This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0809
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing Horizon 2020 - The Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear "Fís 2020" – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear "Fís 2020" – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)
/* COIM/2011/0809 leagan deireanach - 2011/0401 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear "Fís 2020" – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) /* COIM/2011/0809 leagan deireanach - 2011/0401 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tacaíonn an tsraith tograí a bhaineann le
“Fís 2020”, arna dréachtú go hiomlán i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón
gCoimisiúin A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020)[1],
go hiomlán leis an straitéis Eoraip 2020, straitéis a d’aithin go raibh
taighde agus nuálaíocht ina ngnéithe lárnacha chun cuspóirí an fháis chliste,
inbhuanaithe agus chuimsithigh a bhaint amach. Tá an
tsraith comhdhéanta de na tograí i gcomhair na nithe seo a leanas: (1)
Creatchlár “Fís 2020” (Conradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh - ‘CFAE’), (2)
sraith amháin Rialacha maidir le Rannpháirtíocht
agus Leathadh (CFAE), (3)
clár sonrach amháin chun "Fís 2020"
a chur chun feidhme (CFAE), mar aon le (4)
togra ar leith maidir leis na codanna de "Fís 2020"
a fhreagraíonn do chodanna de Chonradh Euratom. Tá an cúlra agus insint pholaitiúil fhoriomlán
maidir leis na tograí reachtacha sin soláthraithe i dTeachtaireacht ón
gCoimisiúin arna glacadh i gcomhar leo, ina dtugtar faoi roinnt gnéithe
suntasacha leathana amhail simpliú agus an chaoi ar neartaíodh an cur chuige
maidir le nuálaíocht. Le “Fís 2020”, cuirtear go díreach le
tabhairt faoi na dúshláin mhóra shochaíocha atá aitheanta sa straitéis an
Eoraip 2020 agus ina tionscnaimh shuaitheanta. Cuirfear freisin le
ceannaireacht thionsclaíoch a chruthú san Eoraip. Méadófar barr feabhais sa
bhonn eolaíochta freisin, rud atá bun‑riachtanach don inbhuanaitheacht
agus do rathúnas fadtéarmach agus d’fholláine fhadtéarmach na hEorpa. D’fhonn na haidhmeanna sin a bhaint amach, áirítear réimse
iomlán tacaíochta, atá comhtháite ar feadh an timthrialla taighde agus
nuálaíochta, leis na tograí. In “Fís 2020”, dá bhrí sin, tugtar le chéile
gníomhaíochtaí atá cistithe faoi láthair faoin Seachtú Creatchlár um thaighde,
na codanna nuálaíochta den Chreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht, agus an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht. Mar sin, tá na tograí
deartha chun simpliú substaintiúil a bhaint amach do rannpháirtithe freisin. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Agus na ceithre thogra á n‑ullmhú,
cuireadh san áireamh ina n‑iomláine na freagairtí a bhí ar
chomhairliúchán poiblí cuimsitheach bunaithe ar an bPáipéar Uaine, "Ó
dhúshláin go deiseanna: i dtreo comhchreata straitéisigh le haghaidh
cistiúcháin an AE do thaighde agus nuálaíocht", COIM(2011)48. Chuir an Chomhairle Eorpach, na Ballstáit agus réimse
leathan páirtithe leasmhara ón tionscal, ón saol acadúil agus ón tsochaí
shibhialta a gcuid tuairimí in iúl. Ina theannta sin, tá na
tograí ag brath ar dhá ghrinnmheasúnú tionchair, atá bunaithe ar
chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, meastóireachtaí inmheánacha agus
seachtracha agus ranníocaíochtaí ó shaineolaithe idirnáisiúnta. Measadh sna
measúnaithe go mbeadh cuspóir níos soiléire ag rogha “Fís 2020”, gurbh
fhearr a bhainfí amach an mhais chriticiúil iarrachta is gá ar leibhéal an
chláir agus ar leibhéal an tionscadail, agus go mbeadh an tionchar is mó aige
ar chuspóirí beartais agus ar leasa eacnamaíocha, iomaíochais agus sóisialta
iartheachtacha. Ag an am chéanna, chabhródh sé chun cúrsaí a shimplí tríd an
ualach riaracháin do rannpháirtithe a laghdú, cuíchóiriú a dhéanamh ar na
rialacha agus na nósanna imeachta infheidhme, comhsheasmhacht a áirithiú idir
ionstraimí, agus cothromaíocht nua riosca/iontaobhas a chur in iúl mar shampla. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1 Bunús dlí Comhtháthaítear sa togra gníomhaíochtaí
taighde agus nuálaíochta ar bhealach rianúil d'fhonn na cuspóirí beartais a
bhaint amach. Dá réir sin, beidh “Fís 2020” bunaithe ar
na Teidil sa CFAE "Taighde" agus "Taighde agus forbairt
theicneolaíoch agus an spás" (Airteagal 173 agus Airteagal 182).
Beidh na rialacha bainteacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh bunaithe
ar na Teidil chéanna sa CFAE (Airteagal 173, Airteagal 183 agus Airteagal 188).
Bainfidh an bonn “Tionscadail” sa dá chás leis an Institiúid Eorpach um
Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) den chuid is mó, a bheidh á cistiú le
ranníocaíocht airgeadais ó “Fís 2020”. Ní bheidh
an EIT i láthair ar leibhéal an chláir shonraigh. Tugtar faoi deara go
bhfuil gníomhaíochtaí nuálaíochta ar áireamh go sainráite i gCreatchláir
éagsúla bunaithe ar an Teideal Taighde den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh agus go bhfuil réimse gníomhaíochtaí nuálaíochta ar áireamh leis na
Creatchláir Reatha freisin. Mar thoradh air sin, beidh an clár sonrach a
dhéanfaidh “Fís 2020” a chur i bhfeidhm bunaithe ar Theideal an CFAE
“Taighde agus forbairt theicneolaíoch agus an spás” (Airteagal 182) ós rud
é go dtiocfaidh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear iontu fúthu sin atá
cumhdaithe faoin Teideal sin. Tá an togra maidir le clár
taighde agus oiliúna Euratom ag cur le “Fís 2020” bunaithe ar Airteagal 7
de Chonradh Euratom. 3.2. Prionsabail na coimhdeachta
agus na comhréireachta Ceapadh na tograí chun breisluach agus
tionchar an Aontais a uasmhéadú, ag díriú ar chuspóirí agus gníomhaíochtaí nach
féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag gníomhú dóibh féin. Is féidir le hidirghabháil ar leibhéal an AE an creat
iomlán taighde agus nuálaíochta a neartú agus comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí
taighde na mBallstát, agus mar sin seachnaítear dúbláil, cothaítear mais
chriticiúil i réimsí lárnacha agus áirithítear go mbaintear úsáid as airgeadas
poiblí ar bhealach barrmhaith. Leis an idirghabháil ar leibhéal an Aontais,
cumasaítear don iomaíocht ar fud na mór-roinne chun na tograí is fearr a
roghnú, agus dá bharr sin ardaítear na leibhéil barr feabhais agus baintear
infheictheacht amach don taighde agus don nuálaíocht phríomhúil. Is ar leibhéal
an Aontais is fearr a thacaítear le soghluaisteacht thrasnáisiúnta, agus
feabhsaítear oiliúint agus forbairt ghairme do thaighdeoirí dá bharr. Is fearr
atá clár ar leibhéal an Aontais in ann baol ard agus taighde agus forbairt
fhadtéarmach a ghlacadh air féin, agus mar sin roinntear an riosca agus gintear
leithead raon feidhme agus barainneachtaí scála nach bhféadfaí a bhaint amach
murach sin. Leis an idirghabháil ar leibhéal an Aontais, is féidir infheistíochtaí
breise poiblí agus príobháideacha a bhaint amach i dtaighde agus i nuálaíocht;
cur leis an Limistéar Eorpach Taighde, áit a mbíonn eolas, taighdeoirí agus
teicneolaíocht i saorchúrsaíocht; agus tráchtálaíocht agus leathadh
nuálaíochtaí sa Mhargadh Aonair a luathú. Tá gá le cláir ar leibhéal an AE
freisin chun tacú le ceapadh beartas mar aon leis na cuspóirí arna leagan síos
ag réimse beartas. Cuirtear faisnéis iomlán i láthair sna measúnaithe tionchair
a ghabhann leis seo. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Tá buiséad na dtograí uile curtha i láthair i
bpraghsanna reatha. Leagtar amach sa ráiteas
reachtach airgeadais a ghabhann leis an togra seo na himpleachtaí acmhainní
buiséadacha, daonna agus riaracháin. Féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint, ar
bhonn anailís chostais‑sochair, as gníomhaireachtaí feidhmiúcháin reatha
le haghaidh chur chun feidhme “Fís 2020”, dá bhforáiltear i Rialachán (CE)
Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí
áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin i mbainistiú clár
Aontais. 2011/0401 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear "Fís 2020" –
An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 173(3)
agus Airteagal 182(1) de, Ag féachaint don togra ón
gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh
reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[3], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Tá sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí
eolaíocha agus teicneolaíocha a neartú trí Limistéar Eorpach Taighde a ghnóthú
ina mbeidh taighdeoirí, eolais eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi
shaoirse, agus trí bhreis iomaíochais a spreagadh san Aontas, lena n‑áirítear
an t-iomaíochas i gcúrsaí tionsclaíochta. D’fhonn na
cuspóirí sin a shaothrú, ba cheart don Aontas gníomhaíochtaí a chur ar bun chun
taighde, forbairt theicneolaíoch agus léiriú a chur chun feidhme, comhar idirnáisiúnta
a chur chun cinn, torthaí a leathadh agus a bharrfheabhsú agus oiliúint agus
soghluaisteacht a spreagadh. (2)
Tá cuspóir ag an Aontas freisin féachaint chuige go
mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal an Aontais a
áirithiú. Chuige sin, ba cheart don ghníomhaíocht a bheith dírithe ar úsáid
níos fearr de chumas tionsclaíoch na mbeartas nuálaíochta, taighde agus
forbartha teicneolaíochta a chothú. (3)
Tá an tAontas tiomanta an Straitéis
Eoraip 2020[4]a bhaint amach. Ar na
cuspóirí atá leagtha síos sa straitéis sin tá fás cliste, inbhuanaithe agus
cuimsitheach, ina gcuirtear béim ar an ról atá ag taighde agus nuálaíocht mar
phríomhghníomhaithe spreagtha an rathúnais shóisialta agus eacnamaíoch agus na
hinbhuanaitheachta comhshaoil agus ina leagtar síos an sprioc di féin
caiteachas ar Thaighde agus ar Fhorbairt a mhéadú go 3 % den olltáirgeacht
intíre (OTI) faoin mbliain 2020 agus táscaire déine nuálaíochta a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, leagtar síos i dtionscnamh suaitheanta
an Aontais Nuálaíochta cur chuige straitéiseach agus comhtháite maidir le
taighde agus nuálaíocht, ina leagtar síos an creat agus na cuspóirí ar cheart
do chistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais amach anseo cur leo. Is
príomhfhachtóirí iad taighde agus nuálaíocht i dtionscnaimh shuaitheanta eile
de chuid na straitéise Eoraip 2020, go háirithe maidir leis an Eoraip a
bheidh éifeachtach ó thaobh acmhainní de, beartas tionsclaíoch don ré
domhandaithe, agus clár oibre digiteach don Eoraip. Ina theannta sin, d’fhonn
cuspóirí Eoraip 2020 a bhaineann le taighde agus nuálaíocht a bhaint
amach, tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe trí inniúlacht a neartú
agus cosán i dtreo barr feabhais a sholáthar. (4)
Ag an gcruinniú ar an 4 Feabhra 2011,
thacaigh an Chomhairle Eorpach le coincheap an Chomhchreata Straitéisigh maidir
le cistiú Taighde agus Nuálaíochta an Aontais d’fhonn feabhas a chur ar
éifeachtúlacht an chistiúcháin taighde agus nuálaíochta ar leibhéal náisiúnta
agus ar leibhéal an Aontais agus d’iarr sé ar an Aontas tabhairt faoi na
bacainní atá fós ar thallann agus infheistíocht a mhealladh go tapa d’fhonn an
Limistéar Eorpach Taighde a chur i gcrích faoin mbliain 2014 agus margadh
aonair dílis a bhaint amach don eolas, don taighde agus don nuálaíocht. (5)
D’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí simpliú
radacach ar chistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais ina Rún an
11 Samhain 2010[5], tá aird dírithe aici ar
an tábhacht a bhaineann leis an Aontas Nuálaíochta chun an Eoraip a chlaochlú
don domhan iar-ghéarchéime, ina rún an 12 Bealtaine 2011[6],
tá aird dírithe aici ar na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim tar éis na
meastóireachta eatramhaí ar an Seachtú Creatchlár ina rún an
8 Meitheamh 2011[7] agus tá tacaíocht tugtha
aici don choincheap i leith comhchreata straitéisigh le haghaidh cistiúcháin do
thaighde agus do nuálaíocht ina rún an 27 Meán Fómhair 2011[8].
(6)
D’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh an
26 Samhain 2010 go ndíreofaí níos mó ar thosaíochtaí
Eoraip 2020, go dtabharfaí faoi dhúshláin shochaíocha agus faoi theicneolaíochtaí
lárnacha, go n‑éascófaí taighde comhoibritheach arna spreagadh ag
tionscal, go ndéanfaí cuíchóiriú ar na hionstraimí, go ndéanfaí simpliú
suntasach ar rochtain, go laghdófaí an tréimhse chuig an margadh agus go
neartófaí barr feabhais a thuilleadh i gcláir chistiúcháin an Aontais amach
anseo. (7)
Leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le cur
chuige straitéiseach comhtháite freisin sna tuairimí arna seachadadh ag an
gCoiste um an Limistéar Eorpach Taighde an 3 Meitheamh 2011[9],
agus ag Coiste na Réigiún an 30 Meitheamh 2011[10],
agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2011[11]. (8)
In Athbhreithniú Buiséid an Aontais, arna ghlacadh
ag an gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010, cuireadh
príomhphrionsabail chun cinn ar cheart dóibh a bheith mar bhuntaca le Buiséad
an Aontais amach anseo, eadhon díriú ar ionstraimí le breisluach aitheanta don
Aontas, díriú níos mó ar thorthaí, agus foinsí eile cistiúcháin príobháideacha
agus poiblí a ghiaráil, agus beartaíodh ann réimse iomlán ionstraimí an Aontais
maidir le taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile i gComhchreat
Straitéiseach. (9)
Sa pháipéar Uaine ón gCoimisiún, ‘Ó dhúshláin go
Deiseanna: I dtreo comhchreata straitéisigh le haghaidh cistiúcháin an AE do
thaighde agus nuálaíocht’[12] aithníodh ceisteanna
lárnacha maidir le conas na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach agus
seoladh comhairliúchán leathan inar aontaigh páirtithe leasmhara agus
institiúidí an Aontais den chuid is mó leis na smaointe arna gcur i láthair
ann. (10)
Sa Teachtaireacht A Budget for Europe 2020
(Buiséad don Eoraip 2020)[13], bheartaigh an
Coimisiún, le Comhchreat Straitéiseach amháin maidir le Taighde agus
Nuálaíocht, dul i ngleic leis na réimsí arna gcumhdach sa tréimhse 2007-2013
faoin Seachtú Creatchlár maidir le Taighde agus leis an gcuid nuálaíochta den
Chreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht, chomh maith leis an Institiúid
Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) d’fhonn freastal ar sprioc na
Straitéise Eoraip 2020 caiteachas ar Thaighde agus ar Fhorbairt a mhéadú
go 3 % den OTI faoin mbliain 2020. Sa
Teachtaireacht sin, thug an Coimisiún tiomantas freisin an t-athrú aeráide a
phríomhshruthú isteach i gcláir caiteachais an Aontais agus ar a laghad
20 % de bhuiséad an Aontais a dhíriú ar chuspóirí a bhaineann leis an
aeráid. Is cuspóirí atreisithe frithpháirteacha atá i ngníomhaíocht ar mhaithe
leis an aeráid agus éifeachtúlacht acmhainní chun forbairt inbhuanaithe a
bhaint amach. Ba cheart go gcomhlánófaí na cuspóirí sonracha a bhaineann leo
araon trí bhíthin cuspóirí sonracha eile “Fís 2020”. Mar thoradh air sin,
táthar ag súil go mbainfidh ar a laghad 60% de bhuiséad foriomlán
“Fís 2020” le forbairt inbhuanaithe. Táthar ag súil freisin gur caiteachas
a bhaineann leis an aeráid a bheidh i gceist le os cionn 35% den bhuiséad, lena
n‑áirítear bearta atá comhoiriúnach go frithpháirteach lena
bhfeabhsaítear éifeachtúlacht acmhainní. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a
chur ar fáil maidir le scála agus torthaí na tacaíochta do chuspóirí athraithe
aeráide. Ba cheart go rianófaí caiteachas a bhaineann leis na aeráid faoi
“Fís 2020” i gcomhréir leis an modheolaíocht atá luaite sa Teachtaireacht
sin. (11)
In Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus
Nuálaíocht san Aontas Eorpach (‘Fís 2020’ anseo feasta) dírítear ar thrí
thosaíocht, eadhon eolaíocht den scoth a ghineadh d’fhonn barr feabhais an
Aontais san eolaíocht a neartú, ceannaireacht thionsclaíoch a chothú chun tacú
le gnóthais, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) agus
nuálaíocht agus dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, d’fhonn freagairt go
díreach ar na dúshláin atá aitheanta sa Straitéis Eoraip 2020 trí thacú le
gníomhaíochtaí ina gcumhdaítear an speictream iomlán ón taighde go dtí an
margadh. Ba cheart do “Fís 2020” tacú le gach
céim sa slabhra nuálaíochta, go háirithe le gníomhaíochtaí atá níos gaire don
mhargadh lena n‑áirítear ionstraimí airgeadais nuálacha, mar aon le
nuálaíocht shóisialta agus neamh‑theicneolaíochta, agus tá sé d’aidhm
leis an gclár riachtanais taighde speictream leathan beartas de chuid an
Aontais a chomhlíonadh trí bhéim a chur ar eolas arna ghiniúint ag na
gníomhaíochtaí tacaithe a úsáid agus a leathadh chomh leathan agus is féidir
suas lena shaothrú ar bhonn tráchtála. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do
thosaíochtaí “Fís 2020” freisin trí chlár faoi Chonradh Euratom maidir le
taighde agus le hoiliúint núicléach. (12)
Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde
tacaíocht theicniúil agus eolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil
do bheartais an Aontais agus freagairt go solúbtha ar éilimh ar bheartais nua. (13)
I gcomhthéacs thriantán an eolais maidir le
taighde, oideachas agus nuálaíocht, ba cheart do na Pobail Eolais agus
Nuálaíochta faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
rannchuidiú go mór le dul i ngleic le cuspóirí “Fís 2020”, lena n‑áirítear
na dúshláin shochaíocha, trí chomhtháthú a dhéanamh ar thaighde, oideachas agus
nuálaíocht go háirithe. D’fhonn comhlántachtaí in
“Fís 2020” agus úsáid leordhóthanach chistí a áirithiú, ba cheart go
ndéanfaí an ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht
agus Teicneolaíocht in dhá leithdháileadh agus ba cheart go mbeadh an dara
ceann faoi réir athbhreithnithe. (14)
Ba cheart do “Fís 2020” cur le haidhmeanna na
gComhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha i gcomhréir leis an tionscnamh
suaitheanta, an tAontas Nuálaíochta, trína dtugtar le chéile na gníomhaithe
ábhartha uile ón slabhra iomlán taighde agus nuálaíochta d’fhonn cuíchóiriú,
simpliú agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar ionstraimí agus ar thionscnaimh. (15)
Tá an simpliú ina aidhm lárnach de “Fís 2020”
agus ba cheart go mbeadh sin le feiceáil ina dhearadh, ina rialacha, ina
bhainistíocht airgeadais agus ina chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh sé
d’aidhm le “Fís 2020” rannpháirtíocht láidir ollscoileanna, ionad taighde,
tionscail agus FBManna go háirithe a mhealladh, ós rud é go dtugtar le chéile
an réimse iomlán tacaíochta taighde agus nuálaíochta i gcomhchreat
straitéiseach amháin, lena n‑áirítear sraith chuíchóirithe de chineálacha
tacaíochta agus go mbaintear úsáid as rialacha rannpháirtíochta le prionsabail
is infheidhme maidir le gach gníomh faoin gclár. Ba
cheart go laghdófaí costais riaracháin rannpháirtíochta mar thoradh ar rialacha
cistiúcháin níos simplí, agus cabhróidh na rialacha sin le hearráidí airgeadais
a laghdú. (16)
I gcomhréir le hAirteagal 182(1) den CFAE,
socraítear sa chreatchlár an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha
mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chreatchlár
maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú. (17)
Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo, ar
feadh ré iomlán an Chláir, imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt don
údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir
bhrí phointe [] de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/201Z idir Parlaimint na
hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha
agus le bainistíocht fhónta airgeadais. (18)
Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart
le “Fís 2020” agus leis na cláir ba réamhtheachtaithe, go háirithe maidir
lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir le bainistiú na
gclár, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. (19)
D’fhéadfadh cláir fhorlíontacha lena ngabhann
rannpháirtíocht Bhallstáit áirithe amháin, rannpháirtíocht an Aontais i gcláir
arna ngabháil ar lámh ag roinnt Ballstáit, nó bunú comhghnóthas nó socruithe
eile de réir bhrí Airteagal 184, Airteagal 185 agus Airteagal 187
den CFAE a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme “Fís 2020”. (20)
D’fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an
tsochaí a láidriú agus muinín an phobail san eolaíocht a neartú, ba cheart do
“Fís 2020” tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht eolach saoránach agus
na sochaí sibhialta i ndáil le ceisteanna taighde agus nuálaíochta trí
oideachas eolaíochta a chur chun cinn, trí rochtain níos fusa a sholáthar ar
eolas eolaíoch, trí chláir oibre fhreagracha maidir le taighde agus le
nuálaíocht a fhorbairt a shásaíonn imní agus ionchas na saoránach agus na
sochaí sibhialta agus trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí “Fís 2020” a
éascú. (21)
Ba cheart do chur chun feidhme “Fís 2020”
freagairt do na deiseanna agus do na riachtanais athraitheacha atá ag an
eolaíocht agus ag an teicneolaíocht, ag an tionscal, ag beartais agus ag an tsochaí.
Dá réir sin, ba cheart na cláir oibre a bheith socraithe i gcuibhreann dlúth le
páirtithe leasmhara ó gach earnáil lena mbaineann, agus ba cheart solúbthacht
leordhóthanach a bheith iontu i gcomhair forbairtí nua. Ba cheart comhairle
sheachtrach a lorg ar bhonn leanúnach le linn “Fís 2020”, agus ba cheart
úsáid a bhaint as struchtúir ábhartha amhail Cláir Oibre Eorpacha
Teicneolaíochta, Comhthionscnaimh Chlárúcháin agus Comhpháirtíochtaí
Nuálaíochta Eorpacha. (22)
Ba cheart do “Fís 2020”
rannchuidiú le mealltacht na gairme taighde san Aontas. Ba cheart aird
leordhóthanach a thabhairt ar an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód
Iompair maidir le Taighdeoirí a Earcú[14], chomh maith
le creataí tagartha ábhartha eile arna sainiú i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh
Taighde, agus nádúr deonach na cairte agus an chóid iompair á n‑urramú ag
an am céanna. (23)
Ba cheart do na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi
“Fís 2020” díriú ar an gcomhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná i
dtaighde agus i nuálaíocht trí thabhairt faoi na cúiseanna is bun le
héagothroime inscne go háirithe, trí acmhainneacht iomlán taighdeoirí fireann
agus baineann a shaothrú, agus trí chomhtháthú a dhéanamh ar an ngné inscne in
inneachar na dtionscadal d’fhonn caighdeán an taighde a fheabhsú agus
nuálaíocht a spreagadh. Ina theannta sin, ba cheart
do na gníomhaíochtaí díriú ar chur chun feidhme na bprionsabal a bhaineann le
comhionannas idir fir agus mná mar atá leagtha síos in Airteagal 2 agus in
Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 8 den
CFAE. (24)
Ba cheart prionsabail bhunúsacha eiticiúla a urramú
i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna dtacú ag “Fís 2020”. Ba cheart tuairimí an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san
Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart Airteagal 13
den CFAE a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus ba cheart
úsáid ainmhithe sa taighde agus sa tástáil a laghdú d’fhonn deireadh a chur le
húsáid ainmhithe faoi dheoidh. Ba cheart leibhéal
ard cosanta sláinte daonna i gcomhréir le hAirteagal 168 den CFAE a
áirithiú le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile. (25)
Ní dhéanann an Coimisiún Eorpach úsáid gascheall
suthacha daonna a shireadh go sainráite. Tá úsáid
gascheall daonna, bíodh siad ina ngaschealla ó dhaoine lánfhásta nó ina
ngaschealla suthacha, más ann di, ag brath ar bhreithiúnas na n‑eolaithe
maidir leis na cuspóirí ar mian leo a bhaint amach, agus tá an úsáid faoi réir
Athbhreithnithe Eitice dhéin. Níor cheart cistiú a dhéanamh ar aon tionscadal
ina mbaintear úsáid as gaschealla suthacha daonna nach bhfuil an formheas is gá
faighte ó na Ballstáit ina leith. Níor cheart cistiú a dhéanamh ar aon
ghníomhaíocht atá toirmiscthe sna Ballstáit ar fad. Níor cheart cistiú a
dhéanamh ar aon ghníomhaíocht i mBallstát ina bhfuil gníomhaíocht den chineál
sin toirmiscthe. (26)
D’fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach,
ba cheart do “Fís 2020” sineirgí dlútha a fhorbairt le cláir eile de chuid
an Aontais i réimsí amhail an t‑oideachas, an spás, an comhshaol, iomaíochas
agus FBManna, slándáil inmheánach, cultúr agus na meáin agus le cistí an
Bheartais Chomhtháthaithe agus an Bheartais Forbartha Tuaithe, ar féidir leo
cabhair ar leith a sholáthar chun inniúlachtaí taighde agus nuálaíochta
náisiúnta agus réigiúnacha a neartú i gcomhthéacs straitéisí speisialtóireachta
cliste. (27)
Is foinse shuntasach nuálaíochta agus fáis iad
FBManna san Eoraip. Dá bhrí sin, tá gá le rannpháirtíocht láidir FBManna, arna
sainiú sa Mholadh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003[15]in
“Fís 2020”. Ba cheart dó sin tacú le haidhmeanna an Ghnímh um Ghnólachtaí
Beaga[16]. (28)
D’fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach
do chistiú an Aontais, tá “Fís 2020” chun sineirgí níos dlúithe a
fhorbairt, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm comhpháirtíochtaí poiblí poiblí, le
cláir náisiúnta agus réigiúnacha trína gcuirtear tacaíocht ar fáil do thaighde
agus do nuálaíocht. (29)
Ba cheart tionchar níos mó a bhaint amach trí
chistí “Fís 2020” agus cistí ón earnáil phríobháideach a chomhcheangal
laistigh de chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí i réimsí tábhachtacha ina
bhféadfadh taighde agus nuálaíocht cur le haidhmeanna iomaíochais níos leithne
na hEorpa agus cabhrú chun tabhairt faoi dhúshláin shochaíocha. Féadfar leanúint leis na comhpháirtíochtaí príobháideacha
poiblí i bhfoirm Comhthionscnamh Teicneolaíochta arna seoladh faoi
Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Creatchlár an
Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt teicneolaíochta agus um
ghníomhaíochtaí léirithe (2007-13)[17] ag úsáid
struchtúr atá níos oiriúnaí don fheidhm. (30)
Ba cheart do “Fís 2020” comhar le tríú tíortha
a chur chun cinn bunaithe ar chomhleas agus leas coiteann. Ba cheart go
ndíreofaí ar chomhar idirnáisiúnta san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa
nuálaíocht d’fhonn cur le baint amach chuspóirí na straitéise Eoraip 2020
chun iomaíochas a neartú, cur le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus
beartais forbartha agus sheachtracha an Aontais a chothú, lena n‑áirítear
sineirgí a fhorbairt le cláir sheachtracha agus cur le tiomantais idirnáisiúnta
an Aontais, amhail baint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise. (31)
Chun cothrom iomaíochta a choimeád do gach gnóthas
atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ba cheart cistiú a sholáthraítear trí
“Fís 2020” a bheith i gcomhréir le rialacha státchabhrach chun
éifeachtacht caiteachais phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a
chosc amhail cistiú príobháideach a bhrú amach, struchtúir neamhéifeachtacha
margaidh a chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a chaomhnú. (32)
D’aithin an Chomhairle Eorpach an
4 Feabhra 2011 an gá le cur chuige nua maidir le rialú agus
bainistíocht riosca i gcistiú taighde an Aontais, agus d’éiligh sí
cothromaíocht nua idir iontaoibh agus rialú agus idir glacadh riosca agus
seachaint riosca. D’iarr Parlaimint na hEorpa, ina Rún an
11 Samhain 2010 maidir le cur chun feidhme na gCreatchlár Taighde,
gluaiseacht phragmatach i dtreo an tsimplithe riaracháin agus airgeadais agus
tá sé ráite ann gur cheart do bhainistíocht cistiúcháin taighde Eorpaigh a
bheith níos bunaithe ar iontaoibh agus níos fulangaí i dtreo rannpháirtithe ó
thaobh rioscaí de. Baineadh de thátal as tuarascáil eatramhach mheasúnaithe den
Seachtú Creatchlár um Thaighde (2007-2013) go bhfuil gá le cur chuige níos
radacaí chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le simpliú, agus gur gá
cothromaíocht idir rioscaí agus iontaoibh a athbhunú. (33)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
trí bhíthin beart comhréireach ar feadh na timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh
go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí,
pionóis. Ba cheart go laghdófaí an t-ualach rialaithe do rannpháirtithe mar
thoradh ar straitéis rialaithe athbhreithnithe, trína n‑athrófar an fócas
ó íoslaghdú rátaí earráide i dtreo rialaithe bunaithe ar riosca agus calaois a
bhrath. (34)
Tá sé tábhachtach go n‑áiritheofaí
bainistíocht fhónta airgeadais “Fís 2020” agus a chur chun feidhme ar an
mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir, agus deimhneacht
dhlíthiúil agus inrochtaineacht an chláir do gach rannpháirtí á n‑áirithiú
ag an am céanna. Is gá comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh XXXX/2012 [rialachán airgeadais
nua] agus na gceanglas a bhaineann le simpliú agus rialáil níos fearr a
áirithiú. (35)
D’fhonn an fheidhmíocht a bhainistiú go
héifeachtach, lena n‑áirítear meastóireacht agus faireachán a dhéanamh,
ní mór táscairí sonracha feidhmíochta a fhorbairt ar féidir iad a thomhas le
himeacht ama, táscairí atá réalaíoch agus a léiríonn loighic na hidirghabhála
agus a bhaineann le céimiúlacht iomchuí na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí. Ba cheart sásraí comhordaithe iomchuí a bhunú idir cur chun
feidhme “Fís 2020” agus faireachán air, agus faireachán ar dhul chun cinn,
ar mhórghníomhartha agus ar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Taighde. (36)
Ó tharla nach féidir cuspóirí “Fís 2020” a
bhaint amach go leordhóthanach sna Ballstáit tríd an gcreat foriomlán taighde
agus nuálaíochta a neartú agus trí iarrachtaí a chomhordú ar fud an Aontais,
agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, d’fhonn dúbláil a sheachaint, mais
chriticiúil a chothú i réimsí lárnacha agus a áirithiú go n‑úsáidtear
airgeadas poiblí ar bhealach barrmhaith, iad a bhaint amach ar leibhéal an
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na
comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann
"Fís 2020" thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a
bhaint amach. (37)
Ar chúiseanna deimhneachta agus soiléireachta
dlíthiúla ba cheart Treoir Uimh. 1982/2006/CE a aisghairm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: TEIDEAL I
BUNÚ Airteagal 1
Ábhar Bunaítear Fís 2020 – An Creatchlár um
Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (“Fís 2020”) leis an Rialachán seo,
agus socraítear an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus lena gcothaítear saothrú níos
fearr acmhainneacht thionsclaíoch na mbeartas maidir le nuálaíocht, taighde
agus forbairt theicneolaíoch. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (a)
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí taighde agus
nuálaíochta’ raon iomlán na ngníomhaíochtaí taighde, forbartha
teicneolaíche, taispeántais agus nuálaíochta, lena n‑áirítear comhar le
tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, leathadh agus
barrfheabhsú torthaí agus oiliúna agus soghluaisteachta taighdeoirí san Aontas
a spreagadh; (b)
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí díreacha’
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ngabháil ar láimh ag an gCoimisiún
trína Airmheán Comhpháirteach Taighde; (c)
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí
indíreacha’ gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a soláthraíonn an
tAontas tacaíocht airgeadais dóibh, arna ngabháil ar láimh ag rannpháirtithe; (d)
ciallaíonn ‘comhpháirtíocht phríobháideach
phoiblí’ comhpháirtíocht ina ngeallann comhpháirtithe ón earnáil
phríobháideach, an tAontas agus, nuair is iomchuí, comhpháirtithe eile, go
dtacóidh siad go comhpháirteach le gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus
nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme; (e)
ciallaíonn ‘comhpháirtíocht phoiblí phoiblí’
comhpháirtíocht ina ngeallann comhlachtaí ón earnáil phoiblí nó comhlachtaí a
bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó
idirnáisiúnta, in éineacht leis an Aontas go dtacóidh siad go comhpháirteach le
gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun
feidhme. Airteagal 3
“Fís 2020” a Bhunú Bunaítear “Fís 2020” leis seo i gcomhair
na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Airteagal 4
Breisluach an Aontais Beidh príomhról ag “Fís 2020” sa Straitéis
Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint
amach trí chomhchreat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh chistiú taighde
agus nuálaíochta an Aontais, agus ar an gcaoi sin gníomhóidh sé mar bhealach
chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil, cruthófar deiseanna poist nua mar
thoradh air agus áiritheofar iomaíochas agus fás inbhuanaithe fadtéarmach na
hEorpa leis. Airteagal 5
Cuspóir ginearálta, tosaíochtaí agus
cuspóirí sonracha 1. Rannchuideoidh
“Fís 2020” le geilleagar a fhorbairt a bheidh bunaithe ar eolas agus ar
nuálaíocht ar fud an Aontais ina iomláine trí chistiú breise leordhóthanach a
ghiaráil le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta. Dá réir sin, tacóidh “Fís 2020” leis an Straitéis
Eoraip 2020 agus le beartais eile an Aontais a chur chun feidhme, chomh
maith le Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú. Tá na
táscairí feidhmíochta ábhartha leagtha amach i réamhrá Iarscríbhinn I. 2. Rachfar i
mbun an chuspóra ginearálta seo trí bhíthin trí thosaíocht atreisithe
fhrithpháirteacha atá tiomanta do na nithe seo a leanas: (a)
eolaíocht den scoth; (b)
ceannaireacht thionsclaíoch; (c)
dúshláin shochaíocha. Tá na cuspóirí sonracha a chomhfhreagraíonn do
gach ceann de na trí thosaíocht sin leagtha amach i gCuid I go Cuid III
d’Iarscríbhinn I, mar aon le treoirlínte do na gníomhaíochtaí. 3 Rannchuideoidh an tAirmheán
Comhpháirteach Taighde leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí atá
leagtha amach i mír 1 agus mír 2 trí thacaíocht eolaíochta agus theicniúil a
sholáthar do bheartais an Aontais. Tá treoirlínte do
na gníomhaíochtaí leagtha amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn I. 4. Rannchuideoidh an Institiúid
Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 294/2008
ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle,[18]
leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí atá leagtha amach i mír 1
agus mír 2 agus beidh sé de chuspóir sonrach aici triantán an eolais – taighde,
nuálaíocht agus oideachas – a chomhtháthú. Tá táscairí
feidhmíochta ábhartha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
leagtha amach i réamhrá Iarscríbhinn I agus tá treoirlínte don chuspóir sonrach
sin agus do na gníomhaíochtaí leagtha amach i gCuid V d’Iarscríbhinn I. 5. Faoi chuimsiú na dtosaíochtaí agus na dtreoirlínte dá
dtagraítear i mír 2, d’fhéadfaí aird a thabhairt ar riachtanais nua agus gan
choinne a thiocfaidh chun cinn le linn thréimhse cur chun feidhme
“Fís 2020”. D’fhéadfadh freagairtí ar
dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus ar bhagairtí a thiocfaidh chun cinn, ar
riachtanais a bhaineann le beartais nua an Aontais a fhorbairt, agus ar
phíolótú gníomhaíochtaí beartaithe do thacaíocht faoi chláir amach anseo. Airteagal 6
Buiséad 1. Is é EUR 87740 milliún a
bheidh san imchlúdach airgeadais maidir le cur chun feidhme “Fís 2020”,
agus as sin déanfar EUR 86198 milliún ar a mhéad a leithdháileadh ar
ghníomhaíochtaí faoi Theideal XIX den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(CFAE). 2. Déanfar an tsuim le haghaidh
gníomhaíochtaí faoi Theideal XIX den CFAE a dháileadh i measc na dtosaíochtaí
atá leagtha amach in Airteagal 5(2) mar seo a leanas: (d)
Eolaíocht den scoth, EUR 27818 milliún; (e)
Ceannaireacht thionsclaíoch, EUR 20280
milliún; (f)
Dúshláin shochaíocha, EUR 35888
milliún; Is é EUR 2212 milliún a bheidh san uas‑suim
fhoriomlán le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó “Fís 2020” do
ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Tá an miondealú táscach i gcomhair na gcuspóirí
sonracha faoi chuimsiú na dtosaíochtaí agus uas‑suim fhoriomlán na
ranníocaíochta do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde leagtha amach in Iarscríbhinn II. 3. Déanfar an Institiúid Eorpach
um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíochta uasta ó
“Fís 2020” dar luach EUR 3194 milliún mar atá leagtha amach in
Iarscríbhinn II. Cuirfear céad leithdháileadh
EUR 1542 milliún ar fáil don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus
Teicneolaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XVII den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirfear dara leithdháileadh suas le EUR 1652
milliún ar fáil, faoi réir an athbhreithnithe atá leagtha amach in Airteagal 26
(1). Soláthrófar an tsuim bhreise seo ar bhonn pro rata, mar atá léirithe in
Iarscríbhinn II, ón tsuim le haghaidh an chuspóra shonraigh “Cheannaireacht i
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha” faoi chuimsiú na tosaíochta
maidir le ceannaireacht thionsclaíoch atá leagtha amach i mír 2(b) agus ón
tsuim le haghaidh na tosaíochta maidir le dúshláin shochaíocha atá leagtha
amach in 2(c). Cuirfear an cistiú ar fáil in dhá leithdháileadh
ilbhliantúla, agus cumhdófar an méid seo a leanas ann: (g)
sa chéad leithdháileadh, forbairtí leanúnacha na
bPobal Eolais agus Nuálaíochta reatha (na PENanna anseo feasta) agus airgead
síl i gcomhair sheoladh na dara sraithe de thrí PEN nua (h)
sa dara leithdháileadh, forbairtí leanúnacha na
bPobal Eolais agus Nuálaíochta atá seolta cheana féin agus airgead síl i
gcomhair sheoladh an tríú sraith de thrí PEN nua Cuirfear an dara leithdháileadh ar fáil tar éis an
athbhreithnithe atá leagtha amach in Airteagal 26(1) agus an méid seo a
leanas á chur san áireamh go háirithe: (i)
an t-uainiú comhaontaithe maidir le cruthú an tríú
sraith de PENanna; (j)
riachtanais airgeadais chláraithe na PENanna atá
ann cheana féin de réir a bhforbartha sonraí; (k)
ranníocaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht
agus Teicneolaíocht agus a PENanna i leith chuspóirí “Fís 2020”. 4. D’fhéadfadh go gclúdódh
imchlúdach airgeadais “Fís 2020” costais a bhaineann le gníomhaíochtaí
ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá
leo chun “Fís 2020” a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go
háirithe staidéir agus cruinnithe saineolaithe, sa mhéid is go mbaineann siad
le cuspóirí “Fís 2020”, costais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta
faisnéise lena ndírítear ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le
costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun
“Fís 2020” a bhainistiú. Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad
i ndiaidh 2020 d’fhonn costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil a chumhdach,
ionas go mbeifear ábalta na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin
31 Nollaig 2020 a bhainistiú. 5. D’fhonn freagairt ar chásanna
gan choinne nó ar riachtanais agus fhorbairtí nua, agus chun forálacha mhír 3
den Airteagal seo a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis na
meastóireachta eatramhaí ar “Fís 2020” dá dtagraítear in Airteagal 26(1)(a)
den Rialachán seo, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil,
athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna atá leagtha amach i gcomhair na
dtosaíochtaí i mír 2 agus ar an miondealú táscach de réir cuspóirí sonracha
faoi chuimsiú na dtosaíochtaí sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn II agus
leithreasaí a aistriú idir na tosaíochtaí agus na cuspóirí sonracha suas le 10
% den leithdháileadh tosaigh iomlán i gcomhair gach tosaíochta agus suas le 10
% den mhiondealú táscach i leith gach cuspóra shonraigh. Ní bhaineann sé sin leis an méid atá leagtha amach le
haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde i mír 2
ná leis an ranníocaíocht leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus
Teicneolaíocht atá leagtha amach i mír 3. Airteagal 7
Comhlachú tríú tíortha 1 Féadfaidh na páirtithe seo a
leanas comhlachú le “Fís 2020”: (l)
na tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus
iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis
na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha
sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime faoi seach, sna
cinntí ó chomhairlí comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail; (m)
tríú tíortha roghnaithe a chomhlíonann na critéir
uile seo a leanas: (i) tá inniúlacht mhaith eolaíochta,
teicneolaíochta agus nuálaíochta acu; (ii) tá
cuntas teiste maith acu maidir le rannpháirtíocht i gcláir taighde agus
nuálaíochta an Aontais; (iii) tá
dlúthnaisc eacnamaíocha agus gheografacha acu leis an Aontas; (iv) tá
siad ina gcomhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), nó tá siad
ina dtíortha nó ina gcríocha atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le
Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht[19].
2. Déanfar téarmaí agus
coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht tíortha comhlachaithe in
“Fís 2020”, lena n‑áirítear an ranníocaíocht airgeadais, bunaithe ar
olltáirgeacht intíre na tíre comhlachaithe a chinneadh trí bhíthin
comhaontuithe idirnáisiúnta idir an Aontas agus na tíortha comhlachaithe. TEIDEAL II
CUR CHUN FEIDHME CAIBIDIL I
CUR CHUN FEIDHME, BAINISTÍOCHT AGUS CINEÁLACHA TACAÍOCHTA Airteagal 8
Cur chun feidhme trí bhíthin cláir shonraigh agus na ranníocaíochta leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus
Teicneolaíocht Cuirfear “Fís 2020” chun feidhme trí
bhíthin cláir shonraigh chomhdhlúite agus ranníocaíochta airgeadais leis an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht. Sa chlár sonrach sin, leagfar amach Cuid amháin
le haghaidh gach ceann de na trí thosaíocht atá leagtha amach in Airteagal 5(2)
agus Cuid amháin le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an
Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Airteagal 9
Bainistíocht 1. Cuirfidh an Coimisiún
“Fís 2020” chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2012 [Rialachán Airgeadais Nua]. 2. Féadfaidh
an Coimisiún cuid de chur chun feidhme “Fís 2020” a chur ar iontaoibh na
gcomhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal [55(1)(b)] de
Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2012
[Rialachán Airgeadais Nua]. Airteagal 10
Cineálacha tacaíochta ón Aontas 1. Tacóidh “Fís 2020” le
gníomhaíochtaí indíreacha trí chineál amháin cistiúcháin nó níos mó dá
bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [Rialachán Airgeadais Nua], go
háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus ionstraimí airgeadais. 2. Tacóidh “Fís 2020” le
gníomhaíochtaí díreacha arna ngabháil ar láimh ag an Airmheán Comhpháirteach
Taighde chomh maith. 3. I
gcás ina rannchuidíonn gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh
Taighde le tionscnaimh arna mbunú faoi Airteagal 185 nó Airteagal 187
den CFAE, ní ghlacfar leis an rannchuidiú sin mar chuid den ranníocaíocht
airgeadais arna leithdháileadh do na tionscnaimh sin. Airteagal 11
Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh na
dtorthaí Beidh feidhm ag na rialacha maidir le
rannpháirtíocht agus leathadh na dtorthaí atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012
[Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh] maidir le gníomhaíochtaí
indíreacha. CAIBIDIL II
CLÁRÚ ROINN I
PRIONSABAIL
GHINEARÁLTA Airteagal 12
Comhairle sheachtrach agus dul i dteagmháil leis an
tsochaí 1. Chun “Fís 2020” a chur
chun feidhme, cuirfear san áireamh comhairle agus ionchuir arna soláthar acu
seo a leanas: grúpaí comhairleacha de shaineolaithe ardleibhéil, neamhspleácha
arna mbunú ag an gCoimisiún; struchtúir idirphlé arna gcruthú faoi
chomhaontuithe idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta; gníomhaíochtaí
forásacha; comhairliúcháin phoiblí spriocdhírithe; agus próisis thrédhearcacha
agus idirghníomhacha lena n‑áirithítear go dtacaítear le taighde
freagrach agus nuálaíocht fhreagrach. 2. Tabharfar
aird iomlán ar ghnéithe ábhartha na gclár oibre um thaighde agus nuálaíocht
arna mbunú ag Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta, Comhthionscnaimh
Chlárúcháin agus Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha. Airteagal 13
Gníomhaíochtaí trasnaí 1. Cuirfear naisc agus
comhéadain chun feidhme ar fud thosaíochtaí “Fís 2020” agus faoina
gcuimsiú. Maidir leis sin, tabharfar aird faoi leith
ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus
tionsclaíocha, ar nascadh ó fhionnachtain go dtí cur i bhfeidhm sa mhargadh, ar
thaighde agus nuálaíocht thras‑earnálach, ar dhaonnachtaí agus
eolaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, ar fheidhmiú agus ar bhaint amach an
Limistéir Eorpaigh Taighde a chothú, ar chomhar le tríú tíortha, ar nuálaíocht
fhreagrach agus taighde freagrach lena n‑áirítear inscne, agus ar
mhealltacht na gairme taighde a fheabhsú agus ar shoghluaisteacht thrasteorann
agus thras‑earnála taighdeoirí a éascú. 2. I gcás
ina dtacaítear le gníomhaíocht indíreach a bhfuil baint mhór aici le roinnt de
na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 5(2) nó le roinnt cuspóirí
sonracha laistigh de na tosaíochtaí sin, d’fhéadfaí an tsuim airgeadais le
haghaidh na gníomhaíochta sin a chomhthiomsú ó na suimeanna arna leithdháileadh
ar gach tosaíocht nó cuspóir sonrach lena mbaineann faoi seach. Airteagal 14
Cineál athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na
nuálaíochta, na margaí agus na sochaí Cuirfear “Fís 2020” chun feidhme ar
bhealach ina n‑áiritheofar go bhfuil na tosaíochtaí agus na
gníomhaíochtaí lena dtacaítear ábhartha do riachtanais athraitheacha agus ina
gcuirfear nádúr athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na
nuálaíochta, na margaí agus na sochaí san áireamh, i gcás ina gcuimsítear
gnéithe gnó, eagraíochta agus sóisialta le nuálaíocht. Airteagal 15
Comhionannas inscne Áiritheofar le “Fís 2020” go gcuirfear
comhionannas inscne agus gné na hinscne chun cinn go héifeachtach in inneachar
taighde agus nuálaíochta. Airteagal 16
Prionsabail eiticiúla 1. Beidh na gníomhaíochtaí
taighde agus nuálaíochta go léir a dhéanfar faoi “Fís 2020” i gcomhréir le
prionsabail eiticiúla agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus
idirnáisiúnta agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear
an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach
um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha. Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na
comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun sonraí
pearsanta a chosaint, ar cheart an duine chun sláine fisicí agus intinne, ar an
gceart chun neamh‑idirdhealaithe agus ar an ngá le leibhéil arda chosanta
ar shláinte an duine a áirithiú. 2. Díreofar na gníomhaíochtaí
taighde agus nuálaíochta a dhéanfar faoi “Fís 2020” ar iarratais
shibhialta go heisiach. 3. Ní chuirfear maoiniú ar fáil
i gcomhair na réimsí taighde seo a leanas: (n)
gníomhaíocht taighde a bhfuil sé d’aidhm léi daoine
a chlónáil chun críocha atáirgthe; (o)
gníomhaíocht taighde a bhfuil sé ar intinn í a
úsáid chun oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú agus mar sin bheadh na
hathruithe sin inoidhreachta; (p)
gníomhaíochtaí taighde a bhfuil
sé beartaithe suthanna daonna a chruthú leo ar mhaithe le taighde amháin nó
d’fhonn gaschealla a sholáthar, lena n‑áirítear trí aistriú núicléas
cille sómaí. 4. D’fhéadfaí maoiniú a
sholáthar le haghaidh taighde ar ghaschealla daonna, daoine fásta agus suthach
araon, ag brath ar inneachar an togra eolaíochta agus ar chreat dlí na
mBallstát lena mbaineann. Ní dheonófar aon chistiú le
haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit
uile. Ní sholáthrófar cistiú maidir le haon ghníomhaíocht i mBallstát ina
bhfuil gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe. 5. D’fhéadfaí na réimsí taighde
atá leagtha amach i mír 3 a athbhreithniú laistigh de chomhthéacs na
meastóireachta eatramhaí atá leagtha amach in Airteagal 26(1) i bhfianaise
an dul chun cinn eolaíochta. Airteagal 17
Comhlántacht le cláir eile an Aontais Cuirfear “Fís 2020” chun feidhme ar
bhealach a bheidh comhlántach le cláir chistiúcháin eile an Aontais, lena n‑áirítear
na Cistí Struchtúracha. ROINN II
RÉIMSÍ
SONRACHA GNÍOMHAÍOCHTA Airteagal 18
Fiontair bheaga agus mheánmhéide 1. Tabharfar aird faoi leith ar
rannpháirtíocht leormhaith fiontar beag agus meánmhéide (FBM) in
“Fís 2020” a áirithiú, agus ar a áirithiú go mbeidh tionchar ag an gclár
orthu ó thaobh na nuálaíochta de. Déanfar measúnuithe
cainníochtúla agus cáilíochtúla ar rannpháirtíocht FBManna mar chuid de na
socruithe meastóireachta agus faireacháin. 2. Gabhfar
gníomhaíochtaí sonracha ar láimh faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh
“Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha” atá leagtha
amach i bPointe 1 de Chuid II d’Iarscríbhinn I agus gach ceann de na cuspóirí
sonracha faoin tosaíocht “Dúshláin shochaíocha” atá leagtha amach i bPointe 1
go Pointe 6 de Chuid III d’Iarscríbhinn I. Beidh na gníomhaíochtaí sonracha sin
i bhfoirm ionstraime FBM tiomnaithe a dhíreofar ar gach cineál FBM a bhfuil
acmhainneacht nuálaíochta acu agus cuirfear chun feidhme í ar bhealach
comhsheasmhach agus beidh sí curtha in oiriúint do riachtanais FBManna mar atá
leagtha amach faoin gcuspóir sonrach “Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus
Mheánmhéide” i bPointe 3.3.(a) de Chuid II d’Iarscríbhinn I. 3. Is cosúil
go dtabharfar thart ar 15% den bhuiséad comhcheangailte iomlán le haghaidh an
chuspóra shonraigh maidir le “Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus
tionsclaíocha” agus le haghaidh na tosaíochta “Dúshláin shochaíocha”
d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide de thoradh ar an gcur chuige comhtháite atá
leagtha amach i mír 1 agus i mír 2. Airteagal 19
Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí 1. D’fhéadfaí “Fís 2020” a
chur chun feidhme trí bhíthin comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí i gcás
ina ngeallann na comhpháirtithe go léir lena mbaineann go dtacóidh siad le
forbairt agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de
thábhacht straitéiseach d’iomaíochas agus do cheannaireacht thionsclaíoch an
Aontais nó chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha shonracha. 2. D’fhéadfadh
rannpháirtíocht an Aontais sna comhpháirtíochtaí sin a bheith i gceann de na
foirmeacha seo a leanas: (q)
ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le
comhghnóthais arna mbunú ar bhonn Airteagal 187 den CFAE faoin Seachtú
Creatchlár, faoi réir an leasaithe ar a gcuid gníomhartha bunúsacha; le
comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nua arna mbunú ar bhonn Airteagal 187
den CFAE; agus le comhlachtaí cistiúcháin eile dá dtagraítear in Airteagal [55(1)(b)(v)
nó (vii)] de Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [Rialachán Airgeadais Nua]. Ní chuirfear an cineál sin comhpháirtíochtaí chun feidhme
ach amháin i gcás ina dtugtar bonn cirt dá leithéid de bharr raon feidhme na
gcuspóirí a dtugtar fúthu agus scála na n‑acmhainní atá riachtanach; (r)
comhaontú conarthach a dhéanamh idir na
comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1, ina sonraítear cuspóirí na
comhpháirtíochta, ceangaltais faoi seach na gcomhpháirtithe, príomhtháscairí
feidhmíochta, agus na haschuir atá le soláthar, lena n‑áirítear
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a aithint dá bhfuil tacaíocht ó
“Fís 2020” ag teastáil. 3. Aithneofar comhpháirtíochtaí
príobháideacha poiblí ar bhealach oscailte agus trédhearcach bunaithe ar na
critéir seo a leanas: (s)
breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais;
(t)
scála an tionchair ar iomaíochas tionsclaíoch, fás
inbhuanaithe agus saincheisteanna socheacnamaíocha; (u)
an gealltanas fadtéarmach ó na
comhpháirtithe go léir bunaithe ar chomhfhís agus ar chuspóirí atá sainithe go
soiléir; (v)
scála na n‑acmhainní lena
mbaineann agus an cumas infheistíochtaí breise i dtaighde agus nuálaíocht a
ghiaráil; (w)
sainiú soiléir ar róil gach
comhpháirtí agus príomhtháscairí feidhmíochta comhaontaithe thar an tréimhse
roghnaithe. Airteagal 20
Comhpháirtíochtaí poiblí poiblí 1. Rannchuideoidh Fís 2020
chun comhpháirtíochtaí poiblí poiblí a neartú i gcásanna ina gcuirtear
gníomhaíochtaí ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta chun feidhme
go comhpháirteach laistigh den Aontas. Tabharfar aird faoi leith ar thionscnaimh
chomhchlárúcháin idir na Ballstáit. 2. Féadfar tacú le
comhpháirtíochtaí poiblí poiblí faoi chuimsiú na dtosaíochtaí atá leagtha amach
in Airteagal 5(2), nó tharstu, go háirithe trí na bealaí seo a leanas: (x)
ionstraim ERA-NET ina n‑úsáidtear deontais
chun tacú le comhpháirtíochtaí poiblí poiblí ina n‑ullmhúchán, struchtúir
líonraithe a bhunú, ceapadh, cur chun feidhme agus comhordú
comhghníomhaíochtaí, chomh maith le cur le comhghlaonna aonair agus gníomhartha
de chineál trasnáisiúnta; (y)
rannpháirtíocht an Aontais i gcláir arna ngabháil
ar láimh ag roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 den CFAE. Chun críocha phointe (a), beidh cistiú breise
coinníollach ar leibhéal suntasach ceangaltas airgeadais roimh ré ó na haonáin
rannpháirteacha sna comhghlaonna agus gníomhaíochtaí. Féadfaidh
cuspóir chun rialacha agus módúlachtaí cur chun feidhme na gcomhghlaonna agus
na ngníomhaíochtaí a chomhchuibhiú a bheith san áireamh san ionstraim ERA-NET.
Féadfar í a úsáid freisin le hullmhú le haghaidh tionscnaimh de bhun Airteagal 185
den CFAE. Chun críocha phointe (b) ní mholfar tionscnaimh dá
leithéidí ach amháin i gcásanna ina bhfuil gá le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe
agus ina bhfuil ardleibhéal tiomantais ó na tíortha rannpháirteacha do
chomhtháthú ar leibhéil eolaíochta, bainistíochta agus airgeadais. Ina theannta
sin, aithneofar tograí maidir le tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe (b) ar
bhonn na gcritéar seo a leanas go léir: (z)
sainiú soiléir ar an gcuspóir a rachfar ina bhun
agus a ábharthacht do chuspóirí “Fís 2020” agus do chuspóirí beartais níos
leithne an Aontais; (aa)
ceangaltais airgeadais shoiléire na dtíortha
rannpháirteacha, lena n‑áirítear réamhcheangaltais chun infheistíochtaí
náisiúnta nó réigiúnacha a chomhthiomsú le haghaidh taighde agus nuálaíochta
trasnáisiúnta; (bb)
breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais; (cc)
an mhais chriticiúil, maidir le méid agus líon na
gclár lena mbaineann, cosúlacht na ngníomhaíochtaí agus an scair de thaighde
ábhartha a chumhdaítear leo; (dd)
éifeachtúlacht Airteagal 114 den CFAE mar an
bealach is iomchuí chun na cuspóirí a bhaint amach. Airteagal 21
Comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí
idirnáisiúnta 1. Beidh aonáin arna mbunú i
dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta incháilithe chun páirt a ghlacadh
i ngníomhaíochtaí indíreacha de chuid “Fís 2020” faoi na coinníollacha atá
leagtha amach i Rialachán (AE) XX/XX [Rialacha maidir le Rannpháirtíocht]. Déanfar an comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn thar “Fís 2020” agus laistigh
di freisin d’fhonn na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach go háirithe: (ee)
an tAontas a dhéanamh níos fearr agus níos
tarraingtí i gcúrsaí taighde agus nuálaíochta, chomh maith le feabhas a chur ar
iomaíochas eacnamaíoch agus tionsclaíoch an Aontais; (ff)
dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin
shochaíocha dhomhanda; (gg) tacú le cuspóirí seachtracha an Aontais agus lena
chuspóirí maidir le beartais forbraíochta a bhaint amach, rud a chomhlánóidh na
cláir sheachtracha agus na cláir fhorbraíochta. 2. Is ar bhonn comhleasa agus
comhshochair a chuirfear chun feidhme na spriocghníomhaíochtaí arb éard is
cuspóir leo an comhar le tríú tíortha áirithe nó le grúpaí áirithe de thríú
tíortha a chur chun cinn, agus cuirfear san áireamh a gcumas san eolaíocht agus
sa teicneolaíocht, na deiseanna margaidh a ghabhann leo, agus an tionchar a
mheastar a bheidh acu. Ba cheart rochtain chómhalartach ar chláir sna
tríú tíortha a chothú. D’fhonn an tionchar is fearr a bhaint amach, cuirfear
chun cinn an comhar agus sineirgí le tionscnaimh de chuid na mBallstát agus na
dtíortha comhlachaithe. Cuirfear san áireamh leis na tosaíochtaí comhair
na nithe seo a leanas: forbairtí i mbeartas an Aontais, deiseanna chun comhar a
dhéanamh le tríú tíortha, chomh maith le heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ar
chórais mhaoine intleachtúla sna tríú tíortha. 3. Ina theannta sin, cuirfear
chun feidhme gníomhaíochtaí cothrománacha agus trasnaí arb éard is aidhm leo
forbairt straitéiseach ar an gcomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus
déanfar sin faoi “Fís 2020”, faoin gcuspóir sonrach “Sochaithe
cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána” atá leagtha amach i bPointe 6.3.2(d) de
Chuid III d’Iarscríbhinn I. Airteagal 22
Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh torthaí Déanfaidh an Coimisiún Eorpach gníomhaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide maidir le “Fís 2020” a chur chun feidhme, lena n‑áirítear
bearta cumarsáide maidir le tionscadail agus le torthaí tacaithe.
Rannchuideoidh an buiséad atá leithdháilte ar an gcumarsáid faoi
“Fís 2020” freisin le cumarsáid chorparáideach a
dhéanamh maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar an gcoinníoll go
mbaineann siad le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. Beidh gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh
agus chun gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh ina dtasc ríthábhachtach faoi
gach ceann de na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi “Fís 2020”. Ina theannta sin, tacófar
leis na gníomhaíochtaí sonracha seo: (a)
tionscnaimh atá dírithe ar an bpobal a chur ar an
eolas maidir le cistiú a fháil faoi “Fís 2020” agus rochtain ar an gcistiú
sin a éascú, go háirithe i gcás na réigiún sin nó na gcineálacha sin
rannpháirtithe a bhíonn faoi ghannionadaíocht; (b)
sainchúnamh a thabhairt do thionscadail agus do
chuibhreannais chun rochtain a thabhairt dóibh ar na scileanna is gá chun
torthaí a chur in iúl agus a scaipeadh ar an mbealach is fearr; (c)
gníomhaíochtaí a thugann le chéile torthaí ó raon
tionscadal, lena n‑áirítear iad siúd a d’fhéadfaí a mhaoiniú ó fhoinsí
eile, chun bunachair shonraí áisiúla agus tuarascálacha ina ndéantar achoimre
ar na torthaí is tábhachtaí a chur ar fáil; (d)
torthaí a scaipeadh do lucht ceaptha beartas, lena
n‑áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, chun na comhlachtaí iomchuí a
spreagadh chun úsáid a bhaint as na torthaí a bhaineann le beartas ar leibhéil
idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus an Aontais féin; (e)
tionscnaimh chun idirphlé agus díospóireacht leis
an bpobal a chothú faoi chúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta,
agus chun leas a bhaint as na meáin shóisialta agus as teicneolaíochtaí agus
modheolaíochtaí eile atá nuálach; CAIBIDIL III
RIALÚ Airteagal 23
Rialú agus iniúchadh 1. An córas rialaithe a bhunófar
chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ceapfar é chun urrús réasúnach a
thabhairt go ndéanfar bainistíocht leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le
héifeacht agus le héifeachtúlacht na n‑oibríochtaí, agus ar dhlíthiúlacht
agus ar rialtacht na n‑idirbheart is bun leo freisin, agus cuirfear san
áireamh gur ar bhonn ilbhliantúil a dhéantar na cláir, chomh maith leis na
cineálacha íocaíochtaí lena mbaineann. 2. Áiritheofar leis an gcóras rialaithe go mbeidh cothromaíocht
iomchuí idir iontaobhas agus rialú, agus cuirfear san áireamh costais
riaracháin agus costais eile ar gach leibhéal, ionas go mbainfear amach
cuspóirí “Fís 2020” agus go meallfar chuige na taighdeoirí is fearr agus
na fiontair is nuálaí. 3. Mar chuid den chóras
rialaithe, déanfar an straitéis iniúchóireachta le haghaidh caiteachais ar
ghníomhaíochtaí indíreacha faoi “Fís 2020” a bhunú ar iniúchadh airgeadais
arna dhéanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas thar an gcreatchlár ar fad.
Comhlánófar an sampla ionadaíoch seo le rogha a bhunófar ar mheasúnú ar na
rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Déanfar iniúchtaí ar an gcaiteachas ar
ghníomhaíochtaí indíreacha arna ndéanamh faoi “Fís 2020” ar bhealach
comhtháite agus i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na
héifeachtúlachta agus na héifeachtachta d’fhonn dualgas na hiniúchóireachta a
dhéanamh níos éasca do na rannpháirtithe. Airteagal 24
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint 1. Agus gníomhaíochtaí arna
maoiniú faoin Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún bearta
iomchuí chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint,
lena n‑áirítear na bearta seo a leanas: bearta coisctheacha a chur i
bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith
eile; seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí,
na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil; agus, nuair is iomchuí, pionóis
atá éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach a ghearradh. 2. Beidh
cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a chuid ionadaithe agus ag an
gCúirt Iniúchóirí ar bhonn doiciméad agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an
láthair, agus beidh feidhm ag an gcumhacht sin ar gach tairbhí deontais,
conraitheoir, fochonraitheoir agus tríú páirtí eile a bhfuil cistí faighte acu
ón Aontas faoi “Fís 2020”. Gan dochar do mhír 3, féadfaidh an Coimisiún
iniúchtaí a dhéanamh suas le ceithre bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh. 3. Féadfaidh an Oifig Eorpach
Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a
dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis
an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i
Rialachán ón gComhairle (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[20]
d’fhonn a fháil amach an ndearnadh aon chalaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach
ar bith eile a rinne difear do leasanna airgeadais an Aontais maidir le
comhaontú deontais nó le cinneadh faoi dheontas nó le conradh maidir le cistiú
a fháil ón Aontas. 4. Gan
dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, trí bhíthin comhaontuithe comhair
le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus trí bhíthin
comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán
seo a chur chun feidhme, tabharfar cead go sainráite don Choimisiún, don Chúirt
Iniúchóirí agus do OLAF a leithéid d’iniúchtaí, de sheiceálacha ar an láthair
agus de chigireachtaí a dhéanamh. CAIBIDIL IV
FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT Airteagal 25
Faireachán 1. Déanfaidh
an Coimisiún faireachán bliantúil ar chur chun feidhme “Fís 2020”, ar an
gclár sonrach a ghabhann léi agus ar ghníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí um
Nuálaíocht agus Teicneolaíocht. Áireofar leis sin faisnéis faoi ábhair thrasnaí
amhail inbhuaine agus an t-athrú aeráide, lena n‑áirítear faisnéis faoin
méid caiteachais a bhaineann le cúrsaí aeráide. 2. Déanfaidh an Coimisiún
tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin sin agus scaipfidh sé na torthaí sin. Airteagal 26
Meastóireacht 1. Déanfar
na meastóireachtaí ar bhealach sách tráthúil chun fónamh don phróiseas
cinnteoireachta. (a)
Tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2017,
déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, athbhreithniú
ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht. De dhroim an
athbhreithnithe sin, cuirfear ar fáil an dara leithdháileadh cistí ar an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht mar atá leagtha amach in Airteagal 6(3).
San athbhreithniú, déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht maidir leis na nithe seo a
leanas: (i) an leibhéal ídithe a dhéantar ar an
gcéad leithdháileadh cistí atá leagtha amach in Airteagal 6(3), áit a
ndéantar idirdhealú idir an méid airgid a chaithfear leis an gcéad bhabhta de
na Pobail Eolais agus Nuálaíochta agus éifeacht an airgid shíl le haghaidh na
dara céime; agus cumas na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
chun cistí a mhealladh ó na comhpháirtithe sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta
agus ón earnáil phríobháideach, faoi mar atá leagtha amach i Rialachán XX/2012 [Rialachán
EIT arna athbhreithniú]; (ii) an t-uainiú
comhaontaithe chun an tríú babhta de Phobail Eolais agus Nuálaíochta a chruthú,
agus na riachtanais airgeadais a mheastar a bheith ar na cinn atá ann cheana
féin de réir a bhforbartha sonraí féin; agus (iii) an méid atá déanta
ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus ag na Pobail
Eolais agus Nuálaíochta ar son na tosaíochta chun dúshláin shochaíocha a
réiteach agus ar son an chuspóra shonraigh maidir leis an “gceannaireacht i
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha” sa chlár “Fís 2020”. (b)
Tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2017, agus
tar éis a chur san áireamh an mheastóireacht ex-post ar an Seachtú Creatchlár
atá le críochnú faoi dheireadh na bliana 2015 agus an t-athbhreithniú ar an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, déanfaidh an Coimisiún,
le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, meastóireacht eatramhach ar
“Fís 2020”, ar an gclár sonrach a ghabhann léi, lena n‑áirítear an
Chomhairle Eorpach um Thaighde, agus ar ghníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí
um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, ar mhórghníomhartha (ar leibhéal na dtorthaí
agus an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo tionchair a imirt) chuspóirí
“Fís 2020” agus ar ábharthacht leanúnach na mbeart uile, agus ar
éifeachtúlacht agus ar úsáid na n‑acmhainní, ar an raon feidhme a bheidh
ann chun a thuilleadh simplithe a dhéanamh, agus ar bhreisluach an Aontais. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht sin freisin gnéithe
a bhaineann le deiseanna cistiúcháin a chur ar fáil do rannpháirtithe i ngach
réigiún, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don chothromaíocht inscne a
chur chun cinn. Sa bhreis air sin, cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an
méid arna déanamh leis na bearta ar son thosaíochtaí an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus maidir leis na
torthaí ar thionchar fadtéarmach na mbeart réamhtheachtach. (c)
Tráth nach déanaí ná deireadh
na bliana 2023, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe
neamhspleácha, meastóireacht ex-post ar “Fís 2020”, ar an gclár sonrach a
ghabhann léi agus ar ghníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus
Teicneolaíocht. Cumhdófar leis sin an réasúnaíocht is bun le “Fís 2020”,
an chaoi a chuirfear chun feidhme í agus na mórghníomhartha a dhéanfar lena
linn, chomh maith le tionchair fhadtéarmacha na mbeart agus a inbhuaine a
bheidh siad, chun fónamh do chinneadh a dhéanamh maidir le beart ina dhiaidh
sin a athnuachan, a athrú nó a chur ar fionraí. 2. Trí bhíthin na dtáscairí
feidhmíochta le haghaidh na gcuspóirí ginearálta agus le haghaidh na
hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, faoi mar atá leagtha
amach sa réamhrá le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus trí
bhíthin na gcuspóirí sonracha faoi mar atá bunaithe sa chlár sonrach, lena n‑áirítear
na bonnlínte iomchuí, socrófar na coinníollacha is gá chun meastóireacht a
dhéanamh ar an gcaoi a mbeifear ag tabhairt faoi chuspóirí “Fís 2020” a
bhaint amach. 3. Soláthróidh
na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun gur féidir
faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann. 4. Cuirfidh
an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún torthaí na
meastóireachtaí sin ar “Fís 2020”, chomh maith lena chuid barúlacha féin. TEIDEAL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 27
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha 1. Déantar aisghairm ar
Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. 2. Mar sin féin, beidh aon ghníomhaíochtaí
arna dtionscnamh faoi Chinneadh
Uimh. 1982/2006/CE agus aon oibleagáidí
airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin faoi réir an Chinnidh sin go
dtí go gcuirfear i gcrích iad. 3. D’fhéadfadh
go gcumhdófaí leis an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6
na costais a bhaineann le cúnamh teicneolaíochta agus riaracháin a theastaíonn
chun an t-aistriú idir an clár seo agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE a áirithiú. Airteagal 28 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30.11.2011 Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I
Treoirlínte do na cuspóirí sonracha agus do na
gníomhaíochtaí Tá sé mar chuspóir ginearálta ag “Fís 2020”
geilleagar a bheidh bunaithe ar an eolas agus ar an nuálaíocht a thógáil ar fud
an Aontais ar fad, agus cur leis an bhforbairt inbhuanaithe freisin. Tacóidh sí
leis an straitéis Eoraip 2020 agus le beartais eile de chuid an Aontais freisin,
chomh maith leis an Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú. Is iad seo a leanas na táscairí feidhmíochta
chun an dul chun cinn a mheasúnú i gcoinne an chuspóra ginearálta sin: –
sprioc Eoraip 2020 maidir le taighde agus le
forbairt (3% den olltáirgeacht intíre); –
príomhtháscaire Eoraip 2020 maidir le
nuálaíocht. Rachfar i mbun an chuspóra ginearálta seo trí
bhíthin trí cinn de thosaíochtaí atá éagsúil lena chéile ach, san am céanna, a
threisíonn a chéile, agus beidh tacar cuspóirí sonracha mar chuid de gach ceann
de na tosaíochtaí sin. Cuirfear chun feidhme iad ar
bhealach leanúnach d’fhonn caidreamh a chothú idir na cuspóirí sonracha
difriúla, d’fhonn dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus d’fhonn a gcomhthionchar
a threisiú. Rannchuideoidh an tAirmheán Comhpháirteach
Taighde le cuspóir ginearálta agus le tosaíochtaí “Fís 2020” a bhaint
amach, agus beidh sé mar chuspóir sonrach aige tacaíocht eolaíochta agus
teicneolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a thabhairt do bheartais an
Aontais. Rannchuideoidh an
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht le cuspóir ginearálta agus
le tosaíochtaí “Fís 2020” a bhaint amach, agus beidh sé mar chuspóir
sonrach aici triantán an eolais - an taighde, an nuálaíocht agus an t-oideachas
- a chomhtháthú ina chéile. Is iad seo a leanas na táscairí chun feidhmíocht na
hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a mheasúnú: –
eagraíochtaí ó ollscoileanna, ón earnáil ghnó agus
ó earnáil an taighde atá comhtháite sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta; –
comhoibriú laistigh de thriantán an eolais d’fhonn
táirgí agus próisis nuálacha a fhorbairt. Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na
treoirlínte do na cuspóirí sonracha agus do na gníomhaíochtaí sin dá
dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4). Cuid I. Tosaíocht ‘Eolaíocht den scoth’ Is éard is aidhm
leis an gCuid seo bonn eolaíochta an Aontais a threisiú agus a leathnú agus an
Limistéar Eorpach Taighde a dhaingniú d’fhonn córas taighde agus nuálaíochta an
Aontais a dhéanamh níos iomaíche ar fud an domhain. Tá
na ceithre chuspóir shonracha seo a leanas inti: (a)
Trí bhíthin na Comhairle Eorpaí um Thaighde,
soláthrófar cistiú tarraingteach agus solúbtha chun cur ar chumas taighdeoirí
tréitheacha cruthaitheacha, agus dá bhfoirne, dul i mbun oibre ar na gnéithe is
fearr gealladh agus is nua-aimseartha den eolaíocht, ar bhonn iomaíochta ar fud
an Aontais. (b)
Trí bhíthin teicneolaíochtaí sa todhchaí agus
teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, tabharfar tacaíocht don
chomhoibriú sa taighde d’fhonn feabhas a chur ar chumas na hEorpa nuálaíocht
cheannródaíoch, réabhlóideach a bhaint amach. Cothófar
leo an comhoibriú eolaíochta idir disciplíní éagsúla ar smaointe úrnua,
ardriosca, agus cuirfear dlús leis an bhforbairt ar na réimsí úra sin den
eolaíocht agus den teicneolaíocht is fearr gealladh, chomh maith leis an
struchtúrú ar na comhphobail eolaíochta a fhreagraíonn do na réimsí sin ar fud
an Aontais. (c)
Trí bhíthin ghníomhaíochtaí Marie Curie,
soláthrófar oiliúint nuálach den scoth ar an taighde, chomh maith le deiseanna
tarraingteacha chun dul chun cinn a dhéanamh sa ghairm agus chun eolas a
mhalartú, trí bhíthin shoghluaisteacht na dtaighdeoirí thar theorainneacha agus
idir na hearnálacha d’fhonn iad a ullmhú chun dul i ngleic leis na dúshláin
shochaíocha reatha agus leis na dúshláin amach anseo. (d)
Trí bhíthin an bhonneagair
taighde, forbrófar an bonneagar Eorpach taighde don bhliain 2020 agus ina
dhiaidh sin, cothófar a gcumas chun nuálaíochta agus a gcaipiteal daonna, agus
comhlánófar iad sin leis an mbeartas de chuid an Aontais lena mbaineann siad
agus leis an gcomhar idirnáisiúnta. Léiríodh cheana go bhfuil breisluach ard orthu sin go léir don Aontas. Arna nglacadh le chéile, is tacar cumhachtach, cothromúil
de ghníomhaíochtaí iad agus, arna gcomhdhéanamh le gníomhaíochtaí eile ar
leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha, téann siad i ngleic leis an réimse iomlán
riachtanais atá ag an Eoraip maidir leis an eolaíocht agus leis an
teicneolaíocht cheannródaíoch. Trí bhíthin iad a thabhairt le chéile in aon
chlár amháin, beifear in ann iad a fheidhmiú ar bhealach níos comhchuí,
cuíchóirithe, simplithe agus níos dírithe agus, san am céanna, an leanúnachas
atá chomh tábhachtach sin dá n‑éifeacht a choinneáil ar bun. Is de nádúr na ngníomhaíochtaí a bheith dírithe ar
an am atá amach romhainn, iad ag cothú scileanna san fhadtéarma, ag díriú ar an
gcéad ghlúin eile den eolaíocht, den teicneolaíocht, de thaighdeoirí agus den
nuálaíocht, agus ag tabhairt tacaíochta do dhaoine tréitheacha atá ag teacht
chun cinn ar fud an Aontais ar fad, as tíortha comhlachaithe agus as an domhan
mór féin. I bhfianaise é a bheith dírithe ar an eolaíocht agus a chuid
socruithe cistiúcháin a bheith ón mbun aníos agus dírithe ar lucht
imscrúdaithe, beidh ról tábhachtach ag comhphobal Eorpach na heolaíochta maidir
le cinneadh a dhéanamh ar na réimsí taighde a dtabharfar fúthu faoin gclár. Cuid II. Tosaíocht ‘Ceannaireacht thionsclaíoch’ Is éard is aidhm leis an gCuid seo dlús a chur
leis an bhforbairt ar theicneolaíochtaí agus ar nuálaíochtaí a bheidh mar thaca
agus mar bhonn ag gnólachtaí sa todhchaí, agus cuidiú le fiontair bheaga agus
mheánmhéide san Eoraip a bheith ina gcuideachtaí ceannródaíocha sa domhan mór. Tá na trí chuspóir shonracha seo a leanas inti: (a)
Trí bhíthin na ceannaireachta i
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha, cuirfear ar fáil
tacaíocht don taighde, don fhorbairt agus do thaispeántais ar theicneolaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide, ar nanaitheicneolaíocht, ar ábhair shárfhorbartha,
ar an mbiteicneolaíocht, ar an ardmhonaraíocht agus ar an ardphróiseáil, agus
ar chúrsaí spáis. Leagfar béim ar an gcaidreamh agus
ar an gcóineasú ar fud na dteicneolaíochtaí difriúla agus eatarthu freisin. (b)
Is éard is aidhm leis an rochtain ar mhaoiniú
riosca sárú a dhéanamh ar easnaimh ar infhaighteacht fiachais agus ar
mhaoiniú cothromais le haghaidh cuideachtaí agus tionscadal atá dírithe ar an
taighde, ar an bhforbairt nó ar an nuálaíocht i ngach céim dá bhforbairt. In éineacht le hionstraim chothromais an Chláir le haghaidh
Iomaíochas na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, tabharfaidh sé tacaíocht don
fhorbairt ar chaipiteal riosca ar leibhéal an Aontais. (c)
Trí bhíthin na nuálaíochta i bhFiontair Bheaga
agus Mheánmhéide, spreagfar gach cineál nuálaíochta i bhfiontair bheaga
agus mheánmhéide, agus díreofar orthu siúd a bhfuil sé de chumas acu fás a
dhéanamh agus a bheith ina gcuideachtaí idirnáisiúnta sa mhargadh aonair agus
thairis sin. Déanfar na gníomhaíochtaí de réir clár oibre
atá dírithe ar ghnó. Feidhmeoidh na buiséid le
haghaidh na gcuspóirí sonracha ‘Rochtain ar mhaoiniú riosca’ agus ‘An
nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide’ de réir loighce atá dírithe ar
an éileamh, ón mbun aníos, gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh.
Comhlánófar iad sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais agus as
ionstraim atá tiomnaithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir loighce
atá dírithe ar bheartais faoi chuimsiú na Coda ar ‘Dhúshláin shochaíocha’ agus
an chuspóra shonraigh ‘An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus
tionsclaíocha’. Beidh cur chuige
comhtháite i bhfeidhm i “Fís 2020” maidir le rannpháirtíocht na bhfiontar
beag agus meánmhéide, rud a fhágann go bhféadfadh go dtabharfaí d’fhiontair
bheaga agus mheánmhéide thart ar 15% d’iomlán na mbuiséad, arna nglacadh le
chéile, le haghaidh na gcuspóirí sonracha go léir maidir le dúshláin
shochaíocha agus leis an gcuspóir sonrach ‘An cheannaireacht i
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha’. Sa chuspóir sonrach ‘An
cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha’, leanfar cur
chuige atá dírithe ar an teicneolaíocht chun forbairt a dhéanamh ar
theicneolaíochtaí cumasúcháin a d’fhéadfaí a úsáid i roinnt réimsí, tionscal
agus seirbhísí. Na teicneolaíochtaí sin a rachaidh i ngleic le dúshláin
shochaíocha, tacófar le hiad a chur i bhfeidhm, chomh maith leis na dúshláin
shochaíocha féin. Cuid III. Tosaíocht ‘Dúshláin shochaíocha’ Freagraíonn an Chuid seo go díreach do
thosaíochtaí an bheartais agus do na dúshláin shochaíocha atá aitheanta sa
straitéis Eoraip 2020, agus is éard is aidhm léi an mhais chriticiúil is
gá chun spriocanna an Aontais maidir lena bheartas ar thaighde agus ar
iarrachtaí ar nuálaíocht a dhéanamh a spreagadh. Díreofar
an cistiú ar na cuspóirí sonracha seo a leanas: (a)
An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an
dea-bhail; (b)
Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht
inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an
bithgheilleagar; (c)
Fuinneamh atá slán, glan agus
éifeachtúil; (d)
Iompar atá cliste, glas agus
comhtháite; (e)
Gníomhaíocht ar mhaithe leis an
aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair; (f)
Sochaithe cuimsitheacha,
nuálaíocha agus slána. Beidh cur chuige atá dírithe ar na dúshláin
sin i bhfeidhm sna gníomhaíochtaí ar fad, agus díreofar go háirithe ar
thosaíochtaí beartais gan réamhchinneadh a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí nó
ar na réitigh ba cheart a fhorbairt. Leagfar béim ar
mhais chriticiúil d’acmhainní agus d’eolas a thabhairt le chéile ó réimsí, ó
theicneolaíochtaí agus ó dhisciplíní éagsúla eolaíochta d’fhonn dul i ngleic
leis na dúshláin. Cumhdófar leis na gníomhaíochtaí an próiseas ar fad ón
taighde go dtí an margadh, agus leagfar béim úr ar ghníomhaíochtaí a bhaineann
leis an nuálaíocht, amhail scéimeanna píolótacha, taispeántais, trialacha
sábháilte, tacaíocht don soláthar poiblí, ceapadh, nuálaíocht atá dírithe ar na
húsáideoirí deiridh, an nuálaíocht shóisialta, agus an chaoi a nglacann an
margadh le nuálaíochtaí. Beidh na heolaíochtaí
sóisialta agus na daonnachtaí ina ndlúthchuid de na gníomhaíochtaí chun dul i ngleic
leis na dúshláin ar fad. Ina theannta sin, tacófar leis an bhforbairt a bheidh
mar bhonn agus mar thaca ag na disciplíní sin faoin gcuspóir sonrach ‘Sochaithe
cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána’. Díreofar an tacaíocht freisin ar bhonn
láidir fianaise a chur ar fáil chun beartas a cheapadh ar leibhéil
idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha, agus an Aontais féin. Toisc gur dúshláin
dhomhanda atá i gcuid mhaith de na dúshláin, beidh an comhar straitéiseach le
tríú tíortha ina dhlúthchuid de gach dúshlán. Ina theannta sin, cuirfear ar
fáil tacaíocht thrasnaí don chomhar idirnáisiúnta faoin gcuspóir sonrach
‘Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána’. Áirítear leis an gcuspóir
sonrach ‘Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána’ freisin gníomhaíocht
chun an bhearna idir an taighde agus an nuálaíocht a dhúnadh, agus tá bearta
sonracha ann chun ardchaighdeáin a spreagadh sna réigiúin bheagfhorbartha den
Aontas. Beidh gníomhaíochtaí an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde ina ndlúthchuid de “Fís 2020” d’fhonn tacaíocht
stóinsithe atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do bheartais an Aontais. Díreofar iad sin ar riachtanais na gcustaiméirí, agus
comhlánófar iad le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an am atá amach romhainn. Beidh ról tábhachtach ag
an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht trí bhíthin taighde,
oideachas agus nuálaíocht den scoth a thabhairt le chéile, rud a dhéanfaidh
triantán an eolais a chomhtháthú. Déanfaidh an EIT sin go príomha trí bhíthin
na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna). Ina theannta sin, áiritheoidh sé
go roinnfear an taithí ar phobail lasmuigh de na PENanna féin trí bhíthin na
torthaí a scaipeadh ar spriocphobail agus bearta a dhéanamh chun an t-eolas a
roinnt, rud a fhágann go nglacfar níos sciobtha leis na samhlacha nuálaíochta
ar fud an Aontais ar fad. CUID I
EOLAÍOCHT DEN SCOTH 1. An Chomhairle Eorpach um Thaighde 1.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach feabhas, fuinneamh
agus cruthaitheacht an taighde Eorpaigh a threisiú. Tá uaillmhian leagtha
amach ag an Eoraip chun glacadh le samhail eacnamaíoch úr bunaithe ar an bhfás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Beidh níos mó ná feabhsuithe beaga
ar na teicneolaíochtaí reatha ag teastáil chun a leithéid sin d’athrú a chur i
bhfeidhm. Is éard a theastóidh cumas i bhfad níos fearr chun na nuálaíochta atá
bunaithe ar an eolaíocht, agus í sin ag eascairt as an eolas is réabhlóidí
amuigh, sa chaoi is go bhféadfaidh an Eoraip a bheith ina ceannaire agus í ag
cruthú na n‑ábhar teicneolaíochta is ceannródaíche a stiúrfaidh fás na
táirgiúlachta, iomaíochas, rachmas agus dul chun cinn sóisialta sa todhchaí. Go
dtí seo, is nós lena leithéid de mhórathruithe eascairt ón mbonn eolaíochta san
earnáil phoiblí sula leantar ar aghaidh chun an dúshraith a leagan le haghaidh
tionscal agus earnálacha úrnua. Tá dlúthcheangal idir an
nuálaíocht is tábhachtaí ar domhan agus an eolaíocht den scoth. Cé go raibh sí
chun tosaigh tráth dá raibh, tá an Eoraip chun deiridh anois agus í ag iarraidh
an obair is fearr agus is úire a dhéanamh san eolaíocht; ón dara cogadh
domhanda i leith, tá sí ina tánaiste ag Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le dul
chun cinn mór a dhéanamh sa teicneolaíocht. In ainneoin gurb é an tAontas a
fhoilsíonn an líon is mó foilseacháin eolaíochta ar domhan go fóill, foilsíonn
Stáit Aontaithe Mheiriceá dhá oiread na ndoiciméad is tábhachtaí (an chéad 1 % díobh, de réir líon na n‑uaireanta a luaitear iad). Ar an
mbonn céanna leis sin, léiríonn rangú idirnáisiúnta na n‑ollscoileanna
gurb iad ollscoileanna SAM atá in uachtar. Chomh
maith leis sin, bhí 70 % de bhuaiteoirí dhuais Nobel go dtí seo
lonnaithe i SAM. Seo gné amháin den
dúshlán: cé go n‑infheistíonn an Eoraip agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
thart ar an oiread céanna airgid ina mboinn eolaíochta, tá beagnach trí oiread líon na dtaighdeoirí ag obair
san earnáil phoiblí san Aontas ná mar atá i SAM, rud a fhágann go
bhfaigheann taighdeoirí i bhfad níos lú infheistíochta, ar an meán, san Eoraip.
Ina theannta sin, bíonn SAM níos cúramaí
agus acmhainní á leithdháileadh ar na taighdeoirí is fearr. Sin ceann de na fáthanna nach mbíonn taighdeoirí an Aontais
a oibríonn san earnáil phoiblí, ar an meán, chomh rathúil céanna lena
gcomhthaighdeoirí i SAM, agus nach mbíonn an comhthionchar céanna ag a gcuid
oibre ar an eolaíocht, in ainneoin gur líonmhaire go mór taighdeoirí
an Aontais. Gné eile den
dúshlán nach leor na dálaí oibre a chuirtear ar fáil san earnáil phoiblí i
gcuid mhaith de thíortha na hEorpa chun na taighdeoirí is fearr a mhealladh. Is minic a thógann sé cuid mhaith blianta sula n‑éiríonn
le taighdeoirí óga tréitheacha a bheith ina n‑eolaithe neamhspleácha ina
gceart féin. Fágann sin go gcuirtear amú cumas na hEorpa sa taighde trí bhíthin
moill a chur ar theacht chun cinn na chéad ghlúine eile de thaighdeoirí a
mbíonn smaointe úra acu agus fuinneamh iontu, é sin nó trí bhíthin taighdeoirí
den scoth a mhealladh chun tús a chur lena ngairm san Eoraip agus ansin ardú
céime a lorg in áit eile. Ina
theannta sin, fágann na nithe sin ar fad go ndéantar an Eoraip níos
neamhtharraingtí fós san iomaíocht dhomhanda le haghaidh eolaithe tréitheacha a
mhealladh. Trí bhíthin níos mó acmhainní a chur ar fáil do gach taighdeoir agus
trí bhíthin ionchais ghairme níos fearr a thairiscint, tá córas SAM in ann na
taighdeoirí is fearr ó gach cearn den domhan a mhealladh i gcónaí, lena n‑áirítear
na mílte ón Aontas. 1.2 Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Cruthaíodh an Chomhairle Eorpach um Thaighde
(ERC) chun a chur ar fáil do na taighdeoirí is fearr san Eoraip, idir fhir agus
mhná, na hacmhainní a theastaíonn uathu chun dul in iomaíocht ar leibhéal
domhanda, agus déantar sin trí bhíthin foirne aonair a mhaoiniú ar bhonn
iomaíochta ar fud na hEorpa. Feidhmíonn sí ar bhonn
féinrialach: is Comhairle neamhspleách Eolaíochta ina mbíonn eolaithe,
innealtóirí agus scoláirí a bhfuil ardcháil agus saineolas bainte amach acu a
bhunaíonn an straitéis ghinearálta i leith na heolaíochta, agus is aici atá
údarás iomlán ar chinntí a dhéantar faoin gcineál taighde a mhaoinítear. Is
gnéithe bunúsacha den ERC iad sin, agus tugann siad ráthaíocht go mbíonn an
clár eolaíochta éifeachtach, go mbíonn na hoibríochtaí agus an próiseas
athbhreithnithe piaraí ar ardchaighdeán, agus go mbíonn cáil mhaith uirthi i
measc phobal na heolaíochta. Agus é ag feidhmiú
ar fud na hEorpa ar bhonn iomaíoch, tá an ERC in ann tarraingt ar thacar de
dhaoine tréitheacha agus de smaointe is leithne ná mar a bheadh ar fáil faoi
aon scéim náisiúnta. Bíonn na taighdeoirí is fearr
agus na smaointe is fearr in iomaíocht le chéile. Tuigeann na hiarratasóirí go
mbíonn orthu obair sármhaith a dhéanamh, agus is éard a fhaigheann siad i
gcomaoin air sin cistiú solúbtha ar mhachaire réidh, gan spleáchas d’fhadhbanna
áitiúla ná do chistiú náisiúnta a bheith ar fáil. Mar
sin bítear ag súil le go mbeidh tionchar substaintiúil díreach ag an taighde
ceannródaíoch a fhaigheann cistiú ón gComhairle Eorpach um Thaighde, go
ndéanfaidh sé dul chun cinn san eolas is ceannródaíche, go réiteoidh sé an
bealach le haghaidh torthaí úra agus torthaí gan choinne san eolaíocht agus sa
teicneolaíocht, agus le haghaidh réimsí úra den taighde a fhéadfaidh, faoi
dheoidh, na smaointe úrnua a stiúrfaidh an nuálaíocht agus an airgtheacht sa
ghnóthas agus a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha a ghiniúint. Tá an
teaglaim sin d’eolaithe aonair den scoth agus smaointe nuálacha mar bhonn agus
mar thaca ag gach céim den slabhra nuálaíochta. Thairis
sin, imríonn an ERC tionchar struchtúrach mór trí bhíthin feabhsúcháin ar
chaighdeán an chórais Eorpaigh taighde ina iomláine a spreagadh go mór, de
bhreis ar na taighdeoirí agus ar na tionscadail a mhaoiníonn an ERC go díreach.
Déanann tionscadail agus taighdeoirí a fhaigheann cistiú ón ERC sprioc
shoiléir, uaillmhianach a leagan síos le haghaidh an taighde cheannródaíoch san
Eoraip, ardaíonn siad a phróifíl, agus déanann siad níos tarraingtí é do na
taighdeoirí is fearr ar fud an domhain. Toisc ardghradam a bheith ag roinnt leo
siúd a fhaigheann deontais ón ERC agus an ‘stampa feabhais’ a ghabhann leis
sin, tá an iomaíocht ag éirí níos géire idir ollscoileanna na hEorpa agus
eagraíochtaí eile taighde chun na dálaí oibre is tarraingtí a thairiscint do na
taighdeoirí is fearr. Agus maidir le cumas na gcóras náisiúnta agus na n‑institiúidí
aonair taighde chun lucht buaite deontas ón ERC a mhealladh agus a óstáil, tá
sé sin ina thagarmharc ar féidir é a úsáid chun a gcuid láidreachtaí agus laigí
a mheasúnú agus chun a gcuid beartas agus cleachtas a athchóiriú dá réir sin.
Dá bhrí sin tá an cistiú ón ERC de bhreis ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar
bun ar leibhéil an Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha chun an córas taighde
Eorpach a athchóiriú, a chumas a dhéanamh níos mó, na féidearthachtaí is
d’inneach de a bhaint amach, agus é a dhéanamh níos tarraingtí. 1.3 Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí Is éard a bheidh i ngníomhaíocht bhunúsach an
ERC cistiú tarraingteach fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le taighdeoirí
den scoth agus lena bhfoirne taighde agus iad i mbun taighde cheannródaíoch,
ardghnóthachain/ardriosca. Bronnfar cistiú ón
ERC i gcomhréir leis na prionsabail seanbhunaithe seo a leanas: Is é an barr feabhais san eolaíocht an t-aon chritéar
amháin a mheasfar agus deontais ón ERC á mbronnadh. Feidhmeoidh an ERC ar bhonn
‘ón mbun aníos’ gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh. Beidh deontais
ón ERC ar fáil d’fhoirne aonair taighdeoirí, is cuma cén aois iad nó cé as
dóibh, a oibríonn san Eoraip. Agus féachfaidh an ERC le hiomaíocht shláintiúil
a chothú ar fud na hEorpa. Déanfaidh
an ERC tosaíocht ar leith de chúnamh a thabhairt do thaighdeoirí den scoth atá
ag tosú ar an obair neamhspleách den chéaduair, agus déanfar sin trí bhíthin
tacaíocht leormhaith a thabhairt dóibh ag an gcéim thábhachtach sin agus iad ag
bunú nó ag comhdhlúthú a bhfoirne taighde féin nó a gclár taighde féin. Tabharfaidh
an ERC tacaíocht freisin, faoi mar is gá, do bhealaí úra oibre san eolaíocht a
d’fhéadfadh torthaí ceannródaíoch a chruthú, agus éascaíonn sé fionnachtain a
dhéanamh ar an gcumas atá sa taighde a mhaoiníonn sí chun nuálaíocht tráchtála
agus sóisialta a bhaint amach. Faoin
mbliain 2020, féachfaidh an ERC leis na nithe seo a leanas a léiriú: go bhfuil
na taighdeoirí is fearr ag glacadh páirte i gcomórtais an ERC, go n‑eascraíonn
go díreach as an gcistiú a thugann an ERC uaidh foilseacháin eolaíochta den
chaighdeán is airde chomh maith le teicneolaíochtaí agus smaointe nuálacha a
thráchtálú agus a chur i bhfeidhm, agus go bhfuil méid mór déanta ag an ERC
chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí mar ionad do na heolaithe is fearr ar
domhan. Beidh sé mar sprioc ag an ERC go háirithe feabhsú intomhaiste a bhaint
amach i líon na bhfoilseachán de chuid an Aontais a áirítear sa chéad 1 % d’fhoilseacháin is minice luaite ar domhan. Chomh maith leis sin, féachfaidh sé le méadú substaintiúil
a chur ar líon na dtaighdeoirí den scoth nach as an Eoraip dóibh a dtugann sé
cistiú dóibh, agus le feabhsuithe sonracha a bhaint amach sna cleachtais
institiúideacha agus sna beartais náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt do na
taighdeoirí is fearr. Déanfaidh Comhairle Eolaíochta an ERC
faireachán leanúnach ar oibríochtaí an ERC agus measfaidh siad cén bealach is
fearr lena chuid cuspóirí a bhaint amach trí bhíthin scéimeanna deontas a
reáchtáil ina leagfar béim ar an tsoiléireacht, ar an gcobhsaíocht agus ar an
tsimplíocht do na hiarratasóirí féin agus don chaoi a dhéanfar na scéimeanna a
chur i bhfeidhm agus a bhainistiú agus, de réir mar is gá, le dul i ngleic le
riachtanais úra. An córas athbhreithnithe piaraí atá
ag an ERC, atá bunaithe ar láimhseáil thrédhearcach, chothrom agus
neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí ionas gur féidir taighdeoirí eolaíochta
atá sármhaith, ceannródaíoch agus tréitheach a shainaithint beag beann ar
inscne, ar náisiúntacht nó ar aois an taighdeora, féachfar lena choinneáil ar
bun agus lena dhéanamh níos fearr fós. Ar deireadh, leanfaidh an ERC de bheith
ag déanamh a chuid staidéar straitéiseach féin chun ullmhú dá chuid
gníomhaíochtaí a dhéanamh agus chun tacú leo, chun leanúint de bheith i
dteagmháil dhlúth le pobal na heolaíochta agus le páirtithe leasmhara eile,
agus chun féachaint lena chuid gníomhaíochtaí a chomhlánú leis an taighde atá
ar bun ar leibhéil eile. 2. Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus
Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn 2.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach teicneolaíochtaí
úrnua a chothú trí bhíthin fionnachtain a dhéanamh ar smaointe núíosacha agus
ardriosca a thógann ar bhunúis eolaíocha. Trí bhíthin tacaíocht
sholúbtha a thabhairt don taighde comhoibritheach atá dírithe ar spriocanna a
bhaint amach agus atá idirdhisciplíneach ar scálaí éagsúla, agus trí bhíthin
cleachtais nuálacha taighde a ghlacadh, tá sé mar aidhm deiseanna chun leas
fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí a dhéanamh a
shainaithint agus a thapú. Trí bhíthin Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus
Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn, cuirfear chun cinn taighde ar ábhair
nach dtuigtear, nach nglactar leo nó nach n‑úsáidtear, agus cothófar an
smaointeoireacht núíosach fhadbhreathnaitheach chun teacht ar bhealaí rathúla
le teicneolaíochtaí cumhachtacha nua a fhorbairt, agus d’fhéadfadh cuid acu sin
a bheith ar na paraidímí teicneolaíochta agus intleachtúla is tábhachtaí sna
blianta atá amach romhainn. Trí bhíthin
Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn,
cothófar iarrachtaí ar thaighde ar mhionscála a dhéanamh i ngach réimse, lena n‑áirítear
téamaí atá ag teacht chun cinn agus mórdhúshláin eolaíochta agus
teicneolaíochta ar gá cónascadh agus comhar a dhéanamh idir cláir ar fud na
hEorpa agus lasmuigh di chun tabhairt fúthu. Beidh an cur chuige sin dírithe ar
bharr feabhais a bhaint amach agus cumhdófar leis na nithe seo a leanas:
fionnachtain a dhéanamh ar smaointe réamhiomaíochta chun an teicneolaíocht is
tábhachtaí sa todhchaí a shocrú; cur ar a cumas don tsochaí leas a bhaint as an
gcomhoibriú ar thaighde ildisciplíneach ar gá dul ina bhun ar leibhéal Eorpach
trí bhíthin ceangal a dhéanamh idir an taighde atá dírithe ar an eolaíocht agus
an taighde atá dírithe ar dhúshláin shochaíocha nó ar an iomaíochas
tionsclaíoch. 2.2 Réasúnaíocht agus Breisluach
an Aontais An obair cheannródaíoch a fhéadfaidh tionchar
suntasach a imirt, is mó a bhraitheann sí ar an dian‑chomhoibriú anois
idir disciplíní san eolaíocht agus sa teicneolaíocht (mar shampla, faisnéis
agus cumarsáid, bitheolaíocht, ceimic, eolaíochtaí um chóras an Domhain,
eolaíocht na n‑ábhar, eolaíochtaí an néarchórais agus na heolaíochtaí
cognaíocha, na heolaíochtaí sóisialta nó an eacnamaíocht) agus na healaíona
agus na daonnachtaí. Chuige sin, teastaíonn ní amháin
barr feabhais san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, ach meonta nua agus
idirghníomhaíochtaí núíosacha idir réimse leathan den lucht taighde. Cé gur féidir smaointe
áirithe a fhorbairt ar mhionscála, d’fhéadfadh smaointe eile a bheith chomh
dúshlánach sin gur gá tabhairt fúthu ar bhonn cónasctha thar thréimhse
shubstaintiúil ama. Tá sin aitheanta ag mórgheilleagair ar fud an domhain, agus
tá an iomaíocht dhomhanda ag éirí níos géire chun deiseanna teicneolaíochta atá
ag teacht chun cinn san eolaíocht is ceannródaíche, agus a d’fhéadfadh tionchar
mór a imirt ar an nuálaíocht agus ar leas na sochaí, a shainaithint agus a
thapú. D’fhonn a bheith éifeachtach, ní mór a leithéid sin de ghníomhaíocht a
fhorbairt go mear go mbeidh sí ar mhórscála, agus déantar sin trí bhíthin
cónascadh a dhéanamh thar chláir ar leibhéil Eorpacha, náisiúnta agus
réigiúnacha chun spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach, mar atá, mais
chriticiúil a thógáil, sineirgí a chothú agus na hiarmhairtí giarála is fearr a
bhaint amach. Rachaidh an clár
Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn i
ngleic leis na réimse iomlán den nuálaíocht atá dírithe ar an eolaíocht: ó
luathfhionnachtain ar mhionscála, ón mbun aníos, a dhéanamh ar smaointe atá i
dtús fáis nó leochaileach; go dtí pobail úra taighde agus nuálaíochta a bhunú
ar réimsí taighde mórthionchair atá ag teacht chun cinn, agus mórthionscnaimh
thaighde chónasctha bunaithe ar chlár taighde arb éard is aidhm leis spriocanna
uaillmhianacha fadbhreathnaitheacha a bhaint amach. Beidh a luach féin ag gach
ceann de na trí leibhéal rannpháirtíochta sin, agus beidh siad ag comhlánú a
chéile agus sineirgisteach. Mar shampla, trí bhíthin fionnachtain ar mhionscála
a dhéanamh, d’fhéadfaí a léiriú gur gá forbairt a dhéanamh ar théamaí nua a
bhféadfadh gníomhaíocht ar mhórscála bunaithe ar phleananna oibre eascairt
astu. I measc na ndaoine a bhíonn páirteach iontu, tá réimse leathan den lucht
taighde, lena n‑áirítear taighdeoirí óga agus fiontair bheaga agus
mheánmhéide a shaothraíonn an taighde go dian, agus pobail de pháirtithe
leasmhara (an tsochaí shibhialta, lucht déanta beartas, taighdeoirí san earnáil
tionsclaíochta agus san earnáil phoiblí), iad go léir dírithe ar chláir
thaighde a bhíonn ag fás, ag forbairt agus ag éirí níos éagsúla. 2.3 Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí Tá sé mar aidhm ag Teicneolaíochtaí sa
Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn a bheith
fadbhreathnaitheach, éagsúil agus tionchar mór a imirt, agus is de réir ceithre
chineál loighce a dhéanfar a chuid gníomhaíochtaí: ó cur chuige oscailte go dtí
céimeanna éagsúla de struchtúir a chur ar ábhair, ar phobail agus ar chistiú. Trí bhíthin na ngníomhaíochtaí treiseofar leis
na cineálacha loighce a stiúrfaidh an ghníomhaíocht, ar an scála iomchuí, sainaithneofar agus tapófar deiseanna chun leas fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí a
dhéanamh: (a)
Trí bhíthin smaointe núíosacha a chothú (‘FET
Open’), tabharfar tacaíocht do thaighde eolaíochta agus teicneolaíochta atá
i dtús fáis agus ina ndéantar fionnachtain ar bhunúis nua le haghaidh
teicneolaíochtaí úrnua don todhchaí trí bhíthin paraidímí reatha a cheistiú
agus réimsí úra a thaiscéaladh. Trí bhíthin próiseas
roghnúcháin a fheidhmíonn ón mbun aníos agus atá oscailte do gach smaoineamh ar
thaighde, cothófar réimse éagsúil de spriocthionscadail. Beidh sé an‑tábhachtach
réimsí, forbairtí agus treochtaí úra a shainaithint, chomh maith le lucht
taighde agus nuálaíochta atá úr agus a bhfuil cumas mór acu a mhealladh. (b)
Trí bhíthin pobail agus téamaí atá ag teacht
chun cinn a chothú (‘FET Proactive’), rachaidh Teicneolaíochtaí sa Todhchaí
agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn i ngleic le roinnt téamaí
fionnachtana taighde a bhfuil gealladh fúthu agus a d’fhéadfadh mais
chriticiúil de thionscadail idirghaolmhara a ghiniúint, tionscadail a bheidh
ina bhfionnachtain leathan ilghnéitheach ar na téamaí agus a thógfaidh stór
eolais na hEorpa arna nglacadh le chéile. (c)
Trí bhíthin tabhairt faoi
mhórdhúshláin idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an taighde agus leis an
bhforbairt (‘FET Flagships’), tabharfaidh Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus
Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn tacaíocht do thaighde uaillmhianach
atá ar mhórscála agus atá dírithe ar an eolaíocht agus é mar aidhm aige talamh
úr a bhriseadh san eolaíocht. Trí bhíthin cláir oibre Eorpacha agus náisiúnta a
chur ar chomhréim le chéile, déanfar leas na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart don
dul chun cinn eolaíoch bunús láidir leathan a sholáthar don nuálaíocht sa
todhchaí agus don fheidhmiú eacnamaíoch i réimsí éagsúla, chomh maith le
sochair núíosacha a thabhairt don tsochaí. Saineofar an meascán ceart den oscailteacht
agus de chéimeanna éagsúla de struchtúrú a dhéanamh ar ábhair, ar phobail agus
ar chistiú le haghaidh gach gníomhaíochta d’fhonn dul i ngleic chomh maith is
féidir leis na cuspóirí atáthar ag saothrú. 3. Gníomhaíochtaí Marie Curie 3.1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach a áirithiú go
ndéantar an fhorbairt is fearr is féidir ar chaipiteal intleachtúil na hEorpa
agus go mbaintear úsáid dinimiciúil as d’fhonn scileanna nua agus an nuálaíocht
a chothú agus, ar an gcaoi sin, chun a chumas iomlán a bhaint amach ar fud na n‑earnálacha
agus na réigiún ar fad. Is é an t-amhábhar is
tábhachtaí chun an eolaíocht is fearr agus an nuálaíocht thaighde-bhunaithe is
táirgiúla a bhaint amach taighdeoirí dinimiciúla, cruthaitheacha a bhfuil
ardoiliúint orthu. Cé go bhfuil réimse mór
éagsúil d’acmhainní daonna san Eoraip chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh,
ní mór é a athnuachan, a fheabhsú agus a oiriúnú go rialta do riachtanais
mhargadh an tsaothair a bhíonn ag athrú go mear. Faoi láthair ní oibríonn ach
46 % den réimse sin san earnáil ghnó, céatadán is
ísle i bhfad ná mar atá ag príomhiomaitheoirí eacnamaíoch na hEorpa, e.g. 69 %
sa tSín, 73 % sa tSeapáin agus 80 % i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, fágann cúrsaí déimeagrafacha go
sroichfidh líon díréireach taighdeoirí aois scoir in imeacht an dornáin blianta
atá romhainn. Beidh sé sin, chomh maith leis an ngá atá ann i bhfad níos mó
poist taighde ar ardchaighdeán a chruthú fad is a éiríonn an geilleagar Eorpach
níos géire, beidh siad ar na dúshláin is mó roimh chórais oideachais, taighde
agus nuálaíochta na hEorpa sna blianta atá amach romhainn. Ní mór tosú ar an
athchóiriú is gá nuair a bhíonn taighdeoirí ag tosú amach ar a ngairm, is é
sin, le linn a chuid staidéar dochtúireachta nó le linn oiliúint iarchéime atá
inchomparáide leo sin. Ní mór don Eoraip scéimeanna oiliúna úrscothacha,
nuálacha a fhorbairt, iad comhsheasmhach le riachtanais an taighde agus na
nuálaíochta a bhíonn an‑iomaíoch agus atá ag éirí níos idirdhisciplíní i
gcónaí. Beidh gá le rannpháirtíocht gnólachtaí, lena n‑áirítear fiontair
bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe socheacnamaíocha eile, chun na
scileanna nuálaíochta a bheidh ag teastáil i bpoist sa todhchaí a thabhairt do
thaighdeoirí. Beidh sé tábhachtach freisin feabhas a chur ar shoghluaisteacht
na dtaighdeoirí sin, óir tá sí ar leibhéal ró-íseal faoi láthair: sa bhliain
2008, ní bhfuair ach 7 % d’ábhair dhochtúra oiliúint
i mBallstát eile, ach is é 20 % an sprioc atá le baint amach faoin mbliain
2030. Ní mór leanúint den athchóiriú sin le linn
gach céime de ghairm na dtaighdeoirí. Is
ríthábhachtach feabhas a chur ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí ar gach
leibhéal, lena n‑áirítear ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí sin atá i
lár a ngairme, ní amháin idir tíortha ach idir an earnáil phoiblí agus an
earnáil phríobháideach freisin. Spreagann sé sin an fhoghlaim agus scileanna
nua a fhorbairt. Bíonn tionchar mór aige freisin ar an gcomhar a chothú idir an
lucht acadúil, ionaid taighde agus earnáil na tionsclaíochta i dtíortha
éagsúla. Is iad na daoine féin an ghné is tábhachtaí den chomhar inbhuanaithe a
bhaint amach, agus is iad sin a stiúrfaidh an Eoraip agus í ag iarraidh a
bheith nuálach, cruthaitheach agus ábalta ar dhul i ngleic le dúshláin don
tsochaí, agus beidh siad ríthábhachtach chun ilroinnt na mbeartas náisiúnta a
réiteach. Chun go bhfillfidh an Eoraip ar fhás inbhuanaithe a bhaint amach agus
dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, is gá an comhoibriú agus an t-eolas a
roinnt trí bhíthin na soghluaisteachta aonair a sholáthar i ngach céim den
ghairm agus trí bhíthin baill foirne taighde agus nuálaíochta a bhfuil
ardoiliúint orthu a mhalartú. Más mian leis an Eoraip a
bheith ar aon chéim lena cuid iomaitheoirí sa taighde agus sa nuálaíocht, ní
mór di níos mó ban agus fear óg a mhealladh chun dul i mbun gairmeacha sa
taighde agus deiseanna agus ionaid tharraingteacha a chur ar fáil le haghaidh
an taighde agus na nuálaíochta. Ba cheart do na daoine is tréithí as an Eoraip
agus as áiteanna eile breathnú ar an Eoraip mar áit iontach le hoibriú ann. Is
gnéithe bunúsacha nach foláir a áirithiú ar bhealach leanúnach ar fud na hEorpa
ar fad iad na nithe seo a leanas: an comhionannas inscne, an fhostaíocht atá ar
ardchaighdeán agus seasmhach, dálaí maithe oibre agus aitheantas. 3.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Ní leor cistiú a thugann an tAontas uaidh ann
féin, ná na Ballstáit ina n‑aonar, chun dul i ngleic leis an dúshlán sin.
Cé go bhfuil leasuithe tugtha isteach ag na Ballstáit
cheana chun feabhas a chur ar a gcuid institiúidí oideachais threasaigh agus
chun nuachóiriú a dhéanamh ar a gcuid córas oiliúna, ní hionann an dul chun
cinn atá déanta ar fud na hEorpa ar fad, agus tá difríochtaí móra idir tíortha.
Ar an iomlán, is lag i gcónaí an comhar a dhéantar idir an earnáil phoiblí agus
an earnáil phríobháideach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san Eoraip. Tá
sé mar an gcéanna maidir leis an gcomhionannas inscne agus leis na hiarrachtaí
a dhéantar mic léinn agus taighdeoirí as áiteanna lasmuigh den Limistéar
Eorpach Taighde a mhealladh. Faoi láthair, is as tríú tíortha thart ar 20 %
de na hábhair dhochtúra san Aontas, ach i Stáit Aontaithe Mheiriceá is as
áiteanna thar lear thart ar 35 % díobh. Chun an
t-athrú sin a chur i bhfeidhm níos sciobtha, ní mór cur chuige straitéiseach ar
leibhéal an Aontais a théann thar na teorainneacha náisiúnta a ghlacadh. Is
ríthábhachtach an cistiú a thugann an tAontas uaidh chun dreasachtaí a chruthú
le haghaidh na leasuithe struchtúracha atá riachtanach agus chun iad a
spreagadh. Tá dul chun cinn suntasach
déanta ag na gníomhaíochtaí Eorpacha Marie Curie chun an tsoghluaisteacht a
chur chun cinn, ar bhonn trasnáisiúnta agus idir na hearnálacha araon, agus
chun gairmeacha sa taighde a thosú ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal
idirnáisiúnta, gairmeacha a bhfuil deiseanna fostaíochta agus dálaí oibre den
scoth ag gabháil leo de réir na Cairte Eorpaí agus an Chóid Eorpaigh um
Thaighdeoirí. Níl a gcómhaith le fáil sna Ballstáit maidir le scála nó raon
feidhme, le cistiú, le nádúr idirnáisiúnta, le giniúint nó le haistriú eolais.
Neartaigh siad acmhainní na n‑institiúidí sin atá in ann taighdeoirí
idirnáisiúnta a mhealladh agus dá bhrí sin spreag siad ionaid barr feabhais a
scaipeadh ar fud an Aontais. Tá siad ina n‑eiseamláir agus imríonn siad
tionchar mór struchtúrach trí bhíthin a ndea-chleachtais a scaipeadh ar
leibhéal náisiúnta. Trí bhíthin cur chuige ón mbun aníos a bheith glactha ag
gníomhaíochtaí Marie Curie, féadfaidh bunáite mór na n‑institiúidí sin
oiliúint a chur ar ghlúin nua taighdeoirí atá in ann dul i ngleic le dúshláin
shochaíocha, agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna. Trí bhíthin gníomhaíochtaí
Marie Curie a fhorbairt a thuilleadh, rannchuideofar go mór leis an Limistéar
Eorpach Taighde a fhorbairt. Lena struchtúr iomaíoch cistiúcháin a chuimsíonn
an Eoraip ar fad, spreagfaidh gníomhaíochtaí Marie Curie cineálacha úra,
cruthaitheacha agus nuálacha oiliúna amhail dochtúireachtaí tionsclaíocha, lena
ngabhann lucht oideachais, taighde agus nuálaíochta a chaithfidh dul in
iomaíocht ar bhonn domhanda le cáil an bhairr feabhais a bhaint amach dóibh
féin. Trí bhíthin cistiú ón Aontas a chur ar fáil do na cláir thaighde agus
oiliúna is fearr de réir na bPrionsabal maidir le hOiliúint Nuálach d’Ábhair
Dhochtúirí san Eoraip, cuirfidh siad chun cinn scaipeadh agus glacadh níos
leithne, ag bogadh i dtreo oiliúna níos struchtúraí d’ábhair dhochtúra. Cuimseoidh deontais Marie
Curie soghluaisteacht shealadach na dtaighdeoirí agus na n‑innealtóirí a
bhfuil taithí acu idir institiúidí poiblí agus an earnáil phríobháideach, nó a
mhalairt go cruinn, rud a spreagfaidh agus a thacóidh le hollscoileanna, le
hionaid taighde agus le gnólachtaí chun comhar a dhéanamh le chéile ar scála
Eorpach agus idirnáisiúnta. Trí bhíthin an chórais mheastóireachta atá
seanbhunaithe, trédhearcach agus cothrom, sainaithneoidh gníomhaíochtaí Marie
Curie daoine an‑tréitheach a phléann leis an taighde agus leis an
nuálaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta a thugann aitheantas agus, dá bhrí sin,
spreagadh do thaighdeoirí chun a ngairm a chur chun cinn san Eoraip. Ní leis an Eoraip amháin a
bhaineann na dúshláin shochaíocha sin atá le sárú ag taighdeoirí agus ag lucht
nuálaíochta a bhfuil ardoiliúint orthu. Is dúshláin idirnáisiúnta iad sin atá
ríchasta agus ollmhór. Ní mór do na taighdeoirí is fearr san Eoraip agus sa
domhan mór féin comhoibriú le chéile idir tíortha, earnálacha agus disciplíní.
Beidh ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí Marie Curie sa mhéid sin trí bhíthin
tacaíocht a thabhairt chun baill foirne a mhalartú chun an smaointeoireacht
chomhoibritheach a chothú trí eolas a roinnt ar bhonn idirnáisiúnta agus idir
na hearnálacha, rud atá an‑tábhachtach don nuálaíocht oscailte. Beidh sé ríthábhachtach
leathnú a dhéanamh ar mheicníocht chomhchistiúcháin na ngníomhaíochtaí Marie
Curie chun líon na ndaoine tréitheacha san Eoraip a dhéanamh níos mó fós. Méadófar
an tionchar uimhriúil agus struchtúrach a imríonn gníomhaíocht an Aontais trí
bhíthin cistiú réigiúnach, náisiúnta, idirnáisiúnta agus príobháideach a
ghiaráil chun cláir nua a chruthú agus chun cláir reatha a oscailt don
oiliúint, don tsoghluaisteacht agus don fhorbairt ghairme ar bhonn
idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha. Déanfaidh a leithéid sin de mheicníocht
an taighde agus an obair san oideachas a cheangal níos dlúithe le chéile. Rannchuideoidh gach
gníomhaíocht faoin dúshlán sin le meon úrnua a chruthú san Eoraip, meon atá
riachtanach chun an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a bhaint amach.
Neartóidh bearta cistiúcháin Marie Curie comhthiomsú acmhainní san Eoraip agus,
dá bhrí sin, cuirfidh siad feabhas ar oiliúint, ar shoghluaisteacht agus ar
fhorbairt ghairme na dtaighdeoirí a chomhordú agus a rialú. Rannchuideoidh
siad leis na spriocanna beartais atá leagtha amach san Aontas Nuálaíochta, in
An Óige ag Bogadh agus sa Chlár do Phoist agus do Scileanna Nua a bhaint amach,
agus beidh siad an‑tábhachtach chun an Limistéar Eorpach Taighde a bhaint
amach freisin. 3.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Scileanna nua a chothú trí bhíthin oiliúint tosaigh
den scoth a chur ar thaighdeoirí Is é an sprioc glúin nua taighdeoirí
cruthaitheacha nuálacha a oiliúint a bheidh in ann eolas agus smaointe a
thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí a dhéanfaidh leas eacnamaíoch agus
sóisialta an Aontais. Beidh na nithe seo a
leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: oiliúint nuálach den
scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí atá ag tosú ar a ngairm ar leibhéal
iarchéime trí thionscadail idirdhisciplíneacha nó chláir dhochtúireachta a
dhéanamh ina mbeidh ollscoileanna, institiúidí taighde, gnólachtaí, fiontair
bheaga agus mheánmhéide agus grúpaí socheacnamaíocha eile as tíortha eile
páirteach. Cuirfidh sin feabhas ar ionchais ghairme na dtaighdeoirí óga
iarchéime san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. (b)
Barr feabhais a chothú trí bhíthin na
soghluaisteachta trasteorann agus na soghluaisteachta idir na hearnálacha Is é an sprioc feabhas a chur ar chumas
cruthaitheachta agus nuálaíochta na dtaighdeoirí a bhfuil taithí acu, ar gach
leibhéal gairme, trí bhíthin deiseanna soghluaisteachta trasteorann agus idir
na hearnálacha a chruthú. Beidh na nithe seo a
leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: taighdeoirí a bhfuil
taithí acu a spreagadh chun a gcuid scileanna a leathnú nó a fheabhsú trí
bhíthin na soghluaisteachta, agus déanfar sin trí dheiseanna tarraingteacha
gairme a chur ar fáil in ollscoileanna, in institiúidí taighde, i ngnólachtaí,
i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus i ngrúpaí socheacnamaíocha eile ar
fud na hEorpa agus lasmuigh di. Tabharfar tacaíocht freisin do dheiseanna chun
gairm sa taighde a atosú tar éis sos a ghlacadh. (c)
An nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin eolas a
mhalartú Is é an sprioc an comhar idirnáisiúnta
trasteorann agus idir na hearnálacha sa taighde agus sa nuálaíocht a threisiú
trí bhíthin pearsanra taighde agus nuálaíochta a mhalartú d’fhonn a bheith in
ann dul i ngleic le dúshláin dhomhanda níos fearr. Beidh na nithe seo a
leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: baill foirne taighde agus
nuálaíochta a mhalartú go gearrthéarmach idir comhpháirtíocht d’ollscoileanna,
d’institiúidí taighde, de ghnólachtaí, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus
de ghrúpaí socheacnamaíocha, laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain mhóir
araon. Áireofar leis sin an comhar le tríú tíortha a chothú. (d)
An tionchar struchtúrach a dhéanamh níos mó trí
bhíthin na gníomhaíochtaí a chómhaoiniú Is é an sprioc tionchar uimhriúil agus
struchtúrach ghníomhaíochtaí Marie Curie a dhéanamh níos mó agus barr feabhais
a chothú ar leibhéal náisiúnta in oiliúint, i soghluaisteacht agus i bhforbairt
ghairme na dtaighdeoirí; agus déanfar sin trí bhíthin cistí sa bhreis a
ghiaráil. Beidh na nithe seo a
leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: eagraíochtaí réigiúnacha,
náisiúnta agus idirnáisiúnta a spreagadh, le cabhair ó shásra cómhaoinithe,
chun cláir nua a chruthú agus chun cláir reatha a oscailt don oiliúint, don
tsoghluaisteacht agus don fhorbairt ghairme ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na
hearnálacha. Leis sin, cuirfear feabhas ar chaighdeán na hoiliúna sa taighde
san Eoraip i ngach céim den ghairm, lena n‑áirítear ar leibhéal na
dochtúireachta; cothófar saorchúrsaíocht taighdeoirí agus an eolais eolaíoch
san Eoraip; cuirfear chun cinn gairmeacha tarraingteacha sa taighde trí bhíthin
earcaíocht oscailte agus dálaí tarraingteacha oibre a thairiscint; agus tabharfar
tacaíocht don chomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir ollscoileanna,
institiúidí taighde agus fiontair, agus don chomhar le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta. (e)
Tacaíocht shonrach agus gníomhaíocht bheartais Is iad na spriocanna faireachán a dhéanamh ar
dhul chun cinn, bearnaí i ngníomhaíochtaí Marie Curie a shainaithint, agus
tionchar na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú. Sa
chomhthéacs sin, forbrófar táscairí agus déanfar anailís ar shonraí a bhaineann
le soghluaisteacht, le scileanna agus le gairmeacha na dtaighdeoirí, lorgófar
sineirgí agus an dlúthchomhar leis na gníomhaíochtaí tacaíochta beartais ar
thaighdeoirí, ar a gcuid fostóirí agus ar a lucht cistiúcháin arna ndéanamh
faoin gcuspóir sonrach ‘Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána’. Is
éard is aidhm leis an ngníomhaíocht sin freisin an pobal a chur ar an eolas
maidir lena thábhachtaí agus lena tharraingtí atá gairmeacha sa taighde, agus
leathadh a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus na nuálaíochta ag eascairt ón
obair a dtacaíonn gníomhaíochtaí Marie Curie léi. 4. Bonneagair taighde 4.1 Cuspóir sonrach Is é an
cuspóir sonrach bonneagair taighde den scoth a chothú san Eoraip, iad a chur ar
fáil do gach taighdeoir san Eoraip agus lasmuigh de, agus chun leas a bhaint as
acmhainneacht na mbonneagar sin dul chun cinn agus nuálaíocht a dhéanamh san
eolaíocht. Is gnéithe
ríthábhachtacha iad na bonneagair taighde d’iomaíochas na hEorpa thar iomlán na
réimsí eolaíochta agus tá siad riachtanach chun nuálaíocht atá bunaithe ar an
eolaíocht a dhéanamh. I roinnt mhaith réimsí, ní
féidir taighde a dhéanamh gan rochtain ar shár-ríomhairí, ar fhoinsí radaíochta
le haghaidh ábhar nua, ar sheomraí íonghlana le haghaidh
nanaitheicneolaíochtaí, ar bhunachair shonraí le haghaidh na géanómaíochta agus
na n‑eolaíochtaí sóisialta, ar réadlanna le haghaidh na
ndomhaneolaíochtaí, ar líonraí leathanbhanda chun sonraí a aistriú, etc. Is gá
bonneagair taighde a bheith ann chun an taighde atá ag teastáil le dul i ngleic
le mórdhúshláin shochaíocha a dhéanamh — cúrsaí fuinnimh, an t-athrú aeráide,
an bithgheilleagar, agus an tsláinte agus an fholláine ar feadh an tsaoil do
chách. Spreagtar leo an comhar thar theorainneacha agus thar dhisciplíní agus
cruthaítear spás Eorpach atá leanúnach agus oscailte le haghaidh an taighde ar
líne. Cuirtear chun cinn soghluaisteacht daoine agus smaointe trí bhonneagair
taighde, tugtar le chéile na heolaithe is fearr as áiteanna ar fud na hEorpa
agus an domhain mhóir, agus cuirtear feabhas ar an oideachas eolaíochta.
Gríosaíonn na bonneagair taighde na comhphobail Eorpacha taighde agus
nuálaíochta chun barr feabhais a bhaint amach, agus féadfaidh siad a bheith ina
dtaispeántais iontacha den eolaíocht don tsochaí i gcoitinne. Ní
mór don Eoraip bonn leormhaith agus seasmhach a bhunú chun bonneagair taighde a
thógáil, a chothabháil agus a fheidhmiú más mian léi taighde den scoth a
choinneáil ar bun. Chun é sin a dhéanamh, ní mór comhar substaintiúil
éifeachtach idir luchtanna cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus ón Aontas
féin agus, chuige sin, déanfar iarracht naisc láidre a dhéanamh leis an
mbeartas comhtháthaithe d’fhonn sineirgí agus cur chuige comhtháite a áirithiú.
Téann
an cuspóir sonrach sin i ngleic le gealltanas bunúsach de chuid an tionscnaimh
shuaitheanta An tAontas Nuálaíochta, rud a leagann béim ar an ról
tábhachtach atá ag na bonneagair taighde den scoth sa nuálaíocht agus sa
taighde ceannródaíoch. Leagtar béim sa tionscnamh ar an ngá atá le hacmhainní a
chomhthiomsú san Eoraip, agus i gcásanna áirithe sa domhan mór, d’fhonn
bonneagair taighde a thógáil agus a fheidhmiú. Ar aon bhonn leis sin, leagtar
béim sa tionscnamh suaitheanta Clár Oibre Digiteach don Eoraip ar an ngá
atá le bonneagair ríomhaireachta na hEorpa a threisiú agus ar a thábhachtaí atá
sé braislí nuálaíochta a fhorbairt d’fhonn buntáiste nuálaíochta na hEorpa a
neartú. 4.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá bonneagair
úrscothacha taighde ag éirí níos casta agus níos costasaí, agus is minic gur gá
trealaimh, seirbhísí agus foinsí difriúla sonraí a chomhtháthú agus comhar
fairsing trasnáisiúnta a dhéanamh. Ní a dóthain acmhainní ag aon tír ar leith
chun tacaíocht a thabhairt do na bonneagair taighde go léir a dteastaíonn
uaithi. Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta
beaga anuas leis an gcur chuige Eorpach i leith bonneagar taighde; cuireadh
chun feidhme plean oibre an Fhóraim Straitéisigh Eorpaigh um Bonneagair Taighde
(ESFRI) le haghaidh bonneagar[21], rinneadh áiseanna
náisiúnta taighde a chomhtháthú agus a oscailt, agus forbraíodh bonneagair ríomhaireachta
is bonn agus is taca ag Limistéar Eorpach Taighde digiteach. Trí bhíthin an ghréasáin de bhonneagair taighde ar fud na
hEorpa, neartaítear an bonn caipitil dhaonna trí bhíthin oiliúint den scoth a
chur ar fáil do ghlúin nua taighdeoirí agus innealtóirí agus trí bhíthin an
comhar idirdhisciplíneach a chur chun cinn. Trí
bhíthin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhonneagair taighde ar leibhéal an
Aontais agus úsáid níos leithne a bhaint astu, rannchuideofar go mór leis an
Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt. Cé go bhfuil ról lárnach ag na Ballstáit
i gcónaí i bhforbairt agus i maoiniú a dhéanamh ar bhonneagair taighde, is
tábhachtach freisin an pháirt a ghlacann an tAontas i dtacaíocht a thabhairt
don bhonneagar ar leibhéal an Aontais, é ag cothú theacht chun cinn áiseanna
nua, ag cur rochtain leathan ar bhonneagair náisiúnta agus Eorpacha ar fáil,
agus ag áirithiú go mbíonn na beartais réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus
idirnáisiúnta comhsheasmhach le chéile agus éifeachtach. Ní amháin gur gá
dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus úsáid na n‑áiseanna a chomhordú agus
a chuíchóiriú, ach is gá freisin acmhainní a chomhthiomsú ionas go bhféadfaidh
an tAontas bonneagair taighde a fháil agus a fheidhmiú ar leibhéal domhanda. Leis
na héifeachtúlachtaí scála agus réimse atá bainte amach leis an gcur chuige
Eorpach i leith bonneagair taighde, lena n‑áirítear bonneagair
ríomhaireachta, a thógáil, a úsáid agus a bhainistiú, rannchuideofar go mór le
feabhas a chur ar chumas na hEorpa chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh. 4.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí Beidh sé mar aidhm
leis na gníomhaíochtaí forbairt a dhéanamh ar na bonneagair Eorpacha taighde le
haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin, a n‑acmhainneacht chun
nuálaíochta agus a gcaipiteal daonna a chothú, agus an beartas Eorpach maidir
le bonneagar taighde a threisiú. (a)
Bonneagair Eorpacha taighde a fhorbairt le haghaidh
na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin Beidh sé mar aidhm na nithe seo a leanas a
bhaint amach: áirithiú go ndéanfar bonneagair taighde de chuid an ESFRI agus
bonneagair eile den scoth a chur chun feidhme agus a oibriú, lena n‑áirítear
áiseanna comhpháirtíochta réigiúnaí a fhorbairt; bonneagair náisiúnta taighde a
chomhtháthú agus rochtain orthu a chur ar fáil; agus bonneagair ríomhaireachta
a fhorbairt, a úsáid agus a fheidhmiú. (b)
Acmhainneacht nuálaíochta na mbonneagar taighde
agus a gcaipiteal daonna a chothú Beidh sé mar aidhm na nithe seo a leanas a
bhaint amach: bonneagair taighde a spreagadh chun glacadh le teicneolaíocht úr
go luath, comhpháirtíochtaí taighde agus forbartha le hearnáil na
tionsclaíochta a chur chun cinn, úsáid thionsclaíoch na mbonneagar taighde a
éascú, agus cruthú braislí nuálaíochta a spreagadh. Leis
an ngníomhaíocht sin, tabharfar tacaíocht d’oiliúint agus/nó do dheiseanna
malairte do bhaill foirne a bhainistíonn nó a fheidhmíonn bonneagair taighde. (c)
An beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus
an comhar idirnáisiúnta a threisiú Beidh sé mar aidhm tacaíocht a thabhairt do
chomhpháirtíochtaí idir lucht déanta beartas iomchuí agus na comhlachtaí
cistiúcháin iomchuí, mapáil agus faireachán a dhéanamh ar uirlisí
cinnteoireachta agus ar ghníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta freisin. Déanfar an dara
agus tríú gníomhaíocht a shaothrú trí bhíthin a ngníomhaíochta sonraí féin
agus, de réir mar is iomchuí, mar chuid den chéad ghníomhaíocht. CUID II
CEANNAIREACHT THIONSCLAÍOCH 1. An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí
cumasúcháin agus tionsclaíocha Is é an cuspóir sonrach cothabháil agus
forbairt a dhéanamh ar an gceannaireacht dhomhanda i dteicneolaíochtaí
cumasúcháin, sa taighde agus sa nuálaíocht ar chúrsaí spáis, ábhair atá mar
bhonn is mar thaca leis an iomaíochas thar réimse tionscal agus earnálacha,
idir chinn reatha agus chinn atá ag teacht chun cinn. Tá athrú ag teacht go mear
ar thimpeallacht an ghnó dhomhanda agus tá idir dhúshláin agus dheiseanna don
tionscal Eorpach ag gabháil le spriocanna Eoraip 2020 chun fás cliste,
inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Ní mór don Eoraip dlús a chur leis
an nuálaíocht chun an t-eolas arna ghineadh a thiontú ina bhonn agus ina thaca
le haghaidh táirgí, seirbhísí agus margaí reatha, feabhas a chur ar na nithe
sin, agus cinn nua a chruthú. Ba cheart leas, sa chiall is leithne den fhocal
sin, a bhaint as an nuálaíocht, ní amháin chun críche na teicneolaíochta ach
chun gnéithe gnó, eagrúcháin agus sóisialta a áireamh freisin. Chun fanacht i dtús
cadhnaíochta maidir leis an iomaíochas domhanda a bhfuil bonn láidir
teicneolaíochta faoi agus acmhainneacht mhór thionsclaíoch ann, ní mór
tuilleadh infheistíochta straitéisí a dhéanamh sa taighde, san fhorbairt, sa
bhailíochtú, agus i scéimeanna píolótacha i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus
na cumarsáide; i nanaitheicneolaíochtaí; in ábhair shárfhorbartha; sa bhiteicneolaíocht;
san ardmhonaraíocht agus san ardphróiseáil; agus i gcúrsaí spáis. Is tábhachtach go
bhfaighidh earnáil tionsclaíochta na hEorpa máistreacht ar theicneolaíochtaí
cumasúcháin agus go n‑úsáidfidh sí iad chun feabhas a chur ar
tháirgiúlacht agus ar acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa, agus chun a áirithiú
go mbeidh na nithe seo a leanas ag an Eoraip: geilleagar atá sárfhorbartha,
inbhuanaithe agus iomaíoch, ceannaireacht dhomhanda ar na hearnálacha
ardteicneolaíochta a chur chun feidhme, agus an cumas chun réitigh éifeachtacha
ar dhúshláin shochaíocha a fhorbairt. Toisc a leithéid sin de ghníomhaíochtaí a
bheith forleatach, is féidir tuilleadh dul chun cinn a spreagadh leo trí
bhíthin aireagán agus feidhmeanna a chomhlánaíonn a chéile, rud a áiritheoidh
toradh níos airde ar infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin ná mar a gheofaí in
aon réimse eile. Leis na gníomhaíochtaí
sin, rannchuideofar le spriocanna na dtionscnamh suaitheanta in
Eoraip 2020 maidir leis an Aontas Nuálaíochta, le hEoraip atá éifeachtúil
ar Acmhainní, le Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe, agus le Clár Oibre
Digiteach don Eoraip a bhaint amach, chomh maith le spriocanna bheartas an
Aontais maidir leis an spás a bhaint amach. Comhlántachtaí
le gníomhaíochtaí eile in “Fís 2020” Beidh na
gníomhaíochtaí faoi ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus
Tionsclaíocha’ bunaithe go príomha ar chláir taighde agus nuálaíochta arna
sainiú ag earnáil na tionsclaíochta agus ag an earnáil ghnó in éineacht le
comhphobal an taighde, agus beidh siad dírithe go mór ar infheistiú ón earnáil
phríobháideach a ghiaráil. Tabharfar
tacaíocht do theicneolaíochtaí cumasúcháin a chomhtháthú i réitigh ar dhúshláin
shochaíocha, mar aon leis na dúshláin iomchuí féin. Maidir
le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí cumasúcháin nach rangaítear faoi na
dúshláin shochaíocha ach atá tábhachtach d’iomaíochas earnáil tionsclaíochta na
hEorpa, tacófar leo siúd faoi ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí
Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’. Cur Chuige Comhchoiteann Áireofar leis an
gcur chuige gníomhaíochtaí atá dírithe ar chláir oibre agus réimsí atá níos
oscailte araon chun tionscadail nuálacha agus réitigh cheannródaíocha a chur
chun cinn. Leagfar béim ar an taighde agus ar an
bhforbairt, ar mhórghníomhaíochtaí píolótacha agus ar thaispeántais, ar
thrialacha sábháilte agus ar shaotharlanna beo, ar an bhfréamhshamhaltú agus ar
tháirgí a bhailíochtú i línte píolótacha. Ceapfar na gníomhaíochtaí chun an
t-iomaíochas tionsclaíoch a dhéanamh níos fearr tríd an tionsclaíocht a
spreagadh, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, le níos mó
infheistíochta a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht. Cur chuige comhtháite i leith Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin Is gné thábhachtach de ‘An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí
cumasúcháin agus tionsclaíocha’ iad na hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin,
arna sainiú mar an mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic, an fhótónaic, an
nanaitheicneolaíocht, an bhiteicneolaíocht, ábhair shárfhorbartha agus córais
ardmhonaraíochta[22]. Trasnaíonn na
teicneolaíochtaí seo atá ildisciplíneach agus atá dian ar eolas agus ar
chaipiteal cuid mhaith earnálacha, agus is trína mbíthin a fhéadfaidh buntáiste
iomaíoch mhór a bheith ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa. Trí bhíthin cur chuige chomhtháite a ghlacadh ina gcuirtear
chun cinn eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a chónascadh, a chóineasú agus a
mhalartú i dtimthriallta difriúla nuálaíochta agus i slabhraí luacha, is féidir
torthaí taighde a bhfuil gealladh fúthu a bhaint amach agus an bealach a
réiteach le haghaidh teicneolaíochtaí tionsclaíocha nua, táirgí, seirbhísí agus
feidhmeanna núíosacha (e.g. i gcúrsaí spáis, iompair, comhshaoil, sláinte
etc.). Dá bhrí sin bainfear leas as an iomad idirghníomhaíochtaí a ghabhann le
heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus le teicneolaíochtaí cumasúcháin ar
bhealach solúbtha, mar is foinse thábhachtach nuálaíochta iad. Comhlánóidh sin
tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht in eochairtheicneolaíochtaí
cumasúcháin a d’fhéadfaí a bheith á soláthar ag údaráis náisiúnta nó
réigiúnacha faoi chistí an Bheartais Chomhtháthaithe faoi chuimsiú straitéisí
cliste speisialtóireachta. Le haghaidh na
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha ar fad, lena n‑áirítear
na heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, beidh sé mar mhóraidhm
idirghníomhaíochtaí idir na teicneolaíochtaí, agus leis na feidhmeanna faoi na
dúshláin shochaíocha, a chothú. Cuirfear é sin ar fad san áireamh agus na cláir
oibre agus na tosaíochtaí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. Chuige sin, tá sé riachtanach go nglacann páirtithe
leasmhara a ionadaíonn do na peirspictíochtaí éagsúla páirt iomlán sna
tosaíochtaí a shocrú agus a chur chun feidhme. I gcásanna áirithe, beidh gá
freisin le gníomhartha arna gcómhaoiniú leis na teicneolaíochtaí cumasúcháin
agus tionsclaíocha, agus leis na dúshláin shochaíocha iomchuí. Áireofar leis
sin cómhaoiniú do chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí arb éard is aidhm
leo teicneolaíochtaí a fhorbairt agus iad a chur i bhfeidhm d’fhonn dul i ngleic
le dúshláin shochaíocha. Tá
ról tábhachtach ag teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) mar
glacann sí le cuid de na heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus cuireann sí
na bonneagair, na teicneolaíochtaí agus na córais bhunúsacha is tábhachtaí ar
fáil le haghaidh próiseas eacnamaíoch agus sóisialta atá ríthábhachtach, chomh
maith le táirgí agus le seirbhísí nua, idir phríobháideach agus phoiblí. Ní mór
d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa fanacht i dtús cadhnaíochta sna forbairtí
teicneolaíocha in TFC, réimse ina bhfuil go leor teicneolaíochtaí ag éirí
suaite, rud a chruthaíonn deiseanna nua. Is
earnáil faoi fhás mear é an spás agus tugann sé faisnéis ríthábhachtach do go
leor réimsí den tsochaí chomhaimseartha: sásaíonn sé a cuid éileamh bunúsach,
téann sé i ngleic le ceisteanna uilíocha eolaíochta, agus cabhraíonn sé le
stádas an Aontais mar mhórghníomhaí idirnáisiúnta a dhaingniú. Tá an taighde ar
chúrsaí spáis mar bhonn is mar thaca le gach gníomhaíocht a dhéantar sa spás,
ach faoi láthair tá sé ilroinnte i gcláir náisiúnta arna reáchtáil ag foghrúpa
de Bhallstáit an Aontais. Ní mór an taighde ar an spás a chomhordú agus
infheistíocht a dhéanamh ann ar leibhéal an Aontais (cf. Airteagal 189 den
CFAE) chun a bheith iomaíoch; chun bonneagar spáis an Aontais, amhail Galileo,
a chosaint; agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh ról ag an Aontas i gcúrsaí spáis
sa todhchaí. Ina theannta sin, is foinse thábhachtach fáis agus fostaíochta iad
na seirbhísí agus na feidhmeanna nuálacha iartheachtacha ina n‑úsáidtear
an fhaisnéis a eascraíonn ón spás. An chomhpháirtíocht agus breisluach Féadfaidh an
Eoraip mais chriticiúil a bhaint amach tríd an gcomhpháirtíocht, trí bhraislí
agus trí ghréasáin, tríd an gcaighdeánú, agus tríd an gcomhar a chur chun cinn
idir disciplíní agus earnálacha difriúla san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a
bhfuil na riachtanais chéanna taighde agus forbartha orthu, chun talamh úr a
bhriseadh, teicneolaíochtaí úra, agus réitigh nuálacha a cheapadh. Cláir
taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí bhíthin
comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, naisc éifeachtacha a dhéanamh idir an
lucht acadúil agus earnáil na tionsclaíochta, giaráil infheistíochtaí breise,
rochtain a bheith ar mhaoiniú riosca, caighdeánú a dhéanamh ar an soláthar
réamhthráchtálach agus tacaíocht a thabhairt dó, agus táirgí agus seirbhísí
nuálacha a sholáthar: is gnéithe riachtanacha iad sin go léir chun dul i ngleic
leis an iomaíochas. I
dtaca leis sin de, bíonn naisc láidre leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht
agus Teicneolaíocht de dhíth chun daoine atá tréitheach san fhiontraíocht a
chothú agus chun dlús a chur leis an nuálaíocht trí bhíthin daoine as tíortha,
as disciplíní agus as eagraíochtaí difriúla a thabhairt le chéile. Trí bhíthin comhar a dhéanamh ar leibhéal an
Aontais, is féidir tacaíocht a thabhairt do dheiseanna trádála trí chaighdeáin
Eorpacha nó idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh táirgí agus seirbhísí agus
teicneolaíochtaí úra atá ag teacht chun cinn. Cuirfear chun cinn gníomhaíochtaí
a thacaíonn leis an gcaighdeánú agus leis an idir-inoibritheacht, leis an
tsábháilteacht agus le gníomhaíochtaí réamhrialála. 1.1 Teicneolaíochtaí na Faisnéise
agus na Cumarsáide (TFC) 1.1.1. Cuspóir sonrach do TFC De réir an Chláir Oibre Dhigitigh don
Eoraip[23], is é an cuspóir sonrach atá le taighde agus le nuálaíocht in TFC cur
ar a cumas don Eoraip forbairt a dhéanamh ar na deiseanna ag eascairt ón dul
chun cinn in TFC, agus leas a bhaint astu, chun sochar na saoránach, na
ngnólachtaí agus na gcomhphobal eolaíochtaí. Agus í ar an ngeilleagar
is mó ar domhan agus an cion is mó de mhargadh TFC aici (níos mó ná
EUR 2600 billiún inniu), féadfaidh an Eoraip uaillmhianta a bheith aici go
mbeidh a cuid gnólachtaí, rialtas, ionad taighde agus forbartha agus
ollscoileanna mar cheannairí in TFC, iad ag cothú gnólachtaí nua agus ag
déanamh níos mó infheistíochtaí i nuálaíochtaí a bhaineann le TFC. Faoin mbliain 2020, ba
cheart d’earnáil TFC na hEorpa méid comhionann lena cion de mhargadh domhanda TFC
a sholáthar, ar a laghad; faoi láthair ní sholáthraíonn sí ach trian de. Ba
cheart don Eoraip freisin gnólachtaí nuálacha in TFC a chothú ionas gurb iad cuideachtaí arna mbunú le fiche bliain anuas a
infheisteoidh trian d’iomlán an chaiteachais ghnóthais ar thaighde agus ar
fhorbairt in TFC (níos mó ná EUR 35 billiún faoi láthair). Chuige sin,
theastódh méadú mór a dhéanamh ar infheistíochtaí poiblí i dtaighde agus i
bhforbairt TFC ar bhealaí a dhéanfaí an caiteachas príobháideach a ghiaráil, i
dtreo na sprice chun dhá oiread an mhéid infheistíochtaí a dhéanamh sna deich
mbliana atá romhainn, agus méadú mór a dhéanamh ar líon na n‑ionad
Eorpach a bhfuil barr feabhais bainte amach acu in TFC. Chun máistreacht a fháil
ar theicneolaíocht agus ar shlabhraí gnóthais atá ag éirí níos casta agus níos
ildisciplíní in TFC, teastaíonn an chomhpháirtíocht, rioscaí a roinnt agus mais
chriticiúil a shlógadh ar fud an Aontais. Trí bhíthin na gníomhaíochta ar
leibhéal an Aontais, cuidítear le hearnáil na tionsclaíochta dul i ngleic le
peirspictíocht an mhargaidh aonair agus barainneachtaí scála agus réimse a
bhaint amach. Leis an gcomhar atá dírithe ar chláir oibre theicneolaíochta a
mbíonn iarmhairtí agus tionchair ghiarála acu, féadfaidh réimse leathan de
pháirtithe leasmhara leas a bhaint as forbairtí nua agus nuálaíochtaí eile a
chur i bhfeidhm. Trí bhíthin cónascadh agus comhpháirtíocht a dhéanamh ar
leibhéal an Aontais, is féidir comhdhearcaidh a shocrú, pointe fócasach soiléir
a bhunú do na comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus forbairt a dhéanamh ar
chaighdeáin don Aontas agus don domhan mór agus ar réitigh chomh‑inoibritheacha.
1.1.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá TFC mar bhonn is mar thaca ag an nuálaíocht
agus ag an iomaíochas thar réimse leathan de mhargaí agus d’earnálacha
príobháideacha agus poiblí, agus is trína mbíthin is féidir dul chun cinn
eolaíoch a dhéanamh sna disciplíní ar fad. In imeacht na ndeich mbliana atá
amach romhainn, is soiléire fós a bheidh an tionchar arna imirt ag na
teicneolaíochtaí digiteacha, na gnéithe, na bonneagair agus na seirbhísí a
bhaineann le TFC ar gach réimse den saol. Beidh acmhainní ríomhaireachta,
cumarsáide agus stórála sonraí gan teorainn ar fáil do gach saoránach ar
domhan. Ginfidh braiteoirí, meaisíní agus táirgí atá feabhsaithe le faisnéis
méideanna ollmhóra faisnéise agus sonraí, rud a fhágann go mbeidh sé coitianta
gníomhaíocht a dhéanamh i bhfad ón láthair, go bhféadfar próisis ghnóthais agus
láithreáin táirgthe inbhuanaithe a úsáid ar fud an domhain agus go mbeidh réimse
leathan de sheirbhísí agus d’fheidhmeanna ann. Is trí bhíthin TFC a
sholáthrófar cuid mhaith seirbhísí tráchtála agus poiblí riachtanacha, agus
gach próiseas táirgthe faisnéise tábhachtach san eolaíocht, san fhoghlaim, sa
ghnó agus san earnáil phoiblí. Is trí bhíthin TFC a sholáthrófar an bonneagar
criticiúil le haghaidh próiseas táirgthe agus gnó, na cumarsáide agus
idirbheart. Beidh TFC riachtanach freisin chun tabhairt faoi na dúshláin
shochaíocha is tábhachtaí, chomh maith leis na próisis shochaíocha amhail
comhphobail a eagrú, iompar na dtomhaltóirí, agus an pobal a rialú, mar shampla
trí bhíthin na meán sóisialta. Tá an
tacaíocht a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in TFC ina gné
thábhachtach chun na teicneolaíochtaí agus na feidhmeanna den chéad ghlúin eile
a ullmhú, óir is cuid mhór d’iomlán an chaiteachais ar an taighde agus ar an
nuálaíocht chomhoibritheach meánriosca-ardriosca san Eoraip í. Go dtí seo, is riachtanach an infheistíocht phoiblí a
rinneadh i dtaighde agus i nuálaíocht in TFC ar leibhéal an Aontais, agus is
mar sin atá go fóill chun an mhais chriticiúil a spreagadh chun talamh úr a
bhriseadh, chun réitigh, táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus
chun úsáid níos fearr a bhaint astu. Tá ról tábhachtach aici go fóill i gclár
oibre oscailte agus teicneolaíochtaí infheidhme a fhorbairt ar fud an Aontais,
i nuálaíochtaí a thástáil agus a phíolótú i bhfíorthosca pan‑Eorpacha
agus san úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní nuair atáthar ag dul i
ngleic le hiomaíochas an Aontais agus le dúshláin shochaíocha choitianta. Trí
bhíthin na tacaíochta a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in
TFC, féadfaidh fiontair ardteicneolaíochta bheaga agus mheánmhéide fás agus
leas a bhaint as méid na margaí ar fud an Aontais.
Trína bíthin, táthar ag neartú an chomhoibrithe agus an
fheabhais idir eolaithe agus innealtóirí an Aontais, ag treisiú sineirgí leis
na buiséid náisiúnta agus eatarthu, agus ag gníomhú mar phointe fócasach le
haghaidh an chomhoibrithe le comhpháirtithe as áiteanna lasmuigh den Eoraip. Sna meastóireachtaí
leantacha a rinneadh ar ghníomhaíochtaí TFC i gCreatchlár an Aontais maidir le
taighde agus le nuálaíocht, léiríodh gur ríthábhachtach an infheistíocht a
díríodh ar an taighde agus ar an nuálaíocht in TFC agus a rinneadh ar leibhéal
an Aontais chun an cheannaireacht thionsclaíoch a chothú i réimsí amhail an
chumarsáid mhóibíleach, córais TFC a bhraitheann ar an tsábháilteacht, agus
chun dul i ngleic le dúshláin amhail éifeachtúlacht fuinnimh nó an t-athrú
déimeagrafach. Trí bhíthin infheistíochtaí ón Aontas i mbonneagair taighde TFC,
cuireadh na háiseanna taighde, líonraithe agus ríomhaireachta is fearr ar
domhan ar fáil do thaighdeoirí Eorpacha. 1.1.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí Trí bhíthin roinnt línte gníomhaíochta,
díreofar ar dhúshláin a bhaineann leis an gceannaireacht thionsclaíoch agus
teicneolaíochta in TFC, agus cumhdófar cláir chineálacha le haghaidh taighde
agus nuálaíochta in TFC, lena n‑áirítear go háirithe na nithe seo a
leanas: (a)
Glúin nua comhpháirteanna agus córas: Comhpháirteanna agus córais atá sárfhorbartha, cliste agus leabaithe a
cheapadh; (b)
An ríomhaireacht den chéad ghlúin eile: Córais agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta atá
sárfhorbartha; (c)
An tIdirlíon don Todhchaí:
Bonneagair, teicneolaíochtaí agus
seirbhísí; (d)
Teicneolaíochtaí inneachair
agus bainistíocht faisnéise: TFC
le haghaidh inneachair dhigitigh agus na cruthaitheachta; (e)
Comhéadain shárfhorbartha
agus róbait: An róbataic agus
spásanna cliste; (f)
An mhicrileictreonaic,
an nanaileictreonaic agus an fhótónaic: Eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhaineann leis an
micrileictreonaic, leis an nanaileictreonaic agus leis an bhfótónaic. Táthar ag súil le go gcumhdófar an réimse
iomlán riachtanas leis na sé mhórlíne ghníomhaíochta sin. D’áireofaí leo sin an cheannaireacht thionsclaíoch i réitigh
chineálacha atá bunaithe ar TFC, táirgí agus seirbhísí atá riachtanach chun dul i ngleic le mórdhúshláin shochaíocha, chomh mhaith le cláir taighde agus nuálaíochta in TFC atá dírithe ar fheidhmeanna a
dtacófar leo in éineacht leis an dúshlán sochaíoch iomchuí. Áireofar leis na sé líne
ghníomhaíochta sin freisin bonneagair taighde a bhaineann le TFC go sonrach
amhail saotharlanna beo le haghaidh turgnamh ar mhórscála, agus bonneagair le
haghaidh eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin bunúsacha agus iad a chomhtháthú
i dtáirgí sárfhorbartha agus i gcórais chliste nuálacha, lena n‑áirítear trealamh, uirlisí, seirbhísí tacaíochta, seomraí íonghlana, agus
rochtain ar theilgcheártaí chun fréamhshamhaltú a dhéanamh.
1.2. Nanaitheicneolaíochtaí 1.2.1. Cuspóir sonrach le haghaidh
nanaitheicneolaíochtaí Is é cuspóir sonrach an taighde agus na
nuálaíochta nanaitheicneolaíochtaí ceannaireacht an Aontais a áirithiú sa
mhargadh domhanda seo ina bhfuil ardchumas fáis, trí bhíthin infheistíocht i
nanaitheicneolaíochtaí a spreagadh agus an glacadh atá leo i dtáirgí agus i
seirbhísí ard‑bhreisluacha, iomaíocha ar fud raon feidhmeanna agus
earnálacha. Faoi 2020, beidh
nanaitheicneolaíochtaí príomhshruthaithe, is é sin le rá go mbeidh siad
comhtháite go leanúnach leis an gcuid is mó de theicneolaíochtaí agus
d’fheidhmeanna, arna spreagadh ag sochair don tomhaltóir, ag cáilíocht saoil,
ag forbairt inbhuanaithe agus ag an bhféidearthacht thionsclaíoch láidir
réitigh a bhaint amach nach raibh indéanta roimhe sin maidir le táirgiúlacht
agus éifeachtúlacht acmhainní. Ina theannta sin, ní mór don
Eoraip an tagarmharc domhanda a shocrú maidir le himscaradh na
nanaitheicneolaíochta ar bhonn sábháilte agus freagrach agus maidir le
rialachas ina leith lena n‑áiritheofar sochair mhóra ar bhonn sochaíoch
agus tionsclaíoch araon. Is ionann táirgí ina n‑úsáidtear
nanaitheicneolaíochtaí agus margadh domhanda nach féidir leis an Eoraip
neamhaird a thabhairt air. Tá meastacháin an mhargaidh maidir le luach na
dtáirgí ina gcorprófar nanaitheicneolaíocht mar phríomh‑chomhpháirt chomh
hard le EUR 700 billiún faoi 2015 agus EUR 2 thrilliún faoi 2020, lena
mbainfidh idir 2 agus 6 mhilliún post faoi seach. Ba
cheart do chuideachtaí nanaitheicneolaíochta na hEorpa an fás dédhigiteach sin
ar an margadh a shaothrú agus a bheith ábalta sciar den mhargadh cothrom le
sciar na hEorpa de chistiú taighde domhanda (i.e. ceathrú cuid) a ghabháil faoi
2020. 1.2.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Is speictream de theicneolaíochtaí éabhlóidithe
lena mbaineann féidearthacht chruthaithe iad nanaitheicneolaíochtaí, a bhfuil
tionchar réabhlóideach acu ar an méid seo a leanas; m.sh. ábhair, TFC,
eolaíochtaí saoil agus cúram sláinte agus earraí tomhaltóra chomh luath agus a
dhéantar táirgí ceannródaíocha agus próisis tháirgthe cheannródaíocha. Tá ról ríthábhachtach ag nanaitheicneolaíochtaí
maidir le freastal a dhéanamh ar na dúshláin arna sainaithint sa straitéis
Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.
Cuirfidh imscaradh rathúil na n‑eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin seo
le hiomaíochas thionscal an Aontais trí bhíthin táirgí úrnua agus feabhsaithe
nó próisis níos éifeachtaí a chumasú agus freagairtí a chur ar fáil ar
dhúshláin sa todhchaí. Tá an cistiú taighde
domhanda le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí dúbailte ó thuairim agus EUR 6.5
billiún in 2004 go tuairim agus EUR 12.5 billiún in 2008, agus ceathrú den
mhéid sin ag teacht ón Aontas. Tá ceannaireacht
taighde aitheanta ag an Aontas i naineolaíochtaí agus i nanaitheicneolaíochtaí
agus réamh‑mheastar go mbeidh 4000 cuideachta sna réimsí siúd san Aontas
faoi 2015. Ní mór
don Eoraip a staid sa mhargadh domhanda a shlánú agus a fhorbairt trí bhíthin
comhar forleathan a chur chun cinn i slabhraí luacha éagsúla agus thar
shlabhraí luacha agus idir earnálacha tionsclaíocha éagsúla chun táirgí
tráchtála inmharthana a dhéanamh de phróiseas méadaithe ó scála na
dteicneolaíochtaí sin. Tá saincheisteanna an mheasúnaithe agus an bhainistithe
riosca mar aon le rialachas freagrach ag teacht chun cinn mar fhachtóirí
cinntitheacha maidir le tionchar nanaitheicneolaíochtaí sa todhchaí ar an
tsochaí agus ar an ngeilleagar. Ar an gcaoi sin, beidh fócas na ngníomhaíochtaí
ar fheidhmiú nanaitheicneolaíochtaí sa gheilleagar ar bhonn forleathan agus
freagrach, chun sochair lena mbaineann tionchar ard sochaíoch agus tionsclaíoch
a chumasú. D’fhonn na deiseanna féideartha a
áirithiú, lena n‑áirítear cuideachtaí nua a chur ar bun agus poist nua a
ghiniúint, ba cheart go gcuirfí na huirlisí riachtanacha ar fáil trí thaighde
ionas gur féidir caighdeánú agus rialú a chur chun feidhme i gceart. 1.2.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
An chéad ghlúin eile de nana-ábhair, de nanaifheistí
agus de nanachórais a fhorbairt Díriú ar tháirgí atá nua ó bhonn lena
gcumasófar réitigh inbhuanaithe i raon leathan earnálacha. (b)
Forbairt agus feidhmiú nanaitheicneolaíochtaí ar
bhonn sábháilte a áirithiú Eolas eolaíoch maidir le tionchar féideartha
na nanaitheicneolaíochtaí agus na nanachóras ar shláinte agus ar an gcomhshaol
a chur chun cinn, agus uirlisí a chur ar fáil chun measúnú agus bainistiú
riosca a dhéanamh ar feadh na saolré iomláine. (c)
Gné shochaíoch na nanaitheicneolaíochta a fhorbairt Díriú ar rialachas na nanaitheicneolaíochta
chun tairbhe na sochaí. (d)
Nana-ábhair, comhpháirteanna agus córais a
shintéisiú agus a mhonarú go héifeachtúil Díriú ar oibriúcháin nua, ar chomhtháthú
cliste próiseas nua agus reatha, agus méadú ó scála a dhéanamh chun
olltáirgeadh táirgí agus sáslaigh ilfhóinteacha a bhaint amach ionas go
mbeifear in ann nuálaíocht thionsclaíoch a áirithiú le haistriú eolais. (e)
Teicnící feabhsaithe cumais, modhanna tomhais agus
trealamh a fhorbairt Díriú ar na teicneolaíochtaí atá mar bhonn
agus mar thaca ó thaobh tacú le forbairt agus le tabhairt isteach nana-ábhar
agus nanachóras casta ar an margadh. 1.3. Ábhair shárfhorbartha 1.3.1. Cuspóir sonrach le haghaidh
ábhar sárfhorbartha Is é cuspóir sonrach an taighde agus na
nuálaíochta maidir le hábhair shárfhorbartha ábhair lena mbaineann
feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht inseirbhíse fheabhsaithe a fhorbairt, le
haghaidh táirgí níos iomaíche a dhéanann íoslaghdú ar an tionchar ar an
gcomhshaol agus ar ídiú acmhainní. Is príomhchumasúcháin iad
ábhair agus iad i gcroílár na nuálaíochta tionsclaíche. Tá ábhair
shárfhorbartha lena mbaineann ábhar eolais ardleibhéil, feidhmiúlachtaí nua
agus feidhmíocht fheabhsaithe fíor-riachtanach le haghaidh iomaíochas
tionsclaíoch agus forbairt inbhuanaithe ar fud raon feidhmeanna agus earnálacha
1.3.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá ábhair shárfhorbartha nua de dhíth chun
táirgí agus próisis a bheidh inbhuanaithe agus lena mbainfidh feidhmíocht níos
fearr a fhorbairt. Is cuid den réiteach ar ár ndúshláin thionsclaíocha agus
shochaíocha iad na hábhair sin, as a dtiocfaidh feidhmíocht níos fearr ó thaobh
a n‑úsáide de, riachtanais níos lú ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de,
agus inbhuanaitheacht táirgí a bhfuil a ré caite. Is minic go mbaineann forbairt arna spreagadh
ag feidhm le hábhair iomlán nua a dhearadh, lena mbaineann an cumas
feidhmíochtaí inseirbhíse beartaithe a chur ar fáil. Is gné thábhachtach iad na
hábhair sin maidir le slabhra soláthair monaraíochta ardluacha. Tá siad mar bhunús
freisin le haghaidh dul chun cinn i réimsí teicneolaíochta trasnaí (mar shampla
bitheolaíochtaí, leictreonaic agus fótónaic), agus i ngach earnáil den mhargadh
a bheag nó a mhór. Is ionann na hábhair iad féin agus príomhbheart chun luach
na dtáirgí agus a bhfeidhmíocht a mhéadú. Tá luach agus tionchar measta na n‑ábhar
sárfhorbartha suntasach, agus ráta fáis bliantúil de thart ar 6 % ag gabháil
leo agus méid margaidh ionchais de thuairim is EUR 100 billiún faoi 2015. Ceapfar ábhair de réir cur chuige saolré
iomlán, ó sholáthar na n‑ábhar atá ar fáil go dtí deireadh ré (próiseas
athghiniúnach), ag féachaint do chineálacha cur chuige éagsúla nuálacha chun na
hacmhainní a bhíonn de dhíth le haghaidh a dtrasfhoirmithe a íoslaghdú. Cumhdófar úsáid leanúnach, athchúrsáil nó úsáid
thánaisteach ábhar a bhfuil a ré caite mar aon le nuálaíocht shochaíoch
ghaolmhar. D’fhonn dlús a
chur faoin dul chun cinn, cothófar cur chuige ildisciplíneach agus inréimneach,
lena mbainfidh ceimic, fisic, eolaíochtaí innealtóireachta, samhaltú
teoiriciúil agus ríomhaireachtúil, eolaíochtaí bitheolaíocha agus dearadh
tionsclaíoch a bheidh níos cruthaithí. Cothófar comhghuaillíochtaí nua agus
nuálaíochta glasa mar aon le siombóis thionsclaíoch ionas gur féidir le
tionscail a samhlacha gnó a éagsúlú, a fhorleathnú agus a gcuid dramhaíola a
athúsáid mar bhunús le táirgiúlachtaí nua, e.g. CO2 mar bhunús
carbóin le haghaidh míncheimiceán agus breoslaí malartacha. 1.3.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Teicneolaíochtaí ábhar trasnaí agus cumasúcháin Taighde ar ábhair fheidhmeacha, ar ábhair
ilfheidhmeacha agus ar ábhair struchtúracha, le haghaidh nuálaíochta i ngach
earnáil thionsclaíoch. (b)
Ábhair a fhorbairt agus a thrasfhoirmiú Taighde agus forbairt chun méadú ó scála ar
bhonn éifeachtúil agus inbhuanaithe a áirithiú ionas gur féidir monaraíocht
thionsclaíoch táirgí sa todhchaí a chumasú (c)
Bainistíocht ar chomhpháirteanna ábhar Taighde agus forbairt a dhéanamh le haghaidh
na dteicnící agus na gcóras nua agus nuálach. (d)
Ábhair do thionscal inbhuanaithe agus ísealcharbóin Táirgí agus feidhmeanna nua a fhorbairt agus
iompar tomhaltóirí a laghdaíonn an t-éileamh ar fhuinneamh, agus a éascaíonn
táirgeadh ísealcharbóin. (e)
Ábhair do thionscail chruthaitheacha Dearadh agus forbairt ar theicneolaíochtaí
inréimneacha a fheidhmiú chun deiseanna nua gnó a chruthú, caomhnú ábhar lena
mbaineann luach stairiúil nó cultúrtha san áireamh. (f)
Méadreolaíocht, tréithriú, caighdeánú agus rialú
cáilíochta Teicneolaíochtaí a chur chun cinn amhail
tréithriú, meastóireacht neamhscriosach agus samhaltú réamhfháistineach ar
fheidhmíocht maidir le dul chun cinn in eolaíocht na n‑ábhar agus in
innealtóireacht. (g)
An leas is fearr a bhaint as úsáid ábhar Taighde agus forbairt chun imscrúdú a dhéanamh
ar roghanna eile maidir le húsáid ábhar agus cineálacha cur chuige éagsúla gnó
atá nuálach. 1.4. Biteicneolaíocht 1.4.1. Cuspóir sonrach le haghaidh
biteicneolaíochta Is é cuspóir
sonrach an taighde agus na nuálaíochta biteicneolaíochta táirgí agus próisis
iomaíocha, inbhuanaithe, nuálacha agus tionsclaíocha a fhorbairt agus
rannchuidiú mar ghníomhaí nuálaíochta i roinnt earnálacha Eorpacha amhail
talmhaíocht, bia, ceimiceáin agus sláinte. Tacóidh
bunús láidir eolaíoch, teicneolaíochta agus nuálach i mbiteicneolaíocht le
tionscail na hEorpa ceannaireacht a bhaint amach san eochairtheicneolaíocht
chumasúcháin sin. Neartófar an staid sin a thuilleadh trí bhíthin an measúnú
sábháilteachta agus gnéithe bainistíochta na rioscaí foriomlána maidir le
himscaradh na biteicneolaíochta a chomhtháthú. 1.4.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Arna spreagadh ag an méadú ar eolas ar chórais
bheo, tá biteicneolaíocht ar tí sruth feidhmeanna nua a chur ar fáil agus bonn
tionsclaíoch an Aontais agus a chumas nuálaíochta a neartú. Tá samplaí de thábhacht mhéadaitheach na biteicneolaíochta
ar fáil i bhfeidhmeanna tionsclaíocha lena n‑áirítear bith‑cheimiceáin, a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú suas
le 12 %-20 % ar sciar den mhargadh maidir le táirgeadh ceimiceán faoi 2015. Déantar freastal ar chuid de dhá riail déag na Ceimice
Glaise mar a thugtar orthu i mbiteicneolaíocht freisin, i ngeall ar
roghnaíocht agus éifeachtúlacht na mbithchóras. Is féidir na hualaí
eacnamaíocha féideartha d’fhiontair an Aontais a laghdú trí bhíthin
féidearthacht na bpróiseas biteicneolaíochta agus na dtáirgí bithbhunaithe a
ghabháil chun astaíochtaí CO2 a laghdú, a mheastar a bheidh
ina gcoibhéis idir 1 agus 2.5 billiún tonna CO2 in aghaidh na bliana
faoi 2030. Cheana féin, in earnáil bhithchógaisíochta na hEorpa, díorthaítear
tuairim agus 20 % de na cógais reatha ó bhiteicneolaíocht, ar cógais nua suas
le 50 % díobh. Cruthaítear bealaí nua trí bhíthin
biteicneolaíochta chun acmhainneacht ollmhór acmhainní muirí a shaothrú chun
feidhmeanna tionsclaíocha, sláinte agus comhshaoil nuálacha a tháirgeadh.
Táthar ag tuar go dtiocfaidh fás 10 % in aghaidh na bliana ar earnáil
éiritheach na biteicneolaíochta muirí (gorm). Eochairfhoinsí nuálaíochta
eile atá ag an gcomhéadan idir biteicneolaíocht agus teicneolaíochtaí cumasúcháin
agus inréimneacha, go háirithe nanaitheicneolaíochtaí agus TFC, lena mbaineann
feidhmeanna amhail braiteacht agus diagnóisiú. 1.4.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Béim a chur ar bhiteicneolaíochtaí ar thús
cadhnaíochta mar ghníomhaí nuálaíochta sa todhchaí Réimsí teicneolaíochta éiritheacha amhail
bitheolaíocht shintéiseach, bithfhaisnéisíocht agus bitheolaíocht chóras, lena
mbaineann féidearthacht iontach le haghaidh feidhmeanna a bheidh go hiomlán
úrnua. (b)
Próisis thionsclaíocha bunaithe ar bhiteicneolaíocht Biteicneolaíocht thionsclaíoch a fhorbairt le
haghaidh táirgí tionsclaíocha agus próiseas tionsclaíoch (e.g. ceimiceán,
sláinte, mianadóireacht, fuinneamh, laíon agus páipéar, teicstíl, stáirse,
próiseáil bhia) agus an ghné chomhshaoil lena mbaineann. (c)
Teicneolaíochtaí ardáin nuálacha agus iomaíocha Teicneolaíochtaí ardáin a fhorbairt (e.g.
géanómaíocht, meitighéanómaíocht, próitéamaíocht, uirlisí móilíneacha) chun
ceannaireacht agus buntáiste iomaíoch i líon fairsing earnálacha eacnamaíocha a
fheabhsú. 1.5. Ardmhonaraíocht agus an
ardphróiseáil 1.5.1. Cuspóir sonrach Is é cuspóir sonrach taighde agus
nuálaíochta na hardmhonaraíochta agus ardphróiseála foirmeacha tionsclaíocha
táirgthe an lae inniu a thrasfhoirmiú i dtreo teicneolaíochtaí monaraíochta
agus próiseála tras‑earnála dlútheolais inbhuanaithe, as a dtiocfaidh
táirgí, próisis agus seirbhísí níos nuálaí. 1.5.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá an earnáil monaraíochta ríthábhachtach don
gheilleagar Eorpach, ag rannchuidiú tuairim agus 17 % den OTI agus freagrach as
thart ar 22 milliún post san Aontas in 2007. Idir
maolú na mbac eacnamaíoch ar thrádáil agus éifeacht chumasúcháin na
teicneolaíochta cumarsáide, tá monaraíocht faoi réir iomaíocht ghéar agus
claonadh ann í a aistriú chuig na tíortha ina bhfuil an costas foriomlán is
ísle. I ngeall ar ard‑thuarastail, tá gá le hathrú radacach ar an gcur
chuige Eorpach maidir le monaraíocht má tá an Eoraip chun bheith iomaíoch i
gcónaí ar bhonn domhanda agus d’fhéadfadh “Fís 2020” cuidiú chun na
páirtithe leasmhara go léir a thabhairt le chéile chun é sin a bhaint amach. Ní mór don Eoraip
infheistiú i gcónaí ar leibhéal an Aontais chun ceannaireacht agus inniúlacht
na hEorpa a chothabháil i leith teicneolaíochtaí monaraíochta agus an t-aistriú
a dhéanamh chuig earraí ardluacha dlútheolais, chun na dálaí agus na sócmhainní
a chruthú le haghaidh seirbhís saolré inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar
fáil i dtaobh táirge monaraíochta. Ní mór do thionscail mhonaraíochta agus do
phróisis atá dian ó thaobh acmhainní a gcuid acmhainní agus eolais a úsáid
tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus infheistiú i dtaighde, i bhforbairt agus
i nuálaíocht i gcónaí chun dul chun cinn breise a chumasú i dtreo geilleagair
ísealcharbóin iomaíoch agus chun na laghduithe uile-Aontais arna gcomhaontú
maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa le haghaidh earnálacha tionsclaíocha
a chomhlíonadh faoi 2050[24]. Trí bheartais láidre an Aontais, dhéanfadh an
Eoraip na hearnálacha tionsclaíocha reatha a fhás agus earnálacha tionsclaíocha
éiritheacha na todhchaí a chothú. Is suntasach iad
luach agus tionchar measta earnáil na gcóras monaraíochta sárfhorbartha, lena
mbaineann méid margaidh ionchais dar luach EUR 150 billiún faoi 2015 agus ráta
fáis bliantúil de thuairim agus 5 %. Is ríthábhachtach é go
gcoimeádfar an t-eolas agus an inniúlacht chun cumas monaraíochta agus
próiseála a choinneáil san Eoraip. Beidh béim na ngníomhaíochtaí taighde agus
nuálaíochta ar mhonaraíocht agus ar phróiseáil inbhuanaithe, lena dtabharfar an
nuálaíocht theicniúil agus an díriú ar chustaiméirí atá riachtanach isteach
chun táirgí agus seirbhísí dlútheolais lena mbaineann ídiú íseal ar ábhar agus
ar fhuinneamh a tháirgeadh. Ina theannta sin, ní mór don Eoraip na
teicneolaíochtaí agus an t-eolas cumasúcháin a aistriú chuig earnálacha
táirgiúla eile, amhail tógáil, atá ina mórfhoinse gás ceaptha teasa (GHG) áit
ar ionann gníomhaíochtaí tógála agus tuairim is 40 % d’ídiú fuinnimh san
Eoraip, as a dtagann 36 % de na hastaíochtaí CO2. Ní mór don earnáil tógála, ina ngintear 10 % d’OTI agus ina gcuirtear
tuairim agus 16 mhilliún post ar fáil san Eoraip idir 3 mhilliún fiontar, ar
fiontair bheaga agus mheánmhéide 95 % díobh, ábhair nuálacha agus cineálacha
cur chuige éagsúla maidir le monaraíocht a ghlacadh chun a tionchar comhshaoil
a mhaolú. 1.5.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Teicneolaíochtaí le haghaidh Monarchana na Todhchaí Fás tionsclaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn
trí bhíthin athrú straitéiseach san Eoraip ó mhonaraíocht chostas‑bhunaithe
go cur chuige bunaithe ar chruthú ardbhreisluacha. (b)
Teicneolaíochtaí lena gcumasaítear foirgnimh atá
tíosach ar fhuinneamh Ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2
a laghdú trí bhíthin teicneolaíochtaí tógála inbhuanaithe a fhorbairt agus a
imscaradh. (c)
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ísealcharbóin i
dtionscail phróisis atá dian ó thaobh fuinnimh de Iomaíochas na dtionscal próisis a mhéadú, trí
bhíthin éifeachtúlachtaí acmhainne agus fuinnimh a fheabhsú go suntasach agus
tionchar comhshaoil gníomhaíochtaí tionsclaíocha den sórt sin a laghdú trí
bhíthin an tslabhra luacha iomláine, glacadh le teicneolaíochtaí ísealcharbóin
a chur chun cinn. (d)
Samhlacha gnó inbhuanaithe nua Coincheapa agus modheolaíochtaí a dhíorthú le
haghaidh samhlacha gnó oiriúnaitheacha ‘eolasbhunaithe’ i gcineálacha cur
chuige éagsúla saincheaptha. 1.6. An Spás 1.6.1. Cuspóir sonrach le haghaidh an
spáis Is é cuspóir sonrach an spásthaighde agus
na nuálaíochta spáis tionscal spáis agus pobal spásthaighde a bheidh iomaíoch
agus nuálach a chothú chun bonneagar spáis a fhorbairt agus a shaothrú d’fhonn
freastal ar bheartas an Aontais agus ar riachtanais shochaíocha sa todhchaí. Tá neartú Earnáil spáis na
hEorpa trí bhíthin spásthaighde agus nuálaíocht spáis a threisiú ríthábhachtach
chun cumas na hEorpa a chothabháil agus a chosaint ó thaobh rochtain a fháil ar
an spás agus oibriúcháin a dhéanamh ann chun tacú le beartais an Aontais, leasa
straitéiseacha idirnáisiúnta agus le hiomaíochas i measc na náisiún
fadbhunaithe agus éiritheach a dhéanann taisteal sa spás. 1.6.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Is cumasúchán tábhachtach é an spás,
d’ainneoin gur minic nach dtugtar é sin faoi deara, le haghaidh seirbhísí agus
táirgí éagsúla atá ríthábhachtach do shochaí an lae inniu, amhail loingseoireacht,
cumarsáid, réamhaisnéisí aimsire, agus faisnéis gheografach. Braitheann ceapadh agus cur chun feidhme beartas ar
leibhéil Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha ar bhonn níos minice ar fhaisnéis
a dhíorthaítear ón spás. Tá earnáil dhomhanda an spáis ag fás agus ag
forleathnú go mear chuig réigiúin nua (e.g. an tSín, Meiriceá Theas). I láthair
na huaire is onnmhaireoir suntasach é earnáil tionsclaíochta na hEorpa de
shatailítí den chéad scoth chun críocha tráchtála agus eolaíocha. Is dúshlán do
staid na hEorpa sa réimse seo an méadú ar iomaíocht dhomhanda. Is chun leas na
hEorpa é a áirithiú go leanfaidh an borradh faoina thionscal sa mhargadh sin
atá thar a bheith iomaíoch. Ina theannta sin, bhí sonraí ó shatailítí
eolaíochta na hEorpa ar roinnt de na léimeanna chun cinn is suntasaí san
eolaíocht le scór nó le deich mbliana fichead anuas sna domhaneolaíochtaí agus
sa réalteolaíocht. Agus an cumas uathúil seo aici, tá ról ríthábhachtach ag
earnáil spáis na hEorpa freastal ar na dúshláin arna sainaithint trí bhíthin
“Eoraip 2020”. Tá taighde, forbairt
teicneolaíochta agus nuálaíocht mar bhonn agus mar thaca ag cumais sa spás atá
ríthábhachtach do shochaí na hEorpa. Cé go gcaitheann Stáit Aontaithe Mheiriceá
tuairim is 25 % dá mbuiséad spáis ar thaighde agus ar fhorbairt, caitheann an
tAontas níos lú ná 10 % air. Ina theannta sin, tá spásthaighde san Aontas
ilroinnte i gcláir náisiúnta roinnt beag Ballstát. D’fhonn an buntáiste
teicneolaíochta agus iomaíoch a chothabháil ní mór gníomh a ghlacadh ar bhonn
an Aontais chun spásthaighde a chomhordú, rannpháirtíocht taighdeoirí ó na
Ballstáit go léir a chur chun cinn, agus na baic ar chomharthionscadail
spásthaighde thar theorainneacha náisiúnta a ísliú. Ní mór é sin a dhéanamh i
gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, a bhfuil forbairt ar shatailít
thionsclaíoch mar aon le misin domhainspáis bainistithe go rathúil aici ar
bhonn idir-rialtasach i bpáirt le fothacar na mBallstát ó 1975. Ina theannta
sin, beidh an fhaisnéis arna cur ar fáil ag satailítí Eorpacha ina hacmhainneacht
mhéadaitheach le haghaidh tuilleadh forbartha ar sheirbhísí iartheachtacha
nuálacha bunaithe ar shatailítí. Is earnáil ghníomhaíochta shamplach í sin le
haghaidh fiontar beag agus meánmhéide agus ba cheart tacú léi trí bhíthin beart
taighde agus nuálaíochta d’fhonn sochair iomlána na deise sin a bhaint, agus go
háirithe ó thaobh na n‑infheistíochtaí suntasacha arna ndéanamh sa dá
thionscadal suaitheanta de chuid an Aontais: Galileo agus GMES. Is é nádúr an spáis
teorainneacha críche a tharchéimniú, rud a thugann ardán uathúil lena mbaineann
gné dhomhanda, ar an gcaoi sin déantar tionscadail mhórscála (e.g. an Stáisiún
Spáis Idirnáisiúnta, Feasacht Shuíomhúil Spáis) trí bhíthin comhair
idirnáisiúnta. Is ríthábhachtach é go mbeidh comhbheartas spáis Eorpach agus
gníomhaíochtaí spásthaighde agus nuálaíochta spáis ar leibhéal Eorpach ann
d’fhonn ról suntasach a bhaint amach i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta spáis sna
blianta amach romhainn. Tá spásthaighde agus
nuálaíocht faoi “Fís 2020” ar chomhréim le tosaíochtaí beartas spáis an
Aontais de réir mar a dhéanann Comhairlí Spáis an Aontais agus an Coimisiún
Eorpach iad a shainiú i gcónaí[25]. 1.6.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Iomaíochas Eorpach, neamhspleáchas agus nuálaíocht
earnáil spáis na hEorpa a chumasú Is éard atá i gceist leis sin tionscal spáis
fiontraíoch agus iomaíoch a chosaint agus a fhorbairt mar aon le pobal
spásthaighde den chéad scoth chun ceannaireacht agus neamhspleáchas na hEorpa a
chothabháil ó thaobh teicneolaíochta spáis de, nuálaíocht san earnáil spáis a
chothú, agus nuálaíocht spás‑bhunaithe ar an talamh a chumasú, mar
shampla sonraí cianbhraite agus loingseoireachta a úsáid. (b)
Dul chun cinn i dteicneolaíochtaí spáis a chumasú Is é an aidhm ardteicneolaíochtaí spáis agus
coincheapa oibriúcháin a fhorbairt ó smaoinítear orthu go léirítear iad sa
spás, lena n‑áirítear loingseoireacht agus cianbhraiteacht, agus
sócmhainní spáis a chosaint ó bhagairtí amhail smionagar agus grianbhladhmanna.
Ní mór oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ar
bhonn leanúnach le haghaidh innealtóirí agus eolaithe ardoilte chun
ardteicneolaíochtaí spáis a fhorbairt agus a fheidhmiú. (c)
Saothrú sonraí spáis a chumasú Féadfar sonraí ó shatailítí Eorpacha a
shaothrú ar bhonn méadaithe má dhéantar tréaniarracht próiseáil, bailíochtú
agus caighdeánú na sonraí spáis a chomhordú agus a eagrú. Ina theannta sin,
féadfaidh nuálaíochtaí maidir le láimhseáil agus le scaipeadh sonraí toradh
níos mó as infheistíocht i mbonneagar spáis a áirithiú, agus rannchuidiú le dul
i ngleic le dúshláin shochaíocha, go háirithe má bhíonn siad comhordaithe in
iarracht dhomhanda mar shampla trí bhíthin Chóras Réadlainne Uile-Dhomhanda na
gCóras (Global Earth Observation System of Systems), Clár
loingseoireachta satailíte na hEorpa - ‘Galileo’ nó IPCC le haghaidh
saincheisteanna um athrú aeráide. (d)
Taighde Eorpach a chumasú mar thaca le
comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta spáis Bíonn gné dhomhanda ó bhun i gceist le
gníomhaíochtaí spáis. Tá sé sin thar a bheith soiléir i gcás gníomhaíochtaí amhail
Feasacht Shuíomhúil Spáis (SSA), agus go leor tionscadal eolaíochta agus
taiscéalaíochta spáis eile. Bíonn teicneolaíocht
spáis ar thús cadhnaíochta á forbairt ar bhonn níos minice faoi chuimsiú
comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin. Is fachtóir ratha tábhachtach le
haghaidh taighdeoirí agus tionscal na hEorpa rochtain orthu a áirithiú. 2. Rochtain ar mhaoiniú riosca 2.1 Cuspóir sonrach Is é an
cuspóir sonrach atá leis cabhrú chun easnaimh sa mhargadh a leigheas ó thaobh
rochtain a fháil ar mhaoiniú riosca le haghaidh taighde agus nuálaíochta. Tá drochbhail ar chúrsaí infheistíochta sa
réimse taighde agus nuálaíochta (T&N), go háirithe i gcás na bhfiontar beag
agus meánmhéide nuálach agus comhlachtaí meánchaipitlithe a bhféadfadh fás ard
a bheith i ndán dóibh. Tá roinnt bearnaí móra sa mhargadh i dtaca le soláthar
maoinithe, toisc gurb iondúil go measann lucht an mhargaidh go bhfuil riosca
rómhór ag baint leis na nuálaíochtaí sin atá riachtanach chun na spriocanna
beartas a bhaint amach. Cabhróidh saoráid le haghaidh fiach (‘Saoráid
fiachais') agus saoráid le haghaidh cothromas (‘Saoráid cothromais') chun
fadhbanna den sórt sin a shárú trí fheabhas a chur ar phróifílí maoinithe agus
próifílí riosca na ngníomhaíochtaí T&N lena mbaineann. Déanfaidh siad sin éascú ar an rochtain a bheidh ag
gnólachtaí agus ag tairbhithe eile ar iasachtaí, ar ráthaíochtaí agus ar
fhoirmeacha eile maoinithe riosca; spreagfaidh siad infheistíocht luath‑chéime
agus forbairt cistí nua caipitil fiontair; feabhsóidh siad aistriú eolais agus
an margadh maidir le maoin intleachtúil; meallfaidh siad cistí chuig an margadh
caipitil fiontair; agus, tríd is tríd, feidhmeoidh siad mar chatalaíoch ag
spreagadh na gluaiseachta ó smaoineamh faoi tháirgí agus seirbhísí nua, go dtí
an chéim ina bhforbrófar agus ina dtaispeánfar iad agus ar aghaidh go dtí an
chéim sin ina ndéanfar tráchtálú orthu. Is é an éifeacht
fhoriomlán a bheidh acu cur le toilteanas na hearnála príobháidí infheistíocht
a dhéanamh i T&N agus dá bhrí sin tacú le baint amach ceann de
phríomhspriocanna Eoraip 2020: go mbeidh 3% de OTI an Aontais á infheistiú
i T&F faoi dheireadh na deich mbliana seo. Cabhróidh an úsáid a bhainfear
as ionstraimí airgeadais freisin chun cuspóirí T&N gach earnála a bhaint
amach agus na réimsí beartais atá ríthábhachtach maidir le tabhairt faoi
dhúshláin shochaíocha (mar athrú aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus
acmhainní, sábháilteacht an tsoláthair dhomhanda bia, soláthar cúraim sláinte,
agus daonra atá ag dul in aois), chun cur le hiomaíochas, agus tacú le fás
inbhuanaithe, cuimsitheach agus soláthar leasa comhshaoil agus leasa poiblí
eile. 2.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá gá le Saoráid fiachais ar leibhéal
an Aontais le haghaidh T&N chun cur leis an dóchúlacht go dtabharfar iasachtaí
agus ráthaíochtaí agus go mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le
T&N. Tá bearna sa mhargadh faoi láthair idir an
t-éileamh agus an soláthar maidir le hiasachtaí agus ráthaíochtaí le haghaidh
infheistíochtaí baolacha T&N, agus bíodh is go bhfuil an tSaoráid
Airgeadais Riosca-Roinnte (SARR) ag iarraidh freastal orthu faoi láthair, is
dócha go leanfaidh an bhearna ar aghaidh agus gur beag iasacht a mbeidh riosca
níos airde ag baint léi a thabharfaidh na bainc thráchtála. Bhí an‑éileamh
ar mhaoiniú iasachtaí SARR ó seoladh an tsaoráid i lár na bliana 2007: sa chéad
chéim (2007-2010) bhí an méid a glacadh 50% níos airde ná a rabhthas ag súil
leis i dtéarmaí na bhformheasanna gníomhacha iasachtaí (EUR 7.6 billiún i
gcomparáid leis an EUR 5 bhilliún a bhí á thuar). Ina theannta sin, ní
bhíonn sé ar chumas na mbanc de ghnáth luach a chur ar shócmhainní eolais,
amhail maoin intleachtúil, agus dá bhrí sin, is minic nach mbíonn siad sásta
infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí eolasbhunaithe. Dá thoradh sin ní
féidir lena lán cuideachtaí bunaithe nuálacha - idir bheag agus mhór -
iasachtaí a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí T&N a bhfuil riosca níos airde
ag baint leo. Eascraíonn na bearnaí
margaidh seo go bunúsach ó éiginnteachtaí, neamhshiméadrachtaí faisnéise, agus
ó na costais arda a bhaineann le dul i ngleic leis na saincheisteanna seo:
bíonn teist róghearr ag gnólachtaí a bunaíodh le deireanas chun dreamanna a
d’fhéadfadh iasachtaí a thabhairt dóibh a shásamh, agus is minic nach féidir le
gnólachtaí bunaithe go leor faisnéise a sholáthar, agus ar aon nós ní bhíonn sé
soiléir ag tús infheistíochta T&N cibé an mbeidh nuálaíocht rathúil ann de
thoradh na n‑iarrachtaí a dhéanfar. Ina theannta sin, is
iondúil nach mbíonn comhthaobhacht go leor ag fiontair ag céimeanna forbartha
coincheapa ná nuair a bhíonn siad ag obair i réimsí atá ag teacht chun cinn.
Dídhreasacht eile is ea an chaoi fiú má éiríonn le gníomhaíochtaí T&N
táirge nó próiseas tráchtála a chruthú, ní léir ar chor ar bith go mbeidh an chuideachta
a bhfuil an obair déanta aici in ann na sochair go léir a thagann uaidh a fháil
go heisiach di féin. I dtéarmaí luach breise an
Aontais, cabhróidh an tsaoráid Fiachais chun na heasnaimh sa mhargadh a
leigheas a chuireann cosc ar an earnáil phríobháideach infheistiú i T&N ar
an leibhéal is fearr. Nuair a chuirfear chun feidhme í beifear in ann mais
chriticiúil acmhainní a chur i dtoll a chéile ó bhuiséad an Aontais, agus ar
bhonn roinnte riosca ón institiúid (nó ó na hinstitiúidí) airgeadais a mbeidh
sé de chúram uirthi (nó orthu) í a chur chun feidhme. Spreagfaidh sé sin
gnólachtaí chun níos mó dá gcuid airgid féin a infheistiú i T&N ná mar a
dhéanfadh siad murach í. Ina theannta sin, cabhróidh an tsaoráid Fiachais le
heagraíochtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, na rioscaí a bhaineann le
soláthar réamhthráchtálach agus le soláthar táirgí agus seirbhísí nuálacha a
laghdú. Tá saoráid Cothromais i gcomhair
T&N ag teastáil ar leibhéal an Aontais le feabhas a chur ar infhaighteacht
maoinithe cothromais i gcomhair infheistíochtaí luatha agus infheistíochtaí ag
céim fáis agus le cur le forbairt mhargadh an chaipitil riosca san Aontas. Le linn na céime aistrithe teicneolaíochta agus
nuathionscanta bíonn ar chuideachtaí nua “gleann an bháis” a thrasnú ina dtagann
deireadh le deontais taighde poiblí agus nach féidir leo maoiniú príobháideach
a mhealladh chucu. Maidir leis an tacaíocht phoiblí a bhfuil sé d’aidhm aici
giaráil a dhéanamh ar chistiú príobháideach síl agus nuathionscanta chun an
bhearna seo a líonadh, tá sí ró-ilroinnte nó ró-eatramhach, nó níl an saineolas
is gá ag an lucht bainistíochta. Ina theannta sin, tá an chuid is mó de na
cistí caipitil riosca san Eoraip róbheag le tacú le fás leanúnach na
gcuideachtaí nuálacha agus ní bhíonn an mhais chriticiúil acu le
speisialtóireacht a dhéanamh ná oibriú ar bhonn trasnáisiúnta. Tá iarmhairtí
tromchúiseacha aige sin. Bhíodh thart ar EUR 7 billiún á n‑infheistiú in
aghaidh na bliana i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide ag cistí caipitil riosca
na hEorpa sular tharla an ghéarchéim airgeadais, agus infheistíodh idir EUR 3
agus 4 bhilliún in 2009 agus in 2010. Bhí tionchar ag an laghdú a rinneadh ar
chistiú caipitil riosca ar líon na gcomhlachtaí nuathionscanta ar tugadh cistí
caipitil riosca dóibh: fuair thart ar 3,000 fiontar beag agus meánmhéide cistiú
caipitil riosca sa bhliain 2007 i gcomparáid le tuairim is 2,500 in 2010. I dtéarmaí breisluach an
Aontais déanfaidh saoráid Cothromais i gcomhair T&N comhlánú ar scéimeanna
náisiúnta nach féidir leo freastal a dhéanamh ar infheistíochtaí T&N
trasteorann. Lena chois sin beidh éifeacht taispeántais ag idirbhearta luath‑chéime
a rachaidh chun sochair infheisteoirí poiblí agus príobháideacha ar fud na
hEorpa. Maidir le céim an fháis, is ar an leibhéal Eorpach amháin is féidir an
scála sin a bhaint amach mar aon le rannpháirtíocht láidir infheisteoirí
príobháideacha atá fíor-riachtanach má tá margadh féinchothabhálach caipiteal
riosca le feidhmiú. Cuideoidh na saoráidí Fiachais agus
Cothromais, a mbeidh tacaíocht acu ó thacar beart tionlacain, le baint
amach cuspóirí beartais "Fís 2020”. Chuige
sin, beidh siad tiomanta do chomhdhlúthú agus d’ardú caighdeán bhonn eolaíochta
na hEorpa; chur chun cinn taighde agus nuálaíochta le clár oibre dírithe ar
ghnó; agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí agus béim faoi leith acu
ar ghníomhaíochtaí mar phíolótú, mar thaispeántais, mar thrialacha sábháilte
agus féachaint an nglacfaidh an margadh leo. Ina theannta sin,
cabhróidh siad le dul i ngleic le baint amach na gcuspóirí T&N atá ag cláir
agus réimsí beartais eile, mar an Comhbheartas Talmhaíochta, gníomhú ar son na
haeráide (athrú chuig geilleagar ísealcharbóin agus oiriúnú don athrú aeráide),
agus an Comhbheartas Iascaigh. Forbrófar comhlántachtaí le hionstraimí airgeadais
náisiúnta agus réigiúnacha i gcomhthéacs an Chomhchreata Straitéisigh i
gcomhair Beartais Chomhtháthaithe, áit a bhfuiltear á thuar go mbeidh ról níos
leithne ag ionstraimí airgeadais. Nuair a bhíothas á
ndearadh cuireadh san áireamh an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na
saintréithe sonracha a bhaineann le heasnaimh sa mhargadh, (mar an méid
fuinnimh agus ráta cruthaithe cuideachtaí) agus riachtanais mhaoinithe na
réimsí sin agus réimsí eile. B’fhéidir go ndéanfaí oiriúnú ar leithdháiltí
buiséadacha idir na hionstraimí i rith "Fís 2020" mar fhreagra
ar athruithe ar dhálaí eacnamaíocha. Maidir leis an tsaoráid Cothromais agus deis
na bhfiontar beag agus meánmhéide leas a bhaint as an tsaoráid Fiachais,
cuirfear i bhfeidhm iad mar chuid de dhá Ionstraim Airgeadais an AE a sholáthraíonn cothromas agus fiachas chun
tacú le T&N agus fás na bhfiontar beag agus meánmhéide i gcomhcheangal leis
na saoráidí cothromais agus fiachais atá ann faoin gClár le haghaidh Iomaíochas
Fiontar agus Fiontar Beag agus Meánmhéide. 2.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
An tsaoráid Fiachais a chuirfidh maoiniú fiachais
ar fáil i gcomhair T&N: ‘Seirbhís iasachta & ráthaíochta an Aontais le
haghaidh taighde agus nuálaíochta' Is é an aidhm feabhas a chur ar rochtain ar
mhaoiniú fiachais — iasachtaí, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí agus cineálacha
eile maoinithe fiachais agus riosca — i gcomhair eintiteas poiblí agus
príobháideach agus i gcomhair comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí atá
páirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil infheistíochtaí
rioscúla ag teastáil lena dtabhairt chun foirfeachta. Díreofar
ar thacú le saothair thaighde agus nuálaíochta a bhfuil an‑seans acu barr
feabhais a bhaint amach. Táthar ag súil go mbeidh
na tairbhithe deiridh ina n‑aonáin dhlíthiúla de gach méid a mbeidh sé ar
a gcumas airgead a fháil ar iasacht agus é a aisíoc, agus go háirithe, fiontair
bheaga agus mheánmhéide a bhfuil an cumas iontu dul i mbun nuálaíochta agus fás
go tapa; comhlachtaí meánchaipitlithe agus gnólachtaí móra; ollscoileanna agus
institiúidí taighde; cineálacha éagsúla bonneagair thaighde agus bonneagair
nuálaíochta; comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha; agus tionscadail nó meáin
i gcomhair cuspóirí speisialta. Beidh dhá phríomhghné ag
baint leis an gcistiú a thabharfar don tsaoráid Fiachais: (1) Gné faoi thionchar an éilimh ag
soláthar iasachtaí agus ráthaíochtaí ar bhonn tús freastail ar an gceann is
túisce, mar aon le tacaíocht faoi leith do thairbhithe mar fhiontair bheaga
agus mheánmhéide agus comhlachtaí meánchaipitlithe. Tabharfaidh
an chomhpháirt seo freagra ar an bhfás seasta agus leanúnach atá le feiceáil i
líon na n‑iasachtaí SARR atá faoi thionchar an éilimh. Tacófar le
gníomhaíochtaí faoin bhfuinneog le haghaidh Fiontar Beag agus Meánmhéide a
bhfuil sé d’aidhm acu rochtain níos fearr a sholáthar d’Fhiontair Bheaga agus
Mheánmhéide agus d’eintitis eile atá faoi thionchar T&F nó faoi thionchar
nuálaíochta, nó faoi thionchar an dá rud le chéile. (2) Gné a bheidh spriocdhírithe
ar bheartais agus ar phríomhearnálacha atá ríthábhachtach le dul i ngleic le
dúshláin shochaíocha, le cur le hiomaíochas, le tacú le fás cuimsitheach,
inbhuanaithe, ísealcharbóin agus a sholáthróidh leas comhshaoil agus leas
poiblí eile. Cabhróidh an ghné seo leis an Aontas dul
i ngleic le gnéithe taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí beartas
earnála. (b)
An tsaoráid Fiachais a chuirfidh maoiniú cothromais
ar fáil i gcomhair T&N: ‘Ionstraimí cothromais an
Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíochta’ Is é an sprioc atá leo rannchuidiú le sárú na
n‑easnamh atá i margadh caipitil riosca na hEorpa agus cothromas agus
cuasachothromas a chur ar fáil le freastal ar riachtanais forbartha agus
maoinithe fiontar atá i mbun nuála ó chéim an tsíl ar aghaidh go céimeanna fáis
agus fairsingithe. Leagfar béim ar thacú le cuspóirí
"Fís 2020" agus le beartais ghaolmhara. D’fhéadfadh sé gurb iad fiontair de gach méid
atá i mbun gníomhaíochtaí nuálaíochta nó ag cur tús lena leithéid de
ghníomhaíochtaí na tairbhithe deiridh a ndíreofar orthu, agus leagfar béim faoi
leith ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide nuálacha agus ar chomhlachtaí
meánchaipitlithe. Díreoidh an tsaoráid Cothromais ar mhaoiniú
luathchéime caipitil ghnáthscaireanna a chuirfidh caipiteal fiontair agus
cuasachothromas (lena n‑áirítear caipiteal mezzanine) ar fáil d’fhiontair
phunainne faoi leith. Lena chois sin beidh sé ar
chumas na saoráide infheistíochtaí a dhéanamh ar chéimeanna fáis agus
fairsingithe i gcomhcheangal leis an tSaoráid Ghnáthscaireanna um Fhás faoin
gClár le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus Fiontar Beag agus Meánmhéide chun go
dtabharfar tacaíocht leanúnach le linn tréimhsí tosaigh agus tréimhsí forbartha
cuideachtaí. Beidh an tsaoráid cothromais faoi thionchar an
éilimh go príomha, agus bainfidh sí leas as cur chuige punainne, trína
roghnóidh na cistí caipitil riosca agus idirghabhálaithe inchomparáide eile na
gnólachtaí a ndéanfaidh siad infheistiú iontu. B’fhéidir go gcuirfear
cistí in áirithe le cabhrú le spriocanna áirithe beartas a bhaint amach, ag
tógáil go háirithe ar an gcaoi ar éirigh go maith le cúrsaí sa Chlár Réime
Iomaíochais agus Nuálaíochta inar cuireadh cistí in áirithe i gcomhair
éiceanuálaíochta. Cuirfidh an fhuinneog
nuathionscanta a thacaíonn le céim an tsíl agus leis na céimeanna luatha,
ar chumas infheistíochtaí cothromais a dhéanamh in eagraíochtaí aistrithe
eolais, i gcistí caipitil síl, i gcistí síl trasteorann, i meáin chomh‑infheistíochta
aingeal gnó, i sócmhainní maoine intleachtúla, in ardáin do mhalartú agus
trádáil ar chearta maoine intleachtúla, agus i gcistí caipitil riosca
luathchéime, i measc rudaí eile. Déanfaidh an fhuinneog
fáis infheistíochtaí ag céimeanna fáis agus fairsingithe i gcomhcheangal
leis an tSaoráid Ghnáthscaireanna um Fhás faoin gClár le haghaidh Iomaíochas
Fiontar agus Fiontar Beag agus Meánmhéide, lena n‑áirítear infheistíochta
i gcistí na gcistí atá ag feidhmiú thar theorainneacha agus infheistiú i gcistí
caipitil riosca, a ndíreoidh an chuid is mó acu ar théamaí a thacaíonn le baint
amach cuspóirí Eoraip 2020. 3. Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus
Mheánmhéide 3.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir
sonrach fás a spreagadh trí leibhéil nuálaíochta sna Fiontair Bheaga agus
Mheánmhéide a ardú, agus a riachtanais éagsúla nuálaíochta a chuimsiú le linn
na timthrialla nuálaíochta go léir i gcás gach cineál nuálaíochta, agus sa
chaoi sin níos mó Fiontar Beag agus Meánmhéide a chruthú a fhásfaidh go tapa
agus a bheidh gníomhach ar bhonn idirnáisiúnta. Nuair
a chuirtear san áireamh an ról lárnach atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide
i ngeilleagar na hEorpa, is léir go mbeidh ról ríthábhachtach ag taighde agus
ag nuálaíocht sna Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide ó thaobh cur le hiomaíochas,
le fás geilleagrach agus le cruthú jabanna, agus sa chaoi sin spriocanna
Eoraip 2020 a bhaint amach go mór mór maidir lena tionscnamh suaitheanta,
an tAontas Nuálaíochta. In
ainneoin an sciar tábhachtach eacnamaíochta agus fostaíochta atá ag Fiontair
Bheaga agus Mheánmhéide, agus an chaoi a bhféadfaidís nuálaíocht shuntasach a
bhaint amach, mar sin féin tá fadhbanna méide le sárú acu má tá siad le bheith
níos nuálaí agus níos iomaíche. Cé go mbíonn an oiread céanna cuideachtaí
nuathionscanta san Eoraip is a bhíonn i Stáit Aontaithe Mheiriceá, bíonn sé
níos deacra ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa méadú agus bheith
ina gcuideachtaí móra ná mar a bhíonn i gcás a gcomhghleacaithe sna Stáit
Aontaithe. Cuireann an timpeallacht ghnó idirnáisiúnaithe, ina bhfuil slabhraí
luacha ag éirí níos idirnasctha i gcónaí, brú breise orthu. Ní mór d’fhiontair
bheaga agus mheánmhéide feabhas a chur ar a gcumas nuálaíochta. Ní mór dóibh
eolas agus smaointe gnó, a ghiniúint, a ghlacadh agus a thráchtálú níos tapúla
agus níos mó chun dul san iomaíocht go rathúil ar mhargaí domhanda atá ag athrú
go tapa. Is é an dúshlán breis nuálaíochta a spreagadh i bhfiontair bheaga agus
mheánmhéide, agus sa chaoi sin a n‑iomaíochas agus a bhfás a fheabhsú. Tá
sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhlánú a dhéanamh ar chláir
agus ar bheartais nuálaíochta gnó idir náisiúnta agus réigiúnacha, comhar a
chothú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe a bhfuil baint
acu le nuálaíocht, an bhearna idir taighde / forbairt agus glacadh rathúil
margaidh a líonadh, timpeallacht ghnó a thacóidh le nuálaíocht a chur ar fáil,
lena n‑áirítear bearta ar thaobh an éilimh de, agus tacaíocht a chuirfidh
san áireamh nádúr athraitheach na bpróiseas nuálaíochta, agus teicneolaíochtaí,
margaí agus samhlacha nua gnó. Cruthófar
naisc láidre le beartais an Aontais a bhaineann le tionscail faoi leith, go
háirithe an Clár le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus Fiontar Beag agus
Meánmhéide agus cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, d’fhonn a chinntiú go
mbeidh sineirgí ann agus cur chuige comhtháite. 3.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide is
mó a chuireann nuálaíocht chun cinn toisc go mbíonn siad in ann gnólachtaí
rathúla a dhéanamh de smaointe nua. Feidhmíonn siad mar sheoladáin
thábhachtacha le haghaidh iarmhairt eolais ag cur torthaí taighde i lár an
mhargaidh. Tá sé léirithe le fiche bliain anuas go ndearna Fiontair Bheaga agus
Mheánmhéide nuálacha athnuachan ar earnálacha iomlána agus gur chruthaigh siad
tionscail nua. Tá fiontair atá ag fás go tapa ríthábhachtach d'fhorbairt
tionscal atá ag teacht chun cinn agus chun dlús a chur faoi na hathruithe
struchtúracha sin atá riachtanach don Eoraip má tá sí le bheith ina geilleagar
eolas‑bhunaithe agus ísealcharbóin a mbeidh fás leanúnach uirthi agus
poist ardcháilíochta á gcruthú inti. Bíonn fiontair bheaga agus
mheánmhéide le fáil i ngach earnáil den gheilleagar. Cuid níos tábhachtaí de
gheilleagar na hEorpa is ea iad ná mar atá i gcás réigiún eile mar Stáit
Aontaithe Mheiriceá. Is féidir le gach cineál fiontar beag agus meánmhéide dul
i mbun nuálaíochta. Ní mór iad a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh
chun infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht. Lena linn sin ba
cheart go mbeidís in ann tarraingt ar acmhainneacht iomlán nuálach an mhargaidh
inmheánaigh agus an Limistéir Eorpaigh Taighde le deiseanna nua gnó a chruthú
san Eoraip agus níos faide agus cabhrú chun teacht ar réitigh ar dhúshláin
thábhachtacha shochaíocha. Nuair a ghlacann
Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide páirt i dtaighde agus i nuálaíocht an Aontais
neartaíonn sé sin a gcumas T&F agus teicneolaíochta, méadaíonn sé a n‑acmhainn
rudaí nua a fháil amach, eolas nua a tharraingt chucu féin agus a úsáid,
cuireann le leas a bhaint as réitithe nua geilleagracha, spreagann sé
nuálaíocht maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó, cuireann sé
gníomhaíochtaí gnó chun cinn i margaí níos mó agus cuireann sé bonn
idirnáisiúnta faoi ghréasáin eolais na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Is minic i gcás Fiontar Beag agus Meánmhéide a bhfuil
dea-bhainistíocht maidir le nuálaíocht curtha i bhfeidhm acu, agus iad ag brath
go minic ar shaineolas agus ar scileanna seachtracha dá bharr sin, go sáraíonn
siad feidhmiú dreamanna eile. Tá
comhoibriú trasteorann ina ghné thábhachtach de straitéis nuálaíochta na
bhfiontar beag agus meánmhéide chun cuid de na fadhbanna atá acu de bharr a
laghad is atá siad a réiteach, fadhbanna mar rochtain ar inniúlachtaí
teicneolaíocha agus eolaíocha agus ar mhargaí nua. Cabhraíonn siad chun brabús
a bhaint as smaointe nua agus na cuideachtaí féin a mhéadú, agus infheistíocht
phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú dá thoradh sin. Bíonn
ról ríthábhachtach maidir le cur chun cinn na bhfiontar beag agus meánmhéide ag
cláir réigiúnacha agus náisiúnta um thaighde agus nuálaíocht, agus is minic a
fhaigheann na cláir sin tacaíocht ó bheartas comhtháthaithe na hEorpa. Go
háirithe, bíonn ról ríthábhachtach ag cistí an Bheartais Chomhtháthaithe trí
chumas a fhorbairt agus cosán i dtreo barr feabhais a sholáthar d’Fhiontair
Bheaga agus Mheánmhéide d’fhonn tionscadail den scoth a fhorbairt a d’fheadfadh
dul san iomaíocht chun cistiú a fháil faoi "Fís 2020". Dá
ainneoin sin, níl ach cúpla clár náisiúnta agus réigiúnach ann a chuireann
cistiú ar fáil do thaighde trasnáisiúnta agus do ghníomhaíochtaí nuálacha a
chuireann fiontair bheaga agus mheánmhéide i gcrích, do scaipeadh agus do
ghlacadh réiteach nuálach ar fud an Aontais ná do sheirbhísí tacaíochta
nuálaíochta trasteorann. Is é an dúshlán atá ann tacaíocht atá oscailte ó
thaobh téama de a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun
tionscadail idirnáisiúnta a chur i gcrích i gcomhréir le straitéisí nuálaíochta
cuideachtaí. Tá gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais riachtanach, dá bhrí sin,
mar chomhlánú ar gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh ar leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach, d’fhonn a dtionchar a fheabhsú agus rochtain a sholáthar ar na
córais tacaíochta taighde agus nuálaíochta. 3.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Príomhshruthú tacaíochta d’Fhiontair Bheaga agus
Mheánmhéide Tabharfar tacaíocht d’fhiontair bheaga agus
mheánmhéide in "Fís 2020”. Chuige seo cuirfidh ionstraim thiomnaithe
d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide tacaíocht chéimneach gan uaim ar fáil a
chuimseoidh an timthriall nuálaíochta ina hiomláine. Beidh
ionstraim na bhfiontar beag agus meánmhéide dírithe ar gach cineál fiontar beag
agus meánmhéide atá nuálach agus a léiríonn uaillmhian láidir le dul i mbun
forbartha, fáis agus idirnáisiúnaithe. Cuirfear ar fáil é i gcomhair gach
cineál nuálaíochta, lena n‑áirítear nuálaíocht sheirbhíse, nuálaíocht
neamh‑theicneolaíochta, agus nuálaíocht shóisialta. Is é an aidhm cumas
nuálaíochta na bhfiontar beag agus meánmhéide a fhorbairt agus caipitliú a
dhéanamh air trí an bhearna atá sa chistiú i gcomhair taighde ardriosca agus
nuálaíochta na céime tosaigh a líonadh, nuálaíochtaí a spreagadh agus an
tráchtálú a dhéanann an earnáil phríobháideach ar thorthaí taighde a mhéadú. Cuirfear ionstraim
thiomnaithe na bhfiontar beag agus meánmhéide i bhfeidhm maidir le gach ceann
de na cuspóirí sonracha faoi dhúshláin shochaíocha agus faoi cheannaireacht i
dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha agus cionroinnfear suim airgid
chuige sin. (b)
Tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide dian‑thaighde
Is é an sprioc an nuálaíocht dírithe ar an
margadh atá idir lámha ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide atá i mbun T&F a
chur chun cinn. Beidh gníomhaíocht shonrach dírithe ar fhiontair bheaga agus
mheánmhéide atá i mbun dian‑thaighde sna hearnálacha ardteicneolaíochta a
léiríonn an cumas saothrú tráchtála a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail. (c)
Cur le cumas nuálaíochta na bhFiontar Beag agus
Meánmhéide Tacófar le
gníomhaíochtaí a chabhraíonn le cur chun feidhme na mbeart sonrach i leith na
bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) in "Fís 2020" agus a
dhéanann comhlánú orthu, go háirithe chun cur le cumas nuálaíochta na FBManna. (d)
Tacú le nuálaíocht atá faoi thionchar an mhargaidh Tacú le nuálaíocht
atá faoi thionchar an mhargaidh chun feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le
haghaidh nuálaíochta agus dul i ngleic leis na bacainní sonracha atá ag cosc,
go háirithe, fás FBManna nuálacha. CUID III
DÚSHLÁIN SHOCHAÍOCHA 1. An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach
agus an fholláine 1.1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach sláinte agus folláine
gach duine a fheabhsú ar feadh a saoil. Sláinte agus folláine do gach duine ar feadh a
saoil, córais sláinte agus cúraim ardcháilíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an
gheilleagair de, agus deiseanna le haghaidh post nua agus fáis, is iad sin na
haidhmeanna atá leis an tacaíocht atá á tabhairt do thaighde agus don
nuálaíocht mar fhreagra ar an dúshlán seo agus cabhróidh siad go mór le baint
amach Eoraip 2020. Tá costas a bhaineann le
córais sláinte agus cúraim shóisialta an Aontais ag méadú agus tá bearta cúraim
agus coiscthe ag éirí níos costasaí i gcás gach duine is cuma cén aois iad,
meastar go ndéanfar beag nach dúbláil ar líon na nEorpach os cionn 65 bliain
d’aois ó 85 milliún in 2008 go dtí 151 milliún faoin mbliain 2060, agus go
méadóidh líon na ndaoine os cionn 80 ó 22 milliún go 61 milliún sa tréimhse
chéanna. Má tá na costais sin le laghdú nó chun bheith inbhuanaithe braithfidh
sé i bpáirt ar a áirithiú go mbeidh sláinte agus folláine ag gach duine ar
feadh a saoil agus ar an ábhar sin braithfidh sé ar ghalair agus ar mhíchumas a
chosc, a chóireáil agus a bhainistiú go héifeachtach. Príomhfhoinsí míchumais,
drochshláinte agus bás róluath iad riochtaí ainsealacha amhail galar
cardashoithíoch, ailse, diaibéiteas, neamhoird néareolaíocha agus sláinte mheabhrach,
rómheáchan agus raimhre mar aon le srianta éagsúla feidhmiúla, agus bíonn
costais shuntasacha shóisialta agus eacnamaíocha ag baint leo. Faigheann breis agus 2
mhilliún duine bás san Aontas gach bliain de bharr galar cardashoithíoch, agus
cosnaíonn sé sin níos mó ná EUR 192 billiún ar an ngeilleagar. Faigheann duine
as ceathrar bás de bharr ailse agus is í sin príomhchúis bás daoine atá idir 45
agus 64 bliain d’aois. Tá os cionn 27 milliún duine san Aontas ag fulaingt ó
diaibéiteas agus meastar gurb é EUR 800 billiún costas iomlán na neamhord
inchinne (lena n‑áirítear costais a bhaineann le sláinte mheabhrach ach
gan a bheith teoranta dóibh). Tá baint ag tosca comhshaoil, ag stíleanna
maireachtála agus ag dálaí socheacnamaíocha lena lán de na riochtaí sin agus
meastar go bhfuil baint acu le trian d’ualach galair an domhain. Cúis imní domhanda iad
galair thógálacha (m.sh. VEID/SEIF, maláire agus eitinn), agus is iad atá
freagrach as 41% den 1.5 billiún bliain coigeartaithe saoil de bharr míchumais ar
fud an domhain, agus tarlaíonn 8% díobh sin san Eoraip. Ní mór ullmhú i
gcomhair eipidéimí atá ag teacht chun cinn agus don fhrithsheasmhacht in
aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh atá ag méadú. Ag an am céanna tá próisis
fhorbartha drugaí agus vacsaíní ag éirí níos costasaí agus bíonn éifeacht níos
lú acu. Ní mór aghaidh a thabhairt ar éagothroime mharthanach sláinte, agus ní
mór rochtain ar chórais sláinte atá éifeachtach agus inniúil a áirithiú do gach
duine san Eoraip. 1.2 Réasúnaíocht agus breisluach an
Aontais Ní chuireann teorainneacha náisiúnta deireadh
le galair ná le míchumas. D’fhéadfadh taighde agus nuálaíocht ar leibhéal
iomchuí na hEorpa freagra ríthábhachtach a thabhairt ar na dúshláin sin agus ba
cheart é sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís sláinte níos fearr agus folláine a
sholáthar do gach duine agus ceannaire a dhéanamh den Eoraip sna margaí
domhanda le haghaidh nuálaíochtaí sláinte agus folláine atá ag fás go tapa. Braitheann an freagra ar
fheabhas an taighde chun an tuiscint bhunúsach atá againn ar shláinte, ar
ghalair, ar mhíchumas, ar fhorbairt agus ar dhul in aois (lena n‑áirítear
ionchas saoil), agus ar an gcaoi a aistreofar gan uaim an t-eolas atá ann agus
an t-eolas a gheofar dá bharr chuig táirgí, straitéisí, idirghabhálacha agus
seirbhísí a bheidh nuálach, inscálaithe agus éifeachtach. Ina theannta sin,
éilíonn ábharthacht na ndúshlán sin ar fud na hEorpa agus i mórán cásanna, ar
fud an domhain, go dtabharfar freagra orthu a mbeidh an tréith seo a leanas ag
baint leis, go dtabharfar tacaíocht fhadtéarmach chomhordaithe do chomhoibriú
idir foirne ildisciplíneacha, il-earnála den scoth. Ar an gcaoi chéanna, ó tá
an dúshlán chomh casta sin agus na comhpháirteanna chomh hidirspleách ar a
chéile caithfear freagairt dó ar leibhéal na hEorpa. Tá feidhm ag go leor
cineálacha cur chuige, uirlisí agus teicneolaíochtaí ar fud réimsí iomadúla
taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an dúshlán seo agus is ar leibhéal an
Aontais is fearr a thabharfar tacaíocht dóibh. Ina measc seo tá forbairt cohórt
fadtéarmach agus stiúradh trialacha cliniciúla, úsáid chliniciúil a bhaint as
cleachtais a gcríochnaíonn a n‑ainmneacha Béarla le "-omics" nó
forbairt TFC agus a gcur i bhfeidhm i gcleachtas cúraim sláinte, go háirithe sa
ríomhshláinte. Is fearr déileáil le riachtanais shonracha daonraí faoi leith ar
bhealach comhtháite, mar shampla i bhforbairt leigheas srathaithe agus/nó
pearsanta, trí chóireáil a dhéanamh ar ghalair neamhchoitianta, agus trí
shocruithe a cheapadh le cur ar chumas daoine maireachtáil go neamhspleách nó
le cúnamh ó dhaoine eile. Cuirfear tacaíocht ar fáil
do réimse iomlán na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun an tionchar
is mó a fháil ó bhearta ar leibhéal an Aontais. Ón taighde bunúsach ar aghaidh
trí aistriú eolais go trialacha móra agus bearta léirithe, agus tarraingt ar
infheistíocht phríobháideach; go soláthar poiblí agus réamhthráchtálach táirgí,
seirbhísí nua, réitigh inscálaithe, atá comh‑inoibritheach nuair is gá
sin agus a bhfuil tacaíocht le fáil acu ó chaighdeáin atá sainmhínithe agus/nó
ó threoirlínte coitianta. Tacóidh an iarracht chomhordaithe, Eorpach seo le
forbairt leanúnach an Limistéir Eorpaigh Taighde. Beidh comhéadan aici, de réir
mar is cuí agus nuair is cuí, le gníomhaíochtaí a forbraíodh i gcomhthéacs an Chláir
Sláinte i gcomhair Fáis agus na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí ar Dhul in
Aois go Gníomhach, Sláintiúil. 1.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí Féadfar galar a chosc agus folláine a fheabhsú
trí chur chun cinn éifeachtach na sláinte, arna tacú le bonn fianaise
stóinsithe, agus tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de chomh maith. Braitheann
cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair ar thuiscint ar dheitéarmanaint
na sláinte, ar uirlisí coisctheacha éifeachtacha, amhail vacsaíní, ar ullmhacht
agus ar fhaireachas éifeachtach maidir le sláinte agus galar, agus ar chláir
scagthástála éifeachtacha freisin. Tacaítear le hiarrachtaí rathúla chun galair,
míchumas agus cumas laghdaithe a chosc, a bhainistiú, a chóireáil agus a
leigheas trí bhíthin na tuisceana bunúsaí ar na deitéarmanaint agus na
cúiseanna leo, ar a bpróisis agus ar a n‑iarmhairtí, mar aon leis na
fachtóirí is bun le dea-shláinte agus folláine. Tá sé
riachtanach freisin go ndéanfaí sonraí a comhroinnt go héifeachtach agus go
ndéanfaí na sonraí sin a nascáil le staidéir chohóirt mhórscála, chomh maith le
torthaí taighde a aistriú go dtí an clinic, go háirithe trí thrialacha
cliniciúla a dhéanamh. Cuirtear éilimh bhreise ar
na hearnálacha sláinte agus cúraim freisin de bharr an ualaigh mhéadaithigh ó
thaobh galair agus míchumais de, i gcomhthéacs daonra atá ag dul in aois. Má
táthar chun sláinte agus cúram éifeachtach do chách a chothabháil, tá gá le
hiarrachtaí chun cinnteoireacht a fheabhsú maidir le cosc agus cóireáil a
sholáthar, chun scaipeadh an dea-chleachtais a aithint agus chun tacú leis sna
hearnálacha sláinte agus cúraim, agus chun tacú le cúram comhtháite agus le
roghnú forleathan na nuálaíochtaí sóisialta, eagraíochtúla agus
teicneolaíochta, lena gcumasaítear do dhaoine scothaosta go háirithe, agus do
dhaoine faoi mhíchumas, fanacht gníomhach agus neamhspleách. Dá ndéanfaí a
leithéid, rannchuideofaí le fad tréimhse a bhfolláine fisicí, sóisialta agus
intinne a shíneadh agus a fheabhsú. Déanfar na gníomhaíochtaí
sin go léir a ghabháil ar láimh ar bhealach ina gcuirfear tacaíocht ar fáil ar
feadh an timthrialla taighde agus nuálaíochta, lena neartófar iomaíochas na
dtionscal atá bunaithe san Eoraip agus lena bhforbrófar deiseanna margaidh nua. Áireofar na nithe seo a
leanas leis na gníomhaíochtaí sonracha: tuiscint a fháil ar dheitéarmanaint na
sláinte (lena n‑áirítear fachtóirí comhshaoil agus aeráide), cur chun
cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú; galair a thuiscint agus
diagnóis a fheabhsú; cláir scagthástála éifeachtacha a fhorbairt agus measúnú
ar sho-ghabhálacht i leith galar a fheabhsú; faireachas agus ullmhacht a
fheabhsú; vacsaíní coisctheacha níos fearr a fhorbairt; cógas in‑silico a
úsáid chun bainistiú agus tuar galar a fheabhsú; galar a chóireáil; eolas a
aistriú go dtí cleachtas cliniciúil agus gníomhaíochtaí nuálaíochta
inscálaithe; úsáid níos fearr a bhaint as sonraí sláinte; aosú gníomhach,
maireachtáil neamhspleách agus fhóirithinte; cumhachtú aonair i gcomhair fhéin‑bhainistíocht
na sláinte; cur chun cinn an chúraim chomhtháite; feabhas a chur ar uirlisí
eolaíochta agus ar mhodhanna chun tacú le cinnteoireacht agus riachtanais
rialála; agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras cúraim sláinte a
bharrfheabhsú agus neamhionannais a laghdú trí bhíthin cinnteoireachta bunaithe
ar fhianaise agus scaipeadh an dea-chleachtais, mar aon le cineálacha cur
chuige agus teicneolaíochtaí nuálacha. 2. Sábháilteacht an tsoláthair bia, an
talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí,
agus an bithgheilleagar; 2.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach soláthairtí
leordhóthanacha bia sábháilte agus ardchaighdeáin agus táirgí eile bithbhunacha
a dhaingniú, trí chórais táirgthe phríomhúla a fhorbairt atá táirgiúil agus
éifeachtach ó thaobh acmhainní de, lena gcothófar seirbhísí éiceachórais lena
mbaineann, in éineacht le slabhraí soláthair ísealcharbóin agus iomaíocha. Ar an mbealach sin déanfar an t-aistriú chuig
bithgheilleagar Eorpach inbhuanaithe a luathú. Thar na mblianta seo amach romhainn, beidh
dúshláin eile os comhair na hEorpa, lena n‑áirítear iomaíocht mhéadaithe
i leith acmhainní nádúrtha teoranta agus finideacha, iarmhairtí an athraithe
aeráide, go háirithe ar chórais táirgthe phríomhúla (talmhaíocht, foraoiseacht,
iascach agus dobharshaothrú) agus an gá le soláthar bia inbhuanaithe, sábháilte
agus slán a chur ar fáil do dhaonra na hEorpa agus do dhaonra an domhain atá ag
dul i méid. Meastar go mbeidh méadú 70 % ar sholáthar bia an domhain
riachtanach chun bia a sholáthar do dhaonra 9 mbilliún an domhain faoin mbliain
2050. Is ionann talmhaíocht agus 10 % d’astaíochtaí
gáis cheaptha teasa an Aontais, agus cé go bhfuil laghdú ag teacht orthu san
Eoraip, meastar go dtiocfaidh méadú suas le 20 % ar astaíochtaí ó thalmhaíocht
ar fud an domhain faoi 2030. Ina theannta sin, ní mór don Eoraip soláthairtí
leordhóthanacha amhábhar, fuinnimh agus táirgí tionsclaíocha a áirithiú, i
ndálaí ina mbeidh acmhainní breosla iontaise ag dul i léig (meastar go
dtiocfaidh laghdú thart ar 60 % ar tháirgeadh ola agus gáis leachtaigh faoi
2050), ach beidh uirthi fanacht iomaíoch ag an am céanna. Is fadhb mhór í an
bhithdhramhaíl (meastar go bhfuil suas le 138 milliún tona in aghaidh na bliana
san Aontas, agus go bhfuil suas le 40 % de sin i líonta talún) a bhfuil costas
ard i gceist léi, d’ainneoin a breisluach féideartha. Mar shampla, cuirtear
thart ar 30 % den bhia uile arna tháirgeadh i dtíortha forbartha i leataobh. Is
gá athruithe móra a dhéanamh chun an méid sin a laghdú faoi 50 % san Aontas
faoi 2030[26]. Ina theannta sin, ní
bhaineann teorainneacha náisiúnta le hábhar maidir le leathadh galar agus
lotnaidí planda agus ainmhí, lena n‑áirítear galair zónóiseacha, agus
pataiginí bia-iompartha. Fad is atá gá le bearta
coisctheacha náisiúnta éifeachtacha, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais
riachtanach le haghaidh reáchtáil éifeachtach an mhargaidh aonair agus rialú
iomlán air. Tá an dúshlán casta, beidh tionchar aige ar raon leathan earnálacha
idirnasctha agus beidh iolracht cineálacha cur chuige ag teastáil ina leith. Tá níos mó acmhainní bitheolaíochta ná riamh
ag teastáil chun an t-éileamh ar an margadh le haghaidh soláthair bhia atá slán
agus sláintiúil, bithábhar, bithbhreoslaí agus táirgí bithbhunacha, ó earraí
tomhaltais go dtí bulc-cheimiceáin, a shásamh. Tá cumais na n‑éiceachóras
uisceach agus trastíre atá riachtanach dá dtáirgeadh teoranta áfach, fad is atá
éilimh iomaíocha ann dá n‑úsáid, agus go minic ní dhéantar iad a
bhainistiú ar an mbealach is fearr, mar atá léirithe mar shampla trí mheath mór
ar chion carbóin agus ar thorthúlacht na hithreach. Tá
raon feidhme tearcúsáidte ann chun seirbhísí éiceachórais a chothú ó thalamh
feirme, foraoisí, uiscí na mara agus fionnuiscí trí spriocanna comhshaoil agus
agranamaíocha a chomhtháthú i dtáirgeadh inbhuanaithe. Féadfar acmhainneacht acmhainní bitheolaíochta
agus éiceachóras a úsáid ar bhealach i bhfad níos inbhuanaithe, níos
éifeachtúla agus níos comhtháite. Mar shampla, d’fhéadfaí leas níos mó a bhaint
as acmhainneacht na bithmhaise ó fhoraoisí agus sruthanna dramhaíola ó bhunúis
talmhaíochta, uisceacha, thionsclaíocha agus bhardasacha. Go bunúsach, tá gá le
trasdul i dtreo úsáid bharrmhaith agus in‑athnuaite acmhainní
bitheolaíochta agus i dtreo príomhchóras próiseála agus táirgthe inbhuanaithe,
lena bhféadfaí níos mó bia agus táirgí bithbhunacha eile a tháirgeadh agus ag
an am céanna na hionchuir, an tionchar ar an gcomhshaol agus astaíochtaí gáis
cheaptha teasa a íoslaghdú, chomh maith le seirbhísí éiceachórais a fheabhsú,
gan aon dramhaíl a bheith i gceist agus luach leormhaith a chruthú don tsochaí.
Tá iarracht chriticiúil de nuálaíocht agus taighde idirnasctha ina príomhghné
chun é sin a bhaint amach, san Eoraip agus níos faide anonn. 2.2 Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Is iad an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus
an t‑iascach mar aon leis na tionscail bhithbhunacha na mórearnálacha atá
mar bhonn agus mar thaca ag an mbithgheilleagar. Tá
margadh mór atá ag dul i méid i gceist leis an mbithgheilleagar. Meastar gur
fiú breis agus EUR 2 thrilliún é, lena soláthraítear 20 milliún post agus lenar
bhain 9 % den fhostaíocht iomlán san Aontas in 2009. Cuirfidh infheistíochtaí i
dtaighde agus i nuálaíocht faoin dúshlán sochaíoch seo ar chumas na hEorpa
ceannaireacht a ghlacadh sna margaí lena mbaineann agus beidh ról acu i
gcuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach, mar aon lena
tionscnaimh shuaitheanta – an tAontas Nuálaíochta agus Eoraip atá éifeachtúil
ar Acmhainní. Ginfear breisluach ard Eorpach de thoradh ar
bhithgheilleagar Eorpach atá iomlán feidhmiúil – lena gcuimsítear táirgeadh
inbhuanaithe acmhainní in‑athnuaite ó thimpeallachtaí uisceacha agus
talún agus iad a aistriú go dtí bia, táirgí bithbhunacha agus bithfhuinneamh,
mar aon leis na hearraí poiblí gaolmhara. Má dhéantar
é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, féadfar lorg comhshaoil an táirgthe
phríomhúil agus an tslabhra soláthair ina iomláine a laghdú. Féadfar a n‑iomaíochas
a fheabhsú agus poist agus deiseanna gnó a sholáthar le haghaidh forbartha
tuaithe agus cósta mar thoradh. Is de chineál Eorpach agus domhanda iad na
dúshláin a bhaineann le sábháilteacht an tsoláthair bia, le talmhaíocht
inbhuanaithe, agus leis an mbithgheilleagar foriomlán. Tá gníomhaíochtaí ar
leibhéal an Aontais riachtanach chun braislí a thabhairt le chéile chun an
leithead agus an mhais chriticiúil atá riachtanach chun iarrachtaí arna
ndéanamh ag Ballstát nó ag grúpaí Ballstát a chomhlánú. Trí bhíthin cur chuige
ilghníomhaí áiritheofar na hidirghníomhaíochtaí crostoirchithe riachtanacha
idir taighdeoirí, gnóthaí, feirmeoirí/táirgeoirí, comhairleoirí agus úsáideoirí
deiridh. Tá gá le leibhéal an Aontais freisin chun comhchuibheas a áirithiú
agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán sin thar earnálacha agus le naisc láidre
le beartais ábhartha an Aontais. Trí thaighde agus nuálaíocht a chomhordú ar
leibhéal an Aontais tabharfar spreagadh agus cabhrófar chun na hathruithe
riachtanacha a luathú ar fud an Aontais. Nascfar taighde agus
nuálaíocht le raon leathan beartas de chuid an Aontais agus le spriocanna
gaolmhara, lena n‑áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (go háirithe an
Beartas Forbartha Tuaithe) agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach
‘Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta’, an Comhbheartas Iascaigh, an
Beartas Muirí Comhtháite, an Clár Eorpach um Athrú Aeráide, an Chreat-Treoir
Uisce, an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Plean Gníomhaíochta um
Fhoraoiseacht, an Straitéis Théamach Ithreach, Straitéis Bithéagsúlachta 2020
an Aontais, an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, beartais
nuálaíochta agus thionsclaíocha an Aontais, beartais sheachtracha agus beartais
um chúnamh forbartha, straitéisí sláinte plandaí, straitéisí leasa agus sláinte
ainmhí agus creataí rialála chun an comhshaol a an tsláinte agus an
tsábháilteacht a chosaint, chun éifeachtúlacht acmhainní agus gníomhaíocht ar
mhaithe leis an aeráid a chur chun cinn, agus chun dramhaíl a laghdú. Dá
ndéanfaí taighde agus nuálaíocht a chomhtháthú níos fearr i mbeartais
ghaolmhara an Aontais cuirfear feabhas suntasach ar a mbreisluach Eorpach,
soláthrófar iarmhairtí giarála, méadófar a n‑ábharthacht shochaíoch agus
cabhrófar chun margaí bithgheilleagair agus margaí bainistíochta aigéan,
farraigí agus talún inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh. Ar
mhaithe le tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an mbithgheilleagar
agus chun rialachas agus faireachán ar thaighde agus nuálaíocht a éascú,
déanfar taighde socheacnamaíoch agus gníomhaíochtaí forásacha maidir leis an
straitéis bithgheilleagair, lena n‑áirítear forbairt táscairí, bunachar
sonraí, samhlacha, fadbhreathnaitheacht agus tuar, measúnú tionchair ar
thionscnaimh maidir leis an ngeilleagar, an tsochaí agus an comhshaol. Tacófar le gníomhaíochtaí arna spreagadh ag
dúshláin ina ndíreofar ar thairbhí sóisialta agus eacnamaíocha agus ar
nuachóiriú na margaí agus na n‑earnálacha a bhaineann leis an
mbithgheilleagar trí thaighde ildisciplíneach, lena spreagfar nuálaíocht agus
forbrófar cleachtais, táirgí agus próisis nua mar thoradh. Rachfar i mbun cur chuige fhorleathan i leith na
nuálaíochta chomh maith, ó nuálaíocht teicneolaíochta, neamh‑theicneolaíochta,
eagraíochtúil, eacnamaíoch agus shóisialta go dtí samhlacha gnó núíosacha,
brandáil agus seirbhísí. 2.3 Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe Is é an aidhm soláthar leordhóthanach bia,
beatha, bithmhais agus amhábhar eile a chur ar fáil, agus acmhainní nádúrtha a
chosaint agus seirbhísí éiceachóras a fheabhsú, lena n‑áirítear dul i
ngleic leis an athrú aeráide agus é a mhaolú. Díreofar
na gníomhaíochtaí ar chórais fhoraoiseachta agus talmhaíochta níos inbhuanaithe
agus níos táirgiúla, atá athléimneach agus éifeachtach ó thaobh acmhainní de
araon (lena n‑áirítear ísealcharbóin), agus ag an am céanna ar
sheirbhísí, coincheapa agus beartais a fhorbairt le haghaidh slite beatha
tuaithe rathúla. (b)
Earnáil agraibhia inbhuanaithe agus iomaíoch le
haghaidh aiste bia sábháilte agus sláintiúla Is é an aidhm riachtanais saoránach maidir le
bia sábháilte, sláintiúil agus inacmhainne a chomhlíonadh, agus chun próiseáil
agus scaipeadh bia agus beatha a dhéanamh níos inbhuanaithe agus earnáil an
bhia a dhéanamh níos iomaíche. Díreofar na
gníomhaíochtaí ar bhianna sláintiúla agus sábháilte do chách, ar roghanna
eolasacha ag tomhaltóirí, agus ar mhodhanna próiseála bia iomaíocha lena n‑úsáidtear
níos lú acmhainní agus lena dtáirgtear níos lú fotháirgí, dramhaíola agus gás
ceaptha teasa. (c)
Acmhainneacht acmhainní uisceacha beo a scaoileadh Is é an aidhm úsáid a bhaint as acmhainní
uisceacha beo ar bhonn inbhuanaithe, chun tairbhí/torthaí sóisialta agus
eacnamaíocha ó aigéin agus ó fharraigí na hEorpa a uasmhéadú. Díreofar na gníomhaíochtaí ar ranníocaíocht bharrmhaith
chun soláthairtí bia a dhaingniú trí iascach inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach
don chomhshaol a fhorbairt, mar aon le dobharshaothrú Eorpach iomaíoch i
gcomhthéacs an gheilleagair dhomhanda, agus ar nuálaíocht mara trí
bhiteicneolaíocht a fheabhsú chun fás cliste “gorm” a mhéadú. (d)
Tionscail bhithbhunacha iomaíocha agus inbhuanaithe
Is é an aidhm tionscail
bhithbhunacha Eorpacha ísealcharbóin, inbhuanaithe agus iomaíocha atá
éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn. Díreofar
na gníomhaíochtaí ar an mbithgheilleagar a chothú trí tháirgí agus próisis
thionsclaíocha thraidisiúnta a aistriú go dtí cinn atá tíosach ar fhuinneamh
agus cinn ina mbaintear úsáid as acmhainní bithbhunacha, ar bhithscaglanna
comhtháite a fhorbairt, bithmhais ó tháirgeadh príomhúil a úsáid, fotháirgí an
tionscail bhithbhunaigh agus bithdhramhaíola, agus margaí nua a oscailt trí
thacú le gníomhaíochtaí caighdeánaithe, rialála agus taispeántais/trialach
allamuigh agus gníomhaíochtaí eile, agus iarmhairt an bhithgheilleagair ar
úsáid na talún agus athruithe in úsáid na talún á gcur san áireamh. 3. Fuinneamh atá slán, glan agus
éifeachtúil 3.1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach aistriú go dtí
córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch chun dul i ngleic le
hacmhainní atá ag éirí níos teirce, le riachtanais fuinnimh atá ag éirí níos
géire agus leis an athrú aeráide. Tá sé beartaithe ag an
Aontas astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 20 % níos lú ná leibhéil
1990 faoin mbliain 2020, agus tá sé beartaithe laghdú breise go dtí 80-95 % a
dhéanamh faoin mbliain 2050. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí 20 % den
ídiú fuinnimh deiridh le foinsí in‑athnuaite fuinnimh in 2020, mar aon le
sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 20 %. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach,
beidh gá le hollchóiriú ar an gcóras fuinnimh lena gceanglófar próifíl
ísealcharbóin, slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht, agus ag an am céanna
treiseofar iomaíochas eacnamaíoch na hEorpa. Tá an Eoraip i bhfad ón sprioc
fhoriomlán sin faoi láthair. Braitheann 80 % de chóras fuinnimh na hEorpa ar
bhreoslaí iontaise go fóill, agus táirgeann an earnáil 80 % d’astaíochtaí gáis
cheaptha teasa ar fad an Aontais. Gach bliain, caitear 2.5 % d’Olltáirgeacht
Intíre (OTI) an Aontais ar allmhairí fuinnimh agus is cosúil go dtiocfaidh
méadú air sin. Má leanann an treocht sin ar aghaidh bheimis ag brath go hiomlán
ar allmhairí ola agus gáis faoi 2050. I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh
luaineacha ar an margadh domhanda, mar aon le himní faoi shlándáil an
tsoláthair, tá sciar níos mó dá gcuid ioncaim á chaitheamh ag tionscail agus
tomhaltóirí Eorpacha ar fhuinneamh. Léirítear sa phlean oibre
chun geilleagar ísealcharbóin iomaíoch a bhaint amach faoi 2050[27] nach mór na laghduithe sprice in astaíochtaí gáis cheaptha teasa a
bhaint amach laistigh de chríoch an Aontais go príomha. Cuimseofar leis sin
astaíochtaí CO2 a laghdú faoi os cionn 90 % faoi 2050 san earnáil chumhachta,
faoi os cionn 80 % in earnáil na tionsclaíochta, faoi 60 % ar a laghad in
earnáil an iompair agus faoi thart ar 90 % san earnáil chónaithe agus i
seirbhísí. Chun na laghduithe sin a
bhaint amach, ní mór infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh i dtaighde,
forbairt, taispeántas agus feidhmiú céimneach sa mhargadh i leith seirbhísí
agus teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin atá éifeachtúil, sábháilte agus
iontaofa. Ní foláir nó go mbeadh dlúthbhaint eatarthu sin agus réitigh neamh‑theicneolaíochta
ó thaobh soláthair agus éilimh araon de. Ní foláir nó go mbeadh an méid sin go
léir mar chuid de bheartas ísealcharbóin comhtháite, lena n‑áirítear
máistreacht a fháil ar phríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, go háirithe
réitigh TFC agus monaraíocht agus próiseáil cheannródaíoch, agus ábhair
cheannródaíocha. Is é an sprioc seirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh
éifeachtúla a sholáthar ar féidir iad a ghlacadh go forleathan ar mhargaí na
hEorpa agus ar mhargaí idirnáisiúnta, agus chun bainistíocht chliste a bhunú ar
thaobh an éilimh bunaithe ar mhargadh trádála fuinnimh oscailte agus
trédhearcach agus ar chórais chliste bainistíochta éifeachtúlachta fuinnimh. 3.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Ní foláir nó go rachadh réitigh agus
teicneolaíochtaí nua in iomaíocht, ó thaobh costais agus iontaofachta de, i
gcoinne córas fuinnimh barrfheabhsaithe go mór a bhfuil sealbhóirí agus
teicneolaíochtaí dea-bhunaithe ag gabháil leo. Tá
taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun na foinsí fuinnimh ísealcharbóin
nua sin atá níos glaine agus níos éifeachtúla a dhéanamh tarraingteach chun
críocha tráchtála ar an scála is gá. Ní féidir le hearnáil na tionsclaíochta ná
leis na Ballstáit indibhidiúla na costais agus na rioscaí, a bhfuil a
bpríomhghníomhaithe (aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin, fuinneamh
inacmhainne agus sábháilte a sholáthar) lasmuigh den mhargadh, a ghabháil ina n‑aonar.
Beidh cur chuige
straitéiseach de dhíth chun an fhorbairt seo a luathú ar leibhéal an Aontais,
lena gcuimsítear soláthar, éileamh agus úsáid fuinnimh, i leith foirgneamh,
seirbhísí, iompair agus slabhraí luacha tionsclaíocha. Cuimseofar leis sin
acmhainní a chur ar chomhréim ar fud an Aontais, lena n‑áirítear cistí
beartais chomhtháthaithe, go háirithe trí bhíthin na straitéisí náisiúnta agus
réigiúnacha maidir le speisialtóireacht chliste, scéimeanna trádála astaíochtaí
(ETS), soláthar poiblí agus meicníochtaí maoinithe eile. Beidh gá le beartais
rialála agus úsáide freisin maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus
éifeachtúlacht fuinnimh, cúnamh teicniúil saincheaptha agus forbairt acmhainní
chun bacainní neamh‑theicneolaíochta a bhaint. Tá cur chuige
straitéiseach dá leithéid sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh
(Plean SET). Cuirtear clár oibre fadtéarmach ar fáil ann chun dul i ngleic leis
na príomhbhaic nuálaíochta atá os comhair na dteicneolaíochtaí fuinnimh ag
céimeanna an taighde cheannródaíoch, T&F agus an chruthúnais choincheapa
agus ag céim an taispeántais, nuair atá caipiteal á lorg ag cuideachtaí chun
tionscadail mhóra chéaduaire a mhaoiniú agus chun próiseas imlonnaithe an
mhargaidh a oscailt. Meastar gurb ionann na
hacmhainní a bheidh ag teastáil chun an Plean SET a chur chun feidhme ina
iomláine agus EUR 8 mbilliún in aghaidh na bliana thar na 10 mbliana seo amach
romhainn[28]. Tá sé sin i bhfad níos mó ná cumas na mBallstát aonair nó pháirtithe
leasmhara na hearnála tionsclaíochta nó na hearnála taighde ina n‑aonair.
Tá gá le hinfheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht ar leibhéal an Aontais,
mar aon le slógadh iarrachtaí ar fud na hEorpa i bhfoirm cur chun feidhme
chomhpháirtigh agus rioscaí agus cumas a chomhroinnt. Dá
bhrí sin, déanfar gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú le cistiú an Aontais
ar thaighde agus nuálaíocht um fhuinneamh, trí dhíriú ar ghníomhaíochtaí a
bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag baint leo, go háirithe na
gníomhaíochtaí sin a bhfuil an‑fhéidearthacht go ndéanfaí acmhainní
náisiúnta a ghiaráil dá dtoradh. Trí bhíthin na gníomhaíochta ar leibhéal an
Aontais tacófar freisin le cláir ardriosca, ardchostais, fhadtéarmacha nach
féidir le Ballstáit indibhidiúla tabhairt fúthu, déanfar iarrachtaí a
chomhthiomsú chun rioscaí infheistíochta a laghdú i ngníomhaíochtaí mórscála amhail
taispeántas tionsclaíoch agus forbrófar réitigh fuinnimh chomh‑inoibritheacha
ar fud na hEorpa. Tríd an bPlean SET a chur
chun feidhme mar cholún taighde agus nuálaíochta de bheartas fuinnimh na
hEorpa, déanfar slándáil soláthair an Aontais agus an t-aistriú go dtí
geilleagar ísealcharbóin a threisiú, cabhrófar chun cláir taighde agus
nuálaíochta a nascadh le hinfheistíochtaí tras‑Eorpacha agus réigiúnacha
i mbonneagar fuinnimh agus méadófar toilteanas infheisteoirí caipiteal a
scaoileadh le haghaidh tionscadal a bhfuil agaí tionscanta fada agus rioscaí
suntasacha teicneolaíochta agus margaidh ag baint leo. De thoradh air sin,
cruthófar deiseanna nuálaíochta le haghaidh cuideachtaí beaga agus móra agus
cabhrófar leo a bheith iomaíoch, nó fanacht iomaíoch, ar leibhéal domhanda, áit
a bhfuil deiseanna móra le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh. Ar an leibhéal
idirnáisiúnta, soláthraítear ‘mais chriticiúil’ de thoradh na gníomhaíochta
arna glacadh ar leibhéal an Aontais chun suim ó cheannairí teicneolaíochtaí
eile a mhealladh agus chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú d’fhonn
cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Beidh sé níos éasca do chomhpháirtithe
idirnáisiúnta idirghníomhú leis an Aontas chun comhghníomhaíocht a fhorbairt i
gcásanna ina bhfuil comhshocar agus comhleas i gceist. Dá bhrí sin, beidh na gníomhaíochtaí faoin
dúshlán seo mar chnámh droma teicneolaíochta de bheartas fuinnimh agus aeráide
na hEorpa. Cabhróidh na gníomhaíochtaí sin le baint
amach an Aontais Nuálaíochta i réimse an fhuinnimh, chomh maith leis na
spriocanna beartais a ndearnadh cur síos orthu in ‘Eoraip atá Éifeachtúil ar
Acmhainní’, ‘Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre
Digiteach don Eoraip’. Tugtar faoi
ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le fuinneamh comhleáite
núicléach agus eamhnaithe núicléach sa chuid EURATOM de “Fís 2020”. 3.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Ídiú fuinnimh agus lorg carbóin a laghdú trí úsáid
chliste agus inbhuanaithe Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde agus ar thástáil
iomlán coincheap nua, réitigh neamh‑theicneolaíochta, córais agus
comhpháirteanna níos éifeachtúla, níos inghlactha go sóisialta agus níos
inacmhainne a bhfuil faisnéis ionsuite iontu, d’fhonn bainistiú fuinnimh
fíor-ama a chumasú le haghaidh foirgneamh nach bhfuil ach fíorbheagán ar fad
astaíochtaí uathu, téimh agus fuaraithe in‑athnuaite, thionscail an‑éifeachtúil
agus ghlacadh forleathan na réiteach éifeachtúlachta fuinnimh ag cuideachtaí,
daoine aonair, comhphobail agus cathracha. (b)
Soláthar leictreachais ísealchostais agus
ísealcharbóin Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar
fhorbairt agus ar léiriú iomlán - foinsí in‑athnuaite fuinnimh nuálacha
agus teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin lena dtairgfear
teicneolaíochtaí níos mó agus níos saoire atá neamhdhíobhálach don chomhshaol,
a mbeidh éifeachtúlacht comhshóite níos airde ag baint leo agus a bheidh níos
infhaighte le haghaidh margaí éagsúla agus timpeallachtaí oibríochta éagsúla. (c)
Breoslaí malartacha agus foinsí fuinnimh soghluaiste Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar
fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí agus slabhraí luacha chun
bithfhuinneamh a dhéanamh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe, chun an t-am go
dtí an margadh a laghdú i gcás ceall hidrigine agus ceall breosla agus chun
roghanna nua lena léirítear acmhainneacht fhadtéarmach a thabhairt chun
aibíochta. (d)
Eangach leictreachais cliste aonair san Eoraip Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar
fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí eangach nua, lena n‑áirítear
stóráil, córais agus dearaí margaidh chun pleanáil, faireachán, rialú agus
feidhmiú sábháilte a dhéanamh ar líonraí comh‑inoibritheacha i margadh
oscailte atá dícharbónaithe, aeráid‑dhíonach agus iomaíoch, i ngnáth‑dhálaí
agus i ndálaí éigeandála. (e)
Teicneolaíochtaí agus eolas nua Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde
ildisciplíneach le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh (lena n‑áirítear
gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha) agus ar chur chun feidhme comhpháirteach
clár taighde uile-Eorpach agus saoráidí den scoth. (f)
Cinnteoireacht stóinsithe agus caidreamh poiblí Díreofar gníomhaíochtaí ar na huirlisí
forbartha, modhanna agus samhlacha le haghaidh tacaíochta beartais stóinsithe
agus trédhearcaí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí maidir le glacadh poiblí
agus dul i ngleic leis an bpobal, rannpháirtíocht úsáideoirí agus
inbhuanaitheacht. (g)
Glacadh na nuálaíochta fuinnimh sa mhargadh Díreofar gníomhaíochtaí ar nuálaíocht
fheidhmeach chun glacadh na seirbhísí agus na dteicneolaíochtaí fuinnimh sa
mhargadh a éascú, chun dul i ngleic le bacainní neamh‑theicneolaíochta
agus chun cur chun feidhme bheartais fuinnimh an Aontais ar bhealach
cost-éifeachtúil a luathú. 4. Iompar atá cliste, glas agus comhtháite 4.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach córas iompair
Eorpach a bhaint amach atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de, neamhdhíobhálach
don chomhshaol, slán agus leanúnach chun leasa na saoránach, an gheilleagair
agus na sochaí. Ní mór don Eoraip réiteach
a dhéanamh idir riachtanais iompair a cuid saoránach agus na riachtanais maidir
le feidhmíocht eacnamaíoch agus na riachtanais atá i sochaí ísealcharbóin agus
i ngeilleagar aeráid‑dhíonach. In ainneoin an fháis atá tagtha uirthi, ní
mór don earnáil iompair laghdú substaintiúil a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa
agus ar thionchair dhíobhálacha chomhshaoil eile, agus ní mór di deireadh a
chur lena spleáchas ar ola, agus a leibhéil arda éifeachtúlachta agus
soghluaisteachta a choinneáil. Ní féidir soghluaisteacht
inbhuanaithe a bhaint amach ach trí athrú radacach a dhéanamh ar an gcóras
iompair, bunaithe ar dhul chun cinn i dtaighde iompair, ar nuálaíocht
fhorleathan, agus trí réitigh iompair níos glaise, níos sábháilte agus níos
cliste a chur chun feidhme go comhleanúnach ar fud na hEorpa. Ní mór don taighde agus
don nuálaíocht dul chun cinn tráthúil spriocdhírithe a chruthú a chabhróidh le
baint amach príomhchuspóirí beartais an Aontais, a threiseoidh iomaíochas
eacnamaíoch, a thacóidh leis an athrú chuig geilleagar aeráid‑dhíonach
agus ísealcharbóin, agus a chaomhnóidh ceannaireacht na hEorpa ar an margadh
domhanda. Cé go mbeidh sé
riachtanach infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh sa nuálaíocht agus sa taighde
agus i gcur i bhfeidhm na dtorthaí, beidh costais do-ghlactha sochaíocha,
éiceolaíochta agus eacnamaíochta ann san fhadtéarma mura gcuirtear feabhas ar
inbhuaine iompair. 4.2 Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Tá iompar mar thosca ollmhór faoi deara
iomaíochas agus fás eacnamaíoch na hEorpa. Cinntítear leis soghluaisteacht
daoine agus earraí atá riachtanach má táimid chun margadh aonair comhtháite a
bheith againn san Eoraip agus sochaí oscailte, chuimsitheach. Tá sé ar cheann
de bhuntáistí móra na hEorpa ó thaobh cumas tionsclaíoch agus caighdeán
seirbhíse de, agus tá ról ceannasach aige i go leor de mhargaí an domhain.
Nuair a chuirtear an tionscal iompair agus déantúsaíocht trealamh iompair le
chéile is ionann iad agus 6.3% de OTI an Aontais. Ag
an am céanna táthar in iomaíocht le tionscal iompair na hEorpa in áiteanna eile
ar fud an domhain agus an iomaíocht ag éirí níos déine i gcónaí. Beidh
teicneolaíochtaí ceannródaíocha ag teastáil chun buntáiste iomaíoch na hEorpa a
chinntiú amach anseo agus chun míbhuntáistí ár gcóras iompair reatha a mhaolú. Gineann an earnáil iompair
mórchuid gás ceaptha teasa agus cruthaíonn sí suas leis an gceathrú cuid de na
hastaíochtaí go léir. Braitheann an córas iompair 96% ar bhreoslaí iontaise.
Idir an dá linn, tá méadú ag teacht ar fhadhb an bhrú tráchta; níl na córais
sách cliste fós; ní bhíonn na roghanna eile maidir le haistriú idir modhanna
éagsúla iompair sách tarraingteach i gcónaí; faigheann 34 000 duine bás ar
bhóithre an Aontais in aghaidh na bliana figiúr atá an‑ard go deo; bíonn
saoránaigh agus gnólachtaí ag súil le córas iompair slán, sábháilte. Bíonn
dúshláin shonracha le sárú ó thaobh inbhuaine iompair sna cathracha. Meastar gurb é an toradh a
bheidh ar na rátaí fáis a bhfuiltear ag súil leo maidir le cúrsaí iompair go
mbeidh plódú ollmhór tráchta san Eoraip laistigh de fiche bliain nó níos mó
agus tionchar dofhulaingthe aige ar chostais eacnamaíocha agus ar an tsochaí.
Táthar á thuar go ndúblóidh an líon ciliméadar a thaistealaíonn paisinéirí sna
40 bliain atá romhainn agus go mbeidh an ráta dhá uair níos airde fós ann
maidir le haerthaisteal. Bheadh astaíochtaí CO2 35% níos airde faoi 2050. Thiocfadh méadú
thart ar 50% go beagnach EUR 200 billiún in aghaidh na bliana ar chostais a
bhaineann le brú tráchta. Thiocfadh méadú EUR 60 billiún ar chostais
sheachtracha tionóiscí i gcomparáid le costais na bliana 2005. Ní féidir ligean do
chúrsaí leanúint ar aghaidh mar atá siad. Díreofar taighde agus nuálaíocht,
arna spreagadh ag cuspóirí beartais, ar na príomhdhúshláin, agus cabhróidh siad
go suntasach le baint amach spriocanna an Aontais maidir le gan ligean do mhéadú
os cionn 2°C teacht ar theocht an domhain, astaíochtaí CO2 ó iompar a laghdú 60%, brú tráchta agus
costais tionóisce a laghdú go suntasach, agus beagnach deireadh a chur le bás
ar na bóithre faoi 2050. Fadhbanna coitianta ar fud an Aontais iad
truailliú, brú tráchta, sábháilteacht agus slándáil agus éilíonn siad freagraí
comhoibritheacha uile-Eorpacha. Is trí dhlús a chur le forbairt agus cur i
bhfeidhm teicneolaíochtaí nua agus réitigh nuálacha maidir le feithiclí,
cineálacha éagsúla bonneagair agus bainistiú iompair a bhainfear amach córas
iompair níos glaine agus níos éifeachtaí san Aontas; na torthaí is gá chun
athrú aeráide a mhaolú agus éifeachtacht ó thaobh acmhainní a fheabhsú;
ceannaireacht na hEorpa maidir le táirgí iompair agus seirbhísí gaolmhara a
choinneáil ar na margaí domhanda. Ní féidir na
cuspóirí sin a bhaint amach trí iarrachtaí ilroinnte náisiúnta ina n‑aonar. Beidh cistiú ar leibhéal
an Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíocht iompair ag teastáil chun comhlánú
a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát trí dhíriú ar ghníomhaíochtaí a
bhfuil breisluach Eorpach soiléir acu. Ciallaíonn sé seo go leagfar béim ar
réimsí tosaíochta a mheaitseálann cuspóirí beartais na hEorpa; ina bhfuil mais
chriticiúil iarrachtaí riachtanach; áiteanna inar gá réitigh comh‑inoibritheach
iompair ar fud na hEorpa go léir a shaothrú; nó inar féidir priacail
infheistíochta taighde a laghdú trí iarrachtaí a chomhthiomsú ar bhonn
trasnáisiúnta, obair cheannródaíoch a dhéanamh maidir le comhchaighdeáin, agus
an t-am a thógann sé chun torthaí taighde a chur ar an margadh a laghdú. Beidh réimse leathan
tionscnamh a chuimseoidh an slabhra nuálaíochta go léir i gceist sna
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Tá roinnt gníomhaíochtaí ann a bhfuil
sé de chuspóir sonrach acu cabhrú le torthaí a thabhairt chuig an margadh:
tacaíonn siad seo a leanas le baint amach na sprice seo, cur chuige clár maidir
le taighde agus nuálaíocht, tionscadail taispeántais, gníomhaíochtaí maidir le
glacadh margaidh agus tacaíocht a thabhairt do chaighdeánú, do rialáil agus do
straitéisí nuálacha soláthair. Ina theannta sin, cabhróidh rannpháirtíocht agus
saineolas na bpáirtithe leasmhara chun an bhearna a líonadh idir torthaí
taighde agus a gcur i bhfeidhm san earnáil iompair. Má dhéantar infheistiú i
dtaighde agus i nuálaíocht chun córas iompair níos glaise, níos cliste agus
níos comhtháite a chur ar fáil cabhróidh sé sin go mór le baint amach
spriocanna Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach mar aon le cuspóirí thionscnamh suaitheanta an Aontais
Nuálaíochta. Tacóidh na gníomhaíochtaí le cur i bhfeidhm an Pháipéir Bháin um
Iompar arb é is aidhm dó Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú. Cabhróidh
na gníomhaíochtaí sin le baint amach na spriocanna beartais a ndearnadh cur
síos orthu sna tionscnaimh shuaitheanta maidir le ‘Eoraip atá éifeachtúil ar
Acmhainní’, ‘Beartas tionsclaíoch do ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre
Digiteach don Eoraip’. 4.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Córas iompair atá éifeachtúil ar acmhainní agus a
léiríonn meas ar an gcomhshaol. Is é is aidhm leo sin a chinntiú go mbeidh an
tionchar is lú agus is féidir ag cúrsaí iompair ar aeráid agus ar an gcomhshaol
trí fheabhas a chur ar a éifeachtúlacht i dtaca le húsáid acmhainní nádúrtha,
agus trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Díreofar na gníomhaíochtaí
ar thomhailt acmhainní agus astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú, feabhas a
chur ar éifeachtúlacht feithiclí, dlús a chur faoi fhorbairt agus úsáid glúin
nua feithiclí leictreacha agus feithiclí eile nach mbeidh astuithe ar bith astu
nó astuithe ísle astu, lena n‑áirítear trí dhul chun cinn a dhéanamh i
ndearadh inneall, cadhnraí agus bonneagair; cumas breoslaí malartacha agus
córais tiomána nuálacha agus níos éifeachtúla a iniúchadh agus leas a bhaint
astu, lena n‑áirítear bonneagar breosla; an leas is fearr a bhaint as
úsáid cineálacha éagsúla bonneagair, trí bhíthin córais iompair chliste agus
trealamh cliste; agus bainistiú éilimh agus iompar poiblí agus iompar neamhmheicnithe
a mhéadú, go háirithe i limistéir uirbeacha. (b)
Soghluaisteacht níos fearr, níos lú brú tráchta,
breis sábháilteachta agus slándála Is é is aidhm leo sin na riachtanais
soghluaisteachta atá ag fás agus na riachtanais maidir le so-athraitheacht iompair
a réiteach le chéile trí réitigh nuálacha le haghaidh chórais iompair a bheidh
cuimsitheach sábháilte, slán, urrúnta agus gan bhearnaí. Díreofar ar
ghníomhaíochtaí chun brú tráchta a laghdú, feabhas a chur ar inrochtaineacht
agus ar mheaitseáil riachtanais úsáideoirí trí iompar agus lóistíocht
chomhtháite ó dhoras go doras a chur chun cinn; feabhas a chur ar iompar
idirmhódúil agus cur i bhfeidhm pleanála cliste agus réitigh bhainistíochta
chliste; agus an líon tionóiscí agus tionchar bagairtí slándála a laghdú go
mór. (c)
Ceannaireacht dhomhanda ag tionscal iompair na
hEorpa Is é is aidhm leis sin iomaíochas agus
feidhmíocht tionscal déantúsaíochta iompair na hEorpa agus seirbhísí gaolmhara
a threisiú. Díreofar sna
gníomhaíochtaí ar fhorbairt na chéad ghlúin eile de mhodhanna nuálacha iompair
agus ar ullmhú le haghaidh na glúine ina diaidh sin trí oibriú ar choincheapa
agus ar dhearaí núíosacha agus ar chórais rialaithe cliste agus ar chaighdeáin
chomh‑inoibritheacha, ar phróisis éifeachtúla táirgthe, ar amanna
forbartha níos giorra agus ar chostais laghdaithe saolré. (d)
Taighde socheacnamaíoch agus gníomhaíochtaí
forásacha taighde le haghaidh cheapadh beartas Is é is aidhm leo sin tacú le ceapadh beartas
feabhsaithe atá riachtanach chun nuálaíocht a chur chun cinn agus aghaidh a
thabhairt ar na dúshláin atá cruthaithe ag cúrsaí iompair agus ar riachtanais
na sochaí a bhaineann leo. Díreofar na gníomhaíochtaí ar fheabhas a chur
ar na treochtaí agus ar na hionchais socheacnamaíocha a bhaineann le cúrsaí
iompair, agus sonraí agus anailísí bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do
lucht déanta beartas. 5. Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid,
éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair 5.1 Cuspóir sonrach Is é an cuspóir
sonrach geilleagar a bheidh éifeachtúil ar acmhainní agus díonach ar athrú
aeráide agus soláthar inbhuanaithe amhábhar a chur ar fáil, d’fhonn freastal ar
riachtanais daonra an domhain atá ag fás agus é sin a dhéanamh laistigh de
theorainneacha inbhuanaithe acmhainní nádúrtha na cruinne. Cabhróidh na gníomhaíochtaí le hiomaíochas na hEorpa a
fheabhsú agus cur le folláine, agus ag an am céanna sláine comhshaoil agus
inbhuanaitheachta a chinntiú, an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C ar
an meán agus cur ar chumas éiceachóras agus na sochaí iad féin a chur in
oiriúint don athrú aeráide. Tharla méadú faoi dheich i rith an 20ú haois ar an méid breosla
iontaise a bhí á úsáid agus an méid acmhainní ábhartha a bhí á n‑eastóscadh.
Tá an ré sin inar samhlaíodh go raibh acmhainní flúirseach agus saor ag teacht
chun deiridh anois. Tá brú mór anois ar amhábhair, ar
uisce, ar aer, ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais talún, uisceacha agus
mara. Tá go leor d’éiceachórais mhóra an domhain á ndíghrádú, agus tá suas le
60% de na seirbhísí a sholáthraíonn siad á n‑úsáid ar bhealaí nach bhfuil
inbhuanaithe. Úsáidtear thart ar 16 thonna d'ábhair in aghaidh an duine gach
bliain san Aontas agus díobh sin, diomlaítear thart ar 6 thonna díobh agus
cuirtear a leath díobh go láithreáin líonta talún. Tá an t-éileamh domhanda ar
acmhainní ag méadú de réir mar atá fás ag teacht ar dhaonra an domhain agus ar
a dtoilmhianta, go háirithe i gcás daoine atá ag tuilleamh ioncaim meánmhéide
sna tíortha sin atá ag teacht chun cinn. Ní mór fás eacnamaíoch a scaradh go
hiomlán ó úsáid acmhainní. Tháinig méadú thart faoi 0.8°C ar mheánteocht
dhromchla an Domhain le 100 bliain anuas agus tá sé á thuar go dtiocfaidh méadú
idir 1.8 agus 4°C uirthi roimh dheireadh an 21ú haois (i gcoibhneas leis an
meánteocht sa tréimhse ó 1980 go 1999)[29]. Cruthóidh tionchair dhóchúla na n‑athruithe sin ar chórais
nádúrtha agus daonna dúshláin don domhan agus dá cumas oiriúnaithe, agus
cuirfidh siad forbairt eacnamaíoch agus dea-bhail an chine dhaonna amach anseo
i mbaol. Tá borradh ag teacht ar an tionchar atá ag athrú aeráide agus léiríonn
fadhbanna comhshaoil, mar aigéadú na n‑aigéan, leá oighir san Artach,
díghrádú agus úsáid talún, ganntanais uisce, truailliú ceimiceach agus
cailliúint na bithéagsúlachta go bhfuil an domhan ag druidim lena teorainneacha
inbhuanaitheachta. Mar shampla, meastar go mbeidh ró-éileamh 40% á dhéanamh ar
sholáthar uisce i gceann 20 bliain mura gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht. Is scanrúil an rud é go bhfuil foraoisí á scrios ar
ráta 5 milliún heicteár in aghaidh na bliana. Is féidir le hidirghníomhaíochtaí
idir acmhainní éagsúla rioscaí sistéamacha a chruthú - nuair a ídítear acmhainn
amháin is féidir pointe dosheachanta tubaiste a chruthú maidir le hacmhainní
agus le héiceachórais eile. Bunaithe ar na treochtaí reatha, is cosúil go
mbeidh coibhéis dhá Dhomhan eile ag teastáil faoi 2050 le freastal ar an daonra
domhanda atá ag fás. Tá soláthar inbhuanaithe agus bainistíocht
éifeachtúil ar acmhainní, lena n‑áirítear iad a thaiscéaladh, a
eastóscadh, a phróiseáil, a athúsáid, a athchúrsáil agus ionadú
fíor-riachtanach d'fheidhmiú sochaithe nua-aimseartha agus a ngeilleagair. Tá
earnálacha na hEorpa, amhail tógáil, ceimiceáin, gluaisteáin, aeraspás,
innealra agus trealamh a chuireann breisluach iomlán thart ar EUR 1.3 trilliún
ar fáil mar aon le fostaíocht do thart ar 30 milliún duine, ag brath go mór ar
rochtain ar amhábhair. Mar sin féin, tá brú mór ag teacht ar sholáthar amhábhar
don Aontas. Ina theannta sin, tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairí na n‑amhábhar
sin a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, agus a bhfuil tionchar
scanrúil ag saobhadh margaí orthu. Ina theannta sin, tá taiscí luachmhara
mianraí fós ag an Aontas a bhfuil bac á chur lena dtaiscéaladh agus a n‑eastóscadh
toisc nach bhfuil teicneolaíochtaí leordhóthanacha ann fós chuige sin agus
toisc iomaíocht dhomhanda atá ag dul i méid a bheith ag cur isteach ar an
obair. Nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí is atá amhábhair
d’iomaíochas na hEorpa, agus don gheilleagar agus an chaoi a d’fhéadfaí iad a
úsáid i dtáirgí nuálacha is léir gur tosaíocht ríthábhachtach don Aontas go
mbeadh soláthar inbhuanaithe amhábhar ann agus go ndéanfaí bainistiú
éifeachtúil ar acmhainní. Braitheann cumas geilleagair é féin a chur in
oiriúint agus teacht aniar níos mó a bheith ann maidir le hathrú aeráide, a
bheith níos éifeachtúla ar acmhainní agus fanacht iomaíocht ag an am céanna ar
leibhéil arda éiceanuálaíochta a bheith ann ó thaobh na sochaí agus na
teicneolaíochta de. Ós rud é gur fiú EUR 1 trilliún éiceanuálaíocht ar an
margadh domhanda in aghaidh na bliana agus go bhfuiltear ag súil go méadófar í
faoi thrí faoi 2030, is léir go gcuireann éiceanuálaíocht deis mhór ar fáil
chun iomaíochas a mhéadú agus poist a chruthú i ngeilleagair na hEorpa. 5.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Má tá spriocanna an Aontais agus spriocanna idirnáisiúnta maidir le
hastaíochtaí agus tiúchan gáis cheaptha teasa le baint amach agus má táthar le
déileáil leis an tionchar atá ag athrú aeráide ní mór teicneolaíochtaí
cost-éifeachtúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus ní mór bearta
maolaithe agus oiriúnaithe a dhéanamh. Ní mór do
chreata beartais an Aontais agus an domhain a áirithiú go dtabharfar cosaint
d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, go mbeidh meas orthu agus go ndéanfar iad
a athchóiriú go hiomchuí d'fhonn a gcumas chun acmhainní agus seirbhísí a
sholáthar sa todhchaí a chaomhnú. Is féidir le taighde agus le nuálaíocht
cabhrú le rochtain iontaofa agus inbhuanaithe a fháil ar amhábhair agus laghdú
suntasach a dhéanamh ar an méid acmhainní a úsáidtear agus a dhiomlaítear. Dá bhrí sin díreofar gníomhaíochtaí an Aontais
ar thacú le príomhchuspóirí agus le príomhbheartais an Aontais lena n‑áirítear:
an Straitéis Eoraip 2020; an tAontas Nuálaíochta; Eoraip Éifeachtach ó
Thaobh Acmhainní De agus an Plean Oibre comhfhreagrach chun bogadh go
geilleagar iomaíoch ísealcharbóin in 2050[30]; Adapting to
climate change: Towards a European framework for action (Oiriúnú d’athrú
aeráide: I dtreo chreat gníomhaíochta Eorpaigh)[31];
the Raw Materials Initiative (an Tionscnamh faoi Amhábhair)[32];
the Union's Sustainable Development Strategy (Straitéis an Aontais um
Fhorbairt Inbhuanaithe) [33]; an Integrated
Maritime Policy for the Union (Beartas Muirí Lánpháirtithe don Aontas)[34];
the Marine Strategy Framework Directive (an Treoir Réime um Straitéis
Mhuirí)[35]; the Eco-innovation
Action Plan and the Digital Agenda for Europe (an Plean Gníomhaíochta
Éiceanuálaíochta agus an Clár Oibre Digiteach don Eoraip)[36]. Atreiseoidh na gníomhaíochtaí sin cumas na sochaí
níos mó teacht aniar a bheith inti maidir le hathrú comhshaoil agus aeráide
agus áiritheoidh siad go mbeidh amhábhair le fáil. I bhfianaise nádúr trasnáisiúnta agus domhanda
na haeráide agus an chomhshaoil, an scála a bhaineann leo agus a chasta is atá
siad, agus i bhfianaise gné idirnáisiúnta an tslabhra soláthair amhábhar, ní
mór gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais agus níos leithne. Éilíonn carachtar ildisciplíneach an taighde atá
riachtanach go gcomhthiomsófar eolas agus acmhainní comhlántacha d'fhonn dul i
ngleic leis an dúshlán seo go héifeachtach. D’fhonn úsáid acmhainní agus
tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, agus iomaíochas a mhéadú ag an am céanna,
beidh gá le trasdul cinntitheach sochaíoch agus teicneolaíocha chuig geilleagar
bunaithe ar chaidreamh inbhuanaithe idir an dúlra agus dea-bhail an duine. Cuirfidh
gníomhaíochtaí comhordaithe taighde agus nuálaíochta feabhas ar an tuiscint ar
athruithe aeráide agus comhshaoil agus ar an réamhaisnéis a dhéantar fúthu i
bpeirspictíocht córasach agus tras‑earnála, laghdóidh siad
neamhchinnteachtaí, aithneoidh siad leochaileachtaí, rioscaí, costais agus
deiseanna agus déanfaidh siad iad a mheas, agus lena chois sin cuirfidh siad le
réimse réiteach agus freagraí beartas agus na sochaí agus cuirfidh siad lena n‑éifeacht.
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á gcur i gcrích déanfar iarracht gníomhaithe
ar gach leibhéal na sochaí a chumasú chun páirt a ghlacadh sa phróiseas seo. Má táthar le dul i
ngleic le hinfhaighteacht amhábhar ní mór taighde comhordaithe agus iarrachtaí
nuálaíochta a dhéanamh ina lán disciplíní agus earnálacha le cabhrú chun
réitigh a sholáthar ar fud an tslabhra soláthair go léir (idir thaiscéaladh
agus eastóscadh, agus próiseáil, athúsáid, athchúrsáil agus ionadú), réitigh a
bheidh indéanta, slán ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de, agus a
nglacfaidh an tsochaí leo. Soláthróidh nuálaíocht sna
réimsí sin deiseanna le haghaidh fáis agus post, chomh maith le roghanna
nuálacha a mbeidh baint ag eolaíocht, teicneolaíocht, an geilleagar, beartas
agus rialachas leo. Is ar an gcúis sin atá Comhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach
ar Amhábhair á hullmhú. Soláthróidh éiceanuálaíocht deiseanna le
haghaidh fáis agus post. Rachaidh na réitigh a fhorbrófar trí ghníomhaíocht ar
leibhéal an Aontais i ngleic le príomhbhagairtí ar iomaíochas tionsclaíoch agus
cinnteoidh siad go mbeifear in ann iad a ghlacadh go tapa agus a mhacasamhlú ar
fud an Mhargaidh Aonair agus níos faide anonn. Cuirfidh
sé seo ar chumas an gheilleagair an trasdul a dhéanamh chuig geilleagar glas a
chuireann san áireamh úsáid inbhuanaithe acmhainní. Beidh siad seo a leanas ina
gcomhpháirtithe sa chur chuige sin: Lucht déantar beartas idirnáisiúnta,
Eorpach agus náisiúnta; cláir taighde agus nuálaíochta idirnáisiúnta agus na
mBallstát; lucht gnó agus tionscal na hEorpa; an Ghníomhaireacht Chomhshaoil
Eorpach agus gníomhaireachtaí comhshaoil náisiúnta; agus páirtithe leasmhara
ábhartha eile. I dteannta le comhoibriú déthaobhach agus réigiúnach, tacóidh
gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais le hiarrachtaí agus le tionscnaimh
ábhartha idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Painéal Idir-Rialtasach ar
Athrú Aeráide (IPCC), an Clár Oibre Idir-Rialtasach ar Bhithéagsúlacht agus ar
Sheirbhísí Éiceachórais (IPBES) agus an Grúpa um Fhaire na Cruinne (GEO). 5.3. Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí (a)
Oiriúnú don athrú aeráide agus dul i ngleic leis Is é is aidhm leo
sin bearta oiriúnaithe agus maolaithe a bheidh cost-éifeachtúil agus
inbhuanaithe a fhorbairt, a dhíreoidh ar CO2 agus ar gháis cheaptha
teasa eile, agus a leagfaidh béim ar réitigh ghlasa, idir réitigh
theicneolaíochta agus réitigh neamhtheicneolaíochta, trí fhianaise a chruthú i
gcomhair bearta a bheidh eolasach, luath agus éifeachtach agus i gcomhair
líonrú na n‑inniúlachtaí riachtanacha. Díreofar na gníomhaíochtaí orthu
seo a leanas: feabhas a chur ar an tuiscint ar athrú aeráide agus ar sholáthar
réamh‑mheastacháin iontaofa aeráide; ar mheasúnú tionchar agus
leochaileachtaí agus ar bhearta oiriúnaithe agus coiscthe riosca a bheidh nuálach
agus cost-éifeachtúil; agus ar thacú le beartais maolaithe. (b)
Acmhainní nádúrtha agus éiceachórais a bhainistiú
ar bhealach inbhuanaithe Is é is aidhm leis
eolas a sholáthar i gcomhair bainistiú acmhainní nádúrtha ina mbeidh cothroime
inbhuanaithe idir acmhainní teoranta agus riachtanais na sochaí agus an
gheilleagair. Díreofar na gníomhaíochtaí orthu seo a
leanas: cur leis an tuiscint atá againn ar fheidhmiú na n‑éiceachóras, ar
na hidirghníomhaíochtaí atá acu le córais shóisialta agus an ról atá acu i
gcothú an gheilleagair agus dea-bhail an duine; agus ar eolas agus uirlisí a
sholáthar chun go bhféadfar cinntí éifeachtacha a dhéanamh agus go mbeidh an
pobal sásta tacaíocht a thabhairt dóibh. (c)
A áirithiú go mbeidh soláthar inbhuanaithe ann
d’amhábhair nach ábhair fuinnimh ná ábhair thalmhaíochta iad Is é is aidhm leis an bonn eolais faoi
amhábhair a fheabhsú agus réitigh nuálacha a fháil chun amhábhair a
thaiscéaladh, a eastóscadh, a phróiseáil, a athchúrsáil agus a aisghabháil ar
bhealaí cost-éifeachtúla nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, agus chun
ábhair eile a chur ina n‑ionad ar bhealaí a bheadh tarraingteach ó thaobh
costais de agus a mbeadh tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol. Díreofar na gníomhaíochtaí orthu seo a leanas: feabhas a
chur ar an mbonn eolais ar infhaighteacht na n‑amhábhar; ar chur chun
cinn soláthar agus úsáid inbhuanaithe amhábhar; ar roghanna malartacha a aimsiú
i gcás amhábhar criticiúil; agus feabhas a chur ar fheasacht agus scileanna na
sochaí ar amhábhair. (d)
An trasdul i dtreo geilleagar glas a chumasú trí
bhíthin éiceanuálaíochta Is é is aidhm leis sin gach cineál
éiceanuálaíochta a chothú a chumasaíonn an trasdul go geilleagar glas. Díreofar na gníomhaíochtaí orthu seo a leanas: teicneolaíochtaí,
próisis, seirbhísí agus táirgí éiceanuálaíochta a neartú agus dlús a chur
faoina nglacadh ar an margadh agus faoina macasamhlú, agus aird faoi leith a
thabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; tacú le beartais nuálacha agus
athruithe sochaíocha; tomhas agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i
dtreo geilleagar glas; agus ar éifeachtúlacht acmhainní a chothú trí chórais
digiteacha. (e)
Córais chuimsitheacha, inbhuanaithe, dhomhanda a
fhorbairt um fhaisnéis agus um breathnóireacht comhshaoil Is é is aidhm leo sin a chinntiú go gcuirfear
na sonraí agus an fhaisnéis fhadtéarmach ar fáil atá riachtanach chun aghaidh a
thabhairt ar an dúshlán seo. Díreofar na
gníomhaíochtaí ar na cumais, ar na teicneolaíochtaí agus ar na bonneagair
shonraí a sholáthar chun breathnadóireacht agus faireachán a dhéanamh ar an
domhan ionas gur féidir eolas, réamhaisnéisí agus réamh‑mheastacháin a
sholáthar go tráthúil, cruinn. Spreagfar rochtain shaor, oscailte agus
neamhshrianta ar shonraí agus ar fhaisnéis chomh‑inoibritheach. 6. SOCHAITHE CUIMSITHEACHA, NUÁLAÍOCHA AGUS
SLÁNA 6.1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir
sonrach sochaithe Eorpacha a chothú a bheidh cuimsitheach, nuálach agus slán
nuair atá claochluithe ag tarlú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus fás
ag teacht ar idirthuilleamaíocht dhomhanda. Tá dúshláin mhóra
socheacnamaíocha le sárú ag an Eoraip a mbeidh tionchar mór acu ar a bhfuil i
ndán di sa todhchaí - dúshláin mar an fás atá ag teacht ar idirthuilleamaíocht
eacnamaíoch agus cultúrtha, aosú, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht, éagothroime
agus sreabha imirce, an deighilt dhigiteach a dhúnadh, cothú cultúir
nuálaíochta agus cruthaitheachta sa tsochaí agus i bhfiontair, chomh maith le
slándáil agus saoirse a chinntiú, muinín in institiúidí daonlathacha agus idir
saoránaigh a chothú laistigh de theorainneacha agus thar theorainneacha. Is dúshláin ollmhóra iad seo agus ní mór cur chuige
coiteann Eorpach a bheith ann le dul i ngleic leo. Ar an gcéad dul síos, tá éagothroime suntasach
i gcónaí san Aontas idir na tíortha éagsúla agus laistigh díobh. Is éard atá
san Innéacs Forbartha Daonna tomhas comhiomlán maidir le dul chun cinn sláinte,
oideachais agus ioncaim, agus scóráil Ballstáit an Aontais idir 0,743 agus
0,895 ar an Innéacs in 2010, rud a léirigh difríochtaí suntasacha idir tíortha.
Tá neamhionannais shuntasacha inscne fós ann: mar shampla, faigheann fir 17.8%
níos mó pá san Aontas ná mar a fhaigheann mná.[37]. Tá duine as
gach seisear saoránach san Aontas (thart ar 80 milliún duine) i mbaol
bochtaineachta inniu. Le scór bliain anuas tá méadú
tagtha ar bhochtaineacht daoine fásta óga agus teaghlach a bhfuil leanaí acu.
Tá an ráta dífhostaíochta i measc na n‑óg ag os cion 20%. Tá 150 milliún
Eorpach (thart ar 25%) nár bhain úsáid as an idirlíon riamh agus b’fhéidir nach
bhfaighidh siad dóthain litearthachta digití chuige sin go deo. Tá neamhshuim
agus polarú polaitiúil le sonrú i dtoghcháin freisin, rud a léiríonn go bhfuil
laghdú ag teacht ar mhuinín na saoránach as na córais pholaitiúla atá ann faoi
láthair. Tugann na figiúirí seo le tuiscint go bhfuil roinnt grúpaí sóisialta
agus pobail á bhfágáil ar chúl i gcónaí maidir le forbairt shóisialta agus
eacnamaíoch agus b’fhéidir maidir le polaitíocht dhaonlathach freisin. Sa dara háit, tá
rátaí táirgiúlachta agus fáis eacnamaíoch na hEorpa ag titim i gcoibhneas le
tíortha eile le dhá scór bliain. Ina theannta sin, tá meath ag teacht go tapa
ar an scair den táirgeacht eolais dhomhanda atá ag an Eoraip agus má bhí sí
chun tosaigh maidir le feidhmiú nuálaíochta tá na príomhgheilleagair atá ag
teacht chun cinn mar an Bhrasaíl agus an tSín ag breith suas uirthi. Cé go
bhfuil bonn taighde láidir ag an Eoraip, ní mór sócmhainn chumhachtach a
dhéanamh de le haghaidh earraí agus seirbhísí nuálacha. Cé go dtuigtear go
maith nach mór don Eoraip níos mó a infheistiú san eolaíocht agus sa
nuálaíocht, beidh uirthi comhordú i bhfad níos cliste a dhéanamh ar na
hinfheistíochtaí sin ná mar a rinneadh go dtí seo: Caitear níos mó ná 95% de na
buiséid náisiúnta T&F gan aon chomhordú a dhéanamh orthu ar fud an Aontais,
sa chaoi go mb’fhéidir go bhfuil acmhainní ollmhóra á ndiomailt tráth a bhfuil
laghdú ag teacht ar dheiseanna maoinithe. Ina
theannta sin, in ainneoin roinnt cóineasaithe le déanaí, tá an‑difríocht
le sonrú maidir le cumas nuálaíochta na mBallstát, agus bearnaí móra idir na
'ceannairí nuálaíochta' agus na 'nuálaithe measartha’.[38]. Ar an tríú dul síos, is iomaí cineál easpa
sábháilteachta, cibé an choireacht, foréigean, sceimhlitheoireacht,
cíbearionsaithe, mí-úsáid príobháideachais agus cineálacha eile mí-oird
sóisialta agus eacnamaíoch atá ag dul i gcion níos mó agus níos mó ar
shaoránaigh. De réir meastachán, is dócha go mbeidh suas le 75 milliún
íospartach díreach coireachta gach bliain san Eoraip[39].
Measadh gurbh é EUR 650 billiún an costas díreach a bhí ag coiriúlacht,
sceimhlitheoireacht, gníomhaíochtaí mídhleathacha, foréigean agus tubaistí san
Eoraip in 2010, rud ab ionann agus thart faoi 5% d’OTI an Aontais. Sampla soiléir d’iarmhairtí na sceimhlitheoireachta ab ea
an t-ionsaí a rinneadh ar na Twin Towers i Manhattan ar 11 Meán
Fómhair 2001. Cailleadh na mílte duine agus meastar gur cailleadh
táirgiúlacht i SAM arbh fhiú SAM$ 35 billiún de bharr na heachtra, gur
cailleadh SAM$ 47 billiún in aschur iomlán agus gur tháinig méadú 1% ar an ráta
dífhostaíochta sa ráithe ina dhiaidh sin. Bíonn baint níos mó i gcónaí ag
saoránaigh, ag gnólachtaí agus ag institiúidí le hidirghníomhaíochtaí agus le
hidirbhearta digiteacha sna réimsí sóisialta, airgeadais agus tráchtála den
saol ach tarlaíonn cíbearchoireanna ar fiú na billiúin Euro iad gach bliain
agus sáraítear príobháideacht daoine aonair agus cumann ar fud na mór-roinne de
bharr forbairt an Idirlín. Ós rud é go bhfuil fás ag teacht ar
neamhdhiongbháilteacht sa saol laethúil agus toisc go dtarlaíonn rudaí gan
choinne do dhaoine is cosúil go rachaidh siad sin i gcion ar mhuinín na
saoránach as institiúidí agus as a chéile. Ní mór dul i
ngleic leis na dúshláin seo ar bhealaí nuálacha toisc go n‑idirghníomhaíonn
siad ar bhealaí casta agus is minic a tharlaíonn siad gan choinne. Is féidir le
nuálaíocht an chuimsitheacht a lagú, rud is féidir a fheiceáil, mar shampla, sa
deighilt dhigiteach nó sa deighilt atá sa mhargadh saothair. Bíonn sé deacair uaireanta freastal ag an am céanna ar
nuálaíocht agus ar mhuinín shóisialta agus ar shlándáil nuair a bhíonn beartais
á gceapadh, mar shampla i limistéir faoi mhíbhuntáiste sóisialta i gcathracha
móra na hEorpa. Thairis sin, nuair a thagann éileamh na saoránach atá ag athrú
agus an nuálaíocht le chéile ceapann lucht déanta beartas agus gníomhaithe
eacnamaíocha agus sóisialta freagraí uaireanta a dhéanann neamhaird de na
teorainneacha atá idir earnálacha, gníomhaíochtaí, earraí nó seirbhísí.
Léiríonn rudaí mar fhás an Idirlín, na gcóras airgeadais, na heacnamaíochta atá
ag dul in aois agus na sochaí éiceolaíochta go soiléir an chaoi a bhfuil sé
riachtanach smaoineamh ag an am céanna ar na ceisteanna sin ó thaobh na
ngnéithe nuálaíochta, cuimsitheachta, agus slándála a bhaineann leo agus
freagra a thabhairt orthu le chéile. Ós
rud é go bhfuil na dúshláin sin casta agus toisc go bhfuil athrú ag teacht ar
an héilimh, ní mór taighde nuálach agus teicneolaíochtaí, próisis agus modhanna
nua cliste a fhorbairt mar aon le meicníochtaí nuálaíochta sóisialta,
gníomhaíochtaí comhordaithe agus beartais a bheidh ullamh i gcomhair na n‑athruithe
a thiocfaidh san Eoraip nó a rachaidh i gcion orthu. Ní mór na treochtaí
bunúsacha agus na hiarmhairtí a bhaineann leis na dúshláin seo a thuiscint agus
ní mór na foirmeacha dlúthpháirtíochta, comhordaithe agus cruthaitheachta sin a
athaimsiú nó a athchruthú a chinntíonn gur samhail faoi leith de shochaithe
cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána í an Eoraip i gcomparáid le réigiúin eile
an domhain. Éilíonn sé cur chuige níos straitéisí maidir le comhar le tríú
tíortha. Mar fhocal scoir, ós rud é gur cheart go mbeadh idirghníomhaíocht idir
beartais slándála agus beartais sóisialta éagsúla, gné thábhachtach den dúshlán
seo is ea gné shochaíoch an taighde slándála a bhreisiú. 6.2. Réasúnaíocht agus breisluach
an Aontais Ní thugtar aird ar
theorainneacha náisiúnta i gcás na ndúshlán sin agus ar an gcaoi sin bíonn gá
le hanailísí comparáideacha níos casta maidir le soghluaisteacht (daoine,
earraí, seirbhísí agus caipiteal mar aon le hinniúlachtaí agus eolas) agus
cineálacha comhair institiúidigh, idirghníomhartha idirchultúrtha agus comhar
idirnáisiúnta. Mura mbíonn tuiscint níos fearr orthu agus réamh‑mheastáchán
déanta ina leith, bíonn brú ar thíortha Eorpacha dul san iomaíocht lena chéile
seachas comhoibriú de thairbhe fórsaí an domhandaithe, agus ar an gcaoi sin
bíonn béim ar éagsúlachtaí san Eoraip seachas comóntachtaí agus cothromaíocht
cheart a bheith idir comhar agus iomaíocht. Má théitear i ngleic ar leibhéal
náisiúnta amháin le dúshláin shocheacnamaíocha ríthábhachtacha, bíonn contúirt
ann d’úsáid neamhéifeachtúil acmhainní, de sheachtrú fadhbanna chuig tíortha
Eorpacha agus neamh‑Eorpacha eile agus aibhsiú ar theannais shóisialta,
eacnamaíocha agus pholaitiúla ar féidir leo cur isteach go díreach ar
aidhmeanna an Chonartha Eorpaigh ó thaobh a chuid luachanna de, go háirithe
Teideal I den Chonradh ar an Aontas Eorpach. D’fhonn sochaithe
cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána a chothú, tá freagra arna cheapadh chun
eolas, teicneolaíochtaí agus cumais nua a fhorbairt mar aon le roghanna
beartais a shainaithint de dhíth ón Eoraip. Cuideoidh
an dianiarracht sin leis an Eoraip dul i ngleic lena dúshláin ní amháin ar
bhonn inmheánach ach mar ghníomhaí domhanda ar an ardán idirnáisiúnta. Is
amhlaidh a bheidh an dianiarracht sin, ar an gcaoi sin, ina cúnamh do
Bhallstáit tairbhe a bhaint as eispéiris in áiteanna eile agus ligean dóibh a
ngníomhaíochtaí sonracha féin a chomhfhreagraíonn dá gcomhthéacsanna faoi seach
a shainiú. Dá bhrí sin, beidh cothú modhanna nua
comhoibrithe idir tíortha laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, agus ar
fud na bpobal taighde agus nuálaíochta ábhartha ina thasc lárnach i gcomhthéacs
an dúshláin sin. Rachfar ar bhonn rianúil i mbun teagmhála le saoránaigh agus
le hearnáil na tionsclaíochta, tacaíochta le próisis nuálacha sóisialta agus
teicneolaíche, gníomhaíochtaí chun riarachán poiblí cliste agus rannpháirteach
a spreagadh agus chun ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise a chur chun cinn
d’fhonn ábharthacht na ngníomhaíochtaí sin go léir a fheabhsú le haghaidh an
lucht déanta beartais, gníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha agus le haghaidh
saoránach. I dtaca leis seo de, beidh taighde agus
nuálaíocht ina réamhchoinníoll maidir le hiomaíochas earnálacha tionsclaíochta
agus seirbhísí Eorpacha, go háirithe sna réimsí maidir le slándáil, forbairt
dhigiteach agus cosaint príobháideachta. Ar an gcaoi sin tacóidh
cistiú an Aontais i gcomhthéacs an dúshláin sin le forbairt, le cur chun
feidhme agus le hoiriúnú phríomhbheartais an Aontais, eadhon tosaíochtaí “an
Eoraip 2020” maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, an
Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus Straitéis Slándála Inmheánach an
Aontais, lena n‑áirítear beartais maidir le cosc agus freagairt ar
thubaiste. Rachfar i mbun comhordaithe le gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde. 6.3 Treoirlínte do na
gníomhaíochtaí 6.3.1. Sochaithe cuimsitheacha Is é an aidhm atá ann dlúthpháirtíocht a
fheabhsú mar aon le cuimsiú sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil agus dinimic
idirchultúrtha dhearfach san Eoraip agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, trí
bhíthin eolaíocht ar thús cadhnaíochta agus idirdhisciplíneachta, dul chun cinn
teicneolaíoch agus nuálaíochtaí eagrúcháin. D’fhéadfadh ról tábhachtach a
bheith ag taighde i ndaonnachtaí sa réimse sin. Tacóidh an taighde le lucht
déanta beartas beartais a dhearadh chun bochtaineacht a chomhrac agus cosc a
chur ar fhorbairt cineálacha éagsúla scoilteanna, leithcheal agus
míchothromaíochtaí i sochaithe Eorpacha, amhail míchothromaíochtaí inscne nó
scoilteanna digiteacha nó nuálaíochta, agus le réigiúin eile an domhain. Cuirfidh sé go háirithe le cur chun feidhme agus le
hoiriúnú na straitéise “an Eoraip 2020” agus le gníomhaíocht sheachtrach
ghinearálta an Aontais. Glacfar le bearta ar leith chun an tsármhaitheas i
réigiúin bheagfhorbartha a scaoileadh, agus dá bhrí sin rannpháirtíocht i
"Fís 2020” a fhorleathnú. Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a
leanas: (a)
fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a
chur chun cinn; (b)
sochaithe athléimneacha agus cuimsitheacha a
fhorbairt san Eoraip; (c)
ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú; (d)
an scoilt ó thaobh taighde agus na nuálaíochta a
dhúnadh san Eoraip. 6.3.2. Sochaithe cuimsitheacha Is é an aidhm forbairt sochaithe nuálacha agus
beartas san Eoraip a chothú trí bhíthin teagmháil a choimeád le saoránaigh, le
fiontair agus le húsáideoirí lena mbaineann taighde agus nuálaíocht agus
beartais taighde agus nuálaíochta chomhordaithe a chur chun cinn i gcomhthéacs
an domhandaithe. Cuirfear tacaíocht faoi leith ar
fáil chun an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt agus creatchoinníollacha
chun le haghaidh nuálaíochta a fhorbairt. Beidh fócas na
ngníomhaíochtaí mar seo a leanas: (a)
an bunús fianaise agus an tacaíocht don Aontas
Nuálaíochta agus don Limistéar Eorpach Taighde a neartú; (b)
cineálacha nua nuálaíochta a iniúchadh, nuálaíocht
agus cruthaitheacht shóisialta san áireamh; (c)
comhoibriú sochaíoch a áirithiú i dtaighde agus i
nuálaíocht; (d)
comhar comhleanúnach agus éifeachtach le tríú
tíortha a chur chun cinn. 6.3.3. Sochaithe slána Is é an aidhm tacú le beartais an Aontais
maidir le slándáil inmheánach agus sheachtrach agus cibearshlándáil, iontaoibh
agus príobháideachas sa Mhargadh Aonair Digiteach a áirithiú, agus ag an am
céanna iomaíochas shlándáil, earnálacha tionsclaíochta TFC agus sheirbhísí an
Aontais a fheabhsú. Déanfar é sin trí bhíthin
teicneolaíochtaí agus réitigh nuálaíocha a fhorbairt lena ndéantar dul i ngleic
le bearnaí slándála agus trína ndéantar bagairtí slándála a chosc. Déanfar
éilimh na n‑úsáideoirí deiridh éagsúla (saoránaigh, gnóthaí, agus
údaráis, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta agus idirnáisiúnta, cosaintí
sibhialta, forghníomhú an dlí, gardaí teorann, etc.) a chomhtháthú trí bhíthin
na ngníomhaíochtaí misean‑dírithe sin d’fhonn éabhlóid na mbagairtí
slándála agus na cosanta príobháideachais agus na ngnéithe sochaíocha
riachtanacha a thabhairt san áireamh. Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a
leanas: (a)
coireacht agus sceimhlitheoireacht a chomhrac; (b)
slándáil trí bhíthin bainistiú teorann a neartú; (c)
cibearshlándáil a chur ar fáil; (d)
stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus
tubaistí a mhéadú; (e)
príobháideacht agus saoirse ar an Idirlíon a
áirithiú agus gné shochaíoch na slándála a fheabhsú. CUID IV
Gníomhaíochtaí Díreacha Neamhnúicléacha an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde (JRC) 1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach tacaíocht
theicniúil agus eolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil do
bheartais an Aontais agus freagairt go solúbtha ar éilimh ar bheartais nua. 2. Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais Tá clár oibre beartais sainithe ag an Aontas
go dtí 2020 lena ndéanfar freastal ar shraith dúshlán casta agus idirnasctha,
amhail bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní agus ar iomaíochas. D’fhonn dul i ngleic go rathúil leis na dúshláin sin, tá
fianaise eolaíoch stóinsithe de dhíth lena mbainfidh disciplíní eolaíocha
éagsúla agus lena gcumasófar measúnú iontaofa ar roghanna beartais. Agus a ról
mar sheirbhís eolaíochta maidir le ceapadh beartais an Aontais arna neartú a
thuilleadh, déanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an tacaíocht eolaíoch
agus theicniúil riachtanach a chur ar fáil ar feadh gach céim den timthriall
ceaptha beartais, ó cheapadh go cur chun feidhme agus go measúnú. Chun na
críche sin díreoidh sé a thaighde go soiléir ar thosaíochtaí beartais an
Aontais agus inniúlachtaí trasnaí a fheabhsú. Cuireann neamhspleáchas an
Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ó leasanna speisialta, mar aon lena ról
tagartha eolaíoch teicniúil, lena chumas an cothú comhdhearcaidh atá
riachtanach idir páirtithe leasmhara agus lucht déanta beartas a éascú.
Baineann Ballstáit agus saoránaigh an Aontais tairbhe as taighde an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde, atá rí-léir i réimsí amhail sláinte agus cosanta
tomhaltóirí, comhshaoil, sábháilteachta agus slándála, agus bainistíocht ar
ghéarchéimeanna agus ar thubaistí. Tá an tAirmheán
Comhpháirteach Taighde ina dhlúthchuid den Limistéar Eorpach Taighde agus
tacóidh sé go gníomhach i gcónaí lena fheidhmithe trí bhíthin comhoibriú dlúth
le piaraí agus le páirtithe leasmhara, rochtain ar a shaoráidí a chur ar fáil
agus trí bhíthin taighdeoirí a chur faoi oiliúint. Cuirfidh sé sin freisin le
lánpháirtiú na mBallstát nua agus na dTíortha Comhlachaithe; i dtaobh na
dtíortha sin, cuirfidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde cúrsaí oiliúna
eolaíoch agus teicniúil tiomanta ar fáil i gcónaí maidir le corpas dlí an
Aontais. Bunóidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde naisc le cuspóirí sonracha
ábhartha eile “Fís 2020”. I gcáil comhlánaithe ar a ghníomhaíochtaí
díreacha agus ar mhaithe le tuilleadh comhtháthaithe agus líonraithe sa
Limistéar Eorpach Taighde, d’fhéadfadh an Limistéar Eorpach Taighde
rannpháirtiú i ngníomhaíochtaí indíreacha “Fís 2020” agus in ionstraimí
comhordaithe i réimsí ina bhfuil an saineolas ábhartha aige breisluach a
tháirgeadh. 3 Treoirlínte do na gníomhaíochtaí Díreofar gníomhaíochtaí an Airmheáin
Chomhpháirtigh Taighde i “Fís 2020” ar thosaíochtaí beartais an Aontais
agus ar na dúshláin shochaíocha a dtéann siad i ngleic leo; tá siad ar
chomhréim leis “an Eoraip 2020” agus leis na príomhchuspóirí lena
mbaineann; fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, Slándáil agus
Saoránacht, agus an Eoraip Dhomhanda. Fuinneamh, iompar, an comhshaol agus athrú
aeráide, talmhaíocht agus sábháilteacht an tsoláthair bia, sláinte agus cosaint
tomhaltóirí, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ábhair thagartha, agus
sábháilteacht agus slándáil (lena n‑áirítear núicléach i gclár Euratom) a
bheidh i bpríomhréimsí inniúlachta an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Feabhsaítear na
limistéir inniúlachta sin go suntasach le cumais chun dul i ngleic leis an
timthriall beartais iomlán agus chun roghanna beartais a mheasúnú. Áirítear
leis an tacaíocht sin neartú acmhainní maidir leis an méid a leanas (a)
réamh‑mheas agus fadbhreathnaitheacht -
faisnéis straitéiseach fhorghníomhach maidir le treochtaí agus imeachtaí maidir
le heolaíocht, teicneolaíocht agus an tsochaí agus a n‑impleachtaí
féideartha le haghaidh beartas poiblí. (b)
eacnamaíocht - le haghaidh seirbhís chomhtháite ina
gcuimsítear na gnéithe eolaíocha agus teicniúla mar aon leis na gnéithe
maicreacnamaíocha. (c)
samhaltú - díriú ar inbhuanaitheacht agus ar
eacnamaíocht agus ar mhaolú spleáchas an Choimisiúin ar sholáthraithe
seachtracha le haghaidh anailís ríthábhachtach ar chnámha scéil. (d)
anailís beartais - imscrúdú trasearnálach ar
roghanna beartais a chumasú. (e)
measúnú tionchair - fianaise eolaíoch a chur ar
fáil chun tacú le roghanna beartais. Leanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde
ar aghaidh chun sármhaitheas a shaothrú i dtaighde mar bhunús le haghaidh
tacaíocht eolaíoch agus theicniúil inchreidte agus stóinsithe do bheartas. Chun na críche sin, neartóidh sé comhoibriú le
comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, i.a. trí bhíthin rannpháirtíocht i
ngníomhaíochtaí indíreacha. Déanfaidh sé taighde taiscéalaíoch fosta agus
inniúlachtaí a fhorbairt i réimsí éiritheacha ar bhonn roghnach atá ábhartha do
bheartas. Díreoidh an tAirmheán
Comhpháirteach Taighde ar an méid seo a leanas: 3.1 Eolaíocht den scoth Taighde a dhéanamh chun an
bonn fianaise eolaíoch a fheabhsú le haghaidh ceapadh beartas agus iniúchadh a
dhéanamh ar réimsí éiritheacha na heolaíochta agus na teicneolaíochta, lena n‑áirítear
clár taighde taiscéalaíoch. 3.2 Ceannaireacht thionsclaíoch Rannchuidiú le hiomaíochas
Eorpach trí thacaíocht a thabhairt don phróiseas caighdeánaithe agus do
chaighdeáin trí thaighde réamhnormatach, trí thomhais tagartha agus ábhair
thagartha a fhorbairt, agus trí mhodheolaíochtaí i gcúig réimse fhócasacha
(fuinneamh; iompar; an Clár Oibre Digiteach; slándáil agus sábháilteacht;
cosaint tomhaltóirí) a chomhchuibhiú. Measúnuithe sábháilteachta ar
theicneolaíochtaí nua a thabhairt chun críche i réimsí amhail fuinneamh agus
iompar agus sláinte agus cosaint tomhaltóirí. Rannchuidiú chun úsáid,
caighdeánú agus bailíochtú teicneolaíochtaí agus sonraí spáis a éascú, go
háirithe chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha. 3.3 Dúshláin shochaíocha (a)
An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an
fholláine Rannchuidiú le cosaint sláinte agus tomhaltóirí
trí bhíthin tacaíocht eolaíoch agus teicniúil i réimsí amhail bia, beatha,
táirgí tomhaltóirí; an comhshaol agus sláinte; cleachtais diagnóiseach agus
scagtha maidir le sláinte; agus cothú agus réimeanna bia. (b)
Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht
inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an
bithgheilleagar Tacaíocht le forbairt agus le cur chun feidhme
bheartais talmhaíochta agus iascaigh na hEorpa agus faireachán orthu, lena n‑áirítear
sábháilteacht bia agus sábháilteacht an tsoláthair bia agus bithgheilleagar
a fhorbairt trí bhíthin e.g. réamhaisnéisí táirgthe barr, anailísí
teicniúla agus socheacnamaíocha agus samhaltú. (c)
Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil Tacú le spriocanna aeráide agus fuinnimh
20/20/20 maidir le taighde ar ghnéithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha an
tsoláthair fuinnimh, éifeachtúlachta, teicneolaíochtaí ísealcharbóin, líonraí
tarchurtha fuinnimh/leictreachais. (d)
Iompar atá cliste, glas agus comhtháite Tacú le beartas an Aontais maidir le soghluaisteacht
inbhuanaithe, sábháilte agus slán daoine agus earraí trí bhíthin staidéar
saotharlainne, samhaltaithe agus cineálacha cur chuige faireacháin éagsúla,
lena n‑áirítear teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun críocha iompair, ar
nós leictrithe, feithiclí glana agus éifeachtúla agus breoslaí malartacha, agus
córais soghluaisteachta chliste. (e)
Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid,
éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair Imscrúdú a dhéanamh ar na dúshláin trasearnálacha
maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha trí bhíthin
faireachán a dhéanamh ar phríomhathróga comhshaoil agus creat samhaltaithe
comhtháite a fhorbairt le haghaidh measúnú inbhuanaitheachta. Tacú le héifeachtúlacht
acmhainní, laghdaithe astaíochtaí agus soláthar inbhuanaithe amhábhar trí
bhíthin measúnuithe sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha comhtháite ar
phróisis táirgthe, ar theicneolaíochtaí agus ar tháirgí agus ar sheirbhísí atá
glan ó thaobh an chomhshaoil de. Tacú le cuspóirí bheartas forbartha an
Aontais maidir le taighde chun cúnamh a thabhairt soláthairtí imleora agus
acmhainní imleora a áirithiú ag díriú ar fhaireachán ar pharaiméadair
comhshaoil agus acmhainne, ar anailísí a bhaineann le sábháilteacht bia agus
sábháilteacht an tsoláthair bia, agus tarchur eolais. (f)
Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána Rannchuidiú agus faireachán ar chur chun feidhme
an Aontais Nuálaíochta le hanailísí maicreacnamaíocha ar na spreagthaí
agus ar na bacainní a bhaineann le taighde agus le nuálaíocht, agus
modheolaíochtaí, scórchláir agus táscairí a fhorbairt. Tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde
(ERA) trí bhíthin faireachán ar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus
anailís a dhéanamh ar spreagthaí agus ar bhacainní maidir le cuid de na
príomhghnéithe lena mbaineann; agus trí bhíthin líonrú taighde, oiliúint,
saoráidí agus bunachair shonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a chur ar
fáil d’úsáideoirí i mBallstáit agus i dTíortha is Iarrthóirí agus i dTíortha
Comhlachaithe. Rannchuidiú le príomhchuspóirí an Chláir Oibre
Dhigitigh trí bhíthin anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar ghnéithe
eacnamaíocha agus sóisialta (an Geilleagar Digiteach, an tSochaí Dhigiteach, an
Saol Digiteach). Tacú le sábháilteacht agus
le slándáil inmheánach trí bhíthin leochaileacht na mbonneagar criticiúil
mar chomhpháirteanna ríthábhachtacha feidhmeanna sochaíocha a shainaithint agus
a mheasúnú; agus trí bhíthin measúnú feidhmíochta oibriúcháin ar theicneolaíochtaí
a bhaineann le céannacht dhigiteach; Dul i ngleic le dúshláin slándála
domhanda lena n‑áirítear bagairtí éiritheacha nó hibrideacha trí
bhíthin uirlisí sárfhorbartha a fhorbairt le haghaidh mianadóireachta agus
anailísiú fianaise agus le haghaidh bainistíocht géarchéime Cumas an Aontais a fheabhsú
maidir le tubaistí idir thubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a
bhainistiú trí bhíthin faireachán ar na bonneagair agus forbairt a dhéanamh ar
réamhrabhadh ilghuaise domhanda agus ar chórais faisnéise bainistíochta riosca
a neartú, ag baint leasa as creataí breathnadóireachta satailít-bhunaithe le
haghaidh an domhain. CUID V
An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
(EIT) 1. Cuspóir sonrach Is é an cuspóir sonrach triantán eolais an
taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chomhtháthú agus ar an gcaoi sin
cumas nuálaíochta an Aontais a threisiú agus dul i ngleic le dúshláin
shochaíocha. Tá roinnt laigí struchtúracha os comhair na
hEorpa ó thaobh cumas nuálaíochta de agus an cumas seirbhísí, táirgí agus
próisis nua a sheachadadh. I measc na bpríomhshaincheisteanna atá i gceist tá
teist na hEorpa atá sách lag maidir le daoine éirimiúla a mhealladh agus a
choimeád; tearcúsáid láidreachtaí taighde reatha maidir le luach eacnamaíoch nó
sóisialta a chruthú; leibhéil ísle gníomhaíochta fiontraíochta; scála acmhainní
i moil sármhaitheasa nach bhfuil imleor chun dul in iomaíocht ar bhonn
domhanda; agus líon iomarcach bacainní ó thaobh comhoibriú laistigh de
thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus an ghnó ar leibhéal Eorpach.
2. Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais Más gá don Eoraip dul san iomaíocht ar scála
idirnáisiúnta, ní mór na laigí struchtúracha sin a shárú. Tá na gnéithe arna
sainaithint thuas coitianta ar fud na mBallstát agus bíonn tionchar acu ar
chumas nuálaíochta an Aontais ina iomláine. Rachaidh an EIT i ngleic leis na
saincheisteanna sin trí bhíthin athruithe struchtúracha a chur chun cinn i
dtimpeallacht nuálaíochta na hEorpa. Déanfaidh sé é
sin trí chomhtháthú an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chothú
de réir na gcaighdeán is airde, agus timpeallachtaí nua a chruthú dá bhrí sin a
chabhróidh le nuálaíocht, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus
tacú leo. Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh an EIT go hiomlán le cuspóirí
“Eoraip 2020” agus go háirithe le cuspóirí thionscnaimh shuaitheanta an
Aontais Nuálaíochta agus an Óige ag Bogadh. Oideachas agus
fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le nuálaíocht Is éard atá i ngné
shonrach an EIT oideachas agus fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le
nuálaíocht mar naisc i slabhra nuálaíochta aonair ar fud an Aontais agus níos
faide anonn. Loighic an ghnó agus cur chuige bunaithe ar
thorthaí Feidhmíonn EIT trí bhíthin PENanna i gcomhréir
le loighic ghnó. Is réamhriachtanas é ceannaireacht láidir: bíonn gach PEN faoi
stiúir ag POF. Déanann aonáin dlí aonair ionadaíocht thar ceann comhpháirtithe
PEN chun cinnteoireacht níos cuíchóirithe a chumasú. Ní mór do na PENanna
pleananna gnó bliantúla a tháirgeadh, lena n‑áirítear punann
uaillmhianach gníomhaíochtaí idir oideachas agus cruthú gnó, lena mbainfidh
spriocanna inghnóthaithe soiléire ag féachaint do thionchar ar bhonn margaidh
agus sochaíoch. De thoradh na rialacha reatha maidir le PENanna a bhaineann le
rannpháirtíocht, meastóireacht agus faireachán bítear ábalta mearchinntí
sprioctha a dhéanamh. Ilroinnt a
shárú le cúnamh ó chomhpháirtíochtaí comhtháite fadtéarmacha Is fiontair thar a bheith comhtháite iad
PENanna EIT, trína ndéantar comhpháirtithe ó earnáil na tionsclaíochta, ó
institiúidí ardoideachais, taighde agus teicneolaíochta a thabhairt le chéile,
a bhfuil cáil na sármhaitheasa orthu. Cuireann PENanna ar chumas comhpháirtithe
den scoth teacht le chéile i gcumraíochtaí úra trasteorann, acmhainní reatha a
bharrfheabhsú, rochtain a fháil ar dheiseanna gnó úra trí shlabhraí luacha úra
ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin ardriosca ar mhórscála. Príomhshócmhainn
nuálaíochta na hEorpa: daoine éirimiúla Is bunghné na nuálaíochta í
an tallann. Cothaíonn an EIT daoine agus na hidirghníomhaíochtaí eatarthu trí
bhíthin mic léinn, taighdeoirí, agus fiontraithe a chur ag croílár a shamhla
nuálaíochta. Cuirfidh an EIT cultúr fiontraíoch agus cruthaitheach mar aon le
hoideachas trasdisciplíneach ar fáil do dhaoine éirimiúla, trí bhíthin
céimeanna máistreachta agus PhD faoi lipéad EIT, atá ceaptha chun teacht chun
cinn mar bhranda sármhaitheasa lena mbainfidh aitheantas idirnáisiúnta. Ar an
dóigh sin, cuireann an EIT soghluaisteacht chun cinn go láidir laistigh de
thriantán an eolais. 3. Treoirlínte do na gníomhaíochtaí Feidhmeoidh an EIT go príomha, ach ní go
heisiach, trí bhíthin na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) i réimsí na
ndúshlán sochaíoch atá thar a bheith ábhartha do chomhthodhchaí na hEorpa. Cé go bhfuil cuid mhaith neamhspleáchais ag na PENanna a
gcuid straitéisí agus gníomhaíochtaí féin a shainiú, tá roinnt gnéithe
nuálaíocha i gcoiteann ag na PENanna go léir. Ina theannta sin, cuirfidh an EIT
feabhas ar a thionchar trí na heispéiris ó na PENanna a chur ar fáil ar fud an
Aontais agus trí chultúr nua comhroinnt eolais a chothú ar bhonn gníomhach. (a)
Gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus
nuálaíochta a thraschur agus a fheidhmiú chun gnó nua a chruthú Beidh sé mar aidhm ag an EIT acmhainneacht nuálach
na ndaoine a scaoileadh agus leas a bhaint as a smaointí, beag beann ar a staid
sa slabhra nuálaíochta. Dá bhrí sin, cuideoidh an EIT
chun dul i ngleic leis an ‘paradacsa Eorpach’ nach bhfuil leas iomlán á bhaint
as an taighde den scoth atá ann cheana ná baol air. Ar an dóigh sin, cuideoidh
an EIT smaointí a thabhairt chun margaidh. Go príomha trí na PENanna agus trí
bhíthin an fhócais atá aige meonta fiontraíochta a chothú, déanfaidh sé
deiseanna gnó nua a chruthú i bhfoirm gnóthaí nuathionscanta agus seach‑chuideachtaí
agus laistigh d’earnáil reatha na tionsclaíochta freisin. (b)
Taighde ceannródaíoch arna spreagadh ag nuálaíocht
i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de Beidh straitéis agus gníomhaíochtaí an EIT á
dtiomáint ag fócas ar dhúshláin shochaíocha atá thar a bheith ábhartha don
todhchaí, amhail athrú aeráide nó fuinneamh inbhuanaithe. Trí bhíthin dul i ngleic leis na príomhdhúshláin
shochaíocha ar bhealach cuimsitheach, cuirfidh an EIT cineálacha cur chuige
éagsúla idirdhisciplíneacha agus ildisciplíneacha chun cinn agus tabharfaidh sé
cúnamh iarrachtaí taighde na gcomhpháirtithe sna PENanna a spriocdhíriú. (c)
Daoine éirimiúla, oilte agus fiontraíocha a
fhorbairt le cúnamh ó chúrsaí oideachais agus oiliúna Comhtháthóidh an EIT oideachas agus oiliúint go
hiomlán ag gach céim de ghairmeacha agus forbróidh sé curaclaim nua agus
nuálacha chun an gá atá le próifílí nua mar gheall ar dhúshláin shochaíocha
agus eacnamaíocha chasta a léiriú. Chuige sin, beidh
príomhról ag an EIT aithint céimeanna agus dioplómaí nua i mBallstáit a
spreagadh. Beidh ról substaintiúil ag an
EIT freisin coincheap na ‘fiontraíochta’ a mhionchoigeartú trí bhíthin a chlár
oideachasúil, lena gcuirtear fiontraíocht chun cinn i gcomhthéacs dianeolais,
ag cur le taighde nuálach agus ag rannchuidiú le réitigh a bhfuil ábharthacht
shochaíoch ard ag baint leo. (d)
An dea-chleachtas is fearr agus comhroinnt eolais
ar bhonn sistéamach a scaipeadh Beidh sé mar aidhm ag an EIT ceannródaíocht a dhéanamh
ar chineálacha cur chuige nua agus comhchultúr traschurtha nuálaíochta agus
eolais a fhorbairt, trí bhíthin taithí éagsúil a PENanna a chomhroinnt, i measc
rudaí eile, trí bhíthin meicníochtaí scaipthe éagsúla, amhail ardán páirtithe
leasmhara agus scéim comhaltachta. (e)
An ghné idirnáisiúnta Tugann an EIT aird ar an gcomhthéacs domhanda ina
bhfeidhmíonn sé agus tabharfaidh sé cúnamh naisc a chothú le
príomhchomhpháirtithe idirnáisiúnta. Trí bhíthin ionaid sármhaitheasa a mhéadú
ó scála leis na PENanna agus trí bhíthin deiseanna nua oideachais a chothú,
beidh sé mar aidhm tarraingteacht na hEorpa a neartú do dhaoine éirimiúla ó
áiteanna eile. (f)
Tionchar uile-Eorpach a fheabhsú trí bhíthin
samhail chistiúcháin nuálaíoch Rannchuideoidh an EIT go mór leis na cuspóirí atá
leagtha amach i “Fís 2020”, go háirithe trí bhíthin dhul i ngleic leis na
dúshláin shochaíocha ar bhealach comhlántach le tionscnaimh eile sna réimsí
sin. Tástálfaidh sé cineálacha cur chuige éagsúla nua agus simplithe maidir le
cistiú agus rialachas agus dá bhrí sin beidh ról ceannródaíochta aige laistigh
den timpeallacht nuálaíochta Eorpach. Beidh a chur
chuige maidir le cistiú bunaithe go dlúth ar éifeacht ghiarála láidir, lena
ndéantar cistí poiblí agus príobháideacha araon a úsáid. Ina theannta sin,
úsáidfidh sé feithiclí nua chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do
ghníomhaíochtaí aonair trí bhíthin Fhondúireacht EIT. (g)
Forbairt réigiúnach a nascadh le deiseanna Eorpacha Trí bhíthin na PENanna agus na hionaid
chomhlonnaithe lena mbaineann – nóid sármhaitheasa, ag tarraingt comhpháirtithe
ardoideachais, taighde agus gnó le chéile i láthair gheografach áirithe – beidh
an EIT nasctha freisin le beartas réigiúnach. Go
háirithe, áiritheoidh sé nasc níos fearr idir institiúidí ardoideachais agus
nuálaíocht agus fás réigiúnach, i gcomhthéacs na straitéisí speisialaithe
cliste réigiúnacha agus náisiúnta. Ar an dóigh sin, rannchuideoidh sé le
cuspóirí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais. Iarscríbhinn II
Miondealú ar an mbuiséad Seo a leanas an miondealú
táscach le haghaidh “Fís 2020” (in EUR milliún): I Eolaíocht den scoth, lena n‑áirítear: || 27818 1. An Chomhairle Eorpach um Thaighde || 15008 2. Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn || 3505 3. Gníomhaíochtaí Marie Curie maidir le scileanna, le hoiliúint agus le forbairt ghairme || 6503 4. Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) || 2802 II An cheannaireacht thionsclaíoch, lena n‑áirítear: || 20280 1. An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha* || 15580, lena n‑áirítear 500 le haghaidh EIT 2. Rochtain ar mhaoiniú riosca** || 4000 3. Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide || 700 III Dúshláin shochaíocha, lena n‑áirítear: || 35888 1. An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine; || 9077, lena n‑áirítear 292 le haghaidh EIT 2. Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an bithgheilleagar; || 4694, lena n‑áirítear 150 le haghaidh EIT 3. Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil || 6537, lena n‑áirítear 210 le haghaidh EIT 4. Iompar atá cliste, glas agus comhtháite || 7690, lena n‑áirítear 247 le haghaidh EIT 5. Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair || 3573, lena n‑áirítear 115 le haghaidh EIT 6. Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána || 4317, lena n‑áirítear 138 le haghaidh EIT An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) || 1542 + 1652*** Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde || 2212 IOMLÁN || 87740 *Lena n‑áirítear
EUR 8975 milliún le haghaidh Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide
(TFC), arna mhiondealú mar seo: EUR 1795 milliún le haghaidh na fótónaice, na
micrileictreonaice agus na nanaileictronaice; EUR 4293 milliún le haghaidh
nanaitheicneolaíochtaí, ábhar sárfhorbartha, na hardmhonaraíochta agus na
hardphróiseála; EUR 575 milliún le haghaidh na biteicneolaíochta; agus EUR 1737
milliún le haghaidh cúrsaí spáis. Dá thoradh sin,
beidh EUR 6663 milliún ar fáil mar thacaíocht d’Eochairtheicneolaíochtaí
Cumasúcháin. **
D’fhéadfaí go dtabharfaí thart ar EUR 1131 milliún den tsuim sin do
thionscadail de chuid an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean
SET) a chur chun feidhme. D’fhéadfaí go dtabharfaí thart ar thrian di
d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. *** Cuirfear an tsuim
iomlán ar fáil trí bhíthin leithdháiltí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 6(3).
Cuirfear an dara leithdháileadh ina bhfuil EUR 1652
milliún ar fáil pro rata ó na buiséid le haghaidh na ndúshlán sochaíoch
agus na ceannaireachta i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha, é ar
bhonn táscach agus faoi réir an athbhreithnithe atá leagtha amach in Airteagal 26(1).
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Fís 2020
– An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) 1.2. Réimsí beartais lena mbaineann
i gcreat ABM/ABB[40] -
08 - Taighde agus Nuálaíocht -
09 - An tSochaí Faisnéise agus na Meáin -
02 - Fiontraíocht agus Tionsclaíocht -
05 - Talmhaíocht -
32 - Fuinneamh - 06 - Soghluaisteacht agus Iompar - 15 - Oideachas agus Cultúr - 07 - An comhshaol agus gníomhaíocht ar mhaithe leis an
aeráid - 10 - An tAirmheán Comhpháirteach Taighde 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ý Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[41] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá
ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i
dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Rannchuideoidh
Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)
(‘Fís 2020’) leis an straitéis ‘Eoraip 2020’ a bhaint amach, lena n‑áirítear
an Limistéar Eorpach Taighde a chríochnú, trí bhíthin fás cliste, inbhuanaithe
agus cuimsitheach a spreagadh: -
Fás cliste – geilleagar a bheidh bunaithe ar eolas agus ar nuálaíocht a
fhorbairt (tionscnamh suaitheanta an Aontais Nuálaíochta a chur chun feidhme). -
Fás inbhuanaithe – geilleagar a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de,
níos glaise, agus níos iomaíche a chur chun cinn. -
Fás cuimsitheach – geilleagar ardfhostaíochta a chothú ina mbainfear amach
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann -
Cuid I: Tosaíocht ‘Eolaíocht den Scoth’ -
Cuid II: Tosaíocht ‘An Cheannaireacht Thionsclaíoch’ -
Cuid III: Tosaíocht ‘Dúshláin Shochaíocha’ -
Cuid IV: Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh
Taighde -
Cuid V: ‘Triantán an eolais a chomhtháthú’ (An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht
agus Teicneolaíocht) Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann -
08 - Taighde agus Nuálaíocht -
09 - An tSochaí Faisnéise agus na Meáin -
02 - Fiontraíocht agus Tionsclaíocht -
05 - Talmhaíocht -
32 - Fuinneamh - 06 - Soghluaisteacht agus Iompar - 15 - Oideachas agus Cultúr - 07 - An comhshaol agus gníomhaíocht ar mhaithe leis an
aeráid -
10 - An tAirmheán Comhpháirteach Taighde 1.4.3 An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe Meastar
go nginfear 0.92 % sa bhreis den olltáirgeacht intíre, 1.37 % d’onnmhairí,
-0.15 % d’allmhairí, agus 0.40 % den fhostaíocht le “Fís 2020” faoin
mbliain 2030. Le
tuilleadh faisnéise a fháil, léigh Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin
maidir leis an measúnú tionchair ar “Fís 2020” a ghabhann leis an togra
reachtach seo. 1.4.4 Táscairí a léiríonn toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh Sonraítear
sa tábla seo a leanas líon teoranta táscairí tábhachtacha lenar féidir measúnú
a dhéanamh ar na torthaí ar chuspóirí ginearálta agus ar chuspóirí sonracha
“Fís 2020”, agus ar na tionchair a imrítear leis na cuspóirí sin. Úsáidfear
táscairí breise – lena n‑áirítear táscairí nuafhorbartha – chun léiriú a
dhéanamh ar na cineálacha éagsúla torthaí ar na gníomhaíochtaí sonracha
difriúla agus ar na tionchair a imrítear leis na gníomhaíochtaí sin. Cuspóir
ginearálta: Rannchuidiú
le cuspóirí na straitéise ‘Eoraip 2020’ a bhaint amach agus leis an
Limistéar Eorpach Taighde a chríochnú. -
Sprioc ‘Eoraip 2020’ maidir le taighde agus le forbairt (3 % den
olltáirgeacht intíre) Faoi láthair: 2.01 % den olltáirgeacht intíre (AE-27,
2009) Sprioc: 3 % den olltáirgeacht intíre (2020) - Príomhtháscaire ‘Eoraip 2020’ maidir le nuálaíocht Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: Ualú substaintiúil fiontar nuálach a
bhíonn ag fás go sciobtha a bheith sa gheilleagar Cuid I: Tosaíocht ‘Eolaíocht den Scoth’ Cuspóirí Sonracha * An Chomhairle Eorpach um Thaighde - An cion d’fhoilseacháin i dtionscadail arna maoiniú ag an
gComhairle Eorpach um Thaighde a áirítear sa chéad 1 % de na foilseacháin
is minice luaite Faoi láthair: 0.8 % (foilseacháin de chuid an AE ó
2004 go 2006, a luadh go dtí 2008) Sprioc: 1.6 % (foilseacháin de chuid na
Comhairle Eorpaí um Thaighde 2014 - 2020) - Líon na mbeart maidir le beartais institiúideacha agus le
beartais náisiúnta/réigiúnacha a spreagadh le cistiú ón gComhairle Eorpach um
Thaighde Faoi láthair: 20 (meastachán 2007 – 2013) Sprioc: 100 (2014 – 2020) * Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá
ag Teacht Chun Cinn -
Foilseacháin in irisleabhair a imríonn tionchar mór agus a ndéantar athbhreithniú
piaraí orthu Faoi
láthair: Cur chuige nua Sprioc: 25 foilseachán in aghaidh an EUR 10 milliún de chistiú
(2014-2020) - Iarratais ar phaitinní i dteicneolaíochtaí sa todhchaí
agus i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: 1 iarratas ar phaitinn in aghaidh an
EUR 10 milliún de chistiú (2014-2020) * Gníomhaíochtaí Marie Curie maidir le scileanna,
le hoiliúint agus le forbairt ghairme -
Saorchúrsaíocht do thaighdeoirí, lena n‑áirítear ábhair dhochtúirí, idir
na hearnálacha agus idir tíortha Faoi
láthair: 50,000, thart ar 20% díobh sin ina n‑ábhair dhochtúirí
(2007-2013) Sprioc: 65,000,
thart ar 40% díobh sin ina n‑ábhair dhochtúirí (2014-2020) *
Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) -
Bonneagair taighde a chur ar fáil do gach taighdeoir san Eoraip agus lasmuigh
di trí bhíthin tacaíochta ón Aontas Faoi
láthair: 650 (2012) Sprioc: 1000
(2020) Cuid II: Tosaíocht ‘An Cheannaireacht Thionsclaíoch’ Cuspóirí Sonracha *An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin
agus tionsclaíocha (Teicneolaíochtaí
na Faisnéise agus na Cumarsáide, Nanaitheicneolaíochtaí, Ábhair Shárfhorbartha,
Biteicneolaíochtaí, an Ardmhonaraíocht agus an Spás) - Iarratais ar phaitinní arna bhfáil sna teicneolaíochtaí
éagsúla cumasúcháin agus tionsclaíocha Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: 3 iarratas ar
phaitinní in aghaidh an EUR 10 milliún de chistiú (2014-2020) -
Rochtain ar mhaoiniú riosca - Iomlán na n‑infheistíochtaí arna n‑úsáid trí
bhíthin maoinithe fiach agus infheistíochtaí caipiteal riosca Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: iomlán
infheistíochtaí de EUR 100 milliún in aghaidh an EUR 10 milliún de
ranníocaíocht ón Aontas (2014-2020) * Nuálaíocht
i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide - An cion d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
rannpháirteacha a thugann nuálaíochtaí úra isteach sa chuideachta nó sa
mhargadh (ina gcuimsítear tréimhse an tionscadail móide trí bliana) Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: 50 % Cuid III: Tosaíocht ‘Dúshláin Shochaíocha’ Cuspóirí Sonracha Le haghaidh gach dúshláin, measúnófar an dul chun cinn i
gcoinne an mhéid a bheidh déanta ar son na gcuspóirí sonracha seo a leanas atá
sonraithe in Iarscríbhinn I de “Fís 2020”, chomh maith le cur síos ar an
dul chun cinn substainteach atá riachtanach chun na dúshláin a shárú agus chun
na táscairí a bhaineann le beartas a bhaint amach: - Feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine gach aon
duine ar feadh an tsaoil. -Soláthairtí
leordhóthanacha bia atá sábháilte agus ar ardchaighdeán, agus táirgí eile atá
bunaithe ar an mbitheolaíocht, a dhaingniú trí bhíthin forbairt a dhéanamh ar
chórais táirgthe phríomhúil atá táirgiúil agus éifeachtach ó thaobh acmhainní
de, lena gcothófar seirbhísí éiceachórais, in éineacht le slabhraí soláthair
ísealcharbóin agus iomaíocha. -
Athrú go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch chun dul i
ngleic le hacmhainní atá ag éirí níos teirce, le riachtanais fuinnimh atá ag
éirí níos géire agus leis an athrú aeráide. - Córas Eorpach iompair a bhaint amach atá éifeachtach ó
thaobh acmhainní de, neamhdhíobhálach don chomhshaol, slán agus leanúnach chun
leas na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí a dhéanamh. - Geilleagar a bhaint amach a bheidh éifeachtúil ar
acmhainní agus díonach ar athrú aeráide agus soláthar inbhuanaithe amhábhar a
chur ar fáil, d’fhonn freastal ar riachtanais daonra an domhain atá ag fás agus
é sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha inbhuanaithe acmhainní nádúrtha na
cruinne. -
Sochaithe Eorpacha a chothú a bheidh cuimsitheach, nuálach agus slán nuair atá
claochluithe ag tarlú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus fás ag teacht
ar idirthuilleamaíocht dhomhanda. Seo
a leanas táscairí feidhmíochta eile: -
Foilseacháin a bhaineann le réimse na ndúshlán sochaíoch difriúil in
irisleabhair a imríonn tionchar mór agus a ndéantar athbhreithniú piaraí orthu Faoi
láthair: Cur chuige nua (le haghaidh Chreatchlár 7 (2007-2010), iomlán de
8149 foilseachán - uimhir réamhríofa) Sprioc: Ar
an meán, 20 foilseachán in aghaidh an EUR 10 milliún de chistiú
(2014-2020) - Iarratais ar phaitinní i réimse na ndúshlán sochaíoch
difriúil Faoi
láthair: 153 (Clár Comhair Chreatchlár 7 2007-10, uimhir réamhríofa) Sprioc: Ar
an meán, 2 iarratas ar phaitinní in aghaidh an EUR 10 milliún de chistiú
(2014-2020) - Líon na bpíosaí reachtaíochta de chuid an Aontais a
thagraíonn do ghníomhaíochtaí a dtacaítear leo i réimse na ndúshlán sochaíoch
difriúil Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: Ar an meán, 1 cheann
amháin in aghaidh an EUR 10 milliún de chistiú (2014-2020) Cuid IV: Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an
Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde Tacaíocht eolaíochta agus theicniúil atá dírithe ar
chustaiméirí a chur ar fáil do bheartais de chuid an Aontais - Líon na dtionchar sonrach tairbhiúil ar bheartais
Eorpacha arna n‑eascairt ón tacaíocht a thugann an tAirmheán
Comhpháirteach Taighde do bheartais theicniúla agus eolaíochta. Faoi
láthair: 175 (2010) Sprioc: 230
(2020) - Líon na bhfoilseachán arna n‑athbhreithniú ag piaraí Faoi
láthair: 430 (2010) Sprioc: 500
(2020) Cuid V: ‘Triantán an eolais a chomhtháthú’ (An Institiúid Eorpach um
Nuálaíocht agus Teicneolaíocht) -
Eagraíochtaí ó ollscoileanna, ón earnáil ghnó agus ó earnáil an taighde atá
comhtháite i bPobail Eolais agus Nuálaíochta (‘PENanna’) Faoi
láthair: Cur chuige nua Sprioc: 540
(2020) -
Comhoibriú laistigh de thriantán an eolais chun táirgí agus próisis nuálacha a
fhorbairt. Faoi láthair: Cur chuige nua Sprioc: 600 comhlacht nuathionscanta agus
comhlacht seachthairbheach arna gcruthú ag mic léinn/taighdeoirí/ollaimh de
chuid na PENanna;
6000 nuálaíocht i ngnóthais a bhí ann cheana féin arna bhforbairt ag mic
léinn/taighdeoirí/ollaimh de chuid na PENanna 1.5. Na forais leis an togra/an
tionscnamh 1.5.1 Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma -
Feabhas a chur ar rannchuidiú an taighde agus na nuálaíochta le dul i ngleic
leis na príomhdhúshláin shochaíocha. - An Eoraip a dhéanamh níos iomaíche sa tionsclaíocht trí
bhíthin an cheannaireacht teicneolaíochta a chur chun cinn agus smaointe maithe
a sholáthar don mhargadh. - Bonn eolaíochta na hEorpa a neartú. - An Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus é a
dhéanamh níos éifeachtaí (cuspóirí trasnaí). Le
tuilleadh faisnéise a fháil, léigh Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin
maidir leis an measúnú tionchair ar “Fís 2020” a ghabhann leis an togra
reachtach seo. 1.5.2 Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Tá
sé soiléir go bhfuil gá le hidirghabháil phoiblí chun dul i ngleic leis na
fadhbanna a luadh in 1.5.1 thuas. Ní sholáthrófar an pharaidím úr
theicneolaíochta-eacnamaíochta don Eoraip trí bhíthin na margaí leo féin. Beidh
idirghabháil mhórscála phoiblí trí bhíthin beart soláthair agus éilimh araon
riachtanach chun clistí margaidh a bhaineann le haistrithe sistéamacha sna
teicneolaíochtaí bunúsacha a shárú. Mar
sin féin, ní bheidh na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n‑aonar in ann
an idirghabháil phoiblí riachtanach a dhéanamh. Tá an t-infheistiú a dhéanann
siad i dtaighde agus i nuálaíocht measartha íseal, bíonn sé ilroinnte, bíonn
neamhéifeachtúlacht ag baint leis agus is constaic ríthábhachtach é sin i gcás
aistrithe paraidíme teicneolaíochta. Rud achrannach ag Ballstáit agus iad ag
gníomhú ina n‑aonar forbairt teicneolaíochta a luathú thar phunann
teicneolaíochtaí atá leathan go leor, nó dul i ngleic le heaspa comhordaithe
trasnáisiúnta. Faoi
mar a sonraíodh sa togra le haghaidh an chéad Creata Airgeadais Ilbhliantúil
eile, tá an tAontas lánábalta ar bhreisluach a bhaint amach trí bhíthin na nithe
seo a leanas a dhéanamh: an infheistíocht mhórscála a dhéanamh sa bhuntaighde
ceannródaíoch, i dtaighde agus i bhforbairt fheidhmeach shonraithe, agus san
oideachas, san oiliúint agus sna bonneagair a bhaineann leo sin, rud a
chuirfidh feabhas ar an obair ar theicneolaíochtaí cumasúcháin maidir le
forbairt agus le taighde atá dírithe ar théamaí; tacaíocht a thabhairt do
chuideachtaí agus iarracht á déanamh acu leas a bhaint as torthaí taighde agus
na torthaí sin a thiontú ina dtáirgí, ina bpróisis agus ina seirbhísí indíolta;
agus glacadh na nuálaíochtaí a chur chun cinn. Is ar leibhéal Eorpach is
éifeachtúla agus is éifeachtaí a eagraítear sraith gníomhaíochtaí trasteorann
maidir leis na nithe seo a leanas: cistiú náisiúnta le haghaidh taighde a chomhordú;
iomaíocht ar fud an Aontais chun cistiú a fháil le haghaidh taighde;
soghluaisteacht agus oiliúint do thaighdeoirí; bonneagair taighde a chomhordú;
an taighde agus an nuálaíocht chomhoibritheach thrasnáisiúnta; agus cothú na
nuálaíochta. San fhianaise mheastóireachta ex-post, léirítear thar aon
amhras go dtacaítear le taighde agus le gníomhaíochtaí eile a bhfuil tábhacht
straitéiseach mhór ag roinnt leo do na rannpháirtithe trí bhíthin na gclár
taighde agus nuálaíochta arna reáchtáil ag an Aontas, taighde agus
gníomhaíochtaí nach ndéanfaí choíche murach an tacaíocht sin a chuireann an
tAontas ar fáil. I bhfocail eile, níl rud ar bith inchomórtais leis an
tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais. Léirítear
leis an bhfianaise freisin an bhreisluach Eorpach a ghabhann le gníomhaíochtaí
tacaíochta beartais, rud a éiríonn as eolas agus taithí ó chomhthéacsanna
éagsúla a thabhairt le chéile, as comparáidí idir uirlisí agus taithí beartais
nuálaíochta idir tíortha a chothú, agus as deis a thabhairt chun
dea-chleachtais ón réimse is leithne is féidir a shainaithint, a chur chun cinn
agus a thástáil. Toisc
go mbaineann siad go sainiúil leis an Eoraip, soláthraítear breisluach Eorpach
trí bhíthin gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh
Taighde. Áirítear leis na sochair sin bheith in ann freagairt do riachtanas an
Choimisiúin chun rochtain inmheánach a bheith aige ar fhianaise eolaíoch atá
neamhspleách ar leasanna náisiúnta agus príobháideacha chun na sochair a dhíriú
ar shaoránaigh an Aontais trí bhíthin rannchuidiú le beartais chun feabhas a
chur ar dhálaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Le
tuilleadh faisnéise a fháil, léigh Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin
maidir leis an measúnú tionchair ar “Fís 2020” a ghabhann leis an togra
reachtach seo. 1.5.3 Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí chosúil roimhe seo Tógtar
an clár ar an taithí a fuarthas ó Chreatchláir roimhe seo le haghaidh Taighde
agus Taispeántais Teicneolaíochta, ón gClár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP),
agus ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). I
rith tréimhse fada de bhlianta, tá na nithe seo a leanas déanta le cláir de
chuid an Aontais: -
na taighdeoirí agus na hinstitiúidí is fearr san Eoraip a spreagadh chun páirt
a ghlacadh iontu, -
torthaí mórscála struchtúraithe; tionchair eolaíochta, theicneolaíochta agus
nuálaíochta; buntáistí micreacnamaíocha; agus tionchair iartheachtacha
mhaicreacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a chur ar fáil do na Ballstáit
uile. Chomh
maith leis an rathúnas sin, tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim ón am atá
imithe thart freisin: -
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an taighde, ar an nuálaíocht agus ar an
oideachas ar bhealach níos comhordaithe; -
Ba cheart torthaí taighde a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus iad a
luacháil i dtáirgí, i bpróisis agus i seirbhísí nua; -
Ba cheart go mbeadh loighic na hidirghabhála dírithe ar bhealach níos fearr,
agus go mbeadh sí níos tairbhiúla, níos mionsonraithe agus níos trédhearcaí; Ba
cheart rochtain ar na cláir a dhéanamh níos éasca agus ba cheart do
chomhlachtaí nuathionscanta, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, d’earnáil na
tionsclaíochta, do na Ballstáit nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith sin, agus
do thíortha lasmuigh den AE páirt níos mó a ghlacadh iontu; -
Ní mór faireachán agus meastóireacht ar an gclár a neartú. Sna
moltaí maidir le gníomhaíochtaí díreacha a tugadh i dtuarascálacha measúnaithe
le déanaí, sonraíodh gur féidir leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde na
nithe seo a leanas a dhéanamh: -
comhtháthú níos fearr i dtáirgeadh an eolais san Aontas a chur chun cinn; -
anailís a dhéanamh ar an tionchar a imríonn saothair ar leith agus staidéir
chostais‑sochair a dhéanamh orthu; -
feabhas a chur ar an gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta d’fhonn éifeachtaí a
neartú, rud a dhéanfaidh an geilleagar Eorpach níos iomaíche. Le
tuilleadh faisnéise a fháil, léigh Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin
maidir leis an measúnú tionchair ar “Fís 2020” a ghabhann leis an togra
reachtach seo. 1.5.4 Comhchuibheas agus
sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile I
gcomhthéacs cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach, bunófar agus forbrófar
sineirgí leis na cláir eile de chuid an Aontais amhail an Comhchreat
Straitéiseach maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, leis
an gClár Iomaíochais agus leis an gclár d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ý Togra/tionscnamh d'fhad teoranta –
ý Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1/1/2014 go dtí an 31/12/2020 –
ý Tionchar airgeadais ó 2014 go 2026 ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB
agus BBBB –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[42] ý Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ý Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
ý gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
ý comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[43]
–
ý comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán
Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ý Comhbhainistiú le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Gníomhaireacht Spáis na
hEorpa I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí:
Tá
sé de rún ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as cineálacha éagsúla modhanna
bainistíochta chun an ghníomhaíocht seo a chur chun feidhme, é ag tógáil ar na
modhanna bainistíochta a úsáidtear faoi na peirspictíochtaí reatha airgeadais.
Áirítear leis na modhanna bainistíochta sin bainistiú láraithe agus
comhbhainistiú. Déanfar
an bainistiú trí bhíthin na n‑eagraíochtaí seo a leanas: seirbhísí an
Choimisiúin; Gníomhaireachtaí reatha Feidhmiúcháin an Choimisiúin a ndéanfar a
gcuid sainorduithe a athnuachan agus a leathnú ar bhealach cothromúil;
comhlachtaí seachtraithe eile amhail aonáin arna mbunú faoi Airteagal 187
(e.g. Comhghnóthais faoi shainorduithe athnuaite tar éis measúnú a dhéanamh agus
cinn nua atá le bunú i gcomhthéacs cur chun feidhme e.g. an chuid faoi na
‘Dúshláin Shochaíocha’), agus faoi Airteagal 185 (cláir arna gcomhghabháil
ar láimh ag roinnt Ballstát, ina nglacfaidh comhlachtaí náisiúnta san earnáil
phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu páirt) de chuid
Chonradh Liospóin; chomh maith leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus
Teicneolaíocht agus ionstraimí airgeadais. Gníomhaíochtaí
a seachtraíodh cheana faoin bpeirspictíocht reatha airgeadais (e.g. An Taighde
Ceannródaíoch, Gníomhaíochtaí Marie Curie, gníomhaíochtaí fiontar beag agus
meánmhéide, Pobail Eolais agus Nuálaíochta) agus a leanfar díobh faoi
“Fís 2020”, cuirfear chun feidhme iad agus coinneofar an fhoirm reatha
seachtraithe. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí tuilleadh béime a leagan
ar an speisialtóireacht agus bainistíocht na gcomhlachtaí seachtraithe faoi
seach a shimpliú, chomh maith le hiad a athrú go mbeidh siad de mhéid
oibríochtúil is inchomparáide. Foráiltear
do sheachtrú a dhéanamh ar thuilleadh gníomhaíochtaí de chuid “Fís 2020”,
go háirithe trí dhul in iontaoibh Ghníomhaireachtaí reatha Feidhmiúchán an
Choimisiúin, fad is gur comhoiriúnach é sin do bhun‑inniúlachtaí beartais
a choinneáil faoi chuimsiú sheirbhísí an Choimisiúin. Na modhanna seachtraithe
a úsáidfear leis na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, roghnófar iad de
réir na héifeachta agus na héifeachtúlachta a bheidh léirithe acu. San am
céanna, ní mór líon na mball foirne arna sannadh do Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin
an Choimisiúin a mhéadú i gcomhréir leis an gcuid sin den bhuiséad a
fhreagraíonn do na gníomhaíochtaí seachtraithe, agus ní mór an gealltanas faoi
sholáthar foirne a rinne an Coimisiún (A Budget for Europe 2020
(Buiséad don Eoraip 2020), COIM(2011)500) a chur san áireamh. I gcás inar féidir giaráil níos airde a bhaint amach,
d’fhéadfadh sé go nglacfadh Gníomhaireacht Spáis na hEorpa páirt i
ngníomhaíochtaí “Fís 2020” a bhaineann leis an spás a chur chun feidhme. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA Simpliú Ní
mór do “Fís 2020” na taighdeoirí is fearr agus na fiontair Eorpacha is
nuálaí a mhealladh. Ní féidir é sin a dhéanamh ach
trí bhíthin cláir trína n‑éascaítear dualgas na hoibre riaracháin do na
rannpháirtithe, agus trí dhálaí iomchuí cistiúcháin a chur ar fáil. Dá bhrí
sin, leis an simpliú in “Fís 2020” díreofar ar thrí mhórsprioc
a bhaint amach: na costais riaracháin ar na rannpháirtithe a laghdú; dlús a
chur le gach próiseas bainistíochta le haghaidh tograí agus deontas; agus ráta
na n‑earráidí airgeadais a laghdú. Ina theannta sin, bainfear amach an
simpliú ar chistiú le haghaidh taighde agus nuálaíochta trí athbhreithniú a
dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais (e.g. gan aon chuntais úsmhara a bheith ann
le haghaidh réamh‑mhaoinithe, CBL incháilithe, teorainn a chur le
hearráidí córasacha a eachtarshuí). Déanfar gnéithe éagsúla de “Fís 2020” a shimpliú. Déanfar
simpliú struchtúrach trí bhíthin na nithe seo a leanas: -
Gach ionstraim cistiúcháin le haghaidh taighde agus nuálaíochta (an Institiúid
Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, an Clár um Iomaíochas agus
Nuálaíocht, an Creatchlár le haghaidh Taighde agus Taispeántais
Teicneolaíochta) a chomhtháthú i gCreatchlár “Fís 2020” agus sa chlár
sonrach a ghabhann leis; -
Clár sonrach aonair chun “Fís 2020” a chur chun feidhme; -
Tacar aonair rialacha rannpháirtíochta ina gcuimsítear gach gné de
“Fís 2020”. Trí
bhíthin na rialacha cistiúcháin a shimpliú go mór, éascófar tograí a
ullmhú agus tionscadail a bhainistiú. San am céanna,
laghdófar leis sin líon na n‑earráidí airgeadais. Moltar an cur chuige
seo a leanas: Príomhshamhail cistiúcháin le haghaidh deontas: - Aisíocaíocht shimplithe a dhéanamh ar na fíorchostais
dhíreacha, ag glacadh go forleathan le gnáthmhodh cuntasaíochta na dtairbhithe,
lena n‑áirítear cánacha agus muirear áirithe a bheith incháilithe; -
An deis chun costais aonaid phearsanra (meánchostais phearsanra), arb iad
gnáthmhodh cuntasaíochta na dtairbhithe iad, a úsáid le haghaidh na
dtairbhithe, agus le haghaidh úinéirí fiontar beag agus meánmhéide nach
bhfaigheann tuarastal; - Taifeadadh ama a shimpliú trí shraith shoiléir shimplí de
choinníollacha íosta a sholáthar, go háirithe deireadh a chur le hoibleagáidí
taifeadta ama ar bhaill foirne atá ag obair go heisiach ar thionscadal de chuid
an AE; - Ráta aonair aisíocaíochta a bheith ann do gach
rannpháirtí, seachas 3 ráta dhifriúla de réir an chineáil rannpháirtí atá i
gceist; -
Ráta comhréidh aonair a bheith ann faoina gcumhdaítear costais indíreacha,
seachas 4 mhodh a bheith ann chun costais indíreacha a ríomh, mar riail
ghinearálta; - Leanúint de chóras costas aonaid agus de rátaí comhréidhe
le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tsoghluaisteacht agus leis an
oiliúint (Marie Curie); Cistiú atá bunaithe ar aschur agus cnapshuimeanna le
haghaidh tionscadal iomlán i réimsí sonracha. Le
straitéis rialaithe athbhreithnithe, faoi mar a chuirtear síos uirthi i rannóg
2.2.2 chun cothromaíocht úr a bhaint amach idir iontaobhas agus rialú,
déanfar an t‑ualach riaracháin a bhíonn ar rannpháirtithe a laghdú a
thuilleadh. Lasmuigh de na rialacha agus de na rialuithe simplithe sin,
déanfar cuíchóiriú ar gach nós imeachta agus próiseas a bhaineann le cur
chun feidhme an tionscadail. Áirítear leis sin na forálacha mionsonraithe
maidir le hinneachar agus le cruth na dtograí, na próisis chun tograí a thiontú
ina dtionscadail, na ceanglais a bhaineann le tuairisciú agus le faireachán a
dhéanamh, chomh maith leis na treoirdhoiciméid agus leis na seirbhísí
tacaíochtaí a bhaineann leo. Is mór a dhéanfar chun na costais riaracháin a
bhaineann le rannpháirtíocht a laghdú trí bhíthin aon chlár oibre áisiúil
amháin a bheith ann le haghaidh na teicneolaíochta faisnéise, é bunaithe ar an
Tairseach do Rannpháirtithe sa Seachtú Creatchlár de chuid an Aontais le haghaidh
Taighde agus Forbartha (2007-2013). 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Forbrófar
córas nua chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
indíreacha “Fís 2020”. Beidh sé bunaithe ar straitéis chuimsitheach,
thráthúil agus chomhchuibhithe, ina leagtar béim mhór ar thréchur, ar aschur,
ar thorthaí agus ar thionchair. Beidh tacaíocht aige ó chartlann sonraí
iomchuí, ó shaineolaithe, ó ghníomhaíocht taighde tiomnaithe, agus ó
chomhoibriú méadaithe leis na Ballstáit agus ó na Stáit Chomhlachaithe, agus
luachálfar é trí scaipeadh iomchuí agus trí thuairisciú iomchuí. Maidir leis na
gníomhaíochtaí díreacha, leanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde
d’fheabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéanann sé trí bhíthin a thuilleadh
coigeartú a dhéanamh ar na táscairí lena meastar an t-aschur agus an tionchar a
imríonn siad. Áireofar
leis an gcóras faisnéis maidir le hábhair thrasnaí amhail an inbhuaine agus an
t-athrú aeráide. Ríomhfar caiteachas a bhaineann leis an athrú aeráide i
gcomhréir leis an gcóras rianaithe atá bunaithe ar mharcóirí Rio. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe Glacadh
le teorainn earráide 2% mar phríomhtháscaire i réimse na dlíthiúlachta agus na
rialtachta maidir le réimse na ndeontas taighde. Mar sin féin, d’eascair roinnt
mhaith iarmhairtí nach rabhthas ag súil leo nó nach rabhthas á n‑iarraidh
uaidh sin. Measann na tairbhithe féin, chomh maith leis an údarás reachtach, go
bhfuil ualach an rialaithe éirithe rómhór. Dá bhrí sin is baolach go ndéanfar
clár taighde an Aontais níos neamhtharraingtí, rud a dhéanfaidh difear ar
bhealach diúltach don taighde agus don nuálaíocht san Aontas. Is
é an tátal a bhain an Chomhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011, ‘go bhfuil géarghá
simpliú a dhéanamh ar na hionstraimí de chuid an AE arb éard is aidhm leo an
taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht a chothú, d’fhonn go mbeidh sé níos
éasca ag na heolaithe is fearr agus ag na cuideachtaí is nuálaí iad a ghlacadh,
go háirithe trí bhíthin comhaontú a dhéanamh leis na hinstitiúidí iomchuí
maidir le cothromaíocht úr a bhaint amach idir an t-iontaobhas agus an rialú
agus idir rioscaí a ghlacadh agus rioscaí a sheachaint’ (féach EUCO 2/1/11
REV1, An Bhruiséil 8 Márta 2011). I
Rún dá cuid an 11 Samhain 2010 (P7_TA(2010)0401) maidir le cur chun feidhme na
gCreatchlár um Thaighde a shimpliú, tacaíonn Parlaimint na hEorpa go sainráite
le riosca earráidí is airde le haghaidh cistiú don taighde, agus léiríonn sí
gur ábhar buartha di “go bhfuil an córas agus an cleachtas bainistíochta reatha
sa Seachtú Creatchlár ródhírithe ar an rialú, rud a fhágann go gcuirtear
acmhainní amú, go laghdaítear líon na rannpháirtithe agus go ndéantar na
deiseanna taighde níos neamhtharraingtí; shonraigh sí freisin gur ábhar buartha
di ‘gur mó a sheachnaítear rioscaí ná a bhainistítear iad leis an gcóras
bainistíochta reatha ‘neamhfhulaingt ar rioscaí’”. Mar thoradh ar an méadú mór atá tar éis teacht ar líon na n‑iniúchtaí
agus ar eachtarshuí na dtorthaí a leanann sin, táthar tar éis cuid mhaith
gearán a fháil ó lucht taighde ar fud an domhain (e.g. ón tionscnamh Trust
Researchers[44], a bhfuil níos mó ná 13,800 síniú bailithe aige go dtí seo). Dá
bhrí sin glacann idir pháirtithe leasmhara agus institiúidí leis gur gá
athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige reatha. Tá cuspóirí agus leasanna
eile ann, go háirithe rathúlacht an bheartais taighde, an t-iomaíochas
idirnáisiúnta agus an barr feabhais san eolaíocht, ar cheart iad a chur san
áireamh. Ag an am céanna, is léir gur gá an buiséad a bhainistiú ar bhealach
éifeachtúil éifeachtach, agus cosc a chur ar chalaois agus ar dhiomailt. Sin
iad na dúshláin atá roimh an gclár “Fís 2020”. Is
é mórchuspóir an Choimisiúin i gcónaí ráta earráide iarmharaí 2% d’iomlán an
chaiteachais a bhaint amach thar thréimhse iomlán an chláir agus, chuige sin,
tá roinnt bearta maidir le simpliú tugtha isteach aige. Mar sin féin, ní mór
cuspóirí eile amhail a tharraingtí agus a rathúla is atá beartas taighde an AE,
an t-iomaíochas idirnáisiúnta, an barr feabhais san eolaíocht agus go háirithe
costais na rialuithe (féach pointe 2.2.2), a chur san áireamh. Agus
na gnéithe sin ar fad san áireamh, moltar go ndéanfaidh an hArd‑Stiúrthóireachtaí
a bhfuil sé de chúram orthu an buiséad taighde agus nuálaíochta a chur chun
feidhme córas rialaithe inmheánaigh atá cost-éifeachtúil a bhunú, córas a
thabharfaidh urrús réasúnach go mbíonn an riosca earráide thar thréimhse an
chaiteachais ilbhliantúil, ar bhonn bliantúil, idir 2% agus 5%, agus gurb é an
aidhm leibhéal earráide iarmharaí chomh gar is féidir do 2% a bhaint amach faoi
dheireadh na gclár ilbhliantúil, tar éis an tionchar a imríonn na hiniúchtaí,
na bearta ceartúcháin agus na bearta aisghabhála go léir a chur san áireamh. 2.2.1 An creat rialaithe inmheánaigh
Tógtar
an creat rialaithe inmheánaigh le haghaidh deontas ar na nithe seo a leanas: -
caighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin a chur chun feidhme; - nósanna imeachta maidir leis an tionscadail is fearr a
roghnú agus iad a aistriú ina n‑ionstraimí dlí; - na tionscadail agus na conarthaí a bhainistiú ar feadh
thréimhse iomlán gach tionscadail; - seiceálacha ex-ante a dhéanamh ar gach uile
éileamh, lena n‑áirítear deimhnithe iniúchóireachta a fháil agus
modheolaíochtaí costais a dheimhniú ar bhonn ex-ante; - iniúchtaí ex-post a dhéanamh ar rogha ionadaíoch
d’éilimh; - agus meastóireacht eolaíochta a dhéanamh ar thorthaí na
dtionscadal. Maidir leis na gníomhaíochtaí díreacha, áirítear leis na
ciorcaid airgeadais seiceálacha ex-ante a dhéanamh ar rialuithe
soláthair agus ex-post. Measúnaítear rioscaí gach bliain, agus déantar
faireachán rialta ar an dul chun cinn a dhéantar san obair agus ar ídiú na n‑acmhainní,
bunaithe ar chuspóirí agus ar tháscairí sainithe. 2.2.2. Costais agus sochair na
rialuithe Meastar
gurb é €267 milliún in aghaidh na bliana (bunaithe ar an gcleachtadh ‘Riosca
Inghlactha Earráide’ a rinneadh sa bhliain 2009) an costas atá ar an gcóras
rialaithe inmheánaigh do na hArd‑Stiúrthóireachtaí a bhfuil sé de chúram
orthu an buiséad taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme. Dá thoradh sin,
tá ualach mór ar na tairbhithe agus ar sheirbhísí an Choimisiúin freisin. Tabhaítear
43 % de na costais a bhaineann le seirbhísí an Choimisiúin a rialú (gan costais
an tairbhí a chur san áireamh) le linn an tionscadal a bhainistiú, tabhaítear
18 % díobh le linn tograí a roghnú, agus 16 % díobh le linn na conarthaí a
chaibidliú. 23 % (€61m) den iomlán an costas a bhí ar iniúchtaí ex-post a
dhéanamh agus ar iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin. Mar
sin féin, níor baineadh amach an cuspóir go hiomlán leis an móriarracht sin ar
rialú. Meastar fós gur níos mó ná 2 % é an ráta earráide “iarmharaí” le
haghaidh Chreatchlár 6, tar éis gach aisghabháil agus ceartú atá curtha chun
feidhme nó a chuirfear chun feidhme a chur san áireamh. Is é 5 % an ráta reatha
earráide ó na hiniúchtaí a rinne Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na
Nuálaíochta ar Chreatchlár 7, agus cé go laghdófar sin le héifeachtaí na n‑iniúchtaí
agus go bhfuil sé beagán claonta toisc é a bheith dírithe ar na tairbhithe nach
ndearnadh iniúchóireacht orthu go dtí seo, ní dócha go mbainfear amach an ráta
earráide iarmharaí 2 %. Tá an ráta earráide a
shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa cosúil leis sin freisin. 2.2.3. An
leibhéal riosca a mheastar a bhaineann le neamh‑chomhlíonadh Is
é an status quo an pointe tosaigh, é bunaithe ar na hiniúchtaí a
rinneadh i gCreatchlár 7 go dtí seo. Tá an réamhráta ionadaíoch earráide sin
gar do 5 % (le haghaidh Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na
Nuálaíochta). Bunáite na n‑earráidí a
braitheadh, tarlaíonn siad toisc go bhfuil an córas reatha cistiúcháin le
haghaidh taighde bunaithe ar aisíocaíocht a dhéanamh ar fhíorchostais an
tionscadail taighde arna ndearbhú ag an rannpháirtí. Fágann sin gur an‑chasta
an ní é measúnú a dhéanamh ar chostais incháilithe. San anailís a rinneadh ar na rátaí earráide le haghaidh na
n‑iniúchtaí a rinneadh go dtí seo ar Chreatchlár 7 in Ard‑Stiúrthóireacht
an Taighde agus na Nuálaíochta, léirítear na nithe seo a leanas: - Baineann thart ar 27% den líon, agus 35% den mhéid, le
hearráidí i gcostais phearsanra a mhuirearú. Seo a leanas na fadhbanna rialta a
sainaithníodh: meánchostais nó costais bhuiséadaithe (seachas na fíorchostais)
a mhuirearú, gan taifid leormhaith a dhéanamh den mhéid ama a caitheadh leis an
gclár, agus míreanna neamh‑incháilithe a mhuirearú. - Baineann thart ar 40% den líon, agus 37% den luach le
costais dhíreacha eile (costais nach costais phearsanra iad). Seo a leanas na
hearráidí rialta a sainaithníodh: CBL a chur san áireamh; gan aon nasc díreach
leis an tionscadal a bheith ann; gan sonraisc nó cruthúnas íocaíochta a chur ar
fáil; ríomh mícheart a dhéanamh ar dhímheas ina ndéantar costas iomlán an
trealaimh a mhuirearú seachas méid an dímheasa féin; fochonradh a dhéanamh gan
údarú a fháil roimh ré nó gan aird ar na rialacha a bhaineann le luach ar
airgead; etc. - Baineann thart ar 33% den líon, agus 28% den mhéid, le
hearráidí i gcostais indíreacha. Tá na rioscaí a ghabhann le costais phearsanra
ag gabháil leo seo, agus an riosca sa bhreis go ndéanfar forchostais a
leithdháileadh go míchruinn nó go míchothrom ar thionscadail de chuid an
Aontais. I roinnt cásanna, is céatadán ráta comhréidh de na costais
dhíreacha iad na costais indíreacha, agus mar sin de bíonn an earráid sna
costais indíreacha comhréireach leis an earráid sna costais dhíreacha. Le “Fís 2020”, tabharfar isteach roinnt mhaith beart
chun simpliú a dhéanamh (féach pointe 2 thuas), rud a laghdóidh an ráta
earráide i ngach catagóir earráide. Mar sin féin, sa chomhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara agus leis na hinstitiúidí maidir le tuilleadh simplithe a
dhéanamh, agus sa mheasúnú tionchair ar “Fís 2020”, léiríodh gurb é an
rogha is fearr leanúint de shamhail cistiúcháin atá bunaithe ar fhíorchostais a
aisíoc. Is cosúil go mbeadh sé róluath go fóill dul i dtuilleamaí cistiúcháin
atá bunaithe ar aschur, rátaí comhréidhe nó cnapshuimeanna ar bhonn córasach,
óir ní dhearnadh aon tástáil ar a leithéid sin de chóras i gcláir roimhe seo.
Ach má chloítear le córas atá bunaithe ar fhíorchostais a aisíoc, leanfar
d’earráidí a dhéanamh. San anailís ar na hearráidí a sainaithníodh le linn
iniúchtaí ar Chreatchlár 7, tugadh le fios gur féidir thart ar 25-25% díobh a
sheachaint trí ghlacadh leis na bearta chun simpliú a dhéanamh faoi mar a
beartaíodh. Táthar ag súil go gcuirfear 1.5% de laghdú ar an ráta earráide leis
sin, i.e. ó ghar do 5% go dtí 3.5%, uimhir a dtagraítear di sa Teachtaireacht
ón gCoimisiún mar cheann a bhaineann cothromaíocht amach idir costais
riaracháin an rialaithe agus an riosca earráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cuspóir réalaíoch é
ráta riosca earráide idir 2% agus 5%, ar bhonn bliantúil, a bhaint amach le
haghaidh an chaiteachais ar thaighde faoi “Fís 2020”, nuair a chuirtear
san áireamh costais na rialuithe, na bearta atá beartaithe chun na rialacha
casta a shimpliú agus an riosca is gné dhílis de sin a bhaineann le costais an
tionscadail taighde a aisíoc. Is é an mórchuspóir leibhéal earráide iarmharaí
chomh gar is féidir do 2% a bhaint amach faoi dheireadh na gclár, tar éis
tionchar airgeadais gach iniúchta, gach beart ceartúcháin agus gach beart
aisghabhála a chur san áireamh. Tá an cuspóir sin curtha san áireamh sa straitéis
iniúchóireachta ex-post le haghaidh caiteachais faoi “Fís 2020”.
Beidh sé bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla
ionadaíoch den chaiteachas thar an gclár ar fad, agus á chomhlánú le sampla
arna thiomsú ar bhonn cúrsaí rioscaí. Ní dhéanfar ach an méid iniúchtaí ex-post is
fíor-riachtanach chun an cuspóir seo agus an straitéis a bhaint amach.
Áiritheofar le rialachas na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta ex-post go
mbeidh ualach na hiniúchóireachta ar na rannpháirtithe chomh beag is féidir.
Mar threoir, measann an Coimisiún go mbeadh ar 7% de na rannpháirtithe in
“Fís 2020” dul faoi iniúchóireacht i rith na tréimhse clárúcháin ar fad.
Is léir ón taithí a fuarthas cheana gurbh airde go mór an caiteachas dá mba
faoi réir iniúchóireachta é. Déanfar an straitéis iniúchóireachta ex-post a
bhaineann leis an dlíthiúlacht agus leis an rialtacht a chomhlánú le
meastóireacht threisithe eolaíochta agus leis an straitéis i gcoinne na
calaoise (féach pointe 2.3 thíos). Tá an cás sin bunaithe ar an toimhde nach bhfuil na bearta
chun simpliú a dhéanamh faoi réir athshocruithe substaintiúla le linn an
phróisis chinnteoireachta. Nóta: ní bhaineann an roinn seo ach le próiseas
bainistíochta na ndeontas; maidir leis an gcaiteachas riaracháin agus
oibríochtúil arna chur chun feidhme trí bhíthin próisis soláthair phoiblí,
beidh feidhm ag an uasteorainn 2% mar riosca inghlactha earráide. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Na
hArd‑Stiúrthóireachtaí a bhfuil sé de chúram orthu an buiséad taighde
agus nuálaíochta a chur chun feidhme, tá siad meáite ar an gcalaois a chosc ar
gach céim de phróiseas bainistíochta na ndeontas. Tá forbartha acu straitéisí i
gcoinne na calaoise, lena n‑áirítear úsáid níos fearr a bhaint as
faisnéis, go háirithe trí uirlisí sárfhorbartha teicneolaíocht faisnéise a
úsáid, agus oiliúint agus eolas a chur ar fáil do bhaill foirne, agus tá na
straitéisí sin á gcur chun feidhme acu. Forbraíodh smachtbhannaí chun an
chalaois a chosc, chomh maith le pionóis iomchuí i gcás ina n‑aithnítear
calaois a bheith á déanamh. Leanfar de na hiarrachtaí sin. Bhí na moltaí i
gcomhair “Fís 2020” faoi réir díonta i gcoinne calaoise agus measúnaithe
ar a dtionchar. Ar an iomlán, ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ag na
bearta atá beartaithe ar an troid i gcoinne na calaoise, go háirithe trí níos
mó béime a leagan ar iniúchóireacht atá bunaithe ar riosca, trí mheastóireacht
threisithe eolaíochta agus trí rialú treisithe. Ba
cheart béim a leagan ar a annaimhe a braitheadh calaois go dtí seo i gcomhréir
leis an gcaiteachas iomlán, ach mar sin féin tá na hArd‑Stiúrthóireachtaí
a bhfuil sé de chúram orthu an buiséad taighde a chur chun feidhme tiomanta do
chur ina coinne. Agus
gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh
an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an
Aontais a chosaint, lena n‑áirítear na bearta seo a leanas: bearta
coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú nó gníomhaíochtaí
neamhdhleathacha ar bith eile; seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má
bhraitear neamhrialtachtaí, na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil;
agus, nuair is iomchuí, pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus
díspreagthach a ghearradh. Beidh
cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt
Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar
gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an
Aontais faoin gClár. Beidh
údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an
láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go
díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna
imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn
a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith
eile a dhéanfaidh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú
deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais. Gan
dochar dona míreanna thuas, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus cinntí deontais
agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cead
sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí,
seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana (níl bainteach) In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([45]) || ó thíortha an CSTE[46] || ó thíortha is iarrthóirí[47] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || [XX.YY.YY.YY] || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Ceannteideal 1 - Fás Cliste agus Cuimsitheach] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || Caiteachais Riaracháin Taighde Indíreach: XX 01 05 01 Caiteachas a bhaineann leis an bhFoireann Taighde XX 01 05 02 Foireann sheachtrach le haghaidh Taighde XX 01 05 03 – Caiteachas eile bainistíochta maidir le Taighde Taighde Díreach: 10 01 05 01 Caiteachas a bhaineann le Foireann Taighde 10 01 05 02 Foireann sheachtrach le haghaidh Taighde 10 01 05 03 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde 10 01 05 04 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh mórbhonneagar taighde[48] || LN || TÁ || TÁ || TÁ || TÁ || Caiteachais oibríochtúla XX 02 01 01 Gníomhaíochtaí Cothrománacha Eolaíocht den scoth 08 02 02 01 An Chomhairle Eorpach um Thaighde 15 02 02 00 Gníomhaíochtaí Marie Curie maidir le scileanna, oiliúint agus forbairt ghairme 08 02 02 02 Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) 09 02 02 01 Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) 08 02 02 03 Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn 09 02 02 02 Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn Ceannaireacht thionsclaíoch 08 02 03 01 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha 09 02 03 00 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha 02 02 02 01 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha 08 02 03 02 Rochtain ar mhaoiniú riosca 02 02 02 02 Rochtain ar mhaoiniú riosca 08 02 03 03 Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide 02 02 02 03 Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide Dúshláin shochaíocha 08 02 04 01 An tsláinte, an t‑athrú déimeagrafach agus an fholláine 08 02 04 02 Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an bithgheilleagar 05 02 01 00 Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an bithgheilleagar 08 02 04 03 Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil 32 02 02 00 Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil 08 02 04 04 Iompar atá cliste, glas agus comhtháite 06 02 02 00 Iompar atá cliste, glas agus comhtháite 08 02 04 05 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair 07 02 02 00 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair 02 02 03 01 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair 08 02 04 06 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána 02 02 03 02 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána 09 02 04 00 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána 15 02 03 00 An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht 10 02 01 00 Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde || LD || TÁ || TÁ || TÁ || TÁ 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal 1 - Fás Cliste agus Cuimsitheach]] Ard‑Stiúrthóireachtaí: Taighde agus Nuálaíocht / An tSochaí Faisnéise agus na Meáin / Oideachas agus Cultúr / Fiontraíocht agus Tionsclaíocht / Fuinneamh / Soghluaisteacht agus Iompar / Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe / Taighde díreach an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde / Comhshaol || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || ≥2021 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Gníomhaíochtaí cothrománacha XX 02 01 01 || Oibleagáidí || (1a) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || Íocaíochtaí || (2a) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || 08 02 02 01 An Chomhairle Eorpach um Thaighde || Oibleagáidí || (1b) || 1640,417 || 1753,575 || 1879,819 || 2009,349 || 2144,525 || 2284,826 || 2427,130 || || 14139,641 Íocaíochtaí || (2b) || 204,154 || 1055,485 || 1335,717 || 1661,563 || 1868,955 || 2063,161 || 2199,449 || 3751,158 || 14139,641 08 02 02 02 Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) || Oibleagáidí || (1c) || 199,794 || 211,723 || 225,177 || 238,964 || 253,364 || 268,311 || 283,451 || || 1680,784 Íocaíochtaí || (2c) || 24,865 || 128,015 || 161,107 || 199,448 || 223,066 || 244,699 || 259,212 || 440,372 || 1680,784 08 02 02 03 Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn** 09 02 02 02 Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn** || Oibleagáidí || (1d) || 283,318 || 300,310 || 320,217 || 469,448 || 606,917 || 642,722 || 678,989 || || 3301,921 Íocaíochtaí || (2d) || 48,847 || 251,487 || 316,496 || 391,819 || 438,217 || 480,715 || 509,225 || 865,115 || 3301,921 08 02 03 01 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha || Oibleagáidí || (1e) || 545,193 || 577,744 || 614,457 || 652,078 || 691,372 || 732,159 || 773,472 || || 4586,474 Íocaíochtaí || (2e) || 67,851 || 349,323 || 439,624 || 544,249 || 608,697 || 667,728 || 707,329 || 1201,673 || 4586,474 08 02 03 02 Rochtain ar mhaoiniú riosca** 02 02 02 02 Rochtain ar mhaoiniú riosca** || Oibleagáidí || (1f) || 447,955 || 474,700 || 504,865 || 535,776 || 568,062 || 601,574 || 635,520 || || 3768,450 Íocaíochtaí || (2f) || 447,955 || 474,700 || 504,865 || 535,776 || 568,062 || 601,574 || 635,520 || 0 || 3768,450 08 02 03 03 Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide** 02 02 02 03 Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide** || Oibleagáidí || (1g) || 78,373 || 83,053 || 88,330 || 93,738 || 99,387 || 105,250 || 111,189 || || 659,320 Íocaíochtaí || (2g) || 9,754 || 50,216 || 63,197 || 78,238 || 87,502 || 95,988 || 101,681 || 172,744 || 659,320 08 02 04 01 An tsláinte, an t‑athrú déimeagrafach agus an fholláine || Oibleagáidí || (1h) || 1030,952 || 1051,848 || 1073,128 || 950,146 || 1398,959 || 1481,491 || 1565,088 || || 8551,612 Íocaíochtaí || (2h) || 126,578 || 651,675 || 820,134 || 1015,317 || 1135,546 || 1245,671 || 1319,549 || 2237,142 || 8551,612 08 02 04 02 Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an bithgheilleagar** 05 02 01 00 Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí, agus an bithgheilleagar** || Oibleagáidí || (1i) || 525,695 || 557,082 || 592,481 || 628,757 || 666,645 || 705,974 || 745,810 || || 4422,444 Íocaíochtaí || (2i) || 65,424 || 336,830 || 423,901 || 524,785 || 586,927 || 643,848 || 682,032 || 1158,697 || 4422,444 08 02 04 03 Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil** 32 02 02 00 Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil** || Oibleagáidí || (1j) || 732,073 || 775,781 || 825,079 || 875,596 || 928,359 || 983,126 || 1038,601 || || 6158,614 Íocaíochtaí || (2j) || 91,108 || 469,063 || 590,317 || 730,805 || 817,344 || 896,610 || 949,786 || 1613,580 || 6158,614 08 02 04 04 Iompar atá cliste, glas agus comhtháite** 06 02 02 00 Iompar atá cliste, glas agus comhtháite** || Oibleagáidí || (1k) || 861,218 || 912,637 || 970,631 || 1030,059 || 1092,129 || 1156,559 || 1221,820 || || 7245,052 Íocaíochtaí || (2k) || 107,180 || 551,811 || 694,454 || 859,727 || 961,532 || 1054,781 || 1117,337 || 1898,231 || 7245,052 08 02 04 05 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair** 02 02 03 01 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair** 07 02 02 00 Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair** || Oibleagáidí || (1l) || 400,096 || 423,983 || 450,925 || 478,534 || 507,370 || 537,302 || 567,620 || || 3365,830 Íocaíochtaí || (2l) || 49,793 || 256,354 || 322,622 || 399,403 || 446,698 || 490,019 || 519,081 || 881,860 || 3365,830 08 02 04 06 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána** 09 02 04 00 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána** 02 02 03 02 Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána** || Oibleagáidí || (1m) || 483,533 || 512,402 || 544,963 || 578,329 || 613,179 || 649,353 || 685,994 || || 4067,754 Íocaíochtaí || (2m) || 60,177 || 309,815 || 389,903 || 482,696 || 539,855 || 592,210 || 627,332 || 1065,767 || 4067,754 09 02 02 01 Bonneagair Eorpacha taighde (lena n‑áirítear bonneagair ríomhaireachta) || Oibleagáidí || (1n) || 113,951 || 120,755 || 128,428 || 136,291 || 144,504 || 153,029 || 161,664 || || 958,622 Íocaíochtaí || (2n) || 14,181 || 73,012 || 91,886 || 113,754 || 127,224 || 139,562 || 147,839 || 251,163 || 958,622 09 02 03 00 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha || Oibleagáidí || (1o) || 1005,176 || 1065,189 || 1132,878 || 1202,241 || 1274,686 || 1349,886 || 1426,056 || || 8456,112 Íocaíochtaí || (2o) || 125,096 || 644,049 || 810,537 || 1003,436 || 1122,258 || 1231,095 || 1304,108 || 2215,533 || 8456,112 02 02 02 01 An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha || Oibleagáidí || (1p) || 194,477 || 206,088 || 219,184 || 232,604 || 246,620 || 261,169 || 275,907 || || 1636,048 Íocaíochtaí || (2p) || 24,203 || 124,608 || 156,819 || 194,140 || 217,129 || 238,186 || 252,313 || 428,651 || 1636,048 15 02 02 00 Gníomhaíochtaí Marie Curie maidir le scileanna, oiliúint agus forbairt ghairme || Oibleagáidí || (1q) || 728,274 || 771,756 || 820,798 || 871,052 || 923,542 || 978,025 || 1033,212 || || 6126,659 Íocaíochtaí || (2q) || 90,635 || 466,629 || 587,254 || 727,013 || 813,103 || 891,958 || 944,858 || 1605,208 || 6126,659 15 02 03 00 An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht * || Oibleagáidí || (1r) || 267,498 || 324,047 || 389,375 || 472,279 || [497,465]* || [554,83]* || [599,78]* || || 1453,199 Íocaíochtaí || (2r) || 232,723 || 281,921 || 338,756 || 410,883 || 188,916 + [243,863]* || [482,704]* || [521,806]* || [403,684]* || 1453,199 10 02 01 00 Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde || Oibleagáidí || (1s) || 32,459 || 33,108 || 33,771 || 34,445 || 35,134 || 35,838 || 36,554 || || 241,311 Íocaíochtaí || (2s) || 12,325 || 27,672 || 31,582 || 33,891 || 34,568 || 35,261 || 35,965 || 30,048 || 241,311 * Cuirfear suim bhreise EUR 1652,057
milliún ar fáil le haghaidh na mblianta 2018-2020 pro rata ó bhuiséid na
nDúshlán Sochaíoch agus na Ceannaireachta i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus
Tionsclaíocha, ar bhonn táscach agus faoi réir an athbhreithnithe atá leagtha
amach in Airteagal 26(1). ** Níl an leithdháileadh
idir na hArd‑Stiúrthóireachtaí socraithe go fóill. || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || ≥2021 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 9570,455 || 10155,782 || 10814,513 || 11489,691 || 12194,753 || 12926,590 || 13668,077 || || 80819,860 Íocaíochtaí || (5) || 1802,849 || 6502,665 || 8079,171 || 9906,943 || 10785,6 || 11613,07 || 12312,62 || 19816,94 || 80819,860 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || XX 01 05 01 Caiteachas a bhaineann le Foireann Taighde* || (6a) || 226,187 || 230,711 || 235,325 || 240,031 || 244,832 || 249,729 || 254,723 || || 1681,538 XX 01 05 02 Foireann sheachtrach le haghaidh taighde* || (6b) || 169,252 || 232,572 || 258,456 || 289,571 || 316,454 || 341,909 || 376,531 || || 1984,745 XX 01 05 03 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde* || (6c) || 138,404 || 162,149 || 172,823 || 185,361 || 196,450 || 207,073 || 220,939 || || 1283,199 10 01 05 01 Caiteachas a bhaineann le Foireann Taighde || (6d) || 151,686 || 156,996 || 162,490 || 168,178 || 174,064 || 180,156 || 186,461 || || 1180,031 10 01 0,5 02 Foireann sheachtrach le haghaidh taighde || (6e) || 34,280 || 35,052 || 35,840 || 36,647 || 37,471 || 38,314 || 39,176 || || 256,781 10 01 05 03 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde || (6f) || 65,312 || 66,618 || 67,950 || 69,309 || 70,695 || 72,109 || 73,551 || || 485,545 10 01 05 04 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh mórbhonneagar taighde || (6g) || 6,551 || 6,682 || 6,816 || 6,952 || 7,091 || 7,233 || 7,378 || || 48,703 IOMLÁN leithreasaí riaracháin || 6 || 791,672 || 890,780 || 939,700 || 996,049 || 1047,057 || 1096,523 || 1158,759 || || 6920,542 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 10362,127 || 11046,561 || 11754,214 || 12485,739 || 13241,811 || 14023,113 || 14826,837 || || 87740,402 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 2383,229 || 7221,855 || 8818,966 || 10664,002 || 11835,992 || 12920,485 || 13694,775 || 20201,100 || 87740,402 * Tá na figiúirí sin bunaithe ar úsáid atá beagnach
iomlán de na caiteachais riaracháin uasta atá údaraithe dá ndéantar foráil sa
bhunús dlí. Cuirtear i láthair iad chun críocha léiriúcháin i dtéarmaí líon an
phearsanra a d’fhéadfaí a bheith fostaithe leis na suimeanna sin. Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Íocaíochtaí || (5) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Íocaíochtaí || =5+ 6 || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN DG: <…….> || Acmhainní daonna || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Caiteachas riaracháin eile || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN DG <…….> || Leithreasaí || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain ≥2021 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 10362,127 || 11046,561 || 11754,214 || 12485,739 || 13241,811 || 14023,113 || 14826,837 || || 87740,402 Íocaíochtaí || 2383,229 || 7221,855 || 8818,966 || 10664,002 || 11835,992 || 12920,485 || 13694,775 || 20201,100 || 87740,402 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil)/ praghsanna reatha Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[49] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[50] Eolaíocht den scoth || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 Eolaíocht den scoth || || 2965,755 || || 3158,119 || || 3374,440 || || 3725,105 || || 4072,852 || || 4326,913 || || 4584,446 || || 26207,628 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 Ceannaireacht thionsclaíoch || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 Ceannaireacht thionsclaíoch || || 2271,175 || || 2406,774 || || 2559,714 || || 2716,437 || || 2880,127 || || 3050,036 || || 3222,143 || || 19106,407 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 Dúshláin shochaíocha || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 Dúshláin shochaíocha || || 4033,565 || || 4233,731 || || 4457,207 || || 4541,423 || || 5206,640 || || 5513,803 || || 5824,934 || || 33811,304 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 4 Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde || || 32,459 || || 33,108 || || 33,771 || || 34,445 || || 35,134 || || 35,838 || || 36,554 || || 241,311 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5 “Triantán an eolais a chomhtháthú” (An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht) || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 5 “Triantán an eolais a chomhtháthú” (An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht) || || 267,5 || || 324,050 || || 389,380 || || 472,280 || || [497,46] || || [554,832] || || [599,777] || || 1453,199 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || 9570,455 || || 10155,782 || || 10814,513 || || 11489,691 || || 12194,753 || || 12926,590 || || 13668,077 || || 80819,860 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2014 [51] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Acmhainní daonna || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Caiteachas riaracháin eile || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[52] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna* || 581,406 || 655,330 || 692,112 || 734,426 || 772,821 || 810,108 || 856,892 || 5103,095 Caiteachas eile de chineál riaracháin* || 210,266 || 235,449 || 247,589 || 261,622 || 274,237 || 286,415 || 301,868 || 1817,447 Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 791,672 || 890,779 || 939,701 || 996,048 || 1047,058 || 1096,523 || 1158,760 || 6920,545 IOMLÁN** || 791,672 || 890,779 || 939,701 || 996,048 || 1047,058 || 1096,523 || 1158,760 || 6920,545 * Tá na figiúirí sin bunaithe ar úsáid atá beagnach
iomlán de na caiteachais riaracháin uasta atá údaraithe dá ndéantar foráil sa
bhunús dlí. Cuirtear i láthair iad chun críocha léiriúcháin i dtéarmaí líon an
phearsanra a d’fhéadfaí a bheith fostaithe leis na suimeanna sin. ** D’fhéadfaí na figiúirí sin a choigeartú
mar thoradh ar an nós imeachta seachtraithe atá beartaithe. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna an
Choimisiúin mar a mhínítear thíos: Tá an meastachán sloinnte i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 100 || 100 || 100 || 100 || 100 || 100 || 100 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach)** || 1681 || 1681 || 1681 || 1681 || 1681 || 1681 || 1681 10 01 05 01 (Taighde díreach) || 1390 || 1390 || 1390 || 1390 || 1390 || 1390 || 1390 Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[53] || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “gciste iomlánaíoch") || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 bb [54] || - sa Cheanncheathrú[55] || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach)* || 867 || 867 || 867 || 867 || 867 || 867 || 867 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || 593 || 593 || 593 || 593 || 593 || 593 || 593 Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 4631 || 4631 || 4631 || 4631 || 4631 || 4631 || 4631 * Déanfar na
figiúirí thuas a choigeartú i gcomhréir le torthaí an phróisis seachtraithe atá
beartaithe. ** Meastar gurb é
100 post don phlean bunaíochta don Choimisiún an t‑ualach oibre a
chomhfhreagraíonn do chur chun feidhme an EIT agus na Nuálaíochta. Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt
don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le
leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Úsáidfear an líon iomlán oifigeach agus gníomhairí sealadacha le rannchuidiú le cuspóirí “Fís 2020” i rith an phróisis ar fad, ó ullmhú an Cláir Oibre go leathadh deiridh na dtorthaí le linn 2014-2020. Áirítear leis na hacmhainní daonna sin na riachtanais go léir sna modhanna bainistíochta éagsúla atá léirithe i bpointe 1.7 de LFS Pearsanra seachtrach || Cabhróidh an líon iomlán pearsanra seachtrach le hoifigigh agus le gníomhairí sealadacha rannchuidiú le cuspóirí “Fís 2020” i rith an phróisis ar fad, ó ullmhú an Cláir Oibre go leathadh deiridh na dtorthaí le linn 2014-2020. Áirítear leis na hacmhainní daonna sin na riachtanais go léir sna modhanna bainistíochta éagsúla atá léirithe i bpointe 1.7 de LFS 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
þ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Ní bhaineann le hábhar . –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[56]. Ní bhaineann le hábhar . 3.2.5 Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Costas Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || Tríú tíortha a bhfuil baint acu leis an gclár || IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe * || pm * Níl Comhaontuithe Comhlachais déthaobhacha
socraithe go fóill agus is é sin an fáth go gcuirfear isteach iad níos déanaí.
3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam –
¨ Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
þ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
þ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[57]* Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Mír 6011 Mír 6012 Mír 6013 Mír 6031 || || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm * Níl Comhaontuithe Comhlachais déthaobhacha
socraithe go fóill agus is é sin an fáth go gcuirfear isteach iad níos déanaí. I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. 02 03 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 05 03 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 06
03 01 Leithreasaí arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 07
03 01 Leithreasaí arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 08 04 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 09 03 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 10 02 02 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 15 03 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe 32 03 01 Leithreasaí
arna bhfabhrú ó ranníocaíochtaí le tríú páirtithe Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. Féadfaidh
stáit chomhlachaithe áirithe rannchuidiú le cistiú forlíontach den chreatchlár
trí bhíthin comhaontuithe comhlachais. Comhaontófar an modh ríofa sna
Comhaontuithe Comhlachais sin agus ní gá gurb é an modh ríofa céanna a bheidh i
ngach comhaontú. Beidh na ríomhanna bunaithe ar OTI an Stáit Chomhlachaithe den
chuid is mó i gcomparáid le OTI na mBallstát, agus an céatadán sin á chur i
bhfeidhm ar an mbuiséad foriomlán arna vótáil. [1] COIM(2011) 500 leagan deireanach [2] IO C , , lch. . [3] IO C , , lch. . [4] COIM(2010) 2020 [5] P7 TA(2011)0401 [6] P7 TA(2011)0236 [7] P7 TA(2011)0256 [8] P7 TA(2011)0401 [9] ERAC 1210/11 [10] CdR 67/2011 [11] CESE 1163/2011 [12] COIM(2011) 48 [13] COIM(2011) 500 [14] COIM(2005) 576 leagan deireanach, 11.3.2005 [15] IO L 124, 30.05.2003, lch. 36 [16] COIM(2008) 394 [17] IO L 412, 30.12.2006, lch. 1 [18] IO L 97, 9.4.2008, lch. 1. [19] IO L [], [], lch. [] [20] IO L 292, 15.11.1996, lch 2. [21] ESFRI Strategy Report on Research Infrastructure —
Roadmap 2010 (Tuarascáil Straitéise an ESFRI ar Bhonneagar Taighde — Plean
Oibre 2010). [22] COIM(2009)512 [23] COIM(2010) 245 [24] COIM(2011) 112 leagan deireanach [25] COIM(2011) 152 [26] COIM (2011)0112 [27] COIM(2011) 112 [28] COIM(2009) 519 [29] An Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe ón bPainéal
Idir-rialtasach um Athrú Aeráide (IPCC), 2007, (www.ipcc.ch) [30] COIM (2011) 112 [31] COIM (2009) 147 [32] COIM (2011) 25 [33] COIM(2009) 400 [34] COIM (2007) 575 leagan deireanach [35] TREOIR 2008/56/CE [36] COIM(2010) 245 [37] COIM(2010) 491 leagan deireanach [38] Scórchlár an Aontais Nuálaíochta 2010. [39] COIM(2011) 274 leagan deireanach. [40] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí
– ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí [41] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b)
den Rialachán Airgeadais. [42] Is féidir mionsonraí ar na
modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar
shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [43] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den
Rialachán Airgeadais. [44] http://www.trust-researchers.eu/ [45] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí
neamhdhifreáilte [46] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [47] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [48] Iarrann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde líne nua
buiséid le haghaidh infheistíochta sa bhonneagar. Tógadh an chuid is mó
d’áiseanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde sna 60aidí agus sna 70aidí agus
níl siad úrscothach níos mó. Mar thoradh air sin, is gá áiseanna nua a thógáil
agus an bonneagar atá ann cheana a nuachóiriú chun clár oibre ilbhliantúil an
Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a dhéanamh i gcomhlíonadh chaighdeáin
shábháilteacht agus shlándáil an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na cuspóirí
a bhaineann leis an gcomhshaol in AE/20/20/20. Tá an Infrastructure
Development Plan 2014-2020 (Plean chun an Bonneagar a Fhorbairt 2014-2020)
bunaithe ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde; sainaithnítear ann na
riachtanais infheistíochta a bheidh ar gach suíomh de chuid an Airmheáin go dtí
2020, agus léirítear é sin sa líne nua buiséid atá beartaithe ann. [49] Is ionann aschuir agus táirgí agus
seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann
maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [50] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...” [51] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [52] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [53] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann
ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert
en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil;
SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [54] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó
leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [55] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [56] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú
Idirinstitiúideach. [57] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais
bhailiúcháin a bhaint.