EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0377

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, toisc aontachas na Cróite, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus gníomhairí sealadacha de chuid an Aontais a earcú

/* COM/2012/0377 final - 2012/0224 (COD) */

52012PC0377

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, toisc aontachas na Cróite, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus gníomhairí sealadacha de chuid an Aontais a earcú /* COM/2012/0377 final - 2012/0224 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Baineann an dréacht‑togra atá i gceangal leis seo le ceisteanna earcaíochta atá ag teacht as aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013.

Nuair a tharla méaduithe roimhe seo, glacadh bearta sonracha d'fhonn náisiúnaigh na dtíortha a bhí ag aontú leis an Aontas a earcú. I gcás gach ceann de na méaduithe sin, bhí gá chuige sin le Rialachán ón gComhairle chun maolú go sealadach ar fhorálacha na Rialachán Foirne[1] maidir le hearcaíocht.

Seo thíos príomhthréithe an togra:

1.           An 30 Meitheamh 2018 an dáta atá an maolú beartaithe dul in éag.

2.           Foráiltear sa Rialachán comórtais a eagrú féachaint oifigigh Chrótacha a roghnú ar bhonn náisiúntachta.

3.           Féadfar comórtais a eagrú a bheidh dírithe ar náisiúnaigh Chrótacha agus liostaí d'iarrthóirí buacha a bhunú, roimh aontachas na tíre sin leis an Aontas Eorpach. Mar sin féin, caithfidh tír bheith aontaithe leis an Aontas sula bhféadfaidh a náisiúnaigh a ainmniú chun poist oifigigh sna hinstitiúidí Eorpacha.

4.           Féadfaidh na hinstitiúidí maolú ar an oibleagáid poist fholmha a fhoilsiú. Mar sin féin, más toil leo é, féadfaidh siad na poist sin a fhoilsiú.

Cinnfidh gach institiúid an líon oifigeach agus gníomhairí sealadacha as an tír is iarrthóir a earcóidh sé i gcomhréir le forálacha an Rialacháin mhaolaithigh seo.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE IARMHARTA

Neamhbhainteach.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá sé beartaithe maolú ar Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 7(1), Airteagal 27 agus ar Airteagal 29(1)(a) agus (b) de na Rialacháin Foirne agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, a mhéid a dhéantar foráil iontu maidir leis na forálacha sin de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm maidir le hearcú gníomhairí sealadacha.

2012/0224 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, toisc aontachas na Cróite, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus gníomhairí sealadacha de chuid an Aontais a earcú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais[2],

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Toisc aontachas na Cróite an 1 Iúil 2013, is iomchuí bearta speisialta sealadacha a ghlacadh de mhaolú ar Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh ('Rialacháin Foirne' anseo feasta) agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ('Coinníollacha fostaíochta' anseo feasta).

(2)       I ngeall ar mhéid choibhneasta an Stáit aontaigh agus ar an méid daoine a d'fhéadfadh a bheith i gceist, ba cheart na bearta sin, ar a shon go bhfuil siad sealadach, leanúint de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse fada a dóthain. Dealraíonn sé gurb é an 30 Meitheamh 2018 an dáta is oiriúnaí ina leith sin.

(3)       De bhrí gur gá tús a chur leis an earcaíocht atá beartaithe a luaithe is féidir é tar éis an aontachais, is iomchuí an Rialachán seo a ghlacadh roimh dháta iarbhír an aontachais sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.           D’ainneoin Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 7(1), Airteagal 27 agus Airteagal 29(1)(a) agus (b) de na Rialacháin Foirne, féadfar a fhoráil, amhail ó dháta iarbhír aontachas na tíre lena mbaineann agus go dtí an 30 Meitheamh 2018, go líonfar poist fholmha trí náisiúnaigh Chrótacha a ainmniú ina n‑oifigigh, laistigh den teorainn ar an líon post atá beartaithe, agus caibidlíochtaí buiséideacha á gcur san áireamh.

2.           Déanfar na hainmniúcháin amhail ó dháta iarbhír an aontachais agus, amach ó phoist bhainistíochta shinsireacha (Ard-Stiúrthóirí ginearálta nó a gcothrom, de ghrád AD 16 nó AD 15, agus Stiúrthóirí nó a gcothrom, de ghrád AD 15 nó AD 14), tar éis comórtas ar bhonn cáilíochtaí, ar bhonn trialacha nó ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha arna n-eagrú ar na coinníollacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 2

1.           Beidh feidhm mutatis mutandis ag an maolú dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 1 den Rialachán seo maidir le náisiúnaigh Chrótacha a fhostú mar ghníomhairí sealadacha.

2.           Déanfar an t-earcú amhail ó dháta iarbhír an aontachais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Maidir le méadú 2004, féach IO L 67, 5.3.2004, lch 1.

                Maidir le méadú 2007, féach IO L 335, 1.12.2006, lch 5.

[2]               IO C …, lch .

[3]               IO C …, lch .

Top