This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0603
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT pursuant to Article 294(6) of the Treaty on the Functioning of the European Union concerning the position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing transitional arrangements for bilateral investment agreements between Member States and third countries
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha
/* COM/2012/0603 final - 2010/0197 (COD) */
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha /* COM/2012/0603 final - 2010/0197 (COD) */
2010/0197 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh
Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe
idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir
Ballstáit agus tríú tíortha 1. Cúlra An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2010)344final – 2010/0197 COD): || 7/07/2010 Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 10/05/2011 An dáta a glacadh seasamh na Comhairle || 4/10/2012 2. Cuspóir
an togra ón gCoimisiún Le Conradh Liospóin tugadh inniúlacht eisiach
don Aontas maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, mar chuid den
chomhbheartas tráchtála. I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach
tugtha don Aontas is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha
a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí. In éagmais córais
idirthréimhsigh shonraigh sa CFAE lena soiléirítear stádas chomhaontuithe
déthaobhacha infheistíochta na mBallstát, féachann an togra ón gCoimisiún le
haghaidh Rialacháin le deimhneacht dhlíthiúil a bhunú d'infheisteoirí a
thairbhíonn de na comhaontuithe sin, trí údarú a thabhairt na comhaontuithe
infheistíochta ar fad arna síniú idir Ballstáit agus tríú tíortha leanúint de
bheith ann, agus le sásra a chruthú lena dtabharfar de chumhacht do na
Ballstáit – faoi choinníollacha áirithe – comhaontuithe den sórt sin a
chaibidliú agus a thabhairt i gcrích sa todhchaí. 3. Tráchtaí
maidir leis an seasamh ón gComhairle Léiríonn seasamh na Comhairle arna ghlacadh ag
an gcéad léamh an comhaontú ar thángthas air sna pléití trípháirteacha idir an
Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, a tugadh i gcrích an 29 Bealtaine 2012.
Is iad seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin: –
soiléiriú a dhéanamh ar an stádas, faoi dhlí an
Aontais, atá ag comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta na mBallstát a
síníodh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, trína dhearbhú go bhféadfar
na comhaontuithe sin a choinneáil i bhfeidhm (nó go bhféadfaidh siad teacht i
bhfeidhm) go dtí go gcuirfear comhaontú infheistíochta de chuid an Aontais ina
n‑ionad; –
na coinníollacha a bhunú faoina bhféadfar a
thabhairt de chumhacht do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha
infheistíochta, arna síniú idir teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus teacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo, a thabhairt i gcrích agus/nó a choinneáil i
bhfeidhm; –
cuíchóiriú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na
nósanna imeachta faoina bhféadfar a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit
comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích le
tríú tíortha tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin; –
féachaint chuige, i gcás ina gcoinnítear
comhaontuithe infheistíochta na mBallstát i bhfeidhm nó ina n‑údaraítear
caibidlíochtaí a thosú nó comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a thabhairt
i gcrích le tríú tíortha, nach gcuirfidh sin cosc ar an Aontas comhaontuithe
infheistíochta a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích sa todhchaí; –
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún – d'fhonn an Rialachán a chur i bhfeidhm – i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011, agus an nós imeachta comhairleach a chur i bhfeidhm
maidir le glacadh cinntí údarúcháin de bhun an Rialacháin. Thacaigh an Coimisiún go hiomlán leis an
gcomhaontú ar thángthas air sna pléití trípháirteacha. 4. Dearbhuithe
Ghlac an Coimisiún leis an dearbhú
comhpháirteach ón gComhairle, ón bParlaimint agus ón gCoimisiún agus d’aontaigh
sé leis nár cheart úsáid an nós imeachta coiste sa Rialachán a bheith ina
fasach ag gníomhartha sa todhchaí maidir le cumhachtaí a thabhairt do na
Ballstáit faoi inniúlachtaí eisiacha an AE, agus nár cheart roghnú an nós
imeachta comhairleach a bheith ina fasach ag gníomhartha cur chun feidhme sa
todhchaí faoin gComhbheartas Tráchtála. 5. Conclúid Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón
gComhairle.