EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015PC0701

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

COM/2015/0701 final - 2015/0263 (COD)

An Bhruiséil,26.11.2015

COM(2015) 701 final

2015/0263(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

{SWD(2015) 750 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is den riachtanas é timpeallacht fhónta rialála institiúideach maille le geilleagar atá ag feidhmiú mar is ceart a chruthú d'fhonn iomaíochas a fheabhsú, infheistíocht a spreagadh, cruthú fostaíochta a chothú, caighdeáin mhaireachtála a ardú agus fás inbhuanaithe a thionscnamh i mBallstáit an Aontais. Is mó geilleagar náisiúnta san Aontas a ghabh trí phróiseas coigeartaithe, nó atá fós ag gabháil trí phróiseas den saghas sin, chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú a tháinig chun cinn san am atá caite, agus tá go leor Ballstát ann a chaithfidh dul i ngleic le ráta íseal d'fhás. Athchóirithe struchtúracha ar gheilleagair na mBallstát sin a bheith á gcur chun feidhme go mall nó ar bhonn easnamhach, is é is cúis le staid den chineál sin go minic. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, poitéinseal fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

I dtaca le hathchóirithe, ní mór iad a bheith dea-cheaptha, an reachtaíocht ina leith a achtú agus iad a chur chun feidhme go héifeachtach. Ní leor an reachtaíocht ina leith a achtú, áfach, chun go néireoidh leis na hathchóirithe sin – ní foláir iad a chur chun feidhme ar dhóigh éifeachtach, agus chuige sin ní mór aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúracha na gcóras riaracháin éagsúil (e.g. inniúlachtaí, soghluaisteacht, dreasachtaí, athruithe ar phróisis oibre), agus ar na dúshláin atá le sárú sa gheilleagar agus sa tsochaí. B'fhéidir go mbeidh tamall ann sula dtiocfaidh ann do shochair na nathchóirithe sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach iad a chur chun feidhme go luath agus ar dhóigh éifeachtúil, cibé acu a bhaineann sin le geilleagair atá ag dul trí ghéarchéim nó le geilleagair atá lag ó thaobh struchtúir de.

Go dtí seo bhí tábhacht anmhór le cúnamh teicniúil a chur ar fáil d'fhonn tacú le coigeartú eacnamaíoch a dhéanamh sa Ghréig agus sa Chipir (rud a rinneadh tríd an nGrúpa Tacaíochta don Chipir agus tríd an Tascfhórsa don Ghréig). I dtaca leis an gcúnamh teicniúil a cuireadh ar fáil cheana don Chipir agus don Ghréig i réimsí uile na mbeartas poiblí geall leis, tá ceachtanna tairbheacha le foghlaim uaidh sin maidir leis an tacaíocht theicniúil is féidir a thabhairt ar bhonn céimneach do na Ballstáit uile amach anseo 1 .

I bhfianaise an méid sin, tá sé i gceist foráil a dhéanamh – faoi choimirce na Seirbhíse Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach – maidir le síneadh a chur le tacaíocht theicniúil má iarrann aon Bhallstát sin. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an tacaíocht a bheidh ar fáil chun dul i ngleic le deacrachtaí i dtaca le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin. D'fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith leis sin, cuir i gcás cumas teoranta riaracháin agus institiúideach agus, ina cheann sin, reachtaíocht an Aontais a bheith á cur i bhfeidhm agus á cur chun feidhme ar dhóigh neamhleor.

Ina theannta sin, tá sé ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin feabhas a chur ar an tslí a ndéantar acquis an Aontais a chur chun feidhme 2 . I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún in iúl gur gá dó “comhoibriú leis na Ballstáit d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar na slite is fearr lena áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal náisiúnta”.

Fairis sin, is gá don Choimisiún comhoibriú leis na Ballstáit chomh fada is a bhaineann le bearnaí i ndáil le hathchóirithe a chur chun feidhme, rud a sainaithníodh i Moltaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh.

Ina fhianaise sin, tá sé riachtanach Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a bhunú arb é is cuspóir dó cumas foriomlán na mBallstát a neartú d'fhonn athchóirithe spreagtha fáis de chineál institiúideach, struchtúrach agus riaracháin a ullmhú agus a chur chun feidhme ar dhóigheanna éagsúla, cuir i gcás trí chúnamh a thabhairt chun cistí de chuid an Aontais 3 a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, a mhéid a iarrann na Ballstáit sin cúnamh ar an Aontas chun na críche seo.

Ar iarraidh a fháil dó ó Bhallstát is ea a chuirfidh an Coimisiún tacaíocht faoin gClár seo ar fáil agus is ar mhaithe leo seo a sholáthrófar í: (i) athchóirithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe mar chuid de Mholtaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh, agus/nó gníomhaíochtaí eile a ghabhann le cur chun feidhme Dhlí an Aontais; (ii) athchóirithe a bhaineann le cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíoch atá dírithe ar na Ballstáit sin a bhfuil cúnamh airgid á fháil acu ón Aontas, agus; (iii) athchóirithe a dhéanann Ballstáit ar a dtionscnamh féin d’fhonn infheistíocht, fás agus cruthú post atá inbhuanaithe a bhaint amach.

An tacaíocht a chuirfear ar fáil le haghaidh athchóirithe – lena náirítear an cúnamh atá ar fáil cheana maidir le húsáid éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh de chistí de chuid an Aontais (i.e. Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, mar a shainmhínítear i Rialachán na bhForálacha Coiteanna 4 iad, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí 5 , maille leis na cistí atá dírithe ar thearmann, imirce agus rialú teorann 6 ) – bainfidh an tacaíocht sin le réimsí beartais faoi leith, na réimsí seo a leanas go háirithe: bainistiú airgeadais phoiblí, próisis bhuiséid, bainistiú fiachais agus riar ioncaim, athchóiriú institiúideach agus feidhmiú córais riaracháin atá éifeachtúil agus dírithe ar fhreastal a dhéanamh, smacht reachta éifeachtach, athchóiriú an chórais ceartais maille le bearta frithchalaoise, bearta frithéillithe agus bearta in aghaidh sciúradh airgid a athneartú, an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, rochtain ar mhaoiniú, infheistíocht, forbairt na hearnála airgeadais, próisis príobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, beartais um margadh an lucht saothair, cuimsiú sóisialta, an córas slándála sóisialta agus an córas leasa shóisialta, an córas sláinte poiblí agus an córas cúraim sláinte, beartais maidir le tearmann, imirce agus rialú teorann agus beartais maidir leis an earnáil talmhaíochta agus le forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Bheadh an Clár seo ina chomhlánú ar acmhainní atá ann cheana le haghaidh méadú acmhainne agus cúnamh teicniúil faoi chuimsiú cláir maoinithe eile de chuid an Aontais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus le cúnamh teicniúil agus le gníomhaíochtaí eile arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais.

Tá foráil déanta i roinnt clár de chuid an Aontais maidir le cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Bhallstáit chun gníomhaíochtaí a bhaineann le beartais phoiblí ar leith a chur i gcrích. Déantar na cláir sin a cheapadh i gcomhréir lena gcuspóirí sonracha agus a sainréimsí féin d'fhonn tacú le dálaí fabhracha a chothú, dálaí a spreagfaidh fás eacnamaíoch maille le cosaint agus feabhsú na sochaí agus an chomhshaoil. Sainghné den tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na cláir seo is ea a sainfhócas téamúil agus rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí sonracha na gclár ábhartha a bhaint amach.

Is é is aidhm don Chlár atá beartaithe breisluach a sholáthar agus cur lena bhfuil bainte amach cheana de thoradh na mbeart tacaíochta atá ann faoi láthair trí dhíriú ar na gnéithe tacaíochta sin ar mó a mbaint le comhairle agus saineolas a chur ar fáil ar an láthair, i.e. trí thacaíocht leanúnach a sholáthar (le cabhair saineolaithe leabaithe más féidir) d’údaráis náisiúnta na mBallstát iarrthach le linn phróiseas an athchóirithe nó de réir céimeanna sainithe nó céimeanna éagsúla den phróiseas sin. Bheadh sé sin bunaithe ar na riachtanais is práinní sa tír atá i gceist, rud a chomhaontódh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbainfeadh le chéile.

Ar an gcaoi sin, mhéadófaí ar éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas ach leas a bhaint as cur chuige cuimsitheach a chumhdódh raon níos leithne beartas de chuid an Aontais arna gcomhordú laistigh d'aon ardán amháin agus a chuirfeadh ar fáil ar an láthair, arna iarraidh sin, cúnamh teicniúil saincheaptha ón gCoimisiún agus ó shaineolaithe náisiúnta. Bheadh na sainghnéithe seo a leanas ag roinnt leis an tacaíocht chomhlántach sin: (a) b'acmhainn di tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit uile maidir le hathchóirithe uileghabhálacha a dhéanamh ar bheartais phoiblí laistigh d'aon ardán amháin agus (b) d'fhéadfaí duine nó daoine a thabhairt i láthair ar bhonn seasmhach, nuair ba ghá sin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbainfeadh.

Tá sin i gcomhréir le cleachtas eagraíochtaí idirnáisiúnta áirithe, e.g. institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, a bhfuil a gcumas chun cúnamh teicniúil a thabhairt do na tíortha sin ina mbíonn siad lonnaithe ionchorpraithe ina gcuid modhanna oibre le blianta acu i ndáil lena ngníomhaíochtaí iasachtaithe agus neamhiasachtaithe féin.

Sa Chlár atá beartaithe tabharfar isteach dearcadh níos cothrománaí i leith tacaíocht theicniúil. Maidir leis an tacaíocht a chuirfí ar fáil faoin gClár, bheadh sí leathan a dóthain chomh fada leis na sainréimsí a chumhdófaí de, ach bheadh sí dírithe san am céanna ar na riachtanais athchóirithe is práinní atá ag an tír lena mbainfeadh, mar a shainaithneofaí iad le linn phróiseas an fhaireachais mhaicreacnamaíoch nó de réir mar a thiocfaidís i gceist de thoradh bearnaí/neamhéifeachtúlachtaí i gcur chun feidhme acquis an Aontais. Chuirfeadh an Clár breisluach leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil cheana féin trí bhíthin cláir earnálacha éagsúla de chuid an Aontais agus trí bhíthin na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh le cabhair airgid ó chistí de chuid an Aontais, ós rud é go mbeadh ag an gClár macraidhearcadh a bheadh in oiriúint do gach tír ar leith agus go dtacódh sé, san am céanna, leis na hathchóirithe struchtúracha is mó tábhacht sna Ballstáit i gcomhréir le príomhchuspóirí beartais an Aontais. Go háirithe, déanfar breisluach na ngníomhaíochtaí faoin gClár seo i ndáil le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú agus é á chur san áireamh go gcaithfear aird iomchuí a thabhairt ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais, nó faoi chláir eile de chuid an Aontais sna Ballstáit lena mbainfidh, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhallstát iarrthach.

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit is Tairbhithe, gach ceann acu laistigh dá fhreagrachtaí féin, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an Clár seo agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais. Déanfaidh siad bearta iomchuí chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun dúbailt a sheachaint, ag céim an chláraithe agus ag céim an chur chun feidhme, idir gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo agus bearta arna ndéanamh faoi chláir eile de chuid an Aontais.

Thar aon rud eile, déanfaidh an Coimisiún an comhordú laistigh de na socruithe inmheánacha oibre a neartú trí shásra comhordúcháin a chruthú lena mbainfidh ionadaithe na seirbhísí is mó atá i dtreis d'fhonn a chinntiú go mbeidh tacaíocht chomhsheasmhach á cur ar fáil faoi chláir agus faoi chistí de chuid an Aontais agus go mbeidh, dá réir sin, dúbailt á seachaint maidir leo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is éard is aidhm don straitéis Eoraip 2020 7 na dálaí a chothú is gá chun go mbeidh fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach sna Ballstáit uile. Is den riachtanas é fás eacnamaíoch a bheith ann d'fhonn dífhostaíocht a laghdú, comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus caighdeáin mhaireachtála a ardú. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, poitéinseal fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

Tá próiseas an athchóirithe casta, is minic costasach é, bíonn saineolas ar réimsí éagsúla de dhíth go comhuaineach ina chomhair agus b'fhéidir tionchar trasteorann a bheith aige. Le tacaíocht ón Aontas is fearr a bheifí in ann grinnathchóirithe spreagtha fáis a dhéanamh sna Ballstáit éagsúla, athchóirithe a mbeadh éifeacht, dá réir sin, acu ar an Aontas ina iomláine.

Tá an Clár le cur chun feidhme i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus chuirfeadh sé go mór le neartú chumas riaracháin na mBallstát sin ionas go bhféadfaí institiúidí, an córas riaracháin, agus earnálacha den gheilleagar agus den tsochaí iontu a athchóiriú d'fhonn struchtúir shimplithe, éifeachtúla agus nua-aimseartha a chur i bhfeidhm a dhéanfadh leas na saoránach agus leas gnólachtaí.

Ar deireadh, d'fhéadfaí de dhroim an Chláir tacaíocht theicniúil a chur ar fáil atá ríthábhachtach do chur chun feidhme rathúil eilimintí nua an Mhargaidh Aonair (lena náirítear an chuid dhigiteach de). Cuir i gcás, tá sé beartaithe faoi phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 8 tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun margaí caipitil a fhorbairt. Leis an gClár seo chuirfí an creat agus an maoiniú ar fáil ba ghá chun críocha na tacaíochta sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 175 (an tríú mír) agus 197(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear le hAirteagal 175 (an tríú mír) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcás inar léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na Cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún.

Foráiltear le hAirteagal 197(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhféadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme, inter alia, trí mhalartú faisnéise a éascú agus trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna oiliúna. Ní bheidh oibleagáid ar aon Bhallstát leas a bhaint as an tacaíocht sin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na críche sin a bhunú, amach ó aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

Trí Airteagal 175 (an tríú mír) agus Airteagal 197(2) a chomhcheangal is féidir cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus clár de chuid an Aontais á cheapadh, clár lena dtacófar le cumas agus le hiarrachtaí údaráis náisiúnta na mBallstát athchóirithe spreagtha fáis (de chineál institiúideach – lena náirítear gnéithe rialachais – struchtúrach agus/nó riaracháin) a chur le chéile agus a chur chun feidhme, d'fhonn forbairt inbhuanaithe agus nuálaíocht a chothú agus, sa chomhthéacs seo, d'fhonn cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

San am céanna, foráiltear le hAirteagal 121 gur ábhar leasa choitinn beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

I bhfianaise Airteagal 175 agus Airteagal 197, féadfaidh an Clár seo rannchuidiú go cinntitheach le: i) cumas riaracháin na mBallstát a neartú i ndáil le cur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais trí bhíthin comhar riaracháin idir údaráis náisiúnta na mBallstát, agus ii) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a láidriú, anuas ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh le cabhair airgid ó chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa; i ndeireadh báire, rannchuideodh an ghníomhaíocht chomhordaithe sin le iii) beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú ar dhóigh níos fearr.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I dtaca le cistiú na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, urramaítear prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta leis an gClár seo. Tá cistiú ó bhuiséad an Aontais dírithe ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach leo féin ('an tástáil riachtanais') agus inar mó an breisluach a thiocfadh as an Aontas a bheith ag gníomhú ná a thiocfadh as na Ballstáit a bheith ag gníomhú leo féin.

Is fusa don Aontas ná do na Ballstáit an saineolas is fearr dá bhfuil le fáil (bíodh an saineolas sin le fáil laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha agus ó thíortha eile nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta) a shainaithint, a thabhairt i láthair agus a chomhordú, agus is fusa dó malartú dea-chleachtas a chothú (chomh maith le scaipeadh comhsheasmhach na ndea-chleachtas sin fud fad an Aontais a chinntiú) d'fhonn tacú le cur chun feidhme athchóirithe spreagtha fáis de chineál spriocdhírithe sna Ballstáit.

Ina theannta sin, b'éifeachtaí de bheart é an tAontas a thabhairt saineolaithe i láthair ar an ábhar go gcruthófaí barainneachtaí scála agus scóipe dá bharr trí ardán a chruthú don Aontas ar fad lena bhféadfaí dea-chleachtais a chur ar fáil agus a roinnt le chéile.

I ndáil leis sin, ba cheart i gcás na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme go gcuirfí chun cinn iad bonn ar bhonn le hiarrachtaí na mBallstát agus go mbeidís ina gcomhlánú ar chláir agus ar bheartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta; den chuid is mó, is trí ghníomhaíochtaí tacaíochta a sholáthar a ghabhfadh in éineacht le hiarrachtaí athchóirithe na núdarás náisiúnta a dhéanfaí amhlaidh ó chéim go céim den phróiseas athchóirithe, ag díriú go háirithe ar idirghabhálacha nach bhfuil cabhair airgid le fáil ina gcomhair cheana féin faoi chláir nó faoi chistí eile de chuid an Aontais, ná faoi thionscnaimh náisiúnta.

Ba cheart go háirithe go gcabhródh na gníomhaíochtaí faoin gClár le réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, réitigh a rachadh i ngleic le dúshláin náisiúnta agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal trasteorann agus ar leibhéal an Aontais, agus a rannchuideodh le deachleachtais a chomhroinnt agus le líonra saineolais a thógáil. Ar deireadh thiar, rannchuideodh na gníomhaíochtaí faoin gClár le muinín idir na Ballstáit is Tairbhithe agus an Coimisiún a chothú a thuilleadh.

Níl aon mhodh eile ann atá níos oiriúnaí chun tacaíocht a chur ar fáil ar an láthair do na Ballstáit sin a bhfuil athchóirithe spreagtha fáis le cur chun feidhme acu ná an Clár atá beartaithe, ar an ábhar go bhfágann sé gur fusa don Aontas ná do na Ballstáit an saineolas is fearr dá bhfuil ar fáil a shainaithint, a thabhairt i láthair agus a chomhordú agus cur chuige comhordaithe a sholáthar maidir le tacaíocht theicniúil a thabhairt do na Ballstáit sin a iarrann cúnamh.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé níos faide ná an tíosmhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach ná níos faide ná a bhfuil gá leis chun na críche sin. Déanfar an tacaíocht atá le cur ar fáil don Bhallstát a bhunú ar an iarraidh ar thacaíocht ón mBallstát sin. Is i gcomhar le chéile a thiocfadh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbainfeadh ar chomhaontú faoi raon feidhme na tacaíochta.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTA AR GHNÍOMHAÍOCHT AN TASCFHÓRSA DON GHRÉIG, MEASTÓIREACHT EX-ANTE AR AN gCLÁR ATÁ BEARTAITHE

Meastóireacht ar an Tascfhórsa don Ghréig

I dtaca leis an tacaíocht theicniúil a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil don Ghréig (agus a chomhordaigh an Tascfhórsa don Ghréig) d'fhonn tacú le cur chun feidhme an chláir coigeartaithe eacnamaíoch, rinne sainchomhairleacht neamhspleách meastóireacht uirthi i mí Iúil 2014 9 . Is éard a rinneadh sa mheastóireacht sin an cúnamh teicniúil a cuireadh ar fáil d'údaráis náisiúnta in dhá réimse ríthábhachtacha, i.e. athchóirithe ar an riarachán cánach agus ar an riarachán lárnach, a mheasúnú, arna bhunú sin ar bhreis is daichead agallamh a cuireadh ar sholáthraithe tábhachtacha cúnaimh theicniúil agus orthu sin dár tugadh an cúnamh, lena náirítear ceannairí polaitiúla, bainisteoirí sinsearacha, meánbhainisteoirí, agus fostaithe sóisearacha ón nGréig, ó Bhallstáit eile lenar bhain agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Tríd is tríd, ba é tátal na meastóireachta gur chuidigh an cúnamh teicniúil a chomhordaigh agus a chuir an Tascfhórsa don Ghréig ar fáil leis an gclár um athchóirithe a chur chun feidhme sa Ghréig i réimsí an riaracháin cánach agus an riaracháin lárnaigh le linn na tréimhse 2011–2013. Bhí an tátal sin bunaithe ar mheasúnú a rinneadh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, tábhacht agus inbhuanaitheacht an chúnaimh a cuireadh ar fáil, agus tríd is tríd dheimhnigh na freagraí a thug formhór na ngeallsealbhóirí sin, óir is é a dúirt siad nach ndéanfaí na hathchóirithe a bhí beartaithe mura mbeadh an cúnamh teicniúil a fuarthas ón Tascfhórsa don Ghréig.

Maidir lena bhfuil i ndán don chúnamh teicniúil sin, tá an méid seo a leanas sa tuarascáil: "Níor cheart gur in am an ghátair amháin a chuirfí Cúnamh Teicniúil ar fáil do thír de chuid an Aontais atá ag dul trí ghéarchéim. Ba cheart go ndéanfaí dóigh de sin mar nós laistigh den Aontas Eorpach. Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun struchtúr buan a chur ar bun, a mbeadh buiséad tiomnaithe aige, rud a chuideoidh leis an gcomhoibriú idir na Ballstáit agus le malartú saineolais eatarthu agus chun soláthar an Chúnaimh Theicniúil do na Ballstáit uile a chomhordú d'fhonn deachleachtas a roinnt agus a chur i bhfeidhm. Leagadh béim sna freagraí a fuarthas ar an tábhacht a ghabhann le dea-chleachtas a mhalartú chomh fada is a bhaineann sin le smaointe agus, rud is tábhachtaí fós, leis na smaointe sin a chur i bhfeidhm."

Ina fhianaise sin, chuideodh an Clár atá beartaithe le soláthar na tacaíochta teicniúla a fheabhsú agus bheadh sé d'aidhm aige ligean don Aontas comhoibriú ar bhonn praiticiúil le húdaráis náisiúnta agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dóibh ar an láthair maidir lena niarrachtaí siúd chun athchóirithe spreagtha fáis de chineál struchtúrach a cheapadh agus a chur chun feidhme, anuas ar thíortha a bhfuil cúnamh airgid á fháil cheana acu ón Aontas nó faoi chlár coigeartaithe eacnamaíoch.

Meastóireacht ex-ante ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex-ante ar an gClár atá beartaithe le linn an dara seimeastar de 2015 10 .

Gabhann an mheastóireacht ex-ante leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020. Cíortar sa mheastóireacht ex-ante na ceanglais in Airteagal 30(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (an Rialachán Airgeadais maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais).

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Baineadh úsáid as meastóireacht ar an gcúnamh teicniúil a sholáthair an Tascfhórsa don Ghréig i réimsí na nathchóirithe riaracháin cánach agus riaracháin lárnaigh, baineadh úsáid aisti mar ionchur ó shaineolaithe seachtracha d'fhonn tacú leis an togra seo. Cuireadh an taiseolas a fuarthas ó Bhallstáit a bhí bainteach le cúnamh teicniúil a chur ar fáil don Ghréig agus don Chipir san áireamh freisin.

Measúnú ar na roghanna beartais

Sa mheastóireacht ex-ante a ghabhann leis an togra seo scrúdaigh an Coimisiún dhá rogha beartais: rogha bhunlíne faoina gcoinneofaí an status quo gan athrú; agus rogha eile faoina dtabharfaí isteach Clár cistiúcháin tiomnaithe.

Faoin rogha bhunlíne, leanfaí de bheith ag cur tacaíocht theicniúil ar fáil: (a) trí bhíthin méid áirithe clár maoinithe de chuid an Aontais (atá ar fáil do na Ballstáit go léir) mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil i leith réimsí beartais faoi leith; agus (b) trí bhíthin na tacaíochta teicniúla "cuimsithí" (i.e. tacaíocht atá saincheaptha do riachtanais na tíre lena mbaineann, a chumhdaíonn roinnt réimsí beartais poiblí, a chuirtear ar fáil ar dhóigh chuimsitheach agus atá dírithe ar an "tír" ina hiomláine) a bhaineann le cur chun feidhme athchóirithe faoi chlár coigeartaithe eacnamaíoch do na Ballstáit sin a bhfuil cúnamh airgid á fháil acu ón Aontas (mar atá i gcás na Gréige agus na Cipire san am i láthair).

Dhéanfaí tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil faoi chuspóirí an chláir ábhartha de chuid an Aontais agus – chomh fada leis an tacaíocht theicniúil "chuimsitheach" de – is faoi na cuspóirí a bhaineann le sainfhoráil de chuid Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 do Bhallstáit a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu 11 a dhéanfaí amhlaidh.

Faoin dara rogha beartais, thabharfaí isteach clár cistiúcháin tiomnaithe, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, agus chuirfí tacaíocht theicniúil ar fáil, arna iarraidh sin do na Ballstáit, d'fhonn cabhair a thabhairt don uile Bhallstát, i gcás inar gá, a nathchóirithe spreagtha fáis a chur chun feidhme i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe mar a thiocfadh sin i gceist de thoradh Moltaí Tírshonracha agus de thoradh gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais. Ina theannta sin, thabharfaí cúnamh do Bhallstáit maidir le cur chun feidhme na nathchóirithe a dhéanfaidís ar a dtionscnamh féin, ionas go mbainfeadh na Ballstáit sin infheistíocht, fás agus cruthú post a bheadh inbhuanaithe amach. Thabharfadh an Clár caoi le leanúint de bheith ag tabhairt cúnamh do Bhallstáit a bhfuil cúnamh airgid á fháil cheana acu ón Aontas de réir clár coigeartaithe eacnamaíoch.

I bhfianaise na meastóireachta ex-ante, is é an dara rogha acu sin an rogha beartais is fearr toisc gur féidir, dá barr, tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit go léir ar dhóigh eagraithe chórasach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo leis an clár um oiriúnacht rialála agus simpliú agus ní chuirfeadh a chomhlíonadh aon chostas ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ná ar gheallsealbhóirí eile.

Cearta bunúsacha

D’fhéadfadh deathionchar a bheith ag an togra ar chaomhnú agus ar fhorbairt chearta bunúsacha de chuid an Aontais, á ghlacadh leis go niarrfaidh na Ballstáit lena mbainfidh cúnamh teicniúil i réimsí gaolmhara, agus go dtabharfar sin dóibh. Cur i gcás, d’fhéadfaí tacú le cearta bunúsacha de chuid an Aontais amhail an dínit, an tsaoirse, an comhionnanas, an dlúthpháirtíocht, cearta na saoránach agus an ceartas ach tacaíocht nó cúnamh teicniúil a chur ar fáil i réimsí dá leithéidí seo: imirce, an margadh saothair agus árachas sóisialta, cúram sláinte, oideachas, an comhshaol, maoin, an riarachán poiblí agus an córas breithiúnach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Suas le EUR 142 800 000 (i bpraghsanna reatha) a bheidh sa chlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le haghaidh 4 bliana, is é sin i gcomhair na tréimhse idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2020. Tá na mínithe iomchuí sa ráiteas airgeadais reachtach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar chur i gcrích shainchuspóirí an Chláir de réir líon áirithe táscairí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil 12 . Áireofar leis sin: líon agus cineál na núdarás náisiúnta ar tugadh tacaíocht dóibh, líon agus cineál na soláthraithe tacaíochta, líon agus cineál na ngníomhaíochtaí incháilithe a rinneadh (saineolaithe a sholáthar, gníomhaíochtaí oiliúna, seimineáir, etc.) líon na dtionscnamh beartais (e.g. pleananna gníomhaíochta, treochláir, treoirlínte, moltaí, reachtaíocht a moladh nó a glacadh). Baileofar an fhaisnéis chainníochtúil seo i ndáil le Moltaí Tírshonracha, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, i ndáil le cláir coigeartaithe eacnamaíocha nó i ndáil le hathchóirithe a dhéanfaidh Ballstát ar a thionscnamh féin. Eascróidh táscairí maidir leis na torthaí a mheastar a bheidh ann as na bearta ábhartha a rinne na Ballstáit is Tairbhithe mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tacaíochta a cuireadh ar fáil faoin gClár; déanfar an fhaisnéis seo a roinnt de réir Moltaí Tírshonracha, gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, cláir coigeartaithe eacnamaíocha, nó athchóirithe a rinne na Ballstáit ar a dtionscnamh féin. Ina theannta sin, beidh an taiseolas ó na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil tacaíocht á fáil acu agus an taiseolas ó sholáthraithe tacaíochta eile maidir le tionchar agus/nó torthaí na tacaíochta i ngach réimse beartais agus i ngach Ballstát, beidh sin ar fad mar léiriú cáilíochtúil ar na torthaí a mheastar a bheidh ann. Thairis sin, príomhtháscaire eile a bheidh ann ná teacht chun cinn na dtuairimí atá ag geallsealbhóirí ábhartha i ndáil leis an tslí a rannchuideoidh an Clár seo le cur i gcrích na nathchóirithe. Bainfear earraíocht as sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha freisin chun críocha meastóireachta má bhíonn siad ar fáil.

D'fhéadfaí na táscairí réamhráite sin a úsáid de réir na sonraí agus na faisnéise atá ar fáil agus d'fhéadfadh an Coimisiún iad a choigeartú le linn an Chláir, más iomchuí, ar bhonn cumhacht tharmligthe a thabharfar don Choimisiún.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is cuspóir ginearálta don Chlár rannchuidiú le hathchóirithe sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh institiúidí, rialachas, riarachán agus earnálacha den gheilleagar agus den tsochaí a athchóiriú chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta d'fhonn iomaíochas, fás, poist agus infheistíocht a spreagadh, go háirithe i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, lena náirítear trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach (Airteagal 4).

Is iad cuspóirí sonracha an Chláir tacú le tionscnaimh na núdarás náisiúnta arb é is aidhm dóibh a nathchóirithe a cheapadh de réir tosaíochtaí, feabhas a chur ar a gcumas beartais athchóirithe agus straitéisí athchóirithe a chur chun feidhme, tabhairt faoi chur chuige comhtháite (rud a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile), tacú le hiarrachtaí na núdarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme, agus cúnamh a thabhairt dóibh feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna. Bainfidh an tacaíocht réamhráite sin le réimsí beartais faoi leith amhail bainistiú airgeadais phoiblí, próisis bhuiséid, bainistiú fiachais agus riar ioncaim, athchóiriú institiúideach, feidhmiú córais riaracháin atá éifeachtúil agus dírithe ar fhreastal a dhéanamh, smachta reachta éifeachtach, athchóiriú an chórais ceartais maille le bearta frithchalaoise, bearta frithéillithe agus bearta in aghaidh sciúradh airgid a athneartú, an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, rochtain ar mhaoiniú, infheistíocht, forbairt na hearnála airgeadais, próisis príobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, beartais maidir le margadh an tsaothair, cuimsiú sóisialta, an córas slándála sóisialta agus an córas leasa shóisialta, an córas sláinte poiblí agus an córas cúraim sláinte, beartais maidir le tearmann, imirce agus rialú teorann agus beartais maidir leis an earnáil talmhaíochta agus le forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe (Airteagal 5).

Ar na cineálacha gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gClár tá a leithéidí seo: seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna, turais oibre, staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna, meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, ullmhú tionscadal, cur chun feidhme tionscadal agus breithmheas tionscadal, acmhainní theicneolaíocht na faisnéise a mhéadú, saineolas a bhaineann le comhairle beartais, athrú beartais, athchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus/nó riaracháin, saineolaithe (cónaitheacha) a sholáthar, tacaíocht oibríochtúil áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, imirce, rialú teorann (Airteagal 6). D'fhéadfadh sé go mbainfeadh na gníomhaíochtaí sin le céimeanna éagsúla den phróiseas athchóirithe.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbainfidh go mbeidh comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirge idir na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin gClár seo agus na gníomhaíochtaí sin arna gcur chun feidhme faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais sa Bhallstát lena mbainfidh, go háirithe maidir le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais (Airteagal 13); déanfar maoiniú dúbailte don chaiteachas céanna a sheachaint (Airteagal 11).

Ní mór don Bhallstát a bhfuil tacaíocht faoin gClár seo uaidh an iarraidh sin ar thacaíocht a dhéanamh. Féadfar an iarraidh a dhéanamh faoi phlé an tSeimeastair Eorpaigh, nó, agus go cinnte faoin 31 Deireadh Fomhair den bhliain féilire. Féadfaidh baint a bheith ag an iarraidh ar thacaíocht le trí chás faoi leith, mar atá: (a) cur chun feidhme athchóirithe i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe Moltaí Tírshonracha ábhartha a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, nó cur chun feidhme gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais (b) cur chun feidhme athchóirithe a bhaineann le cláir coigeartaithe eacnamaíocha na mBallstát sin a bhfuil cúnamh airgid á fháil acu ón Aontas faoi ionstraimí atá ann cheana agus (c) cur chun feidhme athchóirithe a rinne Ballstáit ar a dtionscnamh féin, go háirithe d'fhonn infheistíocht, fás agus cruthú post atá inbhuanaithe a bhaint amach.

Agus aird á tabhairt aige ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an iarraidh ar thacaíocht ón mBallstát i bhfianaise phráinn, leithead agus dhoimhneacht na bhfadhbanna a sainaithníodh, i bhfianaise na riachtanas tacaíochta atá ann i gcás na réimsí beartais, i bhfianaise anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus i bhfianaise chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit. Ar an mbonn sin, agus aird á tabhairt aige ar na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó faoi chláir eile de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbainfidh, réimsí tosaíochta na tacaíochta agus raon feidhme na tacaíochta atá le soláthar chomh maith le hiomlán na ranníocaíochta airgeadais a shainaithint.

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme aige, déanfaidh an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla a bhunú ina leagfar amach na cuspóirí beartais a shaothrófar leis an tacaíocht atá beartaithe agus na torthaí a mheastar a bheidh ar an tacaíocht, agus, ina theannta sin, tosaíochtaí maoiniúcháin na réimsí beartais ábhartha. Maidir leis na cláir oibre ilbhliantúla, déanfar cuntas níos mionsonraithe orthu sna cláir oibre bliantúla a chuirfear chun feidhme trí bhíthin cinntí cur chun feidhme (Airteagal 12).

Suas le EUR 142 800 000 a bheidh sa chlúdach tiomnaithe airgeadais do chur chun feidhme an Chláir (Airteagal 9). Déanfar, ar thionscnamh an Choimisiúin, an tsuim sin a bhaint as na hacmhainní cúnaimh theicniúil faoin Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus faoin Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus í a leithdháileadh mar is iomchuí lena húsáid faoi raon feidhme agus faoi chuspóir an Chláir. Chun na críche sin, tá sé beartaithe Airteagal 91(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 1305/2013 (Airteagail 17, 18) a leasú.

Ina theannta sin, féadfar acmhainní breise airgeadais a chur leis an gClár trí leithdháiltí deonacha ó acmhainní airgeadais an chúnaimh theicniúil, agus é sin ar thionscnamh an Bhallstáit. Chun na críche sin, tá sé beartaithe Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú ionas go bhféadfaidh gach Ballstát (seachas na Ballstáit sin amháin a bhfuil deacrachtaí sealadacha airgeadais le sárú acu, faoi mar is nós a dhéanamh i láthair na huaire) ranníocaíocht a dhéanamh le clúdach airgeadais an Chláir trí chuid de na hacmhainní cúnaimh theicniúil a aistriú ar thionscnamh an Bhallstáit, ar acmhainní iad atá ar fáil chuige sin faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Airteagal 17). Is féidir na hacmhainní breise airgeadais sin a úsáid d'fhonn tacú le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach sna Ballstáit is Tairbhithe agus sna Ballstáit sin amháin (Airteagal 10).

2015/0263 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 197(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an tAontas, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh sé aird ar cheanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine. Ina cheann sin, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mór ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

(2)Foráiltear le hAirteagal 120 agus le hAirteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais, agus faoi chuimsiú na mórthreoirlínte a fhoirmeoidh an Chomhairle. Dá thoradh sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

(3)Tá roinnt Ballstát ann agus ghabh siad trí phróiseas coigeartaithe, nó tá siad fós ag gabháil trí phróiseas den saghas sin, chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú a tháinig chun cinn san am atá caite, agus tá go leor Ballstát ann a bhfuil ráta íseal d'fhás poitéinsiúil ag dul dóibh. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, poitéinseal fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

(4)Próiseas casta is ea é athchóirithe a dhéanamh agus teastaíonn tacar iomlán d'eolas ríspeisialaithe agus de scileanna chuige. Ní gan dua a thugtar faoi athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar réimsí beartais phoiblí de chineálacha éagsúla, arae bíonn tamall ann sula dtagann ann do shochair na nathchóirithe céanna. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach iad a cheapadh go luath agus ar dhóigh héifeachtúil, is cuma cé acu do gheilleagar atá ag dul trí ghéarchéim nó do gheilleagar atá lag ó thaobh struchtúir de atá siad. Sin é an chúis a bhfuil an tacaíocht atá tugtha ag an Aontas i bhfoirm cúnamh teicniúil ríthábhachtach le blianta beaga anuas ó thaobh tacú le coigeartú eacnamaíoch a dhéanamh sa Ghréig agus sa Chipir.

(5)Féadfaidh na Ballstáit tairbhiú de thacaíocht chun dul i ngleic le dúshláin a leanann ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha. Féadfaidh cúiseanna éagsúla a bheith leis na dúshláin sin, cuir i gcás cumas teoranta riaracháin agus institiúideach nó an tslí a ndéantar reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a bheith neamhleor.

(6)Tá seantaithí ag an Aontas ar thacaíocht shonrach a thabhairt do riaracháin náisiúnta agus d'údaráis eile de chuid na mBallstát ó thaobh méadú cumais agus gníomhaíochtaí eile den saghas céanna in earnálacha áirithe (e.g. cánachas, custaim, tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide) agus ó thaobh an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme. An taithí atá ag an Aontas ar chúnamh a thabhairt d'údaráis náisiúnta athchóirithe a dhéanamh, ba cheart í a úsáid chun feabhas a chur ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. Teastaíonn gníomhaíocht chuimsitheach chomhtháite le tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil athchóirithe spreagtha fáis á ndéanamh acu agus a iarrann cúnamh ar an Aontas ina leith.

(7)Ina fhianaise sin, tá sé riachtanach Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ('an Clár') a bhunú féachaint cumas na mBallstát athchóirithe spreagtha fáis de chineál riaracháin agus struchtúrach a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus an cumas sin a neartú, ar dhóigheanna éagsúla, cuir i gcás trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach. Tá an Clár ceaptha rannchuidiú le spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach a bhaineann le téarnamh eacnamaíoch, poist a chruthú, iomaíochas na hEorpa a neartú, agus infheistíocht san fhíorgheilleagar a spreagadh.

(8)Is é an Choimisiún ba cheart tacaíocht a thabhairt faoin gClár, arna iarraidh sin air do Bhallstát, i réimsí dá leithéidí seo: buiséad agus cánachas, an tseirbhís phoiblí, athchóirithe institiúideacha agus riaracháin, an córas ceartais, bearta frithchalaoise, bearta frithéillithe, bearta in aghaidh sciúradh airgid, an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, infheistíocht, iomaíocht, soláthar poiblí, próisis príobháidithe, rochtain ar mhaoiniú, infheistíocht, trádáil, forbairt inbhuanaithe, nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, beartais maidir le margadh an tsaothair, sláinte phoiblí, tearmann, beartais inimirce, talmhaíocht agus forbairt tuaithe agus beartais i leith na hearnála airgeadais.

(9)Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún faoin gClár i dtaca le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chuid de phróisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe Moltaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh, i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme, agus i dtaca le cláir coigeartaithe eacnamaíocha a chur chun feidhme. Ina cheann sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh i leith athchóirithe atá á ndéanamh acu ar a dtionscnaimh féin chun infheistíocht, fás agus cruthú post atá inbhuanaithe a bhaint amach.

(10)I ndiaidh dó plé a dhéanamh leis an mBallstát a d'iarr an tacaíocht, plé ar mholtaí an tSeimeastair Eorpaigh san áireamh, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an iarraidh, agus ansin, agus aird á tabhairt aige ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais, cinneadh ar an tacaíocht atá le tabhairt i bhfianaise phráinne, leithead agus dhoimhneacht na bhfadhbanna a sainaithníodh, i bhfianaise na riachtanas tacaíochta atá ann sna réimsí beartais lena mbaineann, i bhfianaise anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus i bhfianaise chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit. Ina cheann sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, réimsí tosaíochta na tacaíochta, raon feidhme na mbeart tacaíochta atá le déanamh agus iomlán na ranníocaíochta airgeadais don tacaíocht sin, ba cheart dó an méid sin a shainaithint, agus aird á tabhairt aige ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó ag cláir eile de chuid an Aontais.

(11)Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún ‘Athbhreithniú ar Bhuiséad an Aontais Eorpaigh’ 13 agus ‘Buiséad don Straitéis Eoraip 2020’ 14 , tá béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil sé soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo, i.e. cásanna inar mó an breisluach a thiocfadh as an Aontas a bheith ag gníomhú ná a thiocfadh as na Ballstáit a bheith ag gníomhú leo féin. Ina fhianaise sin, ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí tacaíochta a dhéanfar faoin gClár comhlántacht agus sineirgíocht le cláir agus le beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart go dtabharfadh na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár caoi le réitigh a cheapadh agus a chur chun feidhme a rachaidh i ngleic le dúshláin náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin a bhaineann leis an Aontas ar fad agus ba cheart cur chun feidhme comhsheasmhach comhleanúnach a bheith mar thoradh orthu. Ina theannta sin, ba cheart go rannchuideoidís le muinín agus comhar leis an gCoimisiún agus idir na Ballstáit a chothú tuilleadh agus a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, is fusa ag an Aontas ná ag na Ballstáit ardán a chur ar fáil chun dea-chleachtas a chur ar fáil agus a chomhroinnt idir piaraí, agus is fusa dó freisin saineolas a chruinniú.

(12)Tá sé riachtanach clúdach airgeadais a bhunú don Chlár, clúdach a mhairfeadh ceithre bliana agus a dhéanfadh fad an Chláir a chur ar aon dul le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 15 .

(13)Is éard ba cheart a bheith i gclúdach airgeadais an Chláir acmhainní airgeadais arna nasbhaint de leithdháiltí do chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 . Chun asbhaint den saghas sin a cheadú, tá sé riachtanach an dá Rialachán sin a leasú.

(14)Ballstáit a iarrann cúnamh, ba cheart iad a bheith in ann ranníocaíocht a dhéanamh le clúdach airgeadais an Chláir le cistí breise. I láthair na huaire, cuireann Rialachán 1303/2013 srian ar an bhféidearthacht acmhainní atá curtha ar leataobh do chúnamh teicniúil a aistriú ar thionscnamh Ballstáit chuig na Ballstáit sin a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha ag dul dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú chun go bhféadfaidh gach Ballstát páirt a ghlacadh sa Chlár ó thaobh airgeadais de. Ba cheart na hacmhainní a aistreofar chuig buiséad an Aontais a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach nó le cuspóirí Ciste-shonracha sna Ballstáit lena mbaineann.

(15)Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh ina leagfar amach na cuspóirí polaitiúla atá á saothrú, na torthaí a mheastar a bheidh ar an tacaíocht agus tosaíochtaí maoiniúcháin na réimsí beartais éagsúla. Ba cheart na nithe sin a shonrú a thuilleadh sna cláir oibre ilbhliantúla arna nglacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme.

(16)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé tacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe struchtúracha, institiúideacha agus riaracháin a dhéanamh, tá sé riachtanach ráta cómhaoinithe 100% de na costais incháilithe a cheadú chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach, agus san am céanna, chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail an chómhaoinithe agus an neamhbhrabúis.

(17)I gcás forais phráinne gan choinne a bhfuil údar cuí leo agus a dteastaíonn freagairt orthu láithreach, cuir i gcás suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó dálaí mórthábhachtacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha nó sóisialta i mBallstáit agus gan neart ag an mBallstát orthu, ina leithéid de chás ba cheart an Coimisiún a bheith in ann bearta speisialta a ghlacadh, arna iarraidh sin do Bhallstát air, ar feadh tréimhse theoranta den chlár oibre bliantúil, i gcomhréir le cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár, chun tacú leis na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha.

(18)Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí ó bhuiséad an Aontais agus prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a áirithiú, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo a bheith ina gcomhlánú ar chláir de chuid an Aontais atá ann cheana agus ba cheart iad a bheith sa bhreis ar na cláir sin, agus san am céanna, ba cheart maoiniú dúbailte don chaiteachas céanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann, gach ceann acu i gcomhréir lena fhreagrachtaí féin, ba cheart dóibh a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit, i ngach céim den phróiseas, go bhfuil comhordú éifeachtach á dhéanamh chun comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú idir foinsí cistiúcháin lena dtacaítear le gníomhaíochtaí sna Ballstáit a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gClár seo, go háirithe i gcás bearta a mhaoinítear sna Ballstáit le cistí de chuid an Aontais.

(19)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha ó thús deireadh an timthrialla caiteachais, lena náirítear trí neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis.

(20)Chun an measúnú ar an gClár a éascú, ba cheart go mbunófaí ón bhfíorthosach creat iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach faoin gClár. Ba cheart meastóireacht mheántéarmach a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir, ar éifeachtúlacht an Chláir agus ar a bhreisluach ar an leibhéal Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart meastóireacht deiridh a dhéanamh ina ndéanfar cíoradh ar thionchar fadtéarmach agus ar éifeachtaí inbhuanaitheachta an Chláir. Ba cheart na meastóireachtaí den saghas sin a bheith bunaithe ar na táscairí, chun éifeachtaí an Chláir a thomhas.

(21)Chun an liosta táscairí lena dtomhaistear baint amach chuspóirí an Chláir a leasú, ba cheart, i bhfianaise na taithí a gheofar as an gClár a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú an liosta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(22)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir leis na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh arb é is aidhm leo institiúidí, rialachas, riarachán, earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta, go háirithe trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, ós rud é nach féidir leo sin a bhaint amach go leordhóthanach leo féin agus gur fearr, de bharr a bhfairsinge agus a néifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, ós rud é go dtiocfaí ar chomhaontú faoi raon feidhme na tacaíochta leis an mBallstát lena mbainfeadh.

(24)Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Bunú agus fad an Chláir

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, dá ngairtear ‘an Clár’ anseo feasta, don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.Ciallaíonn 'Ballstát is Tairbhí' Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faoin gClár.

2.Ciallaíonn 'Cistí de chuid an Aontais' cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime arna bhunú, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , agus an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, arna bhunú, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 .

Airteagal 3
Breisluach Eorpach

1.Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur gníomhaíochtaí iad na gníomhaíochtaí a roghnófar don chistiú ar dócha go mbeidh breisluach Eorpach ag roinnt lena dtorthaí agus déanfaidh an Coimisiún faireachán féachaint ar baineadh breisluach Eorpach amach go fírinneach.

2.Le bearta agus gníomhaíochtaí an Chláir áiritheofar breisluach Eorpach, go háirithe mar seo a leanas:

(a)trí réitigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a théann i ngleic le dúshláin náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin a bhaineann leis an Aontas ar fad;

(b)trína gcomhlántacht agus trína sineirgíocht le cláir agus le beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)trína rannchuidiú le dlí an Aontais a chur chun feidhme go comhsheasmhach comhleanúnach;

(d)trína rannchuidiú le dea-chleachtais a roinnt agus le hardán agus líonra saineolais uile-Aontais a thógáil;

(e)trí mhuinín idir na Ballstáit is Tairbhithe agus an Coimisiún a chur chun cinn agus comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn.

Airteagal 4
Cuspóir ginearálta

Is é aidhm ghinearálta a bheidh ag an gClár rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí, rialachas, riarachán, earnálacha den gheilleagar agus den tsochaí chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta d'fhonn iomaíocht, fás, poist agus infheistíocht a spreagadh, go speisialta mar chuid de phróisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach.

Airteagal 5
Cuspóirí sonracha an Chláir agus raon feidhme an Chláir

1.Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)tacú le hiarrachtaí na núdarás náisiúnta a gcuid athchóirithe a cheapadh de réir tosaíochtaí, agus aird á tabhairt ar dhálaí tosaigh agus ar an tionchar socheacnamaíoch a mheastar a bheidh ann;

(b)tacú leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas beartais agus straitéisí a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus tabhairt faoi chur chuige comhtháite a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile;

(c)tacú le hiarrachtaí na núdarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar dhea-chleachtais tíortha eile agus na ceachtanna atá foghlamtha acu ó bheith ag dul i ngleic le cásanna den saghas céanna;

(d)cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna, nuair is iomchuí, trí fhreagrachtaí a shainiú go soiléir agus eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla a mhéadú.

Saothrófar na cuspóirí sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit is Tairbhithe.

2.    Na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1, tagróidh siad do réimsí beartais a bhaineann le hiomaíocht, fás, poist agus infheistíocht, go háirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)bainistiú airgeadais phoiblí, bhuiséid, bainistiú fiachais, agus riar ioncaim;

(b) athchóiriú institiúideach agus feidhmiú an riaracháin phoiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus í a dhíriú níos mó ar fhreastal a dhéanamh, smacht reachta éifeachtach, athchóiriú an chórais ceartais, agus bearta frithchaolaoise, bearta frithéillithe agus bearta in aghaidh sciúradh airgid a athneartú;

(c)an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, infheistíocht, próisis príobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don nuálaíocht;

(d)oideachas agus oiliúint, beartais maidir leis an margadh saothair, cuimsiú sóisialta, an córas slándála sóisialta agus an córas leasa shóisialta, an córas sláinte poiblí agus an córas cúraim sláinte, beartais maidir le tearmann, imirce agus rialú teorann;

(e)beartais maidir leis an earnáil talmhaíochta agus forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe;

(f)beartais maidir leis an earnáil an airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú.

Airteagal 6
Gníomhaíochtaí incháilithe

D'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a shaothrú, féadfar gníomhaíochtaí den saghas seo go háirithe a mhaoiniú leis an gClár:

(a)saineolas a bhaineann le comhairle beartais, athrú beartais, agus le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin;

(b)saineolaí nó saineolaithe a chur ar fáil (saineolaithe cónaitheacha san áireamh) ar feadh tréimhse fhada nó tréimhse ghearr, chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, agus, nuair is gá, tacaíocht ateangaireachta, aistriúcháin agus comhair, mar aon le cúnamh riaracháin agus bonneagair agus áiseanna trealaimh a thabhairt;

(c)gníomhaíochtaí atá ceaptha cumas institiúideach, riaracháin agus earnálach a mhéadú agus gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara, go háirithe iad seo:

(i)seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna;

(ii)turais oibre chuig Ballstáit ábhartha nó chuig tríú tír chun caoi a thabhairt d'oifigigh saineolas nó cur amach ar cheisteanna ábhartha a shealbhú nó má tá saineolas nó cur amach den saghas sin acu cheana, é a fheabhsú;

(iii)gníomhaíochtaí oiliúna agus forbairt modúl oiliúna ar líne nó de chineál eile chun tacú leis na scileanna agus an teolas gairmiúil is gá a bhaineann leis an hathchóirithe ábhartha;

(d)sonraí agus staitisticí a bhailiú; modheolaíochtaí coiteanna agus, nuair is iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna coiteanna a fhorbairt;

(e)tacú oibríochtúil áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, imirce, rialú ag teorainneacha;

(f)acmhainní teicneolaíochta faisnéise a mhéadú: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta an bhonneagair teicneolaíochta faisnéise agus na bhfeidhmchlár is gá chun na hathchóirithe ábhartha a chur chun feidhme;

(g)staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair; dréachtú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais;

(h)tionscadail chumarsáide: gníomhaíochtaí foghlama, gníomhaíochtaí comhair, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta, gníomhaíochtaí scaipthe eolais, agus malartuithe dea-chleachtas; feachtais ardaithe feasachta agus faisnéise a eagrú, agus feachtais agus ócáidí dírithe ar na meáin chumarsáide, cumarsáid chorparáideach san áireamh;

(i)tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí an Chláir a scaipeadh: forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(j)aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

Airteagal 7
Iarraidh ar thacaíocht

1.Ballstát ar mian leis tacaíocht a fháil faoin gClár, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéarfaidh sé cé hiad na réimsí beartais agus tosaíochtaí a bhfuil tacaíocht á lorg ina leith agus atá ag teacht faoi raon feidhme an Chláir faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 5(2). Cuirfear an iarraidh isteach ar a dhéanaí faoin 31 Meán Fómhair de gach bhliain féilire.

2.Agus aird á thabhairt aige ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionanna agus an bhainistithe fhónta airgeadais, agus i ndiaidh dó plé a dhéanamh leis an mBallstát, plé ar mholtaí an tSeimeastair Eorpaigh san áireamh, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an iarraidh ar thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 i bhfianaise phráinne, leithead agus dhoimhneacht na bhfadhbanna a sainaithníodh, i bhfianaise na riachtanas tacaíochta atá ann sna réimsí beartais lena mbaineann, i bhfianaise anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus i bhfianaise cumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit. Agus aird á tabhairt aige ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, réimsí tosaíochta na tacaíochta, raon feidhme na mbeart tacaíochta atá le déanamh agus iomlán na ranníocaíochta airgeadais don tacaíocht sin, déanfaidh sé iad a shainaithint.

3.Is féidir iarraidh a dhéanamh ar thacaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)cur chun feidhme athchóirithe i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe Moltaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh, nó cur chun feidhme gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(b)cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíocha i gcás Ballstát a fhaigheann cúnamh airgeadais ón Aontas faoi ionstraimí atá ann cheana, go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 i gcás Ballstáit atá sa limistéar euro, agus Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 24 i gcás Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro;

(c)athchóirithe a dhéanann na Ballstáit ar a gconlán féin d’fhonn infheistíocht, fás agus cruthú post atá inbhuanaithe a bhaint amach go háirithe.

Airteagal 8
Eagrú na tacaíochta

1.Féadfaidh an Coimisiún an tacaíocht atá sé beartaithe a thabhairt do Bhallstát is Tairbhí, féadfaidh sé í a shainiú i gcomhar le Ballstáit eile nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.Féadfaidh an Ballstát is Tairbhí, i gcomhar leis an gCoimisiún, dul i gcomhpháirtíocht le Ballstát amháin eile nó níos mó, agus iad a bheith ina gComhpháirtithe um Athchóiriú i leith na réimsí sonracha a bhfuil sé beartaithe athchóiriú a dhéanamh iontu. I gcomhar leis an gCoimisiún, cuideoidh Comhpháirtí um Athchóiriú straitéisí a cheapadh, treochláir a athchóiriú, cúnamh ardchaighdeáin a cheapadh nó maoirseacht a dhéanamh ar straitéisí agus ar thionscadail.

Airteagal 9
Clúdach airgeadais

1.EUR 142 800 000 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir.

2.Ina theanta sin, féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta arna gceangal chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochtaí faisnéise a bhfuil béim acu ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, agus le gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

3.Údaróidh an túdarás buiséid na leithreasuithe bliantúla a bheidh ar fáil laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil arna bhunú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.

Airteagal 10
Ranníocaíochtaí eile le buiséad an Chláir

1.I dteannta an chlúdaigh airgeadais a leagtar amach in Airteagal 9, féadfar an Clár a mhaoiniú le ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit.

2.Na ranníocaíochtaí breise dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh siad a bheith ina ranníocaíochtaí ó acmhainní arna soláthar le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus arna naistriú de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.

3.Úsáidfear na ranníocaíochtaí breise sin dá dtagraítear i mír 1 chun tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Aon ranníocaíocht a dhéanfaidh Ballstát is Tairbhí i gcomhréir le mír 2, úsáidfear é sa Bhallstát sin agus sa Bhallstát sin amháin.

Airteagal 11
Cosc ar chistiú dúbailte

Féadfaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gClár seo tacaíocht a fháil ó chláir, ionstraimí nó ó chistí de chuid an Aontais faoi bhuiséad an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht na hítimí costais céanna.

Airteagal 12
Cur chun feidhme an Chláir

1.Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.Féadfar bearta an Chláir a chur chun feidhme go díreach, is é sin an Coimisiún iad a chur chun feidhme, nó go hindíreach, is é sin eintitis agus daoine seachas na Ballstáit iad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Go háirithe, is i bhfoirm na nithe seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais an Aontais do ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán seo:

(a)deontais (deontais d'údaráis náisiúnta na mBallstát san áireamh);

(b)conarthaí soláthair phoiblí;

(c)aisíocaíocht costas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha;

(d)ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais;

(e)gníomhaíochtaí bainistíochta indírí.

3.Féadfar deontais a dhámhachtain ar údaráis náisiúnta na mBallstát, ar an mBanc Infheistíochta Eorpach, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha agus ar eintitis atá bunaithe go dlíthiúil in aon cheann acu seo:

(a) na Ballstáit;

(b)tíortha de chuid Chomhaontú Saorthrádála na hEorpa ar páirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Suas le 100% de na costais incháilithe, sin é an ráta cómhaoinithe a bheidh ann do dheontais, gan dochar do phrionsabail an chómhaoinithe agus an neamhbhrabúis.

4.Ina theannta sin, féadfaidh saineolaithe aonair tacaíocht a sholáthar, saineolaithe a bhféadfar iarraidh orthu rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe arna neagrú faoin gClár i gcás inar gá sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach.

5.Chun an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla. Leagfar amach sna cláir oibre ilbhliantúla na cuspóirí beartais a shaothrófar leis an tacaíocht atá beartaithe agus na torthaí a mheastar a bheidh ar an tacaíocht, agus ina theannta sin, tosaíochtaí cistiúcháin na réimsí beartais ábhartha. Déanfar na cláir oibre ilbhliantúla a shonrú a thuilleadh i gcláir oibre ilbhliantúla, cláir a ghlacfar trí ghníomhartha cur chun feidhme, ina sainaithneofar na bearta is gá lena gcur chun feidhme, mar aon leis na nithe uile a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

6.Chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfar a leagan síos sa chlár oibre bliantúil go bhféadfaidh an Coimisiún, i gcás forais phráinne gan choinne agus a bhfuil údar cuí leo agus a dteastaíonn freagairt ina leith láithreach, cuir i gcás suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó dálaí mórthábhachtacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha nó sóisialta i mBallstáit agus gan neart ag an mBallstát orthu, go bhféadfaidh sé, ar iarratas a fháil dó ó Bhallstát, bearta speisialta a ghlacadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a shainítear sa Rialachán seo chun tacú leis na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha. Ní fhéadfaidh ach cuid theoranta den chlár oibre bliantúil a bheith i mbearta speisialta dá leithéidí sin agus ní bheidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 13
Comhordú agus comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit is Tairbhithe, gach ceann acu laistigh dá fhreagrachtaí féin, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an Clár seo agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le bearta atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais. Chuige sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil comhlántacht agus sineirgíocht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe a fhad a bhaineann le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint;

(c)dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus iad sin atá freagrach as ar an leibhéal náisiúnta, chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach.

Féadfaidh na cláir oibre ilbhliantúla ábhartha agus na cláir oibre bliantúla ábhartha bheith ina gcreat comhordúcháin, i gcás ina mbeartófar tacaíocht a thabhairt in aon cheann de na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 14
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena náiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2.Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 25 d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó Cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú de chuid an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 15
Faireachán agus meastóireacht

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú leis an gClár agus tomhaisfidh sé baint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) i gcomhréir leis na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, maidir le leasuithe a dhéanamh ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.Soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil mheastóireachta eatramhaí, faoi lár 2019 ar a dhéanaí, agus soláthróidh sé tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi dheireadh mhí na Nollag 2021.

3.Sa tuarascáil mheastóireachta eatramhaí beidh faisnéis faoi bhaint amach chuspóirí an Chláir, faoi éifeachtúlacht úsáid acmhainní agus faoi bhreisluach Eorpach an Chláir agus, chomh maith leis sin, measúnú ar cé acu is gá nó nach gá an cistiú sna réimsí a chuimsíonn an Clár a oiriúnú nó a fhadú i ndiaidh 2020. Ina theannta sin, measúnófar an bhfuil gach cuspóir agus gach gníomhaíocht fós ábhartha. Sa mheasúnú ex-post beidh faisnéis faoi thionchar an Chláir san fhadtéarma.

Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 15(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana amhail ón 1 Eanáir 2017.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteaga15(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

1.    Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Cúnamh teicniúil do na Ballstáit a bhainistiú";

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Ar iarratas ó Bhallstát de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*), féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, féadfar sin a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (k) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) trí bhainistiú díreach nó neamhdhíreach."

(*) IO […]"

(c) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Iarrfaidh Ballstát an taistriú dá dtagraítear i mír 1 do bhliain féilire faoin 31 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an taistriú. Beidh togra maidir le leasú a dhéanamh ar an gclár nó ar na cláir óna ndéanfar an taistriú ag gabháil leis an iarraidh. Déanfar leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 30(2) lena leagfar amach an méid iomlán a aistreofar gach bliain chuig an gCoimisiún.";

(d) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. Acmhainní arna naistriú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1, beidh siad faoi réir riail an tsaortha a leagtar amach in Airteagal 136";

2.    sa tríú fomhír d'Airteagal 58(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

(l)    gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (AE) 2015/XXX chun rannchuidiú le straitéis an Aontais maidir fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach.";

3.    in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Déanfar 0,35 % de na hacmhainní iomlánaíocha, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6), agus chuig an gcabhair do na daoine is díothaí dá dtagraítear in Airteagal 92(7) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, agus den mhéid sin leithdháilfear suas le EUR 112 233 000 don Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach lena úsáid laistigh de raon feidhme an Chláir sin agus de réir chuspóir an Chláir sin.".

Airteagal 18
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

In Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 féadfaidh CETFT suas le 0,25 % dá leithdháileadh bliantúil a úsáid chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhaoiniú, lena náirítear na costais chun an gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe a bhunú agus a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo agus gréasán CEN dá dtagraítear in Airteagal 53 den Rialachán seo, ar thionscnamh an Choimisiúin agus/nó thar a cheann, agus den mhéid sin leithdháilfear suas le EUR 30 567 000 don Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach lena úsáid laistigh de raon feidhme an Chláir sin agus de réir chuspóir an Chláir sin.".

Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán            An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 26

Réimse beartais: Comhordú beartais agus comhairle dlí an Choimisiúin

Gníomhaíocht ABM: An Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Tá eolas mionsonraithe ar na Gníomhaíochtaí ABB i Mír 3.2

Réimse Beartais: Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Réimse Beartais: An Beartas Réigiúnach agus Uirbeach

Réimse Beartais: Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe

Réimse Beartais: Imirce agus Tearmann

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 27 28

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh a chur le beart atá ann cheana

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é an aidhm ghinearálta a bheidh ag an gClár rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh arb é is aidhm leo institiúidí, rialachas, riarachán, earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta d'fhonn iomaíocht, fás, poist agus infheistíocht a spreagadh, go háirithe i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach.

Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha atá ag an gClár:

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta a gcuid athchóirithe a cheapadh de réir tosaíochtaí, agus aird á tabhairt ar dhálaí tosaigh agus ar an tionchar socheacnamíoch a mheastar a bheidh ann. Cuspóir sonrach Uimh. 2

Tacú leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas beartais agus straitéisí a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus tabhairt faoi chur chuige comhtháite a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile.

Cuspóir sonrach Uimh. 3

Tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar dhea-chleachtais tíortha eile agus ar na ceachtanna atá foghlamtha acu agus iad i ngleic le cásanna den saghas céanna.

Cuspóir sonrach Uimh. 4

Cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna, nuair is iomchuí, trí fhreagrachtaí a shainiú go soiléir agus eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla a mhéadú.

Saothrófar na cuspóirí sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit is Tairbhithe.

An tacaíocht a chuirfear ar fáil le haghaidh athchóirithe – lena n-áirítear an cúnamh atá ar fáil cheana maidir le húsáid éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh de chistí de chuid an Aontais (i.e. Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, mar a shainmhínítear iad i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, maille leis na cistí atá dírithe ar thearmann, imirce agus rialú teorann) – is amhlaidh a bhainfidh an tacaíocht sin le réimsí beartais faoi leith, agus bainfidh sí go háirithe leis na réimsí seo a leanas: bainistiú airgeadais phoiblí, an próiseas buiséadach, bainistiú fiachais agus riar ioncaim, athchóiriú institiúideach agus feidhmiú córais riaracháin atá éifeachtúil seirbhísdhírithe, smacht reachta éifeachtach, athchóiriú an chórais ceartais maille le bearta frithchalaoise, bearta frithéillithe agus bearta in aghaidh sciúradh airgid a athneartú, timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, rochtain ar mhaoiniú, infheistíocht, forbairt na hearnála airgeadais, próisis phríobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, beartais maidir le margadh an tsaothair, cuimsiú sóisialta, córas slándála sóisialta agus córas leasa shóisialta, córas sláinte poiblí agus córas cúraim sláinte, beartais maidir le tearmann, imirce agus rialú teorann agus beartais atá dírithe ar an earnáil talmhaíochta agus ar fhorbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineannREGIO, EMPL, MARE, AGRI, TAXUD, JUST, HOME, GROW, MARKT, RTD, CNECT, COMP.

1.4.2.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar is ceart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cumas riaracháin na mBallstát athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí, ar an riarachán agus ar earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear trí chistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, an cumas sin a neartú d'fhonn struchtúir simplithe, éifeachtúla agus nua-aimseartha a sholáthar a bheidh ag freastal ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí.

   Cumas feabhsaithe a bheith ag údaráis náisiúnta na mBallstát laigí eacnamaíocha agus struchtúracha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

   Inniúlachtaí agus cumas níos fearr a bheith ag údaráis náisiúnta na mBallstát maidir le beartais um athchóiriú a fhorbairt, a cheapadh agus a chur chun feidhme de réir tosaíochta;

   Cumas feabhsaithe a bheith ag údaráis náisiúnta na mBallstát tabhairt faoi chur chuige comhtháite i leith athchóirithe a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus dóigheanna;

   Cumas feabhsaithe a bheith ag údaráis náisiúnta na mBallstáit próisis agus modheolaíochtaí a shainiú ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le ceapadh, bainistiú agus cur chun feidhme athchóirithe mar thoradh ar dhea-chleachtais agus ceachtanna atá foghlamtha a chomhroinnt le piaraí;

   Feabhas a bheith ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna na n-údaráis náisiúnta sna Ballstáit trí mhéadú a dhéanamh ar eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla agus ar an gcumas dul in oiriúint d'athruithe ar phróisis bainistíochta;

   Bealaí cumarsáide feabhsaithe a bhunú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta d'fhonn feabhas a chur ar iarrachtaí athchóirithe agus ar a chomhordú na n-iarrachtaí sin freisin; agus

   Cumas feabhsaithe a bheith ag údaráis náisiúnta na mBallstát féachaint chuige go ndéantar dul chun cinn maidir leis na hathchóirithe a mholtar faoin Seimeastar Eorpach a chur i bhfeidhm, maidir le cláir coigeartaithe eacnamaíoch, maidir le hathchóirithe arna ndéanamh acu ar a dtionscnamh féin, agus féachaint chuige freisin go gcuirfear dlí an Aontais chun feidhme go comhsheasmhach comhleanúnach.

Tá na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ag brath go mór ar na tíortha agus ar na tionscadail i gceist, agus beidh gnóthú na dtorthaí sin i gcomhréir leis na réimsí beartais agus méid na tacaíochta arna soláthar. Lena chois sin, táthar ag súil leis go mbeidh siad bunaithe ar an bearta atá curtha i bhfeidhm de réir réimse beartais agus de réir na mBallstát is tairbhithe mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tacaíochta arna soláthar faoin gClár.

1.4.3.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Déanfar gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas leis na táscairí thíos; úsáidfear iad de réir na sonraí agus na faisnéise atá ar fáil (lena n-áirítear sonraí cuí cainníochtúla agus eimpíreacha) agus d'fhéadfadh an Coimisiún iad a choigeartú le linn an Chláir, más iomchuí, ar bhonn Airteagal 15 den Rialachán:

(a)    líon agus cineál na n-údarás náisiúnta, na seirbhísí riaracháin agus na n-eintiteas poiblí eile amhail aireachtaí náisiúnta nó údaráis rialála, de réir Ballstát is Tairbhí ar tugadh tacaíocht faoin gClár dó;

(b)    líon agus cineál na soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

(c)    líon agus cineál na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 6 a rinneadh amhail saineolaithe a sholáthar, gníomhaíochtaí oiliúna, seimineáir, etc., agus iad roinnte de réir:

i.    Moltaí Tír-shonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus athchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

ii.    cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

iii.    soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, eagraíochtaí idirnáisiúnta;

iv.    faighteoirí tacaíochta ón mBallstát is Tairbhí amhail údaráis náisiúnta.

(d)    líon agus cineál na socruithe beartais agus dlí amhail meabhráin tuisceana pholaitiúla nó litreacha intinne, comhaontuithe agus conarthaí, arna ndéanamh idir an Coimisiún, Comhpháirtithe um Athchóiriú (de réir mar a bheidh) agus soláthraithe tacaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí faoin gClár de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

(e)    líon na dtionscnamh beartais (e.g. pleananna gníomhaíochta, treochláir, treoirlínte, moltaí, reachtaíocht a moladh) arna nglacadh de réir cuspóir sonrach, réimse beartais nó Ballstát is Tairbhí agus a eascraíonn as gníomhaíochtaí ábhartha a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh faoin gClár;

(f)    líon na mbeart arna gcur chun feidhme, de réir réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoin gClár agus atá roinnte de réir Moltaí Tír-shonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, le cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus le hathchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

(g)    an t-aiseolas ó údaráis náisiúnta, ó sheirbhísí riaracháin agus ó eintitis phoiblí eile a bhfuil tacaíocht faighte cheana acu faoin gClár chomh maith le haiseolas ó gheallsealbhóirí/rannpháirtithe (má tá fáil orthu) maidir le torthaí agus/nó tionchar na ngníomhaíochtaí faoin gClár, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh;

(h)    an t-aiseolas ó sholáthraithe tacaíochta maidir le torthaí agus/nó tionchar na tacaíochta a chuir siad ar fáil faoin gClár i ndáil leis an gcuspóir sonrach nó an réimse beartais ina raibh siad gníomhach, de réir Ballstát is Tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh;

(i)    teacht chun cinn na dtuairimí atá ag geallsealbhóirí ábhartha i ndáil leis an tslí a gcuideoidh an Clár le cur i gcrích na n-athchóirithe de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, agus sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is den riachtanas é timpeallacht fhónta rialála institiúideach maille le geilleagar atá ag feidhmiú mar is ceart a chruthú d'fhonn iomaíochas a fheabhsú, infheistíocht a spreagadh, cruthú fostaíochta a chothú, caighdeáin mhaireachtála a ardú agus fás inbhuanaithe a thionscnamh ar fud an Aontais. Is mó geilleagar náisiúnta san Aontas a ghabh trí phróiseas coigeartaithe, nó atá fós ag gabháil trí phróiseas den saghas sin, chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú a tháinig chun cinn san am atá caite, agus tá go leor Ballstát ann a chaithfidh dul i ngleic le ráta íseal d'fhás. Athchóirithe struchtúracha ar gheilleagair na mBallstát sin a bheith á gcur chun feidhme go mall nó ar bhonn easnamhach, is é is cúis le staid den chineál sin go minic. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, poitéinseal fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

I dtaca le hathchóirithe, ní mór iad a bheith dea-cheaptha, an reachtaíocht ina leith a achtú agus iad a chur chun feidhme go héifeachtach. Ní leor an reachtaíocht ina leith a achtú, áfach, chun go n-éireoidh leis na hathchóirithe sin – ní foláir iad a chur chun feidhme ar dhóigh éifeachtach, agus chuige sin ní mór aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúracha na gcóras riaracháin éagsúil (e.g. inniúlachtaí, soghluaisteacht, dreasachtaí, athruithe ar phróisis oibre), agus ar na dúshláin atá le sárú sa gheilleagar agus sa tsochaí. B'fhéidir go mbeidh tamall ann sula dtiocfaidh ann do shochair na n-athchóirithe sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach iad a chur chun feidhme go luath agus ar dhóigh éifeachtúil, cibé acu a bhaineann sin le geilleagair atá ag dul trí ghéarchéim nó le geilleagair atá lag ó thaobh struchtúir de.

Ina theannta sin, tá sé ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin feabhas a chur ar an tslí a ndéantar acquis an Aontais a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún in iúl gur gá dó “comhoibriú leis na Ballstáit d'fhonn scrúdú a dhéanamh ar na slite is fearr lena chinntiú go gcomhlíontar dlí an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal náisiúnta”.

Dá bhrí sin bheadh an tacaíocht a thabharfaí faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ar fáil i ngach ceann de 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Is fusa don Aontas ná do na Ballstáit an saineolas is fearr dá bhfuil le fáil (bíodh an saineolas sin le fáil laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha agus ó thíortha eile nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta) a shainaithint, a thabhairt i láthair agus a chomhordú, agus is fusa dó malartú dea-chleachtas a chothú (chomh maith le scaipeadh comhsheasmhach na ndea-chleachtas sin fud fad an Aontais a chinntiú) d'fhonn tacú le cur chun feidhme athchóirithe spreagtha fáis de chineál spriocdhírithe sna Ballstáit.

Ina theannta sin, b'éifeachtaí de bheart é an tAontas a thabhairt saineolaithe i láthair ar an ábhar go gcruthófaí barainneachtaí scála agus scóipe dá bharr trí ardán a chruthú don Aontas ar fad lena bhféadfaí dea-chleachtais a chur ar fáil agus a roinnt le chéile.

I ndáil leis sin, ba cheart i gcás na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme go gcuirfí chun cinn iad bonn ar bhonn le hiarrachtaí na mBallstát agus go mbeidís ina gcomhlánú ar chláir agus ar bheartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta; den chuid is mó, is trí ghníomhaíochtaí tacaíochta a sholáthar a chuirfí sin i bhfeidhm agus is in éineacht le hiarrachtaí athchóirithe na n-údarás náisiúnta a dhéanfaí amhlaidh, sna céimeanna éagsúla den phróiseas athchóirithe, ag díriú go háirithe ar idirghabhálacha nach bhfuil cúnamh airgid le fáil ina gcomhair cheana féin faoi chláir nó faoi chistí eile de chuid an Aontais, nó faoi thionscnaimh náisiúnta.

Ba cheart go háirithe go gcabhródh na gníomhaíochtaí faoin gClár le réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, réitigh a rachadh i ngleic le dúshláin náisiúnta agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal trasteorann agus ar leibhéal an Aontais, agus a rannchuideodh le dea-chleachtais a chomhroinnt agus le líonra saineolais a thógáil. Ar deireadh thiar, bheadh na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gClár ina gcuidiú muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit is Tairbhithe agus an Coimisiún a chothú a thuilleadh.

Níl aon mhodh eile ann atá níos oiriúnaí chun tacaíocht a chur ar fáil ar an láthair do na Ballstáit sin a bhfuil athchóirithe spreagtha fáis le cur chun feidhme acu ná an Clár atá beartaithe, ar an ábhar go bhfágann sé gur fusa don Aontas ná do na Ballstáit an saineolas is fearr dá bhfuil ar fáil a shainaithint, a thabhairt i láthair agus a chomhordú agus cur chuige comhordaithe a sholáthar maidir le tacaíocht theicniúil a thabhairt do na Ballstáit sin a iarrann cúnamh.

Seo thíos cur síos ar an mbreisluach Eorpach a thiocfadh as an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a thabhairt isteach:

   D'fhágfadh gníomhaíochtaí faoin gClár go mbeadh comhlántacht agus sineirgí ann le cláir agus beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, rannchuideodh sé le hiontaoibh fhrithpháirteach agus comhar breise a chur chun cinn tuilleadh idir na Ballstáit is Tairbhithe agus an Coimisiún agus rannchuideodh sé lena áirithiú go gcuirfí dlí an Aontais chun feidhme go comhsheasmhach comhleanúnach. Chomh maith leis sin, d'fhágfadh gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gClár seo go bhféadfaí réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme a rachadh i ngleic le dúshláin náisiúnta, réitigh ag a mbeadh dea-thionchar trasteorann acu agus/nó dea-tionchar acu ar an Aontas i gcoitinne freisin. Rannchuideodh an tionscnamh seo le comhordú bheartais eacnamaíocha agus earnálacha na mBallstát a neartú agus le cur chun feidhme dhlí an Aontais a fheabhsú. Chomh maith leis sin, thacódh an Clár leis an ngné "chomhoibritheach" de chur chun feidhme dhlíthe agus bheartais an Aontais ar dhóigh éifeachtach ag na Ballstáit agus ag an Aontas. Óir má dhéantar beartas/athchóiriú ar leith a chur chun feidhme i dtír ar leith, is féidir leis an tír sin leas mór a bhaint as an taithí atá ag tír amháin nó níos mó atá cosúil léi agus a rinne beartas/athchóiriú den sórt céanna a chur chun feidhme (agus is féidir lena taithí féin cabhrú le tíortha cosúla freisin).

   Chuirfí tacaíocht ar fáil do na Ballstáit ar bhealach comhordaithe ó réimse beartais go chéile. Bheadh iarrachtaí na n-údarás náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas beartais agus straitéisí a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, bheidís á ndéanamh mar chuid de chur chuige comhtháite a d'áiritheodh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile.

Go háirithe, déanfar breisluach na ngníomhaíochtaí faoin gClár seo i ndáil le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú agus é á chur san áireamh go gcaithfear aird iomchuí a thabhairt ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais, nó faoi chláir eile de chuid an Aontais sna Ballstáit lena mbainfidh, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhallstát iarrthach.

Chun go mbeifear in ann na hiarrataí ar chúnamh teicniúil a bhainistiú ar an tslí is fearr is féidir agus chun go mbeidh comhsheasmhacht agus sineirgíocht ann i measc na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil, leanfadh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach cur chuige comhtháite a bheadh ar aon dul leis an gcur chuige a bhí ann i gcás na Gréige agus na Cipire. Sa dá chás sin rinne an Coimisiún comhordú ar an gcúnamh teicniúil ó earnáil go chéile (trí TFGR agus SGCY) agus ar leibhéal na mBallstát rinne eintiteas sonrach laistigh den chóras riaracháin náisiúnta comhordú ar an obair (i.e. SGCO sa Ghréig agus DGEPCD sa Chipir).

   Dhéanfaí an tacaíocht a thabharfaí do na Ballstáit a fheabhsú trí leas a bhaint as ardán chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm i measc na mBallstát agus institiúidí idirnáisiúnta. Is fusa don Aontas ná do na Ballstáit dea-chleachtais a aithint. Thiocfadh breise éifeachtúlachta as sin ó thaobh saineolas a chur ar fáil agus a chomhroinnt trí phainéal saineolaithe, saineolaithe a d'fhéadfadh tacaíocht a chur ar fáil go héasca, agus go háirithe, go pras, ach Ballstát sin a iarraidh.

   D'fhágfadh an Clár go bhféadfaí barainneachtaí scála agus scóipe a bhaint amach. Is minic a bhíonn cosúlachtaí sna dúshláin a bhíonn roimh na Ballstáit agus go mbíonn orthu dul i ngleic le fadhbanna praiticiúla cosúla a bhaineann le hathchóirithe a chur chun feidhme. Is féidir le gníomhaíochtaí an Aontais rannchuidiú le dúbailt iarrachtaí a sheachaint, comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn agus comhordú le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chothú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí den saghas céanna san am a chuaigh thart

I dtaca leis an gcúnamh teicniúil a cuireadh ar fáil cheana don Chipir agus don Ghréig i réimsí a chumhdaíonn speictream iomlán na mbeartas poiblí, geall leis, tá ceachtanna tairbheacha le foghlaim uaidh sin a rachaidh chun sochair don tacaíocht theicniúil a d'fhéadfaí a thabhairt ar bhonn céimneach do na Ballstáit uile amach anseo. Go dtí seo bhí tábhacht an-mhór le cúnamh teicniúil a chur ar fáil d'fhonn tacú le coigeartú eacnamaíoch a dhéanamh sa Ghréig agus sa Chipir (rud a rinneadh trí na Grúpaí Tacaíochta don Chipir agus tríd an Tascfhórsa don Ghréig).

Agus tuiscint acu ar bhreisluach na tacaíochta i dtaca le hathchóirithe, d'iarr an Ghréig agus an Chipir (i.e. an dá thír a bhí incháilithe cúnamh teicniúil a iarraidh faoi TFGR agus SGCT), d'iarr siad tacaíocht theicniúil do raon leathan réimsí beartais anuas ar na cláir um choigeartú eacnamaíoch a bhí acu, agus fuair siad an tacaíocht sin. Faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá beartaithe, chuirfí tacaíocht theicniúil "fhorleathan" den chineál seo ar fáil do gach Ballstát, is cuma iad a bheith rannpháirteach sa chlár nó gan iad a bheith rannpháirteach ann.

An cúnamh teicniúil a thug TFGR don Ghréig, rinneadh meastóireacht sheachtrach neamhspleách air, agus thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht sin gur rannchuidigh an cúnamh teicniúil leis an gclár um athchóirithe a chur chun feidhme sa Ghréig i réimse an riaracháin cánach agus i réimse an riaracháin lárnaigh le linn na tréimhse 2011–2013.

I bhfianaise an méid sin, tá sé i gceist foráil a dhéanamh – faoi choimirce na Seirbhíse Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSS) – maidir le tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit go léir. Go deimhin, d'fhéadfadh sé go bhfuil dushláin sna Ballstáit chomh fada is a bhaineann le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúrtha agus riaracháin. D'fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith leis sin, cuir i gcás cumas teoranta riaracháin agus institiúideach agus, ina cheann sin, reachtaíocht an Aontais a bheith á cur i bhfeidhm agus á cur chun feidhme ar dhóigh neamhleor.

I bhfianaise na taithí seo, tá sé mar aidhm ag an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá beartaithe foráil a dhéanamh maidir le leathnú ar an tacaíocht theicniúil a chuirfí ar fáil do gach Ballstát ar iarratas uathu. Go sonrach, thabharfadh an Coimisiún tacaíocht theicniúil, arna iarraidh sin air.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirge a d'fhéadfadh a bheith leo

Bheadh an Clár seo ina chomhlánú ar acmhainní atá ann cheana le haghaidh méadú cumais agus cúnamh teicniúil faoi chuimsiú cláir maoinithe eile de chuid an Aontais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus le cúnamh teicniúil agus le gníomhaíochtaí eile arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais.

Chuirfeadh an Clár breisluach leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil cheana féin trí bhíthin cláir earnálacha éagsúla de chuid an Aontais agus trí bhíthin na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh le cabhair airgid ó chistí de chuid an Aontais, ós rud é go mbeadh ag an gClár macraidhearcadh a bheadh in oiriúint do gach tír ar leith agus go dtacódh sé, san am céanna, leis na hathchóirithe struchtúracha is mó tábhacht sna Ballstáit i gcomhréir le príomhchuspóirí beartais an Aontais.

Chomh maith leis sin, d'áiritheodh an Coimisiún go mbeadh an comhordú is gá ann laistigh de na socruithe inmheánach oibre atá aige, go háirithe i rith an phróisis a mbeadh glacadh an Chláir Oibre/na gClár Oibre mar thoradh air. Bheadh na seirbhísí lena mbaineann ag obair le chéile chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirfí chun feidhme faoi Chlár Oibre nó faoi Chláir Oibre an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach comhlántach dáiríre agus nach mbeadh forluí acu le gníomhaíochtaí faoi chláir agus cistí eile de chuid an Aontais (lena n-áirítear cistí an Aontais, go háirithe cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa). Maidir leis sin, mar atá luaite thuas, sa chinneadh chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstát chuirfí san áireamh, inter alia, na gníomhaíochtaí agus na bearta reatha arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais.

Tá foráil déanta i roinnt clár de chuid an Aontais maidir le cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Bhallstáit chun gníomhaíochtaí a bhaineann le beartais phoiblí ar leith a chur i gcrích. Déantar na cláir sin a cheapadh i gcomhréir lena gcuspóirí sonracha agus a sainréimsí féin d'fhonn tacú le dálaí fabhracha a chothú, dálaí a spreagfaidh fás eacnamaíoch maille le cosaint agus feabhsú na sochaí agus an chomhshaoil. Sainghné den tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na cláir seo is ea a sainfhócas téamúil agus rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí sonracha na gclár ábhartha a bhaint amach.

Is éard is aidhm don straitéis Eoraip 2020 na dálaí a chothú is gá chun go mbeidh fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach sna Ballstáit uile. Is den riachtanas é fás eacnamaíoch a bheith ann d'fhonn dífhostaíocht a laghdú, comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus caighdeáin mhaireachtála a ardú. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, poitéinseal fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

Tá próiseas an athchóirithe casta, is minic costasach é, bíonn saineolas ar réimsí éagsúla de dhíth go comhuaineach ina chomhair agus b'fhéidir tionchar trasteorann a bheith aige. Le tacaíocht ón Aontas is fearr a bheifí in ann grinn-athchóirithe spreagtha fáis a dhéanamh sna Ballstáit éagsúla, athchóirithe a mbeadh éifeacht, dá réir sin, acu ar an Aontas ina iomláine.

Tá an Clár le cur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann agus chuirfeadh sé go mór le neartú chumas riaracháin na mBallstát sin ionas go bhféadfaí institiúidí, an córas riaracháin, agus earnálacha eacnamaíocha agus sochaíocha iontu a athchóiriú d'fhonn struchtúir simplithe, éifeachtúla agus nua-aimseartha a chur i bhfeidhm a bheidh ag obair ar mhaithe le saoránaigh agus le cuideachtaí.

Ar deireadh, d'fhéadfaí de dhroim an Chláir tacaíocht theicniúil a chur ar fáil atá ríthábhachtach do chur chun feidhme rathúil eilimintí nua an Mhargaidh Aonair (lena n-áirítear an chuid dhigiteach de). Cuir i gcás, tá sé beartaithe faoi phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun margaí caipitil a fhorbairt. Leis an gClár seo chuirfí an creat agus an maoiniú ar fáil ba ghá chun críocha na tacaíochta sin.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé níos faide ná an t-íosmhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach ná níos faide ná a bhfuil gá leis chun na críche sin. Is léiriú ar an méid sin é, ar an gcéad dul síos, go mbeadh an cúnamh a bheidh le tabhairt d'údaráis náisiúnta bunaithe ar iarraidh ar thacaíocht a thiocfaidh ón mBallstát féin agus, ar an dara dul síos, go ndéanfadh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann comhaontú ar raon feidhme na tacaíochta ar bhonn frithpháirteach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

⌧Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

⌧Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2017 go dtí an 31/12/2020.

⌧Tionchar airgeadais ón 01/01/2017 go dtí an 31/12/2020 agus ina dhiaidh.

◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 29

Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

⌧ ag a ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

⌧ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

⌧ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

⌧ comhlachtaí dlí poiblí;

⌧ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

⌧ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá oibleagáidí maidir le faireachán agus meastóireacht sa togra. Déanfar faireachán ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa togra.

Soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil mheastóireachta eatramhaí, faoi lár 2019 ar a dhéanaí, agus soláthróidh sé tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi dheireadh mhí na Nollag 2021.

Sa tuarascáil mheastóireachta eatramhaí scrúdófar a mhéid atá cuspóirí an Chláir á mbaint amach, éifeachtúlacht úsáid acmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir agus, chomh maith leis sin, déanfar measúnú ar cé acu is gá nó nach gá an maoiniú sna réimsí a chuimsíonn an Clár a oiriúnú nó a fhadú i ndiaidh 2020. Ina theannta sin, measúnófar an bhfuil gach cuspóir agus gach gníomhaíocht fós ábhartha. Sa mheasúnú ex-post beidh faisnéis faoi thionchar an Chláir san fhadtéarma.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Féadfar bearta an Chláir a chur chun feidhme go díreach, is é sin an Coimisiún iad a chur chun feidhme, nó go hindíreach, is é sin eintitis agus daoine seachas na Ballstáit iad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais. Go háirithe, is i bhfoirm na nithe seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais an Aontais do ghníomhaíochtaí:

i.    deontais (lena n-áirítear deontais d'údaráis náisiúnta na mBallstát)

ii.    conarthaí soláthair phoiblí

iii.    aísíocaíocht costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha

iv.    ranníocaíocht le cistí iontaobhais

v.    gníomhaíochtaí bainistíochta indírí

Suas le 100% de na costais incháilithe, sin é an ráta cómhaoinithe a bheidh ann do dheontais, gan dochar do phrionsabail an chómhaoinithe agus an neamhbhrabúis.

Seo a leanas na príomhrioscaí a aithníodh sna hiniúchtaí ex-post a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Coimisiún faoi chlár a mbeadh a bhearta chur chun feidhme cosúil le bearta cur chun feidhme an Chláir seo:

- Riosca maidir le droch-cháilíocht na dtionscadal a roghnaíodh agus droch-chur chun feidhme teicniúil an tionscadail, rud a laghdaíonn tionchar an chláir; i ngeall ar nósanna imeachta roghnúcháin neamhleora, easpa saineolais nó faireachán neamhleor.

- Riosca go mbainfear úsáid neamhéifeachtúil nó neamheacnamaíoch as na cistí arna mbronnadh:

   * i gcás deontas, d'fhéadfadh riosca a bheith ann go ndéanfaí costais a dhearbhú go míchuí a bheidh ann mar thoradh ar na rialacha maidir le hincháilitheacht a chur chun feidhme;

   * i gcás an tsoláthair phoiblí d'fhéadfadh sé go gcuirfí conarthaí i gcrích ar bhealach mícheart de dheasca earráidí gan bhrath nó míchruinneas gan cheartú sna tairiscintí nó i sonraíochtaí na tairiscintí;

   * rioscaí a bhaineann le hincháilitheacht (idirghabhálaithe airgeadais idirnáisiúnta (IFI) agus tairbhithe deiridh), comhlíonadh conarthach (trasuí cheanglais an Choimisiúin sna doiciméid chonarthacha), comhlíonadh próiseas (próisis a fhorordaíonn an Coimisiún gan a bheith á gcomhlíonadh) agus feidhmíocht (neamh-chomhlíonadh na spriocanna/cuspóirí réamhshainithe).

Cuirfidh na comhaontuithe creata atá i bhfeidhm le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le 7 ngníomhaireacht de chuid na mBallstát a ndearnadh measúnú orthu faoi chóras na gcolún creat dlí cobhsaí ar fáil, áfach, creat ina mbeidh córas faireacháin agus measúnaithe ex-ante agus ex-post a bheidh ag teacht leis na hoibleagáidí faoin Rialachán Airteagal agus RAP.

- An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla.

2.2.2.Faisnéis faoi eagar an chórais rialaithe inmheánaigh

An córas rialaithe atá beartaithe don chlár, beidh sé comhdhéanta de bhuneilimintí éagsúla: maoirseacht ar oibríochtaí a dhéanfaidh an tseirbhís bainistíochta oibríochtúla; rialú ex-ante (fíorú airgeadais) a dhéanfaidh seirbhís lárnach buiséadach agus rialaithe; agus rialuithe agus/nó iniúchtaí ex-post i leith deontas.

D'fhéadfaí gach idirbheart a chur faoi réir fhíorú ex-ante sheirbhíse bainistithe an chláir agus faoi réir fhíorú airgeadais na seirbhíse buiséadaí agus rialaithe (seachas i gcás réamh-mhaoinithe ar riosca íseal).

I gcás deontas, déanfar grinnscrúdú ar na tuarascálacha airgeadais i gcomhthráth leis na tuarascálacha cur chun feidhme, agus measúnófar torthaí airgeadais agus oibríochtúla araon: iarrfar faisnéis chomhlántach agus doiciméid tacaíochta má mheastar gur gá sin, i bhfianaise measúnú riosca. Déanfar seiceálacha inmheánacha um sholáthar ar aon nós imeachta um soláthar atá oscailte nó teoranta, agus ar gach nós imeachta caibidlithe ar luach os cionn €60,000, sula nglacfar an cinneadh maidir le deonú.

Cuirfear “straitéis braite” i bhfeidhm sa rialú ex-post, straitéis a mbeidh sé mar aidhm léi a oiread aimhrialtachtaí is féidir a bhrath d'fhonn íocaíochtaí míchuí a fháil ar ais. Bunaithe ar an straitéis seo, déanfar na hiniúchtaí ar shampla de na tionscadail, samplaí a roghnófar ar bhonn anailíse riosca, agus ar a bhonn sin amháin geall leis.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Is feidhmeanna rialaithe, sa chiall leathan (ó thairbhithe agus conraitheoirí a roghnú go torthaí iniúchtaí a chur chun feidhme) a bheidh idir lámha ag isteach is amach le 70% den fhoireann ar fad atá bainteach i mbainistíocht an chláir. Lena chois sin, d'fhéadfaí iniúchtaí seachtracha áirithe a mhaoiniú ó na leathreasuithe tacaíochta riaracháin.

Mar thoradh ar an laghdú ar líon na nósanna imeachta, beidh feidhm ag rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe, agus laghdófar an riosca go mbeidh earráidí ann dá bhrí sin. Chomh maith leis sin, fágfaidh na huirlisí simpliúcháin atá ar fáil faoin gCreat Airgeadais nua go mbeidh creat níos cobhsaí ann chun na gníomhaíochtaí éagsúla a chur chun feidhme.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Cuirfear bearta éagsúla i bhfeidhm sa chlár chun calaois agus míréireachtaí a chosc; in Airteagal 14 den togra, tá foráil curtha isteach maidir le leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint.

I gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin a chuimsíonn an timthriall iomlán caiteachais, cuirfidh an tseirbhís atá freagrach as an gcur chun feidhme plean gníomhaíochtaí frithchalaoise sonrach i bhfeidhm i dtaca leis na speansais sin, agus aird á tabhairt aici ar chomhréireacht na mbeart atá le cur chun feidhme agus ar a gcostas le hais a sochair.

Beidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar chosc a dhéanamh, ar sheiceálacha éifeachtacha agus ar na bearta iomchuí a dhéanamh má bhraitear calaois nó míréireachtaí, i.e. na méideanna a íocadh go mícheart a aisghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha a chur i bhfeidhm.

Beidh tuairisc sa straitéis frithchalaoise ar chóras na seiceálacha ex-ante agus ex-post, bunaithe ar chóras bratacha dearga, agus sonrófar inti na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an bhfoireann má bhraitear calaois nó míréireachtaí. Beidh faisnéis inti freisin maidir leis na socruithe oibre le OLAF.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 30 .

ó thíortha de chuid CSTE 31

ó thíortha is iarrthóirí 32

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

1b Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach/ 2 Fás inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1.b

13.01.04.04

LN

NÍL

NÍL

NÍL

1.b

13.08.01

LD

NÍL

NÍL

NÍL

2

13.08.02

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1b/2

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach/Fás inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha

Ard-Stiúrthóireacht:SG / SRSS

Bliain
2017 33

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Blianta
2021 & 2022

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

13.08.01

Gealltanais

(1)

17.443

23.645

29.847

34.498

0.000

105.433

Íocaíochtaí

(2)

8.721

17.055

25.505

30.932

23.218

105.433

13.08.02

Gealltanais

(1)

5.057

6.855

8.653

10.002

30.567

Íocaíochtaí

(2)

2.529

4.945

7.395

8.968

6.732

30.567

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 34

13.01.04.04

(3)

1.125

1.525

1.925

2.225

6.800

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair 13

Gealltanais

=1+1a +3

23.625

32.025

40.425

46.725

142.800

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

12.375

23.525

34.825

42.125

29.950

142.800



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

22.500

30.500

38.500

44.500

0.000

136.000

Íocaíochtaí

(5)

11.250

22.000

32.900

39.900

29.950

136.000

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

1.125

1.525

1.925

2.225

6.800

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 1b/2
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

(4+6)

23.625

32.025

40.425

46.725

142.800

Íocaíochtaí

(5+6)

12.375

23.525

34.825

42.125

29.950

142.800

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: SG/SRSS

•Acmhainní daonna

1.336

1.600

2.004

2.004

6.944

•Caiteachas riaracháin eile

0.110

0.155

0.200

0.230

0.695

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht SG/SRSS

Leithreasuithe

1.446

1.755

2.204

2.234

7.639

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.446

1.755

2.204

2.234

7.639

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021/2

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1b/2 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

25.071

33.780

42.629

48.959

150.439

Íocaíochtaí

13.821

25.280

37.029

44.359

29.950

150.439

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

 

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

 

2017

2018

2019

2020

 

ASCHUIR

 

Saghas

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Costas iomlán

 

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1

Cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta a gcuid athchóirithe a cheapadh de réir tosaíochtaí, agus aird á tabhairt ar dhálaí tosaigh agus ar na tionchair shocheacnamíocha a mheastar a bheidh ann

- Aschur A

Líon na n-anailísí a thacaíonn le hearnáil an athchóirithe náisiúnta

0,06

25-35

1,800

40-50

2,520

50-60

3,360

60-65

3,840

11,520

- Aschur B

Líon na saineolaithe

0,00115

80

0,092

80

0,092

80

0,092

80

0,092

0,368

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

 

1,892

 

2,612

 

3,452

 

3,932

11,888



CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta feabhas a chur ar an gcumas atá acu beartais agus straitéisí a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus tabhairt faoi chur chuige comhtháite a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus dóigheanna ó earnáil go chéile

- Aschur C

Líon na saineolaithe

0,00115

60-80

0,086

90-100

0,115

100-150

0,141

100-150

0,147

0,490

- Aschur D

Líon na dTreochlár, bPlean Gníomhaíochta, arna n-ullmhú agus arna gcur chun feidhme de réir earnála agus tíre

0,125

15-20

2,125

15-20

2,125

25-30

3,125

35-45

5,25

12,625

- Aschur E

Líon na seirbhísí sonracha saineolais

0,015

15-20

0,225

20-25

0,300

25-30

0,390

30-40

0,450

1,365

- Aschur F

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

4

3,600

5

4,500

6

5,400

6

5,400

18,900

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

 

6,036

 

7,040

 

9,056

 

11,247

33,380

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar dhea-chleachtais tíortha eile agus ar na ceachtanna atá foghlamtha acu agus iad i ngleic le cásanna den saghas céanna

- Aschur G

Líon na saineolaithe

0,00115

180-200

0,230

200-220

0,246

220-240

0,276

220-240

0,276

1,028

- Aschur H

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

5

4,500

8

7,200

8

7,200

9

8,100

27,000

- Aschur I

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,150

12

1,800

14

2,100

18

2,700

18

2,700

9,300

- Aschur J

Líon na seirbhísí sonracha saineolais

0,015

70-80

1,065

80-90

1,320

90-95

1,380

95-100

1,500

5,265

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

 

 

7,595

 

10,866

 

11,556

 

12,576

42,593

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

Cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna, nuair is iomchuí, trí fhreagrachtaí a shainiú go soiléir agus eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla a mhéadú

- Aschur K

Líon na n-ócáidí/seimineár oiliúna

0,08

25-30

2,320

30-35

2,400

40-50

3,600

50-60

4,400

12,72

- Aschur L

Líon na saineolaithe

0,00115

60-80

0,082

90-100

0,107

100-150

0,161

100-150

0,170

0,519

- Aschur M

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

5

4,500

8

7,200

10-12

9,900

12-14

11,700

33,300

- Aschur N

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,150

8

1,200

12

1,800

18

2,700

18

2,700

8,400

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

 

 

8,102

 

11,507

 

16,361

 

18,970

54,939

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.336

1.600

2.004

2.004

6.944

Caiteachas riaracháin eile

0.110

0.155

0.200

0.230

0.695

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.446

1.755

2.204

2.234

7.639

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 35
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

1.125

1.525

1.925

2.225

6.800

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.125

1.525

1.925

2.225

6.800

IOMLÁN

2.571

3.280

4.129

4.459

14.439

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2017

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

8

10

12

12

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 36

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

4

4

6

6

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

10 01 04 yy 37

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

IOMLÁN

12

14

18

18

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cuimsíonn na cúraimí a bheidh le déanamh gach cúram is gá chun bainistiú airgeadais agus conarthach a dhéanamh ar an gclár, is é sin:

Ionchur a sholáthar don phlean nósanna imeachta buiséadacha agus bainistíochta

Cláir oibre bhliantúla/cinntí maoinithe a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach

Bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar ghlaonna ar thograí agus ar na nósanna imeachta roghnúcháin a leanann iad i gcomhar leis na seirbhísí oibríochtúla.

Cumarsáid a dhéanamh le geallsealbhóirí maidir le cúrsaí conarthacha agus airgeadais.

Cruinnithe an Ghrúpa Ardleibhéil a ullmhú agus a eagrú leis an Ard-Stiúrthóireacht lena mbaineann, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí eile.

Tionscadail a bhainistiú (ó thaobh cúrsaí airgeadais agus conarthacha de): gealltanais, íocaíochtaí, orduithe inghnóthaithe , srl.

Rialuithe a dhéanamh, mar a thuairiscítear thuas (fíorú ex-ante, seirbhís soláthair, rialú ex-ante/inmheánach)

Uirlisí TF a bhainistiú

Ranníocaíochtaí agus obair leantach a eascraíonn ón nós imeachta DAS bliantúil.

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear an nós imeachta buiséadach, plean bainistíochta, athbhreithniú lár téarma, dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht agustuarascálacha AOS

Pearsanra seachtrach

Tacaíocht a thabhairt do na cúraimí airgeadais agus riaracháin.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Líne nua faoi cheannteideal 1b/2 leis na méideanna seo a leanas i milliúin EUR (go dtí an 3ú deachúil):

2017: 23.625

2018: 32.025

2019: 40.425

2020: 46.725

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 38

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

xx.01.04.xx and xx.xx.xx

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Cinnfear é faoi na comhaontuithe creata sonracha leis na rannpháirtithe.

(1)

   Cuimsíonn an téarma "Ballstát" údaráis náisiúnta an Bhallstáit sin.

(2)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 'Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr – clár oibre don Aontas Eorpach', Strasbourg, 19.5.2015, COM(2015) 215 final.

   Sa teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún in iúl gur gá dó “comhoibriú leis na Ballstáit d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar na slite is fearr lena áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal náisiúnta […], agus leanúint den fhaireachán grinn atá ar siúl aige chun a áirithiú go ndéantar Treoracha de chuid an Aontais a thrasuí ar dhóigh atá soiléir, ceart agus tráthúil agus go ndéantar rialacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm mar is iomchuí sna Ballstáit go léir, rud as a dtiocfaidh deimhneacht dhlíthiúil agus a ligfidh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an margadh aonair ar fáil dóibh."

(3) Is do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus don Chiste Slándála Inmheánaí a thagraíonn an frása "cistí de chuid an Aontais" anseo.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 an 11 Márta 2014, maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, IO L 72/1, 12.3.2014.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, agus Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún 'EORAIP 2020, Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach', an Bhruiséil, 3.3.2010, COM(2010) 2020 final.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 'Plean Gníomhaíochta lena dTógfar Aontas na Margaí Caipitil', an Bhruiséil, 30.9.2015, COM(2015) 468 final.
(9) An tuarascáil deiridh, mí Iúil 2014: VC/2014/0002 Réamhmheastóireacht ar an gCúnamh Teicniúil a cuireadh ar fáil don Ghréig le linn na tréimhse 2011–2013 i réimsí na nathchóirithe ar an riarachán cánach agus ar an riarachán lárnach, arna hullmhú ag Alvarez & Marsal Taxand agus ag Adam Smith International thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh. http://ec.europa.eu/about/taskforce-greece/pdf/tfgr/evaluation_report_alvarez_july_2014_en.pdf
(10) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Meastóireacht ex-ante a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, an Bhruiséil, XXX, COM(2015) XXX final.
(11) Féach Airteagal 58(1)( l) de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013.
(12) Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.
(13) COM(2010)700 an 19 Deireadh Fómhair 2010.
(14) COM(2011)500 final, an 29 Meitheamh 2011.
(15) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(18) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).
(21) Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena naisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (OJ L 150, 20.5.2014, lch. 93).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(23) Rialachán (AE) Uimh 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena gcuirtear cúnamh airgeadais meántéarma ar fáil do chomhardú íocaíochta na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).
(25) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(26) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(27) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(28) Gníomhaíocht ullmhúcháin a glacadh faoi dhréachtbhuiséad 2016 faoin líne buiséid 01 02 77 01 arb é is "aidhm léi maoiniú a thabhairt chun tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit chun athchóirithe tábhachtacha a chur chun feidhme i réimsí na freagrachta fioscaí, an riaracháin phoiblí de chineál spreagtha fáis agus an iomaíochais. Beidh sé mar aidhm leis an tacaíocht seo feabhas a chur ar chumas na mBallstát athchóirithe a chur chun feidhme agus a gcuid institiúidí poiblí a neartú. Ba cheart í a bheith dírithe go háirithe ar athchóirithe fioscacha, struchtúracha agus institiúideacha a sainaithníodh a bheith ina dtosaíochtaí le linn thimthriall rialta faireacháin mhaicreacnamaíoch an Aontais Eorpaigh; le linn clár coigeartaithe eacnamaíoch; le linn faireachán feabhsaithe, nó le linn faireachán iarchláir. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil é ar iarraidh a fháil dó ó Bhallstát agus beidh sé oscailte do gach Ballstát".
(29) Tá mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(30) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(31) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(32) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí.
(33) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(34) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte 'BA') a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(35) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(36) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(37) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(38) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,26.11.2015

COM(2015) 701 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

{SWD(2015) 750 final}


IARSCRÍBHINN

Táscairí

Maidir lena mhéid a bhainfí amach na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), déanfar sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas:

(a)(a) líon agus cineál na núdarás náisiúnta, na seirbhísí riaracháin agus na neintiteas poiblí eile amhail aireachtaí náisiúnta nó údaráis rialála, de réir Ballstát is Tairbhí ar tugadh tacaíocht faoin gClár dó;

(b)líon agus cineál na soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

(c)líon agus cineál na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 6 a rinneadh amhail saineolaithe a sholáthar, gníomhaíochtaí oiliúna, seimineáir, etc., agus iad roinnte de réir:

(a)Moltaí Tírshonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus athchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

(b)cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

(c)soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)faighteoirí tacaíochta ón mBallstát is Tairbhí amhail údaráis náisiúnta.

(d)líon agus cineál na socruithe beartais agus dlí amhail meabhráin tuisceana pholaitiúla nó litreacha intinne, comhaontuithe agus conarthaí, arna ndéanamh idir an Coimisiún, Comhpháirtithe um Athchóiriú (de réir mar a bheidh) agus soláthraithe tacaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí faoin gClár de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí;

(e)líon na dtionscnamh beartais (e.g. pleananna gníomhaíochta, treochláir, treoirlínte, moltaí, reachtaíocht a moladh) arna nglacadh de réir cuspóir sonrach, réimse beartais nó Ballstát is Tairbhí agus a eascraíonn as gníomhaíochtaí ábhartha a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh faoin gClár;

(f)líon na mbeart arna gcur chun feidhme, de réir réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoin gClár agus atá roinnte de réir Moltaí Tírshonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, le cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus le hathchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

(g)an taiseolas ó údaráis náisiúnta, ó sheirbhísí riaracháin agus ó eintitis phoiblí eile a bhfuil tacaíocht faighte cheana acu faoin gClár chomh maith le haiseolas ó gheallsealbhóirí/rannpháirtithe (má tá fáil orthu) maidir le torthaí agus/nó tionchar na ngníomhaíochtaí faoin gClár, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh;

(h)an taiseolas ó sholáthraithe tacaíochta maidir le torthaí agus/nó tionchar na tacaíochta a chuir siad ar fáil faoin gClár i ndáil leis an gcuspóir sonrach nó an réimse beartais ina raibh siad gníomhach, de réir Ballstát is Tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh;

(i)teacht chun cinn na dtuairimí atá ag geallsealbhóirí ábhartha i ndáil leis an tslí a gcuideoidh an Clár le cur i gcrích na n-athchóirithe de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is Tairbhí, agus sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh.

Bainfear úsáid as na táscairí sin de réir na sonraí agus na faisnéise atá ar fáil (lena náirítear sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha).

Top