This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0759
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing for the period 2014 to 2020 the Justice Programme
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Cheartas don tréimhse 2014-2020
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Cheartas don tréimhse 2014-2020
/* COM/2011/0759 leagan deireanach - 2011/0369 (COD) */
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Adopted by | 32013R1382 |
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 /* COM/2011/0759 leagan deireanach - 2011/0369 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Mar a dearbhaíodh
i gClár Stócólm, is tosaíocht i gcónaí don Aontas Eorpach é limistéar saoirse,
slándála agus ceartais a fhorbairt. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta
cheana sa réimse seo, ní leor fós comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus
coiriúla. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus dhíothú an tríú
cholúin tá réimse an cheartais ag forbairt go dinimiciúil chun freagairt do na
dúshláin ar fad. Is fíor-thábhachtach iad reachtaíocht agus bearta beartais
chomh maith lena gcur chun feidhme comhsheasmhach. Is féidir le cistiú
rannchuidiú le forbairt an réimse seo trí thacú le reachtaíocht agus ceapadh
beartais agus a gcur chun feidhme a chur chun cinn. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le hAthbhreithniú Buiséid an AE[1], breithníodh athuair na
hionstraimí cistiúcháin agus meicníochtaí seachadta atá ann cheana chun fócas
soiléir ar bhreisluach Eorpach a áirithiú agus chun cuíchóiriú agus simpliú na
meicníochtaí cistiúcháin a chur san áireamh. Sa Teachtaireacht A budget for
Europe 2020 (Buiséad do ‘Eoraip 2020')[2],
d'aithin an Coimisiún go raibh gá le buiséad níos simplí, níos trédhearcaí chun
na fadhbanna a thig as castacht struchtúr na gclár agus as an iliomad clár a
bheith ann a shárú. Luadh réimse an cheartais mar shampla den ilroinnt atá ann
agus de chás inar cheart beart a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin agus ar mhaithe le simpliú
agus cuíchóiriú, tagann an Clár um Cheartas i gcomharba ar thrí chlár reatha: - Ceartas Sibhialta (JCIV), - Ceartas Coiriúil (JPEN), - Clár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí
(DPIP). Cé go bhfuil bunús dlí atá bunaithe ar
shláinte phoiblí ag baint leis an gclár um chosc agus faisnéis i leith drugaí,
agus dá bhrí sin cumhdaítear cúrsaí sláinte leis, go háirithe díobhálacha don
tsláinte a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú, tugann an clár um cheartas faoi
bheartas frithdhrugaí trí choireacht a chosc. Díreofar go príomha le cistiú a
bhaineann le drugaí faoin gclár nua ar gháinneáil neamhdhleathach drugaí agus
ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le drugaí. Is ceann amháin
de réimsí na coireachta í gáinneáil neamhdhleathach drugaí ina bhféadfaidh an
reachtóir Eorpach rialacha íosta a ghlacadh maidir le sainiú cionta coiriúla agus
pionós ar bhonn Airteagal 83 den CFAE. Trí na cláir sin a thabhairt le chéile, ar
cláir iad uile atá bunaithe ar fhorálacha i gCuid III de Theideal V den CFAE,
beifear in ann cur chuige cistiúcháin uilechuimsitheach a úsáid sa réimse seo
agus cistí le haghaidh saincheisteanna cothrománacha, amhail oiliúint, a
leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla. Tá sé d’aidhm ghinearálta ag an togra seo
cuidiú chun fíorlimistéar ceartais a chruthú trí chomhar breithiúnach a chur
chun cinn i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla. Chun an aidhm ghinearálta sin a
bhaint amach, féachann an togra le cur i bhfeidhm éifeachtach,
uilechuimsitheach, comhsheasmhach reachtaíocht an Aontais i réimse an chomhair
bhreithiúnaigh i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla a chur chun cinn, le rochtain
ar cheartas a éascú agus le héileamh ar dhrugaí agus soláthar drugaí a chosc
agus a laghdú. Is féidir an méid
sin a bhaint amach trí thacú le hoiliúint agus le hardú feasachta, trí
ghréasáin a neartú agus trí chomhar trasnáisiúnta a éascú. Thairis sin,
caithfidh an tAontas bonn fónta anailíse a thabhairt dó féin chun tacú le
ceapadh beartais agus reachtaíocht i réimse an cheartais. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara An 20 Aibreán 2011 seoladh
comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí maidir le gníomhaíochtaí cistiúcháin
sa todhchaí i réimse an cheartais, na gcearta bunúsacha agus an chomhionannais
don tréimhse tar éis 2013[3].
Bhí sé ar fáil ar líne ar feadh dhá mhí agus oscailte do na geallsealbhóirí
agus na daoine uile ar spéis leo an t‑ábhar. Fuarthas freagraí ó 187
freagróir ó fhormhór na mBallstát agus ba ENRanna iad cuid mhaith de na
freagróirí sin. Rinne na freagróirí meastóireacht dhearfach ar
chuspóirí beartais na gclár agus dhearbhaigh siad go raibh gá le cistiú sna
réimsí atá cumhdaithe. Aithníodh an breisluach Eorpach agus níor sainaithníodh
aon réimse inar cheart scoir de chistiú. Aithníodh go raibh gá le simpliú agus
feabhsú agus glacadh go dearfach leis an gcuid is mó de na bearta atá
beartaithe, lena n‑áirítear líon na gclár a laghdú agus nósanna imeachta
a shimpliú. Bhí na geallsealbhóirí i bhfách le
gníomhaíochtaí amhail malartú dea-chleachtas, oiliúint gairmithe,
gníomhaíochtaí faisnéise agus ardaithe feasachta, tacaíocht do ghréasáin,
staidéir, etc. a chistiú. Déantar foráil shainráite in Airteagal 6 den
togra maidir le gach cineál gníomhaíochta a d'fhormheas na freagróirí.
D'aontaigh na freagróirí le tograí an Choimisiúin i dtaobh na ngníomhaithe arb
iomchuí cistiú a thabhairt dóibh agus i dtaobh na gcineálacha meicníochtaí
cistiúcháin a d'fhéadfaí a úsáid. 2.2. Measúnú Tionchair Rinneadh measúnú tionchair amháin maidir le
gníomhaíochtaí cistiúcháin amach anseo le haghaidh réimse iomlán an cheartais,
na gceart agus an chomhionannais, réimse ina bhfuil sé chlár faoi láthair[4]. Baineann an measúnú tionchair
sin le hábhar an togra maidir leis an gClár um Cheartas agus an togra maidir
leis an gClár um Chearta agus um Shaoránacht araon. Is forbairt é an measúnú
tionchair ar mheastóireachtaí eatramhacha na gclár reatha[5], meastóireachtaí inar
dearbhaíodh éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán na gclár, ach
sainaithníodh roinnt easpaí agus gnéithe is féidir a fheabhsú iontu freisin.
Breithníodh trí rogha sa mheasúnú tionchair: Rogha A: na
sé chlár a choimeád agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna a
sainaithníodh trí athruithe ar bhainistíocht inmheánach na gclár. Thabharfaí
aghaidh ar chuid de na saincheisteanna sin tríd an mbainistíocht a fheabhsú
agus trí shineirgíochtaí láidre idir na cláir a chothú. Ní thabharfaí aghaidh
go díreach, áfach, ar phríomhchúis na bhfadhbanna, i.e. an iliomad clár a
bheith ann, agus dá bhrí sin is beag na feabhsuithe a bhainfí amach leis an
rogha seo. Rogha B: bearta
uile Rogha A a choimeád agus anuas air sin na sé chlár reatha a chumasc in dhá
chlár. Thabharfadh an rogha seo solúbthacht in úsáid cistí agus in aghaidh a
thabhairt ar thosaíochtaí bliantúla beartais. Dhéanfadh sí na cláir a shimpliú
tuilleadh do na tairbhithe agus do lucht riaracháin araon, agus dhéanfadh sí
níos éifeachtúla iad, toisc go mbeadh gá le i bhfad níos lú nósanna imeachta.
Dhéanfaí éifeachtacht na gclár a fheabhsú freisin toisc gur fearr a thabharfaí
aghaidh ar ilroinnt agus ar chaolú cistí laistigh de dhá chlár. D'fhéadfaí
acmhainní daonna a scaoileadh, ós rud é go laghdófaí an t‑ualach
riaracháin dá mba rud é go raibh níos lú nósanna imeachta ann, agus dhéanfaí na
hacmhainní daonna sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí chun éifeachtacht na
gclár a fheabhsú (torthaí a scaipeadh, monatóireacht, faisnéis a sholáthar,
etc.). Rogha C: gan
ach clár amháin a chur chun feidhme. Leis an rogha seo tugtar aghaidh ar na
fadhbanna go léir arb iad an t‑iliomad ionstraimí dlíthiúla a bheith ann
agus an t‑ualach riaracháin méadaithe a bhaineann leis an iliomad clár a
bhainistiú is cúis leo. De bharr srianta dlíthiúla, áfach, ní fhéadfadh raon
feidhme an chláir sin riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar fad a
chumhdach. Chaithfí rogha a dhéanamh idir réimse an cheartais agus réimse na
gceart agus na saoránachta. Cé gur féidir leis an réiteach seo an tionchar is
mó a imirt ó thaobh na bainistíochta de, ní fhéadfaí aghaidh a thabhairt go
leormhaith leis ar thosaíochtaí beartais ná ar riachtanais an réimse bheartais
ar fad. I bhfianaise anailís agus chomparáid na
roghanna, is í rogha na tosaíochta dhá chlár a chur chun feidhme,
ar cláir iad lena gcumhdófaí riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar
fad (Rogha B). I gcomparáid leis an status quo tá buntáistí soiléire ag
baint le Rogha B agus níl aon mhíbhuntáiste ag baint léi. Níl a oiread sochar
ag baint le Rogha A is atá ag baint le Rogha B agus ní chumhdaíonn Rogha C na
réimsí beartais ach go páirteach, rud a fhágann nach oiriúnach an rogha sin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá an togra bunaithe ar Airteagail 81(1)
agus (2), 82(1) agus 84 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Trí Airteagal 81 agus Airteagal 82 a
chomhcheangal is féidir cur chuige uilechuimsitheach a chur i bhfeidhm agus
tacaíocht á tabhairt d'fhorbairt an chomhair bhreithiúnaigh i gcúrsaí sibhialta
agus coiriúla, go háirithe maidir le saincheisteanna trasnacha agus
cothrománacha a bhaineann leis an dá réimse ceartais. Le hAirteagal 84 déantar foráil maidir le
bearta a bhunú chun gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta a
chur chun cinn agus tacú leo. Níl sé d'aidhm ag an gClár réimse iomlán chosc na
coireachta a chumhdach, ach réimse an bheartais frithdhrugaí amháin a
chumhdach. Féachann sé le cur chuige uilechuimsitheach a ghlacadh i leith
éileamh ar dhrugaí agus soláthar drugaí a chomhrac, cur chuige lena
gcumhdaítear cistiú chun comhar trasteorann na mBallstát maidir le forfheidhmiú
a neartú. Urramaíonn na gníomhaíochtaí cistiúcháin atá beartaithe
prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta. Dírítear le cistiú ó
bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit amháin a
gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach, i gcás inar féidir le hidirghabháil
ón Aontas luach breise a thabhairt i gcomparáid le gníomhaíocht de chuid na
mBallstát amháin. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán
seo le cur i bhfeidhm éifeachtach an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach
a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an
Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar
fud an Aontais. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh
a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag baint leo agus clár oibre
Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Tacófar le bonn fónta
anailíse a chur ar fáil chun tacú le beartais agus chun iad a fhorbairt. Trí
idirghabháil ón Aontas Eorpach is féidir na gníomhaíochtaí seo a shaothrú go leanúnach
ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála. Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé
níos faide ná an t‑íosmhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir sonraithe a
bhaint amach ar leibhéal Eorpach ná níos faide ná a bhfuil gá leis chun na
críche sin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH EUR 472 milliún (i bpraghsanna reatha) a
bheidh sa chlúdach airgeadais chun an Clár um Cheartas a chur chun feidhme don
tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. 5. PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA Tá sé d'aidhm ag
an gcur chuige atá beartaithe simpliú nósanna imeachta, rud a d'iarr na
páirtithe uile lena mbaineann, a chomhcheangal le cur chuige atá dírithe níos
mó ar thorthaí. Is iad seo a leanas príomheilimintí an chur chuige sin: - Déanann an togra
na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá á saothrú ag an gClár (Airteagal 4
agus Airteagal 5) agus na réimsí gníomhaíochta a ndíreoidh an Clár orthu (Airteagal 6)
a shainiú. Déanann na cuspóirí ginearálta agus sonracha raon feidhme an chláir
(réimsí beartais) a shainiú, ach tá na cineálacha gníomhaíochtaí dírithe ar
chistiúchán, tá siad infheidhme maidir leis na réimsí beartais uile lena
mbaineann agus sainíonn siad ar bhealach cothrománach na haschuir is féidir a
fháil trí chistiú. Ag an am céanna, sainíonn siad na cásanna inar féidir le
cistiú fíor-bhreisluach a thabhairt chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.
Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme aige, bunóidh an Coimisiún na
tosaíochtaí cistiúcháin sna réimsí beartais éagsúla ar bhonn bliantúil. Is
féidir leis an gClár úsáid a bhaint as na hionstraimí airgeadais go léir dá
bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais. Tá an rannpháirtíocht oscailte do na
heintitis dhlíthiúla uile atá bunaithe go dleathach sna Ballstáit nó i dtríú
tír a ghlacann páirt sa Chlár, gan srianta eile ar an rochtain ar an gClár a
bheith ann. Leis an struchtúr sin is féidir simpliú a dhéanamh, agus is féidir
freisin an clár a dhíriú níos fearr ar riachtanais agus ar fhorbairtí na
mbeartas. Thairis sin, soláthraíonn sé comhthéacs cobhsaí don mheastóireacht,
toisc na cuspóirí sonracha a bheith nasctha go díreach le táscairí
meastóireachta, táscairí a fhanfaidh comhsheasmhach ar feadh ré iomlán an
chláir agus a ndéanfar faireachán agus meastóireacht orthu go rialta. Tá sé beartaithe
gan méideanna sonracha in aghaidh an réimse bheartais a chur in áirithe
laistigh den chlár chun solúbthacht a bhaint amach agus cur chun feidhme an
chláir a fheabhsú. - Tá
rannpháirtíocht tríú tíortha teoranta do thíortha an LEE, do thíortha aontachais,
do thíortha is iarrthóirí agus d'iarrthóirí féideartha. Féadfaidh tríú tíortha
eile, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na
hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do
chuspóir na ngníomhaíochtaí sin. - Déanfar
tosaíochtaí bliantúla an chláir a shainiú i gclár oibre bliantúil. Toisc go
gciallaíonn sin go ndéanfar roghanna beartas‑bhunaithe, tá glacadh an
chláir oibre bhliantúil faoi réir thuairim Choiste na mBallstát faoin nós
imeachta comhairleach. - Féadfaidh an
Coimisiún, ar bhonn anailíse chostais/sochair, úsáid a bhaint as gníomhaireacht
feidhmiúcháin atá ann cheana chun an clár a chur chun feidhme, mar a
fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 an 19 Nollaig 2002
lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le
bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí
feidhmiúcháin. Coincheap na
‘breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí’ Is cuid lárnach í oiliúint bhreithiúnach na
breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí de bheartais i réimse an Cheartais.
Feabhsaíonn oiliúint bhreithiúnach muinín fhrithpháirteach idir Ballstáit,
cleachtóirí agus saoránaigh agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an
oiliúint bhreithiúnach Eorpach, Building trust in EU-wide justice, a new
dimension to European judicial training (Muinín as an gceartas ar fud an AE
a fhorbairt, gné nua d'oiliúint bhreithiúnach Eorpach), leagtar síos cuspóirí
nithiúla maidir le hoiliúint nach mór a bhaint amach faoi 2020[6]. Déantar tagairt shainráite don
"bhreithiúnacht agus don fhoireann bhreithiúnach" in Airteagal 81(2)(h)
agus Airteagal 82(1)(c) den CFAE. I dtéarmaí na Teachtaireachta ón
gCoimisiún, cé gur gairmithe neamhspleácha iad, is dlúthchuid agus is cuid
riachtanach iad dlíodóirí den ghníomhaíocht bhreithiúnach agus tá ról lárnach
acu i gcur chun feidhme dhlí an Aontais. A fhad a bhaineann le nótairí, in go
leor Ballstát tá inniúlachtaí tábhachtacha acu sa réimse breithiúnach, rud a
fhágann go rannchuidíonn siad freisin le cur chun feidhme dhlí an Aontais. Agus
meon agus aidhmeanna fhorálacha an Chonartha á gcur san áireamh leathnaítear na
forálacha sin chun an dá ghairm sin a chuimsiú. 2011/0369 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Cheartas don
tréimhse 2014-2020
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(1) agus (2), Airteagal 82(1)
agus Airteagal 84 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
foráiltear go gcruthófar limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina bhfuil
saoirse ghluaiseachta ag daoine. Chuige
sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt
i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do
ghníomhaíochtaí na mBallstát maidir le cosc na coireachta, go háirithe maidir
leis an éileamh ar dhrugaí agus soláthar drugaí a chosc agus a laghdú. (2)
Athdhaingnítear le Clár Stócólm[7] an tosaíocht limistéar saoirse,
slándála agus ceartais a fhorbairt agus sonraítear ar cheann dá thosaíochtaí
polaitiúla Eoraip atá dleathach agus cóir a bhaint amach. Aithnítear go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena
áirithiú go n‑éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár
Stócólm. (3)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Eoraip 2020’[8] leagtar amach straitéis maidir
le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. Ba cheart limistéar ceartais a fhorbairt a fheidhmíonn go maith agus
ina ndéantar constaicí ar imeachtaí breithiúnacha agus constaicí ar rochtain ar
cheartas i staideanna trasteorann a dhíchur agus ba cheart é a fhorbairt mar
ghné lárnach chun tacaíocht a thabhairt do chuspóirí sonracha agus tionscnaimh
shuaitheanta na straitéise ‘Eoraip 2020’ agus chun na cuspóirí agus na
tionscnaimh sin a chur chun cinn. (4)
Tá sé léirithe trí ghníomhaíocht ar leibhéal an
Aontais go bhfuil gá le meascán d'ionstraimí, lena n‑áirítear
reachtaíocht, tionscnaimh bheartais agus cistiú, chun na cuspóirí sin a bhaint
amach sa chleachtas. Is uirlis
thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha. Ba cheart clár cistiúcháin a bhunú dá bhrí sin. (5)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A
budget for Europe 2020 (Buiséad do ‘Eoraip 2020’)[9] cuirtear béim ar an ngá atá ann
le cistiú ón Aontas a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistithe a
bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus na rialacha agus na nósanna
imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú. (6)
Mar fhreagra ar an ngá le simpliú agus bainistiú
éifeachtúil an chistithe, bunaítear leis an Rialachán seo an Clár um Cheartas
chun foráil a dhéanamh maidir le leanúint de ghníomhaíochtaí agus forbairt
gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe ar bhonn trí chlár, ar cláir iad a bunaíodh le
Cinneadh Uimh. 1149/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 25 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear an Clár Sonrach ‘Ceartas
Sibhialta’ don tréimhse 2007-2013 mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta
Bunúsacha agus Ceartas’[10],
le Cinneadh 2007/126/CBG ón gComhairle an 12 Feabhra 2007 lena
mbunaítear an Clár Sonrach ‘Ceartas Coiriúil’ don tréimhse 2007-2013 mar chuid
den Chlár Ginearálta um Chearta Bunúsacha agus um Cheartas[11], agus le Cinneadh Uimh. 1150/2007/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2007
lena mbunaítear an Clár Sonrach ‘Cosc agus Faisnéis i leith Drugaí’ don
tréimhse 2007-2013 mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta Bunúsacha agus
Ceartas’[12]. (7)
Tá bunús dlí atá bunaithe ar shláinte phoiblí ag
baint leis an gclár um chosc agus faisnéis i leith drugaí, agus dá bhrí sin
cumhdaítear cúrsaí sláinte leis, go háirithe díobhálacha don tsláinte a
bhaineann le húsáid drugaí a laghdú. I gcás an chláir um cheartais, áfach, ba
cheart tabhairt faoi bheartas frithdhrugaí trí choireacht a chosc. Ba cheart cistiú faoin gclár nua chun dul i
ngleic le fadhbanna drugaí a dhíriú ar gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí
agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le drugaí. (8)
Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teideal The
EU Budget Review (Athbhreithniú Buiséid an AE)[13] agus A budget for Europe
2020 (Buiséad do ‘Eoraip 2020’), cuirtear béim freisin ar an tábhacht
a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach
ag baint leo, i.e. i gcás ina dtabharfadh idirghabháil an Aontais fiúntas
breise nach dtabharfadh beart a dhéanfadh na Ballstáit amháin. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí atá
cumhdaithe faoin Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí
phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun cinn, trí mhuinín
fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, trí chomhar agus líonrú
trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go
comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí cistithe freisin leis na
páirtithe uile lena mbaineann eolas éifeachtach agus eolas níos fearr a chur ar
dhlí agus ar bheartais an Aontais, agus ba cheart go gcuirfeadh sé bonn fónta
anailíse ar fáil chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais agus
chun iad a fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas is féidir na gníomhaíochtaí
sin a shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí
scála. Thairis sin, is fearr atá an
tAontas ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné
trasteorann ag baint leo agus is fearr atá sé in ann clár oibre Eorpach um
fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. (9)
Maidir le drugaí, ní beag an bhagairt é an t‑éileamh
atá ar dhrugaí agus soláthar drugaí agus ní féidir leis na Ballstáit dul i
ngleic leis an mbagairt sin go hinbhuanaithe leo féin. Ba cheart d’idirghábháil an Aontais faoin Rialachán seo tacaíocht a
thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstáit éileamh ar dhrugaí agus soláthar
drugaí a chosc agus a laghdú, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do chomhar
trasteorann maidir le forfheidhmiú. (10)
Chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a
chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le
huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus
sonracha a shocrú. Ba cheart foireann
táscairí a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas
agus ba cheart do na táscairí sin bheith bailí ar feadh thréimhse iomlán an
Chláir. (11)
Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le clúdach
airgeadais don chlár ilbhliantúil agus beidh an clúdach sin, de réir bhrí
phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX idir Parlaimint na hEorpa, an
Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le
bainistíocht fhónta airgeadais, ina phríomhthagairt don údarás buiséadach le
linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. (12)
Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i
gcomhréir iomlán le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais
Eorpaigh. Ba cheart leas a bhaint, go
háirithe, as na huirlisí simpliúcháin arna dtabhairt isteach leis an mbuiséad. Thairis sin, ba cheart go mbeadh na critéir a
úsáidtear chun gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a aithint dírithe ar na
hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin a
bhfuil an tionchar is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú. (13)
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean
chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[14]. I bhfianaise na méideanna bliantúla atá i gceist, is féidir a mheas
nach bhfuil tábhacht ag baint leis na himpleachtaí buiséadacha. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta
comhairleach, dá bhrí sin. (14)
Chun leithdháileadh éifeachtúil cistí ó bhuiséad an
Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíochtaí
a lorg idir na cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil
dlúthnaisc eatarthu, go háirithe idir an Clár reatha agus an Clár um Chearta
agus um Shaorántacht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[15], an Ionstraim um thacaíocht
airgeadais do chomhar póilíneachta, do chosc na coireachta agus don chomhrac i
gcoinne na coireachta eagraithe, tromchúisí agus trasteorann a bunaíodh le
Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[16],
an Clár ‘Sláinte i leith Fáis’ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an
XX[17], an Clár 'Erasmus do chách' a
bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. XX/XX an XX[18], an Creatchlár 'Fís 2020' a
bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[19] agus an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[20]. (15)
De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Chlár tacú le baint
amach na gcuspóirí maidir le comhionannas idir mná agus fir agus maidir le frith‑idirdhealú
ina chuid gníomhaíochtaí go léir. Ba
cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun an bealach ina
dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le comhionannas inscne agus frith‑idirdhealú
i ngníomhaíochtaí an Chláir a mheasúnú. (16)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n‑áirítear
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh
go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí,
pionóis a ghearradh. Ba cheart
údarás a bheith ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar
an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir
leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[21] d’fhonn a shuí ar tharla
calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do
leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le cistiú an Aontais faoin gClár. (17)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo, eadhon cuidiú chun limistéar Eorpach ceartais a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin
is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha
amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá
leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, (18)
[I gcomhréir le hAirteagail 3, den Phrótacal (Uimh. 21)
maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir
saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas
Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé curtha in
iúl ag na Ballstáit sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i
gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo] NÓ [Gan dochar d'Airteagal 4 den
Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na
hÉireann i leith an Limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i
nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh
siad faoi réir a chur i bhfeidhm].[22] (19)
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2
den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo
agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Bunú agus ré an Chláir 1. Bunaítear
leis an Rialachán seo Clár um Cheartas an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘an
Clár’ anseo feasta. 2. Cuimseofar
an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020
faoin gClár. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh
feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) ciallaíonn ‘Ballstáit’ na Ballstáit go léir seachas [an Danmhairg] NÓ
[an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe agus Éire, gan dochar d’Airteagal 4 den
Phrótacal (Uimh. 21)]; (b) ciallaíonn ‘comhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann
bhreithiúnach’ breithiúna, ionchúisitheoirí, abhcóidí, dlíodóirí, nótairí,
oifigigh de chuid na cúirte, báillí, ateangairí cúirte agus daoine gairmiúla
eile a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht. Airteagal 3
Breisluach Eorpach Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí
a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Comisiún go mbeidh sé beartaithe leis na
gníomhaíochtaí a roghnófar don chistiú go mbeidh toradh orthu a bhfuil
breisluach Eorpach ag baint leis agus déanfaidh an Coimisiún faireachán
féachaint ar gnóthaíodh an breisluach Eorpach iarbhír trí na torthaí
deireanacha ar na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoin gClár. Airteagal 4
Cuspóir ginearálta Tá sé d’aidhm ag an gClár cuidiú chun
limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar breithiúnach a chur chun cinn
i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla. Airteagal 5
Cuspóirí sonracha Chun an cuspóir ginearálta atá leagtha amach
in Airteagal 4 a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas
leis an gClár: (a) cur i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhsheasmhach
reachtaíocht an Aontais a chur chun cinn i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh i
gcúrsaí sibhialta agus coiriúla; Is é an táscaire a
úsáidfear, inter alia, chun baint amach an chuspóra sin a thomhas líon
na gcásanna comhair thrasteorann. (b) rochtain ar cheartas a éascú. Is é an táscaire a
úsáidfear, inter alia, chun baint amach an chuspóra sin a thomhas an
tuiscint Eorpach ar rochtain ar cheartas. (c) éileamh ar dhrugaí agus soláthar drugaí a chosc agus a laghdú. Is é an táscaire a
úsáidfear, inter alia, chun baint amach an chuspóra sin a thomhas líon
na gcásanna comhair thrasteorann. Beidh sé d’aidhm
ag an gClár ina chuid gníomhaíochtaí uile comhionannas idir fir agus mná a chur
chun cinn agus idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch
nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar
chlaonadh gnéasach; Airteagal 6
Gníomhaíochtaí 1. D’fhonn
cuspóirí Airteagal 4 agus Airteagal 5 a shaothrú, díreoidh
gníomhaíochtaí an Chláir ar na réimsí gníomhaíochta seo a leanas: (a) feasacht an phobail agus eolas ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a
fheabhsú; (b) tacú le cur chun feidhme dhlí agus bheartais an Aontais sna Ballstáit; (c) comhar trasnáisiúnta a chur chun cinn agus eolas frithpháirteach agus
muinín fhrithpháirteach a fhorbairt; (d) eolas agus tuiscint a fheabhsú ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh difear
a dhéanamh do dhea‑fheidhmiú limistéir Eorpaigh cheartais d’fhonn ceapadh
beartais agus reachtaíocht atá bunaithe ar fhianaise a áirithiú. 2. Tabharfar
maoiniú ón gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a
leanas: (a)
gníomhaíochtaí anailíseacha, amhail bailiú sonraí
agus staidrimh; forbairt
modheolaíochtaí coiteanna agus, nuair is iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna
coiteanna; staidéir, taighdí,
anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí
agus measúnuithe tionchair; dréachtú
agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais; faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i
bhfeidhm dhlí an Aontais agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe saineolaithe,
comhdhálacha; (b)
gníomhaíochtaí oiliúna do chomhaltaí den
bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach, amhail malartuithe foirne,
ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna d’oiliúnóirí, forbairt modúl oiliúna ar
líne/modúl oiliúna eile; (c)
gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, comhair,
ardaithe feasachta agus scaipiúcháin, amhail aithint agus malartuithe
dea-chleachtais, cineálacha cur chuige agus taithí nuálacha, agus eagrú
athbhreithnithe piaraí agus foghlama frithpháirtí; eagrú comhdhálacha agus seimineár; eagrú feachtas ardaithe feasachta agus faisnéise, feachtas agus
imeachtaí sna meáin, lena n‑áirítear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais
Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid chorparáideach; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí an Chláir a
scaipeadh; forbairt, oibriú agus
cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid faisnéise agus teicneolaíochtaí na
faisnéise; (d)
tacaíocht le haghaidh na bpríomhghníomhaithe,
amhail tacaíocht le haghaidh Ballstát agus dlí agus beartais an Aontais á gcur
chun feidhme acu; tacaíocht le
haghaidh príomhghréasán Eorpach a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí nasctha le cur
chun feidhme chuspóirí an Chláir; líonrú
i measc sainchomhlachtaí, saineagraíochtaí, údarás náisiúnta, údarás réigiúnach
agus údarás áitiúil ar leibhéal Eorpach; cistiú le haghaidh líonraí saineolaithe; cistiú le haghaidh faireachlann ar leibhéal Eorpach. Airteagal 7
Rannpháirtíocht 1. Féadfaidh
na comhlachtaí poiblí agus na heintitis phoiblí agus/nó na comhlachtaí
príobháideacha agus na heintitis phríobháideacha uile atá bunaithe go dleathach
sna tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár: (a) na Ballstáit; (b) tíortha CSTE atá páirteach sa Chomhaontú ar an LEE, i gcomhréir leis na
coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an LEE; (c) tíortha aontachais, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí féideartha, i
gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha
ginearálta atá leagtha síos sna comhaontuithe réime arna dtabhairt i gcrích
leis na tíortha sin ar a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais; (d) an Danmhairg, ar bhonn comhaontaithe idirnáisiúnta. 2. Féadfaidh
comhlachtaí poiblí agus eintitis phoiblí agus/nó comhlachtaí príobháideacha
agus eintitis phríobháideacha atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha eile,
go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a
bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do chuspóir na
ngníomhaíochtaí sin. 3. Faoin
gClár, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta
atá gníomhach sna réimsí sin atá cumhdaithe faoin gClár, amhail Comhairle na
hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta
Príobháideach. Féadfaidh na
heagraíochtaí idirnáisiúnta sin a bheith rannpháirteach sa Chlár. Airteagal 8
Buiséad 1. EUR 472
milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir. 2. Féadfaidh
leithdháileadh airgeadais an Chláir costais eile a chlúdach a bhaineann le
gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus
meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a
ghnóthú; go háirithe, staidéir,
cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear
tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid
chorparáideach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin
seo, costais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar
mhalartú faisnéise, mar aon leis na costais chúnaimh theicniúil agus riaracháin
eile ar fad a thabhaíonn an Coimisiún le linn dó an Clár a bhainistiú. 3. Déanfaidh
an t‑údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla a bheidh ar fáil a údarú
faoi chuimsiú theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil arna bhunú le
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX lena leagtar síos an creat
airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020. Airteagal 9
Bearta cur chun feidhme 1. Déanfaidh
an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh. 2. Chun an
Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a
ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 10(2). 3. Leagfar
amach sna cláir oibre bhliantúla sin na bearta a theastaíonn chun iad a chur
chun feidhme, na tosaíochtaí i dtaobh glaonna ar thograí agus na heilimintí
eile ar fad a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an
Aontais Eorpaigh. Airteagal 10
Nós imeachta coiste 1. Beidh
coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste
de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. 2. I gcás
ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 11
Comhlántacht 1. Déanfaidh
an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus
sineirgíochtaí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear
leis an gClár um Chearta agus um Shaoránacht, an Ionstraim um thacaíocht
airgeadais do chomhar póilíneachta, do chosc na coireachta agus don chomhrac i
gcoinne na coireachta eagraithe, tromchúisí agus trasteorann, an Clár 'Sláinte
i leith Fáis', an Clár 'Erasmus do chách', an Creatchlár 'Fís 2020' agus an
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. 2. Féadfaidh
an clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe
an Clár um Chearta agus um Shaoránacht, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur chun
feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Chearta agus um Shaoránacht a bhronnadh ar
ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár seo freisin, ar an
gcoinníoll nach gclúdófar na míreanna costais céanna leis an dá chistiú. Airteagal 12
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint 1. Déanfaidh
an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear
gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar
leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i
gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí
sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí
mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí
phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha. 2. Beidh
cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí,
iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí
deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón
Aontas faoin gClár. Beidh
údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an
láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go
díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna
imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn
a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a
dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú
deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an ón Aontas. Gan
dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú
tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus
cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme,
tabharfar cead sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF
iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh. Airteagal 13
Faireachán agus meastóireacht 1. Déanfaidh
an Coimisiún faireachán rialta ar an gClár chun súil a choinneáil ar chur chun
feidhme na ngníomhaíochtaí sin a dhéantar faoi sna réimsí gníomhaíochta dá
dtagraítear in Airteagal 6(1) agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha dá
dtagraítear in Airteagal 5. Is
bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach
ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus frith‑idirdhealaithe
i ngníomhaíochtaí an chláir. Nuair is
ábhartha, ba cheart táscairí a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, aoise agus
míchumais. 2. Cuirfidh
an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle: (a) tuarascáil mheastóireachta eatramhaí faoi lár
2018 ar a dhéanaí; (b) tuarascáil mheastóireachta ex-post. 3. Tabharfar
tuairisc sa mheastóireacht eatramhach ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar cé
chomh héifeachtúil is atá úsáid na hacmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir
d’fhonn a chinneadh an ndéanfar an cistiú a thugtar do réimsí atá cumhdaithe
faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar an scóip maidir le
haon simpliú a dhéanamh ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus
seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na
ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear
torthaí na meastóireachtaí ex post ar na cláir a luaitear in Airteagal 14
san áireamh. 4. Tabharfar
tuairisc sa mheastóireacht ex post ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an
gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d’fhonn cuidiú le cinneadh
a dhéanamh faoi chlár eile ina dhiaidh sin. Airteagal 14
Bearta idirthréimhseacha Leanfar de ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh
roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn Chinneadh 1149/2007/CE,
Chinneadh 2007/126/CGB nó ar bhonn Chinneadh 1150/2007/CE a rialú le
forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar
tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus Airteagal 11
de Chinneadh 1149/2007/CE, in Airteagal 9 de Chinneadh 2007/126/CGB
agus in Airteagal 10 de Chinneadh 1150/2007/CE a fhorléiriú mar
thagairtí don Choiste a bhfuil foráil déanta ina leith in Airteagal 10 den
Rialachán seo. Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15.11.2011 Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[23]
Teideal 33 - Ceartas
1.3.
An cineál togra/tionscnaimh
þ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[24] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Tá
an Clár dírithe ar chuidiú le limistéar Eorpach saoirse, slándála agus ceartais
a chruthú, agus go háirithe limistéar Eorpach ceartais, trí chomhar
breithiúnach a chur chun cinn i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla. Tacóidh
limistéar ceartais a fheidhmíonn go maith agus ina ndéantar constaicí ar
imeachtaí breithiúnacha a dhíchur le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh
shuaitheanta na straitéise "Eoraip 2020" agus cabhróidh sé chun
na cuspóirí agus na tionscnaimh sin a chur chun cinn.
1.4.2.
Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB
lena mbaineann
Cuspóirí sonracha Chun
an cuspóir ginearálta a bhaint amach, eadhon cuidiú chun limistéar Eorpach
ceartais a chruthú, tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár: (a) cur
i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhleanúnach reachtaíocht an Aontais
a chur chun cinn i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh agus i gcúrsaí sibhialta
agus coiriúla; (b) rochtain
ar cheartas a éascú; (c) éileamh
ar dhrugaí agus soláthar drugaí a chosc. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann ABB 33 03 agus 33 04.
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Cuideoidh
an togra chun an acquis a fhorfheidhmiú, agus beidh saoránaigh agus
gnólachtaí an Aontais in ann lántairbhe a bhaint as an reachtaíocht atá ann
cheana dá bhrí sin. Beidh eolas níos fearr acu ar a gcearta, agus beidh uirlisí
níos fearr ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara chun faisnéis a mhalartú
maidir le dea-chleachtais agus chun dul i gcomhar lena chéile. Déantar cur síos
níos mionsonraithe ar thionchar an togra ar thairbhithe/spriocghrúpaí i Roinn
4.1.2 den Mheasúnú Tionchair. Ina
theannta sin, beidh tionchar soiléir tairbhiúil ag na hathruithe ar na cláir
chistiúcháin atá beartaithe ar na próisis faoina ndéanfar an tacaíocht
airgeadais a bhainistiú. Chuirfí tús leis sin le cur chuige comhtháite sna
cláir ar fad i ndáil leis na próisis chun iarratais a chur isteach, leis na
doiciméid atá de dhith agus leis na córais TF a bheidh le húsáid. Spáráil ama a
bheadh sa mhéid sin toisc nach mbeadh ar go leor páirtithe leasmhara atá
gníomhach i réimsí arna gcumhdach ag roinnt de na cláir atá i bhfeidhm faoi
láthair aghaidh a thabhairt ar cheanglais éagsúla agus d'fhéadfaidís díriú níos
mó ar thograí láidre a fhorbairt ó thaobh ábhair agus cáilíochta de. Chomh
maith leis sin, i gcás próisis roghnúcháin chomhchuibhithe agus chuíchóirithe
amháin a bheith ann do thionscadail, laghdófaí go mór ar an moill idir an uair
a chuirtear iarratais isteach agus an uair a fhaightear na torthaí. Dhéanfaí an
tréimhse éiginnteachta don eagraíocht a chur iarratas isteach a ghiorrú dá bhrí
sin. Buntáiste eile a bheadh leis sin is ea nach mbeadh tréimhse chomh fada i
gceist idir an uair a cheapfaí an tionscadal agus an uair a chuirfí tús leis,
agus bheadh sé in ann freastal níos éifeachtúla a dhéanamh ar na riachtanas
nithiúla a dteastaíonn uaidh aghaidh a thabhairt orthu de réir thosaíochtaí
beartais an Aontais dá bhrí sin.
1.4.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is
iad na táscairí a úsáidfear chun gnóthú na gcuspóirí thuasluaite a thomhas, inter
alia, líon na gcásanna a mbaineann gné de chomhar trasteorann leo i gcás
(a) agus (c) an tuiscint Eorpach ar rochtain ar cheartas i gcás (b). Níl
a dhóthain faisnéise ag Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais faoin gcás reatha chun
spriocanna suntasacha a leagan amach don fhadtéarma ná don mheántéarma ach,
sula dtosófar ar an gclár a chur chun feidhme, déanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an
Cheartais iarracht níos mó faisnéise a bhailiú faoin gcás reatha ionas gur
féidir garspriocanna agus spriocanna a leagan síos.
1.5.
Na forais leis an togra/tionscnamh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Cé
gur príomhuirlis í an reachtaíocht chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme
i réimse an cheartais, ní mór í a chomhlánú ar bhealaí eile. Tá ról tábhachtach
ag cistiú sa chomhthéacs seo. Go háirithe, ba cheart go gcuirfeadh cistiú le
héifeachtúlacht na reachtaíocht trí chur le faisnéis, feasacht agus inniúlacht
saoránach, daoine gairmiúla agus páirtithe leasmhara trí thacú leis an méid seo
a leanas: Faisnéis
agus feasacht an phobail a ardú, lena n‑áirítear tacaíocht d'fheachtais
náisiúnta agus Eorpacha chun daoine a chur ar an eolas faoina gcearta, arna
ráthú faoi dhlí an Aontais, agus cén chaoi na cearta sin a fhorfheidhmiú sa
chleachtas; Oiliúint
agus forbairt acmhainní le haghaidh daoine gairmiúla i réimse an dlí (amhail
breithimh agus cúisitheoirí) agus cleachtóirí eile, chun na huirlisí a
sholáthar dóibh chun cearta agus beartais an Aontais a chur i bhfeidhm go
héifeachtúil. Tá
ról lárnach ag an gcistiú i gcomhar a chur chun cinn ar leibhéal trasnáisiúnta
agus i muinín fhrithpháirteach a fhorbairt freisin, mar seo a leanas: Trí
líonraí a neartú, i.e. eagraíochtaí uile-Aontais chun cúnamh a thabhairt
tionscnaimh a ullmhú sa réimse seo amach anseo, agus chun cur chun feidhme
leanúnach na dtionscnamh sin a chur chun cinn ar fud na hEorpa; Comhar
trasteorann maidir le forfheidhmiú, mar shampla trí chóras rabhaidh do leanaí
atá ar iarraidh a bhunú, agus trí chomhar frithdhrugaí oibríochtúil agus
trasteorann a chomhordú. Ina
theanna sin, ba cheart go dtacódh an cistiú leis an méid seo a leanas: Taighde,
anailís agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile, chun faisnéis shoiléir agus
mhionsonraithe a sholáthar don reachtóir maidir leis na fadhbanna agus leis an
gcás ar an talamh. Cuirfidh torthaí na ngníomhaíochtaí sin le forbairt agus le
cur chun feidhme bheartais an Aontais agus áiritheoidh siad go bhfuil siad
fianaisebhunaithe, spriocdhírithe go maith agus go bhfuil struchtúr maith
orthu.
1.5.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Tá
an cistiú arna chumhdach ag an gClár um Cheartas dírithe ar ghníomhaíochtaí i
gcás go bhféadfadh breisluach a bheith ag baint le hidirghabháil an Aontais i
gcomparáid le gníomhaíocht Ballstáit amháin. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá
cumhdaithe faoin Rialachán seo le cur i bhfeidhm éifeachtach an acquis trí
mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú
trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go
comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ní féidir
gníomhaíochtaí comhordaithe a bheidh ar fáil do gach Ballstát den Aontas a
sholáthar ach ar leibhéal an Aontais. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na
Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag
baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.
Gan tacaíocht ón Aontas, is iondúil go dtabharfadh páirtithe leasmhara aghaidh
ar fhadhbanna cosúla ar bhealach scaoilte scaipthe. Is é an toradh a bheidh ar
chomhar agus ar líonrú eatarthu dea-chleachtais a scaipeadh, go háirithe
cineálacha cur chuige atá nuálaíoch agus comhtháite sna Ballstáit éagsúla.
Gníomhóidh na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí sin mar iolraitheoirí ina
ngníomhaíochtaí gairmiúla féin, agus scaipfidh siad tuilleadh na dea-chleachtais
laistigh dá mBallstát féin. Tacófar
le bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le beartais agus chun iad a
fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas Eorpach is féidir na gníomhaíochtaí seo a
shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála.
Ní bheadh na torthaí céanna ar chistiú ar an leibhéal náisiúnta, agus ní bheadh
mar thoradh air ach cur chuige scaoilte scaipthe nach gcumhdódh riachtanais an
Aontais Eorpaigh ina iomláine.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Dhearbhaigh
na meastóireachtaí lártéarma a rinneadh do na cláir reatha i réimse an
cheartais go bhfuil na cláir éifeachtúil ar an iomlán, ach d'aithin siad
freisin roinnt fadhbanna amhail caolú cistí ('saupoudrage') i measc go leor
tionscadal ar scála beag a bhfuil tionchar teoranta acu. In ainneoin go
leithdháiltear cistiú ar réimse mór tionscadal, níl an leithdháileadh
geografach cothrom i measc na n‑eagraíochtaí a fhaigheann cistiú.
Aontaíodh sna meastóireachtaí lártéarma go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh chun
scaipeadh agus saothrú thorthaí agus ionchuir na ngníomhaíochtaí cistithe a
fheabhsú. Má thagann feabhas ar an meastóireacht agus ar an bhfaireachán,
tiocfaidh feabhas ar an scaipeadh. Léirigh na meastóireachtaí lártéarma agus an
comhairliúchán poiblí i dtéarmaí éifeachtúlachta na nósanna imeachta casta agus
maorlathacha a mbíonn ar na hiarratasóirí déileáil leo. Ó thaobh riaracháin de,
bíonn ualach riaracháin níos mó ar an gCoimisiún de thoradh nósanna imeachta
éagsúla a bheith ann do na cláir éagsúla. Cuireann iolrú
na nósanna imeachta agus an t‑ualach ard riaracháin a bhaineann leo fad
leis na nósanna imeachta. Dá ndéanfaí na cláir a chumasc,
thabharfaí aghaidh ar an tsaincheist sin, agus chruthófaí sineirgíochtaí idir
na clár.
1.5.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Déanfaidh
an Cláir sineirgíochtaí, comhleanúnachas agus comhlánú a aimsiú maidir le
hionstraimí eile de chuid an Aontais, inter alia leis na cláir i réimsí
gnóthaí baile, sláinte agus tomhaltóirí, oideachais agus taighde. Déanfar
dúbailt le gníomhaíochtaí faoi na cláir eile sin a sheachaint, agus féadfar
acmhainní a roinnt idir an clár um Cheartas agus an clár um Chearta agus um
Shaoránacht chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach.
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais
þ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta – þ Togra/tionscnamh
i bhfeidhm ón 01/01/2014 go 31/12/2020 – þ Tionchar
airgeadais ó 2014 go 2020 agus níos faide ar aghaidh ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta – Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB – agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[25]
þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: – þ gníomhaireachtaí
feidhmiúcháin – þ comhlachtaí arna
mbunú ag na Comhphobail[26]
– ¨ comhlachtaí
náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí
acu – ¨ daoine a bhfuil
sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal
V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh
ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha þ Comhbhainistiú le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (mar atá sonraithe thíos) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Déantar foráil
sa Mheabhrán Míniúcháin maidir leis an bhféidearthacht gníomhaireacht
feidhmiúcháin atá ann cheana a úsáid chun an clár a chur chun feidhme ina
iomláine nó i bpáirt. Ag an bpointe seo, níl aon chinneadh déanta ina thaobh
seo agus níl aon anailís chostais/sochair déanta, ach ba cheart an rogha a
choinneáil. Rogha eile is
ea comhbhainistiú, rogha nach bhfuil in úsáid faoi láthair, ach d'fhéadfaí
foráil a dhéanamh maidir leis amach anseo. Baineann sé sin go háirithe leis na
heagraíochtaí idirnáisiúnta arna n‑ainmniú in Airteagal 7(2):
Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus Comhdháil na Háige um an Dlí
Idirnáisiúnta Príobháideach.
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Áirítear
sa togra oibleagáidí maidir le faireachán agus meastóireacht. Déanfar
faireachán ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa togra;
ar bhonn bliantúil. Ina
theannta sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar
fáil faoi lár 2018 ar a dhéanaí maidir le gnóthú chuspóirí an Chláir, a
éifeachtúil is a bhí úsáid na n‑acmhainní agus an bhreisluach Eorpach.
Cuirfear meastóireacht ex post ar an tionchar a bheidh ann san
fhadtéarma agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir ar fáil tar éis dheireadh
an Chláir.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
Na rioscaí a aithníodh
Níor
bhain rioscaí tábhachtacha earráide d'Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais ina
cláir chaiteachais. Dearbhaítear an méid sin i
dtuarascálacha bliantúla Chúirt na nIniúchóirí áit nach bhfuil aon toradh
suntasach maidir le hearráidí, agus níl ann do ráta earráide iarmharaí os cionn
2 % sna blianta deireanacha i dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta
Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais (agus DG JLS roimhe seo), le heisceacht amháin
i gcás clár Daphne in 2009. Is
iad na príomhrioscaí a sainíodh: -
Riosca maidir le droch‑cháilíocht i dtionscnaimh áirithe agus cur chun
feidhme lochtach an tionscadail ó thaobh na teicneolaíochta de, a laghdódh
tionchar na gclár dá bhrí sin; de dheasca nósanna imeachta roghnúcháin neamh‑leordhóthanacha,
easpa saineolais nó faireacháin neamhleor; -
Riosca maidir le húsáid neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na gcistí a deonaíodh
i gcás deontas (an deacracht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a
aisíoc mar aon leis na deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an
deasc) agus i gcás soláthair (líon teoranta soláthróirí eacnamaíocha uaireanta
a bhfuil an saineolas speisialaithe is gá acu agus ní bhíonn dóthain deiseanna
ann, dá brí sin, tairiscintí praghais a chur i gcomparáid). -
Riosca maidir le cumas na n‑eagraíochtaí níos lú (go háirithe) caiteachas
a rialú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n‑oibríochtaí a
dhéantar a áirithiú. -
Riosca maidir le cáil an Choimisiúin, má nochtar calaois nó gníomhaíochtaí
coiriúla; d'fhéadfaí é sin a
dheimhniú i bpáirt trí chórais rialaithe inmheánaigh na dtríú páirtithe toisc
go bhfuil líon réasúnta ard conraitheoirí agus tairbhithe comhchineálacha ann
agus gach duine acu ag oibriú a gcórais rialaithe féin, ar chóras réasúnta beag
é go minic. Meastar
go dtiocfaidh laghdú ar fhormhór na rioscaí sin má spriocdhírítear na tograí
níos fearr agus má úsáidtear na heilimintí simplithe atá ar áireamh in
athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Cur síos ar an gcóras rialaithe inmheánach Leanann
an córas rialaithe atá beartaithe do chlár na todhchaí leis an gclár rialaithe
atá ann faoi láthair. Tá comhpháirteanna éagsúla i gceist leis: maoirseacht an Aonaid um Bainistíocht Clár ar oibríochtaí, rialú ex
ante (fíorú airgeadais) an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe lárnaigh, an
coiste inmheánach um sholáthar, rialuithe ex-post le haghaidh deontas
agus na hiniúchtaí ón gcumas iniúchóireachta inmheánaí agus/nó ón tSeirbhís
Iniúchóireachta Inmheánaí. Tá
gach idirbheart faoi réir fhíorú ex ante an Aonaid um Bainistíocht Clár
agus faoi réir fhíorú airgeadais an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe (seachas i
gcás réamh‑mhaoinithe ar riosca íseal). Maidir le deontais, déantar
éilimh chostas a fhíorú go cuimsitheach, agus iarrtar doiciméid tacaíochta
nuair is gá, bunaithe ar mheasúnú riosca. Cuirtear aon nós imeachta um soláthar
atá oscailte nó teoranta, agus gach nós imeachta caibidlithe ar luach os cionn
EUR 60 000 faoi bhráid an choiste um sholáthar inmheánach le haghaidh
seiceálacha, sula nglactar an cinneadh maidir le deonú. Cuireann an earnáil rialaithe ex post
"straitéis bhraite" i bhfeidhm atá dírithe ar an méid is mó
aimhrialtachtaí is féidir a bhrath d'fhonn íocaíochtaí neamhdhlite a
aisghabháil. Bunaithe ar an straitéis seo, déantar na hiniúchtaí ar mhéid
samplach de thionscadail a roghnaítear ar bhonn anailíse riosca den chuid is
mó. Costais agus sochair rialuithe Measaimid
go bhfeidhmíonn idir 50 agus 70 % den fhoireann ar fad a bhfuil baint acu
le bainistiú na gclár airgeadais reatha feidhmeanna rialuithe sa chiall leathan
de (ó roghnú na dtairbhithe/na gconraitheoirí go cur chun feidhme thorthaí an
iniúchta). Freagraíonn an méid sin do réimse idir EUR 2.1 milliún (50 % de
chostais acmhainní daonna do 2014 atá leagtha amach i Roinn 3.2.3) agus
EUR 3.2 milliún (70 % de chostais acmhainní daonna do 2020 atá
leagtha amach i Roinn 3.2.3). Ina theannta sin, soláthraíonn seachtrú na n‑iniúchtaí
ex post costais sa réimse idir EUR 75 000 agus
EUR 100 000 in aghaidh na bliana, a maoinítear ó leithreasaí de
chineál tacaíochta riaracháin. Is ionann na costais sin agus idir 6 agus 3% de
bhuiséad iomlán an Chláir, agus tiocfaidh laghdú ar na costais sin thar an
tréimhse seacht mbliana, toisc go dtiocfaidh méadú suntasach ar na leithreasaí
bliantúla idir 2014 agus 2020 ach fanfaidh costais an rialaithe réasúnta
cobhsaí. A
bhuí leis an meascán seo de rialuithe ex ante agus ex post, chomh
maith le seiceálacha deisce agus iniúchtaí ar an láthair, le blianta beaga
anuas bhí an meánráta earráide iarmharaí a bhí inchainníochtúil níos ísle ná
2 %, le heisceacht amháin i gcás chlár Daphne in 2009, nuair a d'ardaigh
an ráta earráide go dtí beagán os cionn 2 %. Tugadh aghaidh air sin an
bhliain ina dhiaidh sin trí na rialuithe ex post a mhéadú ar an láthair.
Rinne na rialuithe sin na hearraidí atá fanta a bhraith agus a cheartú sa
phobal seo. Dá bhrí sin, meastar gur leor an córas rialaithe inmheánaigh mar
aon leis an gcostas a ghabhann leis in Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais chun
cuspóir an ráta íseal earráide a bhaint amach. Mar
sin féin, taobh istigh den chreat seo, leanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an
Cheartais de na deiseanna a fhiosrú chun an bhainistíocht a fheabhsú agus chun
tuilleadh simplithe a dhéanamh. Le laghdú ar líon na gclár, beidh feidhm ag
rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe, agus laghdófar ar an riosca
maidir le hearráid dá bhrí sin. Ina theannta sin, úsáidfear na huirlisí
simplithe a cuireadh ar fáil in athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin
Airgeadais a mhéid is féidir toisc go bhfuiltear ag súil go gcuideoidh siad
leis an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe agus go ndéanfaidh
siad, dá bhrí sin, laghdú ag an am céanna ar na rioscaí maidir le hearráid agus
ar an ualach riaracháin don Choimisiún. Achoimre ar chineál agus ar dhéine na rialuithe
(reatha). Achoimre ar rialuithe || Méid i milliúin EUR || Líon na dtairbhithe/idirbheart (% den iomlán) || Doimhneacht *(measúnú 1-4) || Cumhdach (% den luach) Rialuithe ex ante ar na hidirbhearta airgeadais ar fad || Neamhbhainteach || 100% || 1-4, bunaithe ar riosca agus ar an gcineál idirbhirt || 100% Rialuithe an Choiste um Sholáthar Ceartais maidir le cinntí chun soláthar a dheonú || Neamhbhainteach || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agus de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000 || 4 || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agús de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000 Rialuithe ex post ar íocaíochtaí deireanacha deontas || Neamhbhainteach || 10 % ar a laghad || 4 || Idir 5 agus 10 % *Doimhneacht na
rialuithe: 1. Rialú íosta riaracháin/uimhríochta gan tagairt do
na doiciméid tacaíochta 2. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch lena
dtugtar isteach gné de mhaoirseacht neamhspleách (e.g. teastas iniúchta nó
fíorú eile), gan tagairt do na bundoiciméid. 3. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch atá
neamhspleácha ina hiomláine (e.g. bunachar sonraí a thugann bonn d'eilimintí
áirithe den éileamh, measúnú tríú páirtí nó measúnú an Choimisiúin ar
gharspriocanna a bhaintear amach, etc.) 4. Rialú ag tagairt do rochtain ar an mbundoiciméadú
atá ar fáil ag an gcéim sin den phróiseas atá i gceist, i gcás gach ionchuir
agus aischuir (e.g. bileoga ama, sonraisc, fíorú fisiciúil, etc.); i.e. rialú
den déine céanna i ndáil le tástáil idirbhirt leis an tástáil a rinne Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa mar chuid den ráiteas urrúis.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Tá
bearta éagsúla i bhfeidhm, nó cuirfear bearta éagsúla i bhfeidhm do Chlár um
Cheartas na todhchaí chun calaois agus míréireachtaí a chosc. In Airteagal 12
den togra tá foráil maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a
chosaint. I gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiún, a glacadh i
Meitheamh 2011, tá Ard‑Stiúrthóireacht an Cheartais ag ceapadh straitéis
frithchalaoise a chumhdóidh an timthriall caiteachais ar fad, ag féachaint do
chomhréireacht agus do chostas agus sochar na mbeart atá le cur chun feidhme.
Tá an straitéis seo bunaithe ar dhá cholún: cosc, bunaithe ar sheiceálacha
éifeachtacha, agus freagairt iomchuí, má bhraitear calaois nó míréireachtaí,
i.e. na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb
iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha a chur
i bhfeidhm. Déantar cur síos sa straitéis frithchalaoise ar chóras na
seiceálacha ex ante agus ex post, bunaithe ar chóras bratacha
dearga, agus sonraítear inti na nósanna imeachta atá le déanamh ag an
bhfoireann nuair a bhraitear calaois nó míréireachtaí. Soláthraítear inti
freisin faisnéis maidir leis na socruithe oibre le OLAF.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
·
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3…] || [33 01 04.YY] [an Clár um Cheartas] || [LN...] || TÁ || TÁ || TÁ[27] || NÍL [3…] || [33 YY YY YY] [an Clár um Cheartas] || [LD...] || TÁ || TÁ || TÁ || NÍL || || || || || ||
3.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal 3 – Slándáil agus saoránacht] DG: Ceartas || || || Bliain 2014[28] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid – 33 xx xx || Oibleagáidí || (1) || 45,800 || 52,800 || 59,300 || 66,300 || 73,800 || 80,800 || 84,800 || || 463,600 Íocaíochtaí || (2) || 18,300 || 30,400 || 43,600 || 53,700 || 64,400 || 71,500 || 77,100 || 104,600 || 463,600 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach[29] || || || || || || || || || Uimhir líne buiséid 33 01 04 yy* || || (3) || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || || 8,400 IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG JUSTICE || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 47,000 || 54,000 || 60,500 || 67,500 || 75,000 || 82,000 || 86,000 || || 472,000 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 19,500 || 31,600 || 44,800 || 54,900 || 65,600 || 72,700 || 78,300 || 104,600 || 472,000 Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt)
cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más
gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe. IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 45,800 || 52,800 || 59,300 || 66,300 || 73,800 || 80,800 || 84,800 || || 463,600 Íocaíochtaí || (5) || 18,300 || 30,400 || 43,600 || 53,700 || 64,400 || 71,500 || 77,100 || 104,600 || 463,600 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach || (6) || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || || 8,400 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 47,000 || 54,000 || 60,500 || 67,500 || 75,000 || 82,000 || 86,000 || || 472,000 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 19,500 || 31,600 || 44,800 || 54,900 || 65,600 || 72,700 || 78,300 || 104,600 || 472,000 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN DG: CEARTAS || Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || || 30,150 Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || || 0,402 IOMLÁN DG JUSTICE || Leithreasaí || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 51,239 || 58,302 || 64,721 || 71,811 || 79,403 || 86,493 || 90,583 || || 502,552 Íocaíochtaí || 23,739 || 35,902 || 49,021 || 59,211 || 70,003 || 77,193 || 82,883 || 104,600 || 502,552
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
– ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí – þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar
a mhínítear thíos: Ní féidir le hArd-Stiúrthóireacht an Cheartais liosta
cuimsitheach a sholáthar de na haschuir ar fad atá le seachadadh trí bhíthin na
hidirghabhála airgeadais faoin gclár, den mheánchostas atá orthu agus a líon,
mar a éilítear sa roinn seo. Níl aon uirlisí staitistiúla ann faoi láthair a
bheadh in ann meánchostais a sholáthar ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh
sainmhíniú chomh beacht sin ag teacht salach ar an bprionsabal go soláthródh
clár na todhchaí a dhóthain solúbthachta chun freastal ar thosaíochtaí
polaitiúla idir 2014-2020. Mar sin féin, is é seo a leanas líon
(neamhchuimsitheach) na n‑aschur a bhfuiltear ag súil leo: - Líon na
ndaoine sa spriocghrúpa a ndeachaigh gníomhaíochtaí ardaithe feasachta i
bhfeidhm orthu; - Líon na
gcomhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach atá sa
spriocghrúpa ar cuireadh oiliúint orthu. - Líon na
gcleachtóirí dlí atá ag glacadh páirte, inter alia, i líonrú,
malartuithe, cuairteanna staidéir; - Líon na gcásanna
a mbaineann gné de chomhar trasteorann leo, lena n‑áirítear comhar trí
uirlisí TF agus nósanna imeachta Eorpacha a úsáid. - Tionscnaimh beartais a cheaptar bunaithe ar
mheastóireachtaí, ar mheasúnuithe tionchair agus ag tarraingt ar
chomhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe; - Líon na meastóireachtaí agus na measúnuithe
tionchair a rinneadh mar thoradh ar an gclár a chur chun feidhme. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[30] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[31]... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
– ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin – þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a
mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2014[32] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || 30,150 Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || 0,402 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || 30,552 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[33] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 8,400 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 1,200 || 8,400 IOMLÁN || 5,439 || 5,502 || 5,421 || 5,511 || 5,603 || 5,693 || 5,783 || 38,952 Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt)
cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más
gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe.
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
– ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna – þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid
choibhéiseacha lánaimseartha || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha, in aonaid choibhéiseacha lánaimseartha : FTE) 33 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 30,75 || 30,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[34] 33 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 0,5 || 0,5 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy[35] || - sa Cheanncheathrú[36] || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 31,25 || 31,25 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 Is é 33 an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt
don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le
leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Déanfar méideanna
agus iontrálacha barúlacha a choigeartú ag brath ar thorthaí an phróisis
sheachtraithe atá beartaithe. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Is iad na cúraimí atá le déanamh na cúraimí ar fad is gá chun clár airgeadais a bhainistiú, amhail: - ionchur a sholáthar don nós imeachta buiséadach; - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoinithe a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach; - glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin a eascraíonn astu sin a bhainistiú; - dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, na Ballstáit, etc.); - tionscadail a bhainistiú, ar an leibhéal oibríochtúil agus airgeadais; - rialuithe a dhéanamh, faoi mar a dhéantar cur síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste um sholáthar, iniúchtaí ex post, iniúchadh inmheánach); - cuntasaíocht; - uirlisí TF do bhainistiú deontas a fhorbairt agus a bhainistiú; - faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus tuairisc a thabhairt air, lena n‑áirítear i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht agus i dtuarascálacha AOS Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cúraimí oifigeach agus gníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha
– þ Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. – ¨ Beidh athchlárú
an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an
togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. – ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37] Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
– þ Ní dhéantar
foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe – ¨ Déantar foráil sa
togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam – ¨ Níl tionchar
airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. – þ Tá an tionchar
airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse þ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[38] Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Airteagal 6xxxx…………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. [33
yyyyyy…] Líne ioncaim Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. Ní
heol na hioncaim ag an bpointe seo agus beidh siad ag brath ar rannpháirtíocht
na dtíortha is iarrthóirí ar an gclár. [1] Teachtaireacht maidir le
hAthbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010)700 críochnaitheach an 19.10.2010. [2] Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin, Buiséad do
'Eoraip 2020': an córas
cistiúcháin reatha, na dúshláin a bheidh ann amach anseo, torthaí an
chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus roghanna éagsúla i dtaca leis na
príomhshaincheisteanna cothrománacha agus earnálacha, SEC(2011) 868
críochnaitheach, a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Buiséad do
'Eoraip 2020', COIM(2011), 500 críochnaitheach an 29.6.2011. [3] http://ec.europa.eu/justice/news/consulting_public/news_consulting_0010_en.htm [4] An Clár um Cheartas Sibhialta (JCIV), an Clár um Cheartas Coiriúil
(JPEN), an Clár um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht (FRC), Clár Daphne III
(DAP), an Clár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí (DPIP) agus na codanna
'Frith‑idirdhealú agus Éagsúlacht' agus 'Comhionannas Inscne' den Chlár
um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta (PROGRESS). [5] Tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar na torthaí a gnóthaíodh ó chur
chun feidhme an chláir mhaoiniúcháin 'Ceartas Sibhialta' agus gnéithe
cáilíochtúla agus cainníochtúla chur chun feidhme an chláir, COIM(2011)351
críochnaitheach an 15. 6.2011; Tuarascáil
eatramhach mheastóireachta ar an gClár um Cheartas Coiriúil, COIM(2011)255
críochnaitheach an 11.5.2011; Tuarascáil
ar mheastóireacht eatramhach an Chláir um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht
2007 – 2013, COIM(2011)249 críochnaitheach an 5.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach Chlár Daphne III 2007 – 2013,
COIM(2011)254 críochnaitheach an 11. 5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach an Chláir Shonraigh 'Cosc agus
Faisnéis i leith Drugaí' (DPIP) 2007 – 2013, COIM(2011)246 críochnaitheach an
5.5.2011. [6] Teachtaireacht ón gCoimisiún ón 13.9.2011, COIM(2011)551
críochnaitheach [7] IO C 115, 4.5.2010, lch. 1. [8] COM(2010) 2020 críochnaitheach, 3.3.2010. [9] COIM(2011)500, 29.6.2011. [10] IO L 257, 3.10.2007, lch. 16. [11] IO L 58, 24.2.2007, lch. 13. [12] IO L 257, 3.10.2007, lch. 23. [13] COIM(2010)700, 19.10.2010. [14] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [15] IO L XX, XX, lch. XX. [16] IO
L XX, XX, lch. XX. [17] IO
L XX, XX, lch. XX. [18] IO
L XX, XX, lch. XX. [19] IO L XX, XX, lch. XX. [20] IO L XX, XX, lch. XX. [21] IO
L 292, 15.11.1996, lch. 2. [22] Beidh
roghnú an fhrása chuí don aithris seo sa Rialachán ag brath ar sheasamh iarbhír
na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann arna ghlacadh i gcomhréir le forálacha an
phrótacail (Uimh. 21). [23] ABM: Bainistiú de réir
gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [24] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán
Airgeadais. [25] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don
Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [26] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [27] An Danmhairg b'fhéidir [28] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [29] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [30] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann
maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [31] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..." [32] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [33] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [34] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire");
JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [35] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair
oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [36] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [37] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [38] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina
nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a
bheith bainte astu.