Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0385

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

COM/2017/0385 final - 2017/0163 (COD)

An Bhruiséil,28.7.2017

COM(2017) 385 final

2017/0163(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Bunaíodh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh (EUYO) i 1976 de bhun Rún ó Pharlaimint na hEorpa 1 agus tá sí ag ceol thar ceann an Aontais Eorpaigh le 40 bliain anuas. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an tUachtarán Onórach ar an gceolfhoireann agus is iad Cinn Stáit nó Cinn Rialtais na mBallstát, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ina gceannaire orthu, atá ina bpátrúin onóracha uirthi.

Is ceoltóirí óga, ó Bhallstáit uile an Aontais, a roghnaítear de réir critéir chrua cháilíochta atá rannpháirteach in EUYO. Tugtar le chéile inti ceoltóirí óga tréitheacha ón Eoraip ar fad ar cheolfhoireann Eorpach den chéad scoth a théann thar theorainneacha cultúrtha.

Ón uair a cruthaíodh í, tá ról ar leith imeartha ag EUYO i gcothú an chomhphlé idirchultúrtha, an mheasa fhrithpháirtigh agus na tuisceana frithpháirtí tríd an gcultúr. Sheinn an cheolfhoireann do luchtanna éisteachta den uile chineál i gcathracha móra agus ag féilte móra san Eoraip agus ar fud an domhain, ag ócáidí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, ag baint úsáid as formáidí agus teicnící traidisiúnta agus nuálacha araon. Ina cuid gníomhaíochtaí, tá an cheolfhoireann ina hambasadóir cultúir ag an Aontas a chuireann saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa agus tallann úr os comhair an phobail.

Ós éard atá in EUYO grúpa ceoltóirí óga den chéad scoth a oibríonn le chéile chun ceolfhoireann den chaighdeán is airde a bhaint amach, is ceolfhoireann uathúil i measc cheolfhoirne na hEorpa í a chuireann ceol agus tallann na hEorpa os comhair luchtanna éisteachta den uile chineál san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin.

Tráth a bhfuil an oiread sin dúshlán roimh an Aontas Eorpach agus gur gá dó bheith níos gaire don saoránach, is tábhachtaí ná riamh an ról atá le himirt ag EUYO chun croíluachanna na hEorpa a chur in iúl don phobal, chun an bhearna idir dhaoine a líonadh le ceol clasaiceach agus chun dul i bhfeidhm ar aos óg na hEorpa trí cheoltóirí clasaiceacha óga ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile i gceolchoirmeacha agus ar scéimeanna meantóireachta.

Tá cistiú ón Aontas Eorpach bunriachtanach le go leanfaidh EUYO ar aghaidh mar chomhlacht a chuireann luachanna, éagsúlacht agus tallann úr na hEorpa chun cinn. D'uireasa na tacaíochta sin, ní fhéadfadh an cheolfhoireann dul i mbun na ngníomhaíochtaí a dhéanann sí chun daoine a chumhachtú agus d'fhágfaí ceoltóirí óga gan deis ar leith chun bheith ag ceol go hidirnáisiúnta, chun a ngairmeacha a chur chun cinn agus chun a dtallann a fhorbairt a thuilleadh faoi threoir stiúrthóirí iomráiteacha. Chuaigh gach duine de 3 000 alumnas na ceolfhoirne trí dhianphróiseas éisteachta a reáchtáiltear gach bliain sna Ballstáit uile, agus tá siad anois ina líonra stiúrthóirí, aonréadaithe, múinteoirí agus ionstraimithe iomráiteacha atá ag obair le mór-cheolfhoirne ar fud an domhain.

Trí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus trí na scéimeanna a tháinig roimhe tugadh tacaíocht do EUYO ar bhealaí éagsúla. In 2016, fuair EUYO deontas oibriúcháin faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 2 i gcáil comhlacht a shaothraíonn aidhm atá le leas ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ag a bhfuil cuspóir ar cuid de bheartas cultúir AE é agus a thacaíonn leis an mbeartas sin. In 2017, maoineofar an cheolfhoireann ar an dóigh chéanna.

Chun soláthar inbhuanaithe a dhéanamh do ghníomhaíocht leantach EUYO agus i bhfianaise a stádais shainiúil, a cuspóirí straitéiseacha agus a gníomhaíochtaí, tá an Coimisiún ag moladh go naithneofar mar 'chomhlacht arna aithint i mbunghníomh' í de réir bhrí Airteagal 190(1)(d) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún 3 agus go leasófar Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 4 dá réir sin.

2. BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 i dtaca leis an bhfochlár cultúir de chuid Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus dá bhrí sin tá sé bunaithe ar an gcéad fhleasc d'Airteagal 167(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht

Faoi Airteagal 167 CFAE, tá an tAontas le bearta a dhéanamh chun tacú le bearta na mBallstát agus chun cur leo. Ós rud é gur fairsinge cuspóirí agus gníomhaíochtaí EUYO ná leas agus tairbhe aon Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát agus gur cruthaíodh de bhun Rún ó Pharlaimint na hEorpa í, is follas gur oiriúnach í a bhunú mar 'chomhlacht arna aithint i mbunghníomh' de réir bhrí Airteagal 190(1)(d) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún. Baineann breisluach nach beag don Eoraip lena cuid gníomhaíochtaí.

Comhréireacht

Tá an leasú atá beartaithe teoranta go hiomlán don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist agus ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Tá sé teoranta d'athruithe a chuirfidh tagairt do EUYO isteach in Airteagal 13(1) de Rialachán Uimh. 1295/2013.

3.TORTHAÍ ÓN MEASÚNÚ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

In Earrach na bliana 2016, tráth a raibh feachtas poiblí (SaveEUYO) á reáchtáil chun tacú le EUYO a bhí i mbaol de dheasca fadhbanna airgeadais, léirigh roinnt páirtithe leasmhara i réimse an chultúir agus an cheoil a dtacaíocht don cheolfhoireann i ráitis phreasa agus i gcumarsáid leis an gCoimisiún. Thacaigh na Ballstáit (go háirithe ag Comhairle na nAirí Cultúir i mBealtaine 2016) agus Feisirí Pharlaimint na hEorpa leis an moladh réiteach a aimsiú ar mhaoiniú na ceolfhoirne.

I bhfianaise a theoranta atá raon feidhme an leasaithe atá á bheartú, nach mbaineann aon tionchar suntasach ar an ngeilleagar, ar an gcomhshaol ná ar an tsochaí leis per se, ní gá aon mheasúnú tionchair ná aon chomhairliúcháin bhreise a dhéanamh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is as an gclúdach atá ann cheana do Chlár Eoraip na Cruthaitheachta a thiocfaidh an cistiú do EUYO agus ní bheidh aon ghá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo, leagtar amach na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá, agus léirítear, ar an dóigh sin, neodracht bhuiséadach an tionscnaimh seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Is é atá an Coimisiún a mholadh sa togra uaidh:

·réiteach trédhearcach atá fónta ó thaobh dlí de a cheapadh chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht inbhuanaithe ann do EUYO, ag cur san áireamh sainghnéithe na ceolfhoirne, trína haithint mar 'chomhlacht arna aithint i mbunghníomh' de réir bhrí Airteagal 190(1)(d) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún;

·agus pointe nua, pointe (f), a chur isteach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 dá réir sin.

2017/0163 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d'Airteagal 167(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 bunaíodh Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) chun tacú le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa.

(2)Is ceoltóirí óga a roghnaítear de réir critéir chrua cháilíochta le linn dianphróiseas bliantúil éisteachta sna Ballstáit uile atá rannpháirteach i gCeolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh (EUYO).

(3)In EUYO déantar ceoltóirí óga tréitheacha ón Eoraip a thabhairt le chéile ar cheolfhoireann Eorpach den chéad scoth a théann thar theorainneacha cultúrtha. Ón uair a cruthaíodh í, tá ról ar leith imeartha aici i gcothú an chomhphlé idirchultúrtha, an mheasa fhrithpháirtigh agus na tuisceana frithpháirtí tríd an gcultúr. Ar an dóigh sin, tá sí ina hambasadóir cultúir ag an Aontas a chuireann saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa agus tallann úr os comhair an phobail. Chuir sí le cúrsaíocht saothar Eorpach freisin agus le soghluaisteacht daoine óga tréitheacha Eorpacha thar theorainneacha a dtíre agus thar theorainneacha na hEorpa, rud a thug an deis do cheoltóirí óga ó na Ballstáit a ngairmeacha a chur chun cinn agus a scileanna a fhorbairt a thuilleadh faoi threoir stiúrthóirí iomráiteacha.

(4)Tá gníomhaíochtaí EUYO i gcomhréir le cuspóirí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus le cuspóirí sonracha an fhochláir cultúir.

(5)Bunaíodh EUYO de bhun Rún ó Pharlaimint na hEorpa i 1976 8 agus is ceolfhoireann uathúil i measc cheolfhoirne na hEorpa í dá bhrí sin. De thoradh a stádais shainiúil, a cuspóirí straitéiseacha agus a gníomhaíochtaí, tá EUYO incháilithe mar 'chomhlacht arna aithint i mbunghníomh' de réir bhrí Airteagal 190(1)(d) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún 9 . Dá bhrí sin, féadfar deontais a bhronnadh gan glao ar thograí a dhéanamh.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart EUYO a chuimsiú sna bearta a dtéann tacaíocht ón bhfochlár cultúir chun tairbhe dóibh.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, cuirtear isteach an pointe (f) seo a leanas:

‘(f)    Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh.'

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Leasú Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta a bhunú

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 10  

GNÍOMHAÍOCHT(AÍ) OIDEACHAIS AGUS CULTÚIR:EORAIP NA CRUTHAITHEACHTA

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 11  

x Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóir/cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Rannchuideoidh an clár leis an Straitéis Eoraip 2020 (COM (2010) 2020, 3.3.2010) trí bhíthin:

(a)    cosaint agus cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga san Eoraip a chothú; agus

(b)    iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú d'fhonn fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha:

(a)    Tacú le hacmhainn earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun oibriú ar bhonn trasnáisiúnta;

(b)    cúrsaíocht thrasnáisiúnta oibreoirí agus saothar cultúrtha agus cruthaitheach a chur chun cinn agus dul i gcion ar phobail nua san Eoraip agus níos faide i gcéin;

(c)    acmhainn airgeadais earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a threisiú; agus

(d)    tacú le comhar trasnáisiúnta beartais d'fhonn forbairt beartais, nuálaíocht, méadú lucht éisteachta agus samhlacha nua gnó a chothú

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:

15.04 – Eoraip na Cruthaitheachta

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Réiteach trédhearcach atá fónta ó thaobh dlí de lena náiritheofar go mbeidh tacaíocht inbhuanaithe ann do EUYO, ag cur san áireamh sainghnéithe na ceolfhoirne, trína haithint mar 'chomhlacht arna aithint i mbunghníomh' de réir bhrí Airteagal 190(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012 agus trí Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a leasú dá réir sin.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ós síneadh ar chlár atá ann cheana, mar atá Clár Eoraip na Cruthaitheachta, é an leasú seo, clúdaítear é le comaoineacha i bpointe 1.4.4 de ráiteas airgeadais an chláir (COM(2011) 785 final).

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tacaíocht inbhuanaithe do EUYO a áirithiú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

-    ceoltóirí óga ó gach Ballstát den Aontas, a roghnaítear de réir critéir chrua cháilíochta, ag obair le chéile ar cheolfhoireann Eorpach den chéad scoth a théann thar theorainneacha cultúrtha;

-    cothú an chomhphlé idirchultúrtha, an mheasa fhrithpháirtigh agus na tuisceana frithpháirtí tríd an gcultúr; agus

-    saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa agus tallann úr a chur os comhair luchtanna éisteachta den uile chineál san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt céanna san am a chuaigh thart

Trí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus trí na scéimeanna a tháinig roimhe tugadh tacaíocht do EUYO ar bhealaí éagsúla. Aithnítear go forleathan barr feabhais na ceolfhoirne. Ach de cheal tacaíocht inbhuanaithe is deacair a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt a thuilleadh. D'uireasa tacaíocht den sórt sin ar leibhéal AE, ní bheidh an cheolfhoireann in ann leanúint dá cuid gníomhaíochtaí. Chaillfeadh an tAontas ambasadóir cultúir tábhachtach agus d'fhágfaí ceoltóirí óga gan deis ar leith chun bheith ag ceol go hidirnáisiúnta, chun a ngairmeacha a chur chun cinn agus chun a dtallann a fhorbairt a thuilleadh faoi threoir stiúrthóirí iomráiteacha.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Níl aon fhorluí ann le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi chláir eile de chuid an Aontais.

1.6.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

X    Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 12  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit 

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

[…]

[…]

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Is faoi chúram an Choimisiúin atá sé faireachán rialta agus meastóireacht sheachtrach a áirithiú ar thionscadail a chistítear faoi Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, lena náirítear gníomhaíochtaí EUYO.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Ós síneadh ar chlár atá ann cheana, mar atá Clár Eoraip na Cruthaitheachta, é an leasú seo, clúdaítear é le comaoineacha i bpointe 2.2.1 de ráiteas airgeadais an chláir (COM(2011) 785 final).

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Ós síneadh ar chlár atá ann cheana, mar atá Clár Eoraip na Cruthaitheachta, é an leasú seo, clúdaítear é le comaoineacha i bpointe 2.2.2 de ráiteas airgeadais an chláir (COM(2011) 785 final).

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

[pm]

[pm]

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a dhéanfar gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm. Tá údaras aige seiceálacha agus fíoruithe a dhéanamh in situ faoin Rialachán seo, de bhun Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle. Más gá, déanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 3: Slándáil agus saoránacht

LD/LN 13 .

ó thíortha de CSTE 14

ó thíortha is iarrthóirí 15

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

15 04 02- Fochlár cultúir — Tacaíocht do ghníomhaíochtaí trasteorann agus cúrsaíocht agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta a chur chun cinn

LD

Níl

Níl

Níl

Níl 16

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Is as an gclúdach atá ann cheana don Fhochlár Cultúir de chuid Chlár Eoraip na Cruthaitheachta a thiocfaidh an cistiú do EUYO agus ní bheidh aon ghá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

[3] Slándáil agus saoránacht

Ard-Stiúrthóireacht: EAC

Bliain
N 17

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

(1)

(2)

15 04 02 – Eoraip na Cruthaitheachta – fochlár cultúir

Gealltanais

(1a)

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

(2 a)

0.480

0.600

0.600

0.120

1.800

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 18  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
don Ard-Stiúrthóireacht EAC*

Gealltanais

=1+1a +3

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0,480

0,600

0,600

0,120

1,800






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

(5)

0.480

0.600

0.600

0.120

1.800

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL <3>
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.480

0.600

0.600

0.120

1.800

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.480

0.600

0.600

0.120

1.800





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: EAC

 Acmhainní daonna

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

• Caiteachas riaracháin eile

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht EAC

Leithreasuithe

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

p.m.

p.m.

p.m.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 19

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5*
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0.600

0.600

0.600

1.800

Íocaíochtaí

0.480

0.600

0.600

0.120

1.800

* Teideal 5: Clúdófar na costais riaracháin, lena náirítear acmhainní daonna, trí ath-imlonnú inmheánach in Ard-Stiúrthóireacht EAC.    

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 20

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIRÍ SONRACHA (a) GO (d) 21

- Aschur

Deontas oibriúcháin

0.6

1

0.600

1

0.600

1

0.600

1,800

COSTAS IOMLÁN

1

0.600

1

0.600

1

0.600

1.800

Aschuir

Deontas oibriúcháin do EUYO

Struchtúr costais

Bunaithe ar an taithí a fuarthas roimhe seo ar mhaoiniú EUYO ar leibhéal an Aontais, go háirithe faoi chuimsiú Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, EUR 600 000 a bheadh i ndeontas oibriúcháin iomchuí don eagraíocht sin.

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin 

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 22

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Caiteachas riaracháin eile

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 23
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.5

0.5

0.5

0.5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha:  FTE) 24

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  25

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, SNE, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.5

0.5

0.5

0.5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cur chun feidhme an tsínte ar Chlár Eoraip na Cruthaitheachta

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse 

   ar ioncam ilghnéitheach 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 26

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) Rún maidir leis an tairiscint i gcomhair rúin arna cur isteach ag Bean Kellett-Bowman uasal maidir le bunú Cheolfhoireann Óige an Chomhphobail Eorpaigh, (IO C 79, 5.4.1976, lch. 8).
(2) Féach Airteagal 121(1)(b) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).
(5) IO C , , lch. .
(6) IO C , , lch. .
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347/221, 20.12.2013, lch. 221).
(8) Rún maidir leis an tairiscint i gcomhair rúin arna cur isteach ag Bean Kellett-Bowman uasal maidir le bunú Cheolfhoireann Óige an Chomhphobail Eorpaigh, IO C 79, 5.4.1976, lch. 8.
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(10) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(11) Dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(12) Le haghaidh mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais, féach:
http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(13) LD = Leithreasuithe difreáilte; LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(14) Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(15) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(16) Líne bhuiséid de chuid PECO agus CSTE is ea líne bhuiséid 15 04 02. Ní bhainfidh an ghníomhaíocht shonrach arb í EUYO í leis an gcomhaontú leis na tríú tíortha sin
(17) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(18) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(19) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(20) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(21) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. iad. 'Sainchuspóirí
(22) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(23) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(24) CA = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne Áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(25) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(26) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bailiúcháin a bheith bainte astu.
Top