Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0474

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

COM/2018/474 final

Strasbourg,12.6.2018

COM(2018) 474 final

2018/0258(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,
an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

{SWD(2018) 347}
{SWD(2018) 348}
{SEC(2018) 315}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún pacáiste le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 1 . Mhol an Coimisiún buiséad nua, nua-aimseartha agus fadtéarmach, agus é go mór in oiriúint do thosaíochtaí polaitiúla Aontas an 27. Sa bhuiséad atá beartaithe, nasctar ionstraimí nua le cláir nuachóirithe chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach go héifeachtúil. Ag cur leis an mbonn sin, tá Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha nua á bheartú ag an gCoimisiún faoin gceannteideal buiséid Imirce agus Bainistiú Teorainneacha. Tá sé mar aidhm ag an gCiste nua sin tacaíocht ríthábhachtach threisithe a thabhairt don Bhallstát chun teorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais a dhaingniú.

Beidh an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha ina chuidiú chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhbheartas víosaí agus chun tacú le cur chun feidhme an bhainistithe comhtháite teorainneacha Eorpaigh ag na Ballstáit, chun imirce neamhrialta a chomhrac agus chun trádáil agus taisteal dlisteanach a éascú. Ba cheart cistiú a bheith ar fáil do na Ballstáit i rith an ama chun tacú leo a nacmhainneacht sna réimsí sin a fhorbairt agus a fheabhsú, agus chun an comhar a threisiú, lena náirítear comhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Choimisiúin. Beidh ról ag an gCiste freisin chun tuilleadh aonfhoirmeachta a áirithiú i bhfeidhmíocht na rialuithe custaim ag na teorainneacha seachtracha, trí aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir na Ballstáit i ngeall ar dhifríochtaí ar bhonn tíreolaíoch, agus éagsúlachtaí san acmhainneacht agus sna hacmhainní atá ar fáil. Faoin gcreat sin, is éard a bheidh sa Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha atá beartaithe, ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí, agus ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim.

Baineann an togra seo leis an ionstraim um threalamh rialaithe custaim amháin. An togra ar leithligh a chumhdaíonn an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí, tá sé á thíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhthráth.

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom ar bhonn Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Leis an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil le haghaidh custaim (an clár custaim), atá ar bun ó 1991 2 , déantar foráil maidir le cistiú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí comhair idir na húdaráis chustaim, le haghaidh córais leictreonacha agus le haghaidh fothú acmhainneachta riaracháin, agus is dea-chomhlánú é ar na tionscnaimh agus na hinfheistíochtaí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta sa réimse seo. Mar sin féin, ní dhéantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht ná na hacmhainní trealamh a chistiú lena úsáid chun rialuithe custaim a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh. Go dtí seo, is beag tacaíocht a tugadh don riachtanas sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le hionstraimí eile (Hercule III 3 , an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach 4 , Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 5 ).

Le linn na hidirbheartaíochta ar an togra maidir leis an gclár Custam 2020 sa Chomhairle, diarr na Ballstáit ar an gCoimisiún anailís costais agus sochair a dhéanamh ar threalamh brathadóireachta agus ar an teicneolaíocht ghaolmhar chun gur éasca dúdaráis chustaim uirlisí nua-aimseartha rialaithe custaim a fháil tar éis 2020. Cuireadh an tiarratas sin isteach in aithris 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 lena mbunaítear an clár custaim don tréimhse 2014–2020. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle conclúidí 6 an 23 Bealtaine 2017 inar iarr sé ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh, faoi lár 2018 ar a dhéanaí, maidir leis na hacmhainní airgeadais is gá a sholáthar chun na huirlisí iomchuí a cheannach do rialuithe custaim, lena náirítear an fhéidearthacht na hacmhainní sin a leithdháileadh trí aon chiste amháin.

Ó shin i leith, tá sé ráite arís agus arís eile ag na Ballstáit go bhfuil tacaíocht airgeadais ag teastáil do threalamh rialaithe custaim agus tá anailís chuimsitheach ar an gceist iarrtha acu ón nGrúpa um Beartas Custaim 7 .

Mar fhreagra ar na hiarrataí sin, sa Teachtaireacht uaidh in 2016 maidir leis an Aontas Custaim agus a Rialachas a fhorbairt 8 , daithin an Coimisiún gurbh ann don tsaincheist seo agus dfhógair sé, maidir leis an bhféidearthacht riachtanais trealaimh a mhaoiniú ó chláir airgeadais an Choimisiúin amach anseo, go ndéanfadh sé an fhéidearthacht sin a mheas agus meastóireacht uirthi i measúnuithe tionchair na chéad ghlúine eile den chlár custaim. Ina dhiaidh sin, i Márta 2017, leag an Chomhairle béim arís ina conclúidí maidir le cistiú custaim gur gá don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit freagra a thabhairt ar dhomhandú na trádála agus domhandú na coireachta san am céanna, agus fanacht bord ar bord leis an domhandú sin, agus gur gá dóibh dul i ngleic leis na bagairtí atá ann dá bharr sin, rud a éilíonn trealamh leordhóthanach chun tacú le feidhmiú éifeachtúil an aontais custaim mar aon le cistiú chun an trealamh teicneolaíochta is gá a chur ar fáil do na húdaráis chustaim chun rialuithe a dhéanamh ar earraí a bheidh ag trasnú teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh.

Thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht agus measúnú a dhéanamh roimh dheireadh 2017 ar an bhféidearthacht na riachtanais i dtaca le trealamh teicniúil a chistiú ó chláir airgeadais an Choimisiúin amach anseo, agus comhordú agus comhar a fheabhsú idir na húdaráis chustaim agus údaráis um fhorfheidhmiú dlí eile chun críocha cistiúcháin, trí chomhpháirtíocht níos fearr a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.

I rúin éagsúla uaidh 9 , mheas Parlaimint na hEorpa freisin gur bunchloch den Aontas Eorpach an taontas custaim, ar ceann de na bloic trádála is mó ar domhan é, agus go bhfuil sé riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair chun leasa ghnólachtaí agus shaoránaigh an Aontais Eorpaigh araon. Dá bhrí sin, diarr sí ar an gCoimisiún freisin straitéis agus amlíne a chur ar bun a bheadh soiléir, comhleanúnach agus uaillmhianach chun a áirithiú go gcumhdófaí le tograí iomchuí aon eilimintí ba ghá chun córais chustaim an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú, ar tograí iad atá ag teacht leis an bhforbairt atá ar siúl faoi láthair ar an trádáil dhomhanda agus ar chur chun feidhme chlár oibre bheartas trádála an Aontais Eorpaigh agus atá oiriúnach don fheidhm atá leo. Freagra ar an iarraidh sin is ea cuspóir sonrach na hionstraime seo cuidiú le rialú custaim a bheidh leordhóthanach agus coibhéiseach trí threalamh rialaithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú.

An ionstraim nua atá beartaithe le haghaidh trealamh rialaithe custaim, tá sé ceaptha coibhéis a fheabhsú i dtaca le feidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát chun atreorú sreafaí earraí i dtreo na bpointí is laige dá bhfuil ann a sheachaint. A bhuí le hidirghabháil thiomanta an Aontais le haghaidh trealamh rialaithe custaim, beifear in ann tacú le ceannach, cothabháil agus uasghrádú trealaimh brathadóireachta incháilithe le haghaidh rialuithe custaim sa chiall is leithne. Cumhdófar leis an Ionstraim freisin trealamh brathadóireachta arna úsáid chun críocha rialuithe sa bhreis ar rialuithe custaim fad agus go bhfanann rialuithe custaim de bheith mar phríomhchuspóir.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach ina iomláine le cuspóirí an aontais custaim agus beidh sé ina chuidiú chun na cuspóirí sin a baint amach. Tá sé ríthábhachtach rialuithe custaim coibhéiseacha a chinntiú ag teorainn sheachtrach an Aontais Eorpaigh chun atreorú sreafaí earraí i dtreo na bpointí is laige dá bhfuil ann a sheachaint. Tá tábhacht leis sin, ní hamháin i ngeall ar an bhfeidhm a bhí ag na húdaráis chustaim go traidisiúnta ioncam a bhailiú, ach chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. San am céanna, níor cheart na rialuithe sin lena rialaítear gluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha bac a chur le trádáil dhlisteanach ach í a éascú. Faoi láthair, áfach, tá éagothroime ann i ngeall ar na difríochtaí idir an acmhainneacht agus na hacmhainní atá ar fáil sna Ballstáit. An cumas atá sna Ballstáit freagra a thabhairt ar dhúshláin ar toradh iad ar shamhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair atá ag forbairt i rith an ama, ní ar an ngné dhaonna amháin a bhíonn sé ag brath, ach ar threalamh rialaithe custaim atá nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ar fáil freisin.

Beidh an ionstraim atá beartaithe ina comhlánú ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár custaim. Go háirithe, leis an ionstraim um threalamh rialaithe custaim, ní thacófar ach le ceannach, le cothabháil agus le huasghrádú an trealaimh incháilithe, ach leis an gclár custaim, tacófar le gach gníomhaíocht ghaolmhar, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach ina iomláine le beartais an Aontais i réimse na sábháilteachta agus na slándála. Ó bunaíodh an taontas custaim, tá athruithe suntasacha tagtha ar ról na núdarás custaim i mbainistiú na teorann seachtraí agus tá níos mó cúraimí orthu ná mar a bhíodh faoina ról traidisiúnta, eadhon maoirseacht a dhéanamh ar thrádáil agus ar leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus iad a éascú. Tá údaráis chustaim ag glacadh níos mó cúraimí orthu féin i réimse na sábháilteachta agus na slándála. Ní bhaineann an staid nua le húdaráis chustaim amháin, ach baineann sé le ranna nó gníomhaireachtaí eile amhail na póilíní, na gardaí teorann, agus údaráis sláinte agus cosanta tomhaltóirí. Trí chistiú a thabhairt do threalamh ilúsáide (rialú custaim, rialú agus slándáil teorann), ach rialú custaim a choinneáil mar phríomhchuspóir, beifear in ann tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí bhíthin comhroinnt agus idir-inoibritheacht trealaimh rialaithe agus trí thacú le comhar idirghníomhaireachta ar an gcaoi sin, mar ghné de bhainistiú comhtháite teorainneacha idir na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann (údaráis chustaim, gardaí teorann, etc.), dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624 10 .

Beidh sineirgíochtaí ann idir Clár Frith-Chalaoise an Aontais Eorpaigh, agus é mar chuspóir sonrach aige leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus an ionstraim um threalamh rialaithe custaim, lena dtugtar tacaíocht d’fheidhmiú cuí an aontais custaim agus, ar an gcaoi sin, cuideofar le cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát. Dá bhrí sin, beidh gach clár dírithe ar nithe ar leith, ach d’fhéadfaí gníomhaíocht chomhlántach a dhéanamh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha i gcomhar le Rialachán (AE) .../2018 lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus víosaí. I bhfianaise an réimse leathain cuspóirí is gá a chumhdach leis an dá ionstraim, is gá iad a bhunú ar chonarthaí éagsúla. Ní féidir, dá bhrí sin, ó thaobh an dlí de, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a bhunú mar chlár caiteachais aonair. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, an Ciste a bhunú mar chreat cuimsitheach maoiniúcháin ina mbeidh dhá thogra a bhaineann go sonrach leis an earnáil, agus seo ceann acu.

Maidir leis an togra seo, d’fhonn trealamh rialaithe custaim a mhaoiniú, is gá é a bhunú ar níos mó ná bunús dlí amháin mar d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt cuspóirí leithleacha ach comhghaolaithe ag an trealamh:

Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas i ndáil le comhar custaim agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh;

Airteagal 114 CFAE, ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an margadh inmheánach; agus

Airteagal 207 CFAE, ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an gcomhbheartas tráchtála.

Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas freisin mar gheall ar na hoibleagáidí a eascraíonn ó chomhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe faoi shainchúram na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Cé gur réimse inniúlacht neamheisiach é an taontas custaim, a mbaineann méid mór reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais léi, is faoi na Ballstáit féin a bheidh sé an reachtaíocht seo a chur chun feidhme. Cinnfidh gach Ballstát é féin, dá bhrí sin, na meáin, trealamh san áireamh, a leithdháilfear ar rialuithe custaim.

Mar sin féin, faoi láthair tá éagothroime ann idir na Ballstáit i ngeall ar dhifríochtaí ar bhonn tíreolaíoch freisin. Ag brath ar chineál na teorann seachtraí, tá acmhainní éagsúla agus riachtanais éagsúla ag na Ballstáit i dtaca lena dtrealamh rialaithe custaim. Mar shampla, gineann calafoirt mhóra a bhfuil acmhainn mhór acu ioncam níos airde, agus méadaítear na méideanna atá ar fáil do na húdaráis chustaim dá bhrí sin, chun a gcostais bhailiúcháin a chumhdach agus chun sineirgíochtaí in úsáid trealaimh a éascú san am céanna. Gineann teorainneacha fada talún a bhfuil líon ard pointí trasnaithe teorann trádála orthu, ar gá neart ábhair agus trealaimh a bheith suiteáilte agus oibríochtúil acu, gineann siad níos lú ioncaim agus bíonn níos lú acmhainní ar fáil, dá bhrí sin, d’údaráis chustaim chun a gcostais bhailiúcháin a chumhdach. Bhí na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas go dtí seo teoranta agus míshásúil. Ina theannta sin, mura ngníomhaítear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an éagothroime sin, tá baol ann go rachaidh an teannas polaitiúil atá ag teacht chun cinn in olcas, agus go mbeidh mar thoradh air sin ar deireadh an riosca go núsáidfidh saoránaigh a bhfuil drochrún acu nó oibreoirí eacnamaíocha na pointí trasnaithe teorann is laige.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a ghnóthú. Cuireann an togra seo le gné an láraithe – is é sin cruthú tascfhórsaí ina mbíonn na Ballstáit ag déanamh measúnú le chéile ar na riachtanais trealaimh agus a aithníonn na caighdeáin choiteanna is fearr don trealamh – chun ceannach, cothabháil agus uasghrádú na híosmhéide trealaimh rialaithe custaim atá aonchineálach nó nuachóirithe a theastaíonn ag teorainneacha an Aontais a chur chun cinn. Laistigh de theorainneacha an chomhaontaithe deontais, fágtar an cinneadh deiridh maidir le soláthar faoi na Ballstáit ansin.

Déanfaidh an Coimisiún, chun críche an Ionstraim a chur chun feidhme, de réir Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, feidhmeanna comhordúcháin, feidhmiúcháin agus bainistíochta a fheidhmiú, mar a leagtar síos sna Conarthaí.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le conclúid an mheasúnaithe tionchair ábhartha, is iomchuí don Aontas Eorpach idirghabháil a dhéanamh trí bhíthin clár cistiúcháin. Tá ionstraim nua um trealamh rialaithe custaim á bheartú ag an gCoimisiún mar rialachán, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ós rud é gur tionscnamh nua é, ní rachaidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí ar thaithí roimhe seo chun sochair don trealamh rialaithe custaim. Mar sin féin, rinneadh scrúdú ar na dúshláin agus na riachtanais i réimse an trealaimh rialaithe custaim i staidéar ar an gclár custaim iar-2020, arna choimisiúnú ó chonraitheoir seachtrach. Go háirithe, rinneadh suirbhé tiomnaithe agus agallaimh agus cás-staidéir ar leithligh. Ina theannta sin, rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte idir an 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018 ar chistí an Aontais Eorpaigh i réimse na hinfheistíochta, an taighde agus na nuálaíochta, fiontar beag agus meánmhéide agus an mhargaidh aonair, agus tugadh aghaidh sa chomhairliúchán ar na gnéithe custaim, inter alia. Tá achoimre ar na an méid sin in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Dearbhaíodh leis na gníomhaíochtaí sin ar fad an gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus go bhfuiltear ag súil le breisluach suntasach AE. Go deimhin, ní hí feidhm thraidisiúnta na núdarás custaim, mar atá ioncam a bhailiú, atá mar bhonn le méideanna na nearraí atá de shíor ag dul i méid mar aon leis an ngá méadaitheach atá le rialú teorann éifeachtach agus gasta, ach freisin an gá atá le rialú na nearraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú go forleathan chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. San am céanna, níor cheart na rialuithe sin lena rialaítear gluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha bac a chur le trádáil dhlisteanach ach í a éascú. Tá trealamh rialaithe custaim riachtanach chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, agus tá gá práinneach, dá réir sin, foráil a dhéanamh maidir le hionstraim thiomnaithe de chuid an Aontais a bheadh dírithe ar dhul i ngleic leis an éagothroime atá ann faoi láthair, agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha custaim a áirithiú ag teorainn an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi sin.

Measúnú tionchair

An measúnú tionchair a chumhdaíonn na tograí maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le chéile, tacaíonn sé leis an togra seo, ar cuid de an ionstraim seo agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh an 13 Aibreán 2018, agus rinne sé moladh tuilleadh mínithe a thabhairt ar an ionstraim nua um threalamh rialaithe custaim, lena náirítear i dtaobh a iomchuí agus a bhí modh na bainistíochta dírí. Rinneadh an ghné sin a mheas sa leagan deiridh den mheasúnú tionchair, áit ar tugadh soiléiriú i gcorp an téacs agus in Iarscríbhinn thiomnaithe 6 a bhain le dearadh foriomlán na hionstraime.

Bhain an phríomhrogha a rinneadh a mheas leis an modh bainistíochta, i.e. ar cheart go gcuirfeadh ceannach, cothabháil agus forbairt an trealaimh rialaithe custaim arna chumhdach leis an Ionstraim le soláthar deontas do na húdaráis náisiúnta nó leis an mbainistíocht chomhroinnte. Ba léir sa phlé le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chuireann chun feidhme an bhainistíocht chomhroinnte, ní hamháin go mbeadh sí casta, ach nach soláthrófaí léi an comhleanúnachas foriomlán agus an comhordú trasteorann is gá do na húdaráis chustaim chun leibhéal coibhéiseach rialaithe a áirithiú sna Ballstáit ar fad. Ina theannta sin, in éagmais comhar idir na Ballstáit más gá do gach ceann acu a bplean náisiúnta a dhréachtú iad féin, ní chothaíonn an bhainistíocht chomhroinnte roinnt taithí ná malartú saineolais agus dea-chleachtais, ar sochair thábhachtacha iad a mbeifí ag súil leo de thoradh na hidirghabhála seo i dtaca le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha custaim an Aontais.

Is é an rogha thosaíochta an bhainistíocht dhíreach trí dheontais a sholáthar do na húdaráis náisiúnta, dá bhrí sin. Tá idirghabháil nua an Aontais dírithe ar dhul i ngleic leis an éagothroime atá ann faoi láthair idir na Ballstáit agus ar choibhéis a áirithiú i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud an aontais custaim. Is léir gur gá comhordú lasmuigh de na teorainneacha náisiúnta chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach le cur chuige láraithe tríd an mbainistíocht dhíreach. Ós rud é gur cheart do na húdaráis náisiúnta – seachas an tAontas – leanúint de bheith ina núinéirí go díreach ar an trealamh a úsáideann siad chun a ndualgais a dhéanamh ag teorainneacha an Aontais, is éard a bheadh i gceist le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais deontais a thabhairt do na Ballstáit lena dtacófaí le trealamh rialaithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin réamhshainithe de réir an chineáil teorann. Ina theannta sin, is éard atá sa bhainistíocht dhíreach an sásra seachadta le haghaidh gníomhaíochtaí atá ann cheana i réimse an chustaim faoin gclár custaim nó faoin gclár Hercule III. Is cur chuige iomchuí é freisin i bhfianaise nach mbeidh ach líon teoranta tairbhithe i gceist, i.e. na 27 mBallstát.

Simpliú

Ceapadh an ionstraim seo mar ionstraim shimplí; déanfaidh tascfhórsaí measúnú i dtús báire ar riachtanais, agus glacfar clár oibre ina dhiaidh sin. Beidh an bhainistíocht dhíreach dírithe ar na deontais, agus beifear in ann na simplithe dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais agus na rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis a chur i bhfeidhm, go háirithe na heisceachtaí i dtaca leis na glaonna ar thograí.

Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar ar leith ag an togra ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Áirítear sa togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad chreat ilbhliantúil eile moladh EUR 9 318 milliún (i bpraghsanna reatha) a chur i leataobh le haghaidh an Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha don tréimhse 2021-2027. Taobh istigh den imchlúdach domhanda sin, tá luach EUR 1.3 billiún (i bpraghsanna reatha) ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil chun an Rialachán sonrach seo a chur chun feidhme.

Cé go bhfuil an méid sin suntasach i ndearbhthéarmaí, níl sa tsuim sin ach sciar den bhearna a mheastar atá ann san infheistíocht. De réir faisnéis a bailíodh ó na Ballstáit sa tréimhse 2014-2015, measadh gurbh ionann an bhearna infheistíochta agus thart ar EUR 2.3 billiún thar thréimhse 5 bliana. Mar sin féin, ní gá didirghabháil an Aontais an bhearna infheistíochta iomlán a mheastar atá ann a chumhdach, mar ba cheart leibhéal idirghabhála an Aontais a anailísiú i gcomhthéacs níos leithne na ndiúitéithe mar acmhainn dhílis, a bhfuil 20 % di ag na Ballstáit faoi láthair 11 , méid arb ionann agus EUR 4.7 billiún in 2015, chun na costais agus infheistíochtaí custaim atá acu féin a chumhdach.

Ba cheart an leibhéal idirghabhála ón Aontas a mheas freisin mar sciar de mhéid iomlán na trádála seachtraí atá ag an Aontas, rud a ndéanann na rialuithe custaim faireachán air, agus a dhéanann siad a éascú chomh maith. Agus beartas tráchtála an Aontais á chur chun feidhme acu, bíonn na húdaráis chustaim ag láimhseáil méid ollmhór trádála gach lá: bhí luach iomlán staitistiúil EUR 3.46 trilliún ar shreabhadh trádála AE-28 in 2016 (EUR 1.75 trilliún don onnmhairiú agus EUR 1.71 trilliún don allmhairiú), nó EUR 9.5 billiún in aghaidh an lae. Ba lú ná 0.01 % de mhéid iomlán na trádála seachtraí luach na hidirghabhála beartaithe ón Aontas, dá bhrí sin.

Déanfar an Ionstraim a chur chun feidhme i modh bainistíochta dírí agus ar bhonn tosaíochtaí. Bunófar cláir oibre – i gcomhar leis na páirtithe leasmhara trí bhíthin measúnuithe ar riachtanais – ina leagfar amach na tosaíochtaí le haghaidh tréimhse shonrach.

Beidh tionchar ag an ionstraim um threalamh rialaithe custaim ar ioncam an Aontais agus ioncam na mBallstát. Cé nach bhféadfar an méid sin a chainníochtú, meastar go ndéanfaidh an clár an obair a dhéanann na húdaráis chustaim i ndáil le bailiú dleachtanna custaim chomh maith le CBL agus dleachtanna máil tráth a nallmhairithe a éascú agus a shruthlíniú. Trí líon na rialuithe a fheabhsú, is éifeachtúla ná mar atá a bheidh údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a chosaint.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Mar réimse nua d’idirghabháil an Aontais Eorpaigh, beidh sé ríthábhachtach a áirithiú go ndíreofar agus go seachadfar an ionstraim um threalamh rialaithe custaim. Chomh maith leis sin, beidh roghanna beartais de dhíth sula gcuirfear na gníomhaíochtaí ag obair ina niomláine. Cé go bhféadtaí, faoin gclár Custam 2020 atá fós i bhfeidhm, machnamh a dhéanamh ar an staid ag teorainneacha seachtracha talún an Aontais Eorpaigh, agus í a mhapáil i dtéarmaí líon na noifigeach custaim a bhí i láthair agus an trealaimh a bhí ar fáil do gach pointe trasnaithe teorann lena mbaineann, faoi láthair níl ach faisnéis theoranta ar fáil maidir le teorainneacha farraige agus aeir agus moil phoist.

Sa chomhthéacs sin, ceapadh samhail thiomnaithe atá curtha in oiriúint do chúinsí agus riachtanais shonracha na hIonstraime. Tá sé bunaithe ar riachtanais an comhordaithe lárnaigh – imeacht thar theorainneacha náisiúnta chun cothrom iomaíochta a bhaint amach – atá ag brath go mór ar shaineolas agus ar thaithí na mBallstát. Leagfar síos ceithre bhloc tógála a fhreagróidh do na ceithre chéim arna sainaithint agus beidh siad ina gcuidiú chun na cuspóirí sonracha agus ginearálta a bhaint amach:

Leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an measúnú tionchar gach ceann de na ceithre bhloc tógála sin. Go hachomair, is mar seo a leanas a bheidh an próiseas:

Ag an gcéad chéim, déanfar na riachtanais ag gach cineál teorainn a mheas, is é sin teorainneacha talún, farraige, aeir agus moil phoist. Go sonrach, déanfar sé aithris ar an taithí le CELBET 12 – Foireann Saineolaithe Theorainneacha Talún an Láir agus an Oirdheiscirt – ar éirigh go maith léi trí fhardal a dhéanamh ar threalamh ag teorainn talún an Aontais trí phróiseáil a dhéanamh ar os cionn 9,200 réimse sonraí ó 172 phointe trasnaithe teorann, trí phríomhthréithe na bpointí trasnaithe teorann sin a shainaithint agus tíopeolaíocht pointí trasnaithe teorann a mholadh (e.g. pointí trasnaithe teorann bóthair vs iarnróid, i gcás trácht trucailí nó trácht neamhthráchtála amháin), trí na caighdeáin bheartaithe trealaimh do gach catagóir a shainaithint agus, mar phointe scoir, trí anailís a dhéanamh ar an mbearna idir an fardal agus na caighdeáin shainithe arna gceadú agus na cistí a bhí de dhíth a mheas.

Beidh an dara céim dírithe ar chláreagrú agus beidh mar phríomh-aschuir ag an gcéim seo can clár oibre agus comhaontuithe comhfhreagracha deontais. Ós rud é go mbeidh measúnú amháin ar leithligh ar fáil do gach cineál teorann, ní bheidh an obair teoranta dincháilitheacht a sheiceáil ach do leithdháileadh cistí a eagrú i gcomhréir le tosaíochtaí, bagairtí agus acmhainní na núdarás custaim. Ina theannta sin, beidh roghanna beartais ag teastáil nuair a ghlacfar an clár oibre.

Cur chun feidhme is ea an tríú céim: nuair a shíneofar na comhaontuithe deontais, gheobhaidh na Ballstáit trealamh i gcomhréir le coinníollacha an chonartha.

Faireachán agus rialú a bheidh sa cheathrú céim, an chéim dheiridh.

Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, leagtar síos leis an togra creat sonrach chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a bhainfear amach de bharr na hIonstraime agus ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar fúithi. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Ionstraim i gcomparáid le bonnlínte réamhshainithe. Áireofar sna ceanglais tuairiscithe chomhréireacha méid bheag faisnéise faoi threalamh thar thairseach áirithe.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 13 , míreanna inar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana. Sna meastóireachtaí, déanfar measúnú ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair ar bhonn táscairí agus spriocanna, agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an ionstraim ábhartha éifeachtach éifeachtúil, gur leor an breisluach AE a chuirtear ar fáil léi agus go bhfuil sí comhleanúnach le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Áireofar iontu ceachtanna a foghlaimíodh chun easnaimh/fadhbanna a shainaithint nó aon deis eile le tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí agus ar an toradh a bhíonn orthu, agus leis an tionchar a bheidh acu a uasmhéadú. Áireofar iontu freisin sainaithint agus cainníochtú costas, tairbhí agus coigiltis rialála.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I: Forálacha ginearálta

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha i gcomhar le Rialachán (AE) [2018/XXX] lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus víosaí 14 . Tá dlúthnaisc idir an dá ionstraim: san ionstraim a chumhdaítear leis an togra seo, tacaítear le trealamh le haghaidh rialú earraí ag teorainneacha an Aontais, ach tacaíonn an ionstraim eile le ceannach trealaimh (agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha) le haghaidh seiceálacha i gcomhthéacs an bhainistithe teorann agus víosaí amháin. Is gá an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a bhunú mar chreat maoiniúcháin cuimsitheach ina bhfuil dhá thogra a bhaineann go sonrach leis an earnáil toisc go bhfuil an dá cheann acu bunaithe ar chonarthaí éagsúla a bheidh le húsáid i bhfianaise réimse leathan na gcuspóirí atá le cumhdach.

Tá sé mar aidhm ag an ionstraim seo, den chuid is mó, tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus do na húdaráis chustaim. I gcomhréir leis an mbunús dlí, beidh sé beartaithe an trealamh a úsáid, dá bhrí sin, do rialuithe custaim den chuid is mó. Is ionann sin agus a rá, áfach, nach í an reachtaíocht chustaim amháin a chumhdaítear ach reachtaíocht eile maidir le gluaiseacht earraí idir críoch chustaim an Aontais agus críocha lasmuigh den Aontas, i.e. reachtaíocht eile a bhaineann le gnéithe seachtracha den mhargadh inmheánach, den chomhbheartas trádála agus de bheartais choiteanna eile de chuid an Aontais a bhaineann le trádáil, agus le slándáil fhoriomlán an tslabhra soláthair.

Tá sé mar aidhm ag an ionstraim seo tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus do na húdaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna. Go sonrach, cuideoidh an Ionstraim le rialuithe custaim leordhóthanacha agus coibhéiseacha trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha, úrscothach agus iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú.

Cuirfear an ionstraim seo chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach, go háirithe trí bhíthin deontas. Chun éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht a áirithiú idir an trealamh ar fad a cheannófar le tacaíocht ó chláir an Aontais, cuirfidh an Coimisiún ar bun sásra comhordúcháin i gcomhthéacs na gclár oibre a ullmhú.

Caibidil II: Incháilitheacht

Faoin ionstraim seo féadfar trealamh incháilithe ata beartaithe, den chuid is mó, chun rialuithe custaim a dhéanamh, an trealamh sin a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú. Ós rud é go bhféadfaidh sé go mbeidh an chuid is mó den trealamh rialaithe custaim curtha in oiriúint go coibhéiseach nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta a bhaineann le reachtaíocht eile (e.g. forálacha maidir le víosaí nó comhar póilíneachta), ní eisiatar trealamh a mbaineann cuspóirí sa bhreis ar rialuithe custaim leis ach a mhalairt: ceadaítear go sainráite a úsáid chun críocha eile. Áiritheofar ar an gcaoi sin go nimreofar an tionchar is mó is féidir ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a chistiú faoin ionstraim seo.

Chun fócas agus tosaíocht a áirithiú i leithdháileadh an chistithe, áirítear san Ionstraim critéir incháilitheachta shonracha mar aon le costais neamh-incháilithe. Go sonrach, sa bhreis ar liosta soiléir de chostais neamh-incháilithe, ní bheidh an trealamh incháilithe ach amháin má bhaineann sé le ceann amháin de na sé chuspóir seo thíos ar a laghad: cigireacht neamh-ionsáite; léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine; radaíocht a bhrath agus núiclíd a shainaithint; anailís ar shamplaí i saotharlanna; sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí; cuardach láimhe. Leagtar síos in Iarscríbhinn 1 liosta táscach trealaimh de réir chuspóirí an rialaithe custaim. Ós rud é go bhféadfadh athrú a theacht ar na riachtanais le himeacht ama, tugtar de chumhacht don Choimisiún liosta sin na gcuspóirí rialaithe agus Iarscríbhinn 1 a athbhreithniú trí ghníomhartha tarmligthe.

I dteannta an trealaimh incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú, i gcás inarb iomchuí, tacóidh an Ionstraim freisin le ceannach nó uasghrádú trealaimh rialaithe custaim chun píosaí nua nó feidhmiúlachtaí nua a thástáil faoi dhálaí oibríochtúla. Is gá sin a dhéanamh sula dtosaíonn na Ballstáit ar threalamh nua den chineál sin a cheannach ar an mórchóir. Is céim sa bhreis an tástáil faoi dhálaí oibríochtúla ar na gníomhaíochtaí taighde a dhéantar faoi chuimsiú an chláir Horizon. Chun na sochair ar fad is féidir a bhaint ó chistiú an Aontais, agus chun forluí sa chistiú a sheachaint, áiritheoidh an Coimisiún comhordú iomchuí idir an dá ionstraim mar chuid d’ullmhú na gclár oibre.

Chun an breisluach AE is mó is féidir a fháil, beidh an Ionstraim oscailte d’údaráis riaracháin uile na mBallstát a dhéanann cúraimí custaim agus cúraimí gaolmhara. Chun a bheith incháilithe do chistiú, beidh ar údarás custaim Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar chun na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 11(3) a mheas.

Bunaítear le Rialachán (AE) [2018/XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 clár custaim maidir le comhar i réimse an chustaim chun tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin. Dá bhrí sin, ní thacóidh an ionstraim seo ach amháin leis an trealamh rialaithe custaim atá incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú, agus tacóidh an clár custaim le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile le haghaidh comhar sa réimse custaim, amhail gníomhaíochtaí comhair chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais trealaimh nó ar oiliúint i ndáil leis an trealamh lena mbaineann.

Caibidil III: Deontais

Cuirfear deontais ar fáil i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais. I bhfianaise cé hiad tairbhithe na hIonstraime – is é sin údaráis chustaim na mBallstát – agus i gcomhréir leis na maoluithe dá foráiltear sa Rialachán Airgeadais, tabharfar na deontais gan glao ar thograí a dhéanamh.

Cé go bhféadfadh roinnt clár rannchuidiú le haon ghníomhaíocht amháin, ba cheart forluí sa chistiú a sheachaint. Tá foráil ar leith ann, dá bhrí sin, a chuireann cosc le cistiú ón Aontas a chur ar fáil trí ionstraimí éagsúla chun na costais chéanna a chumhdach.

Caibidil IV: Cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú

Cuirfear an Ionstraim chun feidhme le cláir oibre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

Tabharfar tacaíocht d’ullmhú an chláir oibre trí mheasúnuithe a dhéanamh ar na riachtanais, ar a dtugtar achoimre thuas agus ar a dtugtar tuairisc mhionshonraithe in Iarscríbhinn 6 den mheasúnú tionchair. Déanfar na measúnuithe ar riachtanais sin faoin gclár Custam 2020 agus, ó 2021 amach, faoin gclár custaim nua.

Cuirtear creat cuimsitheach i bhfeidhm don fhaireachán, meastóireacht agus tuairisciú, chun a áirithiú go saothraíonn an Ionstraim na cuspóirí atá aici. Go háirithe, áiritheofar le córas tuairiscithe na meastóireachta go ndéanfar sonraí do mheastóireacht na hionstraime a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí. Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlíthiúla eile. Mar shampla, i gcás inar gá, coinneofar sonraí pearsanta anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Caibidil V: An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste

Tugtar de chumhacht don Choimisiún cumhachtaí tarmligthe a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

na cuspóirí rialaithe a athbhreithniú, i.e. na critéir incháilitheachta riachtanacha mar dfhéadfaidís forbairt le himeacht ama i bhfianaise tosaíochtaí, bagairtí agus teicneolaíochta sa réimse chustaim, agus

Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás inar gá agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Beidh coiste de chúnamh ar an gCoimisiún. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach na ngníomhaíochtaí custaim uile a áirithiú faoin ionstraim seo agus faoin gclár custaim, moltar aon choiste amháin a bhunú. Ós rud é go bhfuil coiste ann cheana faoin gclár Custam 2020 atá ann cheana, agus go bhfuil sé beartaithe é a dhearbhú faoin gclár nua custaim, tá sé beartaithe go mbeidh coiste sin an chláir custaim inniúil i dtaca leis an ionstraim seo chomh maith.

Caibidil VI: Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Áiritheofar go gcuirfear faisnéis chomhleanúnach éifeachtach agus chomhréireach ar fáil do ghrúpaí éagsúla den phobal, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2018/0258 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,
an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is gá an trealamh cuí a bheith sna 2 140 oifig chustaim 17 atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh chun feidhmiú an aontais custaim a áirithiú. Tá géarghá anois ann níos mó ná riamh i dtaca le rialuithe custaim leordhóthanacha coibhéiseacha a bheith ann, ní hamháin i ngeall ar an bhfeidhm a bhí ag na húdaráis chustaim go traidisiúnta ioncam a bhailiú ach toisc go bhfuil gá níos mó anois ann rialú earraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú go mór chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. Mar sin féin, san am céanna, níor cheart do na rialuithe sin ar ghluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha bac a chur ar thrádáil dhlisteanach le tríú tíortha, ach ba cheart dóibh an trádáil dhlisteanach sin a éascú.

(2)Tá éagothroime ann faoi láthair i dtaca le feidhmíocht rialaithe custaim ag na Ballstáit. Is éard is cúis leis an éagothroime sin difríochtaí ar bhonn tíreolaíoch idir na Ballstáit, agus difríochtaí idir a nacmhainneacht agus acmhainní féin. An cumas atá sna Ballstáit freagra a thabhairt ar dhúshláin ar toradh iad ar shamhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair atá ag forbairt i rith an ama, ní ar an ngné dhaonna amháin a bhíonn sé ag brath, ach ar threalamh rialaithe custaim atá nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ar fáil freisin. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach é trealamh rialaithe custaim coibhéiseach a sholáthar i dtaca le dul i ngleic leis an éagothroime atá ann faoi láthair. Cuirfidh sé feabhas ar choibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát, agus seachnófar atreorú sreafaí earraí i dtreo na bpointí is laige ar an gcaoi sin.

(3)Tá an gá atá acu le tacaíocht airgeadais curtha in iúl arís agus arís eile ag na Ballstáit, agus tá anailís chuimsitheach iarrtha acu ar an trealamh atá de dhíth. Sna conclúidí uaidh maidir le cistiú custaim an 23 Márta 2017 18 , thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht na riachtanais i dtaca le trealamh teicniúil a chistiú ó chláir airgeadais an Choimisiúin amach anseo, agus comhordú agus comhar a fheabhsú idir na húdaráis chustaim agus údaráis um fhorfheidhmiú dlí eile chun críocha cistiúcháin.

(4)Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , ba cheart rialuithe custaim a thuiscint, ní hamháin mar mhaoirseacht ar an reachtaíocht chustaim, ach ar reachtaíocht eile lena rialaítear tabhairt isteach earraí, tabhairt amach earraí, idirthuras earraí, gluaiseacht earraí, stóráil earraí agus úsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch chustaim an Aontais agus tíortha nó críocha lasmuigh den chríoch sin, agus láithreacht agus gluaiseacht earraí nach earraí de chuid an Aontais iad laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta um úsáid deiridh. Áirítear i reachtaíocht eile lena gcumhachtaítear do na húdaráis chustaim cúraimí sonracha rialaithe a dhéanamh forálacha maidir le cánachas, go háirithe i dtaca le dleachtanna máil agus cáin bhreisluacha, agus forálacha maidir le gnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, maidir leis an gcomhbheartas trádála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le trádáil, maidir le slándáil an tslabhra soláthair agus maidir le cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát.

(5)Is féidir sochair an aontais custaim a uasmhéadú acu tacú le leibhéal leordhóthanach coibhéiseach rialuithe custaim a bhunú ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, chuideodh idirghabháil thiomanta ar leibhéal an Aontais i dtaca le trealamh rialaithe custaim chun an éagothroime atá ann faoi láthair a chur ina ceart chun an comhtháthú idir na Ballstáit a fheabhsú ar an iomlán. I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an domhan ina iomláine, go háirithe an gá le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a chosaint, agus sreabhadh na trádála dlisteanaí a éascú san am céanna, tá sé ríthábhachtach trealamh rialaithe nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha.

(6)Is iomchuí, dá bhrí sin, ionstraim nua a bhunú le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim.

(7)Ós rud é go bhfuil údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh líon níos mó cúraimí orthu féin, lena gcuimsítear, go minic, réimse na slándála agus cúraimí a dhéantar ag an teorainn sheachtrach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar choibhéis a áirithiú i rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Tá sé chomh tábhachtach céanna comhar idirghníomhaireachtaí a chur chun cinn ag teorainneacha an Aontais maidir le rialuithe earraí agus rialuithe daoine i measc údaráis náisiúnta gach Ballstáit atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn.

(8)Is gá, dá bhrí sin, Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (an Ciste) a bhunú.

(9)De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE agus na mbunús dlí éagsúil is infheidhme maidir leis na beartais i dtaca le teorainneacha seachtracha agus rialú custaim, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(10)Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas i réimse an bhainistithe teorainneacha ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (an Ionstraim) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 .

(11)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 21 .

(12)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 (an Rialachán Airgeadais) maidir leis an Ionstraim seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais.

(13)Bunaítear le Rialachán (AE) [2018/XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 clár custaim maidir le comhar i réimse an chustaim chun tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach amháin leis an trealamh rialaithe custaim atá incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú leis an ionstraim seo, agus ba cheart tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile leis an gclár custaim le haghaidh comhar sa réimse custaim, amhail gníomhaíochtaí comhair chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais trealaimh nó ar oiliúint i ndáil leis an trealamh lena mbaineann.

(14)Ina theannta sin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart go dtacódh an Ionstraim freisin le ceannach nó uasghrádú trealaimh rialaithe custaim chun píosaí nua nó feidhmiúlachtaí nua a thástáil faoi dhálaí oibríochtúla sula dtosaíonn na Ballstáit ar threalamh nua den chineál sin a cheannach ar an mórchóir. Ba cheart an tástáil faoi dhálaí oibríochtúla a bheith bunaithe go háirithe ar thorthaí taighde ar threalamh rialaithe custaim faoi chuimsiú Rialachán (AE) [2018/XXX] 24 .

(15)Féadfaidh sé go mbeidh an chuid is mó den trealamh rialaithe custaim curtha in oiriúint go coibhéiseach nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta a bhaineann le reachtaíocht eile, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, víosaí nó comhar póilíneachta. Ceapadh an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, dá bhrí sin, i bhfoirm dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil raon feidhme ar leith ag an dá cheann acu maidir le ceannach trealaimh, ach atá comhleanúnach mar sin féin. Ar lámh amháin, ní áireofar san ionstraim le haghaidh bainistiú teorainneacha agus víosaí arna bunú le Rialachán [2018/XXX] 25 trealamh is féidir a úsáid le haghaidh bainistiú teorainneacha agus rialú custaim araon. Ar an lámh eile, ní hamháin go dtabharfaidh an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim arna bhunú leis an Rialachán seo tacaíocht airgeadais do threalamh agus rialú custaim mar phríomhchuspóir ag an tacaíocht sin, ach ceadófar fúithi an trealamh sin a úsáid freisin chun críocha eile amhail rialuithe agus slándáil teorann. Cothófar leis an dáileadh ról sin comhar idirghníomhaireachta mar ghné den chur chuige Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha, dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624 26 , rud lena gcuirfear ar chumas na núdarás custaim agus teorann oibriú i gcomhar le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí bhíthin chomhroinnt agus idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

(16)De mhaolú ar an Rialachán Airgeadais, ba cheart go mbeadh cláir nó ionstraimí áirithe de chuid an Aontais in ann gníomhaíocht a chistiú chun comhar agus idir-inoibritheacht thar réimsí éagsúla a cheadú, agus chun tacú leo sin, i gcás inarb iomchuí. Mar sin féin, sna cásanna sin, féadfaidh sé nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chistiú dúbailte arna bhunú leis an Rialachán Airgeadais.

(17)I bhfianaise na héabhlóide tapa atá ag teacht ar thosaíochtaí, bagairtí agus teicneolaíochtaí sa réimse custaim, níor cheart go leanfadh cláir oibre thar thréimhsí fada. San am céanna, an gá atá ann cláir oibre bhliantúla a bhunú, cuireann sé leis an ualach riaracháin don Choimisiún agus do na Ballstáit araon gan é a bheith riachtanach i dtaca leis an Ionstraim a chur chun feidhme. I bhfianaise an chúlra sin, ba cheart do na cláir oibre, i bprionsabal, níos mó ná bliain bhuiséadach amháin a chumhdach.

(18)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chláir oibre faoin Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 .

(19)Cé go bhfuil cur chun feidhme lárnach riachtanach chun an cuspóir sonrach a bhaint amach, is é sin rialuithe custaim coibhéiseacha a áirithiú, i bhfianaise cineál teicniúil na hionstraime seo, teastaíonn obair ullmhúcháin ar an leibhéal teicniúil. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an gcur chun feidhme trí mheasúnuithe a dhéanamh ar na riachtanais atá ag brath ar shaineolas agus taithí ar an leibhéal náisiúnta, trí bhíthin rannpháirtíocht riaracháin chustaim na mBallstát. Ba cheart an measúnú sin ar riachtanais a bhunú ar mhodheolaíocht shoiléir lena náirítear íosmhéid céimeanna chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis a theastaíonn.

(20)Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, ba cheart creat iomchuí a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a bhainfear amach de bharr na hIonstraime agus ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar fúithi. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Ionstraim. Ba cheart a áireamh sna ceanglais tuairiscithe faisnéis áirithe faoi threalamh rialaithe custaim thar thairseach costais ar leith.

(21)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016 28 , ní mór an ionstraim seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.

(22)Chun freagairt go hiomchuí don éabhlóid atá ag teacht ar thosaíochtaí beartais, bagairtí agus teicneolaíochtaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar na cuspóirí rialaithe custaim i gcás gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin Ionstraim, agus ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(23)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 30 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 31 agus Rialachán (AE) 2017/1939 32 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dfhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór daon duine nó daon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(24)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna, agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha agus freagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(25)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóir sainiúil na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ionstraim a bhunú a thacaíonn leis an aontas custaim agus leis na húdaráis custaim, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar éagothroime oibiachtúil atá eatarthu ar an leibhéal tíreolaíoch, agus, de bharr an leibhéil agus na cáilíochta coibhéisí i dtaca le rialú custaim a sholáthrófar a bhuí le cur chuige comhordaithe agus cistiú láraithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (an Ionstraim), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (an Ciste) chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus duasghrádú trealaimh rialaithe custaim.

2.I gcomhpháirt le Rialachán [2018/XXX] lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí 34 , bunaítear an Ciste leis an Rialachán seo.

3.Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, an buiséad don tréimhse 2021 – 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn údaráis chustaim na húdaráis mar a shainmhínítear i bpointe (1) dAirteagal 5 de Rialachán (AE) 952/2013;

(2)ciallaíonn údaráis chustaim na gníomhartha sonracha mar a shainmhínítear i bpointe (3) dAirteagal 5 de Rialachán (AE) 952/2013;

(3)ciallaíonn trealamh rialaithe custaim trealamh atá beartaithe go príomha chun rialuithe custaim a dhéanamh;

(4)ciallaíonn trealamh rialaithe custaim soghluaiste aon chóir iompair, atá beartaithe, sa bhreis ar a hacmhainneacht shoghluaiste, a bheith ina píosa trealaimh rialaithe custaim nó atá iomlán feistithe le trealamh rialaithe custaim;

(5)ciallaíonn cothabháil idirghabhálacha coisctheacha, ceartaitheacha agus tuarthacha, lena náirítear seiceálacha oibríochtúla agus feidhmiúla, seirbhísiú, deisiú agus ollchóiriú ach gan uasghrádú a chur san áireamh, is gá chun riocht inoibrithe sonraithe píosa trealaimh rialaithe custaim a choinneáil nó a athbhunú chun a shaolré úsáide uasta a bhaint amach;

(6)ciallaíonn uasghrádú idirghabhálacha éabhlóideacha is gá chun trealamh rialaithe custaim atá ann cheana a athrú ó riocht atá as dáta ina riocht úrscothach inoibrithe sonraithe.

Airteagal 3

Cuspóirí ionstraime

1.Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, tá sé mar chuspóir ginearálta leis an Ionstraim tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus dúdaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na Ballstáit a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna.

2.Tá cuspóir ar leith leis an Ionstraim, is é sin, rannchuidiú le rialuithe custaim leordhóthanacha agus coibhéiseacha trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha, úrscothach agus iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú.

Airteagal 4

Buiséad

1.Is é EUR 1 300 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse 2021 – 2027.

2.Sa mhéid dá dtagraítear i mír 1, féadfar speansais maidir le hullmhú, le faireachán, le rialú, le hiniúchóireacht, le meastóireacht agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú na hIonstraime agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime a chumhdach freisin. Ina theannta sin, féadfar speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chumhdach sa mhéid sin, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí na hIonstraime, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena náirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú na hIonstraime.

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar cistiú a sholáthar ón Ionstraim, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais agus go háirithe trí bhíthin deontas.

3.Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún sásra comhordúcháin ar bun lena náiritheofar éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 6

Bearta incháilithe

1.Ionas go mbeadh na gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin Ionstraim seo, ní mór na gníomhaíochtaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)cur chun feidhme na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)tacú le trealamh rialuithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú lena mbeidh ceann amháin nó níos mó de na críocha rialaithe custaim seo a leanas:

(1)cigireacht neamh-ionsáite;

(2)léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine;

(3)radaíocht a bhrath agus núiclíd a shainaithint;

(4)anailís ar shamplaí i saotharlanna;

(5)sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí;

(6)cuardach láimhe.

In Iarscríbhinn 1, leagtar síos liosta táscach den trealamh rialaithe custaim a d’fhéadfaí a úsáid chun na críocha rialaithe custaim dá dtagraítear i bpointe (1) go pointe (6) a bhaint amach.

2.De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar ceannach, cothabháil agus uasghrádú trealaimh rialaithe custaim a chumhdach sna gníomhaíochtaí chun píosaí nua nó feidhmiúlachtaí nua a thástáil i ndálaí oibríochtúla.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun na críocha rialaithe custaim a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 agus in Iarscríbhinn 1 a leasú i gcás inar gá an tathbhreithniú sin a dhéanamh.

4.Féadfar trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo a úsáid chun críocha atá sa bhreis ar rialuithe custaim, lena náirítear i gcomhair rialú ar dhaoine chun tacú leis na húdaráis maidir le bainistíocht náisiúnta teorainneacha agus imscrúdú.

Airteagal 7

Eintitis incháilithe

De mhaolú ar Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad údaráis chustaim na mBallstát a bheidh ina neintitis incháilithe a sholáthraíonn an fhaisnéis is gá chun measúnuithe a dhéanamh ar na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Ráta cómhaoinithe

1.Féadfar leis an Ionstraim suas le 80 % de chostais incháilithe iomlána gníomhaíochta a mhaoiniú.

2.Ní thabharfar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha leo.

Airteagal 9

Costais incháilithe

Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim:

(a)costais a bhaineann le ceannach talún;

(a)costais a bhaineann le bonneagar, amhail foirgnimh nó saoráidí amuigh faoin aeir, mar aon le troscán;

(b)costais a bhaineann le córais leictreonacha, cé is moite de bhunachar sonraí is gá go díreach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid;

(c)costais a bhaineann le líonraí, amhail cainéil chumarsáide urraithe nó neamhurraithe, nó síntiúis;

(d)costais a bhaineann le cóir iompair, amhail feithiclí, aerárthaí nó longa, cé is moite de threalamh rialaithe custaim soghluaiste;

(e)costais a bhaineann le tomhaltáin, lena náirítear ábhar tagartha nó calabrúcháin, le haghaidh trealamh rialaithe custaim;

(f)costais a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 10

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin Ionstraim i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.I gcomhréir le hAirteagal 195(f) den Rialachán Airgeadais, déanfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar na heintitis incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.De mhaolú ar Airteagal 191 den Rialachán Airgeadais, maidir le gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht ón gclár custaim le haghaidh comhar i réimse an chustaim arna bhunú le Rialachán (AE) [2018/XXX] 35 nó ó aon chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin Ionstraim freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

CAIBIDIL IV

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 11

Clár oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Ionstraim chun feidhme.

2.Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15.

3.Beidh measúnú ar na riachtanais mar thacaíocht le hullmhú na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gceist leis sin:

(a)catagóiriú coiteann ar phointí trasnaithe teorann;

(b)fardal uileghabhálach den trealamh rialaithe custaim atá ar fáil;

(c)sainmhíniú coiteann ar threalamh rialaithe custaim ar chaighdeán íosta agus barrmhaith trí thagairt a dhéanamh don chatagóir pointí trasnaithe teorann agus

(d)meastachán mionsonraithe ar riachtanais airgeadais.

Is ó na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gclár Custaim 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 nó faoin gclár custaim le haghaidh comhar i réimse an chustaim arna bhunú le Rialachán [2018/XXX] 37 a dhéanfar an measúnú ar na riachtanais agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus gach 3 bliana ar a laghad.

Airteagal 12

Faireachán agus tuairisciú

1.Na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta sonracha a leagtar amach in Airteaga3, déantar iad a leagan amach in Iarscríbhinn 2.

2.Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn na hIonstraime a mheas go héifeachtach i dtreo bhaint amach a cuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na hIonstraime, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

4.Ar na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3 áiritheofar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don Choimisiún go bliantúil i gcás ina gcosnaíonn píosa trealaimh rialaithe custaim níos mó ná EUR 10 000 gan cánacha a chur san áireamh:

(a)dátaí coimisiúnaithe agus díchoimisiúnaithe an trealaimh rialaithe custaim;

(b)staidreamh maidir le húsáid an trealaimh rialaithe custaim;

(c)faisnéis faoi thorthaí ó úsáid an trealaimh rialaithe custaim.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an Ionstraim a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na hIonstraime.

3.I ndeireadh chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Ionstraim.

4.Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

CAIBIDIL V

AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh Coiste an Chláir Custaim dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) [2018/XXX] 38 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) 182/2011.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 16

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas dfhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

11 Bainistiú Teorainneacha

11.02 an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

11.02.11 an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 39  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Cuirfear an ionstraim chun feidhme trí ghníomh cur chun feidhme lena nglactar clár oibre. Tá an glacadh beartaithe don chéad ráithe de 2021 tar éis measúnú a dhéanamh ar na riachtanais (faoin gclár Custaim 2020 reatha) agus dul i gcomhairle le coiste an chláir custaim. Déanfar an clár oibre a fhorghníomhú trí chomhaontuithe deontais a thabhairt i gcrích leis na tairbhithe ag tosú sa dara ráithe de 2021 ar a dhéanaí.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (dfhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais an luach bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Agus an gá atá le coibhéis i dtaca le feidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát á aithint ag an gCoimisiún chun atreorú sreafaí earraí i dtreo na bpointí is laige dá bhfuil ann a sheachaint, tá an Ionstraim seo á moladh ag an gCoimisiún dá bhrí sin. Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair is amhlaidh gur cuid tábhachtach é coibhéis a chinntiú ó thaobh trealamh custaim agus bonneagar custaim de. Go pointe áirithe, is éard is cúis leis an éagothroime sin difríochtaí idir an acmhainneacht agus na hacmhainní atá ar fáil sna Ballstáit. An cumas atá sna Ballstáit freagairt do dhúshláin ar toradh iad ar shamhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair atá ag forbairt i rith an ama, ní ar an ngné dhaonna amháin a bhíonn sé ag brath, ach ar threalamh rialaithe custaim atá nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ar fáil freisin. Go deimhin, ní hí feidhm thraidisiúnta na núdarás custaim, mar atá ioncam a bhailiú, atá mar bhonn le méideanna na nearraí atá de shíor ag dul i méid mar aon leis an ngá méadaitheach atá le rialú teorann, ach freisin an gá atá le rialú na nearraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha AE a threisiú go forleathan chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. San am céanna, níor cheart na rialuithe sin lena rialaítear gluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha bac a chur le trádáil dhlisteanach ach í a éascú.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post): Ní fhéadfar an méid sin a bhaint amach laistigh den aontas custaim ach amháin trína áirithiú go mbeidh feidhm an naisc is laige dá bhfuil ann fiú amháin á comhlíonadh. Dá bhrí sin, beidh an Ionstraim seo ina tacaíocht don aontas custaim agus beidh sí ina comhlánú ar ghníomhaíochtaí an chláir custaim go príomha.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.4.4.Comhoiriúnacht dionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a dfhéadfadh a bheith ann

Tá dlúthbhaint idir an Ionstraim agus an clár custaim nua a úsáidfear chun tacú leis an measúnú ar riachtanais. Ina theannta sin, tá naisc idir an Ionstraim agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise OLAF maidir le calaois a chomhrac chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE.


1.5.Fad agus tionchar airgeadais

X tréimhse theoranta

X    i bhfeidhm ón 01.01.2021 go dtí an 31.12.2027

X    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2030 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 40  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a dainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar meastóireacht eatramhach ina ndíreofar ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime, ar éifeachtúlacht agus luach breise na hIonstraime ar leibhéal an Aontais a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na hIonstraime.

Ba cheart déileáil le tionchar fadtéarmach agus éifeachtaí inbhuanaitheachta na hIonstraime i meastóireacht deiridh. Déanfar sin i ndeireadh chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse cistiúcháin.

Ba cheart na meastóireachtaí sin a bhunú ar tháscairí, i measc nithe eile, arb iad na táscairí iad arna mbunú i gcomhair faireacháin agus tuairisciú.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le comhchuid an Trealaimh Rialaithe Custaim, is í an bhainistíocht dhíreach an rogha thosaíochta trí dheontais a sholáthar d’údaráis náisiúnta chun trealamh rialaithe custaim a cheannach agus a chothabháil agus le haghaidh theacht chun cinn an trealaimh sin.

Tá sé mar aidhm leis an idirghabháil nua ó AE aghaidh a thabhairt ar éagothroime atá ann faoi láthair idir na Ballstáit agus coibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud an aontais custaim a áirithiú. Is léir gur gá comhordú lasmuigh de na teorainneacha náisiúnta chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach le cur chuige láraithe tríd an mbainistíocht dhíreach. Ós rud é gur cheart do na húdaráis náisiúnta – seachas an tAontas – leanúint de bheith ina núinéirí go díreach ar an trealamh a úsáideann siad chun a ndualgais a dhéanamh ag teorainneacha an Aontais, is éard a bheadh i gceist le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais deontais a thabhairt do na Ballstáit lena dtacaófaí le trealamh rialaithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin réamhshainithe de réir an chineáil teorann.

Is éard atá sa bhainistíocht dhíreach an sásra seachadta le haghaidh gníomhaíochtaí atá ann cheana i réimse an chustaim faoin gclár custaim nó faoin gclár Hercule III. Is cur chuige iomchuí é freisin mar, sa chás atá i dtrácht, ní bheidh ach líon teoranta tairbhithe i gceist, na 27 mBallstát, rud a fhágann go mbeifear in ann roinnt simplithe a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais agus ina rialacha cur i bhfeidhm, go háirithe na heisceachtaí ar ghlaonna ar thograí.

Ionas go bhféadfar cur go mór le heolas agus le taithí oibríochtúil na núdarás náisiúnta agus freastal ar a riachtanais iarbhír dá bhrí sin, tacóidh foirne saineolaithe atá comhdhéanta de Bhallstáit le bainistíocht dhíreach arna déanamh ag an gCoimisiún le haghaidh cúraimí ullmhúcháin (e.g. measúnú ar riachtanais agus sainmhíniú ar chaighdeáin trealaimh íosta de réir an chineáil teorann). Is é an Coimisiún a ghlacfaidh an cinneadh beartais deiridh agus leithdháilfidh sé na cistí trí dheontais bunaithe ar thosaíochtaí beartais custaim, ar bhagairtí agus ar mhéideanna faoi nós imeachta coiste.

Ina theannta sin, breithneofar cómhaoiniú – i.e. ranníocaíochtaí náisiúnta anuas ar idirghabháil AE – agus coinníollachtaí ex-ante – amhail acmhainneacht riaracháin leordhóthanach a léiriú ó thaobh líon agus scileanna na foirne de mar shampla. Tríd sin áirithítear nach ndéantar trealamh rialaithe custaim a sholáthar ach amháin i gcás gealltanas iomlán arna thabhairt ag na Ballstáit agus ina gcomhlíontar na coinníollacha, rud a chinnteoidh úsáid iarbhír an trealaimh agus fíorthionchar idirghabháil AE.

I gcás deontas, tá cómhaoiniú beartaithe ach bheadh sé sách teoranta (timpeall 20 % a bheadh i gceist – rud a shaineofar sna cláir oibre) sa chéad bhliain den chomhaontú deontais ós rud é gurb iondúil gur nósanna imeachta fada a bhíonn i gceist le soláthar poiblí trealaimh rialaithe custaim arna dhéanamh ag na húdaráis chustaim agus dá bhrí sin is iondúil go mbíonn tréimhse is faide ná an chéad bhliain den chomhaontú deontais i gceist leo.

Déantar íocaíochtaí deiridh nó gnóthuithe le haghaidh deontas ar bhonn tuarascálacha airgeadais mar aon le hiniúchtaí ex-post ar an láthair.

Ós rud é gur clár nua atá san Ionstraim seo, is é is dóichí gur gá an straitéis rialaithe a mhionchoigeartú le himeacht ama i bhfianaise a torthaí tosaigh. Beidh sí bunaithe ar chur chuige déach dáiríre:

dúntar na tuarascálacha airgeadais náisiúnta tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid, agus an tordú íocaíochta deiridh nó an tordú gnóthaithe ina dhiaidh sin (rud a laghdaíonn na moilleanna ar íocaíochtaí); déantar na horduithe íocaíochta nó na horduithe gnóthaithe sin a fhíorú trí na rialuithe ex-ante sna scagchuarda airgeadais;

tá iniúchtaí ex-post ar an láthair sna Ballstáit mar bhonn taca leis na rialuithe thuas; Tá sé i gceist ag Ard-Stiúrthóireacht TAXUD misin iniúchóireachta a dhéanamh ar an láthair i dtuairim agus leath na mBallstát gach bliain.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais lena gcuirtear an Ionstraim chun feidhme teoranta, go háirithe ós rud é:

go bhfuil na tairbhithe mar údaráis riaracháin custaim na mBallstát – i gcás den sórt sin níl aon ghlaonna ar thograí i gceist;

go ndíreofar cistiú sa chlár oibre ar thosaíochtaí beartais comhpháirteacha a sainaithníodh go sonrach i dteannta an mheasúnaithe ar na riachtanais, beifear in ann an chuid is mó de na gníomhaíochtaí a chur i gcomparáid le chéile ar fud na mBallstát agus beidh aon chlaonadh sofheicthe agus inaitheanta;

go mbeidh sé éigeantach córas leictreonach a úsáid chun na gníomhaíochtaí a thaifeadadh agus tuarascálacha airgeadais a thiomsú – cuimsítear rialuithe éagsúla leis an gcóras sin agus laghdófar an faireachán is gá a dhéanamh ar chaiteachas;

go meastar go mbeidh cistiú dírithe go príomha ar phíosaí costasacha trealaimh rialaithe custaim, rud a laghdóidh líon na bpíosaí aonair arna cheannach, arna chothabháil nó arna uasghrádú agus rud a éascóidh faireachán agus rialú;

go bhfuil oibleagáidí tuairiscithe íosta beartaithe cheana sa togra agus go gcomhlánófar iad sna cláir oibre agus sna comhaontuithe deontais chun rioscaí a dfhéadfadh a bheith ann a theorannú nó a mhaolú.

2.2.3.

2.2.4.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Meastar go mbeidh costas bliantúil iomlán na rialuithe faoin gclár custaim roimhe sin fós sách teoranta i bhfianaise riosca teoranta na hearráide, mar a léirítear thuas, agus chineál agus mhodh cur chun feidhme na nidirbheart airgeadais gaolmhar.

Tá sé mar aidhm leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán, bunaithe ar rialuithe ex-ante sna scagchuarda, earráidí a d’fhéadfadh a bheith i gceist a bhaint roimh an íocaíocht nó roimh an ndúnadh. Laghdaítear an riosca earráide a d’fhéadfadh a bheith i gceist tráth íocaíochta/dúnta leis na rialuithe ex-post ar an láthair ós rud é gur mór an díspreagadh iad.

Mar phointe comparáide, léiríodh go bhfuil an straitéis rialaithe atá i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil faoin gclár custaim roimhe agus go bhfuil costas an rialaithe teoranta. Ós rud é go núsáidfear na córais rialaithe chéanna don Ionstraim nua seo, táthar ag súil leis go mbeidh an costas a mheastar a bhainfidh le rialuithe agus leibhéal measta an riosca earráide tráth na híocaíochta nó an dúnta faoin Ionstraim nua ar an dul céanna.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá straitéis frithchalaoise Ard-Stiúrthóireacht TAXUD dírithe ar chultúr frithchalaoise a bhfuil borradh faoi a fhorbairt laistigh den Ard-Stiúrthóireacht trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta faoi rioscaí calaoise a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus iompar eiticiúil i measc fhoireann Ard-Stiúrthóireacht TAXUD. De bhreis air sin, tugtar aghaidh sa straitéis ar chomhar gníomhach le OLAF agus gnéithe calaoise a chomhtháthú sa timthriall um Pleanáil Straitéiseach agus Cláreagrú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 41 .

ó thíortha de chuid CSTE 42

ó thíortha is iarrthóirí 43

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

11.01.02 Caiteachas tacaíochta don Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

4

11.02.11 an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim

LD.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

4

‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 11.02.11

Gealltanais

(1)

174.903

178.403

181.973

185.614

189.329

193.117

195.961

1.299.300

Íocaíochtaí 44

(2)

42.481

129.274

162.474

170.688

175.066

178.602

182.209

258.506

1.299.300

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na hionstraime 45 - 46 11.01.02

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach na hionstraime

Gealltanais

=1 +3

175.003

178.503

182.073

185.714

189.429

193.217

196.061

1 300.000

Íocaíochtaí

=2 +3

42.581

129.374

162.574

170.788

175.166

178.702

182.309

258.506

1.300.000





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

25.025

Caiteachas riaracháin eile

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

25.725

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

178.678

182.178

185.748

189.389

193.104

196.892

199.736

 

1325.725

Íocaíochtaí

46.256

133.049

166.249

174.463

178.841

182.377

185.984

258.506

1325.725

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

3.575

25.025

Caiteachas riaracháin eile

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

3.675

25.725

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 47
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

IOMLÁN

3.775

3.775

3.775

3.775

3.775

3.775

3.775

26.425

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise, más gá, a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

25

25

25

25

25

25

25

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JED  48

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach na hionstraime  49

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

25

25

25

25

25

25

25

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Beidh gá le foireann bhreise chun an Ionstraim agus cur chun feidhme na hIonstraime a bhainistiú. Seo a leanas samplaí de na cúraimí a bheidh san áireamh:

- Rannpháirtíocht, maoirseacht agus comhordú an mheasúnaithe ar na riachtanais: fardal, tíopeolaíocht agus caighdeán, anailís ar bhearnaí agus meastachán ar chistí riachtanacha do gach cineál teorann (teorainn talún, farraige, aeir, moil phoist);

- Cláreagrú: comhordú cothrománach (go háirithe, measúnú ar bhagairt agus ar mhéideanna), ullmhú clár oibre agus nósanna imeachta gaolmhara (nós imeachta coiste) agus comhaontuithe deontais a ullmhú agus a chaibidliú;

- Cur chun feidhme: faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme arna dhéanamh ag údaráis chustaim agus tacú leis an méid sin (e.g. soláthar comhpháirteach);

- Tuairisciú agus Rialú/Iniúchadh

Pearsanra seachtrach

Neamhbhainteach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

X    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

X        ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 50

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Neamhbhainteach

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Beidh tionchar indíreach ag an Ionstraim ar Acmhainní Dílse Traidisiúnta an Aontais ós rud é go meastar go dtiocfaidh méadú ar dhleachtanna custaim de bharr rialuithe custaim ar éifeachtúla ná mar a bhí iad. Ní féidir an tionchar sin a chainníochtú, áfach.

(1)    COM(2018) 322 final.
(2)    Bunaíodh an clár custaim i 1991 le Cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 1991 maidir le clár a ghlacadh i ndáil le gníomhaíocht an Chomhphobail i dtaobh gairmoiliúint oifigeach custaim (clár Matthaeus). Bunaíodh é ina dhiaidh sin le pacáiste iomlán na gclár custaim arna bhunú le Cinneadh Uimh. 210/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 lena nglactar clár gníomhaíochta le haghaidh custaim sa Chomhphobail (Custaim 2000) agus na cláir a tháinig ina dhiaidh sin arna mbunú le Cinneadh Uimh. 105/2000/CE, Cinneadh Uimh. 253/2003/CE, Cinneadh Uimh. 624/2007/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013.
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).
(4)    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1)
(5)     https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/funding-opportunities/funding-programmes/overview-funding-programmes/european-structural-and-investment-funds_en  
(6)     https://www.consilium.europa.eu/media/22301/st09581en17-vf.pdf agus http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7586-2017-INIT/en/pdf  
(7)    Grúpa de shaineolaithe atá sa Ghrúpa um Beartas Custaim, a bhunaigh an Coimisiún chun comhairle a thabhairt dó i dtaobh ábhair a bhaineann le saincheisteanna straitéiseacha i dtaca leis an mbeartas custaim; chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt gnéithe éagsúla den bheartas custaim; chun malartú tuairimí idir na Ballstáit a éascú. Tuilleadh eolais: http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetail&groupID=944 .
(8)    COM(2016) 813, 31 Bealtaine 2017.
(9)    Féach mar shampla: Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (2016/3021(RSP))
(10)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(11)    Moltar sa Togra (COM(2018) 325 final) le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Choimisiúin Eorpaigh, na costais bhailiúcháin atá ag na Ballstáit a laghdú ó 20 % go 10 %, an leibhéal a bhíodh ann roimhe sin.
(12)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/expert-teams-europa_en  
(13)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14).
(14)    COM(2018) 473.
(15)    COM(2018) 442
(16)    IO C […], […], lch. […].
(17)    Iarscríbhinn a ghabhann le Tuarascáil Bhliantúil 2016 ar fheidhmíocht an aontais custaim. https://ec.europa.eu/info/publications/annual-activity-report-2016-taxation-and-customs-union_en .
(18)     https://www.consilium.europa.eu/media/22301/st09581en17-vf.pdf agus http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7586-2017-INIT/en/pdf .
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(20)    COM(2018) 473
(21)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).
(22)    COM(2016) 605.
(23)    COM(2018) 442.
(24)    COM(2018) 435.
(25)    COM(2018) 473.
(26)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(28)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(29)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(31)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(32)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(33)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(34)    COM(2018) 473.
(35)    COM(2018) 442.
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 209).
(37)    COM(2018) 442.
(38)    COM(2018) 442.
(39)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(40)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(41)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(42)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(43)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(44)    Tá próifíl na níocaíochtaí don chlár nua seo faoi CAI 2021-2027 bunaithe ar eachtarshuíomh phróifílí na níocaíochtaí stairiúla don tréimhse 2007-2017 a bhaineann le cláir a bhfuil sásraí seachadta comhchosúla acu i réimsí beartas inchomparáide, ó thaobh custaim, cánachais agus frithchalaoise de go háirithe.
(45)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46)    Samplaí: aistriúcháin, líonraí agus córais TF chun an ionstraim a riar (ABAC, ríomhdheontais, AGM…)
(47)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(48)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(49)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(50)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis costais bhailiúcháin a bhaint astu.
Top

Strasbourg,12.6.2018

COM(2018) 474 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,
an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

{SWD(2018) 347}
{SWD(2018) 348}
{SEC(2018) 315}


IARSCRÍBHINN 1

Liosta táscach de threalamh rialaithe custaim i ndáil le críoch an rialaithe custaim
dá dtagraítear in Airteagal
 6(1)(b)

CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM

TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM

CATAGÓIR

FEIDHM

Cigireacht neamh-ionsáite

Scanóir x-gha - Ardfhuinneamh

Coimeádáin, trucailí, vaigíní iarnróid

Scanóir x-gha - Ísealfhuinneamh

Pailléid, boscaí agus beartáin

Bagáiste paisinéirí

Cúlscaipeadh x-gha

Coimeádáin

Trucailí

Feithiclí

Eile

Uimhirphláta Uathoibríoch / Córais Aitheantais Coimeádán

Scálaí ualaithe feithiclí

Forcardaitheoirí agus trealamh rialaithe custaim soghluaiste comhchosúil

Léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine 1

Tairseach cúlscaipthe x-gha

Rud a úsáidtear in aerfoirt den chuid is mó chun nithe folaithe a bhrath ar dhaoine (drugaí, pléascáin, airgead)

Scanóir coirp

Radaíocht a bhrath agus núiclíd a shainaithint

Brath Raideolaíoch agus Núicléach

Monatóir Radaíochta Pearsanta/brathadóir (PRM)

Brathadóir Radaíochta Láimhe

Feiste Sainaitheantais Iseatóip (RIID)

Monatóir Tairsí Radaíochta (RPM)

Monatóir Tairsí Speictriméadair le haghaidh sainaitheantas iseatóip (SPM)

Anailís ar shamplaí i saotharlanna

Na hearraí go léir a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, a chainníochtú agus a fhíorú

Crómatagrafaíocht gháis agus leachta (GC, LC, HPLC…)

Speictriméadracht agus teicnící comhcheangailte le speictriméadracht (IR, Raman, UV-VIS, Fluaraiseacht, GC-MS…)

Trealamh x-gha (XRF…)

Speictriméadracht NMR agus anailísí iseatóip cobhsaí

Trealamh saotharlainne eile (AAS, Anailíseoir Driogtha, DSC, Leictreafóiréis, Micreascóp, LSC, Meaisín tobac…)



CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM

TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM

CATAGÓIR

FEIDHM

Sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí

Rian a bhrath bunaithe ar Speictriméadracht Soghluaisteachta Ian (IMS)

Trealamh iniompartha chun rianta ábhar bagartha sonrach a bhrath

Brath rianta cainínigh

Le haghaidh réimse rioscaí ar nithe beaga agus móra

Sampláil

Uirlisí a úsáidtear chun samplaí a thógáil, cochall eastarraingthe, lámhainnbhosca

Saotharlanna shoghluaiste

Feithiclí lánfheistithe chun anailís allamuigh a dhéanamh ar shamplaí

[Anailís ar ábhair orgánacha, ar mhiotail agus ar chóimhiotail] Brathadóirí láimhe

Tástálacha dathmhéadracha ceimiceacha

Speictreascópacht Raman

Speictreascópacht infridheirg

Fluaraiseacht x-gha

Brathadóirí gáis i gcomhair coimeádán

Cuardach láimhe

Uirlisí láimhe pearsanta

Uirlisí póca

Foireann uirlisí meicnice

Scáthán teileascópála

Feistí

Ionscóp

|Brathadóir miotail do-aistrithe nó láimhe

Ceamaraí chun an taobh íochtair d'fheithiclí a sheiceáil

Feiste ultrasonach

Méadar dlúis

Eile

Cuardach fo-uisce

IARSCRÍBHINN 2

Táscairí

Cuspóir sonrach: Rannchuidiú le rialuithe custaim leordhóthanacha agus coibhéiseacha trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha, úrscothach agus iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú

1.Trealamh atá ar fáil

(a)Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann talún lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(b)Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann farraige lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(c)Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann aeir lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(d)Trealaimh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann poist lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(e)Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann iarnróid lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(1)    Faoi réir forálacha reachtacha is infheidhme agus moltaí eile maidir le cosaint sláinte agus meas ar phríobháideachas.
Top