Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 52018PC0230

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2017/009 FR/Air France

COM/2018/230 final

An Bhruiséil,23.4.2018

COM(2018) 230 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón bhFrainc – EGF/2017/009 FR/Air France


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú’).

2.Tar éis iomarcaíochtaí 2 a theacht chun cinn in Air France sa Fhrainc, chuir an Fhrainc iarratas EGF/2017/009 FR/Air France ar ranníocaíocht airgeadais ó CED isteach an 23 Deireadh Fómhair 2017.

3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, bhain an Coimisiún de chonclúid as, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme den Rialachán maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhámhachtain.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2017/009 FR/Air France

Ballstát

an Fhrainc

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS 3 )

Île-de-France (FR10)

Provence-Alpes-Côte d'Azur (FR82) 4

An dáta a cuireadh an tiarratas isteach

23 Deireadh Fómhair 2017

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an tiarratas

6 Samhain 2017

An dáta a bhí an taistriúchán ar an iarratas i seilbh an Choimisiúin

7 Nollaig 2017

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

21 Nollaig 2017

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

1 Feabhra 2018

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

26 Aibreán 2018

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú


An príomhfhiontar

Air France


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 5

Rannán 51 (Aeriompar)

An tréimhse thagartha (ceithre mhí):

1 Aibreán 2017 – 31 Iúil 2017

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

1 086

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

772

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

1 858

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

1 858

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

1 858

An líon daoine óga ar a bhfuiltear ag díriú nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó faoi oiliúint (NEETanna)

0

An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

16 410 805

An buiséad le haghaidh CED 6 a chur chun feidhme (EUR)

80 000

Buiséad iomlán (EUR)

16 490 805

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

9 894 483

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.Chuir an Fhrainc an tiarratas EGF/2017/009 FR/ Air France isteach an 23 Deireadh Fómhair 2017, faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas an 6 Samhain 2017. D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ón bhFrainc an 21 Nollaig 2017, faoi cheann coicíse ón dáta a bhí an taistriúchán ar an iarratas ina sheilbh aige. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin faoi cheann sé seachtaine ó iarradh í. An spriocthréimhse 12 sheachtain ó fháil an iarratais chomhlánaithe ar lena linn ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a chur i gcrích ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sí in éag an 26 Aibreán 2018.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 1 858 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Air France. Oibríonn an fiontar sin san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 51 NACE Athbhreithniú 2 (Aeriompar). Tá na hiomarcaíochtaí arna ndéanamh ag Air France lonnaithe go príomha [/a]>i réigiúin leibhéal 2 NUTS de chuid Île-de-France (FR10) agus in Provence-Alpes-Côte d'Azur (FR82).

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Fhrainc an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, lena gceanglaítear go ndéanfaí ar a laghad 500 oibrí iomarcach le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha ceithre mhí don iarratas ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Iúil 2017. Cuireadh 1 086 oibrí ar iomarcaíocht in Air France le linn na tréimhse tagartha.

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

8.Rinneadh na 1086 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha a ríomh ó dháta fhógra aonair 7 an fhostóra lenar léiríodh go raibh an toibrí le leagan as nó go raibh conradh fostaíochta an oibrí le foirceannadh.

Tairbhithe incháilithe

9.I dteannta na noibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana féin, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 772 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha ceithre mhí nó ina diaidh. Cuireadh gach duine de na hoibrithe sin ar iomarcaíocht tar éis an fhógra ghinearálta maidir leis na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta i gcruinniú na comhairle fostaithe lárnaí an 23 Aibreán 2015. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a aithint leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha.

10.Dá bhrí sin, is é 1 858 nduine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe

11.Chun an nasc a bhunú idir na hiomarcaíochtaí agus athruithe móra struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, tá an cás á dhéanamh ag an bhFrainc go ndeachaigh earnáil an aeriompair idirnáisiúnta trí mhórshuaitheadh eacnamaíoch, go háirithe mar gheall ar thitim i sciar den mhargadh atá ag an Aontas Eorpach. Le linn na tréimhse 2008-2015, tháinig méadú 5.3 % in aghaidh na bliana ar an trácht domhanda, méid atá á mheas de réir paisinéirí in aghaidh an chiliméadair íoctha, mar chuid de threocht fáis fhadtéarmaigh atá le sonrú ó 1970 i leith. Mar sin féin, ó 2008 i leith, níl an trácht idir an Eoraip agus an chuid eile den domhan ag fás chomh tapa céanna leis an trácht domhanda. Idir 2008 agus 2015, ba é 3.4 % an fás a tháinig ar an trácht ‘An Eoraip-an chuid eile den Domhan’, figiúr atá 36 % níos ísle ná meánfhás bliantúil an tráchta dhomhanda 8 .

12.Seo a leanas an fás a tháinig ar an trácht de réir gach réigiúin: tháinig fás 1.4 % ar an trácht idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh, ; an Eoraip-Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas - 3.4 %; an Eoraip-an Afraic - 2.9 %; an Eoraip-an Áis - 2.7 %; agus tháinig fás 11.2 % 9 ar an trácht idir an Eoraip agus an Meánoirthear . Tá na haerlínte móra ón Mheánoirthear (Emirates, Qatar Airways agus Etihad Airways) tar éis sciar nach beag den mhargadh cianaistir a ghabháil ó iompróirí líonra as an Eoraip trí sheirbhís aon stad a sholáthar ón Eoraip go dtí cinn scríbe amhail an India, an Astráil agus an Áis Thoir Theas, áit a bhfuil buntáiste geografach níos mó ag iompróirí an Mheánoirthir.

13.Na héifeachtaí is díobhálaí a bhaineann le domhandú aerthaistil ar chuideachtaí an Aontais, is féidir iad a leagan ar an méadú an-suntasach a tháinig ar thoilleadh Emirates, Qatar Airways agus Etihad Airways, rud atá ag leanúint leis ó bhí 2012 ann. Tháinig méadú faoi thrí ar líon aerárthach cianaistir na dtrí iompróir a luadh (seasann na heitiltí cianaistir do chabhlaigh uile na gcuideachtaí sin nach mór) in imeacht 8 mbliana, le linn na tréimhse 2005-2013, méadú ó bheagán le cois 100 aerárthach go dtí breis agus 300 in 2013, lena náirítear roinnt A380anna 10 an-mhór, líon atá ag méadú leis. Idir 2013 agus 2017, tháinig méadú faoi 1.5 arís ar a gcabhlaigh sin (isteach agus amach le 500 aerárthach) agus táthar ag tuar go mbeidh breis agus 700 aerárthach ann faoi 2021 bunaithe ar orduithe atá faighte ó Aibreán 2017 i leith; rud a léiríonn go bhfuil an cabhlach á méadú faoi 2.33 le linn na tréimhse 2013-2021.

Plean cabhlaigh corp leathan 11 do phaisinéirí Emirates, Qatar agus Etihad
(seanorduithe + orduithe ó Aibreán 2017 ar aghaidh)


Foinse: Cairt arna táirgeadh ag Air France ó shonraí de chuid Ascend 12

14.Tá an cás á dhéanamh ag an bhFrainc go bhfuil na horduithe ollmhóra arna ndéanamh ag Emirates, Qatar Airways agus Etihad Airways ag teacht salach ar bhunphrionsabail an aerthaistil. Cé gurb é is aidhm le cuid de straitéis na bhfiontar sin cur lena gcumas paisinéirí a iompar idir an Meánoirthear agus an chuid eile den domhan, is é príomhchuspóir na dtrí iompróir sin cumhacht a gcóras comhfhreagrais ar shreafa 'cianaistir'–'cianaistir’ a mhéadú go mór chun sciar ceannasach de na sreafa idir an Eoraip, an Afraic agus Meiriceá Thuaidh agus Theas a ghabháil ar thaobh amháin, trína moil in Dubai, in Doha agus in Abú Daibí, agus sreafa idir an Áis agus an Aigéine ar an taobh eile, chomh maith le sreafa idir an Eoraip agus an Afraic.

15.Tá dúshlán ar leith roimh na cuideachtaí Eorpacha agus roimh a nardáin chomhfhreagrais le tamall, maidir leis na sreafa arb ionann iad agus na méideanna is mó trácht (mar shampla an Eoraip-an Áis) agus maidir le sreafa ardfháis araon, (go háirithe an Afraic-an Áis).

Fás thairiscint na naerlínte idir an Eoraip agus Stáit na Murascaille
(2004-2015)


Foinse: Cairt arna táirgeadh ag Air France ó shonraí de chuid OAG 13  

16.Tá na billiúin dollar d’fhóirdheontais rialtas á ndíriú ag Catar agus ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ar a naerlínte féin atá faoi úinéireacht stáit, rud a shaobhann an margadh eitlíochta idirnáisiúnta agus a bhaineann an bonn amach as faoin iomaíocht chóir. Is iad Emirates, Qatar Airways agus Etihad atá i gcroílár straitéis fhorbartha a stát sciarshealbhóra, straitéis a bhfuil claonadh inti fás gasta a niompróirí a chur chun cinn chun freastal ar fhorbairt náisiúnta, rud a fhágann go bhfuil tacaíocht gan teorainn nach mór le fáil acu. I staidéar a rinne mórchuideachtaí aerlínte Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2015 (American Airlines, Delta, United) 14 rinneadh meastachán go bhfuair Emirates, Etihad, agus Qatar Airways USD 42 billiún statchabhrach idir 2004 agus 2014. Mheas na hiompróirí céanna, i litir a cuireadh chuig Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhFeabhra 2017 15 , gur sháraigh an chabhair a fuair cuideachtaí stáit na Murascaille USD 50 billiún, méadú d’ocht billiún dollar ar an meastachán a bhí ann roimhe.

17.Baineann státchabhair agus sochair arna ndeonú ar Emirates, Qatar Airways agus Etihad leis an gcóras sóisialta agus cánach (timpeallacht shaor ó cháin: níl cáin chorparáideach, muirir slándála sóisialta, cánacha áitiúla, etc. ann), tá maoiniú ann le haghaidh aerárthaigh a cheannach (ráthaíochtaí stát agus saoráidí creidmheasa allmhairithe), déantar bonneagair aerfort a mhaoiniú trí bhíthin infheistíochtaí ollmhóra (EUR 6 800 milliún in Dubai, EUR 4 900 milliún in Doha), agus tá na táillí aerfoirt ar an gcuid is ísle ar domhan (e.g. má dhéantar comparáid ar tháillí agus muirir in 2016 idir Páras (CDG) agus Dubai (DXB) le haghaidh B777-300 a thabhairt i dtír, is é 2.2 an comhéas eatarthu (EUR 16 766 i bPáras / EUR 7 599 in Dubai) 16 .

18.I gcreat dlí ina raibh claonadh trom le sonrú i dtreo seirbhísí aeir a léirscaoileadh, tá comhaontuithe sínithe ag 24 as 28 mBallstát an Aontais le Catar agus le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha, lena dtugtar rochtain leathan dá naeriompróirí ar an margadh Eorpach. Mar sin féin, cé go noibríonn an tAontas Eorpach de réir an phrionsabail go bhfuil toirmeasc ar státchabhair a shaobhann iomaíochas nó ina bhfuil baol iomaíochas a shaobhadh, státchabhair a dhéanann difear do thrádáil idir na Ballstáit, ní ann do rialachán dá shórt i gCatar ná in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, mar is léir ón státchabhair gan teorainn nach mór go dtí seo.

19.Go dtí seo, is é an earnáil aerthaistil a bhí faoi chaibidil i dtrí cinn d’iarratais CED, agus iad ar fad bunaithe ar dhomhandú a bhaineann le trádáil 17 .

Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

20.Is é an méadú as cuimse a tháinig ar thoilleadh 18 na naerlínte ar tugadh fóirdheontais dóibh agus atá bunaithe i dtíortha ina bhfuil dálaí infheistíochta agus táirgeachta níos fearr ba chúis leis na hiomarcaíochtaí sin, agus dá thoradh sin, bhí titim ghéar ar chuideachtaí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sciar den mhargadh de. Idir 2008 agus 2016, má thugtar spléachadh ar an éabhlóid a tháinig ar sciartha den mhargadh, idir an áit bhunaidh agus an ceann scríbe, idir an Eoraip, ar lámh amháin agus an Afraic fho-Shahárach, an Meánoirthear agus an Áis, ar an lámh eile, léirítear cúlchéimniú de bheagnach 10 bpointe, rud a théann chun sochair do Emirates, Qatar Airways, Etihad agus do Turkish Airlines (cé gur fágadh an ceann deireanach seo gan fás ó 2015 i leith de bharr an chomhthéacs pholaitiúil), mar a léirítear sa ghraf seo thíos.

Éabhlóid scaireanna den mhargadh maidir leis an Afraic fho-Shahárach, an Meánoirthear agus an Áis
(2008-2016)


AFKL 19

Iompróirí eile

Iomlán AE

GCC 20

TK 21

Foinse: Cairt arna táirgeadh ag Air France ó shonraí de chuid MIDT 22

21.Mar a léiríodh cheana, tá dúshlán ar leith roimh na cuideachtaí Eorpacha agus a nardáin chomhfhreagrais le tamall, maidir leis na sreafa arb ionann agus na méideanna is mó trácht (amhail an Eoraip-an Áis) agus maidir le sreafa ardfháis, (amhail an Afraic-an Áis). Go traidisiúnta, bhí Air France seanbhunaithe riamh ar an gcuid is mó de na sreafa sin a bhuí lena mhol i bPáras-CDG, ach is é a fágadh go sonrach gan chosaint ar na hatreoruithe tráchta seo, rud ba chúis leis na hiomarcaíochtaí seo.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

22.Is in Île-de-France a tháinig ann don líon is mó iomarcaíochtaí (76,2 %) agus in Provence-Alpes-Côte d' Azur — PACA — (11,7 %). An tionchar lena bhfuiltear ag dréim ar an dá chríoch sin, tá sé nasctha leis na deacrachtaí a bhaineann le hath-imlonnú oibrithe atá os cionn 50 bliain d’aois. Tá 79 % de líon iomlán na niomarcaíochtaí le sonrú san aoisghrúpa sin. In PACA baineann na deacrachtaí le líon na gcuardaitheoirí post a bheith níos airde ná an gnáthmheán náisiúnta.

23.De ghnáth, bíonn na leibhéil dífhostaíochta in Île-de-France níos ísle ná na leibhéil a bhíonn ann i mbailte móra na Fraince, mar go bhfuil réigiún Pháras san áireamh ann. Sa tríú ráithe de 2017, is ag 8.4 % 23 a bhí an ráta dífhostaíochta, pointe céatadáin níos ísle ná an meánráta dífhostaíochta sa Fhrainc (9.4 %). Mar sin féin, tá fadhbanna ag baint leis an gcríoch de dheasca dífhostaíocht fhadtéarmach agus cuardaitheoirí poist a bheith os cionn 50 bliain d’aois. De réir na staitisticí 24 is déanaí, tháinig méadú 19 480 duine (11 %) 25 ar líon na gcuardaitheoirí poist fadtéarmacha (idir 12 mhí agus 24 mhí) in 2017 in Île-de-France, i gcomparáid leis an mbliain roimhe. Na cuardaitheoirí poist atá dífhostaithe le bliain amháin ar a laghad, is ionann iad agus 43,7 % de líon iomlán na gcuardaitheoirí poist sa réigiún 26 . Ina theannta sin, tháinig méadú 4.7 % (5,6 % i dtaobh na mban) ar líon na gcuardaitheoirí poist atá os cionn 50 bliain d’aois sa ráithe dheireanach in 2017 i gcomparáid leis an ráithe dheireanach in 2016 27 .

24.Ar an lámh eile, in PACA ba é 11.1 % 28 an ráta dífhostaíochta, beagnach dá phointe céatadáin níos airde ná an ráta sa Fhrainc. Sa réigiún sin, tháinig méadú 6 % ar líon na gcuardaitheoirí poist atá os cionn 50 bliain d’aois sa tríú ráithe in 2017 i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2016 29 ; agus tháinig méadú 7 % ar líon na gcuardaitheoirí poist atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí ar a laghad, is é sin le rá 14 010 duine le linn na tréimhse céanna 30 .

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

25.Táthar ag súil go nglacfaidh na 1 858 noibrí dhífhostaithe páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú ar na hoibrithe de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:

Catagóir

An líon
tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

Gnéas:

Fir:

974

(52,4 %)

Mná:

884

(47,6 %)

Saoránacht:

saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh:

1 849

(99,5 %)

saoránaigh nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad:

9

(0,5 %)

Aoisghrúpa:

15-24 bliana:

0

(0,0 %)

25-29 bliana:

0

(0,0 %)

30-54 bliana:

661

(35,6 %)

55-64 bliana:

1 196

(64,4 %)

os cionn 64 bliana:

1

(0,0 %)

Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

26.Is é an tsaoire ath-imlonnaithe ("congé de reclassement") 31 an beart dá bhfuil na húdaráis Fhrancacha ar lorg comhchistiú ó CED. Is le haghaidh oibrithe atá an beart seo ceaptha, oibrithe nach bhfuil pleananna beachta acu go fóill le haghaidh a nath-imlonnaithe i dtráth a nimeachta deonaigh agus gur mian leo leas a bhaint as bearta athoiliúna, as comhairle, as treoir nó as cabhair chun gnó a bhunú nó a ghlacadh ar láimh, etc., agus sin ar feadh tréimhse a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh go ceann dhá mhí dhéag agus, faoi chúinsí áirithe, go ceann cúig mhí dhéag 32 .

27.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha le linn na saoire ath-imlonnaithe:

Seirbhísí comhairliúcháin agus gairmthreorú d’oibrithe. Déanfar na hoibrithe a thionlacan agus a chur i dtreo a gcuid tionscadal féin le haghaidh a nath-imlonnaithe ina noibrithe nó ina ndaoine féinfhostaithe. Beidh na rannpháirtithe in ann teacht ar chomhairle idir dhá phost agus ar threoir, ar thacaíocht le haghaidh cuardach poist, ar chóitseáil, ar fhaisnéis maidir le hoiliúint atá ar fáil, ar chur chun cinn fiontraíochta agus ar chomhairle maidir le gnó a bhunú (is féidir cuardach cistithe, cúnamh le haghaidh plean gnó agus seirbhísí tacaíochta eile i dtreo fiontraíochta a bheith san áireamh), etc.

Gairmoiliúint. Cuirfear cineálacha éagsúla oiliúna faoi bhráid na noibrithe, oiliúint a chuirfear in oiriúint dá gcuid riachtanas, de réir mar a shainíonn na comhairleoirí a chuireann na seirbhísí comhairleacha ar fáil. Tabharfar aird ar leith ar na 'parcours encadrés' ar tréimhsí oiliúna fadtéarmacha iad le haghaidh poist mhóréilimh. Seo a leanas roinnt samplaí de ghairmoiliúint a d’fhéadfaí a bheith ann: oiliúint maidir le fíniúin agus fíon (déantóir fíona), beachaireacht, seirbhísí bia agus dí de réir CPA 33 , báicéir de réir CPA, altra de réir CPA, oiliúint le haghaidh DAEFLE (céim oilteachta chun an Fhraincis a theagasc mar theanga iasachta), oiliúint le haghaidh teastas cáilíochta do thiománaithe le haghaidh suas le naonúr paisinéirí, etc.

Ranníocaíocht le haghaidh téarnamh gnó nó tionscnamh gnó. Na hoibrithe a thionscnaíonn a ngnó féin (téarnamh gnó nó tionscnamh gnó), gheobhaidh siad suas le EUR 15 000 chun costais tionscanta, infheistíocht i sócmhainní agus costais reatha a chumhdach. Íocfar an ranníocaíocht i dtráthchodanna éagsúla a luaithe a bheidh clocha míle áirithe bainte amach. Íocfar an chéad tráthchuid de EUR 3 000 chomh luath agus a thabharfar cruthúnas a thionscanta nó cruthúnas gnó a bheith glactha ar láimh acu, amhail admháil an chlárúcháin. Tabharfar an dara agus an tríú tráthchuid de EUR 6 000 an ceann amach nuair a thaispeánfar an chéad agus an dara tuairisceán cáin bhreisluacha ar dhíolacháin ina léireofar láimhdeachas íosta de EUR 500 ar a laghad agus EUR 1 000 faoi seach. Na daoine féinfhostaithe (sa Fhraincis ‘auto-entrepreneurs’ nó ‘micro-entrepreneurs’) agus na húinéirí aonair a bhaineann leas as oibleagáidí riaracháin, cánach agus sóisialta simplithe (‘entreprise individuelle avec toutes ses dérogations’), gheobhaidh siad an dara agus an tríú tráthchuid de EUR 6 000 nuair a chuirfidh siad an chéad agus an dara ráiteas gníomhaíochta faoi bhráid an RSI 34 , ina léireofar láimhdeachas ar fiú EUR 200 agus EUR 500 iad faoi seach mar aon le cruthúnas gur íocadh an méid dlite.

Liúntas cuardaigh poist. 70 % den ollphá deireanach a fuair an toibrí atá sa liúntas míosúil seo agus íocfar é go deireadh na saoire ath-imlonnaithe. Déantar an méid sin a ríomh trí ghlacadh leis go mbeidh an toibrí rannpháirteach agus gníomhach ar bhonn lánaimseartha i mbearta mhargadh an tsaothair; más amhlaidh nach mbeidh siad chomh rannpháirteach céanna, íocfaidh CED liúntas le hoibrithe i gcomhréir le fíorleibhéal na rannpháirteachíochta.

Liúntas soghluaiseachta. An spriocoibrí a ghlacann le post, ar dá bharr a bheidh air a áit chónaithe a aistriú níos mó ná 100 km óna áit chónaithe reatha, gheobhaidh sé cnapshuim EUR 3 000 chun na costais riachtanacha a chumhdach. Tiocfaidh méadú EUR 500 air sin le haghaidh céile neamhscartha, páirtí PACS 35 nó páirtíocht aontí ('concubinage') agus EUR 500 breise in aghaidh an pháiste.

28.Na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha an mhargaidh saothair iad laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

29.Sholáthair an Fhrainc an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Buiséad measta

30.Is é EUR 16 490 805 na costais mheasta iomlána, a chuimsíonn caiteachas EUR 16 410 805 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR80 000 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

31.Is é EUR 9 894 483 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

Gníomhaíochtaí

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR)

Costais mheasta iomlána

(EUR) 36  

Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú)

Seirbhísí comhairleacha agus gairmthreoir d’oibrithe.
(
orientation professionelle, services de reclassement)

1 485

1 951

2 897 150

Gairmoiliúint
(
formation)

363

2 562

929 873

Ranníocaíocht le haghaidh téarnamh gnó nó tionscnamh gnó.
(
aides à la creation d'entreprise) 

456

15 000

6 840 000

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

10 667 023

(65 %)

Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú)

Liúntas cuardaigh poist
(
allocation de congé de reclassement) 

1 750

3 188

5 579 622

Liúntas soghluaiseachta
(
aides à la mobilité geographique)

57

2 880

164 160

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

5 743 782

(35 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

0

2. Bainistíocht

0

3. Faisnéis agus poiblíocht

0

4. Rialú agus tuairisciú

80 000

Fo-iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

80 000

(0,49 %)

Costais iomlána (a + b + c):

16 490 805

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

9 894 483

32.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní bheidh siad os cionn 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Fhrainc go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

33.Dheimhnigh an Fhrainc nach sáródh costais na ninfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, túsbhunú gnóthais nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaithe EUR 15 000 in aghaidh an tairbhithe.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

34.An 19 Bealtaine 2015, chuir an Fhrainc tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, tá an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 19 Bealtaine 2015 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2019.

35.An 23 Deireadh Fómhair 2017, thosaigh an Fhrainc ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 23 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an 23 Aibreán 2020.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

36.Is é Air France an fhoinse réamh-mhaoinithe náisiúnta nó cómhaoinithe náisiúnta.

37.Níor thug na húdaráis Fhrancacha le fios cén dóigh a bhfuil na bearta ag teacht le gníomhaíochtaí arna gcistiú ag na Cistí Struchtúracha. Mar sin féin, maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh siad nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó chistí náisiúnta nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais. Mhínigh an Fhrainc nach bhfuil plean acu aon idirghabháil phoiblí a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt d’iar-oibrithe Air France. Ós rud é gur cuideachta in bonis é Air France (i.e. cuideachta nach bhfuil faoi leachtú) a bhfuil 1 000 fostaí nó níos mó aici, is faoin bhfostóir atá sé costais iomlána na mbeart tacaíochta a íoc chun ath-imlonnú na bhfostaithe arna leagan as a áirithiú (féach fonóta nº31 maidir le saoire ath-imlonnaithe, i mír 26).

Nósanna imeachta le haghaidh dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

38.Chuir an Fhrainc in iúl gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe na dtairbhithe ar a bhfuiltera ag díriú agus leis na comhphairtithe sóisialta. An 10 Feabhra 2015, tháinig Air France agus na ceardchumainn ar chomhaontú maidir leis an bplean Perform 2020 le haghaidh imeacht deonach na foirne talún in 2015. Tionóladh roinnt cruinnithe leis an gComhairle Fostaithe Lárnach (Comité Central d'Entreprise) in 2015 agus sa chéad ráithe de 2016 maidir leis an bplean Perform 2020 i ndáil le himeacht deonach na foirne cábáin agus na foirne talún in 2015 agus in 2016.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

39.Déantar cur síos san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Fhrainc fógra don Choimisiún go ndéanfadh an Délégation générale à l’emploi et à la formation professionnelle (DGEFP) ón Aireacht Saothair, Fostaíochta, Gairmoiliúna agus Idirphlé Sóisialta, an ranníocaíocht a bhainistiú, go sonrach an taonad Fonds national de l'emploi (DGEFP - MFNE). Is é an taonad Affaires financières (DGEFP - MAFI) laistigh den DGEFP a dhéanfaidh na híocaíochtaí. Is é an taonad Organisation des contrôles (DGEFP -MOC) a dhéanann an rialú riaracháin agus airgeadais i ndáil leis an údarás iniúchóireachta. Is é Commission interministérielle de coordination des contrôles (CICC) údarás iniúchóireachta na Fraince le haghaidh CED.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

40.Thug an Fhrainc na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo:

cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

rinne Air France, a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a leagan as, a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí a chomhlíonadh agus riar sé dá chuid oibrithe dá réir,

ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais as cistí eile nó as ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

41.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 37 .

42.Tar éis dó an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir le CED, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CED a shlógadh le haghaidh EUR 9 894 483, suim arb ionann í agus 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

43.Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 38 .

Gníomhartha gaolmhara

44.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 9 894 483 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

45.An tráth céanna a ghlacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh.

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón bhFrainc – EGF/2017/009 FR/Air France

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 39 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht 40 fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 41 ón gComhairle.

(3)An 23 Deireadh Fómhair 2017, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun CED a shlógadh i dtaca le hiomarcaíochtaí in Air France sa Fhrainc. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 9 894 483 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhrainc isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh sin ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 9 894 483 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [the date of its adoption]*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
(4)    Baineann an t-iarratas le 15 réigiún. Tá 88 % de na hiomarcaíochtaí a luadh le fáil in dhá réigiún.
(5)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(6)    I gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(7)    Is é an 'convention de rupture à l'amiable’ an doiciméad tacaíochta a bheidh ann.
(8)    ICAO ( www.icao.int )
(9)    Ionchas an Mhargaidh Reatha Boeing 2016.
(10)    Scaird-aerlínéar is ea Airbus A380 ina bhfuil deic dhúbailte, corp leathan agus ceithre inneall agus is é an monaróir Eorpach Airbus a dhéanann é. Is é an t-aerlínéar paisinéirí is mó ar domhan é. Tá suíocháin le haghaidh 525 dhuine ann agus iad leagtha amach i gcumraíocht thipiciúil de thrí ghrád nó suas le 853 dhuine i gcumraíocht d’aon ghrád barainne amháin.
(11)    Is é is aerárthach coirp leathain ann aerlínéar a bhfuil cabhail aige atá leathan go leor chun dhá phasáiste paisinéirí a chur ann, aerárthach dé-phasáiste a thugtar air freisin, ina bhfuil seacht suíochán nó níos mó taobh le taobh.
(12)    Déanann Ascend faisnéis margaidh eitlíochta a sholáthar. http://ascend.flightglobal.com
(13)    Cuideachta faisnéise aerthaistil is ea OAG a chuireann sceidil chruinne aerlínte, anailís aercúrsaí, anailísíocht eitlíochta, rianú eitiltí agus sonraí eitiltí ar fáil. www.oag.com
(14)     http://www.openandfairskies.com/wp-content/themes/custom/media/White.Paper.pdf
(15)     http://www.openandfairskies.com/wp-content/uploads/2017/02/Tillerson-Letter-020117.pdf
(16)    Foinse: Seirbhís cánacha agus táillí aerfoirt Air France. Bunaithe ar tháillí agus ar chánacha Air France arna n-íoc ag na haerfoirt lena mbaineann.
(17)    EGF/2017/009 FR/Air France (cás ábhartha an togra seo le haghaidh cinnidh), chomh maith le, EGF/2013/014 FR Air France, COM(2014) 701 agus EGF/2015/004 IT Alitalia, COM(2015) 397.
(18)    Soláthar na Suíochán in aghaidh an Chiliméadair.
(19)    Air France – KLM.
(20)    Emirates, Qatar Airways agus Etihad.
(21)    Turkish Airlines.
(22)    Seasann MITD do Théipeanna Sonraí Faisnéise Margaíochta.
(23)     https://www.insee.fr/fr/statistiques/2012804#tableau-TCRD_025_tab1_regions2016
(24)    Q4 2017 le haghaidh Île-de-France agus Q3 2017 le haghaidh PACA.
(25)     http://idf.direccte.gouv.fr/sites/idf.direccte.gouv.fr/IMG/pdf/defm_12_2017_ile-de-france.pdf
(26)    Ibid.
(27)    Ibid.
(28)     https://www.insee.fr/fr/statistiques/2012804#tableau-TCRD_025_tab1_regions2016
(29)     http://paca.direccte.gouv.fr/sites/paca.direccte.gouv.fr/IMG/pdf/2018-01_-_synthese_paca.pdf
(30)    Ibid.
(31)    Maidir leis an tsaoire ath-imlonnaithe (‘congé de reclassement’), in Airteagal L1233-71 de Chód na Fraince maidir le Saothar, déantar foráil maidir le cuideachta a bhfuil breis agus míle duine fostaithe aici, go gceanglaítear ar an gcuideachta sin na bearta a leagtar amach ann a mholadh ar feadh tréimhse ceithre mhí. Dá bhrí sin, de réir na reachtaíochta thuasluaite, tá an tréimhse dar tús an cúigiú mí roghnach mar sin agus féadfaidh sí a bheith faoi réir ranníocaíocht ó CED i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Chinn Air France an beart seo a mholadh ar feadh íostréimhse sé mhí agus uastréimhse dhá mhí dhéag. San iarratas, ní dhéantar foráil maidir le haon ranníocaíochtaí le haghaidh na chéad cheithre mhí den tsaoire ath-imlonnaithe, a fhreagraíonn don íostréimhse a shonraítear sa dlí.
(32)    Go heisceachtúil, na hoibrithe atá ag gabháil do ‘parcours encadré’ (i.e. gairmoiliúint fhadtéarmach le haghaidh poist mhóréilimh), is féidir síneadh a chur lena saoire ath-imlonnaithe ‘congé de reclassement’ go dtí 15 mhí chun tréimhse chur i gcrích an parcours encadré a chumhdach agus is féidir trí mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin le haghaidh cuardach poist faoi thionlacan.
(33)    Seasann CPA do Dheimhniú ar Infheidhmeacht Gairme
(34)    Régime Social des Indépendants (scéim shóisialta le haghaidh daoine féinfhostaithe).
(35)    Páirtithe atá faoi cheangal ag comhshocrú dlúthpháirtíochta sibhialta (pact civil de solidarité (PACS)). Tá oibleagáidí cómhalartacha ar pháirtithe PACS. Tá éifeachtaí ag PACS freisin ar chearta sóisialta agus ar chearta tuarastail, ar réadmhaoin, ar thithíocht páirtithe agus ar ghnóthaí cánach.
(36)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(37)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(38)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(39)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(40)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(41)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
Haut