCC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.
(2)Sula rachaidh siad isteach sa chalafort, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú ná 12 mhéadar ar fad iad agus soithí a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 25, nó déanfaidh a nionadaithe údaraithe, ceithre uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Ballstát brataí) nó an PCC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír faoin méid seo a leanas ar a laghad:
(a)an tam a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b)meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord;
(c)faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha;
(d)uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm na soithí iascaireachta.
(3)Má údaraítear do na Ballstáit faoi reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais tréimhse fógra a chur i bhfeidhm is giorra ná an tréimhse ceithre uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a chur in iúl ag an am is infheidhme maidir le fógra a thabhairt roimh theacht chun calafoirt. Más giorra ná turas ceithre uair an chloig é an turas idir an tiascach agus an calafort, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.
(4)Coinneoidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thabharfar le haghaidh na bliana reatha.
(5)Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuótaí, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Leagfar amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe a bheidh glactha ag gach Ballstát.
(6)Déanfaidh máistrí soithigh gabhála de chuid an Aontais, beag beann ar fhad iomlán an tsoithigh, laistigh de 48 nuair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích, dearbhú tabhairt i dtír a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit nó an PCC ina ndearnadh an tabhairt i dtír agus faoi bhráid Bhallstát brataí an tsoithigh. Beidh máistir soithigh gabhála freagrach as iomláine agus cruinneas an dearbhaithe agus deimhneoidh sé an céanna. Léireofar sa dearbhú tabhairt i dtír, mar íoscheanglas, na cainníochtaí tuinníní gorma a tugadh i dtír agus an limistéar inar gabhadh iad. Déanfar na gabhálacha go léir a thabharfar i dtír a mheá. Cuirfidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an tabhairt i dtír chuig údaráis an Bhallstáit brataí nó an PCC laistigh de 48 nuair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích.
Airteagal 34
Trasloingsiú
(1)Beidh toirmeasc i ngach cúinse ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh tuinníní gorma á niompar, agus ar shoithí tríú tír a bheidh in uiscí an Aontais, trasloingsiú ar muir.
(2)Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 52(2) agus (3), Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, is i gcalafoirt ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus sna calafoirt sin amháin a thrasloingseoidh soithí iascaireachta gabhálacha tuinníní gorma.
(3)Déanfaidh máistir an tsoithigh glactha nó a ionadaí, 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, an fhaisnéis a liostaítear sa teimpléad don dearbhú trasloingsithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a sholáthar d’údaráis ábhartha Bhallstát an chalafoirt. Beidh sé ina cheangal le haghaidh aon trasloingsiú réamhúdarú a fháil ó Bhallstát brataí nó ó PCC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe lena mbaineann. Thairis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe, tráth an trasloingsithe, na dátaí a iarrtar in Iarscríbhinn V a chur in iúl dá Bhallstát brataí nó dá PCC brataí.
(4)Déanfaidh Ballstát an chalafoirt cigireacht ar an soitheach glactha nuair a bhainfidh sé an calafort amach agus seiceálfaidh sé na cainníochtaí agus an doiciméadacht a bhaineann leis an oibríocht trasloingsithe.
(5)Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig a mBallstát brataí laistigh de 15 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Áireofar ar an dearbhú trasloingsithe uimhir thagartha an r-DGTG chun crosseiceáil na sonraí atá ann a éascú.
(6)Cuirfidh Ballstát an chalafoirt taifead ar an trasloingsiú chuig údarás Bhallstát brataí nó PCC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe laistigh de 5 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích.
(7)Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstáit na gcalafort ainmnithe cigireacht ar gach trasloingsiú.
ROINN 4
Oibleagáidí tuairiscithe
Airteagal 35
Tuarascálacha míosúla ar chainníochtaí
Roimh an 15ú lá de gach mí, cuirfidh gach Ballstát na sonraí chuig an gCoimisiún faoi chainníochtaí na dtuinníní gorma a rinne na soithí iascaireachta nó na gaistí a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin a ghabháil, a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú nó a chur i gcaighean le linn na míosa roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena náirítear faisnéis a bhaineann le foghabhálacha, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d’aon ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 36
Faisnéis maidir le hídiú cuótaí
(1)De bhreis ar Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar gur baineadh amach 80 % den chuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh.
(2)De bhreis ar Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar shoitheach peassaighne ídithe. Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis sin, doiciméadacht lena gcruthaítear an cosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d’eisigh an Ballstát don chabhlach, don ghrúpa trealaimh, don chomhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta aonair agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir.
(3)Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi na dátaí a ídíodh cuóta an Aontais le haghaidh tuinníní gorma.
ROINN 5
Clár Breathnóirí
Airteagal 37
Clár Breathnóirí Náisiúnta
(1)Áiritheoidh gach Ballstát gurb amhlaidh, nuair a dhéanfar breathnóirí náisiúnta a mbeidh doiciméad aitheantais oifigiúil eisithe dóibh a chur amach ar shoithí agus ar ghaistí a bheidh gníomhach san iascach tuinníní gorma, a chumhdóidh sin an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)20 % dá thrálaeir pheiligeacha ghníomhacha (is faide ná 15 m);
(b)20 % dá shoithí spiléir peiligeacha gníomhacha (is faide ná 15 m);
(c)20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha (is faide ná 15 m);
(d)100 % dá shoithí tarraingthe;
(e)100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.
Na Ballstáit ag a bhfuil níos lú ná cúig shoitheach gabhála as na catagóirí atá liostaithe i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír agus atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, áiritheoidh siad go gcumhdóidh sin ar a laghad 20 % den am a mbeidh na soithí gníomhach san iascach tuinníní gorma, má chuirtear breathnóirí náisiúnta amach.
(2)Déanfaidh na breathnóirí náisiúnta na tascanna seo a leanas go háirithe:
(a)faireachán ar an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soithí iascaireachta agus ag gaistí;
(b)taifeadadh agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireachta, lena náireofar an méid seo a leanas:
(a)an méid a gabhadh (foghabháil san áireamh), agus staid na gabhála (coinníodh ar bord iad nó aischuireadh iad agus iad marbh nó beo);
(b)limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;
(c)tomhas na hiarrachta (amhail an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;
(d)dáta na gabhála.
(c) iontrálacha a cuireadh sa logleabhar a fhíorú;
(d)soithí a d’fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe ICCAT a aimsiú agus a thaifeadadh.
(3)De bhreis ar na tascanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta, lena náirítear na sonraí is gá a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.
(4)Na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileofar faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit soláthrófar don Choimisiún iad agus cuirfidh an Coimisiún chuig SCRS nó chuig Rúnaíocht ICCAT iad de réir mar is iomchuí.
(5)Chun críocha mhíreanna 1 go 3, áiritheoidh gach Ballstát:
(a) go ndéanfar ionadaíocht ama agus spásúil d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, leis an iarracht agus le gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis na cabhlaigh agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;
(b) go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;
(c) go mbeidh na breathnóirí oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;
(d)a mhéid is féidir, go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 38
Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT
(1)Áiritheoidh na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VIII é.
(2)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:
(a)ar gach soitheach peassaighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma;
(b)gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó shoitheach peassaighne;
(c)gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;
(d)le linn gach aistrithe ó fheirm amháin go feirm eile;
(e)gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha;
(f)gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar fheirmeacha; agus
(g)nuair a scaoilfear tuinníní gorma ó chaighin feirmeoireachta isteach san fharraige.
(3)Ní údarófar do shoithí peassaighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu iascach ar thuinníní gorma.
(4)Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na noibríochtaí cur i gcaighean. I gcásanna force majeure, agus tar éis d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann na cúinsí sin is cúis le force majeure a dheimhniú, féadfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin a shannadh do dhá fheirm san am céanna chun a ráthú go leanfar d’oibríochtaí feirmeoireachta. Ach an Ballstát atá freagrach as na feirmeacha iarrfaidh sé láithreach go gcuirfear breathnóir réigiúnach breise ar fáil.
(5)Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:
(a)breathnóireacht agus faireachán ar oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT, lena náirítear trí rochtain ar phíosaí scannáin ó cheamara steiréascópach tráth a chuirfear na héisc i gcaighean trínar féidir an fad a thomhas agus meastachán a dhéanamh ar an meáchan comhfhreagrach;
(b)na dearbhuithe aistrithe ICCAT agus na DGTGanna a shíniú nuair a bheidh an fhaisnéis a bheidh iontu ag teacht lena chuid barúlacha féin. Seachas sin, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na dearbhuithe aistrithe agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nóis imeachta nár urramaíodh;
(c)obair eolaíochta, lena náirítear samplaí a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.
(6)Ní chuirfidh máistrí, criúnna ná úinéirí feirmeacha, gaistí nó soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha a bheidh i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh siad isteach orthu ná ní imreoidh siad tionchar orthu ar mhodh ar bith.
ROINN 6
Oibríochtaí aistrithe
Airteagal 39
Údarú aistrithe
(1)Roimh aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó a ionadaithe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste san áit a dtionscnaítear an taistriú réamhfhógra um aistriú a chur chuig an mBallstát brataí nó chuig an mBallstát atá freagrach as an bhfeirm nó as an ngaiste agus léireofar sa réamhfhógra sin:
(a)ainm an tsoithigh gabhála, na feirme nó an ghaiste agus an uimhir thaifid ICCAT;
(b)an tam a mheastar a dhéanfar an taistriú;
(c)meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma atá le haistriú;
(d)faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an taistriú mar aon le huimhreacha aitheantais na gcaighean;
(e)ainm an tsoithigh tarraingthe, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an uimhir thaifid ICCAT i gcás inarb iomchuí; agus
(f)an calafort, an fheirm nó an caighean is ceann scríbe ag na tuinníní gorma.
(2)Chun críoch mhír 1, sannfaidh na Ballstáit uimhir uathúil do gach caighean iompair. Más gá níos mó ná caighean iompair amháin a úsáid nuair a bheifear ag aistriú gabháil a bhaineann le hoibríocht iascaireachta amháin, ní bheidh gá ach le dearbhú aistrithe amháin, ach déanfar uimhir gach caighin iompair a thaifeadadh sa dearbhú aistrithe agus léireofar go soiléir ann an chainníocht tuinníní gorma a iompraíodh i ngach caighean.
(3)Déanfar uimhreacha a eisiúint de réir córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint an chóid alfa-3 a chomhfhreagraíonn do bhratach na soithí tarraingthe. Beidh uimhreacha caighin uathúla buan agus ní bheidh siad inaistrithe idir caighin.
(4)Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1uimhir údaraithe le haghaidh gach oibríochta aistrithe a shannadh agus a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí. San uimhir údaraithe, beidh cód trí litir an Bhallstáit, ceithre uimhir a léireoidh an bhliain, mar aon le trí litir a léireoidh údarú dearfach (AUT) nó diúltach (NEG), agus leanfaidh uimhreacha seicheamhacha an méid sin.
(5)Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1an taistriú a údarú, nó diúltóidh sé é a údarú, laistigh de 48 nuair an chloig tar éis an réamhfhógra um aistriú a chur faoina bhráid. Ní chuirfear tús leis an oibríocht aistrithe gan údarú dearfach a bheith eisithe roimh ré.
(6)Ní réamhbhreith ar dheimhniú na hoibríochta cur i gcaighean é an túdarú aistrithe.
Airteagal 40
Diúltú an taistriú a údarú agus tuinníní gorma a scaoileadh
(1)An Ballstát a bheidh freagrach as an soitheach gabhála nó tarraingthe, as an bhfeirm nó as an ngaiste, diúltóidh sé an taistriú a údarú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra um aistriú a fháil:
(a)nach raibh a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;
(b)nach bhfuil an chainníocht iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste nó nár údaraíodh an chainníocht sin iasc a chur i gcaighean;
(c)nach raibh údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26 ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc, nó;
(d)maidir leis an soitheach tarraingthe ar dearbhaíodh gurbh é a fuair an taistriú iasc, nach bhfuil sé cláraithe i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta eile dá dtagraítear in Airteagal 25 nó nach bhfuil córas faireacháin soithí (CFS) nó gaireas rianaithe coibhéiseach lánfheidhmiúil feistithe air.
(2)Mura núdarófar an taistriú, déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí, ordú scaoilte a eisiúint láithreach do mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí, chun a chur in iúl dóibh nach bhfuil an taistriú údaraithe agus a cheangal orthu na héisc a scaoileadh isteach san fharraige i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.
(3)I gcás cliseadh teicniúil ar a CFS le linn iompar chuig an bhfeirm, déanfar soitheach tarraingthe eile ar a mbeidh CFS lánfheidhmiúil a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe, nó suiteálfar nó úsáidfear CFS lánfheidhmiúil nua, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chliste. Mar eisceacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 72 uair an chloig sin i gcás force majeure nó srianta oibríochtúla dlisteanacha. Cuirfear an cliseadh teicniúil in iúl láithreach don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi. Déanfaidh an máistir nó a ionadaí, ón tráth a bhraithfear an cliseadh teicniúil go dtí go leigheasfar é, comhordanáidí nuashonraithe geografacha an tsoithigh iascaireachta a chur in iúl trí mhodh iomchuí teileachumarsáide gach ceathrú huair an chloig d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí.
Airteagal 41
Dearbhú aistrithe
(1)Déanfaidh máistrí soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí feirmeacha nó gaistí an dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
(2)Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an taistriú na foirmeacha maidir le dearbhú aistrithe a uimhriú. Áireofar in uimhir na foirme dearbhaithe cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir ITD ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).
(3)Beidh an dearbhú aistrithe bunaidh ag gabháil leis an aistriú. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta nó oibreoir an ghaiste nó na feirme cóip den dearbhú.
(4)Déanfaidh máistrí soithí a bheidh i mbun oibríochtaí aistrithe a ngníomhaíochtaí a thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
(5)Déanfar faisnéis maidir le héisc mharbha a thaifeadadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
Airteagal 42
Faireachán le físcheamara
(1)Áiritheoidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste go ndéanfar faireachán ar an aistriú le físcheamara san uisce d’fhonn líon na niasc a bheidh á naistriú a fhíorú. Déanfar an fístaifeadadh i gcomhréir leis na híoscheanglais agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
(2)Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na fístaifeadtaí don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig SCRS iad arna iarraidh sin orthu.
Airteagal 43
An fíorú a dhéanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus imscrúduithe a dhéanamh
(1)Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh gabhála agus an ghaiste agus dá dtagraítear in Airteagal 38 agus in Iarscríbhinn VIII:
(a)taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéanfar;
(b)breathnóireacht agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a aistríodh; agus
(c)iontrálacha a cuireadh sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 39, agus sa dearbhú aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 41, a fhíorú.
(2)I gcás ina mbeidh difríocht is mó ná 10 % den líon idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach, na húdaráis rialaithe ábhartha nó máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir an ghaiste nó na feirme, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Beidh an timscrúdú sin curtha i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm agus in aon chás laistigh de 96 uair an chloig tar éis an timscrúdú a thionscnamh, ach amháin i gcásanna force majeure. Ní údarófar cur i gcaighean ná ní bhailíochtófar an chuid ábhartha den DGTG go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe.
(3)I gcásanna nach mbeidh caighdeán nó soiléireacht an fhístaifeadta ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, áfach, féadfaidh máistir an tsoithigh nó oibreoir na feirme nó an ghaiste a iarraidh údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a údarú oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar don bhreathnóir réigiúnach. Mura mbeidh toradh sásúil ar an aistriú deonach rialaithe sin, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Más rud é, tar éis imscrúdú, go ndeimhneofar nach féidir meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a bhí i gceist san aistriú mar gheall ar cháilíocht an fhíseáin, ordóidh údaráis rialaithe an Bhallstáit fhreagraigh oibríocht aistrithe rialaithe agus soláthróidh sé an fístaifeadadh comhfhreagrach don bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Déanfar aistrithe nua mar aistriú/aistrithe rialaithe go dtí gur féidir meastacháin a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh de bharr cháilíocht an fhístaifeadta.
(4)Gan dochar do na fíoruithe a dhéanfaidh cigirí, ní shíneoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an dearbhú aistrithe ach i gcás ina mbeidh a chuid barúlacha ag teacht le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina mbeidh an fhaisnéis ar an dearbhú aistrithe ag teacht lena chuid barúlacha agus ina náirítear fístaifeadadh comhlíontach san fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3. Fíoróidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT chomh maith gur cuireadh an dearbhú aistrithe ICCAT ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó ionadaí an ghaiste i gcás inarb infheidhme. Mura naontóidh an breathnóir de chuid ICCAT leis an dearbhú aistrithe, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na dearbhuithe aistrithe agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nóis imeachta nár urramaíodh.
(5)Déanfaidh máistrí na soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí na bhfeirmeacha nó na ngaistí an dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Cuirfidh na Ballstáit an dearbhú aistrithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT é gan mhoill.
Airteagal 44
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67.
ROINN 7
Oibríochtaí Cur i gCaighean
Airteagal 45
Údarú cur i gcaighean agus an fhéidearthacht go ndiúltófaí údarú
(1)Sula gcuirfear tús le hoibríochtaí cur i gcaighean le haghaidh gach caighin iompair, beidh toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire i ngaireacht 0,5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta. Chuige sin, is gá comhordanáidí geografacha a chomhfhreagraíonn don pholagán ina bhfuil an fheirm suite a bheith ar fáil sna pleananna bainistithe feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 14.
(2)Sula mbeidh aon oibríocht cur i gcaighean ann, iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm ar an mBallstát nó ar an PCC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste a ghabh na tuinníní gorma atá le cur i gcaighean an cur i gcaighean a fhormheas.
(3)Diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas má mheasann sé:
(a)nach raibh cuóta leordhóthanach le haghaidh tuinníní gorma ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a ghabh na héisc;
(b)nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an chainníocht iasc a thuairisciú go cuí, nó;
(c)nach bhfuil údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26 ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc.
(4)Má dhiúltaíonn an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas, déanfaidh sé:
(a)údarás inniúil an Bhallstáit nó an PCC atá freagrach as an bhfeirm a chur ar an eolas faoi; agus
(b)a iarraidh ar an údarás inniúil sin dul ar aghaidh leis na gabhálacha a urghabháil agus leis na héisc a scaoileadh isteach san fharraige.
(5)Ní chuirfear tús leis an gcur i gcaighean gan formheas arna eisiúint laistigh de lá oibre tar éis na hiarrata a bheith faighte ón mBallstát nó ón PCC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste nó ón mBallstát atá freagrach as an bhfeirm má chomhaontaítear sin le húdaráis an Bhallstáit nó an PCC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste. Mura bhfaighfear aon fhreagra laistigh de lá oibre ó údaráis an Bhallstáit nó an PCC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm an oibríocht cur i gcaighean a údarú.
(6)Cuirfear éisc i gcaighean roimh an 22 Lúnasa gach bliain mura rud é go soláthróidh údaráis inniúla an Bhallstáit nó an PCC atá freagrach as an bhfeirm cúiseanna bailí lena náirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil maidir le cur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. In aon chás, ní chuirfear na héisc i gcaighean tar éis an 7 Meán Fómhair gach bliain.
Airteagal 46
Doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm
Cuirfidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha toirmeasc ar thuinníní gorma a chur i gcaighean mura dtabharfar na doiciméid a éilíonn ICCAT faoi chuimsiú an chláir maidir le doiciméid um ghabháil ó Rialachán (AE) Uimh. 640/2010. Ní mór don doiciméadacht a bheith cruinn críochnaitheach, agus déanfaidh an Ballstát nó an PCC atá freagrach as na soithí gabhála nó na gaistí í a bhailíochtú.
Airteagal 47
Cigireachtaí
Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.
Airteagal 48
Faireachán le físcheamara
Áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfaidh a núdaráis rialaithe faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifeadadh le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Iarscríbhinn X.
Airteagal 49
Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh
I gcás ina mbeidh difríocht is mó ná 10 % de réir uimhreach idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, údaráis rialaithe na mBallstát ábhartha agus/nó oibreoir na feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát nó leis an PCC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh. Féadfaidh an Ballstát a bheidh ag gabháil do na himscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile a bheidh faoina réir aige, lena náirítear torthaí na gclár cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 50
Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma le cur i gcaighean
(1)Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le clár ina núsáidtear córais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha a ráthaíonn an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis, go gcumhdóidh clár den sórt sin 100 % de gach oibríocht cur i gcaighean chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na niasc.
(2)Déanfar an clár sin a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Ní úsáidfear modhanna malartacha ach amháin más rud é go mbeidh siad formhuinithe ag ICCAT le linn an chruinnithe bhliantúil.
(3)Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir sin a chur in iúl don Bhallstát nó don PCC atá freagrach as na soithí gabhála agus don eintiteas a oibríonn an clár breathnóirí réigiúnacha thar ceann ICCAT.
(4)I gcás ina léireoidh torthaí an chláir nach ionann líon na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus/nó a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an PCC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh.
(5)Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste ordú scaoilte a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn XII le haghaidh na gcainníochtaí a cuireadh i gcaighean agus is mó ná na cainníochtaí a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh más rud é:
(a)nach mbeidh an timscrúdú dá dtagraítear i mír 4curtha i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón tráth a cuireadh in iúl torthaí an chláir le haghaidh oibríochta cur i gcaighean amháin nó le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean ó chomhoibríocht iascaireachta; nó
(b)go léireoidh toradh an imscrúdaithe gur mó líon agus/nó meánmheáchan na dtuinníní gorma ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh.
Déanfar an bhreis a scaoileadh i láthair údaráis rialaithe.
(6)Úsáidfear torthaí an chláir chun a chinneadh an gá éisc a scaoileadh agus déanfar na dearbhuithe cur i gcaighean agus na codanna ábhartha den DGTG a líonadh isteach dá réir sin. Nuair a bheidh ordú scaoilte eisithe, iarrfaidh oibreoir na feirme údarás rialaithe náisiúnta agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair chun faireachán a dhéanamh ar an scaoileadh.
(7)Cuirfidh na Ballstáit torthaí an chláir faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS faoin 15 Meán Fómhair gach bliain lena meas.
(8)Ní dhéanfar tuinníní gorma beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta go caighean feirmeoireachta eile gan údaráis rialaithe an Bhallstáit nó an PCC atá freagrach as an bhfeirm údarú a thabhairt agus a bheith i láthair. Déanfar gach aistriú a thaifeadadh chun an líon eiseamal a rialú. Déanfaidh na húdaráis rialaithe náisiúnta faireachán ar na haistrithe sin agus áiritheoidh siad go ndéanfar gach aistriú idir feirmeacha a thaifeadadh sa chóras r-DGTG.
(9)Má bhíonn difríocht 10 % nó níos mó idir na cainníochtaí tuinníní gorma a tuairiscíodh a ghabh an soitheach nó an gaiste agus na cainníochtaí a shuigh an ceamara rialaithe an tráth a chuirfear na héisc i gcaighean, d’fhéadfadh sé gur neamhchomhlíonadh ag an soitheach nó ag an ngaiste lena mbaineann é sin. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí.
Airteagal 51
Dearbhú cur i gcaighean
(1)Laistigh de sheachtain ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm dearbhú cur i gcaighean de réir Iarscríbhinn XIV a chur faoi bhráid an Bhallstáit nó an PCC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí na tuinníní gorma, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é freisin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
(2)Chun críoch mhír 1, ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú a bheidh seolta agus le haon ordú scaoilte a bheidh ordaithe.
Airteagal 52
Aistrithe ar fheirmeacha agus rialuithe randamacha
(1)Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as na feirmeacha córas inrianaitheachta a chur ar bun, lena náirítear fístaifeadadh aistrithe inmheánacha.
(2)Déanfaidh údaráis rialaithe na mBallstát atá freagrach as na feirmeacha rialuithe randamacha, ar bhonn anailís riosca, ar thuinníní gorma a choinnítear i gcaighin feirmeoireachta idir an tráth a dhéantar na hoibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích bliain ar leith agus an chéad chur i gcaighean an bhliain dár gcionn.
(3)Chun críoch mhír 2, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha céatadán íosta iasc a bheidh le rialú a leagan síos. Leagfar an céatadán sin amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13. Déanfaidh gach Ballstát torthaí na rialaithe randamacha a dhéanfar gach bliain a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT i mí Aibreáin an bhliain dár gcionn.
Airteagal 53
Rochtain ar fhístaifeadtaí agus ceanglais maidir le fístaifeadtaí
(1)Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go ndéanfar na fístaifeadtaí dá dtagraítear in Airteagail 48 agus 50 a chur ar fáil do na cigirí náisiúnta agus do bhreathnóirí réigiúnacha agus náisiúnta de chuid ICCAT.
(2)Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá chun nach ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar na fístaifeadtaí bunaidh.
Airteagal 54
Tuarascáil maidir le cur i gcaighean
Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dearbhuithe cur i gcaighean a chur isteach faoi Airteagal 51 cuirfidh siad tuarascáil maidir le cur i gcaighean chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Iúil don bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Lúnasa gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil:
(a)méid iomlán na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean de réir feirme, lena náirítear an méid a cailleadh ó thaobh lín agus meáchain de le linn a niompartha chuig na caighin de réir feirme ag soithí iascaireachta agus gaistí;
(b)an liosta de na soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma nó ag soláthar nó ag iompar tuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta (ainm an tsoithigh, an bhratach, uimhir an cheadúnais, an cineál trealaimh) agus de na gaistí;
(c)torthaí an chláir samplála le haghaidh an mheastacháin ar líon na dtuinníní gorma a gabhadh de réir méide, mar aon le dáta, am agus limistéar na gabhála agus an modh iascaireachta a úsáideadh, chun feabhas a chur ar na staitisticí chun críoch measúnaithe stoc;
Leis an gclár samplála, maidir le sampláil méide (fad nó meáchan) ag caighin, ní mór sin a dhéanamh ar shampla amháin (= 100 eiseamal) in aghaidh gach 100 t d’éisc bheo, nó ar shampla 10 % den líon iomlán iasc a cuireadh i gcaighean. Baileofar samplaí méide le linn saothrú ar an bhfeirm agus ar na héisc mharbha le linn a niompartha de réir Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach. I gcás éisc a ndéantar feirmeoireacht orthu níos mó ná bliain, leagfar síos modheolaíochtaí samplála. Déanfar an tsampláil le linn aon saothrú, agus cumhdóidh sí gach caighean;
(d)cainníochtaí na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus meastachán ar na rátaí fáis agus básmhaireachta le linn dóibh a bheith i mbraighdeanas agus ar na méideanna a díoladh de réir tonaí. Is de réir feirme a sholáthrófar an fhaisnéis sin;
(e)na cainníochtaí tuinníní gorma a cuireadh i gcaighean le linn na bliana roimhe; agus
(f)na cainníochtaí, de réir a náite bunaidh, a cuireadh ar an margadh an bhliain roimhe.
Airteagal 55
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67.
ROINN 8
Faireachán agus faireachas
Airteagal 56
Córas faireacháin soithí
(1)De mhaolú ar Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit bhrataí córas faireacháin soithí (CFS) chun feidhme le haghaidh na soithí iascaireachta dá gcuid atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad i gcomhréir le hIarscríbhinn XV.
(2)Soithí iascaireachta is faide ná 15 mhéadar ar fad agus atá ar áireamh ar an liosta de shoithí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), nó ar an liosta de shoithí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(1), tosóidh siad ar shonraí ón CFS a tharchur chuig ICCAT 5 lá ar a laghad roimh a dtréimhse údaraithe agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 5 lá ar a laghad tar éis a dtréimhse údaraithe, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.
(3)Chun críoch rialaithe, áiritheoidh an máistir nó a ionadaí nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort.
(4)Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a lárionad faireacháin iascaigh, i bhfíor-am agus an fhormáid “https data feed” á núsáid acu, na teachtaireachtaí ón CFS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh go leictreonach chuig Rúnaíocht ICCAT.
(5)Áiritheoidh na Ballstáit:
(a)go ndéanfar teachtaireachtaí ón CFS ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair an chloig ar a laghad;
(b)i gcás mífheidhm theicniúil ar an CFS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a fuarthas de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig tar éis dá lárionad faireacháin iascaigh iad a fháil;
(c)go mbeidh uimhriú seicheamhach (agus aitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;
(d)go mbeidh teachtaireachtaí a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.
(6)Áiritheoidh gach Ballstát go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d’oibríochtaí cigireachta ar muir.
ROINN 9
Cigireacht agus Forfheidhmiú
Airteagal 57
Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta
(1)Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“Scéim ICCAT”) le haghaidh rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.
(2)Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma cigirí a cheapadh agus cigireachtaí a dhéanamh ar muir faoi Scéim ICCAT.
(3)I gcás go mbeidh níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le tuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn anailís riosca, soitheach cigireachta a chur amach chun críche cigireachta agus rialaithe ar muir i Limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin ann lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i Limistéar an Choinbhinsiúin.
(4)Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.
(5)Chun críoch mhír 3, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascach ar thuinníní gorma na bearta is gá chun cur chun feidhme na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí ar lena linn a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina núsáidfear iad.
(6)Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, plean a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.
Airteagal 58
Cigireachtaí i gcás sáruithe
Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain air faoina údarás ina chalafoirt nó go ndéanfaidh cigire a bheidh ainmnithe aige é nuair nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt más rud é, maidir leis an soitheach iascaireachta:
(a)nár chomhlíon sé na ceanglais taifeadta agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 30 agus 31; nó
(b)go ndearna sé sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó sárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 59
Crosseiceáil
(1)Fíoróidh gach Ballstát faisnéis agus gur cuireadh isteach in am trátha tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha breathnóirí, sonraí ón CFS agus, i gcás inarb iomchuí, r-DGTGanna, logleabhair agus a soithí iascaireachta, doiciméid aistrithe/trasloingsithe agus doiciméid ghabhála i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
(2)Déanfaidh gach Ballstát crosseiceálacha ar gach tabhairt i dtír, trasloingsiú nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú trasloingsithe agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú tabhairt i dtír nó ar an dearbhú cur i gcaighean, agus aon doiciméad ábhartha eile, amhail sonrasc agus/nó nótaí díolacháin.
ROINN 10
Forfheidhmiú
Airteagal 60
Forfheidhmiú
Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm/as na feirmeacha tuinníní gorma bearta forfheidhmiúcháin iomchuí maidir le feirm i gcás ina mbeidh sé suite, i gcomhréir lena dhlí, nach gcomhlíonann an fheirm sin forálacha Airteagail 45 go 55. Féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh sna bearta, agus é sin ag brath ar a thromchúisí a bhí an cion agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, an taifead ar an bhfeirm tuinníní gorma a fhionraí nó a aistarraingt agus fíneálacha a fhorchur.
ROINN 6
Cur ar an margadh
Airteagal 61
Bearta cur ar an margadh
(1)Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil a dhéanamh, ar iad a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú mura mbeidh doiciméadacht ag gabháil leo arb í an doiciméadacht chruinn chríochnaitheach bhailíochtaithe í a leagtar amach sa Rialachán seo, in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus i reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcuirtear rialacha ICCAT maidir leis an gclár maidir le doiciméid um ghabháil chun feidhme.
(2)Maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil a dhéanamh, ar a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú más rud é:
(a)gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta, teorainn ghabhála ná leithdháileadh iarrachta iascaireachta aige le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma, nó;
(b)gur soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta aonair nó a raibh deiseanna iascaireachta a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh na tuinníní gorma.
(3)Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil a dhéanamh, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a phróiseáil agus a onnmhairiú más tuinníní gorma iad as feirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.
ROINN 7
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 62
Meastóireacht
Má iarrann an Coimisiún é, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe ar chomhlíonadh an Rialacháin seo acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún, faoin dáta a chinnfidh ICCAT, tuarascáil mhionsonraithe ar chur chun feidhme Mholadh 18-02 ó ICCAT a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.
Airteagal 63
Maoiniú
Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 é an Rialachán seo.
Airteagal 64
Rúndacht
Na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 65
An nós imeachta maidir le leasuithe
(1)Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 a bhaineann le leasuithe ar an Rialachán seo chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag ICCAT a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)an sprioc maidir le básmhaireacht iasc chun an bhithmhais stoic a choinneáil de réir na huastáirgeachta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 3;
(b)na sprioc-amanna ar fúthu nach mór faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagail 23(4), 25(1), 28(1), 31(2) agus (3), 34(5) agus (6), 35, 40(3), 43(2), 50(7), 51(1), 54, 56(5)(b) agus 57(6);
(c)na tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí iascaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) agus (4);
(d)an tíosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Airteagail 18(1) agus (2) agus 19(1);
(e)na céatadáin agus na paraiméadair thagartha a leagtar síos in Airteagail 12, 14(3) agus (4), 19(1), 20(2), 37(1), 43(2), 49 agus 50(9);
(f)an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin agus dá dtagraítear in Airteagail 10(1), 23(1), 24(3), 28(1), 29(4), 33(2), 39(1) agus 54;
(g)na tascanna le haghaidh breathnóirí náisiúnta agus breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá bhforáiltear in Airteagail 37(2) agus 38(5) faoi seach;
(h)na cúiseanna le diúltú an údaraithe aistrithe a leagtar síos in Airteagal 40(1);
(i)na cúiseanna leis na gabhálacha a urghabháil agus lena ordú na héisc a scaoileadh faoi Airteagal 45(4);
(j)an líon soithí in Airteagal 57(3);
(k)Iarscríbhinní I go XV.
(2)Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó na bhforlíontaí ar an moladh lena mbaineann ó ICCAT i ndlí an Aontais.
Airteagal 66
An tarmligean a fheidhmiú
(1)Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
(2)Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 65 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(3)Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 65 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
(4)Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
(5)A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
(6)Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 65 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 67
Nós Imeachta Coiste
(1)Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
(2)I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 68
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 mar a leanas:
(a) scriostar Airteagail 3(g) go (j), 4a, 4b, agus 4c agus Iarscríbhinn Ia;
(b)in Iarscríbhinní I agus II, scriostar na focail “Tuinnín gorm: Thunnus thynnus”.
Airteagal 69
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2107
I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 43.
Airteagal 70
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/833
I Rialachán (AE) 2019/833, scriostar Airteagal 53.
Airteagal 71
Aisghairm
(1)Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2016/1627.
(2)Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI.
Airteagal 72
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán