AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.6.2018
COM(2018) 472 final
2018/0250(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
{SWD(2018) 347 final}
{SWD(2018) 348 final}
{SEC(2018) 315 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá siad níos dlúithe agus níos éagsúlaithe san Eoraip le blianta beaga anuas. Is i bhfoirm ionsaithe sceimhlitheoireachta, cineálacha nua coireachta eagraithe, agus chibearchoireacht, a bheidh siad. Tá gné thrasteorann ag baint leis an tslándáil agus, dá bhrí sin, tá freagairt láidir chomhordaithe AE ag teastáil. De bhreis ar na dúshláin atá roimh an tslándáil inmheánach, tá bagairtí seachtracha casta roimh an Eoraip agus ní féidir le haon Bhallstát aghaidh a thabhairt orthu ina aonar. Le gníomhaíocht ón Aontas cuireadh freagairt chuimsitheach agus sciobtha ar fáil a ceapadh i gClár Oibre 2015 maidir leis an tSlándáil. Saincheist fhíorthábhachtach don Aontas Eorpach a bheidh sa tslándáil as seo go ceann roinnt blianta amach romhainn agus beidh súil ag na saoránaigh go cuirfidh an tAontas agus na rialtais náisiúnta slándáil ar fáil do shaol síorathraitheach neamhchinnte an lae inniu.
Ní féidir leis na Ballstáit féin na dúshláin atá roimh an Aontas, go háirithe ón sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, a bhainistiú ina naonar gan tacaíocht airgeadais agus theicniúil a fháil ón Aontas. I ré ina bhfeidhmíonn an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach eile ar bhonn trasteorann, is iad na Ballstáit fós atá freagrach as slándáil phoiblí a chur ar fáil dá gcuid saoránach i gcomhréir le cearta bunúsacha AE, ach tig leis an Aontas tacú leis na gníomhaíochtaí sin. Maidir leis sin, foráiltear sna Conarthaí maidir leis an ngá ardleibhéal slándála a áirithiú, trí bheart coisctheach agus trí chomhordú agus comhar idir údaráis phóilíneachta, bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile.
Tá ról tábhachtach oibríochtúil, comhordaithe agus tacaíochta ag na gníomhaireachtaí díláraithe, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i gcur chun feidhme thosaíochtaí, cuspóirí agus ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na slándála.
Cuireadh an Ciste Slándála Inmheánaí ar bun chun comhar trasteorann agus malartú faisnéise idir oifigigh na mBallstát agus údaráis ábhartha eile a éascú, go háirithe trí idir-inoibritheacht chórais faisnéise éagsúla an Aontais a chumasú le haghaidh teorainneacha slándála agus bainistiú imirce a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha oibríochtúla a éascú agus trí thacaíocht a chur ar fáil le haghaidh oiliúna, le haghaidh saoráidí riachtanacha atá ábhartha ó thaobh na slándála de a thógáil, chun bailiú agus próiseáil taifead ar ainm paisinéirí a bhunú i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus chun trealamh teicniúil atá riachtanach a cheannach. Is é is aidhm dó comhar oibríochtúil trasteorann a threisiú i ndáil le coireacht trasteorann a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí chun treisiú leis an gcumas coireacht mar sin a chosc, lena náirítear sceimhlitheoireacht, go háirithe trí chomhar méadaithe idir údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha ar fud na mBallstát.
Ina Theachtaireacht maidir le Buiséad Nua-don Aontas sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an cistiú ón Aontas a iolrú faoi fhachtóir 1.8 i gcomparáid leis an tréimhse reatha 2014-2020 chun leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas agus chun ról na nGníomhaireachtaí díláraithe sa réimse seo a athneartú. Ní chumhdaíonn an togra seo an maoiniú a leithdháiltear ar na Gníomhaireachtaí agus ní rialaítear leis ach an Ciste Slándála Inmheánaí a chuirfidh le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas. Is é EUR 2.5 bhilliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2021 – 2027.
Is é an príomhdhúshlán a bhfuil sé i gceist aghaidh a thabhairt air sa togra an gá atá le breis solúbthachta i mbainistiú an Chiste sa todhchaí, i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha, ach, chomh maith leis sin, uirlisí lena áirithiú go ndéanfar cistiúchán a stiúradh i dtreo thosaíochtaí AE agus i dtreo gníomhaíochtaí lena gcuirfear breisluach suntasach ar fáil don Aontas. Tá gá le sásraí nua chun cistiúchán a leithdháileadh ar bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar thosaíochtaí nua.
Cuireann na Ballstáit agus an Coimisiún an cistiú chun feidhme trí bhainistíocht chomhpháirteach agus trí bhainistíocht dhíreach/indíreach faoi seach.
Is í an tsolúbthacht i ndáil le dáileadh cistiúcháin an bunriachtanas atá ann maidir leis an modh ceart soláthair agus na téamaí ar ghá cistiúchán a leithdháileadh orthu a chinneadh, agus san am céanna, mais chriticiúil de chistiúchán láithreach a choinneáil i gcomhair infheistíocht struchtúrach agus i gcomhair infheistíochtaí móra ilbhliantúla i gcomhréir le riachtanais na mBallstát maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcórais slándála. Cuirfear san áireamh go hiomlán freisin i leithdháileadh an chistiúcháin an gá atá leis na Ballstáit a bheith i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais agus an gá atá ann infheistíochtaí a dhíriú ar phríomhthosaíochtaí an Aontais.
Beidh leithdháileadh an mhaoinithe ar chláir na mBallstát bunaithe ar eochair dáileacháin trí chritéar 1) an olltáirgeacht intíre, 2) fairsinge na críche agus 3) daonra an stáit. Tá sé beartaithe na critéir éagsúla a ualú mar seo a leanas: 45 % i gcomhréir inbhéartach leis an olltáirgeacht intíre, 40 % i gcomhréir le méid an daonra agus le cion 15 % i gcomhréir le méid chríoch an Bhallstáit.
Is é atá sa sciar do chláir na mBallstát 60 % d'imchlúdach iomlán an Chiste. Tá sé beartaithe go gcuirfear 50 % den imchlúdach ar fáil do na Ballstáit i dtús na clárthréimhse, agus, san am céanna, go bhféadfar an timchlúdach a bhreisiú ó am go ham go fóill féin. Tá sé beartaithe go ndéanfar breisiú seasta amháin de 10 % den imchlúdach maoiniúcháin ag an meántéarma (coigeartú teicniúil ar an eochair dháileacháin faoi réir feidhmíocht airgeadais ar dá réir ba cheart don Bhallstáit éilimh ar íocaíochtaí a bheith déanta aige, ar éilimh iad lena gcumhdaítear 10 % ar a laghad de mhéid tosaigh na leithreasuithe i gcomhair íocaíochta).
Ba cheart an 40 % den imchlúdach airgeadais foriomlán atá fanta a bhainistiú tríd an tsaoráid théamach, a chuirfidh cistiúchán ar fáil ó am go ham do roinnt tosaíochtaí arna sainiú i gcinntí maoinithe an Choimisiúin. Cuireann an tsaoráid sin solúbthacht ar fáil maidir le bainistiú an Chiste trí chistí a eisíoc leis an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus leis na comhpháirteanna seo a leanas:
–tacaíocht do ghníomhaíochtaí sonracha, lena gcuirfear cistiúchán breise ar fáil i gcomhair gníomhaíochtaí tiomnaithe a mbeidh breisluach ard AE ag baint leo, trí chláir náisiúnta na mBallstát;
–tacaíocht do ghníomhaíochtaí an Aontais, arna mbainistiú trí bhainistíocht dhíreach agus trí bhainistíocht indíreach; agus
–cúnamh éigeandála.
Dhéanfaí clársceidealú na ngníomhaíochtaí faoin tsaoráid théamach a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, arna nglacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún. De bharr na saoráide sin beifear ábalta aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua agus gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh agus iad a chur chun feidhme tríd an modh soláthair is fearr a oirfidh don chuspóir beartais.
Beidh tuilleadh simplithe de dhíth maidir le cur feidhme na hionstraime, go háirithe trí chur chuige comhtháite a áirithiú le rialacha a mbeidh feidhm acu maidir le Cistí eile de chuid an Aontais a bhainistiú (‘leabhar rialacha aonair’), trí threoir níos fearr a chur ar fáil maidir leis na córais bhainistithe agus rialaithe agus maidir le ceanglais iniúchóireachta, agus trína áirithiú go mbainfear úsáid iomlán as roghanna costais simplithe sna rialacha incháilitheachta faoin mbainistíocht chomhroinnte. Tá sé tábhachtach freisin uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisluach AE sna réimsí idirghabhála agus creat feabhsaithe i ndáil le faireachán agus le meastóireacht a chur chun feidhme chun bainistíocht na gcistí a neartú agus an bhainistíocht sin a bheith bunaithe ar fheidhmíocht.
Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuireann an Ciste Slándála Inmheánaí le hinfheistíochtaí agus mórghníomhaíochtaí a ionstraimí réamhtheachtacha:
(i) (j) an clár “an tslándáil agus cosaint saoirsí”, ina raibh cláir shonracha maidir le‘coireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac’ (ISEC) agus maidir leis an sceimhlitheoireacht agus rioscaí eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc, leis an ullmhacht ina gcomhair agus lena niarmhairtí a bhainistiú” (CIPS) sa tréimhse 2007-2013;
(ii) an ionstraim um chomhar póilíneachta, um choireacht a chosc agus a chomhrac agus um bainistiú géarchéime (CSI-P), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 agus a bhí ina cuid den Chiste Slándála Inmheánaí sa tréimhse 2014-2020, agus
(iii)(III) an chuid a bhaineann le beartas drugaí den chlár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 sa tréimhse 2014-2020.
Thacaigh na hionstraimí thuas leis na beartais foriomlána atá ag an Aontas i réimse na slándála inmheánaí, e.g. comhar póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac (lena náirítear frithsceimhlitheoireacht, comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus Europol) mar aon le bainistíocht géarchéime (cosaint daoine agus bonneagar criticiúil) agus smuigleáil drugaí a chomhrac.
Ní mór an obair faoin gCiste Slándála Inmheánaí bheith comhsheasmhach le hobair Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA). Oibreoidh an Ciste i lánchomhlántacht leis na gníomhaireachtaí sin. Ina Theachtaireacht Buiséad Nua-don Aontas sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún suim EUR 1 128 000 000 (i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar ghníomhaireachtaí an Aontais i réimse na slándála. Ní chumhdaíonn an Rialachán seo an maoiniú a thugtar do na gníomhaireachtaí sin. Cinntear a gcistiú sa nós imeachta buiséadach bliantúil rialta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is gá freagairt chomhordaithe ón Aontas agus idirghabháil ionstraimí uile an Aontais de dheasca scála, thábhacht agus chineál athraitheach trasearnálach na mbagairtí slándála atá ag teacht chun cinn. Fadhb thrasearnálach atá sa tslándáil agus maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí gan sineirgíochtaí le hionstraimí cistiúcháin eile, ní féidir leis freagairt éifeachtach AE a thabhairt. Tugtar aghaidh dá bhrí sin ar an tslándáil i roinnt clár de chuid an Aontais. Ar an gcéad dul síos, tabharfar aghaidh ar shlándáil ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus leis an gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (a chuimsíonn an ionstraim maidir le bainistiú teorann agus maidir le víosaí agus an ionstraim maidir le trealamh rialaithe custaim). Is ríthábhachtach faireachas a dhéanamh i.e. smuigleáil earraí mídhleathacha, pléascáin, réamhtheachtaithe, scagadh imirce mídhleathaí slándála ar na teorainneacha seachtracha chun slándáil fhoriomlán an Aontais a choinneáil. Tiocfaidh gné thábhachtach eile de na sineirgíochtaí idir beartais imirce agus teorann as an méadú mór ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhéanfar chun go mbeidh stádas iomlán oibríochtúil aici agus chun go mbeidh cór seasta ar thart ar 10,000 garda teorann aige.
Chomh maith leis sin, tá an tsineirgíocht agus an comhleanúnachas tábhachtach a mhéid a bhaineann leis na Cistí um Beartas Comhtháthaithe, leis an gcuid d'Fhís Eorpach a bhaineann le taighde slándála, leis an gclár don Eoraip Digiteach, leis an gclár um Cheartas agus leis an gclár um Chearta agus um Luachanna. Ós rud é go bhfuil naisc intreacha phraiticiúla idir an tslándáil agus an ceartas, beidh sineirgíochtaí áirithe ann idir an Clár Slándála Inmheánaí agus an clár Ceartais maidir le cosaint leordhóthanach a sholáthar d'íospartaigh na coireachta, cistiú a dhéanamh ar fhoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus oiliúint bhreithiúnach, idir-inoibritheacht a áirithiú leis an gcóras faisnéise Eorpach um thaifid choiriúla, feabhas a chur ar choinníollacha coinneála agus ar chomhar idirghníomhaireachta i réimsí an cheartais agus na slándála, lena náirítear trí ghníomhaireachtaí a bhaineann le ceartas, amhail Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. I réimse an bheartais drugaí bíonn sineirgíochtaí ann le Ciste Sóisialta na hEorpa + lena chomhpháirt sláinte go háirithe. Beifear ag lorg sineirgíochtaí go háirithe i réimsí an bhonneagair slándála agus spásanna poiblí, na cibearshlándála agus an choisc an radacú. Is féidir le CSE + ról tábhachtach a imirt i dtaca le radacú a chosc tríd bhíthin lánpháirtíocht níos fearr, is féidir ról tábhachtach a bheith ag CFRE agus ag InvestEU ó thaobh slándáil infheistíochtaí i mbonneagar ar fud an Aontais a mhéadú agus is féidir aghaidh a thabhairt ar an gcibearshlándáil trí shlándáil chórais TF a mhéadú. Amhail an tslándáil, is feiniméan trasteorann agus trasearnálach an tsaincheist seo agus gné thábhachtach den chlár Eoraip Digiteach agus, dá bhrí sin, is gá sineirgíochtaí a áirithiú leis an gCiste Slándála Inmheánaí.
Is féidir leis an tslándáil i dtaca le saincheisteanna domhanda agus le gníomhaíochtaí thar theorainneacha an Aontais tionchar suntasach a imirt ar shlándáil inmheánach an Aontais. Dá bharr sin leanfaidh bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha de thacaíocht a fháil tríd an gCiste a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais lena náirítear an ionstraim um chúnamh réamhaontachais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. I ndáil leis an ngné sheachtrach, ba cheart go gcuirfeadh an Ciste feabhas ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí a bhfuil baint acu le leas slándála inmheánaí an Aontais , amhail an sceimhlitheoireacht agus an radacú a throid, comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a throid (lena náirítear gníomhairí a chur ar dícheangal agus foirne imscrúdaithe comhpháirteacha), an choireacht eagraithe agus an téilliú chomh maith le gáinneáil daoine agus smuigleáil imirceach. Tá dlúthnasc idir an tslándáil agus an chosaint agus, i réimse na cosanta, ní mór don Aontas freagracht níos fearr a ghlacadh as a leas, a luachanna agus a saol Eorpach a chosaint.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Díorthaítear ceart an Aontais chun gníomhú i réimse na ngnóthaí baile go háirithe ó Airteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina luaitear go ‘gcuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac’.
Tugtar údar cuí do ghníomhaíocht an Aontais ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina leagtar amach modh chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú. Dírítear aird ar Airteagal 80 CFAE, lena sonraítear go láidir go mbeidh na beartais sin de chuid an Aontais agus a gcur chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta, lena náirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis, idir na Ballstáit.
Tá an Rialachán seo bunaithe ar Airteagal 82 (1), Airteagal 84 agus Airteagal 87 (2) CFAE, ar bunúis dlí chomhoiriúnacha iad i bhfianaise na gcúinsí sonracha dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le cinnteoireacht faoi Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Soláthrófar tacaíocht airgeadais sa Rialachán seo ar bhonn comhbheartas Aontais (straitéisí, cláir agus pleananna gníomhaíochta), reachtaíocht, comhar praiticiúil agus measúnuithe ar bhagairtí agus ar rioscaí. Dá réir sin, ba cheart an clár a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil don réimse beartais seo faoi láthair (CSI-P) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, faoi réir rialacha idirthréimhseacha.
Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra an 29 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, chun comhordú na tacaíochta faoi bhainistíocht chomhroinnte a fheabhsú agus chun cur chun feidhme na tacaíochta sin a chomhchuibhiú, agus é mar phríomhaidhm aige sin soláthar beartais a shimpliú. Cumhdaítear an chuid sin de CSI ar bainistíocht chomhroinnte é faoi na forálacha coiteanna sin.
Déantar cuspóirí comhlántacha a shaothrú leis na Cistí éagsúla de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus de bhrí go bhfuil an modh bainistíochta céanna acu, leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] sraith prionsabal coiteann amhail comhpháirtíocht. Tá gnéithe coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe sa Rialachán sin freisin, lena náirítear forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach leis cur chuige comhchoiteann maidir le treoshuíomh feidhmíochta na gCistí. Dá réir sin, tá coinníollacha cumasaithe san áireamh ann, agus socruithe maidir le faireachán, tuairisciú agus measúnú. Leagtar amach forálacha coiteanna freisin i ndáil le rialacha incháilitheachta, le bainistíocht airgeadais agus le socruithe maidir le bainistíocht agus rialú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Cuireann bainistiú bagairtí slándála dúshláin roimh na Ballstáit nach féidir leo dul i ngleic leo ina naonar. Ar an iomlán, is réimse é seo ina mbainfidh breisluach soiléir le hidirghabháil an Aontais,agus le buiséad an Aontais a úsáid.
I réimse na slándála, na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus na mbagairtí eile a bhaineann leis an tslándáil, is bagairtí iad a bhfuil gné trasteorann ag baint leo níos mó ná riamh. Tá comhar agus comhordú trasnáisiúnta i measc na núdarás um fhorghníomhú an dlí riachtanach má táthar chun na bagairtí sin a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla trí mhalartú faisnéise, comhimscrúduithe, teicneolaíochtaí comhinoibritheacha agus measúnuithe bagairtí agus riosca comhchoiteanna. Cuirfidh tacaíocht airgeadais faoin Rialachán seo le cumas na mBallstát agus an Aontais sna réimsí beartais sin a neartú, agus ar an gcaoi sin bunú creata Aontais a éascú le haghaidh dlúthpháirtíocht an Aontais a chur in iúl agus ardán a sholáthar le haghaidh forbairt córas coiteann TF a bheidh mar bhun agus mar thaca ag na beartais sin.
Le déileáil le slándáil an Aontais, éilítear acmhainní agus cumas nach beag ar na Ballstáit. Cruthaítear barainneachtaí scála agus sineirgíochtaí mar thoradh ar fheabhsú ar chomhar agus ar chomhordú oibríochtúil a chuimsíonn comhthiomsú acmhainní na mBallstát rud a áirithíonn go mbaintear úsáid níos éifeachtaí as cistí poiblí agus a threisíonn dlúthpháirtíocht, muinín fhrithpháirteach agus comhroinnt freagrachta i dtaca le comhbheartais an Aontais. Baineann sé sin go mór le hábhar i réimse na slándála, áit a bhfuil tacaíocht airgeadais le haghaidh gach cineáil oibríochta comhpháirtí trasteorann riachtanach chun comhar a fheabhsú idir póilíní, lucht custaim, gardaí teorann agus na húdaráis bhreithiúnacha.
Maidir le gné sheachtrach na ngnóthaí baile, is léir go méadóidh glacadh beart agus comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an Aontais go suntasach tionchar an Aontais faoi mar atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha dul i mbun plé leis maidir leis na saincheisteanna sin a bhaineann le slándáil atá ina nábhar spéise go príomha don Aontas agus do na Ballstáit.
Urramaítear leis an togra seo prionsabal na coimhdeachta, toisc go gcuirfear an chuid is mó den mhaoiniú chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach i gcomhréir le hinniúlachtaí institiúideacha na mBallstát, agus ag an am céanna aithnítear gur cheart go ndéanfaí an idirghabháil ar leibhéal iomchuí agus nár cheart ról an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach.
•Comhréireacht
Tá prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh leis an togra agus tagann sé faoin raon feidhme do ghníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, mar a shainmhínítear i dTeideal V de CFAE. Tá na cuspóirí agus leibhéil an chistiúcháin chomhfhreagraigh i gcomhréir lena bhfuiltear ag iarraidh a ghnóthú leis an gCiste. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe leis an togra seo tugtar aghaidh ar ghné Eorpach an chomhair phóilíneachta.
•An rogha ionstraime
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar Ciste Slándála Inmheánaí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Cuirtear san áireamh leis an togra torthaí na meastóireachtaí ar an ionstraim chistiúcháin a bhí ann cheana le haghaidh comhar póilíneachta. Cuireann sé leis an meastóireacht ex post ar CIPS agus ISEC, arbh ionstraimí iad i gclárthréimhse 2007-2013, agus leis an meastóireacht eatramhach ar an ionstraim don Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim um chomhar póilíneachta, um an choireacht a chosc agus a chomhrac agus um bainistíocht géarchéime, arb é sin an Ciste atá ann sa tréimhse reatha (2014-2020). I gcomhthéacs na gcritéar meastóireachta éagsúla, is iad seo a leanas na torthaí a fuarthas:
Bhí éifeacht leis an ionstraim póilíneachta (ISF P) den chuid is mó agus chuidigh sé go mór le hardleibhéal slándála a bhaint amach san Aontas trí choireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena náirítear an sceimhlitheoireacht, agus trí chomhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forghníomhaithe dlí. Chuidigh sé freisin feabhas a chur ar an gcumas atá ag na Ballstáit rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann le slándáil a bhainistiú go héifeachtach, a mhéid níos lú, le cosaint daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint ar ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil. Léirítear leis an bhfianaise gur chuidigh sé leis an gcomhar agus an comhordú a fheabhsú i measc na mBallstát agus chomhlachtaí na hEorpa, agus feabhas a chur ar chumas na mBallstát measúnuithe cuimsitheacha a dhéanamh ar bhagairtí agus ar rioscaí, cé gur beag an líon tionscadal a cistíodh leis ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Rinneadh roinnt gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais a mhaoiniú i réimse an réamhrabhaidh agus an chomhair i dtaca le géarchéimeanna a chosc (e.g. líonra ATAS).
Mar sin féin, níl ach dul chun cinn teoranta déanta ag ISF-P maidir le cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát a neartú le bonneagar criticiúil a chosaint, íospartaigh a chosaint, scéimeanna oiliúna agus cláir mhalartaithe a chosaint, agus gníomhaíocht a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, cé go bhfuil formhór na dtionscadal a bhaineann leis na cuspóirí oibríochtúla sin fós ar siúl.
I dtaca le heifeachtúlacht, ar an iomlán, laistigh de theorainneacha na sonraí a bhí ar fáil, léirítear leis an meastóireacht gur gnóthaíodh torthaí na hionstraime ar chostais réasúnacha i dtéarmaí acmhainní daonna agus airgeadais araon. Tá bearta náisiúnta éifeachtúlachta curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát. Bíonn fadhbanna ag formhór na mBallstát, áfach, leis an treoir ón Aontas, le táscairí coiteanna agus leis an bhféilire tuairiscithe agus faireacháin. D’ainneoin feabhsuithe a bheith ann maidir le simpliú, féadfar a mheas gur bhain an tualach riaracháin an bonn den éifeachtúlacht.
Fuarthas gur tháinig simpliú as na nósanna imeachta le haghaidh na dtrí chiste (an Ciste Slándála Inmheánaí Póilíneacht, an Ciste Slándála Inmheánaí — an ionstraim um Theorainneacha agus Víosaí (ISF-BV) agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL). D’aithin na Ballstáit a d’úsáid an rogha shimplithe costais a éifeachtúla a bhí sí chun an tualach riaracháin a laghdú. Mar sin féin, níl ach spriocanna atá beartaithe i dtaca leis na bearta simplithe agus na bearta chun an tualach riaracháin a laghdú, níor gnóthaíodh na spriocanna sin ach go páirteach. In ainneoin na bhfeabhsuithe a rinneadh maidir le simpliú, is beag fianaise atá ann ag an gcéim seo ar laghdú suntasach ar an ualach riaracháin. Meastar go bhfuil bearta faireacháin, tuairiscithe agus rialaithe fós ródhian agus d'iarr na Ballstáit tuilleadh treorach maidir le cloí le ceanglais an Aontais. Tuairiscíodh freisin go raibh cuid de na ceanglais maidir le tuairisciú agus neamhábharthacht roinnt táscairí ag cur leis an ualach riaracháin.
Tá cuspóirí agus réasúnaíocht bhunaidh an Chiste ábhartha fós tar éis na géarchéime imirce agus slándála. Cuireadh meicníochtaí iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais athraitheacha ag na céimeanna clárúcháin agus cur chun feidhme araon. Maidir leis an tsolúbthacht a bhaineann leis an ionstraim (an fhéidearthacht cistiú a aistriú idir cuspóirí) chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais athraitheacha; bheadh na Ballstáit buíoch, áfach, as an tsolúbthacht níos mó fós a thiocfadh as an líon cuspóirí a laghdú agus deireadh a chur le híosleibhéil leithdháileacháin in aghaidh an chuspóra.
Meastar go bhfuil an ionstraim comhleanúnach agus go bhfuil a chuspóirí comhlántach le bearta náisiúnta eile. Rinneadh comhleanúnachas agus comhlántacht le hionstraimí maoinithe eile de chuid AE a áirithiú i gcéim an chlársceidealaithe. Cuireadh sásraí comhordaithe i bhfeidhm chun comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú i gcéim an chur chun feidhme. Tá róil atá thar a bheith tábhachtach ag an gcoiste faireacháin agus ag na húdaráis fhreagracha maidir le comhleanúnachas a áirithiú. Bhí modhanna éagsúla cur chun feidhme comhlántach go frithpháirteach. Is cosúil go bhfuil deis éigin feabhsaithe ann maidir le gníomhaireachtaí AE agus le comhleanúnachas inmheánach, áfach, toisc nach bhfuil mórán feasachta ann i measc tairbhithe faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thionscadail laistigh den chreat an Chiste Slándála Inmheánaí.
Tríd is tríd, chinntigh an ionstraim go bhfuil breisluach AE ag baint le feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann, an malartú eolais agus an dea-chleachtas is fearr, muinín a bheith ag údaráis um fhorghníomhú an dlí as na Ballstáit agus príomhbheartais an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme (dea-éifeachtaí a bpróiseas). Chabhraigh sé freisin raon feidhme na ngníomhaíochtaí a leathnú amach agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a fheabhsú i dtéarmaí na hinfheistíochta i ngeall ar réimsí antosaíochta nó i réimsí atá thar a bheith speisialaithe. Trí threalamh úrscothach a cheannach, tá feabhas tagtha ar chumas na núdarás náisiúnta sainidirghabhálacha a dhéanamh, agus raon feidhme níos leithne ag na húdaráis sin. Lean an ionstraim seo freisin ar leathnú a dhéanamh ar na cineálacha oiliúna malartaithe eolais agus forfheidhmithe dlí (éifeachtaí raon feidhme). Chuir sé sin le comhchuibhiú taighde ar chosc na coireachta ar leibhéal an AE, d’éascófaí infheistíochtaí breise agus dhírigh sé ar bhearta fadtéarmacha sa réimse seo. A bhuí leis sin, bhíothas in ann infheistíochtaí a dhéanamh de réir a chéile, go háirithe i gcórais TF, in oiliúint agus i dtrealamh speisialaithe (éifeachtaí méid). Bheadh an easpa maoinithe -P díobhálach do cháilíocht an Aontais Eorpaigh ar bhonn trasteorann agus in ann do chumas na mBallstát réitigh nuálacha a chur chun feidhme (iarmhairtí ó thaobh ról).
Táthar tar éis inbhuanaitheacht na hionstraime a áirithiú trí ghníomhaíochtaí a thabhairt i gcomhréir le gníomhaíochtaí a forbraíodh mar fhreagra ar thosaíochtaí náisiúnta nó ar cheanglais AE. Cuireadh bearta agus sásraí cuimsitheacha ar bun ag céimeanna an chláraithe agus an chláraithe, faoin lucht bainistíochta comhroinnte agus ar chéimeanna an chur chun feidhme araon. Mar sin féin, baineann sé sin leis an gcuid is mó de na tionscadail a chur i bhfeidhm go leanúnach, an mairfidh na héifeachtaí ar na spriocghrúpaí agus ar réimsí sonracha ar aghaidh.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí dhá chomhairliúchán oscailte thiomnaithe phoiblí maidir le cistí AE i réimsí na himirce agus na slándála ar siúl ón 10 Eanáir go dtí an 9 Márta 2018. Ar an iomlán, leag na freagróirí béim láidir ar an ngá a bhí le simpliú maidir le hionstraimí um chistiúchán gnóthaí baile a sholáthar, le solúbthacht bhreise (i ndáil leis an gcumas freagairt don imirce agus do ghéarchéimeanna a bhaineann le slándáil go háirithe) agus le cistiúchán agus tacaíochta bhreise i réimsí ina bhfuil leibhéil arda comhroinnte freagrachtaí (amhail bainistiú tearmainn agus teorainneacha) agus/nó comhar idir na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí gnóthaí baile. Taispeánann na freagraí go bhféadfar éifeachtacht agus éifeachtúlacht ionstraimí, chomh maith le breisluach AE, a fheabhsú leis na bearta sin. Tharraing na páirtithe leasmhara aird freisin ar an ngá a bhí le luamhánacht bhreise maidir le beartas gnóthaí baile i dtríú dtíortha.
Chuathas i gcomhairle le húdaráis fhreagracha na mBallstát i gcreat an Choiste um Shlándáil CSI. Chuir na Ballstáit ionchur ar fáil maidir leis na príomhthosaíochtaí cistiúcháin, le fadhbanna, le hailtireacht na gcistí agus leis na modhanna soláthair. Chuathas i gcomhairle le ríomhgheallsealbhóirí agus tairbhithe eile chistiúchán AMIF agus ISF trí bhainistíocht dhíreach agus indíreach, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta,agus le gníomhaireachtaí gnóthaí baile.
D’aontaigh na páirtithe leasmhara, le go ndéanfaí breisluach AE a uasmhéadú, gur cheart na tosaíochtaí agus na gealltanais bheartais ar leibhéal AE a léiriú le caiteachas AE agus tacú le cur chun feidhme acquis ghnóthaí baile AE. D’iarr siad go gcuirfí dóthain cistiúcháin ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn. Ba chóir freisin dóthain cistiúcháin a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí gnóthaí baile de chuid an Aontais, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí breise atá ar siúl acu. D’aontaigh na páirtithe leasmhara gur ghá go mbeadh breis solúbthachta ionsuite i struchtúr na gCistí. Chinn siad gur cheart na cláir náisiúnta ilbhliantúla a choinneáil, chun go mbeadh dóthain solúbthachta coinnithe iontu le go bhféadfaidís freagairt d’imthosca athraitheacha. Bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha den tuairim gur cheart leanúint leis an mbainistíocht dhíreach freisin.
Deimhníodh leis na comhairliúcháin sin go raibh comhdhearcadh foriomlán i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara gur ghá an raon feidhme leathan do chistiúchán AE a choinneáil, lena náirítear i ndáil lena ghné sheachtrach, tionchar na mbeartas gnóthaí eachtracha a fheabhsú, simpliú breise maidir le sásraí soláthair agus maidir le solúbthacht, go háirithe chun freagairt d’éigeandálaí.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Cuireadh tús in 2016 leis an obair ullmhúcháin ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile agus lean sí ar aghaidh in 2017 agus in 2018. Mar chuid den obair seo, rinneadh staidéir ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil in 2017 chun tacú leis an measúnú tionchair a seoladh i mí Meán Fómhair 2017. Tugadh na torthaí a bhí ar fáil ó mheastóireachtaí ar na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus ó na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara le chéile sna staidéir sin, agus rinneadh iniúchadh ar na fadhbanna, ar na cuspóirí agus ar na roghanna beartais, lena náirítear an tionchar is dóigh a bheidh acu, faoi mar a scrúdaíodh iad sa mheasúnú tionchair.
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair i ndáil leis an togra. Chlúdaigh an measúnú tionchair an méid seo a leanas: An Ciste Tearmainn agus Imirce, Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste Bainistíochta Teorainneacha Comhtháite, atá comhdhéanta den Ionstraim um Bainistiú Teorann agus Víosa agus ar an Ionstraim um Rialú Custaim. Féadfar bileog achoimre an mheasúnaithe tionchair agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil ar an suíomh gréasáin seo a leanas
http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia
.
Déantar anailís sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar roghanna beartais éagsúla maidir leis an gcaoi a ndéanfar an cistiúchán a sholáthar, agus tugadh aghaidh ar chomhleanúnachas agus comhlántachtaí le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid AE, an ghné sheachtrach a bhaineann le cistiúchán don imirce agus don tslándáil, solúbthacht i dtimpeallacht airgeadais chobhsaí (lena náirítear an tsaoráid théamach), rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme, an fhéidearthacht cúnamh éigeandála a chur ar fáil agus sásra féideartha le haghaidh athbhreithniú meántéarma. Is é atá sa rogha thosaíochta meascán de roghanna a chuireann le torthaí agus le moltaí na meastóireachta ex-post ar Chistí (tréimhse chlársceidealaithe 2007-2013) agus na meastóireachta eatramhaí ar na Cistí reatha (tréimhse chlársceidealaithe 2014-2020).
Tugtar aghaidh sa mheasúnú tionchair ar na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar na príomhcheisteanna agus ar na moltaí i gcomhair feabhsúcháin a fuarthas maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus ar an gcaoi ar leasaíodh an tuarascáil measúnaithe tionchair chun iad sin a léiriú.
|
Príomhcheisteanna an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála
|
Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair
|
|
Ní mhínítear sa tuarascáil conas a bheidh tionchar ag méadú ar inniúlacht AE sna réimsí sin [a bhaineann le gnóthaí baile] agus ag leathnú ar ról na ngníomhaireachtaí ar an gcóras foriomlán.
|
I ndáil leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun míniú a thabhairt ar an tionchar atá ag inniúlacht AE agus ról breise na nGníomhaireachtaí a leathnú ar róil na gCistí lena mbaineann (roinn 3.2). De bhrí go mbeidh ról lárnach ag na Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile maidir le beartais imirce agus slándála an Aontais a chur chun feidhme, beidh ról tábhachtach acu le linn chéim chlársceidealaithe na gclár náisiúnta agus chuirfeadh a gcuid gníomhaíochtaí faireacháin leis an athbhreithniú meántéarma. Ní bheadh sé de chuspóir ag sainordú leathnaithe na nGníomhaireachtaí na tascanna reatha atá á ndéanamh ag na Ballstáit a ionadú ach bheadh sé de chuspóir aige gníomhaíochtaí an Aontais agus a chuid Ballstát a fheabhsú agus a uasghrádú i réimsí na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála
|
|
Ceisteanna breise agus moltaí i gcomhair feabhsúcháin
|
Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair
|
|
(1) Ba cheart na príomhathruithe i struchtúr an chláir chomh maith leis na tosaíochtaí i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair sa tuarascáil. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme chomhpháirt sheachtrach an chláir a shoiléiriú sa tuarascáil, i.e. a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha.
|
Athbhreithníodh an tuarascáil chun na príomhathruithe ar struchtúr an chláir i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair (roinn 3.2) agus chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na comhpháirte seachtraí agus a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha (roinn 3.3). Tá cuspóirí na gCistí bunaithe ar raon feidhme na gCistí a bhí ann roimhe sin, ar measadh, go ginearálta, iad a bheith sách leathan chun tacú le tosaíochtaí beartais AE a chur chun feidhme, agus breisluach AE a sholáthar. Léiríonn na hoiriúnuithe ar thosaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí forbairtí beartais agus an gá atá le sineirgíochtaí le Cistí eile de chuid AE. Déanfar idirghabhálacha sa ghné sheachtrach a dhearadh agus a chur chun feidhme agus iad comhleanúnach le gníomhaíocht sheachtrach agus le beartas eachtrach AE, go háirithe le hIonstraim sheachtrach AE.
|
|
(2) Ba cheart freisin go míneofaí sa tuarascáil an chaoi a mbeidh tionchar ag leathnú inniúlacht AE agus ag an ról méadaithe a bheidh ag gníomhaireachtaí ar róil na gclár faoi seach. An méadaíonn sé an gá atá le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, an gá atá le tarmligean chuig na gníomhaireachtaí, nó an laghdaíonn sé an tosaíocht atá ag roinnt idirghabhálacha?
|
Tá na modhnuithe a rinneadh ar an tuarascáil lena gcuirtear príomhcheist an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála thuas.
|
|
(3) Tuigeann an Bord go raibh an sásra nua do chúlchistí feidhmíochta á fhorbairt fós agus an tuarascáil á dréachtú. Ba cheart, áfach, an sásra roghnaithe a nuashonrú agus a shoiléiriú ina leagan deiridh agus údar a thabhairt leis i bhfianaise taithí a fuarthas ó chistí eile de chuid AE (mar a míníodh don Bhord ó bhéal).
|
Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun an sásra tosaíochta a uasdátú agus a shoiléiriú, agus taithí ó chistí eile de chuid AE á cur san áireamh chomh maith le forbairtí ó thaobh Rialachán na bhForálacha Coiteanna a bheidh ann amach anseo a ullmhú don bhainistíocht chomhroinnte (roinn 4.1.4). Ní chuirtear aon chúlchiste feidhmíochta tiomnaithe i láthair sa rogha thosaíochta. Cuirtear íosleibhéal de chur chun feidhme airgeadais san áireamh chun cistiúchán breisithe a leithdháileadh sa choigeartú teicniúil ag an meántéarma agus chuirfí na gnéithe a bhaineann le feidhmíocht san áireamh nuair a bheadh cistí breise á gcur ar fáil tríd an tsaoráid théamach.
|
|
(4) Ba cheart an dóigh a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála laistigh d’imchlúdaigh gach ceann de na trí chiste don imirce agus don tslándáil a shoiléiriú sa tuarascáil, agus ba cheart a shoiléiriú gur cheart úsáid cúnaimh éigeandála a bheith teoranta mar gheall ar an tsolúbthacht nua a thugtar leis an tsaoráid théamach. Ba cheart an buntáiste a bhaineann leis an sásra sin seachas cistiúchán éigeandála sa chlárthréimhse roimhe seo a mhíniú inti.
|
Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun soiléirithe a sholáthar faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála (roinn 4,1.3). Ba cheart cúnamh éigeandála a chuirfear ar fáil trí na Cistí a bheith mar chomhlánú ar an gCúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála (ar leibhéal bhuiséad AE) agus ba cheart é a úsáid i gcásanna atá sainithe go soiléir. Mar thoradh ar an tsolúbthacht atá leabaithe sa tsaoráid théamach, táthar ag súil go mbeidh úsáid an chúnaimh éigeandála níos teoranta ná mar atá sa chlárthréimhse reatha. Féadfar cúnamh éigeandála a chur chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte, nó trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
|
|
(5) Níl na socruithe faireacháin forbartha go maith. Ba cheart soiléiriú a thabhairt sa tuarascáil ar an gcaoi a ndéanfar an rath na gclár a shainmhíniú agus a thomhas.
|
Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil (roinn 5.1) chun an tomhas ar rath na gclár a chur i láthair. Beidh sé sin bunaithe ar chuspóirí a leagfar síos idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ar cuspóirí iad a bheidh le comhaontú sna cláir náisiúnta, agus ar an tomhas ina dhiaidh sin ar a bhfuil gnóthaithe maidir leis na cuspóirí sin, trí tháscairí aschuir agus torthaí a bheidh san áireamh sna tograí dlíthiúla. Leagtar síos na ceanglais tuairiscithe maidir le bainistíocht chomhroinnte i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
|
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Áiritheofar simpliú na hionstraime le Rialachán na bhForálacha Coiteanna ( a bhaineann le na réimsí bainistíochta comhroinne uile) trí úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as rialacha coiteanna chun na cláir a chur chun feidhme. Ina theannta sin, spreagfar na Ballstáit chun an úsáid a bhaintear as roghanna costais simplithe a mhéadú. Déanfar an cur chuige iniúchóireachta a chuíchóiriú chun díriú níos mó ar shampláil iniúchóireachta riosca-bhunaithe agus chun prionsabal ‘na hiniúchóireachta aonair’ a leanúint chun an tualach riaracháin a laghdú.
Gnóthófar tuilleadh simplithe faoin mbainistíocht dhíreach trí úsáid a bhaint as uirlisí TF coiteanna ar fud an Choimisiúin (córas bainistíochta ríomhdheontas).
•Cearta bunúsacha
Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach chun tacú leis na Ballstáit agus an Ciste Slándála Inmheánaí á chur chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas, go háirithe trí dhul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus le radacú, le coireacht thromchúiseach agus eagraithe agus leis an gcibearchoireacht agus trí chúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta agus iad ag gníomhú chun cearta bunúsacha a urramú ina niomláine. Déanfar na cuspóirí sin a shaothrú agus gealltanais an Aontais i ndáil le cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán. Déanfar dlúthfhaireachán air sin agus an Ciste á chur chun feidhme.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá EUR 2 500 000 000 (i bpraghsanna reatha) san áireamh i dtogra an Choimisiúin don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile le haghaidh an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2021-2027.
Déanfar an cur chun feidhme trí bhíthin bainistíocht chomhroinnte, nó bainistíocht dhíreach/indíreach. Úsáidfear an timchlúdach airgeadais mar a leanas: Déanfar 60 % a leithdháileadh ar chláir na mBallstát atá le cur chun feidhme faoin mbainistíocht chomhpháirteach, agus leithdháilfear 40 % ar an tsaoráid théamacha agus úsáidfear gníomhaíochtaí sonracha ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal trasnáisiúnta, ar ghníomhaíochtaí Aontais agus ar chúnamh éigeandála. Úsáidfear imchlúdach na saoráide téamaí freisin don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Cuirfear feabhas ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta, lena náirítear modheolaíocht níos fearr chun infheistíochtaí ar fud na gcistí ábhartha de chuid an Aontais a rianú, ar mhaithe le feidhmíocht thráthúil a spreagadh agus a áirithiú go bhféadfar ionchur éifeachtach a sholáthar leis na meastóireachtaí d’aon athbhreithnithe amach anseo ar idirghabhálacha beartais. Déanfar é sin trí tháscairí níos fearr, comhar níos dlúithe leis na comhpháirtithe ábhartha agus sásraí chun feidhmíocht a dhreasú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016, áit ar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart go soláthródh na meastóireachtaí ar an reachtaíocht atá ann cheana an bonn le haghaidh measúnú tionchair ar na roghanna do ghníomhaíocht bhreise. Déanfar éifeachtaí praiticiúla an Chiste a mheasúnú sna meastóireachtaí bunaithe ar tháscairí agus ar spriocanna agus ar anailís mhionsonraithe ar a mhéid a fhéadfar a mheas go bhfuil an Ciste ábhartha, éifeachtach agus éifeachtúil, go soláthraítear a dhóthain breisluach AE léi agus go bhfuil sí comhleanúnach le beartais eile de chuid AE. Cuirfear ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh iontu chun sainaithint a dhéanamh ar aon easnaimh, fadhbanna nó aon fhéidearthacht na gníomhaíochtaí agus a gcuid torthaí a fheabhsú agus chun cuidiú lena dtionchar a uasmhéadú.
I gcomhthéacs na tuarascála, meastar go dtuairisceoidh na Ballstáit ar chur chun feidhme a gcuid clár i gcomhréir leis na módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach i gCaibidil I — Forálacha ginearálta den Rialachán atá beartaithe a chuspóir, a raon feidhme agus na príomhshainmhínithe. Leagtar amach ann freisin cuspóirí an Rialacháin agus raon feidhme na tacaíochta atá le soláthar. Tá raon feidhme na nAirteagal seo i bhfeidhm den chuid is mó ar an Rialachán atá ann faoi láthair le haghaidh Póilíní — an Eagraíocht Dhomhanda um Shlándáil Inmheánach; agus forbairtí beartais nua amhail an clár oibre Eorpach maidir leis an tslándáil, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta tromchúisí agus eagraithe agus na cibearchoireachta, agus an clár oibre idir-inoibritheachta nua á gcur san áireamh.
Leagtar amach i gCaibidil II — Creat airgeadais agus cur chun feidhme prionsabail ghinearálta i ndáil leis an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán agus cuirtear in iúl inti an tábhacht a bhaineann le comhsheasmhacht agus le comhlántachtaí leis na hionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid AE. Ina theannta sin leagtar síos sa chaibidil na modhanna soláthair do na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán: bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. Tá an meascán de mhodhanna soláthair atá beartaithe bunaithe ar an taithí dhearfach leis an teaglaim sin agus an ionstraim chistiúcháin reatha á cur chun feidhme.
Leagtar síos an creat airgeadais sa chéad chuid den chaibidil. Léirítear leis an togra méid don imchlúdach airgeadais don Chiste agus a úsáid trí shocruithe éagsúla cur chun feidhme.
Déantar cur síos sa dara, sa tríú agus sa cheathrú roinn sin ar an gcreat cur chun feidhme don Chiste, amhail cláir ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Leagtar amach freisin na coinníollacha a mbeidh feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán, amhail iad siúd a bhaineann le ceannach trealaimh agus gníomhaíochtaí oiliúna. Leagtar amach sa roinn seo socruithe mionsonraithe don athbhreithniú meántéarma ar chláir na mBallstát agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí sonracha, oibríochtaí measctha agus tacaíocht oibriúcháin.
Leagtar amach sa chúigiú roinn (an roinn deiridh) na forálacha riachtanacha maidir le tuarascálacha bliantúla na mBallstát, faireachán agus meastóireacht.
I gCaibidil III — Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha tá forálacha maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún, agus maidir le nós imeachta an Choiste. Tá an dáta a thiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm agus leagtar síos go mbeidh an Rialachán ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí, ón 1 Eanáir 2021.
2018/0250 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1) Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é atá i slándáil inmheánach a áirithiú, ar inniúlacht de chuid na mBallstát é, iarracht chomhroinnte ar cheart d'institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit rannchuidiú léi go comhpháirteach. Sa tréimhse 2015 go 2020, rinne an Coimisiún, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar thosaíochtaí coiteanna mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil in Aibreán 2015, a ndearna an Chomhairle iad a athdhearbhú sa Straitéis Athnuaite Slándála Inmheánaí i Meitheamh 2015 agus Parlaimint na hEorpa ina Rún in Iúil 2015. Ba é an aidhm a bhí leis an straitéis chomhroinnte sin creat straitéiseach a chur ar fáil don obair i réimse na slándála inmheánaí ar leibhéal an Aontais agus sainmhíníodh inti na príomhthosaíochtaí gníomhaíochta chun freagairt éifeachtach ón Aontas do bhagairtí slándála á áirithiú don tréimhse 2015-2020, eadhon dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc, cur isteach ar an gcoireacht eagraithe agus an chibearchoireacht a chomhrac.
(2)I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Meán Fómhair 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a ndiongbháilteacht i ndáil le hEoraip shábháilte agus shlán agus i ndáil le hAontas a chruthú, ar Aontas é ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena nurramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.
(3)D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 go leanfaí d'idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí de chuid AE a sholáthar. Leag an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017 béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus an 12 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid an Aontais (Comhar póilíneachta agus breithiúnais, tearmann agus imirce).
(4)Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart d’fhonn an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena náirítear gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais , agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
(5)Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ní mór beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun daoine agus earraí a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí, an téilliú, an chibearchoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus ar airm, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais.
(6)Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit féin. I gcomhréir le hAirteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE, ba cheart go dtacófaí, leis an gcistiúchán, le bearta chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus iad a chur chun cinn i réimse chosc na coireachta agus an chomhair póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis go háirithe i ndáil le faisnéis a mhalartú, comhar oibríochtúil méadaithe agus tacú le hiarrachtaí cumais a neartú chun an choireacht a chomhrac agus a chosc. Ba cheart nach dtacófaí, leis an gCiste, le costais oibriúcháin agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmeanna riachtanacha na mBallstát i dtaca le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach agus náisiúnta a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 72 CFAE.
(7)Chun acquis Schengen a chaomhnú agus chun a fheidhmiú a neartú, bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017 i leith, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh de chuid an Aontais atá ag trasnú teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann. Ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an gcomhchuibheas is gá leis an tslándáil sheachtrach ar na príomhphrionsabail a threoraíonn an tAontas agus gníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt.
(8)Chun rannchuidiú le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb aidhm dó ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí ('an Ciste') a bhunú agus a bhainistiú.
(9)Ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha.
(10)De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ba cheart go dtacódh an Ciste le gníomhaíochtaí a áirithíonn cosaint do leanaí in aghaidh foréigin, míúsáide, dúshaothraithe agus faillí. Ba cheart go dtacódh an Ciste freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina níospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu.
(11)I gcomhréir leis na tosaíochtaí comhroinnte a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí slándála agus go háirithe le dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach agus an chibearchoireacht agus le cúnamh a thabhairt d'íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint. Áiritheofar leis an gCiste go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas agus na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag forbairt agus ag teacht chun cinn d'fhonn fíoraontas slándála a chur chun feidhme. Ba cheart é sin a shaothrú trí bhíthin cúnamh airgeadais chun tacú le malartú faisnéise níos fearr, an comhar oibríochtúil a mhéadú agus cumais náisiúnta agus chomhchoiteanna a fheabhsú.
(12)Faoi chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste, ba cheart don chúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim tacú le comhar póilíneachta agus breithiúnach, cosc i réimse na coireachta tromchúisí agus eagraithe, gáinneáil ar armáin neamhdhleathacha, éilliú, sciúradh airgid, gáinneáil ar dhrugaí, an choireacht comhshaoil, malartú faisnéise agus rochtain uirthi, an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine, dúshaothrú na himirce neamhdhleathaí, dúshaothrú gnéasacha leanaí, dáileadh íomhánna de mhíúsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí agus an chibearchoireacht. Leis an gCiste ba cheart tacú le daoine, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar theagmhais slándáilbhunaithe agus tacú le bainistiú éifeachtach rioscaí agus géarchéimeanna slándáilbhunaithe, lena náirítear trí chomhbheartais (straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta), reachtaíocht agus comhar praiticiúil a fhorbairt.
(13)Leis an gCiste ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na nionstraimí a tháinig roimhe: an clár um an gcoireacht a chosc agus a chomhrac agus an clár um an sceimhlitheoireacht agus rioscaí slándáilbhunaithe eile a chosc, ullmhú dóibh agus niarmhairtí a bhainistiú (CIPS) don tréimhse 2007-2013, agus an ionstraim um an gcomhar póilíneachta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus um ghéarchéimeanna a bhainistiú mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart cur leis chun forbairtí nua a chur san áireamh.
(14)Tá gá le tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhanú. Leis an gCiste ba cheart rannpháirteachas agus rannpháirtíocht ghníomhach fhónta na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a spreagadh, lena náirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith leis an earnáil thionsclaíoch i bhforbairt agus cur chun feidhme an bheartais slándála, lena náirítear i gcás inarb iomchuí rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i dtaca le cuspóir an Chiste.
(15)Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis frithdhrugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh dlíthiúil a sholáthraítear faoin gCiste seo, tacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí uile atá dírithe ar gháinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac (soláthar agus éileamh a laghdú), agus go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíolaíocht, ar iompar, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, lena náirítear seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí. Leis an gCiste ba cheart go gcumhdófaí go háirithe gnéithe coisctheacha an bheartais drugaí. Ar mhaithe le tuilleadh sineirgíochtaí agus soiléireachta sa réimse a bhaineann le drugaí, ba cheart na heilimintí sin de na cuspóirí a bhaineann le drugaí – a chumhdaíodh faoin gclár um Chearta in 2014-2020 – a ionchorprú sa Chiste.
(16)D'fhonn a áirithiú go rannchuideoidh an Ciste go héifeachtach le leibhéal slándála inmheánaí níos airde ar fud an Aontais Eorpaigh agus le fíoraontas slándála a fhorbairt, ba cheart é a úsáid ar dhóigh a gcuirtear an luach is mó le gníomhaíocht na mBallstát.
(17)Ar mhaithe le leas na dlúthpháirtíochta san Aontas, agus le meon freagrachta comhroinnte as an tslándáil ann, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí, de thoradh mheastóireacht Schengen go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an méid sin trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a glacadh de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a chur chun feidhme.
(18)Chun rannchuidiú le cuspóirí an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha an Chiste, go bhfuil na beartais a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus go náirítear le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach.
(19)Ba cheart sineirgíochtaí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.
(20)Ba cheart an Ciste bheith comhleanúnach agus comhlántach le cláir eile de chuid an Aontais i réimse na slándála. Lorgófar sineirgíochtaí go háirithe leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha ina bhfuil an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) X agus an ionstraim um threalamh rialaithe custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) X mar aon le Cistí eile an bheartais comhtháthaithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], an chuid de chlár Fís Eorpach a bhaineann le taighde slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár um Chearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachán X, an clár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) X, agus clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) X. Ba cheart sineirgíochtaí a lorg go háirithe i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, an chibearshlándáil agus leis an radacú a chosc. Tá sásraí comhordúcháin éifeachtacha riachtanach chun gnóthú éifeachtach na gcuspóirí beartais a uasmhéadú, le go mbainfear leas as barainneachtaí scála agus le go seachnófar forluí idir gníomhaíochtaí.
(21)Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. I ndáil leis an ngné sheachtrach, ba cheart go gcuirfeadh an Ciste feabhas ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí a bhfuil baint acu le leas slándála inmheánaí an Aontais , amhail an sceimhlitheoireacht agus an radacú a throid, comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a throid (lena náirítear gníomhairí a chur ar dícheangal agus foirne imscrúdaithe comhpháirteacha), an choireacht eagraithe agus an téilliú chomh maith le gáinneáil daoine agus smuigleáil imirceach.
(22)Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. De bhrí go bhfuil gné trasteorann ag baint leis an tslándáil tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas. Rannchuideoidh an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo go háirithe le neartú cumas náisiúnta agus chumas an Aontais i réimse na slándála.
(23)Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, maidir le tacaíocht oibríochta faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna i réimse na slándála, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le slándáil á chur chun feidhme aige, nó má sainaithnítéar easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.
(24)Ba cheart an gá atá le solúbthacht agus simpliú méadaithe a léiriú san ionstraim agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á nurramú san am céanna, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
(25)Ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh a thabharfar do na Ballstáit a ríomhfar ar bhonn na gcritéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
(26)Beidh na méideanna tosaigh sin mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát sa tslándáil. Chun athruithe bhagairtí slándála nó ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag an meántéarma agus beidh sé bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil mar a leagtar amach san eochair dháileacháin iad agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh.
(27)De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse na slándála ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistiúcháin a chur in oiriúint d'athruithe ar bhagairtí slándála agus cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal de bhreisluach an Aontais ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála.
(28)Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú lena mbaintear leas as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.
(29)D'fhéadfaí cuid de na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin gCiste a dháileadh ar mhaithe le cur chun feidhme gníomhaíochtaí a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainiú ina chláir oibre.
(30)Ba cheart don Chiste a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann leis an tslándáil inmheánach agus cur ar chumas na mBallstát na hacmhainneachtaí sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin roinnt costas sonrach a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina niomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.
(31)Chun cur chun feidhme a chuspóir beartais a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hionstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.
(32)D'fhonn cumas an Aontais freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas a neartú, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. Dá bhrí sin níor cheart cúnamh éigeandála a chur ar fáil chun tacú le bearta teagmhais agus fhadtéarmacha nó chun dul i ngleic le cásanna i gcás ina dtagann an phráinn maidir le gníomhú as eagrú riaracháin easnamhach agus pleanáil oibríochtúil neamhleor a rinne na húdaráis inniúla.
(33)D'fhonn an tsolúbthacht gníomhaíochta is gá a áirithiú agus chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn ba cheart go bhféadfaí acmhainní airgeadais breise iomchuí a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí díláraithe ionas go mbeidh siad in ann cúraimí éigeandála áirithe a dhéanamh. I gcásanna ina bhfuil an cúram atá le déanamh de chineál atá chomh práinneach sin nach bhféadfaí leasú ar a mbuiséad a thabhairt chun críche in am, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe mar thairbhithe cúnaimh éigeandála, lena náirítear i bhfoirm deontas, a thagann le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais.
(34)Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi fhuinneog bheartais nó faoi ionuithe beartais InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.
(35)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánach arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí mhírX den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
(36)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [Rialachán Airgeadais nua] (‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gCiste seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach nó sa bhainistíocht indíreach faoin gCiste Slándála Inmheánaí.
(37)D’fhonn gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán na bhForálcha Coiteanna (AE) Uimh. X.
(38)Le Rialachán (AE) Uimh. …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú cistí AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí a shonrú sa Rialachán seo, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le tacaíocht an Chiste seo.
(39)Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialú, an tualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.
(40)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
(41)Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, baineann rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cistiú éifeachtach AE.
(42)De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hionstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.
(43)De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún "Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE" arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin fhorimeallacha dul i ngleic leo. Tacaítear leis na Ballstáit sin sa Chiste seo trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin sin de réir mar is iomchuí.
(44)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, is gá an ionstraim seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Chiste.
(45)Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, is é sin go núsáidfear 25% den chaiteachas i mbuiséad AE chun tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Ciste á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe.
(46)Trí na táscairí sin agus tríd an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForalacha Coiteanna] agus an Rialacháin seo.
(47)Chun gnéithe neamhriachtanacha sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
(48)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad.
(49)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(50)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, [níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm / tá fógra tugtha aici gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
(51)Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) X ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1.Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (“an Ciste”).
2.Leagtar síos leis cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha lena bhforáiltear maidir leis an gcistiú sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamhiníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;
(b) ciallaíonn “cosc na coireachta” gach beart atá beartaithe chun laghdú a dhéanamh ar choireacht agus ar mhothúchán neamhshláine na saoránach nó chun cur ar dhóigh eile le laghdú a dhéanamh orthu sin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle;
(c)ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeidh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a choinneáil;
(d)ciallaíonn ‘cibearchoireacht’ coireanna cibearbhunaithe, is é sin le rá coireanna nach féidir a dhéanamh ach amháin trí fheistis agus córais na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid, i gcás inarb é atá sna feistis agus sna córais na huirlisí lena ndéantar an choir nó inarb atá iontu príomhspriocanna na coire; agus coireanna cibearchumasaithe, is é sin le rá coireanna traidisiúnta, amhail dúshaothrú gnéasach leanaí, ar féidir a scála agus a réimse a mhéadú trí úsáid a bhaint as ríomhairí, líonraí ríomhaireachta nó foirmeacha eile de TFC;
(e)ciallaíonn ‘bearta EMPACT’ bearta a dhéantar faoi chreat an ardáin Eorpaigh ildisciplínigh i gcoinne bagairtí coiriúla (EMPACT). Is é atá in EMPACT ardán comhair ildisciplíneach struchtúrtha de chuid na mBallstát, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha eile atá ann chun dul i ngleic de réir tosaíochta le bagairtí na coireachta eagraithe agus na coireachta tromchúisí idirnáisiúnta faoi thimthriall beartais an Aontais.
(f)tagraíonn ‘Timthriall Beartais an Aontais’ tionscnamh ildisciplíneach faisnéisbhunaithe arb é is aidhm dó na bagairtí coireachta eagraithe agus tromchúisí is tábhachtaí ar an Aontas a chomhrac tríd an gcomhar idir na Ballstáit, institiúidí an Aontais, na gníomhaireachtaí, agus i gcás inarb ábhartha tríú tíortha agus eagraíochta, a spreagadh;
(g)ciallaíonn “malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE agus do Europol maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe coireacht eagraithe trasteorann;
(h)ciallaíonn ‘comhar breithiúnach’ comhar breithiúnach maidir le hábhair choiriúla.
(i)ciallaíonn ‘LETS’ an Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, arb é is aidhm di an teolas agus na scileanna atá de dhíth orthu a thabhairt d’oifigigh forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic le coireacht trasteorann agus í a chomhrac go héifeachtach trí bhíthin comhar éifeachtúil, mar a shonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2013 maidir le LETS Eorpach a bhunú agus dá dtagraítear a thuilleadh sa Rialachán CEPOL;
(j)ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;
(k) ciallaíonn ‘ullmhacht’ aon bheart arb aidhm dó na rioscaí a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc nó a laghdú;
(l) ciallaíonn ‘sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen’ fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart acquis Schengen mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, lena náirítear i réimse an chomhair póilíneachta.
(m)cumhdaítear le ‘dul i ngleic leis an éilliú’ na réimsí go léir a shonraítear i Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an éillithe, lena náirítear bearta maidir le cosc, bearta coiriúlaithe agus forfheidhmithe dlí, comhar inmheánach, aisghabháil sócmhainní, cúnamh teicniúil agus malartú faisnéise.
(n)ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla nó na cionta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Airteagal 3
Cuspóirí an Chiste
1.Is é cuspóir beartais an Chiste cuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an chibearchoireacht a chomhrac agus trí chúnamh a thabhairt d'íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint.
2.Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:
(a)an malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais agus údaráis inniúla eile agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus laistigh díobh agus le heagraíochtaí tríú tír agus idirnáisiúnta, an malartú sin a mhéadú;
(b)oibríochtaí comhpháirteacha trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais agus údaráis inniúla eile agus laistigh díobh a ghéarú i dtaca leis an gcoireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné trasteorann ag baint léi. agus
(c)tacú leis an iarracht treisiú leis na cumais i dtaca leis an gcoireacht a chomhrac agus a chosc lena náirítear an sceimhlitheoireacht go háirithe trí bhíthin comhar méadaithe idir údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha ar fud na mBallstát.
3.Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.
4.Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a chomhlíonadh. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus ar chosaint daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan.
Airteagal 4
Raon feidhme na tacaíochta
1.Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an gCiste go háirithe leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2.Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfar leis an gCiste tacú leis na gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5.
3.Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:
(a)gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta atá teoranta don ord poiblí a choinneáil;
(b)gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear trealamh caighdeánach, modhanna taistil caighdeánacha, nó saoráidí caighdeánacha a cheannach agus a chothabháil ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis inniúla eile dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE.
(c)gníomhaíochtaí a dhéantar chun críche míleata;
(d)trealamh ar rialú custaim ceann dá chuspóirí;
(e)trealamh comhéigeantach, lena náirítear armáin, armlón, pléascáin agus smachtíní círéibe, ach amháin le haghaidh oiliúna;
(f)luach saothair agus airgead taispeána d'fhaisneoirí lasmuigh de chreat gníomhaíochta EMPACT.
Maidir le gníomhaíochtaí neamhincháilithe dá dtagraítear sa mhír sin féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe i gcás éigeandála.
Airteagal 5
Eintitis incháilithe
1.Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:
(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:
(i)Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;
(ii)tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann;
(b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.
2.Níl daoine nádúrtha incháilithe.
3.Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.
4.Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe.
CAIBIDIL II
CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME
ROINN 1
Forálacha comhchoiteanna
Airteagal 6
Prionsabail ghinearálta
1.Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach a chur le cuspóirí an Rialachán seo.
2.Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais.
3.Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 7
An buiséad
1.Is é EUR 2 500 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027.
2.Úsáidfear an timchlúdach airgeadais mar a leanas:
(a)Déanfar EUR 1 500 000 000 a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.
(b)Déanfar EUR 1 000 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach.
3.Déanfar suas le 0.84 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun an Ciste a chur chun feidhme.
Airteagal 8
Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí
1.Déanfar an timchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:
(a)gníomhaíochtaí sonracha;
(a)gníomhaíochtaí Aontais agus
(b)cúnamh éigeandála
Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.
2.Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.
3.Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar na Ballstáit, áiritheofar nach ndéantar difear do thionscadail de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol.
4.Nuair a dhéanfar cistiú ón tsaoráid théamach a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nach ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol.
5.Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún cinntí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [110] den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach ina sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina shonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.
6.Tar éis dó an cinneadh airgeadais a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.
7.Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais sin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo.
ROINN 2
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte
Airteagal 9
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte de réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.
2.Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].
Airteagal 10
Acmhainní buiséadacha
1.Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) ar na cláir náisiúnta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte (‘na cláir’) go táscach mar a leanas:
(a)EUR 1 250 000 000 ar na Ballstáit i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn I;
(b)EUR 250 000 000 ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1).
2.I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b).
Airteagal 11
Rátaí cómhaoinithe
1.Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.
2.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.
3.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
4.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin.
5.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.
6.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.
7.I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:
(a)an ranníocaíocht iomlán, lena náirítear ranníocaíochta poiblí agus príobháideacha; nó;
(b)an ranníocaíocht phoiblí amháin.
Airteagal 12
Na cláir
1.Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sna cláir aige comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na slándála agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus na tosaíochtaí ina gcláir á sainaithint acu áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i bhforbairt na gclár ag céim luath, i dtaca lena réimsí inniúlachta. Go sonrach, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le Europol maidir le dearadh a mbeart go háirithe agus bearta timthrialla beartais an Aontais nó EMPACT nó bearta a chomhordaíonn an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta á gcur san áireamh acu ina gcláir. Sula gcuirfidh siad an oiliúint san áireamh ina gcuid clár, comhordóidh na Ballstáit le CEPOL chun forluití a sheachaint.
3.Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), i gcás inarb iomchuí san fhaireachán agus sa mheastóireacht a shonraítear i Roinn 5 go háirithe d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste acquis ábhartha agus tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.
4.Féadfar uasmhéid 15 % de leithdháileadh cláir Ballstáit a úsáid chun trealamh a cheannach, le haghaidh modhanna iompair nó chun saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a thógáil. Féadfar an tuasmhéid seo a shárú i gcásanna cuíréasúnaithe agus sna cásanna sin amháin.
5.Tabharfaidh na Ballstáit ina gcláir tosaíocht do dhul i ngleic leis an méid seo a leanas:
(a)tosaíochtaí agus acquis an Aontais i réimse na slándála, malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht córais teicneolaíochta faisnéise;
(b)moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a dhéantar faoi chreat Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 maidir le sásra faireacháin agus meastóireachta i réimse an chomhair póilíneachta;
(c)easnaimh thírshonracha a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a shainaithnítear faoi chreat riachtanais oiliúna amhail moltaí an tSeimeastair Eorpaigh i réimse an éillithe.
6.I gcás inarb iomchuí, déanfar an clár a leasú chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh. Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas.
7.Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV.
8.Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht an Chiste rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal.
9.Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d'Iarscríbhinn VI.
Airteagal 13
Athbhreithniú meántéarma
1.In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2 d'Iarscríbhinn I a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann. Beidh an cistiú éifeachtach maidir leis an tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025.
2.Mura gcumhdaítear 10 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 a fháil.
3.Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta.
Airteagal 14
Gníomhaíochtaí sonracha
1.Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d'fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir.
2.Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go núsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo, lena náirítear bagairtí nua atá ag teacht chun cinn.
3.Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.
Airteagal 15
Tacaíocht oibriúcháin
1.Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.
2.Féadfaidh Ballstát suas le 10 % den mhéid a leithdháilfear faoin gCiste ar a chlár oibre a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a shaothrú.
3.Comhlíonfaidh Ballstát a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir leis an tslándáil.
4.Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 an túdar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu tacaíocht oibriúcháin a iarraidh, agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil mar aon le moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta Schengen agus sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile a chur san áireamh.
5.Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.
6.Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VII.
Roinn 3
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach
Airteagal 16
Raon feidhme
Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.
Airteagal 17
Gníomhaíochtaí Aontais
1.Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.
2.Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
3.Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.
4.Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
5.Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.
6.Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X] de Rialachán X [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].
Airteagal 18
Oibríochtaí measctha
Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 19
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
Leis an gCiste féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Déanfar na bearta sin a mhaoiniú ar an ráta 100 %.
Airteagal 20
Iniúchtaí
Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].
Airteagal 21
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1.Tabharfaidh faighteoir cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh sé infheictheacht an chistithe ón Aontas go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú)trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.
2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, agus lena bhearta agus torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo.
Roinn 4
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach
Airteagal 22
Cúnamh éigeandála
1.Leis an gCiste cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála a thiocfaidh as teagmhas slándáilbhunaithe nó bagairt nua atá ag teacht chun cinn faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mbeidh tionchar neamhfhabhrach shuntasach aici ar shlándáil na ndaoine i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó a d'fhéadfadh an tionchar sin a bheith aici.
2.Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.
3.Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.
4.Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 23
Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte
1.Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gCiste ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
2.Seo a leanas gníomhaíochtaí a mbronntar dearbhú séala barr feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha:
(a)rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;
(b)comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;
(c)ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.
féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) X [maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.
Roinn 5
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT
Roinn 1 Forálacha coiteanna
Airteagal 24
Faireachán agus tuairisciú
1.I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [43(3)(h)(i)(iii)] den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
3.Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.
4.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.
5.Chun a áirithiú go measúnófar go héifeachtach dul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 28, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena náirítear faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.
Airteagal 25
Meastóireacht
1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo, lena náirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste seo.
2.Déanfar meastóireacht mheántéarmach shiarghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].
Foroinn 2 Rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte
Airteagal 26
Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht
1.Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir go dtí an 30 Meitheamh 2022.
2.Sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht beidh go háirithe faisnéis maidir le:
(a)an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garscpriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];
(b)aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo;
(c)an chomhlántacht idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an gCiste agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí Aontais eile, go háirithe bearta i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha;
(d)rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;
(e)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;
(f)comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.
3.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.
4.Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 27
Faireachán agus tuairisciú
1.Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar chineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 28.
2.Úsáidfear na táscairí i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh.[Rialachán na bhForálacha Coiteanna].
CAIBIDIL III
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH
Airteagal 28
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12, 15, 24 agus 27 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3.Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12, 15, 24, agus 27, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos faide anonn a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 12, 15, 24 agus 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 29
Nós imeachta coiste
1.Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 26(4) a ghlacadh.
Airteagal 30
Forálacha idirthréimhseacha
1.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
2.Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoin Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí, agus beidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
3.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chiste na speansais is gá maidir leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an taistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, an Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, a áirithiú.
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach an Chláir)
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí (CSI)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)
Ceannteideal 5 (Slándáil agus cosaint); Teideal 12. Slándáil
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
☑ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Ba cheart don Chiste tógáil ar na torthaí agus ar na hinfheistíochtaí a rinneadh le tacaíocht óna réamhtheachtaithe, is é sin tacú le beartais fhoriomlána an Aontais i réimse na slándála inmheánaí, amhail an comhar póilíneachta, cosc agus comhrac na coireachta agus bainistiú géarchéimeanna (cosaint daoine, áiteanna poiblí agus bonneagair chriticiúil), an troid i gcoinne na ndrugaí.
Ina theannta sin, ba cheart cistiú ón Aontas a bheith in ann dul i ngleic le staideanna ar toradh ar bhagairtí nua slándála iad nó le staideanna eile a éilíonn gníomhaíocht láithreach nach féidir leis na Ballstáit tabhairt fúithi ag gníomhú ina naonar dóibh.
Gan dochar d'aon fhorbairt a dhéanfar ar bheartais amach anseo, beidh ar áireamh in aon togra a dhéanfar sa réimse seo amach anseo ráiteas airgeadais reachtach ar leith ar féidir na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha dó a chumhdach le clúdach an Chiste seo nó le haon chistiú breise atá le fáil faoi chlúdach an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.
1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.
Cuireann bainistiú bagairtí slándála dúshláin roimh na Ballstáit nach féidir leo dul i ngleic leo ina naonar.
I réimse na slándála, tá ag méadú ar nádúr trasteorann na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus na mbagairtí eile a bhaineann leis an tslándáil. Tá comhar agus comhordú trasnáisiúnta idir údaráis forfheidhmithe dlí riachtanach chun na coireanna sin a chosc agus a throid go rathúil, mar shampla trí mhalartú faisnéise, imscrúduithe comhpháirteacha, teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha agus measúnuithe coiteanna ar bhagairtí agus ar rioscaí. An tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo, cuirfidh sí go háirithe le neartú chumas na mBallstát agus an Aontais sna réimsí beartais sin, sa dóigh gur fearr a bheidh an tAontas in ann creat a sholáthar le haghaidh dhlúthpháirtíocht an Aontais agus ardán a sholáthar le haghaidh forbairt córas coiteann TF a bheidh mar bhun agus mar thaca ag na beartais sin.
Le déileáil le slándáil an Aontais, éilítear acmhainní agus cumas nach beag ar na Ballstáit. Cruthaítear barainneachtaí scála agus sineirgí mar thoradh ar fheabhsú ar chomhar agus ar chomhordú oibríochtúil a chuimsíonn comhthiomsú acmhainní i réimsí amhail oiliúint agus trealamh, rud a áirithíonn go mbaintear úsáid níos éifeachtaí as cistí poiblí agus a threisíonn dlúthpháirtíocht, muinín fhrithpháirteach agus comhroinnt freagrachta i measc na mBallstát i dtaca le comhbheartais an Aontais. Baineann sé sin go mór le hábhar i réimse na slándála, áit a bhfuil tacaíocht airgeadais le haghaidh gach cineáil oibríochta comhpháirtí trasteorann riachtanach chun comhar a fheabhsú idir póilíní, lucht custaim, gardaí teorann agus na húdaráis bhreithiúnacha.
Maidir le gné sheachtrach na ngnóthaí baile, is léir go méadóidh glacadh beart agus comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an Aontais go suntasach tionchar an Aontais faoi mar atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha plé leis an AE maidir leis na saincheisteanna sin a bhaineann le slándáil atá ina nábhar spéise go príomha don Aontas agus do na Ballstáit.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart
Sa mheastóireacht eatramhach ar CSI-P don chlárthréimhse 2014-2020 agus sna meastóireachtaí ex post ar chistí don tréimhse 2007-2013 ('an choireacht a chosc agus a throid' (ISEC) agus 'cosc, ullmhacht agus bainistiú iarmhairtí i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus rioscaí eile a bhaineann le slándáil (CIPS)), fuarthas na torthaí a léirítear thíos. Is fiú a thabhairt ar aird go bhfuil CSI-P ar an gcéad chlár cistiúcháin de chuid an Aontais sa réimse sin le bheith curtha chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit; chuireadh an Coimisiún, agus an Coimisiún amháin, na cistí roimhe sin chun feidhme go díreach.
–Ábharthacht, scóip agus méid
Áirithíodh le scóip fhairsing an CSI-P reatha go raibh sé in ann tacú le cur chun feidhme na mbeart riachtanach ar leibhéal an Aontais i réimse na slándála. Bhí an tsolúbthacht a chuir an Ciste ar fáil (an deis cistiú a aistriú idir cuspóirí) ina cuidiú chun dul i ngleic leis an athrú ar riachtanais, ach b'áil leis na Ballstáit tuilleadh solúbthachta fós mar atá deireadh a chur le leithdháiltí íosta cistí do chuspóirí agus laghdú a dhéanamh ar líon na gcuspóirí náisiúnta. Thairis sin, le leithdháiltí seasta a shocraítear ag tú na clárthréimhse, ar bhonn sonraí staidrimh, ní chuirtear san áireamh na hathruithe a thagann ar riachtanais na mBallstát le linn na tréimhse cur chun feidhme. Agus tacaíocht airgeadais bhreise á soláthar le linn na clárthréimhse, ní fhágann an eochair dáileacháin a leagtar síos ag tús na clárthréimhse aon deis solúbthachta ann, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an Chiste.
- Éifeachtacht
Meastar go bhfuil an CSI-P reatha éifeachtach, agus go rannchuidíonn sé lena chuspóirí. Léirigh na meastóireachtaí gur fhág an meascán modhanna seachadta i réimsí na slándála, na himirce agus an bhainistithe teorainneacha go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gCistí a ghnóthú. Ba cheart an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta a choinneáil. Ar an taobh eile, tugann na meastóireachtaí le fios gur teorainn lena néifeachtacht í an easpa solúbthachta atá fós ann, easpa a gcaithfear cothromaíocht a aimsiú idir í agus an intuarthacht óir teastaíonn deimhneacht airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil ó údaráis na mBallstát agus ó na tairbhithe le gur féidir leo cur chun feidhme an Chiste a phleanáil feadh na clárthréimhse. Sa CSI-P reatha, níl aon chlúdach airgeadais le dáileadh ar na cláir náisiúnta faoi chuimsiú an athbhreithnithe meántéarma, rud a chuireann teorainn leis an deis cistiú breise a chur ar fáil do na cláir náisiúnta. Srian eile is ea nach féidir an tathbhreithniú meántéarma a úsáid ach ag tráth réamhchinntithe den tréimhse cur chun feidhme. Léirigh géarchéim na himirce agus an méadú ar bhagairtí slándála san Aontas le blianta beaga anuas gur ghá solúbthacht a bheith ann ó thús na clárthréimhse amach le gur féidir gníomhú i ndáil le hathruithe ar an talamh. Tugadh ar aird sna meastóireachtaí eatramhacha freisin gur ghá loighic idirghabhála shoiléir a bheith ann, go méadófar ar an éifeachtacht dá mbeadh na cláir náisiúnta níos spriocdhírithe toisc go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do chuspóirí áirithe, agus go bhfuil sé tábhachtach córas iomlán faireacháin agus meastóireachta a bheith ann, i gcás na bainistíochta dírí agus na bainistíochta comhroinnte araon. Ós córas é sin a leagfar amach go luath sa phróiseas, áiritheoidh sé faireachán comhsheasmhach aonfhoirmeach ar dhul chun cinn agus ar éifeachtacht ón tús.
- Éifeachtúlacht (lena náirítear simpliú agus laghdú an ualaigh riaracháin)
Tá dul chun cinn i dtaca le simpliú na nósanna imeachta tugtha faoi deara ag na páirtithe leasmhara. Meastar go mbainfear tairbhe as bearta nuálacha (roghanna costais simplithe, clársceidealú ilbhliantúil). Trí rialacha coiteanna a leagan síos maidir le cur chun feidhme CTIL agus CSI neartaíodh na naisc idir bainistíocht na dtrí ionstraim chistiúcháin, rud a ghin an dlúthchomhar – agus an taontas i gcásanna áirithe – idir na heintitis a raibh cúram bhainistiú an dá chiste orthu.
Mar sin féin, measann na húdaráis riaracháin agus na tairbhithe araon fós go bhfuil an tualach riaracháin róthrom, rud a bhaineann an bonn ó éifeachtúlacht na gCistí. Mar shampla, cé gur féidir an tualach riaracháin a laghdú má úsáidtear rialacha incháilitheachta, bíonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm róthrom ar uairibh. Ní bhaintear lánfheidhm as roghanna costais simplithe. Ina theannta sin, tá an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún sách trom ó thaobh sholáthar an chúnaimh éigeandála faoi bhainistíocht dhíreach de. Is éard atá i gceist ann sin comhaontú deontais mionsonraithe a leagan amach in achar gearr amach agus ceanglais ar na tairbhithe tuairisciú níos mionsonraithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún (i gcomparáid leis an mbainistíocht chomhroinnte). Is ga leibhéal leordhóthanach cúnaimh theicniúil chun go mbeidh rath ar bhainistiú an Chiste agus le gur féidir tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh rochtain ar na Cistí a shimpliú do thairbhithe ionchasacha trí fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus faoi dheiseanna cistiúcháin a chur ar fáil. Thairis sin, níl aon sásra ag an CSI-P reatha a bhfuil sé mar aidhm leis feidhmíocht a fheabhsú, mar shampla, córas dreasachtaí a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na gCistí. Cheal sásra den sórt sin, níorbh fhéidir a niarrachtaí a chúiteamh leis na Ballstáit a chruthaíonn go maith agus na Cistí á gcur chun feidhme acu. D'fhéadfadh sé sin éifeachtacht na gCistí a mhéadú maidir le gnóthú a gcuspóirí.
- Comhsheasmhacht
Meastar go bhfuil comhsheasmhacht sa Chiste agus go gcomhlánaíonn a chuspóirí bearta náisiúnta eile. Áirithíodh an chomhsheasmhacht agus an chomhlántacht le hionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais le linn chéimeanna an cheaptha, an chlársceidealaithe agus an chur chun feidhme. Cuireadh sásraí comhordúcháin i bhfeidhm chun comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú ag céim an chur chun feidhme. Bhíothas den tuairim go raibh formáid na gcistí dearfach (cláir náisiúnta a bhí dírithe ar acmhainneacht fhadtéarmach, cúnamh éigeandála a bhí dírithe maolú tapa a dhéanamh ar bhrú agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhí ceaptha chun tacú le comhar trasnáisiúnta. Mar sin féin, is deacair go fóill comhsheasmhacht agus sineirgí a áirithiú i dtrí phríomhréimse: tacaíocht do chuspóirí tearmainn agus lánpháirtíochta trí Chistí SIE, tacaíocht do bhainistiú teorainneacha, agus bearta maidir le filleadh agus athlánpháirtiú chomh maith le córais chosanta a fhorbairt i dtríú tíortha agus, ar deireadh, comhsheasmhacht a áirithiú idir idirghabhálacha chistí an Aontais i réimse na slándála.
1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
Beidh sraith lánchomhordaithe 'ionstraimí cistiúcháin ag tacú le cuspóirí an Chiste i réimse na slándála, lena náirítear gnéithe inmheánacha agus seachtracha. Tá sé tábhachtach forluí le cistiú ó ionstraimí eile de chuid an Aontais a sheachaint trí línte dealaithe agus sásraí comhordúcháin éifeachtacha a bhunú.
Ionstraim thiomnaithe an Aontais i réimse na slándála a bheidh i CSI amach anseo. Áiritheofar go mbeidh comhlántachtaí ann, go háirithe leis an mBeartas Comhtháthaithe, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a chuimsíonn an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí agus an ionstraim um threalamh rialaithe custaim, an chuid taighde slándála de Fís Eorpach agus an clár 'cearta agus luachanna' a bheidh ann amach anseo. Beifear ag iarraidh sineirgí go háirithe maidir leis an mbainistiú teorainneacha agus maidir le trealamh rialaithe custaim, bonneagar slándála agus spásanna poiblí, cibearshlándáil agus cosc an radacaithe. Tá sásraí comhordúcháin éifeachtacha riachtanach le go mbeidh barr éifeachtachta ar ghnóthú na gcuspóirí beartais, le go mbainfear leas as barainneachtaí scála agus le go seachnófar forluí idir gníomhaíochtaí.
Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhchuibhis le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas, a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh de chuid an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhsheasmhacht le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. I ndáil leis an ngné sheachtrach, déanfaidh an Ciste tacaíocht a spriocdhíriú chun feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí a bhaineann le slándáil inmheánach an Aontais, amhail an sceimhlitheoireacht agus an radacú a throid, an tslándáil trádála agus iompair, comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a throid (lena náirítear gníomhairí a chur ar dícheangal agus foirne imscrúdaithe comhpháirteacha), an choireacht eagraithe agus an téilliú chomh maith le gáinneáil daoine agus smuigleáil imirceach.
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
☑ tréimhse theoranta
–☑
i bhfeidhm ón 1.1/2021 go dtí an 31.12/2027
–☑
Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–☑ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
☑ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
☑ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–☑ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–☑ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–☑ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–☑ comhlachtaí dlí poiblí;
–☑ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–☑ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.
Nótaí
Cuirfeadh an Ciste atá beartaithe chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, nó faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach. Is ar na cláir náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháilfear an chuid is mó de na hacmhainní. Leithdháilfear an chuid eile ar shaoráid théamach ab fhéidir a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit go náisiúnta nó go trasnáisiúnta), gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (bainistíocht dhíreach/indíreach) agus cúnaimh éigeandála (bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach).
Is le bainistíocht dhíreach a chuirfear chun feidhme an cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Bainistíocht dhíreach/indíreach:
Déanfaidh an Coimisiún faireachán díreach ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí de réir na socruithe a leagtar amach sna comhaontuithe deontais, sna comhaontuithe tarmligthe le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás inarb infheidhme agus sna conarthaí leis na tairbhithe.
Bainistíocht chomhroinnte:
Bunóidh gach Ballstát córais bhainistithe agus rialaithe dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Chun tosú tapa ar an gcur chun feidhme a éascú, is féidir leanúint, sa chéad chlárthréimhse eile, d'úsáid córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith.
Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na Ballstáit coiste faireacháin a chur ar bun a mbeidh an Coimisiún rannpháirteach ann i gcáil comhairleora. Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a ghnóthú.
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht ar aghaidh, ina leagfar amach faisnéis faoin dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.
Ag deireadh na tréimhse, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach. Ba cheart an tuarascáil deiridh a bheith dírithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le gnóthú chuspóirí an chláir agus ba cheart forléargas a bheith ann ar na príomhshaincheisteanna a rinne difear d'fheidhmíocht na tíre, ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ar an measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí i láthair inti rannchuidiú an chláir maidir le dul i ngleic leis an dúshláin arna sainaithint sna moltaí ábhartha ón Aontas don Bhallstát, an dul chun cinn i dtaca le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta, torthaí na meastóireachtaí ábhartha agus na bearta leantacha arna ndéanamh maidir leis na torthaí sin agus torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide.
De réir dréachttogra RFC, cuirfidh an Ballstát pacáiste dearbhaithe ar aghaidh gach bliain, ina mbeidh na cuntais bhliantúla, an dearbhú bainistíochta agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta maidir leis na cuntais, an córas bainistithe agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú sna cuntais bhliantúla. Úsáidfidh an Coimisiún an pacáiste sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste son bhliain chuntasaíochta a chinneadh.
Eagrófar cruinniú athbhreithnithe idir an Coimisiún agus gach Ballstát gach re bliain chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.
Sé huaire in aghaidh na bliana, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar aghaidh maidir le gach clár, arna miondealú de réir cuspóirí sonracha. Bainfidh na sonraí sin le costas na noibríochtaí agus le luachanna na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh.
Go ginearálta:
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste seo, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a bheith bunaithe go háirithe ar an meastóireacht mheántéarma ar chláir arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024.
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe
Léirigh na meastóireachtaí ex post ar chistí AS HOME 2007-2013 agus na meastóireachtaí idirmheánacha ar na cistí atá ag AS HOME faoi láthair gur fhág an meascán modhanna seachadta a bhí ann i réimsí na himirce agus na ngnóthaí baile go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gcistí a ghnóthú. Coinneofar an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta agus cuimseofar bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach.
Faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuireann na Ballstáit cláir chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus atá saincheaptha dá gcúinsí náisiúnta féin. Áirithíonn an bhainistíocht chomhroinnte go bhfuil an tacaíocht airgeadais ar fail sna Stáit rannpháirteacha uile. Thairis sin, faoi bhainistíocht chomhroinnte bíonn intuarthacht cistiúcháin ann agus is féidir leis na Ballstáit, ar acu atá an teolas is fearr ar na dúshláin atá rompu féin, a maoiniú fadtéarmach a phleanáil dá réir. An cistiú breisithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas) agus le haghaidh gníomhaíochtaí athlonnaithe agus aistrithe, is féidir é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Nuair a thagann cúinsí nua chun cinn, is féidir leis an gCiste cúnamh éigeandála a thabhairt faoi bhainistíocht chomhroinnte, maille leis an mbainistíocht dhíreach agus indíreach.
Faoi bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Cuireann na gníomhaíochtaí tacaíocht shaincheaptha ar fáil maidir le riachtanais phráinneacha shonracha i mBallstáit ar leith ('cúnamh éigeandála'), tacaíonn siad le líonraí agus le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, tástálann siad gníomhaíochtaí nuálacha ab fhéidir a mhéadú faoi chláir náisiúnta agus cumhdaíonn siad staidéir atá le leas an Aontais ina iomláine ('gníomhaíochtaí an Aontais').
Faoi bhainistíocht indíreach, coinníonn an Ciste an deis cúraimí cur chun feidhme buiséid a tharmligean chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí gnóthaí baile, agus chuig comhlachtaí nach iad, chun críocha áirithe.
I bhfianaise na gcuspóirí agus na riachtanais éagsúla, tá saoráid théamach á beartú faoin gCiste mar bhealach cothromaíocht a fháil idir intuarthacht i ndáil le leithdháileadh ilbhliantúil an chistithe ar na cláir náisiúnta agus solúbthacht chun cistiú a íoc amach go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann ardleibhéal breisluacha don Aontas. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha sna Ballstáit agus i measc na mBallstát, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála, athlonnú agus athshuíomh. Áiritheofar léi gur féidir cistí a leithdháileadh agus a aistriú idir na módúlachtaí thuasluaite, ar bhonn timthriall clársceidealaithe dhá bhliain.
Tá tuairisc ar na socruithe íocaíochta don bhainistíocht chomhroinnte i dtogra RFC ina bhforáiltear maidir le réamhmhaoiniú bliantúil, agus ina dhiaidh sin ceithre híocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir agus na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit le linn na bliana cuntasaíochta. Dála dréachttogra RFC, imréiteofar an réamhmhaoiniú laistigh de bhliain chuntasaíochta na gclár.
Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar RFC. Leis an Rialachán Airgeadais nua agus dréachttogra RFC ba cheart cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid. Tabharfar isteach foirmeacha nua íocaíochtaí freisin, bunaithe ar na torthaí arna mbaint amach, seachas an costas. Beidh tairbhithe in ann méid sheasta airgid a fháil má chruthaíonn siad go ndearnadh bearta áirithe amhail cúrsaí oiliúna nó soláthar cúnaimh éigeandála. Meastar go simpleoidh sé sin an tualach rialaithe ar leibhéal an tairbhí agus ar leibhéal an Bhallstáit araon (e.g. seiceáil billí agus admhálacha costais).
I gcás bainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea dréachttogra RFC ar an straitéis bainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a mbeidh sé mar aidhm leo an cur chun feidhme a shimpliú agus an tualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus mBallstát araon. Ar na nithe nua tá:
- deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin (ba cheart go mbeifí in ann dlús a chur le cur chun feidhme na gclár mar gheall air);
- fíoruithe bainistíochta (de chineál riaracháin agus ar an láthair) atá le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (in áit na rialuithe riaracháin 100% a bhí ina gceangal le linn na clárthréimhse 2014-2020). Thairis sin, ar choinníollacha áirithe, féadfaidh na húdaráis bhainistíochta socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta;
- coinníollacha chun an iliomad iniúchtaí ar an aon oibríocht/chaiteachas amháin a sheachaint.
Cuirfidh údaráis an chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar an gcaiteachas arna thabhú ag na tairbhithe. Faoi dhréachttogra RFC, beidh na húdaráis bhainistíochta in ann fíoruithe bainistíochta a dhéanamh ar bhonn riosca agus foráiltear ann freisin maidir le rialuithe sonracha (e.g. rialuithe ar an láthair ag an údarás bainistíochta agus iniúchtaí ar oibríochtaí/chaiteachas ag an údarás iniúchóireachta) tar éis an caiteachas lena mbaineann a bheith dearbhaithe don Choimisiún sna héilimh eatramhacha ar íocaíochtaí. Chun an riosca a mhaolú go naisíocfaí caiteachas neamhincháilithe, cuirfidh dréacht RFC uasteorainn 90% le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, ós rud é nach mbeidh ach cuid de na rialuithe náisiúnta déanta faoin tráth sin. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena nimréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht d’aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.
2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Bainistíocht chomhroinnte:
Níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo. Deimhniú air sin gur minic nach mbíonn aon rud suntasach aimsithe i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí. Thairis sin, tá athbhreithniú déanta cheana féin ag AS HOME ar a bhunús dlí (Rialachán (AE) 2015/378 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 1042/2014) chun tuilleadh ailínithe a dhéanamh le creat rialaithe an Bheartais Comhtháthaithe agus a shamhail dearbhaithe, agus chun an leibhéal íseal earráidí ina chláir chaiteachais a chaomhnú. Cuid den iarracht ailínithe sin is ea an togra seo, óir tá a chreat rialaithe ag teacht leis na hardstiúrthóireachtaí atá i mbun an Bheartais Comhtháthaithe.
Faoi bhainistíocht chomhroinnte, na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár atá ann faoi láthair, baineann siad le cur chun feidhme easnamhach an Chiste ag na Ballstáit agus le hearráidí ab fhéidir a bheith ann de dheasca a chasta atá na rialacha agus de dheasca laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe. Simpleoidh dréacht RFC an creat rialála trí na rialacha agus na córais bhainistithe agus rialaithe a chomhchuibhiú i gcás na gCistí éagsúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, ceadóidh sé ceanglais rialaithe a bheidh difreáilte de réir riosca (e.g. fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, an deis socruithe rialaithe comhréireacha a bheith ann bunaithe ar nósanna imeachta náisiúnta, teorainneacha le hobair iniúchóireachta ó thaobh amú de agus/nó oibríochtaí sonracha).
Bainistíocht dhíreach/indíreach:
De réir na hanailíse a rinneadh le déanaí ar na príomhchineálacha earráidí a bhraitear in iniúchtaí ex post, agus ar na príomhchúiseanna atá leo, eascraíonn na príomhchásanna de neamhchomhlíonadh as drochbhainistíocht airgeadais ar na deontais arna mbronnadh ar thairbhithe, as doiciméid tacaíochta a bheith easnamhach nó in easnamh, as soláthar poiblí mícheart, agus as costais nár buiséadaíodh.
Dá bhíthin sin, is iad na nithe seo is mó is cúis leis na rioscaí
– cáilíocht na dtionscadal roghnaithe agus a gcur chun feidhme ina dhiaidh sin a áirithiú, treoir dhoiléir nó neamhiomlán a tugadh do thairbhithe nó easpa faireacháin;
– an riosca go núsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na cistí arna mbronnadh, i gcás deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a aisíoc maille le deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus i gcás soláthair freisin (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha, uaireanta, ag a bhfuil an saineolas atá de dhíth, rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid);
– riosca a bhaineann le cumas eagraíochtaí beaga (go háirithe) rialú éifeachtach a dhéanamh ar chaiteachas agus trédhearcacht na noibríochtaí a dhéanann siad a áirithiú;
– riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.
Meastar go laghdófar formhór na rioscaí sin a bhuí le dearadh níos fearr a bheith ar na glaonna ar thograí, an treoir do thairbhithe, an spriocdhíriú ar thograí agus úsáid níos fearr a bheith á baint as costais shimplithe agus trasspleáchas ar iniúchtaí agus ar mheasúnuithe mar atá ar áireamh sa Rialachán Airgeadais nua.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)
Bainistíocht chomhroinnte:
Meastar go bhfanfaidh costas na rialuithe mar atá sé nó go bhféadfadh laghdú a theacht air i gcás na mBallstát. Don chlárthréimhse reatha (2014-2020), ó bhí 2017 ann, meastar gurb é a bhí i gcostas carnach an rialaithe ag na Ballstáit tuairim is 5% de mhéid iomlán na níocaíochtaí arna niarraidh ag na Ballstáit don bhliain 2017.
Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcéatadán sin a bhuí le gnóthachain éifeachtúlachta maidir le cur chun feidhme na gclár agus méadú ar na híocaíochtaí leis na Ballstáit.
De thoradh an chur chuige bunaithe a riosca maidir le bainistiú agus rialú atá á thabhairt isteach le dréacht RFC, maille leis an iarracht threisithe roghanna costais simplithe a ghlacadh, meastar go laghdófar costas na rialuithe a thuilleadh i gcás na mBallstát.
Bainistíocht dhíreach/indíreach:
Is ionann costas na rialuithe agus tuairim is 2.5 % de na híocaíochtaí a rinne AS HOME. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé sin cobhsaí nó go laghdóidh sé beagán i gcás ina leathnófar úsáid roghanna costais simplithe sa chéad chlárthréimhse eile.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Tá cosc agus brath na calaoise ar cheann de na cuspóirí atá ag an rialú inmheánach mar atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus is saincheist mhór rialachais freisin é, nach mór don Choimisiún déileáil leis feadh thimthriall an chaiteachais ina iomláine.
Ina theannta sin, is é príomhaidhm straitéis frithchalaoise AS HOME calaois a chosc, a bhrath agus a leigheas, ag áirithiú, inter alia, go bhfuil a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus go bhfuil a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.
Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh na Ballstáit dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá ar áireamh sna cuntais a chuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú. Dála na clárthréimhse reatha (2014-2020) beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun neamhrialtachtaí a bhrath agus maidir leis an bhfrithchalaois agus beidh sé d'oibleagáid orthu tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtacht, lena náirítear amhras calaoise agus calaois léirithe i réimsí na bainistíochta comhroinnte. Leanfaidh bearta frithchalaoise de bheith ina prionsabal ginearálta agus ina noibleagáid ar na Ballstáit.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal Uimh. 5: 'Slándáil agus Cosaint'
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais
|
|
5
|
12.02.01 — Ciste Slándála Inmheánaí (CSI)
|
LD.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
5
|
12.01.01 — Caiteachas tacaíochta do CSI (Cúnamh Teicniúil)
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
'Slándáil agus Cosaint'
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)
|
Gealltanais
|
(1)
|
224.811
|
341.107
|
345.694
|
384.921
|
389.693
|
394.560
|
398.214
|
—
|
2 479.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
23.212
|
51.821
|
105.901
|
265.329
|
373.387
|
371.677
|
369.230
|
918.443
|
2 479.000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(3)
|
2.827
|
2.884
|
2.941
|
3.000
|
3.060
|
3.121
|
3.167
|
—
|
21.000
|
|
IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir
|
Gealltanais
|
=1+3
|
227.638
|
343.991
|
348.635
|
387.921
|
392.753
|
397.681
|
401.381
|
—
|
2 500.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+3
|
26.039
|
54.705
|
108.842
|
268.329
|
376.447
|
374.798
|
372.397
|
918.443
|
2 500.000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
“Caiteachas riaracháin”
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
, a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Acmhainní daonna
|
5.942
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
|
47.600
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
|
1.412
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
6.144
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
|
49.012
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
233.782
|
351.136
|
355.780
|
395.066
|
399.898
|
404.826
|
408.526
|
-
|
2 549.012
|
|
|
Íocaíochtaí
|
32.182
|
61.849
|
115.987
|
275.474
|
383.592
|
381.943
|
379.542
|
918.443
|
2 549.012
|
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
5.942
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
6.943
|
47.600
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
0.202
|
1.412
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
6.144
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
7.145
|
49.012
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eilede chineál riaracháin
|
2.827
|
2.884
|
2.941
|
3.000
|
3.060
|
3.121
|
3.167
|
21.000
|
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
2.827
|
2.884
|
2.941
|
3.000
|
3.060
|
3.121
|
3.167
|
21.000
|
|
IOMLÁN
|
8.971
|
10.029
|
10.086
|
10.145
|
10.205
|
10.266
|
10.312
|
70.012
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
[Do threoir i ndáil leis an bhféidearthacht cúraimí chur chun feidhme an chláir a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, féach lch. 8/9 thuas].
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
38
|
45
|
45
|
45
|
45
|
45
|
45
|
|
Toscaireachtaí
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, LA, SNE, INT agus JPD
Ceannteideal 7
|
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
- sa cheanncheathrú
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
43
|
50
|
50
|
50
|
50
|
50
|
50
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Na 50 ball foirne FTE faoi 2027, sin iomlán na mball foirne is gá le haghaidh chur chun feidhme agus bhainistiú an Chiste. Cuimsítear ann na baill foirne atá ag obair in AS HOME i ndáil le CSI cheana féin (bunlíne: 33 FTE = 3 CA, 11 AST, 19 AD) amhail Aibreán 2018 agus baill foirne breise (+3 AST, +14 AD , 2 díobh do na toscaireachtaí). Féach thíos tuairisc ar chúraimí na mball foirne breise sin:
Pleanáil, clársceidealú, caidreamh le Gníomhaireachtaí (+ 1 AD):
- ionchur sa nós imeachta buiséadach a sholáthar,
- nasc a chruthú idir cistí agus gníomhaireachtaí (e.g. deontais/comhaontuithe tarmligin do ghníomhaireachtaí)
Iniúchtaí, OLAF, CIE (+3 AD):
- rialuithe a dhéanamh, de réir na tuairisce orthu thuas (fíorú ex ante,coiste soláthair, iniúchtaí ex post, iniúchtaí inmheánacha, imréiteach na gcuntas),
- bearta leantacha ar na hiniúchtaí arna mbainistiú ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ag CIE.
Bainistíocht dhíreach (+1 AST, +2 AD):
- cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach,
- cumarsáid leis na páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, Ballstáit, etc.),
- bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna ar thograí agus ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar na nósanna imeachta roghnúcháin ina ndiaidh sin,
- bainistiú oibríochtúil ar thionscadail.
Bainistíocht chomhroinnte (lena náirítear saoráid théamach) (+1 AST, + 3AD):
- idirphlé beartais a dhéanamh leis na Ballstáit,
- cláir náisiúnta a bhainistiú,
- treoirlínte do na Ballstáit a dhréachtú,
- uirlisí TF bainistithe deontas agus clár náisiúnta a fhorbairt agus a bhainistiú.
Sineirgí leis na cistí eile (+1 AD):
- comhordú le cistí na gné seachtraí,
- comhordú i gcomhthéacs RFC,
- sineirgí agus comhlántacht le cistí eile.
Bainistíocht airgeadais (+1 AST):
- tionscamh airgeadais agus fíorú airgeadais,
- cuntasaíocht,
- faireachán agus tuairisciú ar ghnóthú cuspóirí, lena náirítear tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus tuarascálacha an oifigigh údarúcháin fhotharmligthe.
Baill foirne do stiúrthóireachtaí eile a oibreoidh ar chúrsaí maoiniúcháin (+ 2 AD):
- Oifigigh bheartais atá páirteach i gcur chun feidhme na gcistí (e.g. meastóireacht ar thuarascálacha teicniúla ó thairbhithe faoi bhainistíocht dhíreach, athbhreithniú ar thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme i gcás na bainistíochta comhroinnte, bainistiú oibríochtúil tionscadal).
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Tá na cúraimí inchurtha leis na cúraimí atá ar oifigigh agus ar ghníomhairí ar conradh, diomaite de na cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh.
|
|
Daoine i dtoscaireachtaí
|
+ 2 AD: Chun forbairt an chur chun feidhme beartais i réimse na ngnóthaí baile a leanúint, go háirithe an ghné sheachtrach di, is gá a leordhóthain saineolais ar ghnóthaí baile a bheith ag toscaireachtaí an Aontais. D'fhéadfadh baill foirne ón gCoimisiún Eorpach agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith i gceist leis sin.
|
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
Leis an togra/tionscnamh seo:
–◻
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–☑
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
BS
|
BS
|
BS
|
BS
|
BS
|
BS
|
BS
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
le cinneadh
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–☑
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Airteagal …………
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).