Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0856

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365

COM/2016/0856 final - 2016/0365 (COD)

An Bhruiséil,28.11.2016

COM(2016) 856 final

2016/0365(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 368 final}
{SWD(2016) 369 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Déanann contrapháirtithe lárnacha idirghabháil idir rannpháirtithe na margaí airgeadais agus gníomhaíonn siad mar cheannaitheoir do gach díoltóir agus mar dhíoltóir do gach ceannaitheoir le haghaidh foireann conarthaí faoi leith. Déanann contrapháirtithe lárnacha idirbhearta airgeadais le cineálacha éagsúla sócmhainní amhail gnáthscaireanna, díorthaigh agus comhaontuithe athcheannaigh. Is iondúil go gcuireann contrapháirtithe lárnacha a seirbhísí ar fáil dá gcomhaltaí imréitigh (bainc de ghnáth) a bhfuil ceangal conartha díreach acu leis na contrapháirtithe lárnacha agus le cliaint na gcomhaltaí imréitigh (e.g. cistí pinsin).

Ós rud é go ndírítear dlús ard idirbheart agus suíomhanna trí chontrapháirtithe lárnacha, is féidir na suíomhanna sin a ghlanadh síos agus laghdú suntasach a dhéanamh ar neamhchosaint an chontrapháirtí lárnaigh, na gcomhaltaí imréitigh agus chliant na gcomhaltaí sin. Mar mhalairt ar shuíomhanna na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant a ghlacadh agus a ghlanadh, bailíonn an contrapháirtí lárnach comhthaobhacht uathu (i bhfoirm ‘corrlach’ agus ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana) a chumhdaíonn a ndliteanais sa chás go dteipeann ar cheann de na rannpháirtithe a noibleagáidí i leith an chontrapháirtí lárnaigh a chomhlíonadh. Ar an dóigh sin, déanann siad bainistíocht ar na rioscaí a bhaineann le margaí airgeadais (e.g. riosca contrapháirtí, riosca neamhleachtachta agus riosca margaidh). Dá bhrí sin, feabhsaítear cobhsaíocht agus teacht aniar ginearálta na margaí airgeadais. I gcomhthéacs an phróisis sin, is pointe criticiúil sa chóras airgeadais iad na contrapháirtithe lárnacha, déanann siad nasc idir gníomhairí airgeadais éagsúla agus sciar maith den neamhchosaint a dháileadh thar rioscaí éagsúla. Is ríthábhachtach é bainistíocht riosca a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus maoirseacht a dhéanamh chun a chinntiú go gcumhdaítear an neamhchosaint sin go leormhaith.

Tá sé beartaithe go méadófar scála agus tábhacht na gcontrapháirtithe lárnacha san Eoraip agus níos faide i gcéin trí chur chun feidhme ghealltanas G20 chun díorthaigh chaighdeánaithe a dhíoltar thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtithe lárnacha. Cuirtear an oibleagáid sin chun feidhme san Aontas Eorpach leis an Rialachán maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (‘EMIR’) 1 . Leis an Rialachán sin, leagtar amach ceanglais chuimsitheacha stuamachta do chontrapháirtithe lárnacha, chomh maith le ceanglais a bhaineann le hoibríochtaí agus maoirseacht ar na contrapháirtithe lárnacha.

I bhfianaise an ról lárnach atá ag contrapháirtithe lárnacha sa gheilleagar agus na rioscaí breise atá á nglacadh acu, tá caighdeáin arda i bhfeidhm ina leith san Aontas Eorpach. Níl aon rialacha comhchuibhithe AE ann, áfach, a chuimsíonn na cásanna nach bhféadfadh na caighdeáin sin cúinsí margaidh eisceachtúla a sheasamh, agus ina mbeadh contrapháirtithe lárnacha ananásta – níos géire ná mar a dhéantar foráil dó in EMIR – nó go gclisfeadh orthu amach is amach. I bprionsabal, má chliseann ar chorparáid, ba cheart imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Ach mar is léir ón ngéarchéim dheireanach, má chliseann ar institiúid airgeadais thábhachtach atá fite fuaite in institiúidí eile na margaí airgeadais, is féidir go dtiocfaidh fadhbanna criticiúla don chóras airgeadais chun cinn agus go gcuirfear ionchas fáis an gheilleagair níos fairsinge i mbaol. Is é is cúis leis sin go bhféadfadh dócmhainneacht soláthar feidhmeanna criticiúla na hinstitiúide don gheilleagar a ghearradh go tobann, scaoll a chur sna margaí agus tógálacht a spreagadh toisc contrapháirtithe agus infheisteoirí a bheith neamhchinnte faoina bhfuil i ndán dá sócmhainní agus dliteanas i gcomhthéacs imeachtaí fadálacha dlí. Roimh an mbagairt ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an leas poiblí foriomlán, mar shampla más easpa muiníne sa mhargadh is cúis léi, is minic a bhíonn ar rialtais institiúidí airgeadais a tharrtháil le hairgead poiblí, chun fadhbanna den sórt sin a chosc.

Is bearta iad téarnamh agus réiteach arb é is aidhm dóibh cobhsaíocht airgeadais a chosaint, leanúnachas feidhmeanna criticiúla a áirithiú agus cáiníocóirí a chosaint sa chás go bhfuil institiúid a bhfuil deacrachtaí airgeadais aici anásta go gcliseann uirthi, más amhlaidh nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí imeachtaí dócmhainneachta. Ceaptar na bearta sin chun bunfheidhmeanna criticiúla a chosaint agus cáiníocóirí a chosaint ar chaillteanas d’fhonn a áirithiú go mbeidh an acmhainn ag an gcóras airgeadais fós fás eacnamaíoch a chistiú agus na costais shocheacnamíocha a bheadh i gceist le hollchliseadh airgeadais a sheachaint. Is é i gcás institiúid airgeadais ‘sistéamach’ is mó a bhfuil tábhacht le bearta téarnaimh agus réitigh, is é sin de bharr méid na hinstitiúide, a tábhacht sa mhargadh agus dlúthcheanglais le hinstitiúidí eile, mar shampla, chuirfí gnáthfheidhmiú an chórais airgeadais i mbaol, agus dhéanfaí dochar don fhíorgheilleagar dá gclisfeadh air ar dhóigh mhí-ordúil.

Más fíor go bhfuil rialú docht i bhfeidhm ar chontrapháirtithe lárnacha, go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun anás airgeadais a sheasamh faoi EMIR, nach raibh siad in anás agus nár chlis ar líon mór acu go dtí seo, aithníonn rialtais, údaráis agus rannpháirtithe eile margaidh i gcoitinne go bhfuil dúshlán ann anois mar gur ag dul i méid atá tábhacht na ninstitiúidí sin agus iad ag próiseáil níos mó cineálacha rioscaí nua de réir a chéile. I bhfianaise ról lárnach agus méadaitheach na gcontrapháirtithe lárnacha i margaí airgeadais, meastar gur institiúidí sistéamacha iad na contrapháirtithe ar fad san Aontas Eorpach 2 .

Is éard is bearta téarnaimh ann bearta a ghlacann an institiúid airgeadais féin chun a hinmharthanacht fhadtéarmach a athshlánú. Is cuspóir tábhachtach beartais é do na contrapháirtithe lárnacha na coinníollacha cearta a áirithiú chun rath na mbeart téarnaimh a chinntiú, i bhfianaise na bhfadhbanna móra a chruthófaí don chóras airgeadais foriomlán dá gclisfeadh orthu. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí ag na húdaráis a ghníomhaíonn ar son leas an phobail contrapháirtí lárnach a réiteach má theipeann ar na bearta sin agus má chuirtear cobhsaíocht airgeadais i mbaol. Is bearta úrghnácha iad bearta réitigh a d’fhéadfadh na húdaráis a ghlacadh chun contrapháirtithe a athstruchtúrú go mear agus leanúnachas a bhfeidhmeanna atá ríthábhachtach don gheilleagar a shlánú, agus damáiste don chóras airgeadais agus don gheilleagar foriomlán a mhaolú, agus imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i leith an chuid eile den chontrapháirtí lárnach, chun éifeachtúlacht margaidh a áirithiú. Sa phróiseas sin, is iad úinéirí agus creidiúnaithe an chontrapháirtí lárnaigh a sheasfaidh na costais agus na caillteanais, a mhéid is féidir, agus ní an cáiníocóir, faoi mar a chaithfí leo dá dtiocfadh dóibh bheith dócmhainneach, agus lánurraim á tabhairt don Chairt um Chearta Bunúsacha, do chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Ní hé is aidhm do bhearta réitigh cliseadh institiúidí neamhéifeachtúla a chosc; ach leanúint d’fheidhmeanna criticiúla na hinstitiúide a sholáthar, agus an chuid eile a fhoirceannadh ar mhodh ordúil.

Níl an dul chun cinn céanna déanta maidir le téarnamh agus réiteach do ghnóthas eile airgeadais nach bainc ná contrapháirtithe lárnacha iad. Is é sin toisc nár léirigh na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim airgeadais go bhfuil an phráinn chéanna le bearta den sórt sin. D’fhéadfadh bearta mar sin a bheith de dhíth sa todhchaí, áfach, de réir mar a fhorbraíonn an riosca eacnamaíoch agus airgeadais sna hearnálacha atá i gceist.

Ina theannta sin, tá obair shainiúil agus obair idirnáisiúnta níos fairsinge maidir le gnóthais árachais ar leibhéal G20 ag céim sách luath (moltaí a dhéanamh) agus is beag dlínse ina bhfuil athchóiriú rialála tugtha isteach acu sa réimse sin. Go dtí seo san Aontas Eorpach, tá trí Bhallstát ann a bhfuil reachtaíocht tugtha isteach acu maidir le téarnamh agus réiteach gnóthas árachais nó atá i mbun reachtaíocht a thabhairt isteach. Thionscain EIOPA athbhreithniú críochnúil, comparáideach, fairsing ar chleachtais náisiúnta téarnaimh agus réitigh sa réimse sin agus tá sé beartaithe go dtíolacfaí tuarascáil ar an ábhar sin sa chéad leath de 2017. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar an mbealach is fearr chun tosaigh, i ndlúthchomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis na páirtithe leasmhara ar fad.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá creat cuimsitheach maidir le téarnamh agus réiteach glactha ag an Aontas Eorpach cheana le haghaidh bainc agus gnóthas infheistíochta 3 . Ní hé go ndéanann an creat molta le haghaidh contrapháirtithe lárnacha aithris ar an gcóras sin ná ar cheanglais EMIR, feidhmíonn sé mar chomhlánú orthu. Leagtar amach leis an gcreat forálacha atá cosúil le forálacha an chreata is infheidhme i leith bainc agus gnóthas infheistíochta chun téarnamh agus réiteach ordúil a éascú, ach cuirtear in oiriúint iad do ghnéithe faoi leith de shamhlacha gnó na gcontrapháirtithe lárnacha agus na rioscaí a bhaineann leo. Chuige sin, déantar cinntí faoin gcaoi a roinnfí caillteanas sa chás go mbeadh na hacmhainní réamh-mhaoinithe faoi EMIR go léir caite.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhormhuinigh ceannairí G20 cur chuige níos ginearálta ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais d’uirlisí cuimsitheacha cuí téarnaimh agus réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist don chóras airgeadais dá gclisfeadh ar aon institiúid airgeadais (banc, bonneagar margaidh airgeadais, gnóthas árachais, etc.) lena mbaineann tábhacht dhomhanda shistéamach 4 . Ina theannta sin, tá treoir forbartha ag an gCoiste um Íocaíocht agus Bonneagair Margaidh, agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús maidir le pleananna téarnaimh do bhonneagair margaidh airgeadais, lena náirítear contrapháirtithe lárnacha, agus tá treoir bhreise eisithe ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le cur i bhfeidhm príomhthréithe córas éifeachtach imréitigh do bhonneagair margaidh airgeadais, ar nós contrapháirtithe lárnacha, agus árachóirí 5 . I lár na bliana 2016, fuair na heagraíochtaí sin tuilleadh comhairle faoi chodanna áirithe den treoir sin, lena náirítear an uair is ceart d’údaráis réitigh comhpháirtí lárnach a réiteach ar an bhforas go bhfuil sé i mbaol ó thaobh inmharthanacht agus cobhsaíocht airgeadais de, agus cé acu cumhachtaí agus uirlisí is ceart don údarás réitigh a úsáid ag an bpointe seo chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú, tógáil a íoslaghdú agus costais agus caillteanais a shannadh ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir 6 . Faoi dheireadh i Nollaig 2013, ghlac Parlaimint na hEorpa tuarascáil dá tionscnamh féin lena néilítear ar an gCoimisiún bearta cuí a mholadh ar leibhéal AE chun a áirithiú gur féidir an tionchar a bheadh ann a mhaolú dá gclisfeadh ar institiúidí airgeadais tábhachtacha, contrapháirtithe lárnacha go háirithe 7 .

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Déantar tagairt do thogra maidir le creat Eorpach le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha i gclár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2015 agus foilsíodh treochlár don tionscnamh sin in Aibreán 2015 8 . D'fhonn mionleasú ar an treoir idirnáisiúnta dá dtagraítear sa rannán thuas a chur san áireamh, beifear ag plé leis an tionscnamh sin arís mar chuid de Chlár Oibre 2016. Tá an tionscnamh mar chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin chun a áirithiú go ndéileáiltear le bagairtí d’fheidhmiú rianúil an chórais airgeadais agus do cháiníocóirí agus go leanfaidh margaí airgeadais ag déanamh a gcion chun fás inbhuanaithe, fadtéarmach a chothú agus an margadh inmheánach a dhoimhniú tuilleadh chun leasa tomhaltóirí agus gnóthas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gcumasaítear glacadh beart um chomhfhogasú forálacha náisiúnta a bhfuil mar chuspóir acu an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú.

Leis an togra seo, déantar dlíthe náisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha a chomhchuibhiú sa mhéid is gá chun a áirithiú go bhfuil uirlisí agus nósanna imeachta comhchosúla ann chun dul i ngleic le haon anás nó cliseadh na gcontrapháirtithe lárnacha. Faoi láthair, cé gur féidir le contrapháirtithe lárnacha údaraithe seirbhísí a fheidhmiú agus a sholáthar ar fud an Aontais, tá staid rialála na mBallstát ilroinnte ó thaobh bainistíocht a dhéanamh ar aon ghéarchéim atá níos géire ná mar a dhéantar foráil dó faoi EMIR. Tá ceanglais i leith contrapháirtithe lárnacha achtaithe ag roinnt Ballstát maidir le pleananna teagmhais in aghaidh anás a ullmhú nó contrapháirtithe lárnacha a chumhdach mar chuid de chórais rialála réitigh don earnáil airgeadais arna gceapadh le haghaidh bainc go príomha. Níl córas náisiúnta cuimsitheach forbartha ag aon Bhallstát maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha, atá ag teacht go hiomlán leis na prionsabail arna leagan síos ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, a d’fhormhuinigh G20, lena náirítear an gá le comhordú éifeachtach agus maoirseacht in aghaidh iarmhairtí trasteorann 9 . Go dtí go mbeidh creat i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, is beag seans go bhforbróidh na Ballstáit córais chuimsitheacha chomhoiriúnacha. Ní bheadh pleanáil lánchomhsheasmhach déanta ar na cineálacha éagsúla cur chuige a ghlacfadh na contrapháirtithe lárnacha agus na húdaráis chun dul i ngleic le hanás nó cliseadh, agus iad a mhaolú, agus d’fhéadfaí go gcuirfí i bhfeidhm iad ar bhealach neamhréireach. D’fhéadfaí cur as d’fheidhmeanna criticiúla na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant trasteorann agus éagobhsaíocht airgeadais níos fairsinge a spreagadh. Dá bhrí sin, is gá beart a dhéanamh ar leibhéal AE chun na huirlisí agus na cumhachtaí is gá a thabhairt d’údaráis na mBallstát agus a fhorfheidhmiú go caoithiúil comhsheasmhach cothrom ar fud an Aontais.

Is ceart beart a dhéanamh ar leibhéal AE freisin i leith contrapháirtithe lárnacha a bhfuil níos lú naisc trasteorann dhíreacha acu, sa chás go bhféadfaí aon fhadhbanna maidir le cothroime iomaíochta agus iomaíochas a eascraíonn as láimhseáil ionchasach nó iarbhír ar chliseadh contrapháirtí lárnaigh ar leibhéal náisiúnta a mhaolú. Mar shampla, más amhlaidh nach ionann an leibhéal idirghabhála féideartha ó chistí poiblí ó stát go stát, bheadh éagothroime iomaíochta ann i bhfabhar contrapháirtithe lárnacha sna Ballstáit ina bhfuil seans níos fearr go mbeidh tacaíocht ar fáil. Is léir ón taithí atá faighte ó chliseadh bainc i mBallstáit éagsúla gur féidir go mbeidh sé mar thoradh ar fhadhbanna sistéamacha in institiúidí airgeadais go ndéanfaí an Margadh Aonair a roinnt ina limistéir náisiúnta eacnamaíocha. Is féidir braistint an mhargaidh agus claonadh i bhfabhar eintitis atá lonnaithe i ndlínsí ina dtuigtear go bhfuil tacaíocht láidir ón stát a bheith ina chúis le saobhadh iomaíochta agus tionchar treallach a imirt ar chostais do ghnóthais ag brath ar a suíomh geografach agus an acmhainn nó an gá a mheastar a bheith ann, go ndéanfadh an Ballstát sócmhainní, leachtacht nó caipiteal a imfhálú chun neamhchosaint trasteorann a íoslaghdú. Cé nach mbaineann an phráinn chéanna le riosca ilroinnte den sórt sin sa Mhargadh Aonair i gcás contrapháirtithe lárnacha, d’fhéadfadh dearcthaí difriúla agus éiginnteacht maidir le cumas na mBallstát smacht a fháil ar contrapháirtí lárnach a cliseadh air, agus é a réiteach go héifeachtach, an bonn a bhaint d’iontaoibh na rannpháirtithe margaidh agus, ansin ó shláine fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Go deimhin, luaitear an éiginnteacht faoin gcaoi is fearr chun cliseadh ar bhonneagar tábhachtach margaidh a bhainistiú in éagmais comhrialacha AE ar cheann de na cúiseanna leis an moill ar chomhtháthú margaí caipitil na hEorpa 10 .

Ach na ceanglais atá i bhfeidhm ar chomhpháirtithe lárnacha a chomhchuibhiú, chinnteofaí cothroime iomaíochta níos fearr d’oibreoirí eacnamaíocha agus chuideofaí chun an margadh aonair a chomhtháthú. Trína áirithiú go bhfuil na huirlisí íosta céanna ag gach údarás cuí sna Ballstáit chun téarnamh agus réiteach ordúil na gcontrapháirtithe lárnacha a áirithiú agus comhoibriú idir na húdaráis a éascú, d’fhonn aon iarmhairtí trasteorann a mhaolú agus iad ag dul i ngleic le hanás nó cliseadh, d’fheabhsódh an creat comhchuibhithe cobhsaíocht airgeadais ar fud an mhargaidh aonair agus chuirfí cosc ar chásanna ina mbeadh ar na Ballstáit gníomhú astu féin, gan comhordú, i dtaca le hoibreoirí atá bunaithe ina ndlínse.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 de CFAE an bunús dlí is cuí.

2.2.Coimhdeacht

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Is margaí oscailte comhtháite iad margaí airgeadais an Aontais Eorpaigh. Is féidir le contrapháirtithe lárnacha feidhmiú thar theorainneacha laistigh de na margaí agus na línte táirgí ar a bhfreastalaíonn siad. Sa phróiseas sin, cruthaíonn siad ceangal trasteorann idir gníomhairí éagsúla airgeadais, contrapháirtithe agus cliaint ar fud an mhargaidh aonair I bhfianaise ardchomhtháthú il-leibhéil trasteorann na hearnála airgeadais, teastaíonn creat réitigh agus téarnaimh ar leibhéal AE atá fóirsteanach don leibhéal comhtháite sin. Tá na huirlisí atá ann faoi láthair chun déileáil le géarchéim contrapháirtithe lárnacha teoranta do shocruithe inmheánacha an chontrapháirtí lárnaigh, agus sna chásanna ina bhfuil uirlisí forbartha, is uirlisí náisiúnta iad. Má tá contrapháirtí lárnach anásta nó ar tí cliseadh, ciallaíonn sé sin go mb'fhéidir go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ann a ghlacfaidh na contrapháirtithe nó na húdaráis chun fadhbanna leis an gcontrapháirtí lárnach a mhaolú, nó dul i ngleic leo, a d’fhéadfadh a fheidhmeanna criticiúla don gheilleagar a chur as alt, an margadh inmheánach a ilroinnt agus éagobhsaíocht airgeadais níos fairsinge a spreagadh. Má chliseann ar chontrapháirtí lárnach atá ag feidhmiú thar theorainneacha náisiúnta, mar a tharlaíonn sa chuid is mó de na cásanna, is dócha go mbeadh feidhm aige sin, go méid áirithe, i leith cobhsaíocht margaí airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil sé ag feidhmiú. Is é gníomhaíocht ar leibhéal AE an taon bhealach chun a áirithiú go mbeidh contrapháirtithe lárnacha agus a gcomhaltaí imréitigh (nach bhfuil sa Bhallstát céanna ina bhfuil an contrapháirtí lárnach) faoi réir idirghabháil éifeachtach leormhaith chun cásanna géarchéime a mhaolú nó dul i ngleic leo ar bhealach comhordaithe comhsheasmhach. Dá bhrí sin, chun na spriocanna sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, ba cheart don Aontas an creat reachtaíochta is gá a fhorbairt.

2.3.Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart go rachadh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. I bprionsabal, ba cheart go dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta i leith contrapháirtithe lárnacha a chliseann orthu, faoi mar a dhéanfaí i gcás gach aon ghnólacht eile. Ach is cuid de bhonneagar lárnach airgeadais iad na contrapháirtithe lárnacha, atá ceangailte go dlúth leis an iliomad gníomhairí airgeadais, agus a dhéanann riosca a lárú ar son na ngníomhairí sin. Dá bhrí sin, má bhaintear díobh na seirbhísí criticiúla a sholáthraíonn an contrapháirtí lárnach, d’fhéadadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith i gceist ó thaobh cobhsaíocht airgeadais agus an gheilleagair i gcoitinne. Chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, tá údar le pleananna teagmhais leormhaithe a éileamh chun téarnamh agus réiteach ordúil a áirithiú agus cumhachtaí réitigh a thabhairt do na húdaráis chun a gcuid oibríochtaí a athstruchtúrú más gá.

Toisc nach féidir measúnú cinntitheach a dhéanamh ar an tábhacht shistéamach le cliseadh contrapháirtí lárnaigh roimh ré, ba cheart i bprionsabal go mbeadh an creat molta infheidhme i leith gach contrapháirtí lárnaigh, gan aird ar a méid nó a gcastacht. Cuireann formhór na gcontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas seirbhísí ar fáil do chomhaltaí imréitigh agus cliaint ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, agus má chliseann orthu, d’fhéadfadh na hiarmhairtí a bheith le brath ar fud an domhain. Dá bhrí sin, ní mór pleananna téarnaimh agus réitigh a chur in oiriúint do shainphróifíl riosca gach contrapháirtí lárnaigh. Caithfidh go mbeidh bonn cirt le gach gníomhaíocht eisceachtúil a ghlacann an túdarás chun cobhsaíocht airgeadais agus cáiníocóirí a chosaint, agus go mbeidh na gníomhaíochtaí comhréireach, nach rachadh siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a ghnóthú, agus go mbeidh siad ag teacht leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sa mhéid a chuirtear teorainn le cearta maoine de bhun na gcumhachtaí sin. Caithfear na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích ar bhealach lena gcinntítear nach gcaitear leis na geallsealbhóirí atá i gceist ar bhealach níos déine ná a chaithfí leo sa chás nach ndéanfaí an contrapháirtí lárnach a réiteach, agus go nglacfaí bearta eile faoi rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh chun caillteanais a leithdháileadh nó go dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta.

2.4.An rogha ionstraime

Faoi Airteagal 114 de CFAE, is féidir reachtaíocht a ghlacadh i bhfoirm Rialachán nó Treoracha. Glactar Rialachán sa chás seo ar na cúiseanna seo a leanas.

Sa chéad áit, is trí Rialachán is fearr a dhéanfaí an cur chuige arna bhunú ag EMIR a chomhlánú agus a fhorbairt, Rialachán lena leagtar amach na riachtanais do chontrapháirtithe lárnacha i réimse na rialála stuamachta. Leis na ceanglais nua ar chontrapháirtithe lárnacha, chun socruithe cuimsitheacha maidir le téarnamh a leagan amach, déantar forbairt ar spriocanna agus forálacha EMIR chun a áirithiú go bhfuil teacht aniar sna contrapháirtithe lárnacha. Dá roghnófaí foirm eile dhlíthiúil (Treoir) chun na ceanglais sin a leagan síos, bheadh ar na Ballstáit dlíthe a ghlacadh maidir le cuid áirithe de réimse faoi leith de dhlí an Aontais Eorpaigh atá infheidhme go díreach. Na forálacha lena dtugtar cumhachtaí agus uirlisí spriocdhírithe do na húdaráis chun réiteach éifeachtach ordúil a chur i gcrích, nuair is gá, chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint sa chás go dteipeann ar na ceanglais faoi EMIR agus ar na socruithe téarnaimh, ní bhaineann na forálacha sin le teacht aniar na gcontrapháirtithe lárnacha mar ghnóthas leantach, ach le hinmharthanacht na bhfeidhmeanna criticiúla a shlánú sa chaoi is go leanann oibriú na bhfeidhmeanna sin (san eintiteas dlíthiúil céanna nó i bhfoirm eile) ag comhlíonadh riachtanais agus chuspóirí EMIR. Dá réir sin, ba cheart go núsáidfí an fhoirm dhlíthiúil chéanna do na forálacha lena rialaítear an chaoi a mbainfear an méid sin amach is a roghnaíodh le haghaidh EMIR.

Sa dara háit, is trí Rialachán is fearr a chuirfí cur chuige comhchoiteann agus foireann rialacha aonair ar fáil d’údaráis agus a sheachnófaí éagsúlacht idir rialacha náisiúnta agus an éiginnteacht dhlíthiúil is toradh leis, go háirithe i gcomhthéacsanna trasteorann mar a leagtar amach thuas. Dhéanfadh Rialachán comhar idirnáisiúnta a éascú, nuair is cuí, agus bheadh sé níos fusa gnó a dhéanamh leis an Aontas Eorpach, agus laistigh den Aontas, agus córas aonair i bhfeidhm. Ina theannta sin, ós rud é go bhféadfadh cliseadh contrapháirtí lárnaigh AE tionchar a imirt ar chóras airgeadais Bhallstáit uile an Aontais, d’fhéadfadh aon éiginnteachtaí díobhálacha faoi na coinníollacha ina ndéileálfadh údaráis inniúla na gcontrapháirtithe lárnacha i mBallstáit éagsúla leis an gcliseadh cuidiú chun margaí faoi strus a thabhairt chun suaimhnis.

Sa tríú háit, le múnla gnó na gcontrapháirtithe lárnacha, tuigtear go forleathan go bhfuil seans i bhfad níos lú go gclisfeadh orthu ná go gclisfeadh ar bhanc. Is institiúidí ar mhéideanna éagsúla iad na bainc a bhfuil próifílí riosca difriúla acu, a chliseann orthu i gcúinsí éagsúla, agus a mbaineann iarmhairtí de thromchúis éagsúil leo, agus dá bhrí sin, teastaíonn réimse níos leithne d’uirlisí réitigh (agus maolú) ina leith. Ach má chliseann ar chontrapháirtí lárnach, tá seans níos mó gurb iad cúiseanna atá le feiceáil roimh ré a spreagfaidh an cliseadh (mainneachtain comhaltaí comhréitigh nó cliseadh tromchúiseach oibríochta) agus is féidir na rioscaí sin a bhainistiú le foireann uirlisí níos dírithe. De bhrí go bhfuil feidhm níos teoranta i gceist agus gur gá foráil a dhéanamh maidir le réimse roghanna atá chomh leathan agus is féidir, is trí Rialachán is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach, cé go dteastaíonn solúbthacht áirithe chun go bhféadfaidh na húdaráis freagairt a thabhairt ar chúinsí faoi leith.

Mar phointe dheireanach, i gcomparáid le bainc san Aontas Eorpach, déanann contrapháirtithe AE ionadaíocht ar son líon i bhfad níos lú eintitis agus ní hionann a struchtúr corparáideach agus struchtúr na ngrúpaí trasteorann baincéireachta ná an chaoi a gcuireann siad seirbhísí trasteorann ar fáil. I gcás grúpaí trasteorann baincéireachta, is minic a bhunaítear fochuideachtaí agus brainsí i ndlínsí éagsúla chun freastal ar chustaiméirí, sócmhainní agus cistí a fháil, etc. agus dá bhrí sin tá údar le leibhéal níos airde íogaireachta i leith dlíthe áitiúla agus cinntí réitigh á gcur chun feidhme. I gcás contrapháirtithe lárnacha, cuireann siad seirbhísí ar fáil ar bhealach nach bhfuil chomh scaipthe céanna, cuirtear ar fáil iad go lárnach ó dhlínse amháin go dlínse eile gan idirghabháil ó fhochuideachtaí nó brainsí. Dá bhrí sin, is ceart Rialachán a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear cinntí i bhfeidhm go haonfhoirmeach thar dhlínsí éagsúla.

3.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí maidir le creat féideartha maidir le téarnamh agus réiteach institiúidí nach bainc iad 11 idir an 5 Deireadh Fómhair agus an 28 Nollaig 2012. Cuireadh ceisteanna sa chomhairliúchán faoin ngá le socruithe téarnaimh agus réitigh do chontrapháirtithe lárnacha, taisclanna agus gnóthais árachais go háirithe. Fuarthas 67 bhfreagairt 12 .

Ar an iomlán, léirigh an comhairliúchán gur cheart tosaíocht a thabhairt do chreat téarnaimh agus réitigh a fhorbairt ar fud an Aontais le haghaidh contrapháirtithe lárnacha. Aithníodh mar argóint éifeachtach i bhfabhar beart a dhéanamh é cur i bhfeidhm cheanglas G20 chun díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach go lárnach. D’aontaigh na freagróirí ar an iomlán, ar aon dul leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, gur cheart go ndéanfadh creat do na contrapháirtithe lárnacha leanúnachas a bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú, neamhchosaint cáiníocóirí ar chaillteanais a íoslaghdú sa chás ina gclisfeadh orthu, agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú dá gcomhaltaí imréitigh agus dá gcliant. D’aontaigh beagnach gach geallsealbhóir gur cheart tús áite a thabhairt do leanúnachas oibríochtaí contrapháirtithe lárnacha d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a chosaint. Bhí cuid mhór acu den tuairim, cé gur ríthábhachtach é a áirithiú go bhfuil socruithe téarnaimh agus réitigh do chontrapháirtithe lárnacha inchreidte agus láidir, nár cheart go gcuirfí ualach as cuimse ar chomhaltaí nó rannpháirtithe chun dliteanais mhóra a eascraíonn as mainneachtain comhalta tábhachtach imréitigh a chumhdach nó, níos measa fós, ó earráidí bainistíochta riosca inmheánacha an chontrapháirtí lárnaigh. Thug cuid mhaith de na geallsealbhóirí faoi deara gur ceart uirlisí na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a chur in oiriúint do shamhalacha gnó an chontrapháirtí lárnaigh.

3.2.Bailiú agus úsáid saineolais

Chomh maith leis an gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí, ghlac an Coimisiún páirt sa phlé agus sa mhalartú tuairimí a úsáideadh do thuarascáil CPMI/IOSCO lena gcuirtear treoir ar fáil maidir le téarnamh bonneagair margaí airgeadais. Ghlac an Coimisiún páirt freisin san obair a rinne an bord um chobhsaíocht airgeadais maidir le réiteach institiúidí eile airgeadais nach bainc iad, lena náirítear an plé is déanaí maidir le codanna den treoir sin a mhionchoigeartú chun straitéisí éifeachtacha réitigh a phleanáil. Agus na tuarascálacha lena dtugtar treoir maidir le téarnamh agus réiteach faoi seach á ndréachtadh, d’iarr CPMI/IOSCO agus an bord um chobhsaíocht airgeadais ar na páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na dréachtdhoiciméid threoracha, agus d’fhoilsigh siad na freagraí a fuarthas 13 . Ar an iomlán, mar chuid de chomhairliúcháin ar infreastruchtúir mhargadh airgeadais ag leibhéal idirnáisiúnta deimhníodh na tuairimí a cuireadh in iúl i gcomhairliúchán de chuid an Choimisiúin féin, agus cuirtear aiseolas fóinteach ar fáil maidir le fiúntas na roghanna beartais agus na huirlisí réitigh a moladh.

Thionóil seirbhísí an Choimisiúin ceithre chruinniú le saineolaithe na mBallstát chun plé a dhéanamh ar an obair idirnáisiúnta atá ar siúl ag an mbord um chobhsaíocht airgeadais agus CPMI-IOSCO, na roghanna beartais is conspóidí agus raon feidhme agus cineál an togra. D’aontaigh formhór de shaineolaithe na mBallstát leis an treoir bheartais ghinearálta a mhol an Coimisiún, ar bhonn treoir idirnáisiúnta agus mar fhorbairt ar EMIR agus ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc de réir mar is ábhartha.

3.3.Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Rinneadh na roghanna beartais a mheas os coinne na sainchuspóirí chun cobhsaíocht airgeadais agus muinín as na contrapháirtithe lárnacha a chosaint, caillteanais a íoslaghdú don tsochaí ina iomláine, agus go háirithe do cháiníocóirí agus an Margadh Aonair a neartú do sheirbhísí a chuireann contrapháirtithe lárnacha ar fáil, agus cothrom iomaíochta a áirithiú ag an am céanna.

D’fhormheas an Bord um Measúnú Tionchair an Measúnú Tionchair an 6 Bealtaine 2015. Rinne an Bord um Measúnú Tionchair roinnt moltaí d’fheabhsúcháin. Ar bhonn na moltaí sin, rinneadh mionleasuithe ar an Measúnú Tionchair. Go háirithe, tugadh údar níos láidre leis an ngá le beart a dhéanamh ar leibhéal AE agus le measúnú agus aithint na roghanna. Na roghanna agus na cinntí a glacadh, seiceáladh iad os coinne na treorach is déanaí ón obair leantach idirnáisiúnta, a lean an Coimisiún go cúramach. Tá an togra reachtach ag teacht go hiomlán leis an bplé agus treoracha an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais agus G20 14 .

Maidir leis an ngá chun beart a dhéanamh ar leibhéal AE, baineadh de thátal as an measúnú tionchair go bhfuil gá le beart den sórt sin de bharr fheidhmiú trasteorann na gcontrapháirtithe lárnacha, lena gceanglaítear gníomhairí airgeadais, contrapháirtithe agus cliaint éagsúla ar fud an Mhargaidh Aonair. Ní leor na huirlisí atá ar fáil faoi láthair d’údaráis na mBallstát chun déileáil le contrapháirtithe lárnacha a thagann faoi bhrú mór a d’fhéadfadh a ninmharthanacht a chur i mbaol. Mura nglactar an cur chuige céanna ar fud na mBallstát chun dul i ngleic le fadhbanna tromchúiseacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le contrapháirtithe lárnacha, nó iad a mhaolú, d’fhéadfadh feidhmeanna criticiúla an gheilleagair a chur as alt agus éagobhsaíocht airgeadais níos forleithne a spreagadh. Is gá beart a dhéanamh ar leibhéal AE chun na huirlisí agus na cumhachtaí is gá a chur ar fáil do na Ballstáit, a bhféadfaí a chur chun feidhme ar fud an Aontais, chun go bhféadfaidh siad déileáil le cliseadh na gcontrapháirtithe lárnacha atá lonnaithe laistigh dá ndlínse, agus chun cumarsáid éifeachtach a áirithiú i measc na núdarás go léir atá i gceist, cibé acu an bhfuil siad i mBallstát amháin nó i mBallstáit dhifriúla.

Ba cheart go gcuideodh pleanáil chuí maidir le téarnamh agus réiteach chun a áirithiú nach ar na cáiníocóirí a thitfidh an costas, ach ar rannpháirtithe an mhargaidh a bhfuil ceangal acu leis an gcontrapháirtí lárnach (creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh, a gcliaint) ar dhóigh chomhréireach neamh-idirdhealaitheach.

Maidir leis an gcaoi is féidir contrapháirtithe lárnacha a réiteach go tráthúil agus go daingean, déantar scrúdú sa mheasúnú tionchair ar na roghanna i dtaobh na dtrúigeanna a spreagfaidh tús le himeachtaí réitigh agus roghanna i dtaobh na nuirlisí agus na gcumhachtaí is ceart a thabhairt do na húdaráis.

Sa mheasúnú tionchair, fuarthas go ndéanfaí trédhearcacht an chreata um réiteach a áirithiú trí thabhairt isteach trúigeanna saintreoracha toisc go mbeadh sé go soiléir ex-ante do gach geallsealbhóir na cúinsí ina spreagfaí aon idirghabháil phoiblí fhéideartha. D’ainneoin sin, ní bheadh trúigeanna saintreoracha oiriúnach toisc gur deacair é táscairí aonair nó comhtháscairí a aithint atá leormhaith chun teagmhais todhchaí a aithint lena gcuirfí cobhsaíocht airgeadais i mbaol. D’fhéadfadh trúigeanna saintreoracha deis a thabhairt d’eintitis “teacht i dtír ar an gcóras”, i.e. bearta a ghlacadh i dtaobh na dtrúigeanna lena mbainfí dá mbailíocht; ina theannta sin, d’fhéadfaí go gclisfeadh ar chontrapháirtithe lárnacha ar dhóigh nach bhfuil ag teacht go díreach leis na coinníollacha saintreoracha, agus sa chás sin, ní bheadh réiteach ar fáil mar rogha chun athstruchtúrú ordúil nó foirceannadh a áirithiú. Dá nglacfaí trúigeanna níos solúbtha, lena bhfágfaí faoi na húdaráis an cinneadh chun réiteach a thionscnamh, d’fhéadfaí na fadhbanna sin a sheachaint agus é a chur ar chumas na núdarás beart cinntitheach a ghlacadh go tapa chun aon chontrapháirtí lárnach atá ag cliseadh nó atá i mbaol cliste a réiteach sula dtagann sé chun bheith dócmhainneach. Chinn an measúnú tionchar gurb iad trúigeanna níos solúbtha an rogha is fearr; ach tugadh faoi deara nach mór a áirithiú nach núsáidfidh na húdaráis uirlisí réitigh ach amháin sa chás go bhfuil an contrapháirtí lárnach ar tí cliseadh agus nach leor aon bheart eile chun a inmharthanacht agus cobhsaíocht airgeadais ghinearálta a áirithiú, agus an rud is tábhachtaí, go rachadh sé chun leas an phobail an contrapháirtí lárnach a réiteach, seachas é a fhoirceannadh nó imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

Maidir le huirlisí agus cumhachtaí réitigh, cinneadh sa mheasúnú tionchair gur cheart foireann uirlisí comhchuibhithe, nach foireann iomlán shaintreorach í, a chur ar fáil do na húdaráis réitigh, chun go mbeidh corrlach breithmheas ag na húdaráis chun cúinsí áirithe géarchéime féideartha a chur i gcuntas. Leagfaí amach i bpleananna réitigh neamhcheangailteacha bealaí éagsúla féideartha chun eintiteas a réiteach i gcásanna éagsúla. Níor glacadh leis an rogha mhalartach lena dtabharfaí foireann chuimsitheach chríochnúil d’uirlisí do na húdaráis lena leagfaí amach an tord is ceart chun na huirlisí a úsáid toisc go bhféadfaí éifeachtacht an réitigh a chur i mbaol trí chumas na núdarás chun freagairt solúbtha a thabhairt ar shainchúinsí athraitheacha i ngéarchéim a theorannú. Measadh nach dócha gur féidir uirlisí réitigh atá díreach oiriúnach do chásanna faoi leith agus an tordlathas ina núsáidfí iad a fhorbairt chun déileáil le gach cineál cás géarchéime a d’fhéadfadh teacht chun cinn, agus bheadh riosca ann nach mbeadh na bearta réitigh oiriúnach chun déileáil leis na fadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn.

Maidir le huirlisí faoi leith, fuair an measúnú tionchair go níoslaghdófaí na costais don cháiníocóir agus gurbh fhearr a chinnteofaí smacht ar an margadh ex-ante dá gcuirfí na huirlisí arna leagan amach go cuimsitheach faoi na treoirlínte idirnáisiúnta ar fáil le haghaidh téarnaimh agus réitigh araon. D’fhéadfaí caillteannais a leithdháileadh i measc gheallsealbhóirí uile an chontrapháirtí lárnaigh ar dhóigh lena dtabharfaí cinnteacht do rannpháirtithe an mhargaidh roimh ré agus atá chomh cothrom agus is féidir.

D’fhéadfaí go rachadh na roghanna éagsúla i bhfeidhm ar rannpháirtithe an mhargaidh ar shlite éagsúla, ach i gcomhréir le ceann de phríomhchuspóirí na nuirlisí réitigh, níor cheart go mbeadh siad níos measa as ná a bheidís sa chás nach ndéanfaí an contrapháirtí lárnach a réiteach agus dá nglacfaí gníomhaíochtaí féideartha faoi rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh maidir le caillteanais a leithdháileadh nó dá dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta.

Meastar nach mbeadh uirlisí eile oiriúnach chun smacht a chur ar an margadh go héifeachtach agus go mbeadh costas as cuimse ag baint leo, cuir i gcás dá niarrfaí ar chontrapháirtithe lárnacha agus ar chomhaltaí imréitigh acmhainní réamhchistithe a fhorbairt chun caillteanais a sheasamh agus acmhainní a athsholáthar. Ar an iomlán, meastar go gcuideodh na bearta roghnaithe chun cobhsaíocht airgeadais agus muinín sa chóras airgeadais foriomlán a chosaint, gan costais mhíchuí nó róchostas a bheith i gceist leo a chuirfeadh isteach ar fhás an gheilleagair.

3.4.Cearta bunúsacha

Ar aon dul leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, a tháinig roimh an Treoir seo, tá an creat le haghaidh contrapháirtithe lárnacha ag teacht go hiomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Cé go bhféadfaí go ndéanfaí athruithe ar shócmhainní agus ar chearta úinéirí na gcontrapháirtithe lárnacha nó na rannpháirtithe imréitigh i gcás réitigh, ceadaítear teorainneacha a chur ar chearta agus saoirsí áirithe i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt. De réir mar a cheanglaítear faoin gCairt, déantar foráil maidir le feidhmiú na gceart agus na saoirsí sin sa Rialachán, urramaíonn siad bunús na gceart agus na saoirsí sin, ní chuirtear i bhfeidhm iad ach amháin sa mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóirí sa leas coiteann arna aithint ag an Aontas a chomhlíonadh. Tá sé aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais gur sa leas ginearálta é cobhsaíocht airgeadais a chosaint, rud a thugann údar do shrianta ar chearta agus saoirsí bunúsacha faoin gConradh ar an gcoinníoll go bhfuil siad comhréireach agus oiriúnach chun na spriocanna arna leagan síos a bhaint amach. Is féidir leis na páirtithe leasmhara atá buailte leis achomharc a dhéanamh maidir le gnéithe áirithe de chinntí réitigh a bhaineann leo agus cúiteamh a fháil sa chás go bhfágtar iad níos measa as ná a bheidís sa chás nach ndéanfaí an contrapháirtí lárnach a réiteach agus dá nglacfaí aon ghníomhaíochtaí breise ina leith faoi rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh maidir le caillteanais a leithdháileadh nó dá dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta ina leith.

3.5.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag na roghanna beartais thuas maidir le buiséad an Aontais.

Má ghlactar an togra reatha, caithfidh ÚEUM (i) 5 chaighdeán theicniúla agus 2 threoir a fhorbairt, agus (ii) páirt a ghlacadh i gcoláistí réitigh (i dteannta an ÚBE) chun cinntí a ghlacadh i gcás easaontú agus idirghabháil cheangailteach a dhéanamh. Tá sé beartaithe go mbeidh na caighdeáin theicniúla ar fáil 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Ní bheidh gá poist bhreise a chruthú chun tascanna ÚEUM a chur i gcrích, is leor na hacmhainní atá ann faoi láthair, toisc go bhfuil an chuid is mó den obair bunaithe ar an méid atá déanta cheana ag an ÚBE i gcomhthéacs chur chun feidhme na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. D’ullmhódh coiste nuabhunaithe réitigh ÚEUM na tascanna a bheidh le déanamh ag an ÚEUM agus thabharfaí cuireadh d'údaráis inniúla ÚBE páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí, chun an leas is mó is féidir a bhaint as na hacmhainní reatha.

4.EILIMINTÍ EILE

4.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialachán, is féidir leas a bhaint as pleananna comhréireacha um réiteach agus téarnamh agus as na bearta a chuireann contrapháirtithe lárnacha agus na húdaráis chun feidhme ar bhonn na bpleananna sin mar tháscaire praiticiúil meántéarmach ar an dul chun cinn. I gcás contrapháirtí lárnach anásta, áirítear i measc na dtáscairí eile ar a ndéantar monatóireacht cathain agus conas a dhéanann na contrapháirtithe lárnacha a bpleananna téarnaimh a ghníomhachtú agus cé acu, cathain agus conas a dhéanann údaráis mhaoirseachta beart i gcomhréir leis na cumhachtaí luath-idirghabhála a dheonaítear faoin gcreat. Faoi dheireadh, sa chás go gclisfeadh ar chontrapháirtí lárnach, agus na coinníollacha réitigh á gcomhlíonadh, is iad na táscairí a ndéanfaí monatóireacht orthu cathain a dhéanann údaráis réitigh idirghabháil, cad iad na huirlisí a úsáideann siad agus conas a roinntear caillteanais idir geallsealbhóirí príobháideacha. D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú forálacha áirithe, chomh maith le hathbhreithniú níos ginearálta tar éis trí bliana. D’fhéadfaí an creat monatóireachta agus meastóireachta a choigeartú sa chomhthéacs sin, de réir mar is cuí, ar bhonn an taithí phraiticiúil atá faighte leis an gcóras.

4.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

4.2.1.Raon feidhme agus cuspóirí

I bhfianaise fheidhm agus ról lárnach na gcontrapháirtithe lárnacha sna margaí airgeadais, cuimsíonn an raon feidhme na contrapháirtithe lárnacha uile atá bunaithe san Aontas Eorpach. D’fhéadfaí na cumhachtaí agus na huirlisí arna leagan síos leis an Rialachán a úsáid i dtaca le contrapháirtithe lárnacha beag beann ar a mhéid, idirnascacht nó ar thréithe eile. Mar sin féin, dhéanfaí comhréireacht a áirithiú toisc go bhforbrófaí pleananna téarnaimh agus réitigh sonracha do gach contrapháirtí lárnach faoi leith agus go gcuirfí a dtábhacht shistéamach i gcuntas. Ba cheart go mbeadh feidhmiú na gcumhachtaí luath-idirghabhála agus réitigh ag na húdaráis comhréireach agus go mbeadh údar maith leis i ngach cás.

Is iad na cuspóirí, sa chéad áit, téarnamh ordúil na gcontrapháirtithe lárnacha a lorg i gcásanna éagsúla anás airgeadais trí chur chun feidhme pleananna cuimsitheacha téarnaimh, arna naontú idir an contrapháirtí lárnach agus a gcomhaltaí imréitigh. Sa dara háit, mura bhfuil an méid seo leordhóthanach agus má chomhlíontar na coinníollacha maidir le réiteach, ba cheart do na húdaráis beart a ghlacadh go mear chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, leanúnachas feidhmeanna criticiúla an chontrapháirtí lárnaigh a chosaint, agus cáiníocóirí a chosaint sa mhéid is féidir. I gcás réiteach, chun go ndéanfaidh na húdaráis beart, ba cheart gurb iad na húinéirí, na creidiúnaithe agus contrapháirtithe na gcontrapháirtithe lárnacha a sheasfaidh na caillteanais, i gcomhréir leis an ordlathas éileamh i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta, agus go gceapfaí bainisteoirí nua in áit na mbainisteoirí reatha agus go mbeadh siad freagrach faoin dlí náisiúnta as aon sárú.

I bhfianaise struchtúr dlíthiúil agus corparáideach na gcontrapháirtithe lárnacha, ní gá go gcuimseodh téarnamh agus réiteach grúpaí níos leithne ina bhfuil contrapháirtithe lárnacha páirteach. Mar sin féin, sa chás gur caoithiúil é chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach, is féidir cumhachtaí sonracha a chur i bhfeidhm ar mháthairchuideachtaí na gcontrapháirtithe lárnacha. Áirítear leis seo an rogha go ndéanfadh an túdarás cinneadh cás ar chás go gcuimseodh na pleananna téarnaimh máthairchuideachtaí.

4.2.2.Údaráis réitigh agus coláistí réitigh a bhunú

Bunófar údaráis réitigh do chontrapháirtithe lárnacha agus tabharfar sraith chomhchuibhithe cumhachtaí dóibh chun na bearta ullmhúcháin agus réitigh thíos a chur i gcrích. Is féidir le bainc cheannais, aireachtaí inniúla, údaráis inniúla (i.e. maoirseoirí) na gcontrapháirtithe lárnacha nó údaráis eile riaracháin phoiblí ról an údaráis imréitigh a ghlacadh. Sa chás go ndeonaítear na cumhachtaí d’údarás atá ann cheana, ba cheart neamhspleáchas oibríochtúil chuí a áirithiú i leith na bhfeidhmeanna réitigh. Má tá na cumhachtaí sin i seilbh níos mó ná údarás amháin, ba cheart na tascanna a leithdháileadh go soiléir. Ba cheart go mbeadh tascanna reachtacha ag an/na comhlacht(aí) a cheaptar d’fhonn réiteach ordúil na gcontrapháirtithe lárnacha a áirithiú sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le réiteach, ar dhóigh a dtugtar cosaint do chobhsaíocht airgeadais agus cáiníocóirí. Ní féidir a chur as an áireamh go mbeidh dualgais chomhchosúla ag an údarás i dtaca le hinstitiúidí eile airgeadais. Nuair a éilítear faoin dlí náisiúnta i mBallstát, is féidir leis na cúirteanna páirt a ghlacadh i gcinneadh chun contrapháirtí lárnach a imréiteach a fhormheas, ar choinníoll gur nós imeachta gasta é.

I bhfianaise an róil agus an fhasaigh arna leagan síos ag EMIR do choláistí agus dá dtascanna, chomh maith leis an tionchar féideartha a bheadh ag gníomhaíochtaí imréitigh ar chomhaltaí imréitigh agus geallsealbhóirí eile, éilítear ar údaráis réitigh an chontrapháírtí lárnaigh coláiste réitigh a bhunú le haghaidh gach contrapháirtí lárnaigh agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu . Tá comhdhéanamh na gcoláistí sin anchosúil le comhdhéanamh na gcoláistí in EMIR. Chomh maith le húdarás réitigh an chontrapháirtí lárnaigh, ba cheart go náireofaí i measc comhaltaí an choláiste údaráis inniúla na gcomhaltaí imréitigh, na contrapháírtithe lárnacha, thaisclanna urrús lárnacha agus ionaid trádála atá páirteach i gcoláiste EMIR, chomh maith leis na bainc cheannais ábhartha, agus ÚEUM. Ina theannta sin, ba cheart go náireofaí i measc na gcomhaltaí eile, údaráis imréitigh na gcomhaltaí imréitigh a bhfuil a núdaráis inniúla ina gcomhaltaí, agus murab ionann iad, údarás inniúil ábhartha aon mháthairchuideachta a mbeadh pleananna réitigh i bhfeidhm ina leith, chomh maith le haon aireachtaí inniúla dá dtabharfaí ról sainiúil chun contrapháirtithe lárnacha a réiteach, agus an ÚBE. Ba cheart go ndéanfadh na coláistí atá ann cheana faoi EMIR agus coláistí réitigh nuabhunaithe na tascanna sainiúla a leithdháileadh dóibh faoin Rialachán seo, mar a leagtar amach thíos.

4.2.3.Ullmhúchán – pleananna téarnaimh

Tá ceanglas ar chontrapháirtithe lárnacha pleananna téarnaimh a ullmhú in aghaidh aon chineál anás airgeadais dá dteastódh níos mó acmhainní ná méid a nacmhainní bainistíochta réamhshocraithe agus ceanglais eile faoi EMIR. Leis sin, ba cheart cásanna mainneachtana na gcomhaltáí imréitigh a chur san áireamh (i.e. Teagmhais réamhshocraithe) chomh maith le rioscaí agus caillteanais eile (i.e. teagmhais mhainneachtana (neamh-réámhshocraithe)). Ní leagfaí síos sa dlí na cúinsí sainiúla inar cheart na pleananna a ghníomhachtú, ach éilítear ar chontrapháirtithe lárnacha táscairí cuí a fhorbairt lena gcuirfí rannpháirtithe imréitigh agus údaráis ar an eolas faoin uair a tharlódh sé sin. Níor cheart go mbeadh na pleananna ag brath ar aon chúnamh airgeadais phoiblí eisceachtúil, ach ba cheart go leagfaí amach an chaoi is féidir áiseanna an bhainc ceannais a rochtain de réir téarmaí caighdeánacha.

I gcomhréir leis an treoir ó CPMI-IOSCO, ba cheart go mbeadh na pleananna cuimsitheach, éifeachtach, trédhearcach agus inmheasta dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith faoina dtionchar, go ndéanfaí dreasachtaí cuí a shocrú agus tionchair dhiúltacha ar na geallsealbhóirí ar fad agus don chóras airgeadais i gcoitinne a íoslaghdú. Faoi réir na bprionsabal sin, is féidir leis na contrapháirtithe lárnacha an réimse roghanna agus uirlisí téarnaimh is cuí a chinneadh. Áirítear leis sin uirlisí chun cuntais an chontrapháirtí lárnaigh a réiteach trí chonarthaí a chaitheamh amach, ionas go mbeidh na conarthaí sin foirceannta agus na caillteanais agus na gnóthachain soiléir, comhaontuithe saorálacha a bhunú ar nós ceantanna leis na comhaltaí imréitigh atá fágtha ionas go nglacfaidís le suíomhanna go saorálach, nó go socródh siad acmhainní breise trí éileamh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní breise a sholáthar faoi réir teorainn (“glaonna ar airgead”) agus caolchorrlach ar íocaíochtaí atá dlite do rannpháirtithe imréitigh de bharr gnóthachan eacnamaíoch i gconradh díorthaigh (“caolchorrlach éarlais athrúcháin”). Ní aithnítear sa Rialachán na sainroghanna is ceart a bheith i bpleananna téarnaimh, agus ní chuirtear aon rogha as an áireamh. Ach éilítear faoin Rialachán go leagfaí síos sna pleananna mar shocruithe idir na contrapháirtithe lárnacha agus a gcomhaltaí imréitigh d’fhonn a néifeachtacht a neartú i ngach cás, agus na comhaltaí imréitigh a chur faoi réir ceanglas nó gealltanas chun gníomhú i gcomhréir leis na rialacha oibríochta a aontaíodh roimhe, sa chás go ndéantar iad a ghníomhachtú, beag beann ar an dlínse ina bhfuil siad bunaithe. Éílítear ar chomhaltaí imréitigh an teolas ar fad a chur ar fáil dá gcliaint faoin gcaoi a ndéanfaidh siad caillteanais nó costais a tharchur mar thoradh ar leas a bhaint as uirlisí téarnaimh.

Ba cheart go ndéanfadh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh athbhreithniú ar na pleananna réitigh. I bhfianaise thionchar féideartha an phlean ar chomhaltaí imréitigh agus geallsealbhóirí eile, ba cheart go mbeadh an coláiste a bunaíodh faoi EMIR páirteach sa phróiseas. Mar shampla, ba cheart go mbeadh measúnú ar leordhóthanacht an phlean faoi réir chinneadh comhpháirteach ón gcoláiste. Más amhlaidh nach féidir teacht ar chinneadh comhpháirteach, ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) idirghabháil cheangailteach i gcomhréir lena shainordú (Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010).

4.2.4.Ullmhú – pleananna réitigh agus measúnuithe ar inréititheacht

Ba cheart go nullmhódh na húdaráis imréitigh pleananna réitigh ar an gcaoi a ndéanfaí contrapháirtithe lárnacha a athstruchtúrú agus a bhfeidhmeanna criticiúla a choinneáil beo i gcás cliseadh. Faoi mar a dhéantar i gcás pleananna téarnaimh, ba cheart go gclúdóidís teagmhais réamhshocraithe agus cásanna eile teagmhais (neamh-réamhshocraithe), agus níor cheart go mbeifí ag súil le haon tacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil seachas rochtain ar shaoráidí faoi théarmaí caighdeánacha. Ba cheart go leagfaí amach sna pleananna na cumhachtaí agus na huirlisí réitigh a ghlacfadh na húdaráis sa chás go bhfuil na coinníollacha maidir le réitigh á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí lárnach, atá comhréireach agus lena gcuirtear san áireamh an múnla gnó, an sciar den mhargadh agus tábhacht shistéamach an chontrapháirtí lárnaigh sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe agus i mBallstáit eile agus tríú tíortha. Cé nach plean ceangailteach é, sa chás nach leantar gach gné de nuair a dhéantar an contrapháirtí lárnach a réiteach, ba cheart don údarás údar maith a thabhairt leis.

Mar chuid de phleanáil réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh maidir le hinréititheach fhoriomlán an chontrapháirtí lárnaigh, agus aghaidh a thabhairt ar aon chonstaic sa réimse sin. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí acu chun iachall a chur ar an gcontrapháirtí lárnach, mar shampla, cleachtais áirithe gnó nó struchtúir oibríochta nó dlíthiúla a athrú, leasú a dhéanamh ar aon chomhaontuithe laistigh den ghrúpa a d’fhéadfadh bac a chur ar réiteach, nó a nacmhainní réamhchistithe chun caillteanais a sheasamh a mhéadú ar bhonn cás ar chás.

Faoi mar a dhéantar i gcás pleananna téarnaimh, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí sin ar chomhaltaí imréitigh nó geallsealbhóirí, is féidir le coláistí réitigh a bheith páirteach chun an plean réitigh a ullmhú agus aontú le haon bhearta chun fadhbanna inréititheachta a réiteach. Mar shampla, d’fhéadfaí go néileofaí ar an gcoláiste teacht ar chinneadh comhpháirteach sa dá chás, agus más amhlaidh nach féidir teacht ar chinneadh, d’fhéadfadh an ÚEUM eadráin cheangailteach a dhéanamh.

4.2.5.Luath-idirghabháil

Deonaítear cumhachtaí faoi leith ar na húdaráis inniúla idirghabháil in oibríochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha sa chás go bhfuil a ninmharthanacht i mbaol, ach sula gcliseann orthu agus sula dtiocfadh dá ngníomhaíochtaí a bheith díobhálach do chobhsaíocht airgeadais fhoriomlán. Bheadh na cumhachtaí sin mar chomhlánú ar chumhachtaí EMIR, agus ina sainroghanna maoirseachta sna cúinsí sin. Go háirithe, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla iachall a chur ar an gcontrapháirtí lárnach bearta faoi leith a dhéanamh i gcomhthéacs an phlean téarnaimh, nó gan beart den sórt sin a dhéanamh.

4.2.6.Trúigeanna réitigh

Ba cheart contrapháirtí lárnach a réiteach sa chás go bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfidh air, nach féidir cliseadh a sheachaint trí aon rogha eile san earnáil phríobháideach, agus go gcuirfí an leas poiblí agus cobhsaíocht airgeadais i mbaol dá gclisfeadh air. Ina theannta sin, ar aon dul le Príomhthréithe Córas Éifeachtacha Réitigh d’Institiúidí Airgeadais ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, d’fhéadfaí contrapháirtí lárnach a réiteach fiú mura gcomhlíontar na coinníollacha ar fad, más amhlaidh go bhféadfadh cliseadh a chosc dá nglacfadh an contrapháirtí lárnach bearta téarnaimh, ach go gcuirfí cobhsaíocht airgeadais i mbaol. Diomaite de chúinsí ansonracha, ba cheart a mheas go bhfuil ag cliseadh ar an gcontrapháirtí lárnach, nó gur dócha go gclisfidh air má theastaíonn tacaíocht airgeadais eisceachtúil ina thaobh.

Déanfaidh an túdarás réitigh measúnú ar cé acu ar comhlíonadh na coinníollacha ar fad. Ach is é an túdarás inniúil go príomha a bheidh freagrach as measúnú ar an gcéad choinníoll (an bhfuil an contrapháirtí lárnach ag cliseadh nó an dócha go gclisfidh air). Meastar gur ag na húdaráis inniúla is dóichí a mbeidh miontuiscint ar shláinte airgeadais an chontrapháirtí lárnaigh, go dtí an uair ar chlis air. Mar sin féin, ar chuntar go bhfuil na sonraí agus an faisnéis ar fad is gá acu, is féidir an túdarás réitigh an measúnú a dhéanamh.

4.2.7.Uirlisí agus cumhachtaí réitigh

De bhrí go mbeidh an gníomh réitigh leagtha amach sa phlean réitigh roimh ré, ba cheart go gcuirfí i gcrích é ar dhóigh nach ndéanfaí dochair d’fheidhmiú aon ghrúpa ina bhfuil an contrapháirtí lárnach. Ba cheart go bhféadfadh an túdarás réitigh aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht airgeadais don chontrapháirtí lárnach, ar nós ráthaíochtaí ón máthairghnóthas, a fhorghníomhú, faoi mar a bheadh fáil orthu i gcomhthéacs gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Ba cheart réiteach a chur i gcrích trí uirlisí éagsúla a úsáid astu féin nó i gcomhpháirt: (i) feidhmeanna iomlána nó feidhmeanna criticiúla an chontrapháirtí lárnaigh a dhíol le hiomaitheoir atá inmharthanach, (ii) contrapháirtí lárnach idirthréimhseach faoi rialú poiblí a chruthú, agus (iii) caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh i measc na gcomhaltaí imréitigh. Ní leagtar síos sa Rialachán cé acu uirlisí agus cumhachtaí is ceart a úsáid i gcásanna faoi leith, fágtar faoin údarás é, ach nuair is féidir, ag brath ar an gcás, cloítear leis an bplean réitigh arna aontú ag an gcoláiste réitigh.

Leis na roghanna éagsúla maidir le caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh, chuirfí ar chumas an údaráis réitigh cuntais an chontrapháirtí lárnaigh a chomhardú, agus tuilleadh caillteanas a chosc agus acmhainní breise a fháil chun an contrapháirtí lárnach a athchaipitliú. Ag brath ar na roghanna a dhéanann an contrapháirtí lárnach arna bhformheas ag EMIR mar chuid de na pleananna téarnaimh, is féidir go mbeidh comhréim áirithe idir na huirlisí um chaillteanais agus leithdháileadh suíomhanna atá ar fáil don chontrapháirtí lárnach mar chuid den phlean téarnaimh agus iad siúd atá ar fáil don údarás réitigh le linn réitigh. Mar shampla, d’fhéadfaí an réiteach a chur i bhfeidhm i bhfoirm tuilleadh ceantanna chun suíomhanna mainnitheoirí a dhíol leis na comhaltaí imréitigh atá fágtha, conarthaí a chaitheamh amach go hiomlán nó i bpáirt, tuilleadh bearrthaí a dhéanamh ar íocaíochtaí corrlaigh amuigh, aon ghlaonna ar airgead amuigh arna leagan amach i bpleananna téarnaimh nó glaonna ar airgead arna gcoimeád go sonrach don údarás réitigh i rialacha inmheánacha (oibríochta) an chontrapháirtí lárnaigh a ghníomhachtú , agus díluacháil caipitil agus ionstraimí fiachais a d’eisigh an contrapháirtí lárnach nó dliteanas eile neamhurraithe agus aon ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe a thiontú ina scaireanna.

Faoi dheireadh, ní chuirtear as an áireamh leis an Rialachán go bhféadfadh údaráis réitigh roghanna eile a ghlacadh i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le réiteach, lena náirítear ordlathas na néileamh a chomhlíonadh go hiomlán, d’fhonn tarrtháil phoiblí agus baol morálta a sheachaint, etc. d’ainneoin nach ceart go mbeadh aon chreidiúnaí níos measa as ná mar a mbeidís dá dtionscnófaí imeachtaí mainneachtana. Mar sin, is féidir leo leas a bhaint as acmhainní príobháideacha eile, laistigh den chontrapháirtí lárnach (e.g. cistí réamhshocraithe a úsáid ó línte táirgí nach bhfuil buailte leis) nó ó pháirtithe seachtracha (e.g. iarraidh ar chomhaltaí imréitigh glacadh le tuilleadh leithdháileadh suíomhanna go saorálach). Mura bhfuil na roghanna sin ar fáil nó más léir nach leor iad chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar thacaíocht rialtais i bhfoirm tacaíocht cothromais nó úinéireacht shealadach phoiblí mar rogha deiridh. Ba cheart go mbeadh céimeanna den sórt sin ón rialtas ag teacht leis na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair, lena náirítear oibríochtaí an chontrapháirtí lárnaigh a athstruchtúrú agus a áirithiú ionas gur féidir na cistí a chuirtear ar fáil a aisghabháil ón gcontrapháirtí lárnach níos déanaí.

Mar bheart ar leith, cé nach uirlis réitigh é, d’fhéadfadh tacaíocht shealadach leachtachta ón mbanc ceannais an próiseas réitigh a éascú. Dheonófaí a leithéid de thacaíocht de réir na gcásanna arna leagan amach sna pleananna réitigh, ina ndéantar foráil do rochtain an chontrapháirtí lárnach ar leachtacht an bhainc ceannais, faoi rogha deiridh na mbanc ceannais.

4.2.8.Forálacha coimhdeacha maidir le réiteach

D’fhonn a áirithiú go nglacfaí cinntí réitigh i gcomhréir le treoirphrionsabail na gceart maoine, agus go ndéanfaí an dlí maidir le hurrúis agus dlí na gcuideachtaí agus socruithe náisiúnta bunreachtúla a chomhlíonadh, áirítear leis an Rialachán na forálacha agus na céimeanna nach mór do na húdaráis réitigh a chomhlíonadh roimh agus le linn dóibh cinntí maidir le réiteach a ghlacadh. Mar shampla, áirítear leis na forálacha sin luacháil chruinn ar chlár comhordaithe an chontrapháirtí lárnaigh a áirithiú, cosaint do gheallsealbhóirí atá buailte le caillteanas i bhfoirm cúiteamh má tharlaíonn sé go bhfuil siad níos measa as ná a bheidís dá gcuirfí i bhfeidhm aon bhearta i gcomhréir le rialacha inmheánacha an chontrapháirtí lárnaigh chun caillteanais a leithdháileadh nó dá dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta agus na céimeanna nós imeachta is ceart a ghlacadh chun fógra a thabhairt don chontrapháirtí lárnach agus do na húdaráis eile ábhartha maidir le cinntí réitigh.

D’fhonn imeachtaí réitigh a éascú agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint, áirítear sa chreat freisin moratóir sealadach ar oibleagáidí áirithe an chontrapháirtí lárnaigh agus gnáthchearta na gcontrapháirtithe bac a chur ar fhoirceannadh agus dúnadh in aghaidh an chontrapháirtí lárnaigh a eascraíonn as feidhmiú na gcumhachtaí réitigh i dtaca leis an gcontrapháirtí lárnach á gcomhlíonadh. I dtaca leis na céimeanna sin, glactar cosaint chuí le haghaidh íocaíochtaí atá dlite do bhonneagair eile margaí airgeadais, agus le haghaidh socruithe comhthaobhachta agus glanta i gcomhréir leis na céimeanna sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

4.2.9.Tríú tíortha

Is féidir go mbeidh éifeachtaí idirnáisiúnta ann má bhíonn contrapháirtí lárnach in anás nó má chliseann air, go háirithe, sa chás go bhfuil a gcomhaltaí imréitigh bunaithe i ndlínsí eile nach iad an dlínse ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe. Leagtar síos leis na Príomhthréithe ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, gur cheart do na húdaráis i ndlínsí éagsúla obair as lámh a chéile ar chásanna réitigh, bearta réitigh a chéile a fhorghníomhú i leith gníomhairí, sócmhainní nó dliteanais ábhartha atá lonnaithe laistigh dá gcríoch.

D’fhonn infhorfheidhmitheacht birt de chuid údaráis AE a fheabhsú i leith comhaltaí imréitigh atá lonnaithe i dtríú tíortha, d’éileofaí ar chontrapháirtithe lárnacha a áirithiú go bhfuil na bearta arna leagan síos ina bpleananna téarnaimh ina gceangal thar na dlínsí éagsúla. Ciallaíonn sé sin nach mór a áirithiú gur oibleagáidí conarthacha iad na roghanna téarnaimh faoi dhlí na tíre ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, nó a léiriú ar dhóigh eile chun sástacht na núdarás inniúil agus réitigh gur forálacha infheidhmithe iad na forálacha sa phlean, mar shampla faoi dhlí tríú tíre. Chabhródh sin leis na húdaráis réitigh aon oibleagáidí amuigh a fhorfheidhmiú sna pleananna seo atá á réiteach.

Thairis sin, ba cheart go dtabharfadh na húdaráis faoi chomhoibriú le húdarás tríú tíre d’fhonn a chinneadh a aithint agus a fhorfheidhmiú i dtaca le haon sócmhainní nó conarthaí ábhartha arna rialú ag dlí na tíre sin. Ba cheart do na húdaráis réitigh socruithe comhoibríochta a aontú leis na húdaráis i dtríú tíortha ina leagtar amach mionsonraí an chomhoibrithe. D’fhéadfadh go mbeadh na comhaltaí imréitigh lonnaithe i mBallstáit agus tríú tíortha éagsúla nó go mbeadh a sócmhainní nó conarthaí faoi réir dlíthe tíortha éagsúla. Ba cheart do ÚEUM treoir a eisiúint maidir le hábhar na socruithe sin a aontófar leis na tríú tíortha atá i gceist d’fhonn cur i bhfeidhm comhchoiteann na gcoinníollacha a bhunú sna cásanna sin.

D’fhonn forfheidhmiú gníomhaíochta a éascú d’údaráis réitigh i dtríú tír i leith na gcomhaltaí réitigh, conarthaí nó sócmhainní nó dliteanais atá lonnaithe san Aontas, ba cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta ábhartha i gceannas ar na forálacha sin a aithint agus a chur in éifeacht, nó diúltú chun é sin a dhéanamh i gcúinsí áirithe. Ba cheart aitheantas a thabhairt freisin ar chuntar nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag na bearta ar chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit, caithfear le creidiúnaithe an chontrapháirtí lárnaigh ar an dóigh chéanna is a chaithfear leis na creidiúnaithe eile, beag beann ar an suíomh, toisc nach mbeidh aon impleachtaí cánach ábhartha i gceist don Bhallstát.

4.2.10.Athruithe ar na Treoracha maidir le Dlí na Cuideachtaí, an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, EMIR, an Rialachán maidir le ÚEUM agus bunú coiste réitigh ÚEUM

Leagtar síos rialacha i dTreoracha an Aontais maidir le Dlí na gCuideachtaí maidir le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a chosaint. D’fhéadfadh cuid de na rialacha bac a chur ar ghníomhú mear na núdarás réitigh. Leasaíodh na rialacha a bhaineann le bainc le Treoir 2014/59/AE agus, de bhun an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (COM(2016) 852), táthar ag moladh go ndéanfaí feidhmiú na leasuithe sin a fhairsingiú faoin dlí náisiúnta chun contrapháírtithe lárnacha a chuimsiú 15 .

De bhun an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (COM(2016) 852), bainfear de raon feidhme na Treorach sin contrapháirtithe lárnacha a bhfuil ceadúnais bhainc acu i gcomhréir leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus tabharfar é faoi raon feidhme shocruithe agus riachtanais an Rialacháin seo.

Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú gur féidir leis na húdaráis pionóis a chur i bhfeidhm nuair nach gcomhlíontar forálacha an Rialacháin mholta, leagtar síos leis an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (COM(2016) 852) go dtiocfaidh contrapháirtithe lárnacha faoi raon feidhme Theideal VIII. Leis an bhfairsingiú sin, áirithítear comhsheasmhacht na gcumhachtaí chun pionóis a ghearradh maidir le téarnamh agus réiteach na ninstitiúidí airgeadais.

Leasaítear EMIR chun an fhéidearthacht a thabhairt isteach go gcuirfí oibleagáid réitigh ar fionraí i gcomhthéacs contrapháírtí lárnach a réiteach nuair is gá chun cobhsaíocht airgeadais agus muinín sa mhargadh a chosaint, go háirithe chun éifeachtaí tadhlachta a sheachaint agus ionas nach mbeidh neamhchosaint ard éiginnte ag contrapháirtithe lárnacha agus infheisteoirí. Is é ról an coiste riosca de chuid an chontrapháirtí lárnaigh spreagadh a thabhairt don chontrapháirtí lárnach a rioscaí a bhainistiú go stuamach.

D’fhonn a áirithiú go gcuireann na húdaráis atá freagrach as réiteach ábhar ar fáil d’obair ÚEUM faoin Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaidh siad freastal ar chruinnithe Bord Maoirseoirí ÚEUM leis an údarás inniúil, nach gcaithfidh vóta. Chun a chinntí a ullmhú faoin Rialachán seo agus an rannpháirtíocht chomhaltaí ÚBE sa phróiseas a áirithiú, éilítear ar ÚEUM coiste a bhunú chun na críche sin ina dtabharfar cuireadh d’údaráis inniúla áirithe páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí faoi Rialachán 1093/2010.

2016/0365 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach 16 ,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 17 ,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá na margaí airgeadais ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú na ngeilleagar comhaimseartha. Dá chomhtháite atá na margaí sin is ea is éifeachtúla a bheidh leithdháileadh na nacmhainní eacnamaíocha, rud a rachaidh chun tairbhe don fheidhmíocht eacnamaíoch. Chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair na seirbhísí airgeadais áfach, tá sé tábhachtach nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm lena áirithiú, i gcás ina mbeidh anás airgeadais ar institiúid airgeadais nó ar bhonneagar margaidh airgeadais atá gníomhach sa mhargadh nó i gcás ina mbeidh institiúid nó bonneagar den sórt sin i mbéal cliseadh, nach ndéanfaidh sé sin an margadh airgeadais ina iomláine a dhíchobhsú agus nach ndéanfaidh sé díobháil don fhás sa gheilleagar i gcoitinne.

(2)Príomhghné de na margaí airgeadais is ea na contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) a idirghabhann idir rannpháirtithe i gcáil ceannaitheora i leith gach díoltóra agus i gcáil díoltóra i leith gach ceannaitheora, agus a bhfuil ról lárnach acu i bpróiseáil idirbheart airgeadais agus i mbainistiú na neamhchosaintí ar na rioscaí éagsúla a bhaineann leis na hidirbhearta sin. Déanann CPLanna láimhseáil idirbhearta agus shuíomhanna na gcontrapháirtithe a lárú, agus comhallann siad na hoibleagáidí a chruthaítear leis na hidirbhearta agus faigheann siad leordhóthain comhthaobhachta óna gcomhaltaí mar chorrlach agus mar ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana.

(3)De thoradh chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, tá forbairt tagtha ar CPLanna agus anois, seachas bheith ag freastal go príomha ar riachtanais bhaile agus ar na margaí baile, is nóid chriticiúla iad i margaí airgeadais an Aontais i gcoitinne. Imréitíonn na CPLanna atá údaraithe san Aontas sa lá inniu roinnt aicmí táirgí, ó dhíorthacha airgeadais agus díorthacha tráchtearraí atá liostaithe nó thar an gcuntar (TAC) go gnáthscaireanna, bannaí agus táirgí eile amhail comhaontuithe athcheannaigh. Soláthraíonn siad a seirbhísí thar theorainneacha náisiúnta do raon fairsing institiúidí airgeadais agus institiúidí eile ar fud an Aontais. Tá CPLanna áirithe atá údaraithe san Aontas atá dírithe fós ar mhargadh a dtíre féin, ach baineann tábhacht shistéamach leo uile, ina margaí baile ar a laghad.

(4)Cuid mhaith den riosca airgeadais atá ag córas airgeadais an Aontais, is i CPLanna a dhéantar é a próiseáil agus a chomhdhlúthú thar ceann comhaltaí imréitigh agus a gcliant, agus ar an ábhar sin tá sé bunriachtanach rialáil éifeachtach agus maoirseacht stóinseach a dhéanamh ar CPLanna. Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 atá i bhfeidhm ó mhí Lúnasa 2012 cuirtear de cheangal ar CPLanna cloí le hardchaighdeáin stuamachta, eagrúcháin agus seolta gnó. Tá sé de chúram ar na húdaráis inniúla maoirsiú iomlán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí, ag obair i gcomhar le coláistí ina ngrúpáiltear na húdaráis atá ábhartha maidir leis na sainchúraimí a leagtar orthu. I gcomhréir leis na gealltanas atá tugtha ag ceannairí G20 ó tharla an ghéarchéim airgeadais, leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach mór díorthacha TAC caighdeánaithe a imréiteach go lárnach trí CPL. Nuair a thiocfaidh an oibleagáid i bhfeidhm díorthacha TAC a imréiteach go lárnach, is dócha go dtiocfaidh méadú ar mhéid agus ar raon an ghnó a bheidh á dhéanamh ag CPLanna, agus dá réir sin d'fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh dúshlán le sárú le straitéisí bainistithe riosca na CPLanna.

(5)Chuir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le stóinseacht na CPLanna agus na margaí airgeadais i gcoitinne i gcoinne an raoin leathain rioscaí a phróiseáiltear agus a chomhdhlúthaítear i CPLanna. Mar sin féin, is cuma an córas rialacha agus cleachtas a bheadh i bhfeidhm, d'fhéadfadh sé nár leor na hacmhainní a bheadh ann chun na rioscaí arna dtabhú ag an CPL a bhainistiú, lena náirítear dá mainneodh comhalta imréitigh amháin nó ní ba mhó. I gcás anás géar nó garbhagairt cliste, ba cheart go leanfadh institiúidí airgeadais, i bprionsabal, de bheith faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Mar a léirigh an ghéarchéim airgeadais áfach, de dheasca na nimeachtaí sin, go háirithe le linn tréimhse fhada éagobhsaíochta agus éiginnteachta eacnamaíche, is féidir cur isteach ar fheidhmeanna atá criticiúil don gheilleagar, rud a chuireann an chobhsaíocht airgeadais i mbaol. Ní i gcónaí gur leor luas na hidirghabhála a dhéanfaí leis na gnáthnósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach, ná ní i gcónaí gur leor an tosaíocht a thugtar do bhuaine fheidhmeanna criticiúla na ninstitiúidí airgeadais d'fhonn an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Chun cosc a chur leis na hiarmhairtí diúltacha sin a bhaineann leis na gnáthimeachtaí dócmhainneachta, is gá creat réitigh speisialta a chruthú le haghaidh CPLanna.

(6)Léirigh an ghéarchéim freisin nach raibh uirlisí iomchuí ann chun na feidhmeanna criticiúla sin a bhí á soláthar ag institiúidí a raibh ag cliseadh orthu a chaomhnú. Ina theannta sin, léiríodh nach raibh creata ann faoinarbh fhéidir comhar agus comhordú a chur ar bun idir na húdaráis, go háirithe idir na húdaráis i mBallstáit éagsúla nó i ndlínsí éagsúla, chun a áirithiú go ndéanfaí beart gasta diongbháilte a chur chun feidhme. Cheal na nuirlisí sin agus na gcreat comhair agus comhordaithe sin, bhí ar Bhallstáit institiúidí airgeadais a shábháil le hairgead na gcáiníocóirí chun an tógálacht a chosc agus an scaoll a laghdú. Cé nach bhfuair CPLanna tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách go díreach le linn na géarchéime, bhain siad tairbhe indíreach as na bearta tarrthála a rinneadh i ndáil leis na bainc agus cosnaíodh iad ar na héifeachtaí a d'imreofaí orthu de thoradh chliseadh na mbanc ina noibleagáidí murach na bearta sin. Dá bhrí sin, tá gá le creat téarnaimh agus réitigh le haghaidh CPLanna ionas nach mbeifear i dtuilleamaí airgead na gcáiníocóirí má chliseann orthu.

(7)Is éard is cuspóir do chreat inchreidte téarnaimh agus réitigh ná a áirithiú, an oiread is féidir, go leagfaidh CPLanna bearta amach le haghaidh téarnamh i ndiaidh anás airgeadais, chun feidhmeanna criticiúla CPL a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfidh air a choinneáil agus gníomhaíochtaí eile an CPL sin á dtabhairt chun críche trí ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú ach ag an am céanna, costas chliseadh an CPL ar an gcáiníocóir a íoslaghdú. Neartóidh an creat téarnaimh agus réitigh a thuilleadh ullmhacht na CPLanna agus na núdarás chun strus airgeadais a mhaolú agus chun tuilleadh léargais a thabhairt do na húdaráis maidir le hullmhúchán na CPLanna le haghaidh cásanna struis. Ina theannta sin, tabharfaidh sé cumhachtaí do na húdaráis chun ullmhú le haghaidh réiteach féideartha CPL agus chun déileáil le meathlú CPL ar dhóigh chomhordaithe, rud a chuirfidh le feidhmiú rianúil na margaí airgeadais.

(8)Faoi láthair, níl aon fhorálacha comhchuibhithe ann maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ar fud an Aontais. Tá athruithe reachtacha rite ag Ballstáit áirithe cheana lena gcuirtear ceangal ar CPLanna pleananna téarnaimh a tharraingt suas agus lena dtugtar isteach sásra chun CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Thairis sin, tá difríochtaí substainteacha agus difríochtaí nós imeachta nach beag idir na Ballstáit maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear dócmhainneacht CPLanna. Is dócha go bhfuil an easpa coinníollacha, cumhachtaí agus próisis choiteanna maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ina bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus is dócha go gcuireann sé isteach ar an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta agus iad ag déileáil le cliseadh CPL agus ag cur sásra iomchuí leithdháilte caillteanais i bhfeidhm ar chomhaltaí an CPL sin, san Aontas agus ar fud an domhain araon. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcásanna ina bhfágann éagsúlacht sa chur chuige nach bhfuil an leibhéal céanna smachta ag údaráis náisiúnta nó nach bhfuil an cumas céanna acu chun CPLanna a réiteach. D'fhéadfadh na difríochtaí sin sna córais téarnaimh agus réitigh tionchar éagsúil a imirt ar CPLanna agus ar a gcomhaltaí sna Ballstáit éagsúla, rud a d'fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh ar fud an mhargaidh inmheánaigh. An easpa rialacha coiteanna agus uirlisí coiteanna maidir le conas anás nó cliseadh CPL a láimhseáil, d'fhéadfadh an easpa sin difear a dhéanamh do rogha na rannpháirtithe úsáid a bhaint as imréiteach agus do rogha na CPLanna maidir lena náit bhunaíochta, rud a chuirfeadh cosc ar CPLanna tairbhe a bhaint as a mbunsaoirsí sa mhargadh aonair. Dá réir sin, d'fhéadfadh sé sin bheith ina chonstaic ar rannpháirtithe leas a bhaint as CPLanna lastall de na teorainneacha laistigh den mhargadh inmheánach agus bac a chur ar tuilleadh comhtháthaithe i margaí caipitil na hEorpa. Dá bhrí sin, is gá rialacha coiteanna téarnaimh agus réitigh sna Ballstáit uile chun a áirithiú nach gcuirfidh cumas airgeadais na mBallstát agus údaráis na mBallstát cliseadh CPLanna a bhainistiú, nach gcuirfidh sé sin srian le CPLanna a saoirsí sa mhargadh inmheánach a fheidhmiú.

(9)De thoradh an athbhreithnithe ar an gcreat rialála is infheidhme maidir le bainc agus institiúidí airgeadais eile a rinneadh i ndiaidh na géarchéime, agus go háirithe neartú mhaoláin chaipitil agus leachtachta na mbanc, uirlisí níos fearr le haghaidh beartais mhacrastuamachta agus rialacha cuimsitheach maidir le téarnamh agus réiteach banc, tá laghdú tagtha ar a dhealraithí atá sé go dtarlóidh géarchéimeanna amach anseo agus tá feabhas tagtha ar stóinseacht na ninstitiúidí airgeadais agus na mbonneagar margaidh uile, CPLanna san áireamh, i gcoinne strus eacnamaíoch, cibé acu suaitheadh sistéamach nó eachtraí a bhaineann le hinstitiúidí ar leith is cúis leis an strus sin. Ó bhí an 1 Eanáir 2015 ann, tá feidhm ag córas téarnaimh agus réitigh le haghaidh banc sna Ballstáit uile de bhun Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 .

(10)Mar fhorbairt ar an gcur chuige maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc, ba cheart d'údaráis na mBallstát a bheith ullamh agus ba cheart uirlisí iomchuí téarnaimh agus réitigh a bheith le fáil acu chun déileáil le cásanna a bhfuil baint ag cliseadh CPL leo. De thoradh na bhfeidhmeanna agus na samhlacha gnó éagsúla atá acu áfach, ní hionann na rioscaí a bhaineann le bainc agus le CPLanna. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí agus cumhachtaí sonracha le haghaidh cásanna ina gcliseann ar CPL de dheasca chliseadh comhaltaí imréitigh an CPL agus de dheasca cúinsí nach mbaineann le mainneachtain.

(11)Is gá rialachán a úsáid chun comhlánú agus forbairt a dhéanamh ar an gcur chuige a leagadh síos le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina bhforáiltear maidir le ceanglais stuamachta aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le CPLanna. Dá leagfaí síos ceanglais téarnaimh agus réitigh i dtreoir d'fhéadfadh sé go gcruthófaí neamhréir de dheasca dlíthe náisiúnta, a d'fhéadfadh a bheith éagsúil le chéile, a ghlacadh i réimse a rialaítear ar gach bealach eile trí dhlíthe de chuid an Aontais atá infheidhme go díreach, agus ar réimse é ina bhfuil ag méadú ar sholáthar seirbhísí CPLanna ar bhonn trasteorann. Dá bhrí sin, is iomchuí rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme go díreach a ghlacadh maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna freisin.

(12)Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiú, agus chun an oiread cobhsaíochta airgeadais agus is féidir a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras téarnaimh agus réitigh maidir le gach CPL atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, gan beann ar cheadúnas baincéireachta a bheith acu. D'fhéadfadh dócmhainneacht an CPL atá cleamhnaithe le grúpa tionchar a imirt go pras ar shócmhainneacht an ghrúpa ina iomláine agus tuilleadh éagobhsaíochta airgeadais a spreagadh. Cé nach gá go mbeadh na grúpaí, ar codanna díobh an CPL, faoi réir an chórais iomláin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir le máthairghnóthais, i gcás inarbh éifeachtaí an téarnamh agus an réiteach de bharr na forálacha sin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal sin. Ba cheart, dá bhrí sin, modhanna spriocdhírithe a bheith ag na húdaráis le gníomhú i ndáil leis na máthairghnóthais chun téarnamh agus réiteach éifeachtach an CPL a áirithiú agus chun an fhéidearthacht a laghdú go scaipfeadh an éagobhsaíocht chuig eintitis eile.

(13)Chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh, ba cheart do na Ballstáit údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis dá dtugtar cumhachtaí riaracháin phoiblí a cheapadh chun feidhmeanna agus cúraimí a chur i gcrích i ndáil le réiteach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go leithdháilfear acmhainní iomchuí ar na húdaráis réitigh sin. I gcás ina nainmneoidh Ballstát an túdarás a bheidh freagrach as maoirseacht stuamachta na CPLanna i gcáil údarás réitigh, ba cheart socruithe struchtúracha iomchuí a chur i bhfeidhm chun na feidhmeanna maoirseachta agus réitigh a scaradh ó chéile ionas go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa agus boige rialála.

(14)I bhfianaise na niarmhairtí do chóras airgeadais agus do gheilleagar an Bhallstáit is féidir a theacht as cliseadh CPL agus as na gníomhaíochtaí a leanann é, agus toisc go bhféadfadh sé go mbeadh gá le cistí poiblí sa deireadh thiar chun deireadh a chur leis an ngéarchéim, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag aireachtaí airgeadais nó ag aireachtaí ábhartha eile na mBallstát, ag céim luath, leis an bpróiseas téarnaimh agus réitigh.

(15)Toisc gur minic a sholáthraíonn CPLanna seirbhísí ar fud an Aontais, ar mhaithe le téarnamh agus réiteach éifeachtach teastaíonn comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh laistigh de choláistí maoirseachta agus réitigh, go háirithe ag céimeanna ullmhúcháin an téarnaimh agus an réitigh. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh arna dtarraingt suas ag an CPL, pleananna réitigh a ullmhú agus a chothabháil, agus aghaidh a thabhairt ar aon bhaic ar an inréititheacht.

(16)Agus CPLanna á réiteach ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an gá, ar thaobh amháin, le nósanna imeachta lena gcuirtear san áireamh práinn an chás agus lenar féidir réiteach a chur i gcrích go héifeachtach tráthúil cóir agus, ar an taobh eile, an gá an chobhsaíocht airgeadais a chosaint sna Ballstáit uile ina soláthraíonn an CPL i gceist seirbhísí. Na húdaráis a mbainfeadh cliseadh CPL lena réimsí inniúlachta, ba cheart dóibh a dtuairimí a roinnt sa choláiste réitigh chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ar an dóigh chéanna, chun malartú tráthrialta tuairimí agus comhordú leis na húdaráis tríú tíortha ábhartha a áirithiú, ba cheart iarraidh ar na húdaráis sin bheith rannpháirteach sna coláistí réitigh mar bhreathnóirí más gá sin. Ba cheart do na húdaráis tionchar a gcinntí ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil oibríochtaí an CPL critiúil nó tábhachtach le haghaidh na margaí airgeadais áitiúla a chur san áireamh, lena náirítear an áit a bhfuil na comhaltaí imréitigh lonnaithe agus an áit a bhfuil na hionaid trádála nasctha agus na bonneagair mhargaidh airgeadais nasctha bunaithe.

(17)Chun cinntí ÚEUM i ndáil leis na cúraimí atá sannta dó a ullmhú agus chun a áirithiú go mbeidh ÚBE agus a chomhaltaí rannpháirteach go cuimsitheach in ullmhú na gcinntí sin, ba cheart do ÚEUM coiste réitigh inmheánaigh a chur ar bun agus iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha de chuid ÚBE bheith rannpháirteach ann mar bhreathnóirí.

(18)Chun dul i ngleic ar dhóigh éifeachtach comhréireach le cliseadh féideartha CPL, ba cheart do na húdaráis roinnt cúinsí a chur san áireamh agus a gcumhachtaí téarnaimh agus réitigh á bhfeidhmiú acu amhail cineál ghnó an CPL, an struchtúr scairshealbhóireachta, an fhoirm dhlíthiúil, an phróifíl riosca, an mhéid, an stádas dlíthiúil agus an idirnascthacht leis an gcóras airgeadais. Ba cheart do na húdaráis a chur san áireamh freisin, maidir le cliseadh an CPL agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, an dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar na margaí airgeadais, ar institiúidí airgeadais eile nó ar an ngeilleagar i gcoitinne.

(19)Chun déileáil go heifeachúil le CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis bearta ullmhúcháin a fhorchur ar CPLanna. Ba cheart íoschaigdeán a leagan síos maidir leis an inneachar agus an fhaisnéis atá le cuimsiú i bpleananna téarnaimh chun a áirithiú go mbeidh pleananna sách mionsonraithe le haghaidh téarnaimh ag gach CPL san Aontas má thagann anás airgeadais orthu. Ba cheart na pleananna sin a bheith bunaithe ar thoimhdí réalaíocha is infheidhme i raon cásanna stóinseacha diana, lena náirítear meathlú de dheasca mainneachtana nó de dheasca cúinsí nach mbaineann le mainneachtain. Ba cheart an plean téarnaimh a bheith ina chuid de rialacha oibríochta an CPL arna gcomhaontú go conarthach leis na comhaltaí imréitigh. Thairis sin, ba cheart forálacha a bheith sna rialacha oibríochta sin lena náiritheofar infhorghníomhaitheacht na mbeart téarnaimh sa phlean i ngach cás. Níor cheart glacadh leis sna pleananna téarnaimh go mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le fáil agus níor cheart dóibh cáiníocóirí a nochtadh do riosca caillteanais.

(20)Ba cheart do CPLanna a bpleananna téarnaimh a ullmhú agus a thabhairt chun dáta go rialta. Ba cheart an ceanglas plean téarnaimh a ullmhú a chur i bhfeidhm go comhréireach, de réir thábhacht shistéamach an CPL agus a idirnasctha atá sé leis an gcóras airgeadais. Ba cheart tús a chur, sa chomhthéacs sin, leis an gcéim téarnaimh nuair a thagann meathlú suntasach ar chás airgeadais an CPL nó nuair is ann do riosca go sárófar na ceanglais stuamachta atá air de réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart é sin a léiriú os coinne creat de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla arna gcuimsiú sa phlean téarnaimh.

(21)Ba cheart don CPL a phlean téarnaimh a chur faoi bhráid na núdarás inniúil agus an choláiste maoirseachta, arna bhunú de réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le haghaidh measúnú iomlán a ndéanfaidh an coláiste cinneadh comhpháirteach faoi. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin an bhfuil an plean cuimsitheach agus an bhféadfadh sé dáiríre inmharthanacht an CPL a athshlánú, ar dhóigh thráthúil, lena náirítear le linn tréimhsí diananáis airgeadais.

(22)Ba cheart a leagan amach go cuimsitheach sna pleananna téarnaimh na gníomhaíochtaí a dhéanfadh an CPL chun déileáil le haon oibleagáidí gan íoc gan chomhoiriúnú, caillteanas neamhchumhdaithe, easnamh leachtachta, neamh-leordhóthanacht caipitil, chomh maith leis na gníomhaíochtaí chun athshlánú a dhéanamh ar acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe atá ídithe agus na socruithe leachtachta chun inmharthanacht an CPL a athshlánú agus ar mhaithe lena chumas leanúnach na ceanglais údaraithe atá air a chomhlíonadh.

(23)Ba cheart do na CPLanna a áirithiú go bhfuil na pleananna neamh-idirdhealaitheach agus cothrom ó thaobh a dtionchair agus na ndreasachtaí a chruthaíonn siad de. Níor cheart dóibh comhaltaí imréitigh ná cliaint a chur faoi mhíbhuntáiste díréireach. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ba cheart do CPLanna a áirithiú go bhfuil neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL teoranta. Ba cheart do CPLanna a áirithiú go dtéitear i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an bplean téarnaimh trína rannpháirtíocht i gcoiste riosca an CPL, agus trína rannpháirtíocht i bhforbairt an phlean téarnaimh.

(24)Chun a áirithiú go mbeidh CPL in ann roghanna an phlean téarnaimh a chur i bhfeidhm, nuair is gá, ar chonarthaí nó ar shócmhainní arna rialú ag dlí tríú tír nó ar eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ba cheart forálacha conarthacha chun na críche sin a bheith ar áireamh i rialacha oibríochta an CPL.

(25)I gcás nach gcuirfidh CPL plean téarnaimh iomchuí faoina mbráid, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann ceangal a chur ar an CPL na bearta a dhéanamh is gá chun easnaimh ábhartha an phlean a leigheas chun gnó an CPL a neartú agus chun a áirithiú gur féidir leis an CPL a chaipiteal a athshlánú nó a leabhar a chomhoiriúnú i gcás cliseadh. Ba cheart go gcuirfeadh an chumhacht sin ar a gcumas do na húdaráis inniúla gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh a mhéid is gá chun déileáil le haon easnaimh agus, dá bhrí sin, cuspóirí na cobhsaíochta airgeadais a chomhlíonadh.

(26)Cuid bhunriachtanach den réiteach éifeachtach is ea an phleanáil réitigh. Ba cheart d'údarás réitigh an CPL na pleananna a tharraingt suas agus ba cheart iad a bheith comhaontaithe go comhpháirteach ag údaráis ábhartha an choláiste réitigh. Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith ag na húdaráis chun buaine feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus a áirithiú. Ba cheart inneachar an phlean réitigh, áfach, a bheith i gcomhréir le tábhacht shistéamach an CPL agus bunaithe, inter alia, ar an bhfaisnéis arna soláthar aige.

(27)Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe ar an inréititheacht, athruithe a éileamh ar struchtúr agus ar eagrú CPLanna go díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, bearta a dhéanamh atá riachtanach agus comhréireach chun baic ábhartha ar úsáid uirlisí réitigh a laghdú nó a bhaint agus inréititheacht na neintiteas lena mbaineann a áirithiú.

(28)Réimsí is ea na pleananna réitigh agus na measúnuithe inréititheachta ina dtugtar tosaíocht, in áit na ngnáthmhaoirseachta, do ghníomhaíochtaí gasta athstruchtúraithe a chur i gcrích agus a áirithiú, chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint. I gcás easaontú idir comhaltaí éagsúla an choláiste réitigh maidir le cinntí atá le déanamh i ndáil le plean téarnaimh an CPL, leis an measúnú ar inréititheacht an CPL agus leis an gcinneadh deireadh a chur le haon bhac air sin, ba cheart do ÚEUM ról idirghabhála a imirt i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mar sin féin, an idirghabháil cheangailteach sin a dhéanfaidh ÚEUM, ba cheart í a chur in oiriúint le bheith curtha faoi bhráid choiste inmheánach de chuid ÚEUM, i bhfianaise inniúlachtaí chomhaltaí ÚEUM chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus na comhaltaí imréitigh i roinnt Ballstát a mhaoirsiú. Ba cheart iarraidh ar údaráis inniúla áirithe de réir Rialachán ÚBE bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sa choiste inmheánach sin de chuid ÚEUM toisc go bhféadfadh sé go mbeadh cúraimí comhchosúla ar na húdaráis sin faoi Threoir 2014/59/AE. Níor cheart cosc a chur, de dheasca idirghabháil cheangailteach den sórt sin, le hidirghabháil neamhcheangailteach i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcásanna eile.

(29)I gcás ina mbeidh sé oiriúnach, chun cuspóir an téarnaimh agus an réitigh ordúil a bhaint amach, ba cheart do na húdaráis inniúla agus réitigh bearta sonracha a shainaithint i ndáil leis an máthairghnóthas. Ag brath ar struchtúr an ghrúpa ar cuid de an CPL, d'fhéadfadh sé a bheith riachtanach go leagfaí amach i bplean téarnaimh an CPL na coinníollacha ar a bhféadfar tacaíocht airgeadais, ráthaíochtaí nó cineálacha eile tacaíochta oibríochtúla ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas eile a sholáthar do CPL laistigh den ghrúpa céanna. Le trédhearcacht i ndáil le socruithe den sórt sin, mhaolófaí na rioscaí do leachtacht agus do shócmhainneacht an ghrúpeintitis a bheadh ag soláthar na tacaíochta don CPL a bhfuil anás airgeadais ag bagairt air. Aon athrú ar na socruithe sin, ba cheart é a mheas mar athrú ábhartha agus an plean téarnaimh á athbhreithniú.

(30)I bhfianaise íogaireacht na faisnéise atá sna pleananna téarnaimh agus réitigh, ba cheart forálacha iomchuí rúndachta a bheith i bhfeidhm maidir leis na pleananna sin.

(31)Ba cheart do na húdaráis inniúla na pleananna téarnaimh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis réitigh ábhartha, agus ba cheart do na húdaráis réitigh sin na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis inniúla, sa dóigh go mbeidh gach údarás ábhartha go hiomlán ar an eolas i gcónaí.

(32)Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, is gá na húdaráis inniúla a bheith in ann meathlú chás airgeadais agus eacnamaíoch an CPL a leigheas sula dtiocfaidh an CPL chuig pointe nach mbeidh an dara rogha ag na húdaráis ach é a réiteach nó ordú a thabhairt don CPL cúrsa a athrú i gcás ina bhféadfadh a ghníomhaíochtaí díobháil a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí luath-idirghabhála a thabhairt do na húdaráis inniúla chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó a íoslaghdú a d'fhéadfadh a eascairt ón CPL bearta áirithe a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí luath-idirghabhála sin a thabhairt do na húdarás inniúil sa bhreis ar na cumhachtaí dá gcuid dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta na mBallstát nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh cúinsí nach cúinsí a mheastar mar luath-idirghabháil iad.

(33)I rith chéimeanna an téarnaimh agus na luath-idirghabhála, ba cheart na scairshealbhóirí a gcearta ar fad a choinneáil. Níor cheart na cearta sin a bheith acu ina niomláine a thuilleadh tráth a chuirtear an CPL faoi réiteach.

(34)Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat réitigh maidir leis an CPL a chur faoi réiteach go tráthúil sula mbíonn sé dócmhainneach. Ba cheart a mheas go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó gur dócha go gclisfidh air i gcás ina bhfuil sé ag sárú nó inar dócha go mbeidh sé ag sárú sula i bhfad na gceanglas nach mór a chomhlíonadh chun leanúint de bheith údaraithe, i gcás ina bhfuil teipthe ar an téarnamh inmharthanacht an CPL a athshlánú, i gcás inar lú sócmhainní an CPL ná a dhliteanais nó inar dócha go mbeidh siad níos lú ná iad sula i bhfad, i gcás nach bhfuil an CPL in ann nó inar dócha nach mbeidh sé in ann sula i bhfad a fhiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó i gcás ina dteastóidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ón CPL. Níor cheart, áfach, CPL a chur faoi réiteach ar an ábhar nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh údarú, agus ar an ábhar sin amháin.

(35)Soláthar cúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais – más ann do shaoráid den sórt sin – níor cheart gur chúinse é a léiríonn nach bhfuil an CPL in ann, nó nach mbeidh sé in ann sula i bhfad, a dhliteanais a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás ganntanas sistéamach leachtachta, níor cheart, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha, an creat réitigh a chur i ngníomh de bhun ráthaíochtaí Stáit ar na saoráidí leachtachta a chuireann bainc cheannais ar fáil ná de bhun ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais nua-eisithe arb é is aidhm acu suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas.

(36)I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha téarnaimh, ba cheart fáil a bheith ag údarás réitigh an CPL ar thacar comhchuibhithe d'uirlisí agus de chumhachtaí réitigh. Ba cheart feidhmiú na nithe sin a beith faoi réir coinníollacha coiteanna, cuspóirí coiteanna agus prionsabail ghinearálta choiteanna. Ba cheart úsáid uirlisí agus cumhachtaí breise ag na húdaráis réitigh a bheith i gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí an réitigh. Go háirithe, níor cheart go gcuirfeadh úsáid na nuirlisí nó na gcumhachtaí sin isteach ar réiteach éifeachtach ar ghrúpa trasteorann.

(37)Is iad na nithe is ceart a bheith ina bpríomhchuspóirí ag an réiteach buaine na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú, éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus cistí poiblí a chosaint trí laghdú ar an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách do CPL a bhfuil ag cliseadh orthu.

(38)Ba cheart feidhmeanna criticiúla an CPL a bhfuil ag cliseadh air a choinneáil, bíodh go mbeidh siad athstruchtúraithe agus athruithe déanta ar an mbainistíocht más iomchuí, ag úsáid uirlisí réitigh i gcáil gnóthas leantach a úsáid, an oiread is féidir, cistí príobháideacha. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh trína dhíol nó trína chumasc le tríú páirtí sócmhainneach, nó tar éis conarthaí agus dliteanais an CPL a athstruchtúrú nó a dhíluacháil trí chaillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh, nó tar éis scaireanna a dhíluacháil nó fiachas a dhíluacháil agus a chomhshó ina ghnáthscaireanna, chun athchaipitliú a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, roimh na gníomhaíochtaí sin, ba cheart don údarás réitigh breathnú ar aon oibleagáidí chonarthacha gan íoc de chuid an CPL atá fós ann a éileamh i gcomhréir leis an gcaoi a nglaofaí isteach iad de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(39)Is gá gníomhaíocht ghasta dhiongbháilte chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus an tógálacht a íoslaghdú. Nuair a bheidh na coinníollacha réitigh comhlíonta, ba cheart d'údarás réitigh an CPL gníomhaíocht réitigh atá iomchuí chomhordaithe a dhéanamh gan mhoill ar mhaithe le leas an phobail. D'fhéadfadh sé go cliseadh ar an CPL i gcúinsí a d'éileodh go ndéanfadh an túdarás réitigh ábhartha bearta láithreach bonn. Ba cheart a ligean don údarás sin, dá bhrí sin, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh d'ainneoin an CPL bearta téarnaimh a fheidhmiú nó gan oibleagáid a fhorchur úsáid a bhaint as na cumhachtaí luath-idirghabhála i dtosach.

(40)Agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh aige, ba cheart d'údarás réitigh an CPL na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh arna bhforbairt laistigh den choláiste réitigh a chur san áireamh agus a leanúint, ach amháin má mheasann an túdarás réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, gur éifeachtaí mar a bhainfear amach na cuspóirí réitigh trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear maidir leo sna pleananna réitigh. Ba cheart don údarás réitigh an coláiste réitigh a chur ar an eolas go pras maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh atá beartaithe acu, go háirithe i gcás ina mbeidh na gníomhaíochtaí sin ar diall ón bplean.

(41)Ba cheart aon chur isteach ar chearta maoine a bheith i gcomhréir leis an riosca don chobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach maidir leis na CPLanna sin a chomhlíonann na coinníollacha réitigh, agus go sonrach, i gcás inar gá é chun cuspóir na cobhsaíochta airgeadais a bhaint amach ar mhaithe le leas an phobail. Toisc go bhféadfadh uirlisí agus cumhachtaí réitigh cur isteach ar chearta scairshealbhóirí, rannpháirtithe réitigh agus creidiúnaithe, níor cheart gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá ar mhaithe le leas an phobail agus ba cheart aon chur isteach ar na cearta sin a bheith i gcomhréir leis an gCairt. Go háirithe, i gcás ina gcaithfear go héagsúil ó thaobh gníomhaíocht réitigh de le creidiúnaithe den aicme chéanna, ba cheart údar a bheith leis an dealú sin ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhfuiltear ag dul i ngleic leo agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras na náisiúntachta.

(42)Níor cheart go dtabhódh na scairshealbhóirí, na rannpháirtithe agus na creidiúnaithe lena mbaineann an réiteach caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís mura ndéanfadh an túdaráis réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó dá bhfoirceannfaí an CPL de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. I gcás páirtaistriú sócmhainní CPL atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(43)Chun cearta na scairshealbhóirí, na gcontrapháirtithe agus na gcreidiúnaithe a chosaint, ba cheart oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL agus maidir le luacháil na cóireála a bheadh faighte ag na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe mura ndéanfadh an túdarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh. Ba cheart go bhféadfaí tús a chur le luacháil le linn chéim an téarnaimh féin. Sula ndéanfaí aon ghníomhaíocht réitigh, ba cheart luacháil chóir réalaíoch a dhéanamh ar shócmhainní agus ar dhliteanais an CPL. Níor cheart an luacháil sin a bheith faoi réir ceart achomhairc ach amháin in éineacht leis an gcinneadh réitigh. Ina theannta sin, i ndiaidh úsáid uirlisí réitigh, ba cheart comparáid ex post a dhéanamh i gcásanna áirithe idir an chóireáil iarbhír a tugadh do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe agus an chóireáil a mbeadh tugtha dóibh mura ndéanfadh an túdarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. I gcás ina bhfaighidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe, chun a néilimh a íoc nó a chúiteamh, níos lú ná an méid a bheadh faighte acu mura ndéanfadh an túdarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart iad a bheith, i gcásanna áirithe, i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo. Murab ionann leis an luacháil roimh an ngníomhaíocht réitigh, ba cheart go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne na comparáide sin ar leithligh ón gcinneadh réitigh. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta le haon difríocht cóireála a chinnfear a íoc leis na sciarshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe.

(44)Chun réiteach éifeachtach a áirithiú, aon chaillteanais nach mór a leithdháileadh ionas gur féidir leis an CPL a leabhar oibleagáidí gan íoc a chomhoiriúnú arís agus a oibleagáidí íocaíochta reatha a chomhlíonadh, ba chearta iad a chinneadh a bheaichte is féidir sa phróiseas luachála. Ba cheart luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a bheith bunaithe ar thoimhdí atá cóir, stuama agus réalaíoch an tráth a núsáidtear na huirlisí réitigh. Níor cheart, áfach, staid airgeadais an CPL difear a dhéanamh do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann, ar chúiseanna práinne, luacháil ghasta a dhéanamh ar shócmhainní nó ar dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an luacháil sin a bheith sealadach agus ba cheart feidhm a bheith aici go dtí go gcuirfí luacháil neamhspleách i gcrích.

(45)Nuair a chuirfear faoi réiteach é, aon oibleagáidí conarthacha gan íoc a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL, lena náirítear bearta téarnaimh nach bhfuil thart, ba cheart iad a chomhall ach amháin i gcás inar iomchuí cumhacht nó uirlis eile réitigh a fheidhmiú chun éifeachtaí díobhálacha don chobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú ar mhodh tráthúil. Ba cheart na caillteanais a iompar ansin le hionstraimí caipitil rialála agus a leithdháileadh ar na scairshealbhóirí suas lena méid trí ionstraimí úinéireachta a chealú nó a aistriú nó trí dhianchaolú. I gcás nach leor na hionstraimí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh fiachas neamhurraithe fo-ordaithe agus dliteanais neamhurraithe sinsearach a dhíluacháil, a oiread is gá, gan an chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne a chur i mbaol, i gcomhréir lena naicmiú faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta is infheidhme.

(46)I gcás nár éirigh leis an CPL, trí fheidhmiú a bheart téarnaimh, cosc a chur le caillteanais, filleadh ar staid chomhardaithe ina mbeadh a leabhar suíomhanna gan íoc comhoiriúnaithe ná acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú go cuimsitheach, nó i gcás inar chinn an túdarás réitigh go ndéanfaí díobháil don chobhsaíocht airgeadais dá bhfeidhmeodh an CPL na bearta sin, is éard ba cheart a bheith mar aidhm le feidhmiú na gcumhachtaí leithdháilte caillteanais agus suímh ag an údarás na caillteanais gan íoc a leithdháileadh, filleadh an CPL ar staid chomhardaithe a áirithiú agus na hacmhainní réamh-mhaoinithe ceangailteacha a athshlánú trí leanúint d'fheidhmiú na nuirlisí i rialacha oibríochta an CPL nó trí ghníomhaíochtaí eile.

(47)Ba cheart do na húdaráis réitigh a áirithiú freisin go níoslaghdófar costais an réitigh ar an CPL agus go gcaithfear go cothromasach le creidiúnaithe den aicme chéanna. I gcás ina gcaithfear go héagsúil ó thaobh gníomhaíocht réitigh de le creidiúnaithe den aicme chéanna, ba cheart údar a bheith leis an dealú sin ar mhaithe le leas an phobail agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras na náisiúntachta.

(48)Ba cheart na huirlisí réitigh a úsáid an oiread is féidir roimh aon instealladh caipitil ón earnáil phoiblí nó a choibhéis de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le haghaidh CPL. Agus tacaíocht airgeadais phoiblí á húsáid chun cúnamh a thabhairt le réiteach institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart cloí leis na forálacha ábhartha maidir le Státchabhair.

(49)Le córas éifeachtach réitigh, ba cheart íoslaghdú a dhéanamh ar na costais a bhíonn le hiompar ag na cáiníocóirí de dheasca réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart a áirithiú leis gur féidir CPLanna a réiteach gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Baintear an cuspóir sin amach leis na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh trína áirithiú go mbainfidh caillteanais iomchuí do na scairshealbhóirí agus do na contrapháirtithe atá i measc creidiúnaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus go niompróidh siad sciar iomchuí de na costais a eascraíonn ó chliseadh an CPL. Dá bhrí sin, leis na huirlisí caillteanais agus suímh méadaítear ar dhreasú scairshealbhóirí agus chontrapháirtithe an CPL chun faireachán a dhéanamh ar shláinte an CPL sna gnáthchúinsí i gcomhréir le moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais 21 .

(50)Chun a áirithiú go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag na húdaráis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh ar chontrapháirtithe i raon cúinsí, is iomchuí na húdaráis sin a bheith in ann na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a chur i bhfeidhm i gcás inarb é an cuspóir oibríochtaí an CPL a bhfuil ag cliseadh air a choinneáil agus i gcás ina naistreofar na seirbhísí criticiúla chuig CPL idirlinne nó chuig tríú páirtí agus ina scoirfidh an chuid iarmharach den CPL de bheith ag oibriú agus ina bhfoirceannfar í.

(51)I gcás ina gcuirfear na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh i bhfeidhm leis an gcuspóir inmharthanacht an CPL a bhfuil ag cliseadh air a athshlánú ionas go mbeidh sé in ann leanúint de bheith ag oibriú mar ghnóthas leantach, maille leis an réiteach ba cheart an lucht bainistíocht a athrú, ach amháin i gcás inarb iomchuí agus inar gá an lucht bainistíochta a choinneáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus ba cheart athstruchtúrú a dhéanamh ar an CPL agus ar a ghníomhaíochtaí ina dhiaidh sin ar shlí a rachadh i ngleic le cúiseanna an chliste. Ba cheart an tathstruchtúrú sin a dhéanamh trí phlean atheagraithe gnó a chur chun feidhme, agus ba cheart an plean sin a bheith comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a d'fhéadfadh a bheith ar an CPL a chur isteach de bhun an chreata Státchabhrach.

(52)Ba cheart na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a fheidhmiú d'fhonn leabhar an CPL a ath-chomhoiriúnú, aon chaillteanais eile a chosc agus acmhainní breise a fháil chun cuidiú le hathchaipitliú an CPL agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú. Chun a áirithiú go bhfuil siad éifeachtach agus go mbainfidh siad a gcuspóir amach, ba cheart iad a bheith infheidhme maidir le raon chomh leathan agus is féidir de chonarthaí óna neascraíonn dliteanais neamhurraithe nó lena bhfágtar gan chomhoiriúnú leabhar an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart foráil a dhéanamh iontu maidir leis an deis suíomhanna mainnitheoirí a cheantáil idir na comhaltaí imréitigh atá fágtha, iad a leithdháileadh go héigeantach a mhéid nach bhfuil na socruithe deonacha arna mbunú mar chuid den phlean téarnaimh ídithe tráth a théitear faoi réiteach, conarthaí na gcomhaltaí imréitigh a mhainnigh, na línte táirge agus an CPL a chaitheamh amach i bpáirt nó ina niomláine, tuilleadh caolchorrlaigh a chur ar na híocaíochtaí corrlaigh athrúcháin amach, aon ghlaonna ar airgead nach bhfuil thart a leagtar amach sna pleananna téarnaimh a fheidhmiú, glaonna breise ar airgead a fheidhmiú a bheidh curtha in áirithe go sonrach don údarás réitigh agus díluacháil a dhéanamh ar an gcaipiteal agus ar na hionstraimí fiachais arna neisiúint ag an CPL nó ar dhliteanais neamhurraithe eile agus aon ionstraimí fiachais a chomhshó ina scaireanna.

(53)Ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann conarthaí áirithe a eisiamh nó a eisiamh i bpáirt ón leithdháileadh caillteanais agus suímh i roinnt cúinsí. I gcás ina gcuirfear na heisiaimh sin i bhfeidhm, féadfar leibhéal an chaillte nó na neamhchosanta a chuirfear i bhfeidhm ar chonarthaí eile a mhéadú chun na heisiaimh sin a chur san áireamh faoi réir urramú an phrionsabail “creidiúnaí ar bith níos measa as”.

(54)I gcás inar úsáideadh na huirlisí réitigh chun feidhmeanna criticiúla nó gnó inmharthana CPL a aistriú chuig eintiteas fónta amhail ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL a leachtú laistigh d'achar iomchuí ama ag féachaint d'aon ghá go soláthródh an CPL a bhfuil ag cliseadh air seirbhísí nó tacaíocht le go mbeadh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne in ann na gníomhaíochtaí a dhéanamh nó na seirbhísí a sholáthar a leagadh air de bhua an aistrithe sin.

(55)Leis an uirlis díolta gnó, ba cheart na húdaráis a bheith in ann an CPL nó codanna dá ghnó a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí. Agus an uirlis díolta gnó á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis socruithe a dhéanamh maidir leis an CPL sin nó an chuid sin dá ghnó a mhargú trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus é mar aidhm aige an praghas díola a uasmhéadú.

(56)Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm ba cheart iad a dhul chun tairbhe don eintiteas a bheidh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm ba cheart iad a dhul chun tairbhe do na scairshealbhóirí. Ba cheart na fáltais a ríomh glan lúide na costais a d'eascair ó chliseadh an CPL agus ón bpróiseas réitigh.

(57)Chun díolachán an ghnó a chur i gcrích go tráthúil agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart an measúnú ar an gceannaitheoir a gheobhaidh sealúchas cáilitheach a dhéanamh ar mhodh tráthúil nach gcuirfidh moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó.

(58)Is dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis an bhfaisnéis maidir le margú an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus maidir leis na caibidlíochtaí le faighteoirí féideartha sula gcuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm. Chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú, tá sé tábhachtach go bhféadfar nochtadh poiblí na faisnéise sin a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 a chur siar ar feadh an ama is gá chun réiteach an CPL a phleanáil agus a struchtúrú i gcomhréir leis na tréimhsí ama a cheadaítear de réir an chóras maidir le drochúsáid mhargaidh.

(59)Ós CPL é atá, ina iomláine nó i bpáirt, faoi úinéireacht údaráis phoiblí amháin nó níos mó nó faoi rialú an údaráis réitigh, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an CPL idirlinne a áirithiú go leanfar de na seirbhísí airgeadais bunriachtanacha a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint an CPL a cuireadh faoi réiteach agus go leanfar de na gníomhaíochtaí airgeadais bunriachtanacha a dhéanamh. Ba cheart an CPL idirlinne a oibriú mar eintiteas ar gnóthas leantach inmharthana é agus ba cheart é a chur ar ais ar an margadh nuair is iomchuí na dálaí nó é a fhoirceannadh nuair nach mbíonn sé inmharthana a thuilleadh.

(60)I gcás nach mbeadh fáil go praiticiúil ar aon roghanna eile nó inar féidir a léiriú nár leor iad chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart rannpháirtíocht rialtais a bheith ceadmhach, trí thacaíocht gnáthscaireanna nó úinéireacht phoiblí shealadach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, lena náirítear athstruchtúrú oibríochtaí an CPL, agus ba cheart an rannpháirtíocht sin aisghabháil na gcistí a úsáideadh ón CPL le himeacht ama a chur ar fáil. Úsáidtear uirlisí cobhsaithe rialtais d'ainneoin ról na mbanc ceannais leachtacht a sholáthar don chóras airgeadais fiú le linn tréimhsí struis. 

(61)Chun an áirithiú go mbeidh údarás de chuid an Aontais in ann na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a chur i bhfeidhm ar chonarthaí le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ba cheart an deis sin a aithint i rialacha oibríochta an CPL.

(62)Na cumhachtaí dlíthiúla uile is gá a d'fhéadfaí a fheidhmiú, arna gcomhcheangal ar mhodhanna éagsúla, agus na huirlisí réitigh á núsáid, ba cheart iad a bheith ag na húdaráis réitigh. Ba cheart go náireofaí ar na cumhachtaí sin an chumhacht ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a aistriú chuig eintiteas eile amhail CPL eile nó CPL idirlinne, an chumhacht ionstraimí úinéireachta a dhíluacháil nó a chealú, nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a dhíluacháil nó a chomhshó, an chumhacht an corrlach athrúcháin a dhíluacháil, an chumhacht forghníomhú a dhéanamh ar aon oibleagáidí gan íoc de chuid an tríú páirtí i ndáil leis an CPL lena náirítear glaonna ar airgead agus leithdháiltí suímh, an chumhacht conarthaí an CPL a chaitheamh amach i bpáirt agus ina niomláine, an chumhacht an lucht bainistíochta a athrú agus an chumhacht moratorium sealadach a fhorchur ar éilimh a íoc. Ba cheart an CPL agus comhaltaí a bhoird agus a lucht bainistíochta sinsearaí leanúint de bheith dliteanach, faoi réir dhlí an Bhallstáit, de réir an dlí shibhialta nó choiriúil i ndáil lena bhfreagracht as cliseadh an CPL.

(63)Ba cheart ceanglais nós imeachta a bheith ar áireamh sa chreat réitigh lena náiritheofar go dtabharfar fógra iomchuí maidir le gníomhaíochtaí réitigh agus go bpoibleofar iad. De bhrí gur dócha faisnéis a gheobhaidh na húdaráis réitigh agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh a bheith íogair, sula bpoibleofar an cinneadh réitigh, ba cheart í a bheith faoi réir córas éifeachtach rúndachta. Is gá a chur san áireamh go bhféadfaí éifeachtaí forleathana a bheith ann de bharr faisnéis maidir le hinneachar agus sonraí pleananna téarnaimh agus réitigh agus de bharr toradh aon mheasúnaithe ar na pleananna sin, go háirithe ar na gnóthais lena mbaineann. Aon fhaisnéis a sholáthrófar maidir le cinneadh sula ndéanfar an cinneadh sin, bíodh sé i dtaobh na coinníollacha réitigh a bheith comhlíonta, i dtaobh uirlis shonrach a úsáid nó i dtaobh aon ghníomhaíocht a úsáid i rith na nimeachtaí, ní mór a thoimhdiú go mbeidh éifeachtaí dá barr ar na leasanna poiblí agus príobháideacha a mbaineann an ghníomhaíocht leo. D'fhéadfadh sé, áfach, gur leor an fhaisnéis go bhfuil an túdarás réitigh ag scrúdú CPL áirithe le go mbainfeadh éifeachtaí diúltacha don CPL sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí ann chun rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú, amhail inneachar agus sonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar sa chomhthéacs sin.

(64)Ba cheart cumhachtaí coimhdeacha a bheith ag na húdaráis réitigh chun a áirithiú gur éifeachtach aistriú na nionstraimí úinéireachta nó na nionstraimí fiachais agus na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas. Faoi réir na gcoimircí, ba cheart go náireofaí ar na cumhachtaí sin an chumhacht cearta tríú páirtí a bhaint de na hionstraimí nó de na sócmhainní arna naistriú agus an chumhacht conarthaí a fhorghníomhú agus foráil a dhéanamh maidir le buaine na socruithe maidir le fáil na sócmhainní agus na nionstraimí úinéireachta arna naistriú. Níor cheart difear a dhéanamh do chearta na bhfostaithe conradh fostaíochta a fhoirceannadh, áfach. Níor cheart difear a dhéanamh ach oiread don cheart atá ag páirtí conradh leis an CPL faoi réiteach, nó le grúpeintiteas de, a fhoirceannadh ar chúiseanna nach mbaineann le réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an chumhacht choimhdeach a bheith ag na húdaráis réitigh ceangal a chur ar an CPL iarmharach atáthar a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta seirbhísí a sholáthar a bhfuil gá leo le gur féidir leis an CPL ar aistríodh sócmhainní, conarthaí nó ionstraimí airgeadais chuige de bhua chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, nó le gur féidir leis an CPL idirlinne a ghnó a sheoladh.

(65)I gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, tá an ceart chun próise cuí ag na páirtithe lena mbaineann agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne na mbeart a dhéanann difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh a bheith faoi réir ceart achomhairc.

(66)D'fhéadfadh sé go dteastódh measúnuithe eacnamaíocha agus mórchorrlach lánroghnach le haghaidh na gníomhaíochta réitigh a dhéanfadh na húdaráis réitigh náisiúnta. Tá ag na húdaráis réitigh náisiúnta, go sonrach, an saineolas is gá chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun úsáid iomchuí an chorrlaigh lánroghnaigh a chinneadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh náisiúnta sa chomhthéacs sin a úsáid mar bhonn agus iad ag breithniú na mbeart bainistithe géarchéime lena mbaineann.

(67)Chun cásanna fíorphráinne a chumhdach, agus ós rud é go bhféadfadh sé go gcuirfí bac ar bhuaine na bhfeidhmeanna criticiúla dá gcuirfí aon chinneadh de chuid na núdarás réitigh ar fionraí, is gá foráil a dhéanamh nach gcuirfear, de thoradh achomharc a bheith curtha isteach, éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne ar fionraí go huathfheidhmeach agus gur cheart cinneadh an údaráis réitigh a bheith infhorghníomhaithe láithreach.

(68)Ina theannta sin, más gá chun tríú páirtithe a chosaint a bhfuil sócmhainní, conarthaí, cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach faighte acu de mheon macánta de bhua fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag na húdaráis agus chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú, níor cheart an ceart achomhairc difear a dhéanamh d'aon ghníomh riaracháin ná d'aon idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cinneadh a cuireadh ar neamhní. I gcásanna den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, na leigheasanna ar chinneadh éagórach a bheith teoranta do chúiteamh a bhronnadh as an díobháil a d'fhulaing na daoine lena mbaineann.

(69)Ós rud é go bhféadfadh sé gur ghá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh go práinneach de thoradh rioscaí tromchúiseacha don chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát agus san Aontas, ba cheart aon nós imeachta faoin dlí náisiúnta i ndáil leis an iarratas ar fhaomhadh breithiúnach ex ante ar bheart bainistithe géarchéime agus breithniú na cúirte ar an iarratas sin, ba cheart iad a dhéanamh go mear. Tá an méid sin gan dochar don cheart a d'fhéadfadh a bheith ag na páirtithe leasmhara maidir le hiarratas a dhéanamh leis an gcúirt an cinneadh a chur i leataobh ar feadh tréimhse theoranta tar éis don údarás réitigh an beart bainistithe géarchéime a dhéanamh.

(70)Chun go ndéanfar réiteach éifeachtúil, agus chun coinbhleachtaí dlínse a sheachaint, is fearr gan aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis an CPL a bhfuil ag cliseadh air a oscailt ná leanúint d'aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis le linn don údarás réitigh a chumhachtaí réitigh a fheidhmiú nó na huirlisí réitigh a úsáid, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó ar thoiliú chuige dó. Is fónta agus is gá, oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun go mbeidh an tam ag an údarás réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir le hoibleagáidí an CPL a bhfuil ag cliseadh air i leith na gcóras arna nainmniú faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , na gcontrapháirtithe lárnach eile agus na mbanc ceannais. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe tríd an suaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm iomchuí ag na cosaintí sin i gcás géarchéime, agus deimhneacht iomchuí á coimeád d'oibreoirí córas íocaíochta agus urrús agus rannpháirtithe margaidh eile, níor cheart a mheas go bhfuil beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh ina nimeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chur i gcrích. Níor cheart an bonn a bhaint ó oibriú córais arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE ná ón gceart ar urrús comhthaobhach a ráthaítear sa Treoir sin.

(71)Chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis réitigh, agus sócmhainní agus dliteanais á naistriú acu chuig ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó chuig CPL idirlinne, tréimhse iomchuí le haghaidh shainaithint na gconarthaí is gá a aistriú, d'fhéadfadh sé gur iomchuí srianta comhréireacha a chur ar chearta na gcontrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, nó iad a luathú nó a fhoirceannadh ar bhealach eile, sula ndéanfar an taistriú. Bheadh srianta den sórt sin riachtanach le go bhféadfadh na húdaráis léargas fírinneach a fháil ar chlár chomhardaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air, gan na hathruithe ar luach agus scóip a thiocfadh le feidhmiú fairsing na gceart chun foirceannta. Chun nach gcuirfear isteach ar chearta conarthacha na gcontrapháirtithe ach an tíosmhéid is gá, níor cheart feidhm a bheith ag na srianta ar na cearta chun foirceannta ach maidir leis an mbeart coiscthe géarchéime nó maidir leis an ngníomhaíocht réitigh, lena náirítear aon teagmhas a tharlódh a bheadh bainteach go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin, agus ba cheart go leanfaí de na cearta chun foirceannta a eascraíonn ó aon mhainneachtain eile, lena náirítear mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó corrlach a sholáthar.

(72)Chun socruithe margaidh caipitil dlisteanacha a chaomhnú i gcás ina naistreofar, seachas an tiomlán, roinnt de na sócmhainní, na conarthaí, na cearta agus na dliteanais atá ag CPL a bhfuil ag cliseadh air, is iomchuí coimircí a chur san áireamh chun cosc a chur ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, de réir mar is iomchuí. An srian sin ar chleachtais áirithe maidir le conarthaí nasctha agus an chomhthaobhacht ghaolmhar, ba cheart go gcuimseofaí leis freisin conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, comhaontuithe glanluachála clabhsúir, agus socruithe airgeadais struchtúrtha. I gcás ina mbeidh feidhm ag an gcoimirce, ba cheart do na húdaráis réitigh iarracht a dhéanamh na conarthaí nasctha uile a bhaineann le socrú atá faoi chosaint a aistriú, nó iad uile a choinneáil sa CPL a bhfuil ag cliseadh air. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear isteach a laghad is féidir ar an gcóireáil caipitil rialála ar neamhchosaintí arna gcumhdach le comhaontú glanluachála chun críocha Threoir 2013/36/AE.

(73)Solathraíonn CPLanna an Aontais Eorpaigh seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint atá lonnaithe i dtríú tíortha agus soláthraíonn CPLanna tríú tíortha seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint atá lonnaithe san Aontas Eorpach. Le réiteach éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta, is gá comhar idir údaráis na mBallstát agus údaráis tríú tír. Chun na críche sin, ba cheart do ÚEUM treoir a thabhairt maidir leis an inneachar ábhartha sna socruithe comhair atá le tabhairt i gcríoch le húdaráis tríú tíortha. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe comhair sin go ndéanfar pleanáil éifeachtach, cinnteoireacht éifeachtach agus comhordú éifeachtach i ndáil le CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú i gcúinsí áirithe. Ba cheart comhar a dhéanamh freisin maidir le fochuideachtaí CPLanna de chuid an Aontais nó de chuid an tríú tír agus maidir lena gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint.

(74)Chun comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint iomchuí a áirithiú le haghaidh na rannpháirtithe margaidh ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh a shonrú, agus chun inneachar na bpleananna réitigh agus eilimintí atá ábhartha maidir le seoladh luachálacha a shonrú.

(75)Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann aon oibleagáidí imréitigh arna mbunú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chur ar fionraí, arna iarraidh sin d'údarás imréitigh CPL atá faoi réiteach nó d'údarás inniúil comhalta imréitigh de chuid CPL atá faoi réiteach, agus tar éis do ÚEUM tuairim neamhcheangailteach a thabhairt, i gcás aicmí sonracha de dhíorthacha thar an gcuntar arna nimréiteach ag CPL atá faoi réiteach. An cinneadh maidir le fionraí, níor cheart é a ghlacadh ach amháin más gá é chun an chobhsaíocht airgeadais agus muinín an mhargaidh a chaomhnú, go háirithe chun éifeachtaí gabhála a sheachaint agus chun cosc a chur le neamhchosaintí móra agus éiginnte i leith CPL a bheith ag contrapháirtithe agus ag infheisteoirí. Chun an cinneadh a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún na cuspóirí réitigh a chur san áireamh mar aon leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh díorthacha thar an gcuntar a chur faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir leis na díorthacha thar an gcuntar sin a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith. Fionraí de chineál sealadach ba cheart a bheith ann, leis an deis é a athnuachan. Ar an dóigh chéanna, ba cheart ról choiste riosca an CPL, a leagtar amach in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a mhéadú chun an CPL a spreagadh a thuilleadh lena rioscaí a bhainistiú go stuama agus a stóinseacht a fheabhsú. Ba cheart comhaltaí an choiste riosca a bheith in ann an túdarás inniúil a chur ar an eolas nuair nach leanfaidh an CPL comhairle an choiste riosca, ba cheart ionadaithe na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant ar an gcoiste riosca a bheith in ann an fhaisnéis arna soláthar a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaintí i leith an CPL, i gcomhréir leis na coimircí rúndachta. Ar deireadh, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis réitigh na CPLanna ar an bhfaisnéis uile is gá atá i stórtha trádála. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 2365/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 a leasú dá réir sin.

(76)Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar údaráis réitigh na CPLanna sna fóraim ábhartha uile, chun a áirithiú go mbeidh ag ÚEUM an saineolas uile is gá chun na cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le téarnamh agus réiteach CPLanna, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a leasú chun údaráis réitigh náisiúnta na CPLanna a chuimsiú le coincheap na núdarás inniúil a leagtar síos sa Rialachán sin.

(77)Chun cinntí ÚEUM a ullmhú i ndáil leis na cúraimí a shanntar dó a bhaineann le dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt maidir le luachálacha ex ante agus ex post agus maidir leis na coláistí réitigh agus na pleananna réitigh, agus a bhaineann le treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha réitigh, agus maidir le hidirghabháil cheangailteach, agus chun a áirithiú go mbeidh ÚBE agus a chomhaltaí rannpháirteach go cuimsitheach in ullmhú na gcinntí sin, ba cheart do ÚEUM coiste réitigh inmheánach a chruthú a niarrfar ar na húdaráis inniúla ábhartha de chuid ÚBE a bheith rannpháirteach ann mar bhreathnóirí.

(78)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, agus go háirithe an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus an ceart chun cosanta.

(79)Agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh aird chuí a thabhairt i gcónaí ar thionchar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit eile agus ar an gcás eacnamaíoch sna Ballstáit eile agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar thábhacht aon chomhalta imréitigh i leith earnáil airgeadais agus gheilleagar an Bhallstáit ina bhfuil an comhalta imréitigh sin bunaithe.

(80)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá comhchuibhiú na rialacha agus na bpróiseas maidir le CPLanna a réiteach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na néifeachtaí a leanfadh cliseadh aon CPL ar an Aontas ina iomláine, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(81)Chun neamhréireachtaí a sheachaint idir na forálacha a bhaineann le téarnamh agus le réiteach CPLanna agus an creat dlíthiúil lena rialaítear téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta óna mbeidh na bearta lena dtrasuífear [Oifig na bhFoilseachan: Cuir isteach tagairt don Treoir lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) arna núdarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus rialacha maidir leis na socruithe le tríú tíortha sa réimse téarnaimh agus réitigh CPLanna.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn "CPL" contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(2)ciallaíonn "coláiste réitigh" an coláiste arna bhunú de bhun Airteagal 4;

(3)ciallaíonn "údarás réitigh" údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;

(4)ciallaíonn "uirlis réitigh" uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 27(1);

(5)ciallaíonn "cumhachtaí réitigh" na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 48;

(6)ciallaíonn "cuspóirí réitigh" na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21;

(7)ciallaíonn "údarás inniúil" údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(8)ciallaíonn "plean réitigh" plean réitigh le haghaidh CPL arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 13;

(9)ciallaíonn "gníomhaíocht réitigh" an cinneadh CPL a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 22, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú;

(10)ciallaíonn "comhalta imréitigh" comhalta imréitigh mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(11)ciallaíonn "máthairghnóthas" máthairghnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (15)(a) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(12)ciallaíonn "CPL tríú tír" CPL a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtír eile;

(13)ciallaíonn "socrú fritháirimh" socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó nó dhá oibleagáid nó níos mó atá dlite idir an CPL atá faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh i gcoinne a chéile;

(14)ciallaíonn "bonneagar margaidh airgeadais" (BMA) contrapháirtí lárnach, taisclann lárnach urrús, stór trádála, córas íocaíochta nó córas eile arna shainmhíniú agus arna ainmniú ag Ballstát faoi Airteagal 2(a) de Threoir 98/26/CE;

(15)ciallaíonn "cliant" cliant mar a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(16)ciallaíonn "CPL nasctha" CPL a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha ar bun leis faoi Theideal V de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(17)ciallaíonn "rannpháirtithe imréitigh" comhaltaí agus cliaint imréitigh;

(18)ciallaíonn "plean téarnaimh" plean téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choinneáil ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 9;

(19)ciallaíonn "bord" an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, a cuireadh ar bun de bhun dlí náisiúnta na gcuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(20)ciallaíonn "coláiste" an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(21)ciallaíonn "caipiteal" caipiteal suibscríofa de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle 25 lena náirítear ionstraimí úinéireachta sa mhéid go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, go niompraíonn sé na caillteanais i ngnáthchásanna gnó agus, i gcás féimheachta nó leachtú, go rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;

(22)ciallaíonn "mainneachtain i bhfoirm cascáide" mainneachtain i bhfoirm cascáide i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(23)ciallaíonn "feidhmeanna criticiúla" gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a sholáthraítear do thríú páirtithe atá lasmuigh den CPL arb é ba dhócha a thiocfadh as dá scoirfí díobh go gcuirfí isteach ar sheirbhísí atá bunriachtanach don fhíorgheilleagar nó go gcuirfí isteach ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstát amháin nó ní ba mhó de thoradh mhéid, sciar margaidh, nascacht inmheánach agus sheachtrach, chastacht nó ghníomhaíochtaí trasteorann an CPL nó an ghrúpa, ag féachaint go háirithe d'inionadaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na noibríochtaí sin;

(24)ciallaíonn ''grúpa'' máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí;

(25)ciallaíonn "BMA nasctha" CPL nasctha nó BMA eile a bhfuil socruithe conarthacha ag an CPL leis;

(26)ciallaíonn "tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách" státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí ar an leibhéal fornáisiúnta a bheadh ina Státchabhair dá mba ar an leibhéal náisiúnta a dheonfaí í, a sholáthrófar chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht a chaomhnú nó a athbhunú do CPL nó do ghrúpa ar cuid de an CPL sin;

(27)ciallaíonn "conarthaí airgeadais" conarthaí agus socruithe mar a leagtar amach i bpointe (100) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(28)ciallaíonn "gnáthimeachtaí dócmhainneachta" comh-imeachtaí dócmhainneachta arb é atá i gceist leo féichiúnaí a dhífheistiú i bpáirt nó ina iomláine agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh agus ar imeachtaí iad is infheidhme de ghnáth maidir le CPLanna faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na hinstitiúidí sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(29)ciallaíonn "ionstraimí úinéireachta" scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá inchomhshóite ina scaireanna nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí a léiríonn leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;

(30)ciallaíonn "údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe" an túdarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholtaí an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na núdarás náisiúnta (BERS/2011/3);

(31)ciallaíonn "ciste mainneachtana" ciste mainneachtana atá ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(32)ciallaíonn "acmhainní réamh-mhaoinithe" acmhainní atá ag an duine dlítheanach ábhartha agus ar fáil gan srian dó;

(33)ciallaíonn "lucht bainistíochta sinsearaí" an duine nó na daoine a bhainistíonn dáiríre gnó an CPL, agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird.

(34)ciallaíonn "stór trádála" stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialacháin (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 ;

(35)ciallaíonn "creat Státchabhrach an Aontais" an creat a bhunaítear le hAirteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena náirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;

(36)ciallaíonn "ionstraimí fiachais" bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe neamhurraithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena naithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(37)ciallaíonn "glao ar airgead i gcomhair réitigh" iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar chumhachtaí reachtúla atá ar fáil don údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 31;

(38)ciallaíonn "glaonna ar airgead" iarrataí ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar na socruithe conarthacha a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL;

(39)ciallaíonn "cumhachtaí aistrithe" na cumhachtaí a shonraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) d'Airteagal 48(1) chun scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó aon mheascán de na hítimí sin, a aistriú ón CPL atá faoi réiteach chuig an bhfaighteoir;

(40)ciallaíonn "díorthach" díorthach mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(41)ciallaíonn "socrú glanluachála" socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a thiontú ina nglanéileamh aonair, lena náirítear socruithe glanluachála clabhsúir faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh forghníomhú (pé cineál nó áit a bheidh i gceist), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa dóigh go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó go bhfoirceannfar iad, agus i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a thiontú ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina nionad, lena náirítear "forálacha maidir le glanluacháil chlabhsúir" mar a shainmhínítear i bpointe (n)(i) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 agus "glanluacháil" mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(42)ciallaíonn "beart coiscthe géarchéime" feidhmiú cumhachtaí chun ceangal a chur ar CPL bearta a dhéanamh chun easnaimh ar a bplean téarnaimh a leigheas faoi Airteagal 10(8) agus (9), feidhmiú cumhachtaí chun dul i ngleic nó deireadh a chur le baic ar inréititheacht faoi Airteagal 17, nó cur i bhfeidhm birt luath-idirghabhála faoi Airteagal 19;

(43)ciallaíonn "ceart chun foirceannta" an ceart chun conradh a fhoirceannadh, an ceart chun oibleagáidí a luathú, a fhritháireamh nó a ghlanluacháil nó chun clabhsúr a chur ar oibleagáidí, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí i gconradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó aon fhoráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;

(44)ciallaíonn "socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil" socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE.

(45)ciallaíonn "banna faoi chumhdach" ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ;

(46)ciallaíonn "imeachtaí réitigh tríú tír" gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh CPL tríú tír atá inchurtha, ó thaobh na gcuspóirí agus na dtorthaí tuartha de, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Rialachán seo;

(47)ciallaíonn "údaráis náisiúnta ábhartha" na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó na haireachtaí inniúla arna nainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó de bhun Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE nó údaráis eile sna Ballstáit a bhfuil cumhachtaí acu i ndáil le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPLanna tríú tír agus a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ina ndlínse féin;

(48)ciallaíonn "údarás ábhartha tríú tír" údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a dhéanamh atá inchurtha leis na feidhmeanna sin atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo.



TEIDEAL II
ÚDARAIS, COLÁISTE RÉITIGH AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Roinn I
Údaráis réitigh, coláistí réitigh agus rannpháirtíocht Údarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 3
Údaráis réitigh agus aireachtaí inniúla a ainmniú

1.Déanfaidh gach Ballstát údarás réitigh amháin nó níos mó a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige na huirlisí réitigh a úsáid agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú a leagtar amach sa Rialachán seo.

Is iad na bainc cheannais náisiúnta, na haireachtaí inniúla, na húdaráis riaracháin phoiblí nó údaráis eile a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí tugtha dóibh a bheidh sna húdaráis réitigh.

2.Beidh ag na húdaráis réitigh an saineolas, na hacmhainní agus an cumas oibríochtúil is gá chun bearta réitigh a chur i bhfeidhm agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú leis an luas agus leis an tsolúbthacht is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile de chúram ar údarás réitigh arna ainmniú de bhun mhír 1, áiritheoidh an Ballstát neamhspleáchas oibríochta an údaráis réitigh sin agus cuirfidh sé na socruithe uile i bhfeidhm is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun an Rialacháin seo agus na feidhmeanna eile uile arna gcur de chúram ar an údarás céanna.

4.An fhoireann sin a bheidh rannpháirteach i gcur i gcrích na bhfeidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun an Rialacháin seo, beidh sí scartha go struchtúrach ón bhfoireann a bheidh rannpháirteach i gcur i gcrích fheidhmeanna eile an údaráis sin, agus beidh sí faoi réir línte tuairiscithe éagsúla.

Glacfaidh an túdarás réitigh, agus poibleoidh sé, na rialacha inmheánacha lena náiritheofar an scaradh struchtúrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena náirítear rialacha maidir leis an rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise idir na réimsí feidhme éagsúla.

5.Ainmneoidh gach Ballstát aon aireacht amháin a bheidh freagrach as feidhmiú na bhfeidhmeanna arna gcur de chúram ar an aireacht inniúil de bhun an Rialacháin seo.

6.I gcás nach í an aireacht inniúil an túdarás réitigh sa Bhallstát, déanfaidh an túdarás réitigh an aireacht inniúil a chur ar an eolas faoi na cinntí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo.

7.I gcás ina mbeidh tionchar fioscach díreach nó impleachtaí sistéamacha ag na cinntí dá dtagraítear i mír 6, gheobhaidh an túdarás réitigh faomhadh na haireachta inniúla sula gcuirfear chun feidhme iad mura bhforálfar a mhalairt sa dlí náisiúnta.

8.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi na húdaráis réitigh arna nainmniú de bhun mhír 1.

9.I gcás ina nainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás réitigh amháin de bhun mhír 1, beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 8:

(a)na cúiseanna a thugann údar leis an ainmniú iolrach sin;

(b)leithdháileadh na bhfeidhmeanna agus na bhfreagrachtaí idir na húdaráis sin;

(c)an chaoi a náirithítear an comhordú eatarthu;

(d)an túdarás réitigh atá ainmnithe ina údarás teagmhála ar mhaithe le comhar agus comhordú le húdaráis ábhartha na mBallstát eile.

10.Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis réitigh agus de na húdaráis teagmhála a dtabharfar fógra fúthu de bhun mhír 8.

Airteagal 4

Coláistí réitigh

1.Déanfaidh an túdarás réitigh coláiste réitigh a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, a dhéanfaidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 13, 16 agus 17, agus a áiritheoidh comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír.

Soláthróidh na coláistí réitigh creat faoina ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha eile na cúraimí seo a leanas:

(a)faisnéis a mhalartú is ábhartha maidir le forbairt pleananna réitigh, maidir le cur i bhfeidhm beart ullmhúcháin agus coisctheach, agus maidir le réiteach;

(b)pleananna réitigh a fhorbairt de bhun Airteagal 13;

(c)measúnú a dhéanamh ar inréititheacht CPLanna de bhun Airteagal 16;

(d)baic ar inréititheacht CPLanna a shainaithint, dul i ngleic leo agus deireadh a chur leo, de bhun Airteagal 17;

(e)comhordú a dhéanamh ar an gcumarsáid poiblí maidir le straitéisí agus scéimeanna réitigh.

2.Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:

(a)údarás réitigh an CPL;

(b)údarás inniúil an CPL;

(c)údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(e)údaráis inniúla agus údaráis réitigh na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(f)na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(g)comhaltaí CEBC dá dtagraítear i bpointe g) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(h)na bainc cheannais dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(i)údaráis inniúla an mháthairghnóthais, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 8(4);

(j)an aireacht inniúil, i gcás nach é an túdarás réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) an aireacht inniúil;

(k)ÚEUM;

(l)an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

3.Ní bheidh cearta vótála ag ÚEUM ná ag ÚBE sna coláistí réitigh.

4.Údaráis inniúla agus údaráis réitigh comhaltaí imréitigh atá bunaithe i dtríú tíortha agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh CPLanna tríú tír a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an CPL leo, féadfar iarraidh orthu bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí. Féadfaidh siad freastal ar an gcoláiste ar choinníoll go mbeidh ceanglais rúndachta orthu a bheidh coibhéiseach, i dtuairim chathaoirleach an choláiste, leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 71.

Beidh rannpháirtíocht údarás tríú tír sa choláiste réitigh teoranta do shaincheisteanna maidir le forghníomhú trasteorann a phlé, lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)forghníomhú éifeachtach agus comhordaithe ar ghníomhaíochtaí réitigh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 75;

(b)sainaithint agus díothú na mbac a d'fhéadfadh cosc a chur le gníomhaíocht éifeachtach réitigh, ar baic iad a d'fhéadfadh a eascairt ó éagsúlacht sna dlíthe lena rialaítear comhthaobhacht, socruithe glanluachála agus fritháirimh, agus ó chumhachtaí nó straitéisí difriúla maidir le téarnamh agus réiteach;

(c)sainaithint agus comhordú aon ghá le ceanglais nua maidir le ceadúnú, aitheantas nó údarú, ag cur san áireamh gur gá gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích go pras;

(d)fionraí féideartha aon oibleagáide imréitigh i gcás na naicmí sócmhainní a ndéanfar difear dóibh de thoradh réiteach an CPL de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó de bhun aon fhoráil choibhéiseach i ndlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann;

(e)an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag amchriosanna éagsúla ar na huaireanta scoir gnó is infheidhme maidir le trádáil a chríochnú.

5.Beidh cathaoirleach an choláiste réitigh freagrach as na cúraimí seo a leanas:

(a)socruithe agus nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn maidir le feidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;

(b)gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh a chomhordú;

(c)cruinnithe uile an choláiste réitigh a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu;

(d)comhaltaí uile an choláiste réitigh a choinneáil go hiomlán ar an eolas sula neagrófar na cruinnithe, maidir leis na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé sna cruinnithe sin agus maidir leis na nithe a mheasfar chun críocha an phlé sin;

(e)cinneadh a dhéanamh an iarrfar ar údaráis tríú tír, agus cé na húdaráis tríú tír a niarrfar orthu, freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh i gcomhréir le mír 4,

(f)comhordú a dhéanamh ar mhalartú tráthúil na faisnéise ábhartha uile idir comhaltaí an choláiste réitigh;

(g)comhaltaí uile an choláiste a choinneáil ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus faoi thorthaí na gcruinnithe sin.

6.Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí réitigh ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh dá dtagraítear i mír 1.

29 30 Chun na caighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, cuirfidh ÚEUM san áireamh na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 876/2013 ón gCoimisiún, i Roinn 1 de Chaibidil 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. –/2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE maidir le caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ar bhonn Airteagal 88(7) de Threoir 2014/59/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta mar atá 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5
Coiste Réitigh ÚEUM

1.Cruthóidh ÚEUM coiste réitigh de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na cinntí a ullmhú a chuirtear de cúram ar ÚEUM faoin Rialachán seo, cé is moite de na cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo.

Déanfaidh an coiste réitigh forbairt agus comhordú pleananna réitigh a chur chun cinn agus modhanna a fhorbairt le CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach.

2.Beidh an coiste réitigh comhdhéanta de na húdaráis arna nainmniú de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

Iarrfar ar na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (iv) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 bheith rannpháirteach sa choiste réitigh mar bhreathnóirí.

3.Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh ÚEUM leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus le ÚBE faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh ÚEUM go bhfuil scaradh struchtúrach idir an coiste réitigh agus na feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6
Comhar idir na húdaráis

1.Oibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le chéile i ndlúthchomhar agus cinntí réitigh á nullmhú, á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm.

2.Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh gan mhoill do ÚEUM an fhaisnéis uile is gá chun a chuid dualgas a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn II
Cinnteoireacht agus nósanna imeachta

Airteagal 7
Bunphrionsabail maidir leis an gcinnteoireacht

Cuirfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus ÚEUM na prionsabail uile a leanas san áireamh nuair a bheidh cinntí agus gníomhaíochta á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo:

(a)go náiritheofar comhréireacht aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta i ndáil le CPL ar leith, ag cur san áireamh na dtosc seo a leanas ar a laghad:

i)foirm dhlíthiúil an CPL;

ii)cineál, méid agus castacht ghnó an CPL;

iii)struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL;

iv)struchtúr scairshealbhóireachta an CPL;

v)idirnascthacht an CPL le bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, le hinstitiúidí airgeadais eile agus leis an gcóras airgeadais i gcoitinne;

vi)iarmhairtí iarbhír nó féideartha na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus in Airteagal 22(2).

(b)go bhféachfar don riachtanas an chinnteoireacht a bheith éifeachtach agus na costais a bheith chomh híseal agus is féidir nuair a bheidh luath-idirghabháil nó gníomhaíocht réitigh á ndéanamh;

(c)go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht go tráthúil agus faoi phráinn chuí nuair is gá sin;

(d)go gcomhoibreoidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla agus údaráis eile le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht ar dhóigh chomhordaithe éifeachtúil;

(e)go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na núdarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;

(f)go dtabharfar aird chuí ar leas na mBallstát mar a soláthróidh an CPL seirbhísí agus mar a mbeidh a chomhaltaí imréitigh, cliaint na gcomhaltaí sin, nó aon CPLanna nasctha, bunaithe agus go háirithe go dtabharfar aird chuí ar thionchar aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar chobhsaíocht airgeadais nó ar acmhainní fioscacha na mBallstát sin agus an Aontais ina iomláine;

(g)go dtabharfar aird chuí ar na cuspóirí freastal ar leas na rannpháirtithe imréitigh éagsúla, ar leas na gcreidiúnaithe lena mbaineann agus ar leas na sealbhóirí lena mbaineann sna Ballstáit lena mbaineann agus gan dochar éagórach a dhéanamh do leas gníomhaithe ar leith i mBallstáit áirithe ná cosaint éagórach a thabhairt dóibh, lena náirítear leithdháileadh éagórach ualaigh i measc na mBallstát a sheachaint;

(h)gurb é a thuigfear, ar a laghad, as aon oibleagáid faoin Rialachán seo dul i gcomhairle le húdarás sula ndéanfar aon chinneadh nó aon ghníomhaíocht, an oibleagáid dul i gcomhairle leis maidir leis na heilimintí sin den chinneadh beartaithe nó den ghníomhaíocht bheartaithe a raibh nó ar dócha go mbeidh acu:

(i) éifeacht ar na comhaltaí imréitigh, na cliaint nó BMAanna nasctha;

(ii) tionchar ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát ina bhfuil na comhaltaí imréitigh, na cliaint nó na BMAanna nasctha, bunaithe nó suite;

(i)go gcloífear leis na pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 13, ach amháin más gá diall ó na pleananna sin chun gur fearr a bhainfear amach na cuspóirí réitigh;

(j)go náiritheofar an trédhearcacht in aon chás inar dócha go mbeidh impleachtaí do chobhsaíocht airgeadais nó d'acmhainní fioscacha aon Bhallstáit ábhartha ag baint le cinneadh beartaithe nó le gníomhaíocht bheartaithe;

(k)go gcomhordóidh siad agus go gcomhoibreoidh siad a dhlúithe is féidir, leis an aidhm freisin costas foriomlán an réitigh a laghdú;

(l)go maolófar éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta aon chinnidh sna Ballstáit uile agus sna tríú tíortha uile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí, lena náirítear tionchair dhiúltacha ar an gcobhsaíocht airgeadais.

Airteagal 8
Malartú faisnéise

1.Cuirfidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ar fáil dá chéile an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le feidhmiú a gcúraim faoin Rialachán seo, arna iarraidh sin.

2.Ní nochtfaidh na húdaráis réitigh faisnéis rúnda arna soláthar ag údarás tríú tír ach amháin i gcás ina dtoileoidh an túdarás sin leis roimh ré.

Cuirfidh na húdaráis réitigh ar fáil do na haireachtaí inniúla an fhaisnéis uile i ndáil le cinntí nó bearta nach mór fógra a thabhairt don aireacht sin fúthu, dul i gcomhairle leis an aireacht sin fúthu nó toiliú na haireachta sin a fháil ina leith.

TEIDEAL III
ULLMHÚCHÁN

CAIBIDIL I
Pleanáil téarnaimh agus réitigh

Roinn 1
Pleanáil téarnaimh

Airteagal 9
Pleananna téarnaimh

1.Déanfaidh na CPLanna plean téarnaimh a tharraingt suas agus a chothabháil ina leagfar síos na bearta a bheidh le déanamh chun a staid airgeadais a athshlánú i ndiaidh do mheathlú suntasach a theacht ar a gcás airgeadais nó más ann do bhaol go sáróidh siad na ceanglais stuamachta atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.Beidh ar áireamh sa phlean téarnaimh creat táscairí lena sainaithneofar na cúinsí ina ndéanfar na bearta a leagfar síos sa phlean. Féadfaidh táscairí de chineál cáilíochtúil nó cainníochtúil a bheith iontu maidir le staid airgeadais an CPL.

Cuirfidh na CPLanna socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán rialta a dhéanamh ar na táscairí sin.

3.Ní chuirfear cosc ar na CPLanna aon cheann de na nithe seo a leanas a chinneadh, i gcás ina mbeidh údar cuí leis:

(a)bearta a dhéanamh atá leagtha síos ina bpleananna téarnaimh, gan na táscairí ábhartha a bheith comhlíonta;

(b)gan bearta a dhéanamh atá leagtha síos ina bplean téarnaimh, cé go bhfuil na táscairí ábhartha comhlíonta.

4.Aon chinneadh a dhéanfar de bhun mhír 3 agus an túdar leis, déanfar fógra a thabhairt fúthu gan mhoill don údarás inniúil. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh, cuirfidh sé an túdarás inniúil ar an eolas faoi chineál agus faoi mhéid na bhfadhbanna a bheidh sainaitheanta aige, ag leagan amach na gcúinsí ábhartha uile agus ag sonrú na mbeart téarnaimh nó na mbeart eile a bheidh beartaithe aige chun dul i ngleic leis an staid.

I gcás ina measfaidh an túdarás inniúil go bhféadfaidh beart téarnaimh a bheidh beartaithe ag an CPL díobháil shuntasach a dhéanamh don chóras airgeadais, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL gan an beart sin a dhéanamh.

5.Cuirfidh an túdarás inniúil an túdarás réitigh ar an eolas go pras faoi aon fhógra arna fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 4 agus faoi aon treoir a thabharfaidh an túdarás inniúil ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4.

6.Déanfaidh na CPLanna a bpleananna téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ar a laghad agus i ndiaidh aon athrú ar a struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil nó ar a staid ghnó nó airgeadais a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do na pleananna sin nó a d'éileodh ar bhealach eile go nathrófaí na pleananna. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar na CPLanna a bpleananna téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta níos minice.

7.Déanfar na pleananna téarnaimh a dhréachtú i gcomhréir le Roinn A den Iarscríbhinn. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna faisnéis bhreise a chur lena bpleananna téarnaimh.

8.Déanfaidh bord an CPL an plean téarnaimh a mheas, ag cur san áireamh chomhairle an choiste riosca i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus a fhaomhadh sula gcuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil é.

9.Measfar gur cuid de rialacha oibríochta na CPLanna iad na pleananna téarnaimh agus áiritheoidh na CPLanna go mbeidh na bearta a leagfar amach sna pleananna téarnaimh infhorghníomhaithe i gcónaí.

Airteagal 10
Measúnú ar phleananna téarnaimh

1.Déanfaidh na CPLanna, nó i gcásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 11, déanfaidh a máthairghnóthais, a bpleananna téarnaimh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhfaomhadh.

2.Tarchuirfidh an túdarás inniúil gach plean chuig an gcoláiste agus chuig an údarás réitigh gan moill mhíchuí.

Laistigh de sé mhí ón uair a gcuirfear an plean faoina bhráid, agus i gcomhar leis an gcoláiste i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 12, athbhreithneoidh an túdarás inniúil an plean téarnaimh agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9.

3.Agus an plean téarnaimh á mheas aige, cuirfidh an túdarás inniúil san áireamh struchtúr caipitil an CPL, a mhainneachtain i bhfoirm cascáide, leibhéal castachta an struchtúir eagraíochtúil agus próifíl riosca an CPL, agus an tionchar a d'imreodh cur chun feidhme an phlean réitigh ar na comhaltaí imréitigh, ar na margaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu agus ar an gcóras airgeadais ina iomláine.

4.Scrúdóidh an túdarás réitigh an plean téarnaimh chun aon bhearta a shainaithint a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'inréititheacht an CPL. Déanfaidh an túdarás réitigh moltaí don údarás inniúil maidir leis an ábhar sin.

5.I gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil gan gníomhú de réir mholtaí an údaráis réitigh de bhun mhír 4, léireoidh sé ina iomláine don údarás réitigh an túdar atá leis an gcinneadh sin.

6.I gcás ina naontóidh an túdarás inniúil le moltaí an údaráis réitigh, nó go measfaidh sé ar bhealach eile go bhfuil easnaimh ábhartha ar an bplean téarnaimh nó baic ábhartha ar chur i bhfeidhm an phlean, tabharfaidh sé fógra don CPL nó dá mháthairghnóthas agus tabharfaidh sé deis don CPL a thuairimí a chur faoina bhráid.

7.Féadfaidh an túdarás inniúil, ag cur san áireamh thuairimí an CPL, ceangal a chur ar an CPL nó ar an máthairghnóthas plean athbhreithnithe a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí, tréimhse ar féidir síneadh aon mhíosa a chur léi le faomhadh an údaráis inniúil, ina léireofar an chaoi a bhfuiltear ag dul i ngleic leis na heasnaimh nó leis na baic sin. Déanfar measúnú ar an bplean athbhreithnithe i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2.

8.I gcás ina measfaidh an túdarás inniúil nár leor mar a chuathas i ngleic sa phlean athbhreithnithe leis na heasnaimh agus na baic, nó i gcás nach gcuirfidh an CPL nó an máthairghnóthas plean athbhreithnithe faoina bhráid, cuirfidh sé ceangal ar an CPL nó ar an matháirghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.

9.I gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a leigheas go hiomchuí le hathruithe sonracha ar an bplean, cuirfidh an túdarás inniúil ceangal ar an CPL nó ar an máthairghnóthas aon athruithe a shainaithint, laistigh d'achar réasúnta ama, a bheidh le déanamh ar a ghnó chun dul i ngleic leis na heasnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh.

I gcás nach sainaithneoidh an CPL nó an máthairghnóthas na hathruithe sin laistigh den achar ama a leagfaidh an túdarás inniúil síos, nó i gcás ina measfaidh an túdarás inniúil nach leor mar a rachfaí i ngleic trí na gníomhaíochtaí arna moladh leis na heasnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh, cuirfidh an túdarás inniúil ceangal ar an CPL nó ar an máthairghnóthas aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh, ag cur san áireamh a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic agus an éifeacht a bheidh ag na bearta ar ghnó an CPL:

(a)próifíl riosca an CPL a laghdú;

(b)feabhas a chur ar chumas an CPL dul faoi athchaipitliú ar mhodh tráthúil chun na ceanglais stuamachta atá air a chomhlíonadh;

(c)straitéis agus struchtúr an CPL a athbhreithniú;

(d)athruithe a dhéanamh ar an mainneachtain i bhfoirm cascáide, ar na bearta téarnaimh agus ar shocruithe leithdháilte caillteanais eile chun an inréititheacht agus stóinseacht na bhfeidhmeanna criticiúla a fheabhsú;

(e)athruithe a dhéanamh ar struchtúr rialachais an CPL.

10.An iarraidh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 9, beidh sé réasúnaithe agus tabharfar fógra fúithi i scríbhinn don CPL.

Airteagal 11

Pleananna téarnaimh le haghaidh CPLanna ar cuid de ghrúpa iad

1.Máthairghnóthas an ghrúpa ar cuid de an CPL, i gcás inar institiúid é mar a shainmhínítear i bpointe 23 d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir sin, déanfaidh an túdarás inniúil, dá dtagraítear i bpointe (21) d'Airteagal 2(1) den Treoir sin, ceangal a chur ar an máthairghnóthas plean téarnaimh a chur faoina bhráid le haghaidh an ghrúpa i gcomhréir leis an Treoir sin. Cuirfidh an túdarás inniúil an plean téarnaimh le haghaidh an ghrúpa faoi bhráid údaráis inniúil an CPL.

Máthairghnóthas an ghrúpa ar cuid de an CPL, i gcás inar institiúid nó eintiteas é dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus más iomchuí chun critéir Roinn A den Iarscríbhinn a chomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gcoláiste agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo, féadfaidh siad ceangal a chur ar an máthairghnóthas plean a chur faoina mbráid le haghaidh théarnamh an CPL mar chuid de phlean téarnaimh an ghrúpa. Beidh an iarraidh sin réasúnaithe agus tabharfar fógra fúithi i scríbhinn don CPL agus dá mháthairghnóthas.

2.I gcás inarb é an máthairghnóthas a chuirfidh an plean téarnaimh isteach i gcomhréir le mír 1, cuid ar leith den phlean téarnaimh sin a bheidh sna forálacha maidir le téarnamh an CPL agus comhlíonfaidh siad ceanglais an Rialacháin seo agus ní bheidh sé de cheangal ar an CPL plean téarnaimh ar leith a ullmhú.

3.Déanfaidh údarás inniúil an CPL, i gcomhréir le hAirteagal 10, measúnú ar na forálacha maidir le téarnamh an CPL agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil an ghrúpa.

Airteagal 12
Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna téarnaimh

1.Déanfaidh an coláiste cinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna seo uile a leanas:

(a)athbhreithniú agus measúnú an phlean téarnaimh;

(b)cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(6), (7), (8) agus (9);

(c)an bhfuil plean téarnaimh le tarraingt suas ag máthairghnóthais i gcomhréir le hAirteagal 11(1).

2.    Tiocfaidh an coláiste ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) laistigh de cheithre mhí ón dáta a dtarchuirfidh an túdarás inniúil an plean téarnaimh.

Tiocfaidh an coláiste ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (c) laistigh de cheithre mhí ón dáta a gcinnfidh an túdarás inniúil iarraidh ar an máthairghnóthas plean grúpa a ullmhú.

Féadfaidh ÚEUM cúnamh a thabhairt don choláiste, arna iarraidh sin d'údarás inniúil laistigh den choláiste, teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.I gcás nach néireoidh leis an gcoláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a dtarchuirfear an plean téarnaimh, teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh féin.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag cur san áireamh thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí. Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra faoin gcinneadh sin i scríbhinn don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste.

4.    I gcás ina mbeidh, faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí sin, ábhar i ndáil le measúnú na bpleananna téarnaimh agus chur chun feidhme na mbeart de bhun phointí (a), (b) agus (d) d'Airteagal 10(9) den Rialachán seo curtha ar aghaidh ag aon chomhalta den choláiste chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, fanfaidh údarás inniúil an CPL leis an gcinneadh a dhéanfaidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

5.    Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a gcuirfear an tábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an tábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtiocfaidh ÚEUM ar chinneadh laistigh d'aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás inniúil an CPL.

Roinn 2
Pleanáil réitigh

Airteagal 13
Pleananna réitigh

1.Déanfaidh an túdarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach CPL i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15.

2.Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an túdarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22.

3.Cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh sa phlean réitigh:

(a)cliseadh an CPL i ngeall ar na nithe seo:

i.mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí;

ii.cúiseanna eile lena náirítear caillteanais de thoradh a ghníomhaíochtaí infheistíochta nó de thoradh fadhbanna oibríochtúla;

iii.éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha;

(b)an tionchar a d'imreodh cur chun feidhme an phlean réitigh ar na comhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, lena náirítear cásanna inar dóigh do chomhaltaí imréitigh a bheith faoi réir bearta téarnaimh nó gníomhaíochtaí réitigh i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, ar aon BMAanna nasctha, ar mhargaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu agus ar an gcóras airgeadais ina iomláine.

(c)an chaoi agus na cúinsí faoina bhféadfaidh CPL iarratas a dhéanamh chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid agus sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht.

4.Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

5.Déanfaidh na húdaráis réitigh na pleananna réitigh a athbhreithniú agus, nuair is iomchuí, tabharfaidh siad cothrom le dáta iad ar a laghad uair sa bhliain agus, i gcás ar bith, i ndiaidh aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an CPL, ar a staid ghnó nó airgeadais nó aon athrú eile a dhéanann difear ábhartha d’éifeachtacht an phlean.

Cuirfidh na CPLanna agus na húdaráis inniúla na húdaráis réitigh ar an eolas go pras faoi aon athrú den sórt sin.

6.Sonrófar sa phlean réitigh na cúinsí agus na cásanna éagsúla ina mbeidh úsáid á baint as na huirlisí réitigh agus ina mbeidh na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú. Áireofar na nithe seo a leanas sa phlean réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a)achoimre ar phríomheilimintí an phlean;

(b)achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an CPL a tharla ó tugadh an plean réitigh cothrom le dáta go deireanach;

(c)léiriú ar conas a d'fhéadfaí feidhmeanna criticiúla an CPL a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, óna fheidhmeanna eile chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla sin a áirithiú ar chliseadh an CPL;

(d)meastachán ar an tréimhse ama is gá chun gach gné ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú;

(e)tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréititheacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)tuairisc ar aon bhearta a cheanglaítear de bhun Airteagal 17 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréititheacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16 nó chun deireadh a chur na baic sin;

(g)tuairisc ar na próisis chun luach agus indíoltacht fheidhmeanna criticiúla agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(h)tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe lena náiritheofar go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 14 cothrom le dáta agus ar fáil i gcónaí do na húdaráis réitigh;

(i)míniú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 4;

(j)tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d'fhéadfadh bheith ann agus na dtréimhsí ama lena mbaineann;

(k)tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla idir an CPL agus rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(l)tuairisc ar na roghanna éagsúla lena náiritheofar na nithe seo a leanas:

i.    rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile;

ii.    oibleagáidí i leith rannpháirtithe imréitigh agus aon BMAanna nasctha a shocrú go tráthúil;

iii.    rochtain na rannpháirtithe imréitigh ar urrúis nó cuntais airgid arna soláthar ag an CPL agus urrúis nó comhthaobhacht in airgead tirim arna mbreacadh chuig an CPL nó ina sheilbh atá dlite do na rannpháirtithe sin;

iv.    leanúnachas maidir le feidhmiú na nasc idir an CPL agus BMAanna eile;

v.    iniomparthacht shuíomhanna na rannpháirtithe imréitigh;

vi.    ceadúnais CPL a chaomhnú mar aon lena údaruithe, a aitheantais agus a ainmniúcháin dlíthiúla atá riachtanach d’fheidhmiú leanúnach a fheidhmeanna criticiúla lena náirítear a aitheantas chun críocha na rialacha ábhartha maidir le críochnaitheacht socraíochta a chur i bhfeidhm agus chun críocha a rannpháirtíochta i BMAanna nó a naisc leo;

(m)anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe an CPL, lena náirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na rialacha náisiúnta agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh;

(n)plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;

(o)tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais atá fíor-riachtanach chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an CPL a chothabháil.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6 a nochtadh don CPL lena mbaineann. Féadfaidh an CPL a thuairim faoin bplean réitigh a chur in iúl don údarás réitigh i scríbhinn. Áireofar an tuairim sin sa phlean.

7.Féadfaidh na húdaráis réitigh ceangal a chur ar CPLanna taifid mhionsonraithe a sholáthar dóibh ar na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhfuil siad ina bpáirtí iontu. Féadfaidh na húdaráis réitigh teorainn ama a shonrú maidir leis na taifid sin a chur ar fáil maille le teorainneacha ama éagsúla a shonrú i gcás cineálacha éagsúla conarthaí.

8.Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, agus á chur san áireamh dó na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) –/2016 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ar bhonn Airteagal 10(9) de Threoir 2014/59/AE, déanfaidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar inneachar an phlean réitigh a thuilleadh i gcomhréir le mír 6.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: dhá mhí dhéag tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14
Dualgas na gCPLanna comhoibriú agus faisnéis a sholáthar

De réir mar is gá, comhoibreoidh na CPLanna le dréachtú na bpleananna réitigh agus soláthróidh siad do na húdaráis réitigh, bíodh sin ar bhonn díreach nó trí bhíthin údarás inniúil, an fhaisnéis uile is gá chun na pleananna sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, lena náirítear an fhaisnéis agus an anailís a shonraítear i Roinn B den Iarscríbhinn.

Aon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla, soláthróidh na húdaráis sin í do na húdaráis réitigh.

Airteagal 15
Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna réitigh

1.Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin bplean réitigh agus faoi aon athruithe air laistigh de cheithre mhí ón dáta a tharchuirfidh an túdarás réitigh an plean sin dá dtagraítear i mír 2.

2.Tarchuirfidh an túdarás réitigh chuig an gcoláiste réitigh dréacht den phlean réitigh, an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus aon fhaisnéis bhreise is ábhartha don choláiste réitigh.

Áiritheoidh an túdarás réitigh go ndéanfar an fhaisnéis uile a sholáthar do ÚEUM is ábhartha do ról ÚEUM i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.Féadfaidh an túdarás réitigh a chinneadh páirt a thabhairt d'údaráis tríú tír i dtaca leis an bplean réitigh a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 71 agus gur ó dhlínsí iad ina bhfuil aon cheann de na heintitis seo a leanas bunaithe:

i.máthairghnóthas an CPL, nuair is iomchuí;

ii.comhaltaí imréitigh suntasacha den CPL;

iii.fochuideachtaí an CPL, nuair is iomchuí;

iv.soláthraithe seirbhísí criticiúla don CPL nach bhfuil luaite thuas.

4.Féadfaidh ÚEUM, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.I gcás nach dtiocfaidh leis an gcoláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean réitigh, teacht ar chinneadh comhpháirteach, déanfaidh an túdarás réitigh a chinneadh féin maidir leis an bplean réitigh. Déanfaidh an túdarás réitigh a chinneadh ag cur san áireamh thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí. Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, nuair is ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste.

6.Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon chomhalta den choláiste réitigh ábhar a bhaineann leis an bplean réitigh faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 fanfaidh údarás réitigh an CPL ar aon chinneadh a ghlacfaidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an tábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an tábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ÚEUM ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.

7.I gcás ina ndéanfar cinneadh comhpháirteach de bhun mhír 1 agus ina measfaidh aon údarás réitigh faoi mhír 6 go gcuirfidh ábhar an easaontais isteach ar fhreagrachtaí fioscacha an Bhallstáit ina bhfuil sé, tionscnóidh údarás réitigh an CPL athmheasúnú ar an bplean réitigh.

CAIBIDIL II
Inréititheacht

Airteagal 16
Measúnú ar inréititheacht

1.Déanfaidh an túdarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir le hAirteagal 17, measúnú ar a mhéid is féidir CPL a réiteach gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

2.    Measfar CPL a bheith inréitithe i gcás ina measfaidh an túdarás réitigh é a bheith indéanta agus inchreidte an CPL sin a leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus, ag an am céanna, leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairt dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais a sheachaint.

Áireofar ar na hiarmhairtí díobhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha in aon Bhallstát.

Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra d’ÚEUM go tráthúil i gcás ina measfaidh sé nach mbeidh CPL inréitithe.

3.Arna iarraidh sin don údarás réitigh, léireoidh CPL an méid seo a leanas:

(a)nach ann d’aon ní a chuirfeadh bac ar luach ionstraimí úinéireachta a laghdú i ndiaidh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh, is cuma socruithe conarthacha gan chomhlíonadh nó bearta eile i bplean réitigh an CPL a bheith ídithe go hiomlán nó gan a bheith;

(b)ní chuireann conarthaí an CPL le comhaltaí réitigh nó le tríú páirtithe ar chumas na gcomhaltaí réitigh nó na dtríú páirtithe sin agóid a dhéanamh go rathúil i leith fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag údarás réitigh ná ní shaorann iad ó bheith faoi réir na gcumhachtaí sin.

4.Chun críocha an mheasúnaithe ar inréititheacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an túdarás réitigh, nuair is ábhartha, na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn.

5.Déanfaidh an túdarás réitigh an measúnú ar inréititheacht le linn dó an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 17
Dul i ngleic le baic ar inréititheacht nó deireadh a chur leo

1.I gcás ina ndéanfaidh an túdarás réitigh agus an coláiste réitigh amach, tar éis an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 16, go bhfuil baic shubstaintiúla ar inréititheacht CPL ann, ullmhóidh an túdarás réitigh, i gcomhar leis an údarás inniúil, tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an CPL agus an choláiste réitigh.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír déanfar anailís ar na baic shubstaintiúla ar úsáid éifeachtach na nuirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an CPL, measfar inti tionchar na mbac sin ar shamhail ghnó an CPL agus molfar bearta spriocdhírithe lena gcuirfear deireadh leis na baic chéanna.

2.Déanfar an ceanglas ar choláistí réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach faoi na pleananna réitigh a leagtar síos in Airteagal 15, déanfar an ceanglas sin a fhionraí i ndiaidh tharchur na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 go dtí go nglacfaidh an túdarás réitigh de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis na bearta lena gcuirfear deireadh leis na baic shubstaintiúla ar inréititheacht nó go dtí go gcinnfear ar bhearta malartacha de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

3.Laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1, molfaidh an CPL bearta féideartha don údarás réitigh chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó chun deireadh a chur leo. Cuirfidh an túdarás réitigh aon bheart arna mholadh ag an CPL in iúl don choláiste réitigh. Déanfaidh an túdarás réitigh agus an coláiste réitigh a mheas, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 18(1), an dtéann na bearta sin i ngleic go héifeachtach leis na baic sin nó an gcuireann siad deireadh leo.

4.I gcás ina ndéanfaidh an túdarás réitigh agus an coláiste réitigh amach nach laghdófar go héifeachtach, de bharr na mbeart arna moladh ag an CPL i gcomhréir le mír 3, na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó nach gcuirfear deireadh leo dá mbarr, sainaithneoidh an túdarás réitigh bearta malartacha a chuirfidh sé in iúl don choláiste réitigh chun gur féidir leo cinneadh comhpháirteach a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18.

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)an bhagairt ar chobhsaíocht airgeadais atá i gceist leis na baic sin ar inréititheacht CPL;

(b)tionchar na mbeart malartach ar an CPL i gceist, ar a chomhaltaí imréitigh agus ar a chliaint, ar aon BMA nasctha agus ar an margadh inmheánach.

Chun críocha phointe (b) den dara fomhír, rachaidh an túdarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an gcoláiste réitigh agus, nuair is iomchuí, leis an údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe.

5.    Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 18, bíodh sin ar bhonn díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, faoi na bearta malartacha atá le déanamh ionas gur féidir deireadh a chur leis na baic ar inréititheacht. Tabharfaidh an túdarás réitigh údar leis an bhfáth nach bhféadfaí, leis na bearta a mhol an CPL, deireadh a chur leis na baic ar inréititheacht agus leis an bhfáth a mbeadh na bearta malartacha éifeachtach chun sin a dhéanamh.

6.Molfaidh an CPL laistigh d’aon mhí amháin plean lenar féidir na bearta malartacha a chomhlíonadh.

7.Chun críocha mhí 4, féadfaidh an túdarás réitigh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)ceangal a chur ar an CPL comhaontuithe seirbhíse a athbhreithniú nó a tharraingt suas, bíodh sin laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe, chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)ceangal a chur ar an CPL a neamhchosaintí neamhchumhdaithe uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c)ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a mbailíonn sé corrlach agus a gcoinníonn sé é de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar chomhdhéanamh a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán Uimh. 648/2012 agus ar líon na gcistí sin;

(e)ceanglais faisnéise bhreise de chineál sonrach nó rialta a fhorchur ar an CPL;

(f)ceangal a chur ar an CPL sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(g)ceangal a chur ar an CPL gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(h)ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar a phlean téarnaimh;

(i)forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó soláthar seirbhísí nua nó seirbhísí atá ann cheana a shrianadh nó cosc a chur leo;

(j)athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(k)ceangal a chur ar an CPL máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais a bhunú;

(l)ceangal a chur ar an CPL nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a thugann tacaíocht airgeadais don CPL, dliteanais a eisiúint is féidir a dhíluacháil nó a chomhshó, nó acmhainní eile a chur i leataobh chun a chumas iompair caillteanais, a chumas athchaipitliúcháin agus a chumas athshlánúcháin acmhainní réamh-mhaoinithe a mhéadú;

(m)ceangal a chur ar an CPL nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a thugann tacaíocht airgeadais don CPL céimeanna eile a thabhairt ionas gur féidir le caipiteal, le dliteanais eile agus le conarthaí eile caillteanais a iompar, athchaipitliú a dhéanamh ar an CPL agus acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú, lena náirítear go háirithe iarracht a dhéanamh ar aon dliteanas atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, nó téarmaí conarthacha a athbhreithniú, d'fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón údarás réitigh an dliteanas, an ionstraim nó an conradh sin a dhíluacháil, a chomhshó nó a athstruchtúrú faoi dhlí na dlínse lena rialaítear an dliteanas nó an ionstraim sin;

(n)i gcás inar fochuideachta é an CPL, comhordú leis na húdaráis inniúla d'fhonn ceangal a chur ar an máthairghnóthas cuideachta shealbhaíochta airgeadais ar leith a chur ar bun lena rialófar an CPL, i gcás i mbeidh gá leis an mbeart sin chun réiteach an CPL a éascú agus chun na héifeachtaí díobhálacha ar eintitis eile sa ghrúpa a sheachaint a d'fhéadfadh bheith ann de thoradh na huirlisí réitigh a úsáid agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.

Airteagal 18
Nós imeachta maidir le comhordú chun dul i ngleic le baic ar inréititheacht agus chun deireadh a chur leo

1.Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin méid seo a leanas:

(a)sainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht de bhun Airteagal 16(1);

(b)measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an CPL de bhun Airteagal 17(3), de réir mar is gá;

(c)na bearta malartacha a cheanglaítear de bhun Airteagal 17(4).

2.Glacfar an cinneadh comhpháirteach faoi shainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, glacfar é laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) faoi bhráid an choláiste réitigh.

Glacfar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear isteach na bearta arna moladh ag an CPL chun deireadh a chur leis na baic ar inréititheacht.

Beidh na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 réasúnaithe agus cuirfidh an túdarás réitigh fógra ina leith i scríbhinn chuig an CPL agus, nuair is ábhartha, chuig a mháthairghnóthas.

Féadfaidh ÚEUM, ar iarratas ón údarás réitigh, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.I gcás nach néireoidh leis an gcoláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 17(1), nach néireoidh leis cinneadh comhpháirteach a ghlacadh, déanfaidh an túdarás réitigh a chinneadh féin maidir leis na bearta iomchuí is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(5). Déanfaidh an túdarás réitigh a chinneadh ag cur san áireamh thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí.

Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, nuair is ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste.

4.Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon chomhalta den choláiste réitigh ábhar dá dtagraítear i bpointe (j), i bpointe (k) nó i bpointe (n) d’Airteagal 17(7) faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirfidh údarás réitigh an CPL a chinneadh siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin. Sa chás sin, déanfaidh an túdarás réitigh a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an tábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an tábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ÚEUM ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.



TEIDEAL IV
LUATH-IDIRGHABHÁIL

Airteagal 19
Bearta luath-idirghabhála

1.I gcás ina bhfuil na ceanglais stuamachta atá ar CPL de réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á sárú aige nó ar dócha go mbeidh siad á sárú aige sula i bhfad nó i gcás ina gcinneann an túdarás inniúil gur cosúil ar dhóigheanna eile go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn a bhféadfadh tionchar bheith aici ar oibríochtaí an CPL, féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)ceangal a chur ar an CPL an plean téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9(6), i gcás nach ionann na cúinsí ba shiocair leis an luath-ghabháil a dhéanamh agus na toimhdí a leagadh amach sa phlean téarnaimh tosaigh;

(b)ceangal a chur ar an CPL ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta atá leagtha amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme laistigh d'achar sonrach ama. I gcás ina dtabharfar an plean cothrom le dáta de bhun phointe (a), áireofar sna socruithe nó sna bearta sin aon socruithe nó bearta uasdátaithe;

(c)ceangal a chur ar an CPL na cúiseanna atá leis an sárú nó leis an sárú dóchúil a luaitear i mír 1 a shainaithint agus clár gníomhaíochta a tharraingt suas, lena náirítear bearta agus tréimhsí ama iomchuí;

(d)ceangal a chur ar an CPL cruinniú dá scairshealbhóirí a chomóradh nó, i gcás ina dteipfidh ar an CPL an ceanglas sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an cruinniú sin a chomóradh. Sa dá chás, is é an túdarás inniúil a shocróidh an clár, lena náirítear na cinntí a bheidh á meas lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;

(e)a cheangal go ndéanfar comhalta amháin nó níos mó den bhord nó bainisteoirí sinsearacha a chur as oifig nó daoine eile a chur ina nionad i gcás ina measfar iad a bheith neamhinniúil ar a ndualgais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(f)a cheangal go ndéanfar athruithe ar straitéis ghnó an CPL;

(g)a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL;

(h)an fhaisnéis uile a chur ar fáil don údarás réitigh is gá le plean réitigh an CPL a thabhairt cothrom le dáta ionas go bhféadfar ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair réiteach féideartha an CPL agus luacháil a shócmhainní agus a dhliteanas i gcomhréir le hAirteagal 24, lena náirítear aon fhaisnéis atá riachtanach trí chigireachtaí ar an láthair;

(i)a cheangal go ndéanfar, nuair is gá sin agus i gcomhréir le mír 4, bearta téarnaimh an CPL a chur chun feidhme;

(j)ceangal a chur ar an CPL staonadh ó bhearta téarnaimh áirithe a chur chun feidhme i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach bheith ag na bearta sin ar chobhsaíocht airgeadais;

(k)ceangal a chur ar an CPL a acmhainní airgeadais a athshlánú go tráthúil.

2.I gcás gach birt díobh sin, leagfaidh an túdarás inniúil síos spriocdháta iomchuí agus déanfaidh sé meastóireacht ar éifeachtacht na mbeart sin a luaithe a bheidh siad curtha i gcrích.

3.Ní fhéadfaidh an túdarás inniúil na bearta dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (k) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina mbeidh tionchar na mbeart sin ar na Ballstáit eile ina mbíonn an CPL ag feidhmiú nó ag soláthar seirbhísí curtha san áireamh, go háirithe i gcás ina mbeidh oibríochtaí an CPL cinntitheach nó tábhachtach do na margaí airgeadais áitiúla, lena náirítear na háiteanna ina bhfuil ionaid trádála agus BMAanna bunaithe atá nasctha le comhaltaí imréitigh.

4.Ní fhéadfaidh an túdarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar chun leasa an phobail é agus inar gá sin chun aon cheann de na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chothú;

(b)leanúnachas sheirbhísí criticiúla an CPL a chothú;

(c)stóinseacht airgeadais an CPL a chothú agus a threisiú.

Ní chuirfidh an túdarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 i bhfeidhm maidir le bearta a bhaineann le haistriú maoine, ceart nó dliteanas de chuid CPL eile.

5.I gcás ina ndéanfaidh CPL a mhainneachtain i bhfoirm cascáide a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirfidh sé an túdarás inniúil ar an eolas ina thaobh gan moill mhíchuí agus míneoidh sé an laigí nó fadhbanna de chuid an CPL sin is cionsiocair leis an gcás sin.

6.I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an túdarás inniúil fógra don ÚEUM agus don údarás réitigh ina leith agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoláiste.

Tar éis dó na fógraí sin a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an gcoláiste, cinnfidh an túdarás inniúil an gcuirfidh sé aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm. Tabharfaidh an túdarás inniúil fógra don choláiste, don údarás réitigh agus d’ÚEUM i leith an chinnidh faoi na bearta atá le déanamh.

7.Féadfaidh an túdarás réitigh, tar éis dó fógra a fháil faoin gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL teagmháil a dhéanamh le ceannaitheoirí ionchasacha ionas gur féidir leis ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh a réitigh féin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 41 agus na bhforálacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 71.

Airteagal 20
Bainisteoirí sinsearacha agus comhaltaí den bhord a chur as oifig

I gcás ina mbeidh meath suntasach ar staid airgeadais CPL nó i gcás ina mbeidh an CPL ag sárú na gceanglas dlíthiúil atá air, lena náirítear a rialacha oibríochta, agus i gcás nach leor na bearta eile a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an meath sin a chur ina cheart, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile agus comhaltaí uile bhord an CPL as oifig nó cuid díobh sibh.

Déanfar bainisteoirí sinsearacha nua nó comhaltaí nua den bhord a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus déanfar sin faoi réir fhormheas agus thoiliú an údaráis inniúil.

TEIDEAL V
RÉITEACH

CAIBIDIL I
Cuspóirí, coinníollacha agus prionsabail ghinearálta

Airteagal 21
Cuspóirí réitigh

1.Agus na huirlisí réitigh á núsáid ag an údarás réitigh agus na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú aige, beidh aird aige ar na cuspóirí réitigh seo a leanas agus coimeádfaidh sé ar mheá chothrom iad de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus d'imthosca gach cáis:

(a)leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL arna sainaithint i bplean téarnaimh an CPL, go háirithe:

(i)    oibleagáidí an CPL i leith a chomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil;

(ii)    rochtain leanúnach na gcomhaltaí imréitigh ar urrúis nó cuntais airgid arna soláthar ag an CPL agus urrúis nó comhthaobhacht in airgead tirim atá ina sheilbh aige thar ceann na gcomhaltaí imréitigh sin;

(b)leanúnachas na nasc sin leis na BMAanna a áirithiú a mbeadh drochthionchar ábhartha acu ar chobhsaíocht airgeadais nó ar chur i gcrích tráthúil na bhfeidhmeanna íocaíochtaí, imréitigh, socraíochta agus taifeadta dá gcuirfí isteach ar na naisc sin;

(c)éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais a sheachaint, go háirithe trí chosc a chur le haicídiú anáis airgeadais idir na hinstitiúidí airgeadais agus trí smacht an mhargaidh a chothú;

(d)cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a laghdú a oiread is féidir;

(e)an costas réitigh ar na creidiúnaithe uile dá ndéantar difear a laghdú a oiread is féidir agus scriosadh luach an CPL a sheachaint.

2.Soláthróidh bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL faoi réiteach don údarás réitigh an cúnamh go léir is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

Airteagal 22
Coinníollacha maidir le réiteach

1.Déanfaidh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó ar dócha go gclisfidh air, arna chinneadh sin ag aon cheann díobh seo a leanas:

i)an túdarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh;

(ii)an túdarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, i gcás ina mbeidh na huirlisí is gá ag an údarás réitigh chun teacht ar an tátal sin;

(b)nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta, lena náirítear bearta luath-idirghabhála, go gcuirfidís cosc le cliseadh an CPL laistigh de thréimhse ama réasúnach, ag féachaint do na himthosca ábhartha uile;

(c)go bhfuil gá le gníomh réitigh ar mhaithe le leas an phobail chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach i gcás nár leor de bheart chun na cuspóirí sin a bhaint amach an oiread céanna an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Chun críocha phointe (a)(ii), soláthróidh an túdarás inniúil gan mhoill aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an túdarás réitigh chun a mheasúnú a dhéanamh.

2.Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfear air má bhaineann ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas le hábhar:

(a)go bhfuil na ceanglais údarúcháin atá ar CPL á sárú aige ar chaoi a thabharfadh údar lena údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó ar dócha go mbeidh siad á sárú ar an gcaoi sin aige;

(b)nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, feidhm chriticiúil a fheidhmiú;

(c)nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a inmharthanacht a athbhunú trí chur chun feidhme a bheart téarnaimh;

(d)nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a fhiacha nó dliteanais eile a íoc nuair a bheidh siad dlite;

(e)go bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ag teastáil ón CPL.

Chun críocha phointe (e) ní bheidh tacaíocht airgeadais phoiblí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas á háireamh i dtaca le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách:

i)gurb é atá ann ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag banc ceannais i gcomhréir le coinníollacha an bhainc ceannais nó ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;

(ii)go bhfuil na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (i) teoranta do CPLanna sócmhainneacha faoi réir coinníoll formheasa críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais, go bhfuil siad de chineál réamhchúramach agus sealadach, go bhfuil siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus nach núsáidtear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an CPL, nó ar dócha go dtabhóidh sé iad amach anseo, a chúiteamh;

iii)go bhfuil gá leis na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (i) chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chothú.

3.Féadfaidh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh freisin i gcás ina measfaidh sé go bhfuil bearta téarnaimh á gcur i bhfeidhm ag an CPL nó go bhfuil sé ar intinn aige a dhéanamh, bearta lena bhféadfaí cosc a chur le cliseadh an CPL ach go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais acu.

4.Déanfaidh ÚEUM teoirlínte a eisiúint maidir le cóineasú na gcleachtas maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn a fhad a bhaineann leis na himthosca faoina measfar go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó ar dócha go gclisfidh air [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta: laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Maidir le heisiúint na dtreoirlínte sin, cuirfidh ÚEUM san áireamh na treoirlínte arna neisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 23

Prionsabail ghinearálta a bhaineann le réiteach

Déanfaidh an túdarás réitigh na bearta ar fad is iomchuí chun na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 27 a úsáid agus chun na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 48 a fheidhmiú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)go ndéanfar na hoibleagáidí conarthacha uile agus na socruithe eile uile i bplean téarnaimh an CPL a fhorfheidhmiú go páirteach nó go hiomlán, sa mhéid nár ídíodh iad, sula gcuirfear tús le próiseas an réitigh, mura rud é go gcinnfidh an túdarás réitigh gurb iomchuí uirlisí réitigh a úsáid nó cumhachtaí réitigh a fheidhmiú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach go tráthúil;

(b)gurb iad scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais a bheidh ann de thoradh na noibleagáidí agus na socruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an bpointe sin;

(c)gurb iad creidiúnaithe an CPL faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a néileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt go sainráite sa Rialachán seo;

(d)go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe an CPL ar den aicme chéanna iad;

(e)nach dtabhóidh aon cheann de chreidiúnaithe an CPL caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

i)nach raibh aon ghníomhaíocht réitigh déanta ag an údarás réitigh de bhun Airteagal 21 tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh agus go raibh an creidiúnaí ina áit sin faoi réir oibleagáidí gan íoc de bhun rialacha oibríochta an CPL a d'fhéadfadh bheith ann;

(ii)go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, i gcás nach ndearna aon chomhalta imréitigh mainneachtain;

(f)go gcuirfear bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL a bheidh faoi réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina measfaidh an túdarás réitigh é a bheith riachtanach an bord agus lucht bainistíochta sinsearaí a choinneáil, go hiomlán nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(g)go gcuirfidh na húdaráis réitigh ionadaithe na bhfostaithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta nó lena gcleachtas náisiúnta;

(h)i gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL, cuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh an tionchar a bheidh aige sin ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine.

CAIBIDIL II
Luacháil

Airteagal 24

Cuspóirí na luachála

1.I dtaca le gníomhaíochtaí réitigh a bheidh le déanamh, áiritheoidh na húdaráis réitigh gur ar bhonn luacháil lena náiritheofar measúnú cothrom, stuama agus réadúil ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar chearta agus ar oibleagáidí an CPL a dhéanfar iad.

2.Sula gcuirfidh an túdarás réitigh CPL faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar luacháil tosaigh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach faoi Airteagal 22(1).

3.Tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh CPL a chur faoi réiteach áiritheoidh sé go ndéanfar an dara luacháil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh;

(b)a áirithiú go naithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní agus ar chearta an CPL tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm;

(c)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus le haghaidh an chinnidh faoi luach agus líon na nionstraimí úinéireachta arna neisiúint nó arna naistriú de thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh;

(d)faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le haon dliteanais neamhurraithe, lena náirítear ionstraimí fiachais;

(e)i gcás ina mbainfear feidhm as na huirlisí dáileacháin caillteanais agus suíomhanna, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na gcaillteanas a bheidh le cur i bhfeidhm in aghaidh éilimh na gcreidiúnaithe dá ndéantar difear, in aghaidh oibleagáidí gan íoc nó in aghaidh suíomhanna i ndáil leis an CPL;

(f)i gcás ina mbainfear feidhm as an uirlis CPL idirlinne, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an CPL idirlinne agus le haghaidh an chinnidh faoi luach aon chomaoine a fhéadfar a íoc leis an CPL faoi réiteach nó, nuair is ábhartha, le húinéirí na nionstraimí úinéireachta;

(g)i gcás ina mbainfear feidhm as an uirlis díolacháin ghnó, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais nó faoi na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an
tríú páirtí is ceannaitheoir agus faisnéis a bhailiú a chuirfidh bonn eolais faoi thuiscint an údaráis réitigh ar a bhfuil i gceist le téarmaí tráchtála chun críocha Airteagal 40.

Chun críocha phointe (d), cuirfear san áireamh sa luacháil aon chaillteanais a dhéanfaí a iompar ach na hoibleagáidí gan íoc atá ar na comhaltaí imréitigh nó ar thríú páirtithe eile agus atá dlite don CPL a fhorfheidhmiú agus cuirfear san áireamh leibhéal an chomhshó atá le cur i bhfeidhm ar na hionstraimí fiachais.

4.Ní fhéadfaidh na luachálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 bheith faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagal 72 ach amháin in éineacht leis an gcinneadh faoi uirlis réitigh a úsáid nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le luacháil

1.Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh an túdarás réitigh:

(a)go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar CPL (contrapháirtí lárnach) iad;

(b)go ndéanfaidh údarás réitigh iad, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.

2.Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith cinntitheach i gcás ina ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 iad agus ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos san Airteagal seo.

3.Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann, nó aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús do CPL ón tráth a dhéanfar gníomhaíocht réitigh. Lena chois sin, cuirfear san áireamh sa luacháil gnóthú aon speansas réasúnach a thabhóidh an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27(9).

4.Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an CPL:

(a)clár comhardaithe atá cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais an CPL, lena náirítear acmhainní réamh-mhaoinithe eile atá ar fáil agus ceangaltais airgeadais atá gan íoc;

(b)taifid na gconarthaí imréitithe dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)aon fhaisnéis faoin margadh agus faoi luachanna cuntasaíochta a shócmhainní, dliteanas agus suíomhanna, lena náirítear éilimh ábhartha agus oibleagáidí atá gan íoc agus atá dlite don CPL nó atá ag dul dó.

5.Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Áireofar sa luacháil chomh maith meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil agus an prionsabal a shonraítear i bpointe (e) d’Airteagal 23 á chur i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 61.

6.Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 36(14) agus (15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar:

(a)na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an CPL araon chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;

(b)an mhodheolaíocht a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL;

(c)an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagal 24 agus Airteagal 61.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta: laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Luacháil shealadach

1.Measfar gur luachálacha sealadacha iad na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(2).

Áireofar sna luachálacha sealadacha maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.

2.I gcás ina ndéanfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.

Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh an túdarás réitigh:

(a)gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an CPL ina leabhair;

(b)go gcuirfidh sí bonn eolais faoi chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.

3.I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an CPL níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an CPL, féadfaidh an túdarás réitigh:

(a)an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe lena mbaineann agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;

(b)ceangal a chur ar CPL idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an CPL faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis na hionstraimí úinéireachta, an íocaíocht a dhéanamh le húinéirí na nionstraimí sin.

4.Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 36(15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta: laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III
Uirlisí réitigh

Roinn 1
Prionsabail ghinearálta

Airteagal 27
Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh

1.Déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 trí úsáid a bhaint as aon cheann de na huirlisí réitigh seo a leanas ina naonar nó i gcomhcheangal ar bith:

(a)an uirlis leithdháilte suíomhanna agus an uirlis leithdháilte caillteanais;

(b)an uirlis díluachála agus comhshó;

(c)an uirlis díola gnó;

(d)an uirlis CPL idirlinne;

(e)aon uirlis réitigh eile atá i gcomhréir le Airteagal 21 agus le hAirteagal 23.

2.I gcás géarchéim shistéamach, féadfaidh an túdarás réitigh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a chur ar fáil freisin trí úsáid a bhaint as uirlisí cobhsaíochta rialtais i gcomhréir le hAirteagal 45, Airteagal 46 agus Airteagal 47 ar an gcoinníoll go bhfaighfear formheas chuige sin roimh ré agus formheas críochnaitheach tar a éis sin faoi chreat Státchabhrach an Aontais.

3.Sula mbainfear úsáid as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an túdarás réitigh na nithe seo a leanas a fhorghníomhú:

(a)aon chearta atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh de chuid an CPL, lena náirítear oibleagáidí conarthacha ag comhaltaí imréitigh glaonna ar airgead a shásamh, acmhainní breise a sholáthar don CPL, nó suíomhanna comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghlacadh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL;

(b)aon oibleagáid chonarthach atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh a chuirfidh ceangal ar pháirtithe cé is moite de chomhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais a sholáthar.

Féadfaidh an túdarás réitigh na hoibleagáidí conarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a fhorghníomhú i bpáirt i gcás nach féidir na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorghníomhú ina niomláine laistigh d’achar réasúnta ama.

4.De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an túdarás réitigh gan na hoibleagáidí ábhartha atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh a fhorghníomhú i bpáirt nó ina niomláine chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó tógálacht fhorleathan a sheachaint, nó i gcás inar oiriúnaí úsáid a bhaint as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 chun cuspóirí réitigh a bhaint amach in am trátha.

5.Cuirfidh an túdarás réitigh ceangal ar an CPL ionstraimí úinéireachta a eisiúint atá le suibscríobh ag gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i gcás ina raibh na comhaltaí neamh-mhainneachtana sin faoi réir uirlisí caillteanais agus leithdháilte suíomhanna de dhiallas ó rialacha oibríochta CPL agus ar bhain caillteanas airgeadais don chomhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá bharr. Beidh líon na nionstraimí úinéireachta a eiseofar do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana lena mbaineann i gcomhréir leis an gcaillteanas a bhain dó agus cuirfidh sé san áireamh aon oibleagáidí conarthacha atá gan chomhlíonadh ag na comhaltaí imréitigh i leith an CPL.

Beidh líon na nionstraimí úinéireachta atá le suibscríobh ag comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó aistrithe chucu bunaithe ar an luacháil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(3).

6.I gcás ina mbeidh caillteanais le seasamh ag comhaltaí imréitigh de thoradh na húsáide a bhaintear as uirlis réitigh seachas an uirlis díluachála agus comhshó, feidhmeoidh an túdarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula mbainfear úsáid as an uirlis réitigh nó go comhuaineach lena húsáid.

7.I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) de mhír 1, agus nach naistreofar ach cuid de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 40 agus Airteagal 42, déanfar cuid iarmharach an CPL sin a fhoirceannadh i gcomhréir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

8.Ní bheidh feidhm ag rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hinneamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhaitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas ó CPL arb ina leith a bhaintear úsáid as uirlisí réitigh nó as uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais.

9.Féadfaidh an túdarás réitigh aon speansais réasúnacha arna dtabhú i dtaca le húsáid na nuirlisí nó cumhachtaí réitigh nó uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais a ghnóthú in aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)ón CPL faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(b)ó aon chomaoin a íocann ceannaitheoir i gcás inar úsáideadh an uirlis díola gnó;

(c)ó aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne, mar chreidiúnaí fabhraithe.

10.Agus na huirlisí réitigh á núsáid, áiritheoidh na húdaráis réitigh, ar bhonn luacháil a chomhlíonann Airteagal 25, leithdháileadh iomlán na gcaillteanas, athshlánú acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL nó an CPL idirlinne, agus athchaipitliú an CPL nó an CPL idirlinne

Roinn 2
Uirlisí leithdháilte suíomhanna agus leithdháilte caillteanais

Airteagal 28
Cuspóir agus raon feidhme na nuirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais

1.Bainfidh údaráis réitigh úsáid as an uirlis leithdháilte suíomhanna i gcomhréir le hAirteagal 29 agus na huirlisí leithdháilte caillteanais i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 31.

2.Bainfear úsáid as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na conarthaí uile a bhaineann le seirbhísí imréitigh agus leis an gcomhthaobhacht a bhaineann leis na seirbhísí sin arna breacadh le CPL.

3.Bainfidh údaráis réitigh úsáid as an uirlis leithdháilte suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 29 chun leabhar an CPL nó, i gcás inarb ábhartha, an CPL idirlinne a athchomhoiriúnú.

Bainfidh údaráis réitigh úsáid as na huirlisí leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 31 chun críocha aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)chun caillteanais an CPL arna measúnú i gcomhréir le hAirteagal 27(10) a chumhdach;

(b)chun cur ar chumas an CPL an athuair oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(c)chun an CPL a athchaipitliú agus chun na hacmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhaineann leis a athshlánú a mhéid is leor chun cur ar a chumas an athuair na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus leanúint dá fheidhmeanna criticiúla;

(d)chun an toradh dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) maidir le CPL idirlinne a bhaint amach;

(e)chun tacú le haistriú ghnó an CPL chuig tríú páirtí sócmhainneach trí uirlis díola gnó.

Airteagal 29
Foirceannadh conarthaí – i bpáirt nó go hiomlán

1.Féadfaidh an túdarás réitigh cuid de na conarthaí seo a leanas nó iad ar fad a fhoirceannadh:

(a)conarthaí an chomhalta imréitigh ar mainneachtain;

(b)conarthaí na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní lena mbaineann;

(c)conarthaí an CPL atá faoi réiteach.

2.Ní fhéadfaidh an túdarás réitigh na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a fhoirceannadh ach amháin i gcás nach ndearnadh aistriú na sócmhainní agus na suíomhanna de thoradh na gconarthaí sin de réir bhrí Airteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

3.Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra do na comhaltaí imréitigh ábhartha uile faoin dáta ar a ndéantar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh.

4.Sula ndéanfar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, glacfaidh an túdarás réitigh na céimeanna seo a leanas:

(a)cuirfidh sé ceangal ar an CPL faoi réiteach gach conradh a luacháil agus iarmhéideanna cuntais gach comhalta imréitigh a nuashonrú;

(b)cinnfidh sé an ghlansuim atá iníoctha ag gach comhalta imréitigh nó atá iníoctha leis, ag cur san áireamh aon chorrlach athrúcháin atá dlite ach atá gan íoc, lena náirítear corrlach athrúcháin atá dlite de thoradh na luachálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)cuirfidh sé na glansuimeanna cinnte in iúl do gach comhalta imréitigh agus baileoidh sé iad dá réir.

5.I gcás nach mbeidh comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ábalta an ghlansuim a chinntear i gcomhréir le mír 4 a íoc, féadfaidh an túdarás imréitigh ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as a chorrlach tosaigh agus a ranníocaíocht i leith an chiste mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

6.I gcás ina mbeidh conradh amháin nó níos mó de na cineálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 foirceanta ag údarás réitigh, coiscfidh an túdarás réitigh ar an CPL imréiteach a dhéanamh ar aon chonradh nua den chineál céanna leis an gconradh a foirceannadh.

Ní fhéadfaidh an túdarás réitigh cead a thabhairt don CPL tosú ar imréiteach na gcineálacha conartha sin an athuair ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)comhlíonann an CPL ceanglais Rialachán (AE) Uimh 648/2012;

(b)eisíonn agus foilsíonn an túdarás réitigh fógra ina chuirtear sin in iúl trí úsáid a bhaint as na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 70(3).

Airteagal 30
Laghdú ar luach na ngnóthachan atá iníoctha

ag CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana

1.Féadfaidh an túdarás réitigh luach oibleagáidí íocaíochta an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a laghdú i gcás ina dtiocfaidh na hoibleagáidí sin ó ghnóthachain atá dlite i gcomhréir le próisis an CPL chun corrlach athrúcháin nó íocaíocht atá comhionann go heacnamaíoch a íoc.

2.Ríomhfaidh an túdarás réitigh aon laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as sásra leithdháileacháin cothromasach a chinntear sa luacháil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(3) agus a chuirtear in iúl do na comhaltaí imréitigh a luaithe agus a bhaintear úsáid as an uirlis réitigh. Beidh na gnóthachain ghlana iomlána atá le laghdú i gcomhair gach comhalta imréitigh i gcomhréir leis na méideanna atá dlite ón CPL.

3.Beidh feidhm ag an laghdú i luach na ngnóthachan atá iníoctha agus beidh sé ina cheangal láithreach ar an CPL agus ar chomhaltaí imréitigh lena mbaineann ón uair a dhéanfaidh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh.

4.Ní bheidh aon éileamh ag comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana in aon imeachtaí ina dhiaidh sin in aghaidh an CPL, nó in aghaidh an eintitis a thiocfaidh i gcomharbas air, a thiocfaidh as laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1.

5.I gcás nach laghdóidh an túdarás réitigh luach na ngnóthachan atá iníoctha ach i bpáirt, leanfaidh an méid iarmharach is iníoctha atá gan íoc de bheith dlite don chomhalta imréitigh neamh-mhainneachtana.

Airteagal 31
Glao ar airgead i gcomhair réitigh

1.Féadfaidh an túdarás réitigh ceangal a chur ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ranníocaíocht in airgead tirim a dhéanamh leis an CPL go feadh suim is ionann agus a ranníocaíocht le ciste mainneachtana an CPL.

I gcás ina bhfeidhmeoidh an CPL ilchistí mainneachtana, comhfhreagróidh méid na ranníocaíochta in airgead tirim dá dtagraítear sa chéad fhomhír do ranníocaíocht an chomhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana nó le cistí mainneachtana na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní lena mbaineann.

Féadfaidh an túdarás an glao ar airgead i gcomhair réitigh a fheidhmiú, bíodh triail bainte as na hoibleagáidí conarthacha uile lena néilítear ranníocaíochtaí airgid thirim ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó ná bíodh.

Cinnfidh an túdarás réitigh méid ranníocaíocht airgid thirim gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i gcomhréir le ranníocaíocht an chomhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana.

2.Mura níocann comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana an méid atá ceangailteach, féadfaidh an túdarás réitigh ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana sin a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as corrlach tosaigh agus ranníocaíocht i leith chiste mainneachtana an chomhalta imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Roinn 3

Ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó

Airteagal 32
Ceanglas maidir le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó

1.Bainfidh an túdarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 33 i ndáil le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais arna neisiúint ag an CPL faoi réiteach nó dliteanais neamhurraithe eile chun caillteanais a iompar, chun an CPL sin nó CPL idirlinne a athchaipitliú, nó chun tacú le húsáid na huirlise díola gnó.

Lena chois sin, bainfidh an túdarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 33 i ndáil le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais arna neisiúint ag máthairghnóthas an CPL faoi réiteach i gcás ina mbainfear úsáid as ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag an máthairghnóthas chun ceanglais chaipitil an CPL a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó eisítear na hionstraimí úinéireachta sin nó na hionstraimí fiachais sin chun an CPL a mhaoiniú agus iompraíonn na hionstraimí sin na caillteanais ina niomláine nó is fo-éilimh iad i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.Bunaithe ar an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24(3), cinnfidh an túdarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)an méid faoi nach mór ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil ag cur san áireamh aon chaillteanais atá le hiompar trí aon oibleagáidí na gcomhaltaí imréitigh nó tríú páirtithe eile atá gan íoc agus atá dlite don CPL a fhorghníomhú;

(b)an méid faoi nach mór ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó ina nionstraimí úinéireachta chun ceanglais stuamachta an CPL nó an CPL idirlinne a athshlánú.

Airteagal 33
Forálacha lena rialaítear díluacháil nó comhshó ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile

1.Bainfidh an túdarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i gcomhréir le tosaíocht na néileamh is infheidhme faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.Sula ndéanfar príomhshuim na nionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú nó a chomhshó, laghdóidh an túdarás réitigh méid barúlach na nionstraimí úinéireachta i gcomhréir leis na caillteanais agus suas go dtí a luach iomlán, i gcás inar gá.

I gcás, i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh de bhun Airteagal 24(3), ina gcoimeádfaidh an CPL glanluach deimhneach i ndiaidh na hionstraimí úinéireachta a laghdú, cuirfidh an túdarás réitigh na hionstraimí úinéireachta sin ar ceal, nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh sé iad a mhaolú.

3.Déanfaidh an túdarás réitigh príomhshuim na nionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú, a chomhshó, nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus suas go dtí luach iomlán na nionstraimí nó na ndliteanas sin, i gcás inar gá.

4.Ní bhainfidh an túdarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i ndáil leis na dliteanais seo a leanas:

(a)dliteanais i leith fostaithe, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(b)dliteanais i leith creidiúnaithe tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don CPL, ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú laethúil a oibríochtaí, lena náirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;

(c)dliteanais i leith údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll gur dliteanais tosaíochta iad na dliteanais sin faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme;

(d)dliteanais atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE.

5.I gcás ina laghdófar méid barúlach ionstraime úinéireachta nó príomhshuim na hionstraime fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)laghdú buan a bheidh ann;

(b)ní bheidh éileamh ag sealbhóir na hionstraime maidir leis an laghdú sin, cé is moite d’aon dliteanas atá fabhraithe cheana, aon dliteanas i leith damáistí a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh achomharc ina ndéantar agóid in aghaidh dhlíthiúlacht an laghdaithe sin agus aon éileamh bunaithe ar ionstraimí úinéireachta arna neisiúint nó arna naistriú de bhun mhír 6;

(c)i gcás nach mbeidh ann ach laghdú páirteach, leanfaidh an comhaontú lenar cruthaíodh an dliteanas tosaigh d’fheidhm a bheith aige i dtaca leis an méid iarmharach atá faoi réir leasuithe riachtanacha ar théarmaí an chomhaontaithe sin mar gheall ar an laghdú.

Ní chuirfidh pointe (a) cosc ar údaráis réitigh sásra uasluachála a úsáid chun sealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a chúiteamh agus, ina dhiaidh sin, sealbhóirí ionstraimí úinéireachta, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn an leibhéal díluachála atá bunaithe ar luacháil shealadach méideanna riachtanacha nuair a dhéantar measúnú air sin i gcoinne na luachála cinntithí dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

6.Agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile á gcomhshó de bhun mhír 3, féadfaidh an túdarás réitigh ceangal a chur ar CPLanna nó ar a máthairghnóthais ionstraimí úinéireachta a eisiúint do shealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile nó iad a aistriú chucu.

7.Ní dhéanfaidh an túdarás réitigh ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó de bhun mhír 3 ach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá comhaontú údarás inniúil an mháthairghnóthais faighte ag an údarás réitigh i gcás ina mbeidh ceangal ar an máthairghnóthas na hionstraimí úinéireachta a eisiúint;

(b)eisítear na hionstraimí úinéireachta sula neiseoidh an CPL aon ionstraimí úinéireachta chun go gcuirfidh an Stát nó eintiteas rialtais cistí dílse ar fáil;

(c)is cúiteamh iomchuí do shealbhóirí fiachais lena mbaineann an ráta comhshó, ar aon dul leis an gcaoi a láimhsítear iad faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

I gcás ina ndéanfar ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó go hionstraimí úinéireachta, déanfar na hionstraimí úinéireachta a shuibscríobh nó a aistriú gan mhoill i ndiaidh an chomhshó.

8.Chun críocha mhír 7, áiritheoidh an túdarás réitigh, i gcomhthéacs fhorbairt agus chaomhnú phlean réitigh an CPL agus mar chuid de na cumhachtaí deireadh a chur le baic ar inréititheacht an CPL, go bhféadfaidh an CPL an líon ionstraimí úinéireachta is gá a eisiúint i gcónaí.

Airteagal 34
Tionchar díluachála agus comhshó

Cuirfidh an túdarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt d’úsáid na huirlise díluachála agus comhshó, lena náirítear:

(a)gach clár ábhartha a leasú;

(b)ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais a dhíliostú ó thrádáil nó deireadh a chur lena dtrádáil;

(c)ionstraimí úinéireachta nua a liostú nó a ligean isteach chun a dtrádála;

(d)aon ionstraimí fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan an ceanglas maidir le réamheolaire a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 .

Airteagal 35
Deireadh a chur le constaicí nós imeachta maidir le díluacháil agus comhshó

I gcás ina gcuirfear an dara fomhír d’Airteagal 32(1) i bhfeidhm, cuirfidh an túdarás inniúil ceangal ar CPLanna, nó ar a máthairghnóthais, líon leordhóthanach ionstraimí úinéireachta a chaomhnú i gcónaí chun a áirithiú go bhféadfaidh na CPLanna sin nó a máthairghnóthais ionstraimí úinéireachta nua leordhóthanacha a eisiúint agus go bhféadfaí eisiúint ionstraimí úinéireachta nó an comhshó in ionstraimí úinéireachta a chur i bhfeidhm go héifeachtacht.

Úsáidfidh an túdarás réitigh an uirlis díluachála agus comhshó beag beann ar aon fhorálacha in ionstraimí corpraithe nó i reachtanna an CPL, agus beag beann ar chearta réamhcheannaigh i gcomhair scairshealbhóirí nó ceanglais le haghaidh thoiliú na scairshealbhóirí an caipiteal a mhéadú.

Airteagal 36
Plean atheagrúcháin gnó a chur isteach

1.Laistigh d’aon mhí amháin tar éis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 32 a úsáid, dréachtóidh CPLanna plean atheagrúcháin gnó agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis réitigh é i gcomhréir le hAirteagal 37. I gcás ina mbeidh creat Státchabhrach an Aontais infheidhme, beidh an plean sin comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a cheanglaítear ar an CPL a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an gcreat sin.

I gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an túdarás réitigh síneadh suas go dhá mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.I gcás ina néileofar fógra a thabhairt i leith plean athstruchtúraithe laistigh de chreat Státchabhrach an Aontais, beidh cur isteach an phlean atheagrúcháin gnó gan dochar don spriocdháta a leagtar síos i gcomhair chur isteach an phlean athstruchtúraithe sin i gcreat Státchabhrach an Aontais.

3. Cuirfidh an túdarás réitigh an plean atheagrúcháin gnó, agus aon leasú a dhéantar air i gcomhréir le hAirteagal 38, faoi bhráid an údaráis inniúil agus an choláiste réitigh.

Airteagal 37
Ábhar an phlean atheagrúcháin gnó

1.Leis an bplean atheagrúcháin gnó dá dtagraítear in Airteagal 36, leagfar amach bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL nó codanna dá ghnó a athshlánú laistigh d’achar ama réasúnach. Bunófar na bearta sin ar thoimhdí réalaíocha i dtaca le dálaí na margaí eacnamaíocha agus airgeadais faoina bhfeidhmeoidh an CPL.

Sa phlean atheagrúcháin gnó cuirfear san áireamh staid na margaí airgeadais faoi láthair gona staid ionchasach agus léireofar na toimhdí maidir leis an gcás is measa chomh maith leis an gcás is fearr, lena náirítear teaglaim imeachtaí chun príomhleochaileachtaí an CPL a aithint. Cuirfear na toimhdí i gcomparáid le tagarmharcanna uile-earnála iomchuí.

2.Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa phlean atheagrúcháin gnó:

(a)anailís mhionsonraithe ar na fachtóirí agus na dálaí ba údar le cliseadh an CPL nó lena chliseadh dóchúil;

(b)tuairisc ar na bearta le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athshlánú;

(c)clár ama le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin.

3.Ar na bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athshlánú, féadfar na cinn seo a áireamh:

(a)atheagrúchán agus athstruchtúrú ghníomhaíochtaí an CPL;

(b)athruithe ar chórais oibríochtúla agus ar bhonneagar an CPL;

(c)sócmhainní nó línte gnó a dhíol.

Airteagal 38
An plean atheagrúcháin gnó a mheasúnú agus a ghlacadh

1.Laistigh de mhí amháin ón dáta a chuireann an CPL an plean atheagrúcháin gnó isteach de bhun Airteagal 36(1), déanfaidh an túdarás réitigh agus an túdarás inniúil measúnú féachaint an athshlánódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean sin inmharthanacht fhadtéarmach an CPL ar bhealach is féidir brath air.

I gcás ina mbeidh an túdarás réitigh agus an túdarás inniúil sásta go nathshlánódh an plean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, faomhfaidh an túdarás réitigh an plean.

2.I gcás nach mbeidh an túdarás réitigh agus an túdarás inniúil sásta go nathshlánódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, tabharfaidh an túdarás réitigh fógra don CPL i leith an ábhair imní atá air agus cuirfidh sé ceangal air plean leasaithe ina dtugtar aghaidh ar na hábhair imní sin a chur isteach arís laistigh de dhá sheachtain ón uair a thabharfar an fógra.

3.Déanfaidh an túdarás réitigh agus an túdarás inniúil measúnú ar an bplean arna chur isteach arís agus tabharfaidh siad fógra don CPL laistigh de sheachtain amháin ón dáta a fhaigheann siad an plean sin ar tugadh aghaidh ar na hábhair imní ar bhealach iomchuí nó an gá tuilleadh leasuithe.

Airteagal 39
An plean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air

1.Cuirfidh an CPL an plean atheagrúcháin gnó chun feidhme agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an údaráis réitigh agus an údaráis inniúil faoi mar a iarradh agus, ar a laghad, uair amháin in aghaidh gach sé mhí maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige an plean a chur chun feidhme.

2.Féadfaidh an túdarás réitigh, le comhaontú an údaráis inniúil, ceangal a chur ar an CPL an plean a athbhreithniú i gcás inar gá chun an aidhm dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a bhaint amach.

Cuirfidh an CPL an leagan leasaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an údaráis réitigh lena mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 38(3).

Roinn 4
An uirlis díola gnó

Airteagal 40
An uirlis díola gnó

1.Féadfaidh an túdarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach CPL idirlinne é:

(a) ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag CPL faoi réiteach;

(b) aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann le CPL faoi réiteach.

Déanfar an taistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL nó aon tríú páirtí cé is moite den cheannaitheoir agus gan aon cheanglais nós imeachta faoin dlí cuideachtaí nó faoin dlí urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 41.

2.Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na himthosca agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, glacfaidh an túdarás réitigh gach céim réasúnach chun téarmaí tráchtála a bhaint amach atá i gcomhréir leis an luacháil a dhéantar faoi Airteagal 24(3).

3.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh aon chomaoin a íocann ceannaitheoir ina sochar ag:

(a)úinéirí na nionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag an CPL a aistriú ó shealbhóirí na nionstraimí sin chuig an gceannaitheoir;

(b)an CPL, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí shócmhainní nó trí dhliteanais an CPL ar fad nó cuid díobh a aistriú chuig an gceannaitheoir;

(c)aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh roimh an réiteach.

Déanfar leithdháileadh aon chomaoine arna híoc ag ceannaitheoir i gcomhréir le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagal 43 agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i gcomhréir le tosaíocht na néileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

4.Féadfaidh an túdarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag an CPL nó, de réir mar a bheidh, de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a dhéanamh.

5.Féadfaidh an túdarás réitigh, le toiliú an cheannaitheora, na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistríodh chuig an gceannaitheoir a aistriú ar ais chuig an CPL, nó na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na daoine ar leo iad i dtosach.

I gcás ina mbainfidh an túdarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tógfaidh an CPL nó na húinéirí ar leo iad i dtosach, tógfaidh siad ar ais aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta den sórt sin.

6.Cuirfear i gcrích aon aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, bíodh údarú ag an gceannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála nó ná bíodh.

I gcás nach núdarófar don cheannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála, cuirfidh an túdarás réitigh, i gcomhairle leis an údarás inniúil, dícheall cuí i bhfeidhm ar an gceannaitheoir agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh an ceannaitheoir iarratas ar údarú a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, laistigh de mhí amháin ón uair a úsáidtear an uirlis díola gnó. Áiritheoidh an túdarás inniúil go ndéanfar aon iarratas den sórt sin ar údarú a mheas ar bhealach brostaithe.

7.I gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 as aistriú na nionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an túdarás inniúil an measúnú dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de thréimhse ama nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díola gnó ná nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.

8.I gcás nach gcríochnóidh an túdarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 7 faoin dáta a bheidh feidhm le haistriú na nionstraimí úinéireachta, beidh feidhm leis an méid seo a leanas:

(a)beidh éifeacht dlí láithreach ag aistriú na nionstraimí úinéireachta ón dáta a aistrítear iad;

(b)le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), cuirfear ar fionraí cearta vótála an cheannaitheora a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta sin agus is san údarás réitigh amháin a dhílseofar iad, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás réitigh na cearta sin a fheidhmiú agus ní bheidh sé faoi dhliteanas iad a fheidhmiú nó staonadh ó iad a fheidhmiú;

(c)le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), ní bheidh feidhm ag aon phionóis ná bearta i leith na gceanglas a shárú maidir le héadálacha nó diúscairtí sealúchas cáilitheach a bheartaítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh feidhm acu maidir leis an aistriú sin.

(d)tabharfaidh an túdarás inniúil fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don ceannaitheoir i leith thoradh a mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go pras tar éis dó a mheasúnú a chur i gcrích;

(e)i gcás nach gcuirfidh an túdarás inniúil i gcoinne an aistrithe, measfar na cearta vótála a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta a bheith dílsithe ina niomláine sa cheannaitheoir ón lá a thabharfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)i gcás ina gcuirfidh an túdarás inniúil i gcoinne aistriú na nionstraimí úinéireachta, leanfaidh pointe (b) d’fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an túdarás réitigh, tar éis dó na dálaí margaidh a chur san áireamh, tréimhse dífheistithe a chur ar bun ina ndéanfaidh an ceannaitheoir na hionstraimí úinéireachta sin a dhífheistiú.

9.Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar an ceannaitheoir a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

10.Ní chuirfear cosc ar an gceannaitheoir dá dtagraítear i mír 1 cearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais íocaíochta agus socraíochta nó ar aon bhonneagar margaidh airgeadais eile ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir na critéir le haghaidh ballraíochta nó rannpháirtíochta sna córais agus bonneagair sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an ceannaitheoir na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an ceannaitheoir leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais agus ar na bonneagair sin ar feadh na tréimhse ama a shainíonn an túdarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

11.Ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar aon bhonneagar margaidh airgeadais eile don cheannaitheoir ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair sin.

12.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, ní bheidh aon chearta ag scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus cliaint an CPL faoi réiteach agus tríú páirtithe eile nach naistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu, ní bheidh aon chearta acu ar, nó i dtaca leis, na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna naistriú.

Airteagal 41
An uirlis díola gnó: ceanglais nós imeachta

1.I gcás ina mbainfidh sé úsáid as an uirlis díola gnó maidir le CPL, fógróidh an túdarás réitigh go bhfuil fáil ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, nó ar na hionstraimí úinéireachta a bheartaítear a aistriú, nó déanfaidh sé socruithe maidir lena margú. Féadfar comhthiomsuithe cearta, sócmhainní, oibleagáidí agus dliteanas a mhargú astu féin.

2.Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, déanfar an mhargaíocht dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)beidh sí chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sí bréagléiriú suntasach ar shócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta an CPL, ag féachaint do na himthosca agus, go háirithe, don ghá le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;

(b)ní thabharfaidh sí buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfaidh sí idirdhealú eatarthu;

(c)beidh sí saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d)cuirfidh sí san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh tapa a dhéanamh;

(e)beidh sé d’aidhm aici an praghas díola i gcomhair ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann a uasmhéadú a oiread agus is féidir.

Ní chuirfidh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír cosc ar an údarás réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.

3.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an túdarás réitigh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta a mhargú gan na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh i gcás inar dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gcritéar sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh.

Roinn 5
An uirlis CPL idirlinne

Airteagal 42
Uirlis CPL idirlinne

1.Féadfaidh an túdarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig CPL idirlinne:

(a)na hionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag CPL faoi réiteach;

(b)aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann leis an CPL faoi réiteach.

Féadfar an taistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach nó aon tríú páirtí cé is moite den CPL idirlinne agus gan aon cheanglais nós imeachta faoin dlí cuideachtaí nó faoin dlí urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 43.

2.Is é a bheidh sa CPL idirlinne duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:

(a)rialaíonn an túdarás réitigh é agus is faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó é a bhféadfadh an túdarás réitigh a bheith mar cheann díobh;

(b)cruthaítear é chun na hionstraimí úinéireachta ar fad nó cuid díobh arna neisiúint ag CPL faoi réiteach a fháil agus a shealbhú nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais an CPL ar fad nó cuid díobh a fháil agus a shealbhú d’fhonn feidhmeanna criticiúla an CPL a chaomhnú agus chun an CPL a dhíol ina dhiaidh sin.

3.Agus an uirlis CPL idirlinne á cur i bhfeidhm, áiritheoidh an túdarás réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas agus na noibleagáidí arna naistriú chuig an CPL idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna naistriú ón CPL faoi réiteach.

4.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh aon chomaoin a íocann an CPL idirlinne ina sochair ag:

(a)úinéirí na nionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an taistriú chuig an CPL idirlinne trí ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag CPL faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na nionstraimí sin chuig an CPL idirlinne;

(b)an CPL faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh an taistriú chuig an CPL idirlinne trí shócmhainní nó trí dhliteanais uile an CPL sin nó cuid díobh a aistriú chuig an CPL idirlinne.

5.Féadfaidh an túdarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna neisiúint ag CPL nó dá shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a dhéanamh.

6.Féadfaidh an túdarás réitigh na cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais a aistríodh chuig an CPL idirlinne a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó féadfaidh sé na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach i gcás ina bhforálfar don aistriú sin go sainráite san ionstraim lena ndéantar an taistriú dá dtagraítear i mír 1.

I gcás ina mbainfidh an túdarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé d’oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais sin a thógáil ar ais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír den mhír seo nó i mír 7.

7.I gcás nach dtiocfaidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais áirithe faoi aicmí ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas nó i gcás nach gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha maidir le haistriú a shonraítear san ionstraim lena ndearnadh an taistriú, féadfaidh an túdarás réitigh iad a aistriú ón CPL idirlinne ar ais chuig an CPL faoi réiteach nó chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach.

8.Féadfar aistriú dá dtagraítear i mír 6 agus mír 7 a dhéanamh tráth ar bith, agus comhlíonfaidh sé aon choinníollacha eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an taistriú chun na críche ábhartha.

9.Féadfaidh an túdarás réitigh ionstraimí úinéireachta nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistriú ón CPL idirlinne chuig tríú páirtí.

10.Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

Chun aon chríocha eile, féadfaidh údaráis réitigh a éileamh go measfar CPL idirlinne a bheith leanúntach ar CPL faoi réiteach, agus go bhféadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

11.Ní chuirfear cosc ar an CPL idirlinne cearta ballraíochta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar chórais íocaíochta agus socraíochta agus BMAanna eile an CPL faoi réiteach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh ballraíochta agus rannpháirtíochta sna córais agus bonneagair sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an CPL idirlinne na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an CPL idirlinne leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais agus ar na bonneagair sin ar feadh tréimhse ama a shainíonn an túdarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

12.Ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta nó ar aon BMA eile do CPL idirlinne ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa aige, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair sin.

13.Ní bheidh aon éileamh ag scairshealbhóirí nó ag creidiúnaithe an CPL faoi réiteach agus tríú páirtithe eile nach naistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu chuig an CPL idirlinne, ní bheidh aon éileamh acu ar na sócmhainní sin nó i dtaca leo, ar na cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna naistriú chuig an CPL idirlinne, nó in aghaidh bhord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne.

14.Ní bheidh dualgas nó freagracht ar an CPL idirlinne i leith scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an CPL faoi réiteach, agus ní bheidh bord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne faoi dhliteanas i leith na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin as gníomhartha agus neamhghníomhartha i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ach amháin más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach an gníomh nó an neamhghníomh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 43
CLP idirlinne: ceanglais nós imeachta

1.Comhlíonfaidh an CPL idirlinne na ceanglais uile seo a leanas:

(a)iarrfaidh an CPL idirlinne faomhadh an údaráis réitigh i gcomhair na nithe uile seo a leanas:

(i)rialacha corpraithe an CPL idirlinne;

(ii)comhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach mbeidh na comhaltaí sin ceaptha go díreach ag an údarás réitigh;

(iii)freagrachtaí agus luach saothair chomhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach gcinnfidh an túdarás réitigh an luach saothair agus na freagrachtaí;

(iv)straitéis agus próifíl riosca an CPL idirlinne;

(b)údarófar don CPL idirlinne na seirbhísí a sholáthar nó na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bheidh de thoradh an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

I gcás nach mbeidh an CPL idirlinne údaraithe mar a cheanglaítear de bhun phointe (b) de mhír 1, iarrfaidh an túdarás réitigh faomhadh an údaráis inniúil i gcomhair an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) a chur i gcrích. I gcás ina dtabharfaidh an túdarás inniúil faomhadh don aistriú sin, cuirfidh sé in iúl an tréimhse a tharscaoiltear an oibleagáid ar an CPL idirlinne ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

2.Faoi réir aon srianta arna bhforchur i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais nó rialacha iomaíochta náisiúnta, is é lucht bainistíochta an CPL idirlinne a rithfidh an CPL idirlinne agus é mar chuspóir acu rochtain ag geallsealbhóirí ar fheidhmeanna criticiúla an CPL idirlinne a chaomhnú agus an CPL idirlinne nó aon chuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais atá aige a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó ón earnáil phríobháideach. Déanfar an díolachán sin nuair is iomchuí na dálaí margaidh, agus laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 5 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 6 den Airteagal seo.

3.Déanfaidh an túdarás réitigh an CPL idirlinne a fhoirceannadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)tá na cuspóirí réitigh comhlíonta;

(b)cumascann an CPL idirlinne le heintiteas eile;

(c)ní chomhlíonann an CPL idirlinne na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42(2) a thuilleadh;

(d)díoladh an CPL idirlinne nó díoladh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais nach mór ar fad atá aige i gcomhréir le mír 4;

(e)téann an tréimhse a shonraítear i mír 5 in éag;

(f)socraíodh na conarthaí a d’imréitigh an CPL idirlinne, chuaigh siad in éag nó cuireadh clabhsúr orthu agus tá cearta agus oibleagáidí an CPL maidir leis na conarthaí sin glanta ina niomláine dá réir.

4.Sula ndíolfar an CPL idirlinne nó na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá aige, fógróidh an túdarás réitigh na gnéithe atá ar fáil a bhfuil sé i gceist a dhíol, agus áiritheoidh sé go margófar go hoscailte agus go trédhearcach iad, agus nach dtabharfar bréagléiriú suntasach orthu.

Cuirfidh an túdarás réitigh an díolachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích ar théarmaí tráchtála agus ní thabharfaidh sé buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú eatarthu.

5.Déanfaidh an túdarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh dhá bhliain tar éis an dáta ar a ndéanfar an taistriú deireanach ón CPL faoi réiteach.

I gcás ina ndéanfaidh an túdarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh, iarrfaidh sé ar an údarás inniúil údarú an CPL idirlinne a tharraingt siar.

6.Féadfaidh an túdarás réitigh síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 le haghaidh tréimhse bliana bhreise amháin nó níos mó i gcás inar gá an síneadh chun an CPL idirlinne a fhoirceannadh amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 3.

An cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5, beidh sé réasúnaithe agus beidh measúnú mionsonraithe ar staid an CPL idirlinne maidir le dálaí agus dearcadh ábhartha an mhargaidh ann.

7.Nuair a dhéantar CPL idirlinne a fhoirceannadh sna cúinsí dá dtagraítear i bpointe (d) nó pointe (e) de mhír 3, foirceannfar an CPL idirlinne faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne chun sochair dá scairshealbhóirí.

I gcás ina mbainfear úsáid as CPL idirlinne chun sócmhainní agus dliteanais níos mó ná aon CPL faoi réiteach amháin a aistriú, sannfar na fáltais dá dtagraítear sa dara fomhír trí thagairt do na sócmhainní agus na dliteanais ó gach ceann de na CPLanna faoi réiteach.

Roinn 6
Socruithe airgeadais breise

Airteagal 44
Foinsí maoiniúcháin malartacha

Féadfaidh an túdarás réitigh conarthaí a dhéanamh chun cineálacha eile tacaíochta airgeadais a fháil ar iasacht nó chun teacht a bheith aige orthu, lena náirítear acmhainní réamh-mhaoinithe atá ar fáil in aon chistí mainneachtana neamhídithe sa CPL faoi réiteach, i gcás inar gá lena áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as na huirlisí réitigh.

Roinn 7

Uirlisí cobhsaíochta rialtais

Airteagal 45

Uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais

1.Féadfaidh an túdarás réitigh úsáid a bhaint as na huirlisí cobhsaíochta rialtais i gcomhréir le hAirteagal 46 agus Airteagal 47 chun críche CPL a réiteach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)is gá an tacaíocht airgeadais chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(b)baintear úsáid as an tacaíocht airgeadais mar rogha dheireanach tar éis measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh eile agus leas a bhaint astu a mhéid is mó is infheidhme fad a chaomhnaítear an chobhsaíocht airgeadais, de réir mar a chinneann an aireacht inniúil nó an rialtas tar éis dul i gcomhairle leis an údarás réitigh;

(c)comhlíonann an tacaíocht airgeadais creat Státchabhrach an Aontais;

(d)cuireann an túdarás inniúil ceangal ar an údarás réitigh an tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

2.Chun éifeacht a thabhairt do na huirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais, beidh na cumhachtaí réitigh ábhartha a shonraítear in Airteagal 48 go hAirteagal 59 ag na haireachtaí nó rialtais inniúla agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Airteagal 52, Airteagal 54 agus Airteagal 70.

3.Measfar go mbainfear úsáid as uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais mar rogha dheireanach chun críocha phointe (b) de mhír 1, i gcás ina gcomhlíonfar, ar a laghad, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an túdarás réitigh, i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais agus leis an údarás inniúil, nár leor úsáid a bhaint as na uirlisí réitigh chun díobháil shuntasach don chóras airgeadais a sheachaint;

(b)cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an túdarás réitigh nár leor úsáid a bhaint as na uirlisí réitigh chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar thug an banc ceannais cúnamh leachtachta urghnách don CPL roimhe sin;

(c)maidir leis an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí, cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil, i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an údarás réitigh, nár leor úsáid a bhaint as na uirlisí réitigh chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar tugadh tacaíocht gnáthscaireanna poiblí tríd an uirlis tacaíochta gnáthscaireanna don CPL roimhe sin.

Airteagal 46

Uirlis tacaíochta gnáthscaireanna poiblí

1.Féadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar chun CPL a athchaipitliú mar mhalairt ar ionstraimí úinéireachta.

2.Bainisteofar CPLanna atá faoi réir uirlis tacaíochta gnáthscaireanna poiblí ar bhonn tráchtála agus gairmiúil.

3.Díolfar na hionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1 le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann.

Airteagal 47

Uirlis úinéireachta poiblí sealadaí

1.Féadfar úinéireacht phoiblí shealadach a ghlacadh ar CPL trí ordú aistrithe amháin nó níos mó d’ionstraimí úinéireachta arna ndéanamh ag Ballstát chuig aistrí arb é ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)ainmnitheach an Bhallstáit;

(b)comhlacht atá faoi úinéireacht iomlán an Bhallstáit.

2.Bainisteofar CPLanna atá faoi réir uirlis úinéireachta poiblí sealadaí ar bhonn tráchtála agus gairmiúil agus díolfar iad le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann.

CAIBIDIL IV
Cumhachtaí Réitigh

Airteagal 48
Cumhachtaí Ginearálta

1.Beidh na cumhachtaí ar fad is gá ag an údarás réitigh chun úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh go héifeachtach, lena náirítear na cumhachtaí ar fad seo a leanas:

(a)an chumhacht ceangal a chur ar dhuine ar bith aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil don údarás réitigh chun gníomhaíocht réitigh a chinneadh agus a ullmhú, lena náirítear nuashonruithe agus faisnéis bhreise i dteannta na faisnéise sin a chuirtear ar fáil sa phlean réitigh nó atá riachtanach trí chigireachtaí ar an láthair;

(b)an chumhacht stiúir a ghlacadh ar CPL faoi réiteach agus na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú a tugadh do shealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus do bhord an CPL;

(c)an chumhacht ionstraimí úinéireachta a aistriú arna neisiúint ag CPL faoi réiteach;

(d)an chumhacht cearta, sócmhainní, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a aistriú chuig eintiteas eile le toiliú uaidh;

(e)an chumhacht príomhshuim CPL nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile CPL faoi réiteach a laghdú, lena náirítear é a laghdú go nialas;

(f)an chumhacht ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile CPL faoi réiteach a chomhshó ina nionstraimí úinéireachta den CPL sin nó CPL idirlinne ar aistríodh sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach chuige;

(g)an chumhacht ionstraimí fiachais a chealú arna neisiúint ag CPL faoi réiteach;

(h)an chumhacht chun méid ainmniúil ionstraimí úinéireachta CPL faoi réiteach a laghdú, lena náirítear é a laghdú go nialas, agus na hionstraimí úinéireachta sin a chealú gan íoc;

(i)an chumhacht ceangal a chur ar CPL faoi réiteach nó ar a mháthairghnóthas ionstraimí nua úinéireachta a eisiúint, lena náirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí inchomhshóite teagmhasacha;

(j)i dtaca le hionstraimí fiachais agus dliteanais eile den CPL, an chumhacht a naibíocht a leasú nó a athrú, an méid úis is iníoctha a leasú, nó an dáta ar a mbeidh an tús iníoctha a leasú, lena náirítear an íocaíocht a fhionraí ar feadh tréimhse shealadach;

(k)an chumhacht conarthaí airgeadais a fhritháireamh agus a fhoirceannadh;

(l)an chumhacht bord agus lucht bainistíochta sinsearaí de CPL faoi réiteach a scor nó bord eile a chur ina ionad;

(m)an chumhacht ceangal a chur ar an údarás inniúil ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(n)an chumhacht an méid caolchorrlaigh a laghdú i leith rannpháirtí imréitigh CPL faoi réiteach, lena náirítear é a laghdú go nialas;

(o)an chumhacht suíomhanna oscailte agus aon sócmhainní gaolmhara, lena náirítear socruithe comhthaobhachta aistrithe teidil agus airgeadais urrúis ábhartha, socruithe fritháirimh, agus socruithe glanluachála, a aistriú ón gcuntas comhalta imréitigh mhainneachtana chuig comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(p)an chumhacht aon oibleagáidí conarthacha de chuid rannpháirtithe an CPL faoi réiteach atá ann cheana agus atá gan comhlíonadh a fhorghníomhú;

(q)an chumhacht aon oibleagáidí conarthacha de chuid mháthairghnóthas an CPL faoi réiteach atá ann cheana agus atá gan comhlíonadh a fhorghníomhú, lena náirítear tacaíocht airgeadais a sholáthar don CPL trí ráthaíochtaí nó línte creidmheasa;

(r)an chumhacht ceangal ar chomhaltaí imréitigh ranníocaíochtaí breise in airgead tirim a sholáthar.

Féadfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina naonar nó i gcomhcheangal.

2.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo agus i gcreat Státchabhrach an Aontais, ní bheidh an túdarás imréitigh faoi réir aon chuid de na ceanglais seo a leanas i gcás ina bhfeidhmeoidh sé na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)ceanglas maidir le faomhadh nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach;

(b)ceanglais maidir le hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais CPL faoi réiteach nó CPL idirlinne a aistriú;

(c)ceanglas maidir le fógra a thabhairt d’aon duine poiblí nó príobháideach;

(d)ceanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú;

(e)ceanglas le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.

Airteagal 49
Cumhachtaí coimhdeacha

1.I gcás ina bhfeidhmeofar cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 48(1), féadfaidh an túdarás imréitigh aon cheann de na cumhachtaí coimhdeacha seo a leanas a fheidhmiú freisin:

(a)faoi réir Airteagal 65, foráil d'aistriú a theacht i bhfeidhm atá saor ó aon dliteanas nó ualú a dhéanann difear do na hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais arna naistriú;

(b)cearta a bhaint ionstraimí úinéireachta breise a fháil;

(c)a chur de cheangal ar an údarás ábhartha ligean isteach aon ionstraimí airgeadais lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte, nó ar an liostú oifigiúil, a scor nó a fhionraí ar ionstraimí iad arna neisiúint ag an CPL de bhun Threoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ;

(d)foráil a dhéanamh don cheannaitheoir nó don CPL idirlinne, de bhun Airteagal 40 agus Airteagal 42 faoi seach, go ndéileálfar leis ionann is dá mba an CPL faoi réiteach é, chun críocha aon cheart nó  aon oibleagáidí, nó aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh an CPL faoi réiteach, lena náirítear aon chearta nó oibleagáidí bheith rannpháirteach i mbonneagar margaidh;

(e)a chur de cheangal ar an CPL faoi réiteach nó ar an gceannaitheoir nó ar an CPL idirlinne, nuair is ábhartha, faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil don pháirtí eile;

(f)foráil a dhéanamh don chomhalta imréitigh ar faighteoir aon suíomhanna é a dhéantar a leithdháileadh air trí na cumhachtaí i bpointe (o) agus i bpointe (p) d’Airteagal 48(1) glacadh le haon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht sa CPL maidir leis na suíomhanna sin;

(g)téarmaí conartha ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí a chealú nó a mhodhnú nó ina gcuirtear an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne mar pháirtí in ionad an CPL faoi réiteach;

(h)rialacha oibríochta an CPL faoi réiteach a mhodhnú nó a leasú, lena náirítear maidir lena théarmaí rannpháirtíochta faoi réir Airteagal 37;

(i)ballraíocht chomhalta imréitigh a aistriú ón CPL faoi réiteach chuig ceannaitheoir an CPL nó CPL idirlinne.

Aon cheart cúitimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní mheasfar gur dliteanas nó ualú é sin chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír.

2.Féadfaidh an túdarás réitigh foráil a dhéanamh do shocruithe leanúnachais is gá lena áirithiú go mbeidh an ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus go bhféadfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne an ghnólacht arna haistriú a oibriú. Féadtar a chuimsiú leis na socruithe leanúnachais sin:

(a)leanúnachas conarthaí a shínigh an CPL faoi réiteach, chun go nglacfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a aistríodh agus chun dul in ionad an CPL faoi réiteach, go sainráite nó go hintuigthe, sna doiciméid chonarthacha ábhartha ar fad;

(b)an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne a chur in ionad an CPL faoi réiteach in aon imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a aistríodh.

3.Ní dhéanfaidh na cumhachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus pointe (b) de mhír 2 difear do na nithe seo a leanas:

(a)ceart fostaí an CPL conradh fostaíochta a fhoirceannadh;

(b)faoi réir Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57, cearta conarthacha conradh a fheidhmiú, lena náirítear é a fhoirceannadh, i gcás ina bhforáiltear i dtéarmaí an chonartha, más toradh é ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an CPL roimh an aistriú, nó a rinne an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne tar éis an aistrithe.

Airteagal 50
Bainistíocht speisialta

1.Féadfaidh an túdarás réitigh bainisteoir speisialta a cheapadh chun a chur in ionad bord CPL faoi réiteach. Is duine de dhea-cháil leordhóthanach a bheidh sa bhainisteoir speisialta agus beidh saineolas leordhóthanach ag an mbainisteoir ar sheirbhísí airgeadais, bainistíocht riosca agus seirbhísí imréitigh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.Beidh cumhachtaí ar fad na scairshealbhóirí agus bhord an CPL ag an mbainisteoir speisialta. Ní fhéadfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an túdarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.

Déanfaidh an túdarás réitigh an ceapachán sin a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin.

3.Ceapfar an bainisteoir speisialta ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin. Féadfaidh an túdarás réitigh an tréimhse sin a athnuachan nuair is gá chun cuspóirí an réitigh a bhaint amach.

4.Déanfaidh an bainisteoir speisialta gach beart is gá le cuspóirí an réitigh a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí réitigh arna ndéanamh ag an údarás réitigh a chur chun feidhme. I gcás neamhréireachta nó coinbhleachta, beidh sáraíocht ag an dualgas reachtúil sin ar aon dualgas bainistíochta eile i gcomhréir le reachtanna an CPL nó an dlí náisiúnta.

5.Cuirfidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha le chéile don údarás réitigh ceapacháin ar eatraimh thráthrialta arna leagan amach ag an údarás réitigh agus ag tús théarma a shainordaithe agus ag deireadh théarma a shainordaithe. Beidh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar staid airgeadais an CPL agus sonrófar na cúiseanna a bheidh leis na bearta a dhéanfar.

6.Féadfaidh an túdarás réitigh an bainisteoir speisialta a chur as oifig am ar bith. I gcás ar bith cuirfidh sé an bainisteoir speisialta as oifig sna cásanna seo a leanas:

(a) beidh ag cliseadh ar an mbainisteoir speisialta na dualgais a chur i gcrích i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna leagan amach ag an údarás réitigh;

(b) b'fhearr a bhainfí cuspóirí an réitigh amach tríd an mbainisteoir speisialta a chur as oifig nó bainisteoir eile a chur ina ionad;

(c) ní chomhlíonfar coinníollacha an cheapacháin níos mó.

7.I gcás ina bhforáiltear sa dlí dócmhainneachta náisiúnta go gceapfar bainistíocht dócmhainneachta, féadfar an bainisteoir speisialta a cheapfar de bhun mhír 1 a cheapadh freisin mar bhainisteoir dócmhainneachta.

Airteagal 51
An chumhacht soláthar seirbhísí agus saoráidí a éileamh

1.Féadfaidh an túdarás réitigh a chur de cheangal ar CPL faoi réiteach, nó ar aon chuid dá eintitis ghrúpa nó comhaltaí imréitigh, aon seirbhísí nó saoráidí a sholáthar is gá a chuirfidh ar chumas ceannaitheora nó CPL idirlinne an ghnólacht a aistreofar chuige a oibriú go héifeachtach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír beag beann ar cibé acu atá eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó duine de chomhaltaí réitigh an CPL i ndiaidh dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó nach bhfuil nó atá féin faoi réiteach nó nach bhfuil.

2.Féadfaidh an túdarás réitigh oibleagáidí a fhorghníomhú arna bhforchur, de bhun mhír 1, ag údaráis réitigh i mBallstáit eile ina bhfeidhmítear na cumhachtaí sin maidir le heintitis sa ghrúpa céanna leis an CPL faoi réiteach, nó sa ghrúpa céanna le comhaltaí imréitigh an CPL sin.

3.Ní áireofar aon chineál tacaíochta airgeadais sna seirbhísí agus sna saoráidí dá dtagraítear i mír 1.

4.Soláthrófar na seirbhísí agus na saoráidí dá bhforáiltear de bhun mhír 1:

(a)de réir na dtéarmaí tráchtála céanna inar soláthraíodh iad don CPL go díreach sular cuireadh an ghníomhaíocht réitigh i gcrích, i gcás inarb ann do chomhaontú chun na gcríoch sin;

(b)de réir téarmaí tráchtála réasúnacha, i gcás nach ann do chomhaontú chun na gcríoch sin nó i gcás go ndeachaigh an comhaontú sin in éag.

Airteagal 52
An chumhacht gníomhaíochtaí réitigh a fhorghníomhú

nó bearta coiscthe géarchéime ag Ballstáit eile

1.I gcás ina mbeidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach lonnaithe i mBallstát, nó arna rialú faoi dhlí Ballstáit, seachas Ballstát an údaráis réitigh, beidh éifeacht ag aon aistriú de na hionstraimí, na sócmhainní, na cearta, na hoibleagáidí nó na dliteanais sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit eile sin.

2.Cuirfidh údaráis na mBallstát ábhartha eile gach cúnamh ar fáil d'údarás réitigh Ballstáit is gá lena áirithiú go naistreofar aon ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais chuig an gceannaitheoir nó CPL idirlinne i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

3.Scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad i dteideal an taistriú sin a chosc, a cheistiú ná a chur i leataobh faoi dhlí an Bhallstáit a rialaíonn an taistriú sin.

4.I gcás ina núsáidfidh údarás réitigh Ballstáit na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 28 nó in Airteagal 32, agus i gcás ina náireofar ar na conarthaí, dliteanais, ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais de chuid CPL faoi réiteach ionstraimí, conarthaí nó dliteanais arna rialú faoi dhlí Ballstáit eile, nó dliteanais atá dlite do chreidiúnaithe agus conarthaí maidir le rannpháirtithe imréitigh atá lonnaithe sa Bhallstát eile sin, áiritheoidh na húdaráis ábhartha sa Bhallstát eile sin go ngabhfaidh éifeacht le aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bharr na nuirlisí réitigh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus rannpháirtithe imréitigh dá ndéanann na huirlisí réitigh sin difear, ní bheidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar an bpríomhshuim nó an méid is iníoctha den ionstraim nó dliteanas nó a chomhshó nó a athstruchtúrú.

5.Cinnfear na cearta agus na coimircí seo a leanas i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:

(a)an ceart atá ag scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 72 i gcoinne aistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)an ceart atá ag creidiúnaithe dá ndearnadh difear achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 72 i gcoinne laghdú a dhéanamh ar an bpríomhshuim nó ar an méid is iníoctha nó ar chomhshó nó ar athstruchtúrú ionstraime, dliteanais nó conartha a chumhdaítear le mír 4 den Airteagal seo;

(c)na coimircí i gcomhair aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, maidir le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 53
Cumhacht maidir le sócmhainní, conarthaí, cearta, dliteanais, oibleagáidí

agus ionstraimí úinéireachta daoine atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dhlí tríú tíortha

1.I gcás ina mbainfidh gníomhaíocht réitigh le sócmhainní nó conarthaí daoine atá lonnaithe i dtríú tír nó ionstraimí úinéireachta, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna rialú le dlí tríú tír, féadfaidh an túdarás ceanglas a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh an CPL faoi réiteach agus faighteoir na sócmhainní, na gconarthaí, na nionstraimí úinéireachta, na gceart, na noibleagáidí nó na ndliteanas sin gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht leis an ngníomhaíocht;

(b)beidh na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní nó cearta ag an CPL faoi réiteach nó glanfaidh an CPL faoi réiteach na dliteanais agus na hoibleagáidí ar son an fhaighteora go dtí go bhfuil an beart éifeachtach;

(c)déanfar costais réasúnacha an fhaighteora arna dtabhú go cuí i dtaca le haon bheart a chur i gcrích faoi phointe (a) agus (b) den mhír seo a aisíoc ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 27(9).

2.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an túdarás réitigh ceangal a chur ar an CPL maidir lena áirithiú go náireofar foráil ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le comhaltaí imréitigh agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais eile atá lonnaithe i dtríú tíortha ina gcomhaontóidh siad bheith faoi cheangal ag aon ghníomhaíocht maidir lena sócmhainní, a gconarthaí, a gcearta, a noibleagáidí agus a ndliteanais a dhéanfaidh an túdarás réitigh, lena náirítear Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 a chur i bhfeidhm.

3.I gcás nach mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1, beidh an gníomh sin neamhbhailí maidir leis na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann.

Airteagal 54
Téarmaí conarthacha áirithe le linn luathréitigh agus le linn réitigh

1.Beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó aon teagmhas a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht sin a chur i bhfeidhm, ní mheasfar gur teagmhas forghníomhaithe nó dócmhainneachta é de réir bhrí Threoir 2002/47/CE agus Threoir 98/26/CE ar choinníoll go leanfar de bheith ag cur na noibleagáidí substainteacha faoin gconradh i bhfeidhm, lena náirítear oibleagáidí maidir le híocaíocht agus seachadadh agus soláthar comhthaobhachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithnítear de bhun Airteagal 75, nó thairis sin i gcás ina gcinnfidh an túdarás réitigh amhlaidh, measfar gur gníomhaíocht réitigh iad sin a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.Ní bhainfear úsáid as gníomhaíocht coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)aon fhoirceannadh, fionraí, modhnú, glanluacháil nó cearta fritháirimh a fheidhmiú, lena náirítear conradh a ndeachaigh aon eintiteas den ghrúpa ar leis an CPL ina bhun lena náirítear forálacha nó oibleagáidí trasmhainneachtana a ráthaítear nó lena bhfuil tacaíocht ó aon eintiteas grúpa thairis sin;

(b)maidir le haon urrús ar aon mhaoin den CPL lena mbaineann nó aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena náirítear forálacha trasmhainneachtana, seilbh a fháil orthu, rialú a dhéanamh orthu nó iad a fhorghníomhú;

(c)difear a dhéanamh d’aon chearta conarthacha atá ag an CPL lena mbaineann nó atá ag aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena náirítear forálacha trasmhainneachtana.

Airteagal 55
Cumhacht chun oibleagáidí ar leith a fhionraí

1.Féadfaidh an túdarás réitigh aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta den dá chontrapháirtí a fhionraí i gconradh ar bith a ndeachaigh CPL faoi réiteach ina bhun ó fhoilsiú fhógra an fhionraithe i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meánoíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.I gcás ina mbeadh oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite le linn thréimhse an fhionraithe, beidh an oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite go díreach ar dhul in éag do thréimhse an fhionraithe.

3.Ní fheidhmeoidh an túdarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 maidir le hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta atá dlite do chórais agus d’oibreoirí córas arna nainmiú chun críocha Threoir 98/26/CE, lena náirítear contrapháirtithe lárnacha eile, agus bainc cheannais.

Airteagal 56
Cumhacht chun teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorghníomhú

1.Féadfaidh an túdarás réitigh cosc a chur ar chreidiúnaithe urraithe CPL faoi réiteach leasanna urrúis a fhorghníomhú maidir le haon sócmhainní den CPL sin faoi réiteach ó fhoilsiú fhógra an tsrianta i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.Ní fheidhmeoidh an údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le haon leas urrúis córas nó le hoibreoirí córas a ainmneofar chun críocha Threoir 98/26/CE, lena náirítear contrapháirtithe lárnacha eile, agus bainc cheannais maidir le sócmhainní a gheallfar nó a sholáthrófar mar chorrlach nó mar chomhthaobhacht ag an CPL faoi réiteach.

Airteagal 57
Cumhacht chun cearta foirceannta a fhionraí go sealadach

1.Féadfaidh an túdarás réitigh cearta foirceannta aon pháirtí i gconradh le CPL faoi réiteach ó fhoilsiú fhógra an fhoirceannta i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin, ar choinníoll go leanfar de bheith ag feidhmiú oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.Ní fheidhmeoidh an túdarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 maidir le córais agus oibreoirí córas arna nainmniú do chríocha Threoir 98/26/CE, lena náirítear contrapháirtithe lárnacha eile agus bainc cheannais.

3.Féadfaidh páirtí i gconradh ceart foirceannta a fheidhmiú faoin gconradh sin roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfaighidh an páirtí sin fógra ón údarás réitigh nach mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh:

(a)á naistriú chuig eintiteas eile;

(b)faoi réir díluachála, comhshó, nó úsáid uirlis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh.

4.I gcás nár tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 3, féadfar cearta foirceannta a fheidhmiú ar dhul in éag don tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 54, mar seo a leanas:

(a)i gcás inar aistríodh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh chuig eintiteas eile, féadfaidh contrapháirtí cearta foirceannta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin sa chás sin amháin inarb é an faighteoir is cúis leis an teagmhas forghníomhaithe a bheith ann nó é leanúint ar aghaidh;

(b)i gcás ina bhfanfaidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh ag an CPL agus i gcás inar bhain an túdarás réitigh úsáid as uirlis réitigh chun caillteanais nó suíomhanna a leithdháileadh ar an gconradh sin, féadfaidh contrapháirtí ceart foirceannta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ar dhul in éag fionraí faoi mhír 1.

Airteagal 58
An chumhacht rialú a dhéanamh ar an CPL

1.Féadfaidh an túdarás réitigh rialú a dhéanamh ar an CPL faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)gníomhaíochtaí agus seirbhísí an CPL a bhainistiú, cumhachtaí a scairshealbhóirí agus a bhoird a fheidhmiú agus dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca;

(b)sócmhainní agus maoin an CPL faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.

Féadfaidh an túdarás réitigh an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh go díreach nó féadfaidh duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás réitigh a dhéanamh amhlaidh go hindíreach.

2.I gcás ina ndéanfaidh an túdarás réitigh rialú ar an CPL, measfar gur cúlstiúrthóir nó stiúrthóir de facto é an túdarás réitigh faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 59

Údaráis réitigh a fheidhmiú cumhachtaí

Faoi réir Airteagal 72, déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh trí ordú feidhmiúcháin i gcomhréir le hinniúlachtaí agus nósanna imeachta riaracháin náisiúnta.

CAIBIDIL V
Coimircí

Airteagal 60
Prionsabal Creidiúnaí Ar Bith Níos Measa As

I gcás ina mbainfidh an túdarás réitigh úsáid as ceann amháin de na huirlisí réitigh nó níos mó, áiritheoidh sé nach dtabhóidh scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus rannpháirtithe imréitigh:

(a)I gcás ina ndéanfaidh comhalta imréitigh mainneachtain, caillteanais níos mó ná mar a thabhódh sé mura ndéanfadh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh maidir leis an CPL tráth a mheas an túdarás réitigh gur comhlíonadh coinníollacha i leith réitigh de bhun Airteagal 22 (1) agus go raibh siad ina ionad sin faoi réir oibleagáidí ar bith nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe conarthacha eile ina rialacha oibríochta;

(a)i dteagmhas seachas i dteagmhas mainneachtana comhalta imréitigh, caillteanais níos mó ná mar a thabhóidh sé dá ndéanfaí an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta lena náirítear socruithe conarthacha ina rialacha oibríochta a chur san áireamh.

Airteagal 61
Luacháil i leith an iarratais prionsabal Creidiúnaí Ar Bith Níos Measa As

1.Chun críocha comhlíonadh a mheas maidir leis an bprionsabal creidiúnaí ar bith níos measa as mar a leagtar síos in Airteagal 60, áiritheoidh an túdarás réitigh go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil chomh luath agus is féidir tar éis chur i gcrích na gníomhaíochta réitigh.

2.Áireofar sa luacháil dá dtagraítear i mír 1:

(a)an chaoi a chaithfí le scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus rannpháirtithe imréitigh mura ndéanfadh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh maidir leis an CPL tráth a mheas an túdarás réitigh gur comhlíonadh coinníollacha i leith réitigh de bhun Airteagal 22 (1) agus go raibh siad ina ionad sin faoi réir oibleagáidí ar bith nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe conarthacha eile ina rialacha oibríochta nó go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(b)an chaoi ar caitheadh go hiarbhír le scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus rannpháirtitithe imréitigh i ndáil le réiteach an CPL;

(c)an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) agus an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (b).

3.Chun críocha a láimhseáil a ríomh dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh aird ag an luacháil dá dtagraítear i mír 1 ar aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar don CPL faoi réiteach.

4.Beidh an luacháil dá dtagraítear i mír 1 éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).

5.Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 74(4) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an luacháil a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [ PO please insert the date 12 months from entry into force of the Regulation].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 62
Coimirce i gcomhair scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus rannpháirtithe imréitigh

I gcás, i gcomhréir leis an luacháil a dhéanfar faoi Airteagal 61, inar thabhaigh aon scairshealbhóir, creidiúnaí nó rannpháirtí imréitigh caillteanais níos mó ná mar a thaobhódh sé mura ndéanfadh an túdarás réitigh gníomhaíocht réitigh maidir leis an CPL agus ina mbeidís ina ionad sin faoi réir oibleagáidí ar bith nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile ina rialacha oibríochta nó go ndéanfaí an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, beidh an scairshealbhóir sin, an creidiúnaí sin agus an rannpháirtí imréitigh sin i dteideal íocaíocht na difríochta a fháil.

Airteagal 63
Coimirce do chontrapháirtithe in aistrithe páirteacha

Beidh feidhm ag na cosaintí dá bhforáiltear in Airteagal 64, in Airteagal 65 agus in Airteagal 66 sna cúinsí seo a leanas:

(a)i gcás ina naistreoidh an túdarás réitigh cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach, nó CPL idirlinne, chuig ceannaitheoir ach nach naistreoidh sé iad ar fad.

(b)i gcás ina bhfeidhmeoidh an túdarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 49(1).

Airteagal 64
Comhaontuithe i dtaobh comhthaobhacht airgeadais, fritháireamh agus glanluacháil a chosaint

Áiritheoidh an túdarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach go naistreofar cuid, ach ní hiad ar fad, de na cearta agus de na dliteanais faoi shocrú comhthaobhacht airgeadais aistrithe teidil, socrú fritháirimh nó socrú glanluachála idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe, ná ar bhealach ina ndéanfar na cearta agus na dliteanais a mhodhnú nó a fhoirceannadh faoi na socruithe sin trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha a úsáid.

Áireofar sna socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon socrú ina bhfuil na páirtithe i dteideal na cearta sin agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.

Airteagal 65
Cosaint i gcomhair socruithe urrúis

Áiritheoidh an túdarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach go mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe urrúis idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe sin:

(a)aistriú sócmhainní a bhfuil an dliteanas arna urrú ina gcoinne mura ndéantar dliteanas agus sochar an urrúis a aistriú freisin;

(b)aistriú dliteanais urraithe mura ndéantar sochar an urrúis a aistriú freisin;

(c)aistriú shochar an urrúis mura ndéantar an dliteanas urraithe a aistriú freisin;

(d)modhnú nó foirceannadh socrú urrúis trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha, arb é an éifeacht a bheidh leis an modhnú sin nó leis an bhfoirceannadh sin go scoirfidh an dliteanas a bheith urraithe.

Airteagal 66
Cosaint i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha agus bannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh an túdarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach ina mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe airgeadais struchtúrtha, lena náirítear bannaí faoi chumhdach:

(a)cuid de na sócmhainní, cearta agus dliteanais ach ní hiad sin ar fad, a chomhdhéanann nó atá mar chuid de shocrú airgeadais struchtúrtha ina bhfuil an institiúid faoi réiteach ina páirtí, cuid díobh sin a aistriú;

(b)na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar sócmhainní, cearta agus dliteanais iad a chomhdhéanann nó atá mar chuid de shocrú airgeadais struchtúrtha ina bhfuil an institiúid faoi réiteach ina páirtí, a fhoirceannadh nó a mhodhnú trí úsáid a bhaint as cumhachtaí coimhdeacha ;

Chun críocha na chéad fhomhíre, aireofar sna socruithe airgeadais struchtúrtha urrúsacháin agus ionstraimí a úsáidtear chun críocha fálaithe atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, lena gcuimsítear deonú agus sealbhú urrúis ag páirtí sa socrú nó ag iontaobhaí, gníomhaire nó ainmnitheach.

Airteagal 67
Aistrithe páirteacha: córais um thrádáil, imréiteach agus socraíocht a chosaint

1.Áiritheoidh an túdarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach ina ndéanfar difear d'oibriú córas agus rialacha córas arna gcumhdach le Treoir 98/26/CE, i gcás ina ndéanfaidh an túdarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach, ach ní hiad ar fad, a aistriú chuig ceannaitheoir;

(b)téarmaí conartha a chealú nó a leasú ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí nó ceannaitheoir nó CPL idirlinne a chur in ionad páirtí.

2.Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an túdarás réitigh nach mbainfear úsáid as na huirlisí réitigh ar bhealach go mbeidh aon chuid de na torthaí seo ann:

(a)ordú aistrithe a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(b)tionchar a imirt ar fhorghníomhaitheacht orduithe aistrithe agus glanluachála mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(c)tionchar a imirt ar úsáid cistí, urrús nó saoráidí creidmheasa mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Threoir 98/26/CE;

(d)tionchar a imirt ar chosaint urrús comhthaobhachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 de Threoir 98/26/CE.

CAIBIDIL VI
Oibleagáidí nós imeachta

Airteagal 68
Ceanglais maidir le fógra

1.Tabharfaidh an CPL fógra don údarás inniúil i gcás ina measann an contrapháirtí go bhfuil ag ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfear air dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.Cuirfidh an túdarás inniúil an túdarás réitigh ar an eolas faoi aon fhógraí arna bhfáil faoi mhír 1 agus faoi aon téarnamh nó aon bhearta eile i gcomhréir le Teideal IV a chuireann an túdarás inniúil de cheangal ar an CPL a dhéanamh.

Cuirfidh an túdarás inniúil an túdarás réitigh ar an eolas faoi aon chás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaineann le CPL agus faoi aon fhógra arna bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán sin.

3.I gcás ina gcinneann údarás inniúil nó údarás réitigh go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus bpointe (b) d'Airteagal 22(1) comhlíonta maidir le CPL, tabharfaidh sé fógra gan mhoill do na húdaráis seo a leanas:

(a)an túdarás inniúil nó réitigh don CPL sin;

(b)an túdarás inniúil do mháthairghnóthas an CPL;

(c)an banc ceannais;

(d)an aireacht inniúil;

(e)BERS agus an túdarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe.    

Airteagal 69
Cinneadh an údaráis inniúil

1.Tar éis fógra a fháil ón údarás inniúil de bhun Airteagal 68(3), cinnfidh an túdarás réitigh an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht réitigh.

2.Sa chinneadh an ndéanfar gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL nó nach ndéanfar, beidh eolas ar na nithe seo a leanas:

(a)measúnú an údaráis réitigh i dtaobh an gcomhlíonann an CPL na coinníollacha maidir le réiteach;

(b)aon ghníomhaíocht atá sé beartaithe ag an údarás réitigh a dhéanamh, lena náirítear an cinneadh maidir le hiarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh, riarthóir a cheapadh nó aon bhearta eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta infheidhme nó, faoi réir phointe (e) d'Airteagal 27(1), faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 70
Oibleagáidí nós imeachta na n
údarás réiteach

1.Tabharfaidh an túdarás réitigh fógra do na húdaráis seo a leanas, a luaithe is indéanta tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh:

(a)an CPL faoi réiteach;

(b)an coláiste réitigh;

(c)an túdarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe agus BERS;

(d)an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, agus ÚEÁPC;

(e)oibreoirí na gcóras a chumhdaítear le Treoir 98/26/AE ina mbíonn an CPL atá faoi réiteach rannpháirteach.

2.Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 beidh cóip d'aon ordú nó ionstraim trína ndéantar an ghníomhaíocht ábhartha agus luafar ann an dáta óna mbeidh feidhm ag an ngníomhaíocht réitigh.

Cuirfear in iúl san fhógra don choláiste réitigh de bhun pointe (b) de mhír (1) an ndiallann an ghníomhaíocht réitigh ón bplean réitigh agus luafar na cúiseanna le diall den sórt sin.

3.Foilseofar cóip den ordú nó ionstraim faoina ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó fógra ina dtugtar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, agus, más infheidhme, na téarmaí agus an tréimhse fionraí nó srianta dá dtagraítear in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57, foilseofar iad sna háiteanna seo uile a leanas:

(a)suíomh gréasáin an údaráis réitigh;

(b)suíomh gréasáin an údaráis inniúil, murab ionann é agus an túdarás réitigh, agus suíomh gréasáin ÚEUM;

(c)suíomh gréasáin an CPL atá faoi réiteach;

(d)i gcás ina ligtear isteach ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais an CPL atá faoi réiteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, an modh a úsáidtear maidir le nochtadh faisnéis rialáilte faoin CPL atá faoi réiteach de bhun Airteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 .

4.I gcás nach ligtear isteach na hionstraimí úinéireachta ná na hionstraimí fiachais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an túdarás réitigh go seolfar na doiciméid lena gcuirtear cruthúnas an ordaithe dá dtagraítear i mír 3 chuig sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus creidiúnaithe an CPL atá faoi réiteach, sealbhóirí a bhfuil an túdarás réitigh eolach fúthu trí chláir nó trí bhunachair sonraí an CPL atá faoi réiteach.

Airteagal 71
Rúndacht

1.Beidh ceanglais na rúndachta gairmiúla ina gceangal i ndáil leis na daoine seo a leanas:

(a)údaráis réitigh;

(b)údaráis inniúla, ÚEUM agus ÚBE;

(c)aireachtaí inniúla;

(d)bainisteoirí speisialta nó riarthóirí sealadacha a cheaptar faoin Rialachán seo;

(e)faighteoirí féideartha a ndéanann na húdaráis inniúla teagmháil leo nó atá iarrtha ag na húdaráis réitigh, is cuma má rinneadh an teagmháil nó sirtheoireacht mar ullmhúchán leis an uirlis díolta gnó a úsáid, agus is cuma an raibh éadáil mar thoradh ar an sirtheoireacht;

(f)iniúchóirí, cuntasóirí, comhairleoirí dlí agus gairmiúla, luachálaithe agus saineolaithe eile a fhostaítear go díreach nó go hindíreach ag na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó ag na faighteoirí féideartha dá dtagraítear i bpointe (e);

(g)bainc cheannais agus údaráis eile atá rannpháirteach sa phróiseas réitigh;

(h)CLP idirlinne;

(i)aon daoine eile a soláthraíonn nó a sholáthraigh seirbhísí go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, do dhaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k);

(j)bainistíocht shinsearach agus baill bhord CPL, agus fostaithe na gcomhlachtaí nó na neintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k) roimh, le linn a gceaptha agus ina dhiaidh sin;

(k)baill uile eile an choláiste réitigh nach dtagraítear dóibh i bpointí (a), (b), (c) agus (g).

2.D'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar amach i mír 1 agus mír 3, áiritheoidh na daoine a luaitear i bpointí (a), (b), (c), (g), (h) agus (k) de mhír 1 go bhfuil rialacha inmheánacha i bhfeidhm, lena náirítear rialacha chun rúndacht eolais a ráthú idir daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas réitigh.

3.Beidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi thoirmeasc faisnéis rúnda a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó ó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d'aon duine nó d'aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach féidir CPLanna aonair a shainaithint nó le toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an CPL a chuir an fhaisnéis ar fáil.

Sula ndéantar aon chineál faisnéise a nochtadh, déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, chun críche cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí.

Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 13 agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagal 10 agus Airteagal 16.

I gcás sárú ar an Airteagal sin, beidh aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 faoi réir dliteanas sibhialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a mhalartú le haon cheann acu seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil comhaontuithe rúndachta i bhfeidhm chun críocha an mhalartaithe sin:

(a)aon duine eile i gcás inar gá chun críocha pleanála nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh;

(b)coistí fiosrúcháin parlaiminteacha sa Bhallstát, cúirteanna iniúchóirí sa Bhallstát agus eintiteas eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin sa Bhallstát;

(c)údaráis náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta, na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na húdaráis ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála airgeadais eile, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais agus gnóthais árachais agus cigirí atá ag gníomhú thar a gceann, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus na daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh.

5.Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar:

(a)fostaithe agus saineolaithe na gcomhlachtaí nó na neintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) agus i bpointe (k) de mhír 1 faisnéis a roinnt eatarthu féin laistigh de gach comhlacht nó eintiteas;

(b)údaráis réitigh agus údaráis inniúla, lena náiritear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a roinnt lena chéile agus le húdaráis réitigh eile de chuid an Aontais, údaráis inniúla eile de chuid an Aontais, aireachtaí inniúla, bainc cheannais, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar chuntais, ÚBE, ÚEUM, nó, faoi réir Airteagal 78, údaráis tríú-tír a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna na núdarás réiteach, nó, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta, le faighteoirí féideartha chun críocha gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a chur i gcrích.

6.Beidh an tAirteagal seo gan dochar don dlí náisiúnta maidir le nochtadh faisnéise chun críche imeachtaí dlíthiúla i gcásanna coiriúla nó sibhialta.

CAIBIDIL VII

Ceart chun achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile

Airteagal 72

Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta ar achomharc

1.Féadfaidh cinneadh beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a bheith faoi réir údarú breithiúnach ex-ante, ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta a bhaineann leis an údarú sin agus le tuairim na cúirte gasta.

2.Cinneadh beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh cumhacht a fheidhmiú, seachas gníomhaíocht réitigh, beidh ceart ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin ag gach duine a ndéanann cinneadh den chineál sin difear dó.

3.Gach duine a ndéanann cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh difear dó, beidh ceart ar achomharc ag an duine sin i gcoinne an chinnidh sin.

4.Beidh an ceart ar achomharc dá dtagraítear in Airteagal 3 faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorghníomhaithe láithreach agus mar thoradh air sin beidh toimhde infhrisnéise gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí;

(b)beidh an nós imeachta maidir leis an achomhairc gasta;

(c)Bainfidh an chúirt leas as na measúnuithe eacnamaíocha a dhéanann an túdarás réitigh ar na fíricí mar bhonn lena measúnú féin.

5.I gcás inar gá chun cosaint leasanna tríú páirtithe atá ag gníomhú de mheon macánta a bhfuil ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL atá faoi réiteach faighte acu de bhun gníomhaíocht réitigh, ní bheidh feidhm ag neamhniú cinneadh údaráis réitigh ar ghníomhartha nó idirbhearta riaracháin ina dhiaidh sin a chuirtear i gcrích ag an údarás réitigh lena mbaineann a bhí bunaithe ar an gcinneadh neamhnithe.

Chun chríocha na chéad fhomhíre, beidh na leigheasanna atá ar fáil don iarrthóir nuair a dhéantar cinneadh de chuid an údaráis réitigh a neamhniú teoranta do chúiteamh ar aon chaillteanas a tharla mar gheall ar an gcinneadh sin.

Airteagal 73
Srianta ar imeachtaí eile

1.Ní thosófar gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le CPL, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó le toiliú uaidh i gcomhréir le mír 3.

2.Tabharfar fógra do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh gan mhoill maidir le haon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh maidir le CPL, is cuma má tá an CPL faoi réiteach nó más rud é gur poiblíodh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 70(3).

3.Ní fhéadfaidh na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta na himeachtaí sin a thionscnamh ach amháin tar éis don údarás réitigh fógra a thabhairt dóibh faoina chinneadh gan gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL nó i gcás nach bhfaightear aon fhógra laistigh de sheacht lá den fhógra dá dtagraítear i mír 2.

Nuair is gá sin chun úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí réitigh agus cumhachtaí réitigh, féadfaidh údaráis réitigh iarraidh ar an gcúirt bac a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse chuí i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, ar aon ghníomhaíocht bhreithiúnach nó imeacht ina bhfuil CPL faoi réiteach ina pháirtí nó ina bhféadfaidh sé bheith ina pháirtí.

TEIDEAL VI
CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 74
Comhaontuithe le tríú tíortha

1.I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, féadfaidh an Coimisiún moltaí a thíolacadh don Chomhairle maidir le comhaontuithe a chaibidiú le haon tríú tír amháin nó níos mó i dtaca leis na modhanna comhair idir na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha tríú tír i ndáil le pleanáil téarnaimh agus réitigh maidir le CPLanna agus CPLanna tríú tír, maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)soláthraíonn CPL tríú tír seirbhísí nó a bhfuil fochuideachtaí aige i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit;

(b)soláthraíonn CPL atá bunaithe i mBallstát seirbhísí nó tá fochuideachta amháin nó níos mó aige i dtríú tír.

2.Féachfar leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, le próisis agus socruithe a áirithiú ar mhaithe le comhar maidir le cur i gcrích na gcúraimí agus feidhmiú na gcumhachtaí a luaitear in Airteagal 77, lena náirítear malartú na faisnéise is gá chun na críocha sin.

Airteagal 75
Nósanna imeachta réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha sa mhéid is nach bhfuil aithint agus forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.Tabharfaidh údaráis náisiúnta ábhartha aitheantas d'imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le CPL tríú tír in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)soláthraíonn an CPL tríú tír seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó nó tá fochuideachtaí bunaithe aige i mBallstát amháin nó níos mó;

(b)tá sócmhainní, cearta nó dliteanais ag an CPL tríú tír, atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó tá siad á rialú le dlí na mBallstát sin.

Áiritheoidh údaráis ábhartha náisiúnta forfheidhmiú na nimeachtaí réitigh tríú tír aitheanta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.Beidh an cumhacht na nithe seo ar a laghad a dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha:

(a)na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) sócmhainní CPL tríú tír atá lonnaithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit;

(ii) cearta nó dliteanais CPL tríú tír atá cláraithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina bhfuil éilithe i ndáil le cearta agus dliteanais den sórt sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;

(b)aistriú ionstraimí úinéireachta i bhfochuideachta atá bunaithe sa Bhallstát ainmniúcháin a fhoirbhiú, lena náirítear ceangal ar dhuine eile an taistriú a fhoirbhiú;

(c)na cumhachtaí in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 a fheidhmiú maidir le cearta aon pháirtí conradh a bheith aige le heintiteas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás gur gá cumhachtaí den sórt sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfeidhmiú;

(d)bail neamh-infheidhmithe a chur ar aon cheart conarthaí a fhoirceannadh, a leachtú nó a luathú, nó difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 2 agus grúpeintitis eile, i gcás ina dtagann ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le CPL tríú tír, cibé acu ón údarás réitigh tríú tír féin nó de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena náirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

4.Beidh aitheantas agus forghníomhú imeachtaí dócmhainneachta tríú tír gan dochar do ghnáthimeachtaí dócmhainneachta faoi dhlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 76
Ceart aithint agus forghníomhú nósanna imeachta réitigh tríú tír a dhiúltú

De mhaolú ar Airteagal 75(2), féadfaidh na húdaráis ábhartha náisiúnta diúltú aitheantas a thabhairt d'imeachtaí réitigh tríú tír nó diúltú na himeachtaí sin a fhorfheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)bheadh éifeachtaí dhíobhálacha ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar chobhsaíocht airgeadais ina mBallstát;

(b)ní chuirfí, faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír, an chóir chéanna ar chreidiúnaithe ná rannpháirtithe imréitigh atá lonnaithe ina mBallstát agus a chuirfí ar chreidiúnaithe nó rannpháirtithe imréitigh tríú tír a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu;

(c)bheadh impleachtaí fioscacha ábhartha ar an mBallstát ag aithint agus ag forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír;

(d)bheadh an aithint nó an forghníomhú contrártha leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 77
Comhar le húdaráis tríú tír

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 74(1) a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha sa mhéid is nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.I gcás inarb iomchuí, déanfaidh údaráis inniúla nó údaráis réitigh socruithe comhair a chur i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír seo a leanas, ag cur san áireamh socruithe comhair atá ann cheana a bunaíodh de bhun Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:

(a)i gcás ina soláthraíonn CPL tríú tír seirbhísí nó ina bhfuil fochuideachtaí aige i mBallstát amháin nó níos mó, údaráis ábhartha an tríú tír ina bhfuil an CPL bunaithe;

(b)i gcás ina soláthraíonn CPL seirbhísí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil fochuideachta amháin nó níos mó aige, údaráis ábhartha na dtríú tíortha ina soláthraítear na seirbhísí sin nó ina bunaítear na fochuideachtaí.

3.Leis na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 2 bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha d'fhonn an fhaisnéis riachtanach chun na tascanna seo a leanas a dhéanamh a sheoladh agus le haghaidh comhoibriú chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, agus chun na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú maidir le CPLanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 nó maidir le grúpaí lena náirítear CPLanna den sórt sin:

(a)forbairt pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(b)measúnú ar inréititheacht institiúidí agus grúpaí den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(c)cur i bhfeidhm na gcumhachtaí chun dul i ngleic le hinréititheacht nó baic léi a bhaint de bhun Airteagal 17 agus aon chumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(d)cur i bhfeidhm bearta luath-idirghabhála de bhun Airteagal 19 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(e)úsáid uirlisí réitigh agus feidhmiú cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a tugadh do na húdaráis ábhartha tríú tír.

4.Sna socruithe comhair a chuirtear i gcrích idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha de bhun mhír 2 féadfaidh forálacha do na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)an malartú faisnéise atá riachtanach d'fhonn phleananna réitigh a ullmhú agus a chothabháil;

(b)comhairliúchán agus comhar i bhforbairt pleananna réitigh, lena náirítear prionsabail maidir le feidhmiú cumhachtaí faoi Airteagal 75 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú dtíortha ábhartha;

(c)an malartú faisnéise atá de dhíth chun na huirlisí réitigh a úsáid agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a fheidhmiú faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(d)luathrabhadh do pháirtithe sa socrú comhair agus comhairliúcháin leo sula ndéanfar aon bheart faoin Rialachán seo nó faoi dhlí ábhartha tríú tír a dhéanann difear don CPL nó don ghrúpa lena mbaineann an socrú;

(e)comhordú na cumarsáide poiblí i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha réitigh:

(f)nósanna imeachta agus socruithe maidir le malartú faisnéise agus comhar faoi phointe (a) go pointe (e), lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghrúpaí bainistithe géarchéime a chur ar bun agus a fheidhmiú.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 3 i bhfeidhm ar bhealach coiteann aonfhoirmeach comhsheasmhach, eiseoidh ÚEUM treoirlínte ar chineáil agus ábhar na bhforálacha dá dtagraítear i mír 4 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

5.Tabharfaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla fógra d'ÚEUM maidir le haon comhaontuithe comhair atá curtha i gcrích i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 78
Malartú faisnéise rúnda

1.Ní dhéanfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla, aireachtaí inniúla, agus, nuair is iomchuí, údaráis ábhartha náisiúnta eile faisnéis rúnda a mhalartú, lena náirítear pleananna téarnaimh, le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir cheanglais agus chaighdeáin rúndachta gairmiúla a mheastar a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 71, i dtuairim na núdarás ar fad lena mbaineann;

(b)tá gá leis an bhfaisnéis le haghaidh cur i gcrích fheidhmeanna na núdarás ábhartha tríú tír faoi dhlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Rialachán seo agus ní úsáidtear an fhaisnéis chun aon chríche eile.

2.A mhéad a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

3.I gcás ina dtagann faisnéis rúnda ó Bhallstát eile, ní nochtfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla agus aireachtaí inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)glacann údarás ábhartha an Bhallstáit ónar tháinig an fhaisnéis leis an nochtadh sin;

(b)ní nochtar an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch a cheadaítear leis an údarás dá dtagraítear i bpointe (a).

4.Chun críocha an Airteagail seo, meastar faisnéis a bheith faoi rún má tá sí faoi rún ceanglais rúndachta faoi dhlí an Aontais.

TEIDEAL VII
LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1095/2010, RIALACHÁN (AE) UIMH. 648/2012, AGUS RIALACHÁN (AE) UIMH. 2015/2365

Airteagal 79
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(1)Cuirtear an pointe (iv) seo a leanas le hAirteagal 4(3):

'(iv) maidir le hAirteagal (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], údarás réitigh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].';

(2)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 40(5):

Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], féadfaidh ionadaí thar ceann an údaráis réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.’.

Airteagal 80

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)Cuirtear isteach Airteagal 6a seo a leanas:

'Airteagal 6a

Fionraí na hoibleagáide imréitigh atá faoi réiteach

1.I gcás ina gcomhlíonann CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin nó údarás inniúil comhalta imréitigh an CPL atá faoi réiteach, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí go sealadach d'aicmí díorthach sonracha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)údaraítear don CPL atá faoi réiteach faoi Airteagal 14 na haicmí sonracha díorthacha thar an gcuntar atá faoi réir imréitigh a imréiteach de bhun Airteagal 4(1) a iarrtar an fionraí dóibh;

(b)tá gá le fionraí na hoibleagáide imréitigh a leagtar síos in Airteagal 4 do na haicmí sonracha thar an gcuntar sin chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL a sheachaint, go háirithe i gcás ina gcomhlíontar an dá chritéir seo a leanas:

(i) tá ann do theagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais;

(ii) tá gá leis an mbeart chun dul i ngleic leis an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige atá díréireach maidir leis na sochair a ghabhann leis ar chobhsaíocht airgeadais.

Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh an túdarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe d'ÚEUM agus do BERS, an tráth céanna a dtugtar an iarraidh don Choimisiún.

2.Laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra a thabhairt faoin iarraidh dá dtagraítear i mír 1, agus tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí atá beartaithe agus an gá le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas a sheachaint á chur san áireamh, maidir leis na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], agus maidir leis na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.Ní chuirfear an tuairim dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don phobal.

4.Laistigh de 48 uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhfionrófar go sealadach an oibleagáid imréitigh d'aicmí díorthach sonracha thar an gcuntar nó lena ndiúltaítear an fionraí iarrtha.

5.Cuirfear cinneadh an Choimisiúin chuig an údarás a d'iarr an fionraí agus chuig ÚEUM agus foilseofar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin é. I gcás ina gcinneann an Coimisiún oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, foilseofar sin ar an gclár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí go sealadach don aicme díorthach sonrach thar an gcuntar ar choinníoll go comhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1. Agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d'eisigh ÚEUM dá dtagraítear i mír 2, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 maidir leis na haicmí díorthacha thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint.

7.Beidh fionraí oibleagáide imréitigh de bhun mhír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

8.Féadfaidh an Coimisiún an fionraí dá dtagraítear i mír 7 a athnuachan ar feadh tréimhse amháin nó níos mó nach faide go carnach ná trí mhí ó dheireadh an tréimhse fionraí tosaigh i gcás ina leanfaidh gá le fionraí de bheith i bhfeidhm.

9.Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

10.Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'ÚEUM go bhfuil sé ar intinn aige fionraí na hoibleagáide imréitigh a athnuachan.

Laistigh de 48 uair an chloig tar éis fógra ón gCoimisiún go bhfuil sé ar intinn aige fionraí na hoibleagáide imréitigh a athnuachan, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir le hathnuachan an fhionraí ag cur san áireamh an gá le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas a sheachaint, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], agus na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 den Rialachán seo.';

(2)in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mbord faoi aon socruithe a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistiú riosca an CPL, amhail athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir maidir le comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d'eisfhoinsiú feidhmeanna. Cuirfidh an coiste riosca aon riosca nua a d'fhéadfadh difear a dhéanamh ar athléimneacht an CPL in iúl don bhord go tráthúil. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d'oibríochtaí laethúla an CPL. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i staideanna éigeandála, lena náirítear forbairtí a bhaineann le neamhchosaintí chomhaltaí imréitigh ar an CPL agus idirthuilleamaíochtaí le CPLanna eile'.

(3)In Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

'5. Cuirfidh CPL an túdarás inniúil agus an coiste riosca ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus míneoidh sé cinneadh den sórt sin. Féadfaidh an coiste riosca nó aon bhall den choiste riosca an túdarás inniúil ar an eolas faoi aon réimse ina mheasann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste riosca.';

(4)in Airteagal 38, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:

'Cuirfidh comhaltaí imréitigh an CPL a gcuid cliant reatha nó féideartha ar an eolas faoi na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile a d'fhéadfaidís a iompar le linn céim téarnaimh CPL, lena náirítear an cineál cúitimh a d'fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á chur san áireamh. Tabharfar faisnéis leordhóthanach do chliaint d'fhonn a áirithiú go dtuigeann siad na caillteanais is measa nó costais eile a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás go ndéanfadh CPL bearta téarnaimh.';

(5)Cuirtear an pointe (q) seo a leanas le hAirteagal 81(3):

'(q) na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].'.

Airteagal 81
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365

Cuirtear an pointe (n) seo a leanas le hAirteagal 12(2):

'(n) na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].'.

TEIDEAL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 82
Athbhreithniú

Faoi [...], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil ina leith faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 83
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 9(1) den Treoir lena leasaítear Treoir 2014/59/AE ].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

An tUachtarán    An tUachtarán

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1–59)
(2) De bhun Rialachán Tairmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 agus Rialachán Tairmligthe (AE) 2016/592 an 1 Márta 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an oibleagáid imréitigh, ní mór aicmí éagsúla díorthach ráta úis thar an gcuntar atá ainmnithe in EUR, GBP, JPY agus USD agus aicmí éagsúla díorthach creidmheasa thar an gcuntar atá ainmnithe in EUR a imréiteach go lárnach trí chontrapháirtithe lárnacha údaraithe nó aitheanta, an 21 Meitheamh agus an 9 Feabhra 2017 faoi seach.
(3) Treoir 2014/59/AE, an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Mar chuid de na céimeanna chun freagrachtaí do mhaoirseacht agus réiteach na mbanc a chomhtháthú i gcomhthéacs an Aontais Baincéireachta, ceapadh sásra aonair réitigh mar chomhlánú leis (Rialachán (AE) Uimh. 806/2014). Féach http://ec.europa.eu/internal_market/bank/crisis_management/index_en.htm   http://ec.europa.eu/internal_market/finances/banking-union/index_en.htm  
(4) Key Attributes of Effective Resolution Regimes for Financial Institutions, (Príomhthréithe Córas Éifeachtacha Réitigh d’Institiúidí Airgeadais) an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (Samhain 2011) http://www.financialstabilityboard.org/publications/r_111104cc.pdf Nuashonraithe i Meán Fómhair 2014 le hiarscríbhinní a bhaineann le hearnálacha faoi leith http://www.financialstabilityboard.org/wp-content/uploads/r_141015.pdf . 
(5) http://www.bis.org/cpmi/publ/d121.pdf ; http://www.financialstabilityboard.org/wp-content/uploads/r_141015.pdf .
(6) http://www.fsb.org/wp-content/uploads/Essential-Aspects-of-CCP-ResolutionPlanning.pdf ; https://www.iosco.org/library/pubdocs/pdf/IOSCOPD539.pdf .
(7) http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P7-TA-2013-0533+0+DOC+XML+V0//EN . 
(8) http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/planned_ia/docs/2015_fisma_029_cwp_ccp_resolution_of_non_bank_resolution_en.pdf .
(9) Féach rannóg 3.2 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo.
(10) Féach rannóg 4 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo.
(11) http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/nonbanks/consultationdocument_en.pdf .
(12) Tá achoimre ar fáil ag: http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/nonbanks/summary-of-replies.pdf .
(13) Is féidir teacht ar fhreagraí poiblí ag: http://www.bis.org/publ/cpss109/comments.htm agus: https://www.financialstabilityboard.org/publications/c_131121.htm . 
(14) Féach plénóta an bhoird um chobhsaíocht airgeadais ó Lúnasa 2016 maidir le “Gnéithe Riachtanacha de Phleanáil Réitigh Contrapháirtithe Lárnacha”, ag: http://www.fsb.org/2016/08/essential-aspects-of-ccp-resolutionplanning/.
(15) Éilítear faoin Dara Treoir maidir le Dlí na gCuideachtaí go naontófaí aon mhéadú ar chaipiteal i gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta ag an gcruinniú cinn bliana, agus éilíonn Treoir 2007/36 (an Treoir maidir le Cearta Scairsealbhóirí) tréimhse tionóil 21 lá don chruinniú sin Dá bhrí sin, ní féidir staid airgeadais contrapháirtí lárnaigh a athshlánú go gasta trí mhéadú caipitil. Dá bhrí sin, déanann an togra leasú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí chun ligean don chruinniú ginearálta cinneadh a ghlacadh roimh ré go mbeidh tréimhse níos giorra i bhfeidhm maidir le cruinniú a thionól chun cinneadh a dhéanamh maidir le méadú caipitil i gcás éigeandála. Beidh údarú den chineál sin ina chuid den phlean téarnaimh. Ar an gcaoi sin, féadfar gníomh gasta a ghlacadh agus cumhachtaí cinnteoireachta na scairshealbhóirí a choimeád. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na Treoracha maidir le Dlí na gCuideachtaí tá méadú agus laghdú caipitil, cumaisc agus deighiltí faoi réir chomhaontú na scairsealbhóirí agus tá feidhm ag cearta réamhcheannaigh pé uair a dhéantar méadú caipitil trí chomaoin in airgead. Ina theannta sin, leis an Treoir maidir le tairiscintí táthcheangail, éilítear tairiscintí éigeantacha nuair a fhaigheann aon duine – lena náirítear an Stát – scaireanna i gcuideachta liostaithe os cionn na tairsí rialaithe (30%-50% de ghnáth). Chun aghaidh a thabhairt ar na constaicí, i gcomhréir leis an togra, is féidir leis na Ballstáit maolú ar na forálacha a dteastaíonn toiliú ó chreidiúnaithe nó scairshealbhóirí ina leith nó a chuireann bac ar réiteach éifeachtach gasta ar bhealach eile.
(16) IO C , , lch. .
(17) IO C , , lch. .
(18) IO C , , lch. .
(19) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(20) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(21) http://www.fsb.org/wp-content/uploads/r_141015.pdf
(22) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena naisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(23) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11. 6. 1998, lch. 45).
(24) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(25) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
(26) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(27) Treoir 2002/47/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(28) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(29) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 876/2013 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar choláistí le haghaidh contrapháirtithe lárnach (IO L 244, 13.9.2013, lch. 19).
(30) Rialachán Tarmligthe (AE) .... ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear inneachar pleananna téarnaimh, pleananna réitigh agus pleananna réitigh grúpa, na híoschritéir nach mór don údarás inniúil a mheasúnú maidir le pleananna téarnaimh agus pleananna téarnaimh grúpa, na coinníollacha ar thacaíocht airgeadais ghrúpa, na ceanglais ar luachálaithe neamhspleácha, an aithint chonarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó, nósanna imeachta agus inneachar na gceanglas maidir le fógra a thabhairt agus na bhfógraí maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh, C(2016) 1691 final [Nóta d'oifig na bhFoilseachán – Cuir isteach Uimh. an Rialacháin Tarmligthe]
(31) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena naisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(32) Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).
(33) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
Top

An Bhruiséil,28.11.2016

COM(2016) 856 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365

{SWD(2016) 368 final}
{SWD(2016) 369 final}


IARSCRÍBHINN

ROINN A
Ceanglais maidir le pleananna téarnaimh

1.I dtaca leis an bplean téarnaimh:

(1)ní thoimhdeofar ann go mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le fáil;

(2)cuirtear san áireamh ann leasanna na scairshealbhóirí uile ar dócha go ndéanfaidh an plean sin difear dóibh;

(3)áiritheofar nach bhfuil neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL neamhtheoranta.

Déanfaidh an CPL sásraí leordhóthanacha a fhorbairt chun páirt i ndréachtú an phlean a thabhairt do na BMAanna nasctha agus do na scairshealbhóirí sin a d'iompródh caillteanais, a thabhódh costais agus a dhéanfadh ranníocaíocht chun easnaimh leachtachta a chumhdach i gcás ina gcuirfí an plean téarnaimh chun feidhme.

2.Áireofar an méid seo a leanas sa phlean téarnaimh:

(1)achoimre ar phríomheilimintí an phlean agus achoimre ar an gcumas téarnaimh foriomlán;

(2)achoimre ar na hathruithe ábhartha a rinneadh ar an CPL ó comhdaíodh an plean téarnaimh is déanaí;

(3)plean cumarsáide agus nochta ina leagfar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an CPL aon fhreagairtí diúltacha ón margadh a láimhseáil;

(4)raon cuimsitheach de ghníomhaíochtaí caipitil, de ghníomhaíochtaí leithdháilte caillteanais agus de ghníomhaíochtaí leachtachta atá riachtanach chun inmharthanacht agus staid airgeadais an CPL a chothabháil nó a athshlánú, lena náirítear chun a leabhar comhoiriúnaithe agus a chaipiteal a athshlánú, agus chun acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú atá riachtanach don CPL ionas go leanfaidh sé de bheith ina ghnóthas leantach inmharthana agus de bheith ag cur a sheirbhísí criticiúla ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 152/2013 ón gCoimisiún agus le hAirteagal 32(2) agus le hAirteagal 32(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún;

(5)coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí lena náiritheofar cur chun feidhme tráthúil na mbeart téarnaimh mar aon le raon leathan de roghanna ón bplean réitigh, lena náireofar meastachán ar an tréimhse ama is gá chun gach gné ábhartha den phlean a chur i gcrích;

(6)tuairisc mhionsonraithe ar aon bhac ábhartha ar chur i gcrích éifeachtach thráthúil an phlean agus cuirfear san áireamh sa tuairisc sin freisin an tionchar a bheidh aige sin ar na comhaltaí imréitigh agus na cliaint, lena náireofar cásanna inar dócha go ndéanfaidh comhaltaí imréitigh bearta i gcomhréir lena bpleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7 de Threoir 2014/59/AE agus, nuair is iomchuí, an tionchar a bheidh aige sin ar an gcuid eile den ghrúpa;

(7)sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla;

(8)tuairisc mhionsonraithe ar na próisis chun luach agus indíoltacht chroílínte gnó, oibríochtaí agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(9)tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a ndéanfar an phleanáil réitigh a chomhtháthú le struchtúr rialachais chorparáidí an CPL, faoin gcaoi ar cuid de rialacha oibríochta an CPL í, rialacha ar chomhaontaigh na comhaltaí imréitigh orthu, mar aon le beartais agus nósanna imeachta lena rialófar faomhadh an phlean réitigh agus sainaithint na ndaoine sin san eagraíocht a bhfuil sé de chúram orthu an plean a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(10)socruithe agus bearta lena dtabharfar dreasachtaí do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tairiscintí iomaíocha a dhéanamh ar cheantanna ar shuíomhanna comhalta a mhainnigh;

(11)socruithe agus bearta lena náiritheofar rochtain leordhóthanach a bheith ag an CPL ar fhoinsí cistiúcháin theagmhasaigh, lena náireofar foinsí féideartha leachtachta, measúnú ar a bhfuil ar fáil de chomhthaobhacht agus measúnú ar an bhféidearthacht acmhainní nó leachtacht a aistriú ó líne ghnó go chéile, chun a áirithiú gur féidir leis leanúint dá oibríochtaí a chur i gcrích agus de na hoibleagáidí atá air a íoc nuair a bheidh siad dlite;

(12)socruithe agus bearta faoi choinne na nithe seo a leanas:

(a)riosca a laghdú;

(b)conarthaí, cearta, sócmhainní agus dliteanais a athstruchtúrú;

(c)línte gnó a athstruchtúrú;

(d)deimhin a dhéanamh de go ndéanfar rochtain leanúnach ar bhonneagair de chuid an mhargaidh airgeadais a chothabháil;

(e)deimhin a dhéanamh de go ndéanfar feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla an CPL a chothabháil, lena náireofar a bhonneagar agus a sheirbhísí TF;

(f)réamhshocruithe chun díol sócmhainní nó línte gnó a éascú laistigh de thréimhse ama is iomchuí d’athshlánú na fóntachta airgeadais;

(g)gníomhaíochtaí bainistíochta eile nó straitéisí bainistíochta eile chun fóntacht airgeadais a athshlánú agus iarmhairt airgeadais na ngníomhaíochtaí nó na straitéisí sin a bhfuiltear ag súil léi;

(h)réamhbhearta atá déanta ag an CPL nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun cur chun feidhme an phlean téarnaimh a éascú, lena náireofar iad sin is gá chun athchaipitliú tráthúil an CPL a éascú, a leabhar comhoiriúnaithe a athshlánú agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú mar aon le hinfhorfheidhmitheacht an phlean sin ar bhonn trasteorann;

(i)creat táscairí lena sainaithneofar na pointí ag a bhféadfar gníomhaíochtaí iomchuí dá dtagraítear sa phlean a dhéanamh.

(j)más infheidhme, anailís ar an gcaoi a bhféadfaidh an CPL iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid mar aon le hanailís ar cathain a fhéadfaidh an CPL sin a dhéanamh, agus na hacmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint faoi théarmaí shaoráid an bhainc ceannais;

(k)agus forálacha Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh, raon dianchásanna struis is ábhartha do choinníollacha sonracha an CPL, lena náirítear teagmhais shistéamacha agus strus a bhaineann go sonrach leis an eintiteas dlíthiúil agus le haon ghrúpa lena mbaineann sé, agus le comhaltaí imréitigh an CPL, nó más iomchuí, le BMA nasctha;

(l)agus forálacha Airteagal 34 agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh, cásanna ar toradh iad ar strus nó mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí agus ar toradh iad ar nithe eile lena náirítear caillteanais de dhroim ghníomhaíochtaí infheistíochta an CPL nó fadhbanna oibríochtúla (lena náirítear mhórbhagairtí seachtracha ar oibríochtaí CPL i ngeall ar chur isteach seachtrach, suaitheadh seachtrach nó eachtra sheachtrach chibearchoiriúil);

ROINN B
Faisnéis a fhéadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar CPLanna

a sholáthar chun críocha pleananna réitigh a tharraingt suas

agus a chothabháil

Féadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar institiúidí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar chun críocha pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chothabháil:

(1)tuairisc mhionsonraithe ar struchtúr eagraíochtúil an CPL ina mbeidh liosta de na daoine dlítheanacha uile;

(2)sainaithint na sealbhóirí díreacha agus céatadán na gceart vótála agus na gceart eile atá gach duine dlítheanach;

(3)suíomh an uile dhuine dhlítheanaigh, a dhlínse chorpraithe, a cheadúnú agus an phríomhfhoireann bainistíochta a bhaineann leis;

(4)mapáil oibríochtaí criticiúla an CPL agus a chroílínte gnó chuig na daoine dlítheanacha lena mbaineann, lena náirítear mionsonraí chlár comhardaithe na noibríochtaí agus na línte gnó sin;

(5)tuairisc mhionsonraithe ar chomhpháirteanna an CPL agus ar ghníomhaíochtaí gnó a eintiteas dlíthiúil uile, á ndeighilt ó chéile, de réir na gcatagóirí seo a leanas ar a laghad: cineálacha seirbhísí, suimeanna na méideanna imréitithe, leas oscailte, corrlach tosaigh, sreabhadh an chorrlaigh athrúcháin agus aon chearta measúnúcháin ghaolmhara nó gníomhaíochtaí téarnaimh eile a bhaineann leis na línte gnó sin;

(6)mionsonraí faoi ionstraimí caipitil agus ionstraimí fiachais arna neisiúint ag an CPL agus ag a eintitis dhlíthiúla;

(7)sainaithint na nithe seo a leanas: na foinsí óna bhfuair an CPL comhthaobhacht agus an fhoirm ina bhfuil sí (aistriú teidil nó leas urrúis), cé dó ar gheall sé comhthaobhacht agus an fhoirm ina bhfuil sí maille leis an té ag a bhfuil an chomhthaobhacht, agus, sa dá chás, an dlínse ina bhfuil an chomhthaobhacht lonnaithe;

(8)tuairisc ar neamhchosaintí an CPL agus a eintiteas dlíthiúil lasmuigh den chlár comhardaithe, lena náirítear mapáil chuig a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(9)fáluithe ábhartha an CPL lena náirítear mapáil chuig a dhaoine dlítheanacha;

(10)sainaithint neamhchosaintí agus thábhacht chomhaltaí imréitigh an CPL faoi seach mar aon le hanailís ar an tionchar a bheadh ag cliseadh na bpríomhchomhaltaí imréitigh ar an CPL;

(11)gach córas ina ndéanann an CPL líon ábhartha idirbheart nó méid luacha idirbheart, lena náirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(12)gach córas íocaíochta, córas imréitigh nó córas socraíochta a bhfuil an CPL ina chomhalta de, cibé acu comhalta díreach nó indíreach é, lena náirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(13)fardal mionsonraithe de na príomhchórais faisnéise bainistíochta maille le tuairisc orthu, iad sin a bhaineann le bainistíocht riosca, le cuntasaíocht, agus le tuairisciú airgeadais agus rialála arna núsáid ag an CPL san áireamh, lena náirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(14)sainaithint úinéirí na gcóras a shainaithnítear faoi phointe (13); comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a bhaineann leo, agus gach bogearra, córas nó ceadúnas, lena náirítear mapáil chuig eintitis dhlíthiúla an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(15)sainaithint agus mapáil na ndaoine dlítheanacha mar aon le hidirnaisc agus idirthuilleamaíochtaí na ndaoine dlítheanacha éagsúla amhail:

pearsanra, saoráidí nó córais chomhchoiteanna nó chomhroinnte;

socruithe caipitil, cistiúcháin nó leachtachta;

neamhchosaintí ar chreidmheas atá ann cheana nó a d'fhéadfadh bheith ann;

comhaontuithe trasráthaíochta, socruithe maidir le comhthaobhacht fhrithpháirteach, forálacha trasmhainneachtana agus socruithe glanluachála idir fhochuideachtaí;

aistrithe riosca agus socruithe maidir le trádáil ‘droim le droim’; comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse;

(16)an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh do gach duine dlítheanach, i gcás nach ionann iad agus na húdaráis a ainmnítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi Airteagal 3 den Rialachán seo;

(17)comhalta an bhoird atá freagrach as an bhfaisnéis is gá a sholáthar chun plean téarnaimh an CPL a ullmhú mar aon leo sin atá freagrach, i gcás nach ionann iad agus an comhalta réamhráite, as na daoine dlítheanacha éagsúla, na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó;

(18)tuairisc ar na socruithe atá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú, i gcás réitigh, go mbeidh teacht ag an údarás réitigh ar an bhfaisnéis uile is gá, arna chinneadh sin ag an údarás réitigh, chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú;

(19)na comhaontuithe uile a rinne an CPL agus a neintitis dhlíthiúla le tríú páirtithe, ar féidir iad a fhoirceannadh le cinneadh ó na húdaráis uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó i gcás ina ndéanfaidh iarmhairtí an fhoirceannta sin difear do chur i bhfeidhm na huirlise réitigh;

(20)tuairisc ar fhoinsí féideartha leachtachta lena dtacófar leis an réiteach;

(21)faisnéis faoi ualú sócmhainní, sócmhainní leachtacha, gníomhaíochta lasmuigh den chlár comhardaithe, straitéisí fálúcháin agus cleachtais chlárúcháin.



ROINN C
Ábhair nach foláir don údarás réitigh a chur san áireamh

nuair a bheidh inréititheacht CPL á meas aige

Nuair a bheidh inréititheacht CPL á meas aige, cuirfidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(1)a mhéid is féidir le CPL na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla a mhapáil chuig na daoine dlítheanacha;

(2)a mhéid a bheidh na struchtúir dhlíthiúla agus chorparáideacha ag teacht leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla;

(3)a mhéid a bheidh socruithe i bhfeidhm lena bhforálfar don phearsanra, don bhonneagar, don chistiú, don leachtacht agus don chaipiteal is gá chun tacú leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla agus chun iad a chothabháil;

(4)a mhéid a bheidh na comhaontuithe seirbhíse arna ndéanamh ag an CPL infhorfheidhmithe go hiomlán i gcás ina ndéanfar an CPL a réiteach;

(5)a mhéid a bheidh struchtúr rialachais an CPL leordhóthanach chun bainistiú a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais inmheánacha an CPL i ndáil lena chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhísí agus chun an comhlíonadh sin a áirithiú;

(6)a mhéid a bheidh próiseas curtha ar bun ag an CPL chun na seirbhísí arna gcur ar fáil faoi chomhaontuithe maidir le leibhéal na seirbhíse a aistriú go tríú páirtithe i gcás ina ndéanfar na feidhmeanna criticiúla nó na croílínte gnó a dheighilt ó fheidhmeanna agus línte eile;

(7)a mhéid a bheidh pleananna teagmhasacha nó bearta teagmhasacha i bhfeidhm chun rochtain leanúnach ar chórais íocaíochta agus socraíochta a áirithiú;

(8)leordhóthanacht na gcóras faisnéise bainistíochta chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis réitigh i gcumas faisnéis bheacht iomlán a bhailiú a bhaineann leis na croílínte gnó agus leis na hoibríochtaí criticiúla d’fhonn cinnteoireacht phras a éascú;

(9)cumas na gcóras faisnéise bainistíochta chun an fhaisnéis a chur ar fáil i gcónaí atá riachtanach do réiteach éifeachtach an CPL fiú amháin nuair a bheidh mearathruithe ag dul ar na dálaí lena mbaineann;

(10)a mhéid a bheidh tástáil déanta ag an CPL ar a chórais faisnéise bainistíochta faoi na cásanna struis atá sainmhínithe ag an údarás réitigh;

(11)a mhéid is féidir leis an CPL leanúnachas a chóras faisnéise bainistíochta a áirithiú don CPL dá ndéanfar difear agus don CPL nua araon i gcás ina ndéanfar na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó a dheighilt ón gcuid eile de na hoibríochtaí agus na línte gnó eile;

(12)i gcás ina dtairbheoidh CPL de ráthaíochtaí inghrúpa nó ina mbeidh sé neamhchosanta orthu, a mhéid a chuirfear na ráthaíochtaí sin ar fáil faoi dhálaí an mhargaidh agus a láidre a bheidh na córais faisnéise bainistíochta a bhaineann leis na ráthaíochtaí sin;

(13)i gcás ina ndéanfaidh CPL idirbhearta ‘droim le droim’, a mhéid a dhéanfar na hidirbhearta sin faoi dhálaí an mhargaidh agus a láidre a bheidh na córais faisnéise bainistíochta a bhaineann leis na hidirbhearta sin;

(14)a mhéid a mhéadófar an éifeacht ghabhála ar fud an ghrúpa de thoradh ráthaíochtaí inghrúpa nó idirbhearta clárúcháin ‘droim le droim’ a úsáid;

(15)a mhéid a choiscfidh struchtúr dlíthiúil an CPL cur i bhfeidhm na nuirlisí réitigh mar thoradh ar líon na neintiteas dlíthiúil, ar a chasta atá struchtúr an ghrúpa nó ar a dheacra atá sé línte gnó a ailíniú le grúpeintitis;

(16)a mhéid a fhéadfaidh drochthionchar a bheith ag réiteach an CPL ar aon chuid dá ghrúpa, nuair is infheidhme;

(17)gurb ann do chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus gur comhaontuithe láidre iad;

(18)an mbeidh na huirlisí réitigh ag údaráis tríú tír is gá chun tacú le gníomhaíochtaí réitigh a dhéanfaidh údaráis réitigh an Aontais, agus na féidearthachtaí a bheidh ann don Aontas agus d'údaráis tríú tír gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhar le chéile;

(19)a indéanta atá sé uirlisí réitigh a úsáid ar chaoi a cheadóidh cuspóirí an réitigh a chur i gcrích, agus a bhfuil ar fáil d'uirlisí agus struchtúr an CPL féin á chur san áireamh;

(20)aon cheanglais shonracha is gá chun ionstraimí úinéireachta nua dá dtagraítear in Airteagal 33(1) a eisiúint;

(21)na socruithe agus na modhanna lena bhféadfaí cur isteach ar phróiseas an réitigh i gcás CPL ag a bhfuil comhaltaí imréitigh nó socruithe comhthaobhachta atá bunaithe i ndlínsí éagsúla;

(22)a inchreidte atá sé uirlisí réitigh a úsáid ar chaoi a cheadóidh cuspóirí an réitigh a chur i gcrích, agus an tionchar a d'fhéadfaí bheith acu ar rannpháirtithe imréitigh, ar chontrapháirtithe eile agus ar fhostaithe á chur san áireamh mar aon le gníomhaíochtaí eile is féidir leis na húdaráis tríú tír a dhéanamh;

(23)a mhéid is féidir measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais agus ar mhuinín an mhargaidh airgeadais;

(24)a mhéid is féidir éifeacht shuntasach dhíobhálach, cibé acu éifeacht dhíreach nó indíreach í sin, a bheith ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais, ar mhuinín an mhargaidh agus ar an ngeilleagar;

(25)a mhéid is féidir srian a chur le héifeacht ghabhála ar CPLanna eile nó ar mhargaí airgeadais eile trí uirlisí réitigh nó cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm;

(26)a mhéid a fhéadfaidh éifeacht shuntasach a bheith ag réiteach an CPL ar fheidhmiú na gcóras íocaíochta agus socraíochta.

Top