AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.12.2017
COM(2017) 792 final
2017/0350(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 maidir le dáta cur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Treoir (AE) 2016/97 cuirtear creat dlíthiúil comhchuibhithe nuashonraithe ar bun le haghaidh táirgí árachais agus táirgí athárachais, lena náirítear táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, a dháileadh sa mhargadh inmheánach. Tá sé mar aidhm léi trédhearcacht a fheabhsú i dtaca le dáileoirí árachais maidir le praghas agus costas a dtáirgí, an teolas faoi na táirgí a bheith níos cuimsithí agus níos soiléire agus rialacha iompair gnó níos fearr a bheith ann, go háirithe sa mhéid a bhaineann le comhairle a thabhairt. Beidh na rialacha nua infheidhme maidir leis na bealaí dáilte uile, lena náirítear díolacháin dhíreacha ag cuideachtaí árachais chun cothrom iomaíochta a chruthú le haghaidh na ndáileoirí uile agus chun ardchaighdeáin aonfhoirmeacha a ráthú chun tomhaltóirí a chosaint.
Tháinig Treoir (AE) 2016/97 i bhfeidhm an 23 Feabhra 2016 agus tá go dtí an 23 Feabhra 2018 ag na Ballstáit í a thrasuí agus na forálacha a chur i bhfeidhm, mar a thagraítear dó in Airteagal 42 den Treoir. Dá bhrí sin, faoin 23 Feabhra 2018, beidh ar dháileoirí árachais na rialacha nua a chomhlíonadh.
An 21 Meán Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún dhá rialachán tarmligthe lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97, ceann amháin maidir le ceanglais i dtaca le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais, agus an ceann eile i dtaca le ceanglais maidir le faisnéis agus na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe. Le linn thréimhse an ghrinnscrúdaithe, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ama de dhíth ar an lucht tionscail chun na hathruithe teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun na rialachán tarmligthe a chomhlíonadh a chur chun feidhme. Sna cinntí a rinne sé gan aon agóid a dhéanamh i dtaca leis na rialacháin tarmligthe, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún togra reachtach a ghlacadh ina leagfaí síos an 1 Deireadh Fómhair 2018 mar an dáta cur i bhfeidhm, ach níor iarr sí dáta trasuí Threoir (AE) 2016/97 a chur siar. Thacaigh 16 Bhallstát leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa agus, ina theannta sin, d'iarr siad síneadh ar an tréimhse trasuí go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2018 ar a luaithe.
De réir Pharlaimint na hEorpa agus roinnt de na Ballstáit, a bhuí leis an síneadh ar an tréimhse cur i bhfeidhm, beidh an earnáil árachais, lena náirítear oibreoirí beaga amhail gnólachtaí dáileacháin duine aonair agus cuideachtaí árachais mionscála, in ann, inter alia, ullmhú níos fearr chun Treoir (AE) 2016/97 a chur chun feidhme go ceart éifeachtach agus eolas iomlán acu ar an dá rialachán tarmligthe agus ar na bearta náisiúnta trasuí is infheidhme, agus ar an mbealach sin áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil do na páirtithe uile lena mbaineann.
I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla agus na teorann ama an-sonrach atá leagtha síos le haghaidh dhátaí trasuí agus dhátaí cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/97 agus dhátaí cur i bhfeidhm an dá rialachán tarmligthe, comhaontaíonn an Coimisiún, dá bhrí sin, go nglacfaidh sé le hiarraidh Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát an dáta faoina mbeidh ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtacha is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, an dáta sin a chur siar go dtí an 1 Deireadh Fómhair, d'ainneoin dhearcadh an Choimisiúin go raibh go leor ama ag lucht tionscail cheana féin chuige sin, d'fhonn tuilleadh ama a thabhairt don tionscal árachais ullmhú chun na forálacha nua maidir le dáileadh árachais a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, i bhfianaise na práinne eisceachtúla seo maidir leis an dáta cur i bhfeidhm a chur siar, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) TAE), tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do na parlaimintí náisiúnta freagra a thabhairt roimh dheireadh na tréimhse ocht seachtaine a leagtar síos le Prótacal 2 agus, más féidir, a dheimhniú faoin 19 Eanáir 2018 nach bhfuil sé beartaithe acu tuairim réasúnaithe a sheoladh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach i gcás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Tá gá le hidirghabháil an Aontais Eorpaigh chun feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun saobhadh iomaíochta a sheachaint i réimse na margaí urrús. I ndáil leis sin, glactar an reachtaíocht atá á leasú i gcomhréir iomlán le prionsabal na coimhdeachta agus is le togra ón gCoimisiún is gá aon leasú uirthi a dhéanamh.
• Comhréireacht
Is gá an ghníomhaíocht seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun cuspóirí Threoir (AE) 2016/97 a bhaint amach. Is gá dáta cur i bhfeidhm a leagan síos, mar atá molta, ionas gur féidir le gach páirtí lena mbaineann pleanáil agus cur chun feidhme a dhéanamh go héifeachtach ordúil maidir leis na forálacha i dtrácht. Áiritheofar leis an togra seo, dá bhrí sin, gur féidir cuspóirí Threoir (AE) 2016/97 a bhaint amach.
3.TORTHAÍ Ó MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Níl measúnú tionchair ar leithligh ag gabháil leis an togra seo, mar rinneadh measúnú tionchair le haghaidh Threoir (AE) 2016/97 cheana. Ní dhéantar leis an togra seo Treoir (AE) 2016/97 a athrú ó thaobh substainte de agus ní fhorchuirtear leis oibleagáidí nua ar ghnóthais infheistíochta. Is ar an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh fhorálacha Threoir (AE) 2016/97 atá sé dírithe chun an deis a thabhairt don earnáil árachais forálacha na Treorach sin a chur i bhfeidhm níos fearr.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Choimisiúin.
2017/0350 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 maidir le dáta cur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle déantar comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta maidir le hidirghabhálaithe árachais, comhlachtaí árachais, a bhfostaithe agus idirghabhálaithe coimhdeacha árachais san Aontas táirgí árachais agus táirgí athárachais agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dháileadh.
(2)De bhun Airteagal 42 de Threoir (AE) 2016/97, ní mór do na Ballstát na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Feabhra 2018.
(3)An 21 Meán Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún dhá rialachán tarmligthe lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97, ceann amháin maidir le ceanglais i dtaca le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais, agus an ceann eile i dtaca le ceanglais maidir le faisnéis agus na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe.
(4)Sna cinntí a rinne sé gan aon agóid a dhéanamh i dtaca leis na rialacháin tarmligthe dá dtagraítear in aithris 3, thug Parlaimint na hEorpa cuireadh don Choimisiún togra reachtach a ghlacadh ina leagfaí síos an 1 Deireadh Fómhair 2018 mar an dáta chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, in ionad an 23 Feabhra 2018. Mar bhunús leis an iarraidh sin, luaigh Parlaimint na hEorpa gur gá do ghnóthais árachais agus dáileoirí árachais tuilleadh ama a bheith acu le hullmhú chun Treoir (AE) 2016/97 a chur chun feidhme go ceart éifeachtach, agus chun na hathruithe teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme chun na rialacháin tarmligthe a chomhlíonadh.
(5)I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha sula gcuirfear i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh, ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm gan mhoill.
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/97 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2016/97 mar a leanas:
(1)in Airteagal 42, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(2)(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
(3)"Faoin 23 Feabhra 2018, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.";
(4)(b)
cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
"Cuirfidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2018.";
(5)in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
"Treoir 2002/92/CE arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, aisghairtear í le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2018, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.".
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán