EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0277

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 i dtaca le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus Rialachán (CE) 165/2014 i dtaca le suíomh le tacagraif

COM/2017/0277 final - 2017/0122 (COD)

An Bhruiséil,31.5.2017

COM(2017) 277 final

2017/0122(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 i dtaca le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus Rialachán (CE) 165/2014 i dtaca le suíomh le tacagraif

{SWD(2017) 184 final}
{SWD(2017) 185 final}
{SWD(2017) 186 final}
{SWD(2017) 187 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá tréimhsí tiomána agus scíthe tiománaithe á rialáil faoi dhlí AE ó bhí 1969 ann. Sa lá atá inniu ann, tá íoscheanglais maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 1 (an 'Rialachán maidir le Tréimhsí Tiomána). Tá sé leagtha síos ann freisin gur gá tacagraf a úsáid mar phríomhuirlis chun comhlíonadh na gceanglas sin a sheiceáil. Glacadh Rialachán tar éis Rialacháin tar a éis sin chun tacagraif a oiriúnú d'fhorbairtí teicneolaíochta, agus is é an ceann deireanach acu sin Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar (an 'Rialachán maidir le Tacagraif'). Leis an Rialachán sin tugadh isteach an 'tacagraf cliste' atá nasctha le seirbhís suite atá bunaithe ar chóras loingseoireachta satailíte.

Tá an Rialachán maidir le Tréimhsí Tiomána agus an Rialachán maidir le Tacagraif ina gcuid d'iarracht níos leithne ar dhálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú, iomaíocht chothrom idir oibreoirí a áirithiú agus sábháilteacht ar bhóithre na hEorpa a mhéadú. Chuir ceanglais níos déine maidir le húsáid tacagraf, de réir a chéile, le héifeachtúlacht agus le comhsheasmhacht an fhorfheidhmithe ar fud AE.

Ceann de thátail na meastóireachta ex-post ar reachtaíocht shóisialta maidir le hiompar de bhóthar agus lena forfheidhmiú a rinneadh in 2015-2017 2 mar chuid den Chlár um Oiriúnacht Rialála (REFIT), nach raibh éifeachtacht an Rialacháin maidir le Tréimhsí Tiomána ach páirteach i leith dálaí oibre tiománaithe a fheabhsú agus iomaíocht chothrom idir oibreoirí a áirithiú. Tháinig méadú ar shábháilteacht ar bhóithre le linn na tréimhse sin, ach, ar ndóigh, ní féidir a rá gurb é an Rialachán sin amháin ba chúis leis na feabhsuithe sin.

Tá baint ag na deacrachtaí is mó a bhíonn ann le heasnaimh sna rialacha féin, ach, chomh maith le sin, le forfheidhmiú nach leor agus le neamhacmhainneacht na rialacha i leith dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta agus margaidh atá ag teacht chun cinn san earnáil sin. Is é is cuspóir leis an togra seo, ar tionscnamh de chuid REFIT é 3 , na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas agus cúnamh a thabhairt feabhas a chur ar na dálaí oibre agus gnó san earnáil. Bainfear sin amach trí fhorálacha áirithe a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus trí úsáid na dtacagraf atá ann faoi láthair agus iad siúd a bheidh ann amach anseo a uasghrádú a thuilleadh chun forfheidhmiú níos cost-éifeachtúla a áirithiú.

Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile atá beartaithe in earnáil an iompair de bhóthar

Is cuid é an togra seo d'athbhreithniú leanúnach níos cuimsithí ar reachtaíocht an Aontais maidir le hiompar de bhóthar. Tá dlúthbhaint aige leis an tionscnamh chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na rialacha maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe agus chun critéir earnáilsonracha a leagan síos maidir le postú oibrithe in iompar de bhóthar. Tá dlúthbhaint aige freisin leis an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar na rialacha margaidh maidir le: rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar (Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009), rochtain ar an margadh tarlaithe idirnáisiúnta (Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009) agus rochtain ar an margadh paisinéirí idirnáisiúnta (Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009).

Is creat dlí comhsheasmhach iad na rialacha sóisialta agus margaidh agus tá sé ríthábhachtach iad a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach éifeachtach chun earnáil iompair de bhóthar chothrom shábháilte a fhorbairt atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de. Ní fhéadann na tionscnaimh sin leo féin aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin shóisialta agus mhargaidh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuidíonn an togra le dhá cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin seo, “margadh inmheánach níos doimhne” a fhorbairt agus “poist ,fás agus an infheistíocht” go háirithe. Tá sé comhsheasmhach le gníomhartha arb aidhm leo an éagothroime shóisialta agus an iomaíocht éagothrom a chomhrac agus creat sóisialta a fhorbairt do dheiseanna fostaíochta nua agus do dhálaí gnó córa.

Tá sé ag teacht le cuspóirí Chláir Shóisialta an Choimisiúin, mar gurb é ceann de na haidhmeanna atá leis dálaí oibre sásúla agus cosaint shóisialta iomchuí a áirithiú, agus leis an tionscnamh chun colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorbairt. Ina theannta sin tá sé comhsheasmhach le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil foráil shonrach in Airteagal 31 de maidir le ceart chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine. Tá na forálacha sa togra seo maidir le scíth sheachtainiúil dírithe ar sholúbthacht d'oibreoirí a fheabhsú, agus, san am céanna, é a chur ar chumas oibrithe tréimhsí scíthe leordhóthanacha a bheith acu fós agus an deis a chur chun cinn an scíth sin a dhéanamh sa bhaile nó i gcóiríocht leordhóthanach.

Cuireann an togra leis an gclár REFIT trí fhorálacha sóisialta áirithe a shoiléiriú agus a oiriúnú agus tríd an bhforfheidhmiú a dhéanamh níos cost-éifeachtúla.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an togra seo, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) 165/2014 agus, mar sin, tá sé bunaithe ar an mbunús dlí céanna, mar atá Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú AE (CFAE).

Coimhdeacht

Faoi Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon atá an inniúlacht rialáil a dhéanamh i réimse an iompair. Mar sin féin, is é reachtóir an Aontais amháin ar féidir leis leasuithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana.

De dheasca easnaimh sa reachtaíocht atá ann cheana go ndéanann na Ballstáit rialacha sóisialta an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealaí éagsúla. Níor leor treoirlínte ón gCoimisiún ná féinrialáil a dhéanann na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfaí na rialacha sóisialta maidir le hiompar de bhóthar a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Dá bhrí sin tá údar maith le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

I gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE, lena gcorpraítear na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta ar leibhéal an Aontais a bhfuiltear le dul i gcomhairle leo maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta a leagtar amach in Airteagal 153 den Chonradh, seolfaidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta a iarraidh faoin treo ina bhféadfadh gníomhaíocht an Aontais díriú maidir le Treoir 2002/15/CE, a chomhlánaíonn forálacha de chuid Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar an méid is gá chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna arna sainaithint maidir le dálaí oibre míshásúla do thiománaithe agus saobhadh iomaíochta idir oibreoirí.

Mar atá luaite i Roinn 7.2 den mheasúnú tionchair, cuirtear chun feidhme leis an togra an rogha bheartais a meastar gurb í is oiriúnaí agus is comhréirí. Tugann an réiteach sin cothromaíocht idir dálaí oibre agus scíthe tiománaithe a fheabhsú agus an deis a thabhairt d'oibreoirí oibríochtaí iompair a eagrú a éifeachtúlaí is féidir agus na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach comhsheasmhach thar theorainneacha.

Tá an togra dírithe ar rialacha atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú agus ar rialacha áirithe a choigeartú chun freastal ar riachtanais na hearnála. Má dhéantar sin, is fusa na rialacha a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú go comhleanúnach ar fud na hEorpa. Laghdóidh an togra ualaí riaracháin ar oibreoirí agus áiritheoidh sé go mbeidh na ceanglais maidir le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit comhréireach i leith na bhfadhbanna a sainaithníodh. Ceann de thátail an mheasúnaithe tionchair nach mbeidh aon tionchar ar FBManna míréireach ag na bearta beartais atá beartaithe.

An rogha ionstraime

Ós rud é go bhfuiltear ag tabhairt isteach leis an togra beagán mionathruithe ar dhá Rialachán a bhfuil baint acu le chéile, roghnaíodh Rialachán mar ionstraim freisin. Ós beag athrú atá beartaithe, is cosúil nach gá an dá Rialacháin a athmhúnlú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht chuimsitheach ex-post de chuid REFIT ar an Rialacháin maidir le Tréimhsí Tiomána in 2015-2017 4 lenar cumhdaíodh freisin Treoir 2002/15/CE maidir le heagrú ama oibre agus Treoir 2006/22/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a fhorfheidhmiú. Rinneadh staidéar tacaíochta seachtrach chun tacú leis.

Ba iad na príomhfhadhbanna, a bhaineann go sonrach leis an Rialachán maidir le Tréimhsí Tiomána:

- nárbh ionann léirmhínithe agus forfheidhmiú forálacha maidir le scíth rialta sheachtainiúil agus, dá dheasca sin, go raibh bearta náisiúnta neamhchomhordaithe ann agus nár caitheadh le tiománaithe agus le hoibreoirí go comhionann;

- go rabhthas ag baint mí-úsáid fós as na rialacha maidir le tréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe de dheasca easpa solúbthachta ina gcur i bhfeidhm, go háirithe i gcás cúinsí neamhthuartha;

- go raibh easpa soiléire i leith an téarma iompar agus oibríochtaí 'neamhthráchtála' chun críocha príobháideacha, as ar tháinig éagsúlacht sna léirmhínithe agus cóir neamh-chomhionann tiománaithe agus oibreoirí;

- nach raibh na forálacha maidir le sosanna oiriúnach do 'shealaíocht' (tiomáint mar chuid d'fhoireann) as ar tháinig éagsúlacht sna cleachtais forfheidhmithe;

- go raibh comhar riaracháin lag agus cúnamh frithpháirteach lag idir na Ballstáit rud a chuir srian le forfheidhmiú trasteorann éifeachtúil comhsheasmhach;

Bíonn drochthionchar ag na fadhbanna sin ar dhálaí oibre agus iomaíochta agus cuireann siad bac go hindíreach le breis feabhsuithe ar shábháilteacht ar bhóithre.

Ní raibh Rialachán na dTacagraf in a chuid den mheastóireacht ex-post seo de chuid REFIT. Mar sin féin, léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil úsáid mhíchothrom agus mí-éifeachtúil uirlisí rialúcháin agus córas malartaithe sonraí, tacagraif san áireamh, go bhfuil sin ar easnaimh an chórais forfheidhmithe. D'fhéadfaí feidhmíochtaí an chórais tacagraf atá ann cheana a úsáid ní b'fhearr go dtí go suiteálfar tacagraif chliste agus go núsáidfear iad níos forleithne.

Comhairliúcháin geallsealbhóirí

Reáchtáladh comhairliúchán forleathana leis na páirtithe leasmhara chun an togra seo a ullmhú , i gcomhréir leis na caighdeáin íosta le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2002 (COM(2002) 704 final).

Rinneadh tuairimí agus sonraí a bhailiú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin. Iarradh ar na grúpaí geallsealbhóirí ábhartha uile páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin: aireachtaí náisiúnta iompair, údaráis náisiúnta forfheidhmiúcháin, comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí iompair lasta agus paisinéirí de bhóthar, seoltóirí lasta, seoladóirí, FBManna, ceardchumainn, tiománaithe agus oibrithe eile iompair de bhóthar.

Go háirithe, chuathas i gcomhairle go forleathan leis na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha i rith an phróisis ar fad. Baineadh úsáid as modhanna agus uirlisí comhairliúcháin éagsúla:

-    Ag Comhdháil Ard-Leibhéil an 4 Meitheamh 2015 maidir le 'Clár Oibre Sóisialta i gcomhair an Iompair' cuireadh tús le díospóireacht chuimsitheach maidir leis na gnéithe sóisialta den iompar de bhóthar; d'fhreastail tuairim agus 350 rannpháirtí air, den chuid is mó: cinnteoirí, saineolaithe ar an iompar agus comhpháirtithe sóisialta;

-    Seimineáir thiomnaithe ag deireadh 2015 ar tháinig geallsealbhóirí tionsclaíochta, ionadaithe do Bhallstáit agus na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha chucu. Bhí an plé dírithe ar fheidhmiú na reachtaíochta sóisialta agus na reachtaíochta maidir leis an margadh inmheánach in iompar de bhóthar.

-    Comhdháil maidir le hIompar de Bhóthar an 19 Aibreán 2016. Bhí ceann de na ceardlanna dírithe ar an margadh inmheánach agus gnéithe sóisialta de chuid an iompair de bhóthar. Bhí tuairim agus 400 rannpháirtí i láthair, ionadaithe de Bhallstáit, Baill de Pharlaimint na hEorpa agus geallsealbhóirí tábhachtacha go háirithe a rinne plé ar chuspóirí agus raon feidhme na dTionscnamh a bhaineann le hiompar de bhóthar;

-    Cuireadh tús le cúig shuirbhé oiriúnaithe chun tuairimí na naireachtaí iompair náisiúnta a bhailiú (inar díríodh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialacha), na núdarás forfheidhmiúcháin ( inar díríodh ar chleachtais forfheidhmiúcháin, costais agus tairbhí forfheidhmiúcháin), gnóthais (inar díríodh ar thionchar na reachtaíochta ar oibreoirí sa mhargadh), na gceardchumann (inar díríodh ar thionchar na reachtaíochta ar thiománaithe) agus geallsealbhóirí eile amhail comhlachais tionsclaíochta (inar díríodh ar fhorléargais ar thionchair na reachtaíochta). San iomlán fuarthas 1441 fhreagra (ó ghnóthais iompair de bhóthar a tháinig 1 269 díobh sin).

-    Agallaimh le 90 geallsealbhóir (ar thiománaithe 37 díobh sin) chun léargais a fháil ar an taithí atá acu ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí náisiúnta ag forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le hiompar de bhóthar, ar a éifeachtaí atá an forfheidhmiú sin agus ar aon dúshláin atá ann i leith comhlíonadh.

-    Comhairliúchán poiblí 5 idir an 5 Meán Fómhair agus an 11 Nollaig 2016, dírithe ar a dheimhniú go bhfuil na fadhbanna ann a sainaithníodh sa mheastóireacht ex-post agus agus ar réitigh fhéideartha ar na fadhbanna sin a shainaithint. Ar na 1 378 bhfreagairt a fuarthas tháinig 1 209 gcinn ó thiománaithe, oibreoirí, seoladóirí, seoltóirí agus saoránaigh agus 169 ó údaráis náisiúnta, , comhlachtaí forfheidhmiúcháin, eagraíochtaí oibrithe agus comhlachais tionsclaíochta;

-    Suirbhé ar phainéal FBManna idir an 4 Samhain 2016 agus an 4 Eanáir 2017. Thug 109 bhfreagróir a dtuairimí maidir le cuspóirí an athbhreithnithe ar an gcreat dlí agus maidir le réitigh fhéideartha;

-    Suirbhé ar líne ar thiománaithe (fuarthas 345 fhreagra ina raibh tuairimí ar réitigh fhéideartha. Ní raibh na tuairimí sin iomlán ionadaíoch, áfach, ó tháinig 140 freagra ón Ísiltír agus 127 gcinn ón Ríocht Aontaithe).

-    Lena chois sin, sheol an Coimisiún suirbhé ar na húdaráis náisiúnta agus na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin (fuarthas 41 fhreagairt ó 27 mBallstát an Aontais móide an Iorua agus an Eilvéis) agus suirbhé ar oibreoirí (73 fhreagairt a fuarthas ach arís ní raibh sé iomlán ionadaíoch toisc gurb as an Ungáir a tháinig 58 bhfreagairt); agus

-     Agallaimh le 7 gcuideachta iompair, 9 gcomhlachas tionsclaíochta náisiúnta, 9 núdarás náisiúnta, 4 cheardchumann náisiúnta agus 6 Chomhpháirtí Shóisialta Eorpacha.

Cuireadh na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha in earnáil an iompair de bhóthar ar an eolas go rialta agus chuathas i gcomhairle leo i gcuid mhaith cruinnithe déthaobhacha leis an gCoimisiún agus ag cruinnithe rialta den Choiste le haghaidh Idirphlé Sóisialta in Earnáil an Iompair de Bhóthar agus de mheitheal na gComhpháirtithe Sóisialta.

Ag na gníomhaíochtaí comhairliúcháin deimhníodh arís gurb iad seo na fadhbanna is mó:

1) dálaí oibre míshásúla do thiománaithe;

2) saobhadh iomaíochta idir na hoibreoirí iompair; agus

3) ualaí rialála ar oibreoirí agus ar na Ballstáit.

Shainaithin siad freisin na príomhcheisteanna dlí laistiar de na dúshláin sin, i.e. rialacha sóisialta doiléire nó mí-oiriúnacha, léirmhínithe éagsúla ar na rialacha agus forfheidhmiú míéifeachtach agus comhar riaracháin lag idir na Ballstáit.

I dtaca leis na dréachtbhearta beartais, thacaigh na geallsealbhóirí uile go láidir leis an bhforfheidhmiú agus an comhar idir na húdaráis forfheidhmiúcháin a neartú, cé gur léirigh roinnt údarás forfheidhmiúcháin imní faoi na costais bhreise forfheidhmiúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann.

Chuir na ceardchumainn, na húdaráis náisiúnta, na tiománaithe, na hoibreoirí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht d'oibreoirí béim ar an ngá atá le saoráidí scíthe leordhóthanacha a bheith ann le haghaidh scíth sheachtainiúil rialta.

Bhí meascán tuairimí ann i dtaca leis na dréachtbhearta maidir le meánscíth sheachtainiúil rialta a ríomh agus maidir le tuilleadh solúbthachta a cheadú i leith na rialacha maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe chun gur féidir leis na tiománaithe an baile a shroicheadh chun a scíth sheachtainiúil rialta a ghlacadh. Bhí oibreoirí agus tiománaithe i bhfabhar na mbeart sin, ach níor thug na ceardchumainn tacaíocht dóibh agus léirigh an lucht forfheidhmiúcháin imní faoi fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Chuidigh conraitheoirí seachtracha leis an gCoimisiún trí staidéar tacaíochta a chur ar fáil don mheastóireacht i Meitheamh 2016 6  ex-post agus staidéar tacaíochta ar leith don mheasúnú tionchair a cuireadh i gcrích i mBealtaine 2017.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, ar measúnú é ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina leith, a raibh moltaí áirithe ag dul léi. Tugadh aghaidh ar na príomhthuairimí a bhí ag an mBord sa leagan athbhreithnithe den mheasúnú tionchair (féach Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an measúnú tionchair).

Rinneadh ceithre rogha bheartais a mheas sa mheasúnú tionchair: Tá na trí chéadrogha beartais carnach maidir leis an leibhéal méadaitheach idirghabhála rialála agus tionchair ionchasacha, agus tá an ceathrú rogha cothrománach agus d'fhéadfaí na bearta atá ann a chomhcheangal le haon cheann de na roghanna eile.

Leis an gcéad rogha beartais díríodh ar an gcreat dlí a shoiléiriú agus an comhar idir na húdaráis forfheidhmiúcháin a fheabhsú. Leis an dara rogha díríodh ar an bhforfheidhmiú a neartú. Sa tríú pacáiste beartas beartaíodh athruithe móra a dhéanamh ar na rialacha, go háirithe na rialacha maidir le tuarastal de réir feidhmíochta agus maoluithe le haghaidh iompar paisinéirí de chóiste idir intíre agus idirnáisiúnta. Sa cheathrú rogha bheartais, leagadh síos critéir earnáilsonracha maidir le hoibrithe a phostú san iompar bóthair agus foráiltear inti maidir le bearta forfheidhmiúcháin sonracha. Bhí malairtí ann a bhí bunaithe ar thairseacha ama:

Ba léir gurbh í rogha beartais 1 an rogha is lú éifeacht ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an neamhchinnteacht dhlíthiúil agus ar an éagothroime idir tiománaithe agus oibreoirí. Is é an chúis is mó a bhí leis sin go mbeadh na bearta roghnach agus go bhféadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh iad a thabhairt isteach nó gan iad a thabhairt isteach. Chuirfeadh an cur chuige roghnach leis an imní atá ann maidir leis an líon mór beart náisiúnta atá le láimhseáil ag tiománaithe agus oibreoirí.

D'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt fo-éifeachtaí diúltacha ag rogha beartais 3 ar dhálaí oibre tiománaithe san earnáil iompair paisinéirí. An chúis atá leis sin, go dtiocfadh as an mbeart maidir le scíth sheachtainiúil mhoillithe ardú 20-33 % ar an innéacs tuirse agus méadú 4-5 % ar na rioscaí don tsábháilteacht ar bhóithre. Chomh maith leis an méadú sin ar na hinnéacsanna tuirse agus riosca, bheadh laghdú 3-5 % ann ar chostais chomhlíontachta d'oibreoirí.

Is é is rogha thosaíochta ann, cumasc de rogha bheartais 2 agus rogha bheartais 4. An tionchar a imríonn rogha bheartais 4, neartaíonn sé na héifeachtaí a bhfuiltear ag súil leo ó rogha 2 trí dhálaí oibre agus scíthe na dtiománaithe a fheabhsú (laghdú 28 % ar an innéacs tuirse, laghdú 43 % ar thréimhsí as baile do thiománaithe na 13 Bhallstát agus 16 % do thiománaithe na 15 Bhallstát). Chomh maith leis sin, má chumasctar rogha bheartais 2 agus rogha bheartais 4, tiocfaidh méadú ar shineirgíocht as faireachán níos éifeachtúla ar rialacha maidir le postú, rud a laghdóidh na costais ar oibreoirí.

Is é an cumasc de rogha 2 agus rogha 4, ar an iomlán, an chaoi is éifeachtaí chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair. Le rogha beartais 4 meastar go dtiocfaidh laghdú costas EUR 785 mhilliún sa bhliain ar oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí iompair de bhóthar trasteorann ó thaobh costais riaracháin. Níorbh fhéidir laghdú costais rogha 2 a chainníochtú. Mar sin féin, táthar ag súil go laghdóidh an rogha sin sáruithe agus, sa chaoi sin, go laghdóidh siad go mór na costais neamhchomhlíontachta. Sa bhreis air sin, i gcás rogha 2, beifear in ann oibríochtaí iompair a dhéanamh níos éifeachtúla agus beidh spreagadh ann ligean don tiománaí filleadh abhaile níos minice. Mar sin féin, tiocfaidh méadú beag ar chostais forfheidhmiúcháin as an dá rogha bheartais sin ar údaráis náisiúnta (idir 1,3 % agus 8 %) le linn na hidirthréimhse agus na rialacha athbhreithnithe á dtabhairt isteach. Tiocfaidh méadú beag ar chostais chomhlíontachta i gcás oibreoirí áirithe as an dá rogha ós rud é go mbeidh orthu, de bharr na roghanna sin, cóiríocht a íoc le haghaidh an tsosa rialta sheachtainiúil a bheidh le glacadh lasmuigh den fheithicil (tuairim agus EUR 50-160 in aghaidh an turais).

Tá an togra ag teacht leis an rogha thosaíochta atá sa mheasúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an togra dírithe ar chuspóir REFIT éifeachtacht reachtaíochta a mhéadú agus na hualaí riaracháin agus rialála atá ar ghnólachtaí a laghdú. Déanann sé an méid sin trí na rialacha a shimpliú agus a chur in oiriúint do riachtanais na hearnála agus trí úsáid an trealaimh thaifeadta dhigitigh (tacagraif) a fheabhsú chun gurb éifeachtúla na seiceálacha. Cé go bhfuiltear ag súil le méadú beag ar na costais forfheidhmiúcháin atá ar údaráis náisiúnta, tá údar leis an méadú sin i ngeall ar an bhfeabhas a thiocfaidh ar dhálaí oibre na dtiománaithe agus ar dhálaí gnó d'oibreoirí. Beidh laghdú ar chostais neamhchomhlíontachta dá bharr sin. Tiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht an fhorfheidhmiúcháin de bharr an togra seo freisin, as an bhfeabhsú ar ghnéithe an tacagraif 'chliste' a bheidh ann amach anseo, mar shampla. Ní dhíolmhaítear micri-fhiontair leis an togra seo toisc go bhfuil an baol ann go dtiocfadh as sin dálaí iomaíochta éagrothroma agus dálaí oibre éagothroma.

Cearta bunúsacha

Rannchuidíonn an togra le cuspóirí na Cairte um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 31 go háirithe lena bhforáiltear don cheart dálaí oibre cearta córa a fháil.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar fhorbairtí ar líon, cineálacha agus ar a mhinice a dhéantar na rialacha sóisialta a shárú trí thuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme a thiomsú agus sonraí ó eagraíochtaí forfheidhmiúcháin an Aontais a anailísiú. Déanfaidh an Coiste um Iompar de Bhóthar faireachán go rialta ar shaincheisteanna cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin agus déanfaidh sé measúnú orthu freisin.

Déanfar forbairtí margaidh eile agus an tionchar is féidir a bheith acu ar dhálaí oibre agus iomaíochta a mheas ar bhonn sonraí ábhartha a bailíodh le haghaidh tionscnaimh eile, go háirithe an tathbhreithniú ar an Rialachán maidir le rochtain ar an margadh tarlaithe idirnáisiúnta (Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009) agus an Rialachán maidir le rochtain ar ghairm an tarlóra bóthair(Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is iad príomhghnéithe an togra:

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

Airteagal 3

Leasaítear Airteagal 3(h) chun a shoiléiriú, i gcomhréir leis an rialú ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás C317/12 Lundberg, nach bhfuil sé d'oibleagáid ar dhaoine príobháideacha a bheadh faoi raon feidhme Rialachán CE) Uimh. 561/2006, atá ag iompar a ngiuirléidí féin chun a gcríoch féin, a dtréimhsí tiomána agus scíthe a thaifead agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé d'oibleagáid orthu tacagraf ná cárta tiománaí a bheith acu nó a úsáid.

Airteagal 4

Cuirtear Airteagal 4(r) isteach chun an téarma iompar 'neamhthráchtála' a shainmhíniú, téarma atá go flúirseach sa Rialachán seo, ós rud é go mbeadh éiginnteachtaí agus éagsúlachtaí sa léirmhíniú mura mbeadh sainmhíniú aonfhoirmeach ann.

Airteagal 6

Leasaítear Airteagal 6(5) chun soiléiriú a dhéanamh ar an oibleagáid agus comhchuibhiú a dhéanamh ar an gcleachtas an obair a dhéanann an tiománaí seachas tiomáint agus tréimhsí infhaighteachta a thaifeadadh. Tá tábhacht le taifid iomlána de ghníomhaíochtaí uile an tiománaí, ní hí an tiomáint amháin, a thaifeadann tacagraf go huathoibríoch chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar phatrúin oibre tiománaí, patrúin ar féidir tuirse agus rioscaí ar shábháilteacht ar bhóithre a theacht astu.

Airteagal 7

Cuirtear an tríú mír le hAirteagal 7 chun a shoiléiriú go bhféadfaidh tiománaithe atá ag tiomáint mar chuid d'fhoireann a sos éigeantach a ghlacadh i bhfeithicil atá tiománaí eile a thiomáint. Is cleachtas reatha é seo cheana ó tháinig treoir neamhcheangailteach ón gCoimisiún.

Airteagal 8

Leasaítear Airteagal 8 chun na ceanglais maidir le scíth sheachtainiúil a oiriúnú do riachtanais na hearnála agus don fhíorchleachtas i leith sceidil iompair a shocrú, go háirithe i gcás oibríochtaí cianiompair. Tá sé dírithe ar dhálaí scíthe tiománaithe a fheabhsú agus ar fhorghníomhú a éascú, go háirithe an cúiteamh atá dlite don tiománaí i scíth sheachtainiúil laghdaithe a sheiceáil.

Leasaítear Airteagal 8(6) chun a shoiléiriú go bhféadfaidh tiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla a shocrú i gcaoi níos solúbtha ar feadh ceithre seachtaine tar éis a chéile, agus, san am céanna, a áirithiú go nglacfar cúiteamh i scíth sheachtainiúil laghdaithe mar aon le scíth sheachtainiúil rialta faoi cheann trí seachtaine. Ní athraíonn an leasú seo na ceanglais atá ann cheana maidir le tréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla.

Leasaítear Airteagal 8(7) chun a shonrú nach mór aon chúiteamh i scíth sheachtainiúil laghdaithe a bheith ceangailte de scíth sheachtainiúil rialta 45 uair an chloig ar a laghad. Is fusa, dá bharr sin, seiceáil a dhéanamh ar scíth a glacadh mar chúiteamh, agus beidh tiománaithe in ann scíth sheachtainiúil charntha a bheith acu.

Cuirtear Airteagal 8(8)a isteach chun a shoiléiriú nach bhfuil cead ag tiománaí scíth sheachtainiúil 45 uair an chloig nó níos mó a ghlacadh i bhfeithicil agus go bhfuil sé d'oibleagáid ar an bhfostóir saoráidí codlata agus sláintíochta leordhóthanacha a chur ar fáil don tiománaí mura bhfuil sé in ann scíth sheachtainiúil a ghlacadh ina rogha féin ionad príobháideach.

Cuirtear Airteagal 8(8)b isteach chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an oibleagáid ar ghnóthais iompair obair an tiománaí a eagrú i gcaoi ina mbeidh sé in ann filleadh abhaile le haghaidh scíth sheachtainiúil uair amháin ar a laghad le linn trí seachtaine tar éis a chéile.

Airteagal 9

Leasaítear Airteagal 9 chun é a oiriúnú donchleachtas atá ann cheana tréimhsí scíthe a ghlacadh ar bhád farantóireachta nó ar thraein. De réir na rialacha atá ann cheana ní féidir tréimhsí scíthe 24 uair an chloig nó níos mó a ghlactar go páirteach ar bhád farantóireachta nó ar thraein a thaifeadadh mar scíth sheachtainiúil. Cruthaíonn sin ualaí nach gá ar thiománaithe agus ar oibreoirí. Dá bhrí sin, tá sé sonraithe sa leasú seo go bhfuil cead ag tiománaí atá in éineacht le feithicil atá á iompar ag bád farantóireachta nó ag traein, go bhfuil cead aige scíth sheachtainiúil laghdaithe a ghlacadh i mbád farantóireachta nó i dtraein chomh maith.

Airteagal 12

Cuirtear Airteagal 12(2) isteach chun cuidiú le tiománaí cúinsí a láimhseáil nár tuaradh agus a chuireann moill ar oibríocht iompair nó nach féidir leis an tiománaí, dá ndeasca, an baile a shroicheadh chun scíth sheachtainiúil a ghlacadh. Tá sé sonraithe ann go bhféadfaidh tiománaithe tús a scíthe seachtainiúla a chur siar chun an baile a bhaint amach ar choinníoll go gcomhlíonann siad na teorainneacha le tréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus íostréimhse cheangailteach scíthe seachtainiúla.

Airteagal 14

Leasaítear Airteagal 14 chun a shonrú nach mór údar cuí mar gheall ar chúinsí eisceachtúla agus ar an bpráinn atá le dul i ngleic leo, nach mór an túdar sin a bheith le heisceachtaí sealadacha ar rialacha ghinearálta a cheadaíonn Ballstáit i gcásanna práinne.

Airteagal 15

Tugtar oibleagáid isteach in Airteagal 15 ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina rialacha ginearálta maidir le tréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe is infheidhme maidir le tiománaithe bus atá díolmhaithe ón Rialachán.

Airteagal 19

Leasaítear Airteagal 19 chun a shonrú gur cheart pionóis náisiúnta a fhorchuirtear as an Rialachán a shárú, gur cheart iad a bheith comhréireach le tromchúis an tsáraithe, de réir an aicmithe sa reachtaíocht is ábhartha de chuid an Aontais. Tá sé leagtha síos ann freisin gur cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon athruithe ar an gcóras náisiúnta pionós.

Airteagal 22

Leasaítear Airteagal 22 chun an comhar riaracháin, an malartú sonraí agus faisnéise idir na Ballstáit a dhoimhniú a thuilleadh. Is é an cuspóir atá leis sin cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmiú trasteorann a dhéanamh níos comhsheasmhaí éifeachtaí.

Leasaítear Airteagal 22(1) chun a shonrú nach mór cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit a thabhairt go pras, faoi sprioc-amanna arna sonrú go soiléir faoi Threoir 2006/22/CE.

Cuirtear Airteagal 22(2)(c) isteach chun a shoiléiriú go gcumhdaíonn an malartú sonraí, le cois rudaí eile, sonraí i ndáil le rátáil gnóthas agus faisnéis eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar forfheidhmiú go héifeachtach éifeachtúil.

Tá sé sonraithe in Airteagal 22(3)a nach mór do chomhlachtaí arna sannadh le haghaidh idirchaidreamh laistigh den chomhphobal bheith freagrach as malartú réidh faisnéise.

cuirtear Airteagal 22(3)b isteach chun a shoiléiriú gur cheart an cúnamh frithpháirteach a bheith saor in aisce.

Airteagal 25

Leasaítear Airteagal 25(2) chun a shonrú go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme nuair is gá sin chun aon fhorálacha sa Rialachán seo a shoiléiriú. Ba cheart na gníomhartha sin a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme agus go bhforfheidhmneofar é go haonfhoirmeach.

Rialachán (AE) 165/2014

Airteagal 8

Leasaítear Airteagal 8 chun gnéithe áirithe de na tacagraif 'chliste' a fheabhsú chun gur féidir feithiclí a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí iompair trasteorann a shuí níos cruinne. Má dhéanta sin, is fusa na rialacha sóisialta a fhorfheidhmiú.

Airteagal 34

Le hAirteagal 34 cuirtear an oibleagáid ar thiománaithe isteach suíomh a bhfeithicle a thaifeadadh i dtacagraf tar éis teorainn a thrasnú dóibh, ag an áit stadta oiriúnach is túisce a dtiocfaidh siad air. Má dhéantar sin, is fusa a bheidh sé faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sóisialta. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le tiománaithe atá ag úsáid tacagraif 'chliste' a thaifeadann trasnuithe teorann go huathoibríoch.

2017/0122 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 i dtaca le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus Rialachán (CE) 165/2014 i dtaca le suíomh le tacagraif

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá an-tábhacht ar fad le dálaí oibre tiománaithe a bheith maith agus le dálaí gnó gnóthas iompair de bhóthar a bheith cothrom agus earnáil an iompair de bhóthar á dhéanamh slán, éifeachtúil agus cuntasach ó thaobh na sochaí de. Chun gur fusa sin a dhéanamh ní mór rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar a bheith soiléir, oiriúnach don chuspóir, sochurtha i bhfeidhm, so-fhorfheidhmithe agus curtha i bhfeidhm go héifeachtach comhsheasmhach ar fud an Aontais.

(2)Nuair a rinneadh meastóireacht ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí cur chun feidhme na sraithe de rialacha sóisialta de chuid an Aontais maidir le hiompar de bhóthar atá ann cheana, agus go háirithe, Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , sainaithníodh laigí áirithe sa chreat dlíthiúil atá ann cheana. Ós rud é go bhfuil na rialacha maidir le scíth sheachtainiúil, áiseanna scíthe, sosanna le linn sealaíochta agus nach bhfuil aon rialacha maidir le thiománaithe a fhilleadh ar an mbaile, bíonn na léirmhínithe agus na cleachtais forfheidhmiúcháin éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Ghlac roinnt Ballstát bearta aontaobhach le déanaí, rud a mhéadaigh an éiginnteacht dhlíthiúil agus cóir neamh-chomhionann tiománaithe agus oibreoirí.

(3)Sa mheasúnú ex-post ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, dearbhaíodh gurb é is mó ba chúis le forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach agus mí-éifeachtach rialacha sóisialta an Aontais nach raibh na rialacha soiléir, gur úsáideadh na huirlisí rialúcháin go mí-éifeachtúil agus nár leor an comhar riarthach idir na Ballstáit.

(4)Chomh maith leis sin, tá rialacha soiléire, oiriúnacha agus a fhorfheidhmítear go cothrom an-tábhachtach ó thaobh cuspóirí beartais áirithe a bhaint amach, mar atá dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú agus go háirithe a áirithiú go mbeidh iomaíocht gan saobhadh idir oibreoirí agus cur le sábháilteacht ar bhóithre na núsáideoirí bóthair uile.

(5)Tharla sé nach raibh an ceanglas atá ann cheana maidir le sosanna oiriúnach ná praiticiúil i leith tiománaithe atá ag tiomáint mar chuid d'fhoireann. Dá bhrí sin, is iomchuí an ceanglas maidir le sosanna a thaifeadadh a oiriúnú do shonraíocht na noibríochtaí iompair a dhéanann tiománaithe atá ag tiomáint mar chuid d'fhoireann.

(6)Caitheann tiománaithe atá i mbun oibríochtaí cian-iompair idirnáisiúnta tréimhsí fada as baile. Cuireann na ceanglais atá ann faoi láthair maidir le scíth sheachtainiúil fad nach gá leis na tréimhsí sin. Dá bhrí sin, ba mhaith an rud é an fhoráil maidir le scíth sheachtainiúil a oiriúnú sa chaoi gur fusa do thiománaithe oibríochtaí iompair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha agus a mbaile a shroicheadh i gcomhair scíth sheachtainiúil rialta agus cúiteamh iomlán a fháil as na tréimhsí scíthe seachtainiúla a laghdaíodh. Is gá freisin foráil a dhéanamh nach foláir d'oibreoirí obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi nach mbeidh na tréimhsí as baile sin níos faide ná mar is gá.

(7)An léirmhíniú agus an cur chun feidhme a dhéantar ar na ceanglais maidir le scíth sheachtainiúil ó thaobh na háite inar cheart an scíth sheachtainiúil a ghlacadh, ní hionann iad sna Ballstáit éagsúla. Dá bhrí sin, is iomchuí an ceanglas sin a shoiléiriú chun a áirithiú go bhfaighidh na tiománaithe cóiríocht cheart le haghaidh a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta má ghlactar na treímhsí scíthe sin as baile.

(8)Is minic tiománaithe i ngleic le cúinsí nár tuaradh nach féidir, dá ndeasca, ceann scríbe a shroicheadh a rabhthas ag súil scíth sheachtainiúil a ghlacadh ann gan rialacha an Aontais a shárú. Dá bhrí sin, ba mhaith an rud é a dhéanamh níos fusa do thiománaithe na cúinsí sin a láimhseáil agus é a chur ar a gcumas an ceann scríbe le haghaidh scíth sheachtainiúil a shroicheadh gan na ceanglais maidir le huastréimhsí tiomána a shárú.

(9)Chun neamhréireachtaí idir na cleachtais forfheidhmiúcháin a laghdú agus a chosc agus chun feabhas breise a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe trasteorann, tá sé ríthábhachtach rialacha soiléire a chur ar bun le haghaidh comhar riaracháin tráthrialta idir na Ballstáit.

(10)Chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha maidir le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chur chun feidhme aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun aon fhoráil sa Rialachán sin a shoiléiriú agus chun modhanna comhchoiteanna a bhunú maidir lena gcur i bhfeidhm agus a bhforfheidhmiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 10 .

(11)Chun feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta ba cheart poitéinseal na gcóras tacagraif atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a shaothrú go hiomlán. Dá bhrí sin ba cheart feidhmíochtaí an tacagraif a fheabhsú chun gur féidir suíomh a dhéanamh níos cruinne, go háirithe le linn oibríochtaí iompair idirnáisiúnta.

(12)Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h) in Airteagal 3:

"(h)    feithiclí nó teaglamaí feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála earraí;"

(2)cuirtear an pointe (r) seo a leanas le hAirteagal 4:

"(r)    ciallaíonn 'iompar neamhthráchtála' aon iompar de bhóthar, seachas iompar ar fruiliú nó ar airgead nó iompar ar a chuntas féin, nach bhfaightear aon luach saothair ar a shon agus na ngineann aon ioncam.

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 6(5):

"Taifeadfaidh tiománaí mar obair eile aon am a caitheadh atá de réir na tuairisce in Airteagal 4(e) mar aon le haon am a caitheadh ag tiomáint feithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí tráchtála nach bhfuil faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus taifeadfaidh sé aon tréimhsí infhaighteachta mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(b) de Threoir 2002/15/CE, i gcomhréir le hAirteagal 34(5)(b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. Iontrálfar an taifead sin de láimh ar leathanach taifid nó ar asphrionta nó le saoráidí láimhe ionchuir ar threalamh taifeadta.

(4)cuirtear an tríú mír seo a leanas le hAirteagal 7:

"Féadfaidh tiománaí atá páirteach i sealaíocht cinneadh a dhéanamh sos 45 nóiméad a ghlacadh i bhfeithicil atá tiománaí eile a thiomáint ar choinníoll nach bhfuil an tiománaí atá ag glacadh an tsosa páirteach sa chúnamh don tiománaí atá ag tiomáint na feithicle.";

(5)Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"6.    Le linn aon cheithre seachtaine i ndiaidh a chéile, glacfaidh an tiománaí, ar a laghad:

(a)    ceithre thréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó

(b)    dhá thréimhse scíthe rialta 45 uair an chloig agus dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe 24 uair an chloig ar a laghad.

Chun críocha phointe (b), cúiteofar na tréimhsí scíthe seachtainiúla le tréimhse scíthe coibhéiseach a ghlacfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7

"7. Aon tréimhse scíthe a ghlacfar mar chúiteamh i dtréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, tiocfaidh sí díreach roimh thréimhse scíthe seachtainiúla rialta 45 uair an chloig ar a laghad nó díreach tar a héis.";

(c)cuirtear isteach an mhír 8 a agus an mhír 8b seo a leanas:

"8 a.    Na tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus aon scíth sheachtainiúil os cionn 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh i scíth sheachtainiúil laghdaithe a bhí ann roimhe sin, ní ghlacfar iad i bhfeithicil. Is i gcóiríocht oiriúnach ina bhfuil saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta a ghlacfar iad;

(d)a chuir an fostóir ar fáil nó ar íoc an fostóir aisti nó

(e)sa bhaile nó ag ionad príobháideach eile arna roghnú ag an tiománaí.

8b.    Eagróidh gnóthas iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir le tiománaithe aon tréimhse scíthe seachtainiúla rialta níos mó ná 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh sa scíth sheachtainiúil laghdaithe a chaitheamh sa bhaile laistigh de gach tréimhse trí seachtaine tar éis a chéile.";

(6)in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"9.    Mar mhaolú ar Airteagal 8, má bhíonn tiománaí in éineacht le feithicil atá á iompar ag bád farantóireachta nó ag traein agus go nglacfaidh sé tréimhse scíthe laethúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, féadfar an tréimhse sin a bhriseadh dhá uair ar a mhéad le haghaidh gníomhaíochtaí eile nach mairfidh níos mó ná aon uair an chloig ar fad. Le linn na tréimhse scíthe laethúla rialta nó na tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin, beidh fáil ag an tiománaí ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.";

(7)in Airteagal 12, cuirtear an dara mír seo a leanas isteach:

"Ar choinneáil nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, féadfaidh an tiománaí gan Airteagal 8(2) agus an dara fomhír d'Airteagal 8(6) a chomhlíonadh chun gur féidir leis cóiríocht oiriúnach dá dtagraítear in Airteagal 8(8a) a shroicheadh chun scíth laethúil nó seachtainiúil a ghlacadh ann. Ní shárófar na tréimhsí tiomána laethúla ná seachtainiúla ná ní ghiorrófar na tréimhsí scíthe laethúla ná seachtainiúla de dheasca an neamh-chomhlíonta sin. Scríobhfaidh an tiománaí síos de láimh cúis an neamh-chomhlíonta sin ar bhileog thaifid an trealaimh taifeadta nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht isteach sa chóiríocht oiriúnach dó ar a dhéanaí.

(8)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.    I gcásanna práinne féadfaidh na Ballstáit, i gcúinsí eisceachtúla, eisceacht shealadach a thabhairt ar feadh tréimhse nach mó ná 30 lá agus tabharfar údar cuí leis an eisceacht sin agus tabharfar fógra fúithi láithreach don Choimisiún.";

(9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tiománaithe feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 3(a) faoi réir na rialacha náisiúnta lena dtugtar cosaint leordhóthanach i leith tréimhsí tiomána ceadaithe agus sosanna agus tréimhsí scíthe éigeantacha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na tiománaithe sin.";

(10)in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.    Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh feidhm na bpionós sin de réir thromchúiseacht an tsáraithe de réir mar a chinnfear i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , agus beidh siad athchomhairleach neamh-idirdhealaitheach. Ní bheidh níos mó ná pionós amháin ná nós imeachta amháin ann de dheasca sárú amháin ar an Rialachán seo ná ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta sin agus faoi na rialacha maidir le pionóis faoin dáta atá sonraithe sa dara fomhír d'Airteagal 29. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasuithe a dhéanfar orthu sin tar a éis sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.";

(11)Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

"1.    Oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile gan moill míchuí chun gur fusa an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go seasmhach agus é a fhorfheidhmiú go héifeachtach, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2006/22/CE.

(b)i mír 2, cuirtear isteach pointe (c) mar seo a leanas:

"(c)    faisnéis shonrach eile, lena náirítear rátáil riosca an ghnóthais, ar féidir go mbeidh iarmhairtí aige i leith chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo.";

(c)cuirtear isteach an mhír 3a agus an mhír 3b seo a leanas:

"3a.    Chun críocha an mhalartaithe faisnéise faoi chuimsiú an Rialacháin seo, úsáidfidh na Ballstáit na comhlachtaí le haghaidh idirchaidreamh laistigh den chomhphobal arna ainmniú de bhun Airteagal 7 de Threoir 2006/22/CE."

"3b.    Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.";

(12)in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.    I gcásanna dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach modhanna comhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2)."

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 mar a leanas:

(13)in Airteagal 8(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

"–    gach trí uair an chloig d'am tiomána carntha agus gach uair a thrasnóidh an fheithicil an teorainn;";

(14)in Airteagal 34(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"7.    Iontrálfaidh an tiománaí sa tacagraf digiteach siombail na dtíortha inar thosaigh an tréimhse oibre laethúil agus inar chríochnaigh sí chomh maith leis an áit agus an uair a thrasnaigh an tiománaí teorainn san fheithicil ar theacht isteach san áit stadta iomchuí dó. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh dá gcríoch, sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre, ar choinníoll go mbeidh na sonraíochtaí geografacha mionsonraithe sin curtha in iúl ag na Ballstáit sin don Choimisiún roimh an 1 Aibreán 1998.".

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) IO L102, 11.4.2006, lch.1
(2) Cumhdaíodh leis an meastóireacht ex-post Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2006/22/CE maidir le forfheidhmiú fhorálacha an Rialacháin agus Treoir 2002/15/CE maidir le heagrú ama oibre na n-oibrithe soghluaiste iompair de bhóthar.
(3) Tionscnamh Uimh. 11 in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2017.
(4) https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/facts-fundings/evaluations/doc/2016-ex-post-eval-road-transport-social-legislation-final-report.pdf
(5) Achoimre ar na torthaí: http://ec.europa.eu/transport/modes/road/consultations/2016-social-legislation-road_ga
(6) Tuarascáil dheireanach https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/facts-fundings/evaluations/doc/2016-ex-post-eval-road-transport-social-legislation-final-report.pdf  
(7) IO C , , lch. .
(8) IO C , , lch. .
(9) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(12) Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE (IO L 102, 11.04.2006, lch. 35).
Top