Ce document est extrait du site web EUR-Lex
Document 52011PC0752
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL laying down general provisions on the Asylum and Migration Fund and on the instrument for financial support for police cooperation, preventing and combating crime, and crisis management
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ina leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ina leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime
/* COIM/2011/0752 leagan deireanach - 2011/0367 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ina leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime /* COIM/2011/0752 leagan deireanach - 2011/0367 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
Tá méadú seasta ag teacht ar an tábhacht a
bhaineann le beartais ghnóthaí baile le blianta beaga anuas. Tá na beartais seo
i gcroílár an tionscadail Eorpaigh chun limistéar gan teorainneacha inmheánacha
a chruthú a bhféadfaidh saoránaigh an AE agus náisiúnaigh tríú tíortha dul
isteach, gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua,
caipiteal, eolas agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí
náisiúnta an tsaothair á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á
n‑urramú go hiomlán agus a slándáil deimhnithe. Trí Chlár Stócólm,
daingníodh tábhacht mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile. Ina theannta sin, tá sé ar cheann de na réimsí a ndearnadh
athruithe tábhachtacha orthu faoi Chonradh Liospóin. Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an
Coimisiún le togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile
don tréimhse 2014-2020[1]:
buiséad chun an Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar. I réimse na mbeartas gnóthaí
baile, ina gcuimsítear slándáil, imirce agus bainistiú na dteorainneacha
seachtracha, bheartaigh an Coimisiún struchtúr na n‑ionstraimí
caiteachais a shimpliú trí líon na gclár a laghdú go struchtúr dé-Chiste: Ciste
Tearmainn agus Imirce agus Ciste Slándála Inmheánaí. Sainaithníodh simpliú mar phríomhchuspóir sa
Chumarsáid faoi Athbhreithniú Buiséid an AE[2],
Clár Oibre na Rialála Cliste[3]
agus an chumarsáid réamhráite maidir leis an gcéad chreat airgeadais
ilbhliantúil eile. Tugtar le tuiscint de réir taithí, gur minic sa tréimhse
reatha clárúcháin a bhraitear ar éagsúlacht agus ilroinnt rialacha a rialaíonn
cláir chaiteachais mar rud casta gan gá leis agus deacair a chur i bhfeidhm
agus a rialú. I ngeall air seo bíonn ualach trom riaracháin ar thairbhithe agus
ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freisin, agus is féidir leis seo tionchar
neamhbheartaithe a bheith aige a dhíspreagann rannpháirtíocht, a mhéadaíonn
rátaí earráidí agus a chuireann moill ar chur chun feidhme. Ciallaíonn sé seo
nach réadaítear go hiomlán na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith le cláir an
Aontais. Is cuid de phacáiste ceithre Rialachán é an
Rialachán seo, lena mbunaítear go comhpháirteach an creat do chistiú an Aontais
ar ghnóthaí baile faoin dá Chiste. Leagtar amach sa
Rialachán seo rialacha maidir le clárúchán, le bainistíocht agus le rialú, le
bainistíocht airgeadais, le himréiteach cuntas, le cur i gcrích clár agus le
tuairisciú agus le meastóireacht. Ar an gcaoi sin, leagtar amach ann na
meicníochtaí seachadta de bhrí go sainmhínítear cuspóir agus raon feidhme an dá
Chiste, na hacmhainní agus na modhanna cur chun feidhme ina Rialacháin
shonracha faoi seach. Áiritheofar leis an ionstraim chothrománach seo cur
chuige comhchoiteann i leith chur chun feidhme an dá Chiste agus láimhseáil
aonfhoirmeach tairbhithe maidir leis an tacaíocht uile ón Aontas sa réimse
gnóthaí baile. Tá struchtúr foriomlán
ceithre Rialachán riachtanach i bhfianaise oibleagáidí an Chonartha. I ngeall
ar na rialacha vótála éagsúla atá sa Chomhairle a eascraíonn as an
ngeoiméadracht éagsúil de bhun Phrótacal 19 (maidir le acquis Schengen)
agus Phrótacal 21 (seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann maidir le
limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais), ní féidir ó thaobh an dlí
de aon togra reachtach cuimsitheach amháin a dhréachtú ar mhaithe le Ciste
Slándála Inmheánaí, ainneoin comhchuibheas na gcuspóirí beartais a dtabharfar
aghaidh orthu. Ina theannta sin, breithníodh go raibh sé tábhachtach, i
gcomhréir le cuspóir ginearálta an tsimplithe agus an phríomhshruthaithe, go mbeadh
meicníochtaí seachadta comhionanna ag an dá Chiste (an Ciste Slándála Inmheánaí
agus an Ciste Tearmainn agus Imirce) a mhéad is féidir. Ar deireadh, trí
bhíthin Rialachán cothrománach a thabhairt isteach ina leagtar amach forálacha
comhchoiteanna, laghdaítear líon foriomlán na bhforálacha go mór ná mar a
laghdófaí iad dá mbeadh a macasamhail i ngach gníomh. Ní leagtar amach sa
Rialachán seo ach oibleagáidí airgeadais agus teicniúla agus fágtar na roghanna
ar shainiú cuspóirí beartais, gníomhaíochtaí incháilithe, leithdháilte
acmhainní agus raon feidhme na hidirghabhála maidir le gach réimse sonrach
beartais leis an mbunús dlí faoi seach (i.e. sna Rialacháin Shonracha). Tá sé mar aidhm ag na na
meicníochtaí príomhfhoinse chistiú an Aontais a chumhdach sa réimse gnóthaí
baile. Dá réir sin, dhéanfadh sé ansin na forálacha do-áirithe a ionadú le
leibhéil éagsúla mionsonraí agus castachta atá le fáil faoi láthair i mbunúis
dlí na n‑ionstraimí reatha caiteachais um ghnóthaí baile: na ceithre
ionstraim sa Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce”,
an Ciste um Theorainneacha Seachtracha, an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe, an
Ciste Eorpach chun Náisiúnaigh Tríú Tíortha a Lánpháirtiú, an Ciste Eorpach um
Fhilleadh, agus an dá Chlár Shonracha sa Chlár Ginearálta “An tSlándáil agus
Cosaint na Saoirsí”, ISEC (An Choireacht a Chosc agus a Chomhrac) agus CIPS
(Cosc na Sceimhlitheoireachta agus rioscaí eile a bhaineann leis an tSlándáil,
an Ullmhacht lena nAghaidh, agus a nIarmhairtí a Bhainistiú).
2.
TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA
MEASÚNUITHE TIONCHAIR
I gcomhréir leis an mbéim níos mó a chuirtear
ar an meastóireacht mar ionstraim le bonn a chur faoi cheapadh beartas, tá
torthaí meastóireachta, an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus an
measúnú tionchair mar bhonn leis an togra seo. Cuireadh tús in 2010 leis an obair ullmhúcháin
ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile
agus leanadh ar aghaidh léi sa bhliain 2011. Mar chuid den obair
ullmhúcháin sin, seoladh staidéar meastóireachta/measúnaithe tionchair i mí na
Nollag 2010 le cúnamh ó chonraitheoir seachtrach. Tugadh an staidéar chun
críche i mí Iúil 2011 agus tugadh le chéile ann na torthaí meastóireachta
a bhí ar fáil maidir leis na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus
cuireadh eolas ar fáil le haghaidh na bhfadhbanna, na gcuspóirí agus na
roghanna beartais, lena n‑áirítear an iarmhairt is dócha a bheadh acu, a
ndearnadh iniúchadh orthu sa mheasúnú tionchair. Agus an staidéar seo mar bhonn
aige, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil um measúnú tionchair, faoinar thug an
Bord um Measúnú Tionchair a thuairim ar an 9 Meán Fómhair 2011. Sainíodh fadhbanna sa mheasúnú tionchair seo i
ndáil le raon feidhme agus tosaíochtaí na gclár caiteachais um ghnóthaí baile
reatha ar thaobh amháin agus na fadhbanna maidir le seachadadh cistithe ar an
taobh eile. I ndáil leis na fadhbanna seachadta,
rinneadh imscrúdú sa mheasúnú tionchair ar roghanna i ndáil le bainistíocht
chomhpháirteach, le bainistiú láraithe agus le freagairt thráthúil ar
staideanna éigeandála. ·
I ndáil le bainistíocht chomhpháirteach, baineadh
de thátal as an measúnú tionchair gurb é clár ilbhliantúil agus idirphlé
beartais roimh ré an rogha tosaíochta. Contrártha don
status quo, ina gcomhcheanglaítear cláir bhliantúla laistigh de chreat
ilbhliantúil, laghdófaí an t-ualach oibre riaracháin go suntasach. Cé go
dtairgfeadh aistriú go clárú ilbhliantúil solúbthacht mhéadaithe, ní thabharfaí
aghaidh ar an ngá leanúnach freagairt do chásanna atá ag athrú sna Ballstáit
agus i dtríú tíortha, atá tipiciúil do réimse na ngnóthaí baile. Thabharfadh
clárú ilbhliantúil i gcomhar le hidirphlé beartais rialta, áfach, aghaidh ar an
ngá seo agus cheadófaí cur chuige níos dírithe ar thorthaí. ·
I dtéarmaí seachadadh cistithe a fheabhsú faoi
bhainistiú láraithe, cuireadh an status quo i leataobh toisc nach dtairgtear
ach ionchas beag nó nach dtairgtear ionchas ar bith i leith shimpliú nó laghdú
an ualaigh oibre riaracháin. Diúltaíodh don
ghluaiseacht chuig cur chuige soláthair amháin toisc go ndíchuirfí leis go
hiomlán an fhéidearthacht maidir le gníomhaíochtaí dírithe ar bheartas a chur
chun cinn, comhar trasnáisiúnta a spreagadh agus tacú le sochaí shibhialta trí
dheontais. Is é dul in iontaoibh bainistithe láraithe níos dírithe, nach bhfuil
chomh dian céanna ar acmhainní agus éagsúlaithe an rogha tosaíochta toisc go
meastar go bhfeabhsófar caidreamh le príomhpháirtithe leasmhara leis agus go
mbeidh laghdú foriomlán ar an ualach oibre dá bharr. ·
I ndáil leis an meicníocht práinnfhreagartha,
baineadh de thátal as sa mheasúnú tionchair gur léir nach gcomhlánaítear an gá
d’fhreagairt níos tapa agus níos éifeachtaí ar ghéarchéimeanna i réimsí na
himirce agus na slándála leis an meicníocht reatha. Breithníodh
meicníocht fheabhsaithe sínte chuig réimse níos leithne géarchéimeanna a
bhaineann le himirce agus géarchéimeanna a bhaineann le slándáil araon mar an
rogha tosaíochta. Cuireadh san áireamh sa mheasúnú tionchair
torthaí an chomhairliúcháin phoiblí thiomnaithe ar líne maidir le todhchaí an
chistiúcháin do ghnóthaí baile. Mhair an comhairliúchán ón 5 Eanáir go
dtí an 20 Márta 2011 agus bhí cead ag gach páirtí leasmhar páirt a
ghlacadh ann. Fuarthas 115 freagra san iomlán ó dhaoine aonair agus ó
ionadaithe eagraíochtaí, lena n‑áirítear ocht bpáipéar seasaimh. Ghlac freagróirí ó na Ballstáit uile chomh maith le
freagróirí ó roinnt tríú tíortha páirt sa chomhairliúchán. In Aibreán na bliana 2011
tugadh na príomhpháirtithe leasmhara (na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta,
eagraíochtaí na sochaí sibhialta etc) le chéile ag an gcomhdháil "The
future of EU funding for Home Affairs: A fresh look” (Todhchaí Chistiú an AE do
Ghnóthaí Baile: Breithiúnas úr) chun an cistiú a dhéanfadh an AE amach anseo ar
mhaithe le gnóthaí baile a phlé. Ba ócáid í an chomhdháil freisin chun toradh
an bhreithnithe agus an chomhairliúcháin phoiblí a bhailíochtú. Pléadh todhchaí chistiú an
AE do ghnóthaí baile le páirtithe leasmhara institiúideacha go minic ag ócáidí éagsúla:
lena n‑áirítear, díospóireacht neamhfhoirmiúil lóin le linn na Comhairle
um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an 21 Eanáir 2011, bricfeasta
neamhfhoirmiúil le comhordaitheoirí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ar an 26 Eanáir 2011,
ag éisteacht an Choimisinéara Malmström os comhair Choiste SURE na Parlaiminte
ar an 10 Márta 2011 agus le linn d’Ard‑Stiúrthóir na hArd‑Stiúrthóireachta
Gnóthaí Baile agus do Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um
Ghnóthaí Baile na Parlaiminte a gcuid tuairimí a chur in iúl dá chéile ar an 17 Márta 2011.
Bailíodh comhairle shonrach na saineolaithe freisin trí phlé le saineolaithe na
mBallstát faoi chuimsiú an Chomhchoiste don Chlár Ginearálta ar
Dhlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce. Deimhníodh leis na
comhairliúcháin seo, na comhdhálacha agus le pléite na saineolaithe dá
dtagraítear thuas go bhfuil comhaontú ginearálta i measc na bpríomhpháirtithe
leasmhara maidir leis an ngá atá ann na meicníochtaí soláthair a shimpliú agus
a dhéanamh níos solúbtha, go háirithe le bheith in ann freagairt d’éigeandálaí.
Thacaigh páirtithe leasmhara leis an smaoineamh gur cheart líon na n‑ionstraimí
airgeadais a laghdú go struchtúr dé-Chiste, ar chuntar go dtiocfadh simpliú dá
bharr seo. D’aontaigh siad freisin go raibh gá le meicníocht sholúbtha
phráinnfhreagartha ionas go mbeadh an tAontas in ann freagairt go tapa agus go
héifeachtach do ghéarchéimeanna a bhaineann le himirce agus le slándáil.
Measadh tríd is tríd gurbh í bainistíocht chomhpháirteach ina ndéanfaí athrú
chuig clárú ilbhliantúil faoi chuimsiú shainiú na gcomhspriocanna ar leibhéal
an Aontais an modh bainistíochta iomchuí i gcomhair an chaiteachais uile ar
ghnóthaí baile cé go raibh eagraíochtaí neamhrialtasacha den tuairim gur cheart
leanúint ar aghaidh le cur i ngníomh díreach freisin. Thacaigh páirtithe
leasmhara freisin le ról na ngníomhaireachtaí gnóthaí baile a fheabhsú chun
comhar a chothú agus chun sineirgí a mhéadú.
3.
EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le hAirteagal 3(2)
den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina sonraítear “cuirfidh an tAontas ar fáil
dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha
inmheánacha, ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le
bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus
inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac”. Ag saothrú an tráth céanna
roinnt cuspóirí atá i ndlúthnasc do-scartha gan aon cheann a bheith tánaisteach
agus indíreach i ndáil leis na cinn eile, tá an Rialachán seo bunaithe ar
bhunúis dlí shubstainteacha i dTeideal V den Chonradh i limistéar na saoirse,
na slándála agus an cheartais mar atá in Airteagal 78(2), Airteagal 79(2
agus 4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2). Is
ionann iad agus na bunúis dlí do ghníomhaíocht an Aontais sna réimsí a
bhaineann le tearmann, inimirce, bainistiú sreabha imirce, cóir chothrom ar
náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí dleathach orthu sna Ballstáit, inimirce
mhídhleathach a chosc, daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a
aisdúichiú, gáinneáil ar dhaoine, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cosc
na coireachta, comhrac in aghaidh na coireachta lena n‑áirítear
sceimhlitheoireacht, éilliú, coireacht eagraithe agus comhar póilíneachta. Is ionann iad agus na
bunúis dlí chomhoiriúnacha i bhfianaise sheasamh na Ríochta Aontaithe, na
hÉireann [agus na Danmhairge] maidir leis na réimsí a chumhdaíonn siad, agus cuimsítear leo ar an gcaoi sin vótáil ar an
téacs seo sa Chomhairle. Toisc go bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta
reachtach i leith gach ceann díobh, urramaítear le teaglaim na mbunús dlí na
sainchumais ó Pharlaimint na hEorpa go hiomlán. Tarraingítear aird freisin ar Airteagal 80
den CFAE ina sonraítear go mbeidh beartais áirithe seo an Aontais agus a gcur
chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte
córa freagrachta, lena n‑áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na
Ballstáit. I bhfianaise an nós
imeachta cinnteoireachta thuas, leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin seo
forálacha coiteanna cothrománacha le haghaidh chur chun feidhme an Chiste
Tearmainn agus Imirce agus chomhpháirt amháin den Chiste Slándála Inmheánaí,
mar atá an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta,
coireacht a chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime. I gcás na mbeartas gnóthaí baile sin arna
gcumhdach ag an gCiste Slándála Inmheánaí nach bhfuil a mbunúis dlí
comhoiriúnach leis an méid thuas, ba cheart don Rialachán seo a bheith
infheidhme ar bhonn clásail shonraigh i gceann de na Rialacháin faoi leith, mar
atá an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais le haghaidh teorainneacha
seachtracha agus víosa arna bhunú ar Airteagal 77(2) CFAE, as siocair gurb
é atá i gceist leis na beartais seo forbairt acquis Schengen nach nglacann an
Ríocht Aontaithe ná Éire páirt ann. Dá réir sin, ar chomhghlacadh an Rialacháin
seo agus na Rialachán sonrach eile, beidh forálacha an Rialacháin seo
infheidhme go cothrom maidir le cistiú iomlán an Aontais do ghnóthaí baile. Tríd is tríd, is réimse é an réimse gnóthaí
baile ina bhfuil luach breise soiléir ag baint le heagrú bhuiséad an Aontais. Cosnaítear
gníomhaíocht an Aontais ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 67
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina leagtar amach modh chun
limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú. Gné thábhachtach de chistiú
an Aontais do ghnóthaí baile é cur chun feidhme cúnaimh airgeadais i
gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit trí bhainistíocht chomhpháirteach. Meastar modh an bhainistithe chomhpháirtigh a bheith
iomchuí do gach réimse beartais um ghnóthaí baile agus dá bhrí sin síneadh
chuig réimse na slándála inmheánaí é áit nár úsáideadh é roimhe seo. Coimeádtar
bainistiú láraithe do ghníomhaíochtaí dírithe ar bheartas. Faoi
bhainistíocht chomhpháirteach, áiritheofar leis an aistriú ó chláir bhliantúla
chuig clárúchán ilbhliantúil agus idirphlé beartais roimh ré laistigh de chreat
straitéise arna sainmhíniú ar leibhéal an Aontais go gcomhlánaítear riachtanais
na mBallstát aonair leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais
agus go dtugtar aghaidh ag an am céanna ar thosaíochtaí an Aontais. Leagtar
amach sa togra seo na rialacha ginearálta maidir le clárúchán, tuairisciú,
bainistiú airgeadais, rialuithe agus meastóireachtaí is gá do chur chun feidhme
ceart chistiú an Aontais do ghnóthaí baile ach -nuair is féidir- tugtar
saoirse do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoin conas a chuirfear na rialacha
seo chun feidhme ar leibhéal náisiúnta. Mar shampla, déanfar incháilitheacht
caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, faoi réir líon teoranta
prionsabal coiteann, simplí atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ar
an gcaoi sin, déantar na hidirghabhálacha ar an leibhéal
cuí agus ní dhéantar ról an Aontais a leathnú thar an méid is gá. Faoi mar a tugadh chun suntais
san Athbhreithniú Buiséid, ba cheart buiséad an AE a úsáid chun earraí poiblí
an AE a mhaoiniú chomh maith le gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na
réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás ina bhféadfaí torthaí níos fearr
a fháil.[4]
Áirítear réasúin
mhionsonraithe do ghníomhaíocht an Aontais i ndáil leis na réimsí éagsúla
beartais arna gcumhdach ag an Rialachán seo sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann
leis na Rialacháin Shonracha.
4.
IMPLEACHT BHUISÉADACH
Áiríonn togra an Choimisiúin le haghaidh an
Chreata Airgeadais Ilbhliantúil ionann agus EUR 3,869 milliún le haghaidh
an Chiste Tearmainn agus Imirce agus EUR 4,648 milliún le haghaidh an
Chiste Slándála Inmheánaí (praghsanna reatha).
5.
PRÍOMHEILIMINTÍ
Mar chreat nua ginearálta do chur chun feidhme
chistiú an Aontais i réimse na mbeartas gnóthaí baile, leagtar amach sa
Rialachán seo rialacha ginearálta maidir le maoiniú caiteachais lena n‑áirítear
rialacha maidir le comhpháirtíocht, clárú, tuairisciú, faireachán agus
meastóireacht, ar na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm
ag na Ballstáit agus maidir le himréiteach cuntas: –
Ceapadh na rialacha maidir le comhpháirtíocht,
clárú, faireachán agus meastóireacht ar bhonn na gceachtanna foghlamtha le
ceithre Chiste reatha an Chláir Ghinearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú
Sreabha Imirce”; –
Faigheann na rialacha maidir le córais
bhainistíochta agus rialaithe, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas agus
tuairisciú agus cur i gcrích clár spreagadh ó Chuid II de thogra an Choimisiúin
le haghaidh Rialacháin Fhorálacha coiteanna le haghaidh Cistí arna chumhdach ag
an gComhchreat Straitéiseach (“ar a dtabharfar Rialacháin Chistí CCS ina
dhiaidh seo”)[5]
agus togra an Choimisiúin le haghaidh Rialacháin maidir leis an gcomhbheartas
talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air[6], agus ag áirithiú ag an am
céanna, nuair is áisiúil, leanúnachais leis na rialacha atá curtha i bhfeidhm
ar na cheithre Chiste reatha. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo freisin na
dálaí a leagan síos do na nithe seo a leanas: (1)
cistiúchán níos dírithe ar bheartas agus ar
thorthaí, lena n‑áirítear trí chlárú straitéiseach treisithe; (2)
simpliú suntasach ar na meicníochtaí seachadta i
gcomparáid leis an gcás reatha; (3)
níos mó solúbthachta i
mbainistiú airgeadais agus sa chur chun feidhme, i bhfianaise an ghá a bheith
in ann aghaidh a thabhairt ar dhálaí nua agus ar dhálaí gan choinne a
tharlaíonn go minic sa réimse gnóthaí baile; (4)
creat breisithe faireacháin agus meastóireachta,
lena n‑áiritheofar cuntasacht, trédhearcacht agus machnamh feasach ar
thacaíocht sa todhchaí sa réimse gnóthaí baile.
5.1.
Clár oibre dírithe ar bheartas agus ar thorthaí
Maidir
le bainistíocht chomhpháirteach ·
Ag tús an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil
eile, beidh idirphlé aonair, uileghabhálach beartais ar ghnóthaí baile le gach
Ballstát ar a n‑úsáid de na Cistí, i.e. an chaoi a gcuirfidh gach
Ballstát aonair le baint amach na gcuspóirí i limistéar na saoirse, na slándála
agus an cheartais ag baint leasa as buiséad an Aontais. Déanfar cumarsáid ón gCoimisiún roimh an idirphlé seo ar na hionchais
fhoriomlána agus ar an gcreat don idirphlé. Cuirfear i láthair sa Chumarsáid
seo rúin an Choimisiúin le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus an creat le
haghaidh a gcur chun feidhme (e.g. modhanna éagsúla bainistíochta a úsáidfear).
·
Agus toradh an idirphlé beartais á chur san
áireamh, déanfar cur síos sna cláir atá comhaontaithe idir an Coimisiún agus na
Ballstáit ar an gcás bonnlíne agus leagfar amach na cuspóirí atá le baint amach
ag na Ballstáit sa réimse beartais agus na cuspóirí maidir le cistiú an
Aontais. Sainaithneofar spriocanna agus samplaí de
ghníomhaíochtaí in aghaidh an chuspóra sa chlár náisiúnta. Ina theannta sin,
cuirfear in iúl i bplean airgeadais seacht mbliana an chaoi a bhfuil na
hacmhainní leithdháilte le tiomnú agus le caitheamh, laistigh de na
teorainneacha atá ar fáil. I gcás gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i
dtríú tíortha agus maidir leo, níor cheart go mbeadh gníomhaíochtaí den chineál
sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart go lorgófaí san idirphlé
beartais comhchuibheas iomlán leis na prionsabail agus le cuspóirí ginearálta
ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an
tír nó leis an réigiún atá i gceist. ·
Cé go ndéanfar gach iarracht lena áirithiú go
nglacfar leis na cláir náisiúnta sa bhliain 2014, níl sé as an áireamh
nach nglacfar le cuid de na cláir go dtí an bhliain 2015. Ionas nach
gcaillfear na leithreasaí gaolmhara faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh na
bliana 2014, leasóidh an Coimisiún dá bhrí sin a thogra le haghaidh Rialacháin
ón gComhairle ina leagfar síos an creat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh na
mblianta 2014-2020 [COIM(2011) 398 an 29.06.2011] ionas go gcuirfear
forálacha Airteagal 7 den Rialachán sin i mbaint le cláir atá curtha chun
feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach faoi Chistí Tearmainn agus Imirce
agus Slándála Inmheánaí. ·
Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú go bliantúil ar
bhainistiú airgeadais agus ar na torthaí arna mbaint amach faoi na cláir. ·
Déanfar athbhreithniú meántéarma chun an cás i
ngach Ballstát a athscrúdú sa bhliain 2017. Ag
an tráth sin, féadfar acmhainní nua a leithdháileadh don tréimhse 2018-2020. Maidir le bainistiú díreach agus indíreach ·
Déanfar na cuspóirí atá le baint amach faoi na
cláir náisiúnta a chomhlánú le “gníomhaíochtaí an Aontais” i dteannta le
meicníocht mhearfhreagartha chun déileáil le staideanna éigeandála. Tacóidh gníomhaíochtaí an Aontais le cur chun feidhme
bheartais an Aontais trí dheontais agus trí sholáthar. Áireofar leo seo
gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha mar a chuirtear in
iúl sa Chumarsáid ar an gCreat Ilbhliantúil Airgeadais.[7]. Ní bheidh
gníomhaíochtaí den sórt sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus déanfaidh siad
comhlánú, mar is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí
ionstraimí cabhrach seachtraí an AE, atá fós ar an bpríomhfhoinse maoinithe le
cabhrú le tríú tíortha a gcumas ábhartha a fhorbairt. Agus tacaíocht den sórt
sin á cur chun feidhme, déanfar iarracht teacht ar chomhchuibheas iomlán le
prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas
eachtrach an AE a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist.
Déanfar comhlántacht a áirithiú trí chomhordú feabhsaithe leis an tSeirbhís
Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin. ·
Féadfar go ndéanfaidh gníomhaireachtaí an
Aontais gníomhaíochtaí an Aontais agus beartais chúnaimh éigeandála sa réimse
gnóthaí baile (CEPOL, Europol, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí
Tearmainn, Frontex agus an Ghníomhaireacht TF), nuair a bheidh sé seo chun
leasa an Aontais, nuair is gníomhaíochtaí ad hoc iad agus nuair a bheidh a gcur
chun feidhme sásúil ag brath ar shaineolas oibríochta agus teicniúil na
Gníomhaireachta lena mbaineann. Cuirfear
gníomhaíochtaí den sórt sin i bhfeidhm laistigh de chreat a gcuid misean, de
réir a mbonn dlíthiúil, i gcomhlántacht lena gcláir oibre agus gan dochar do na
laghdaithe foriomlána foirne a mheastar a bheidh ann. ·
Bainfear leas as cúnamh teicniúil ar
thionscnamh ón gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit agus le tairbhithe, chun
foghlaim fhrithpháirteach a spreagadh agus chun cumarsáid (lena n‑áirítear
cumarsáid chorparáideach nuair is iomchuí) agus meastóireacht a fheabhsú. Tacófar leis na leithreasaí seo freisin le bearta iomchuí
rialaithe san Aontas agus i dtríú tíortha a bhaineann le gníomhaíochtaí arna
gcistiú agus reáchtálfar leo an córas TF arna úsáid don chumarsáid idir na
Ballstáit agus an Coimisiún faoi bhainistiú comhpháirteach.
5.2.
Simpliú meicníochtaí seachadta
Maidir le bainistíocht chomhpháirteach ·
Ceanglófar ar gach Ballstát clár aonair náisiúnta a
bheith acu in aghaidh an Chiste, agus ar an gcaoi sin tabharfar le chéile
réimsí éagsúla beartais, a mbeidh tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do bheartas
comhtháite imirce faoi seach mar thoradh air, lena n‑áirítear
lánpháirtiú, tearmann agus filleadh maidir leis an gCiste Tearmainn agus
Imirce, agus straitéis chuimsitheach inmheánach slándála , lena n‑áirítear comhar
póilíneachta, slándáil teorann, comhrac na coireachta tromchúisí trasteorann,
calaois doiciméad, etc. maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí. ·
Léirítear sa chreat nua mórshimpliú agus laghdú ar
an ualach riaracháin i gcomparáid leis na ceithre Chiste reatha, a oibríonn le
straitéis ilbhliantúil agus le cláir bhliantúla. Beidh an t-uasmhéid clár
ionann le 26 don AMF (cé is moite den Danmhairg, i gcás go nglacfadh an Ríocht
Aontaithe agus Éire leis) agus 27 don ISF (gach Ballstát). Ina theannta sin, glacfaidh na Stáit a bhaineann le
Schengen páirt san ISF maidir leis na teorainneacha seachtracha agus víosa agus
na codanna a bhaineann le comhar póilíneachta. ·
Táthar ag súil le líon íseal athbhreithnithe ar
chláir náisiúnta: díreofar cláir ar chuspóirí agus ar spriocanna seachas ar na
gníomhaíochtaí a shainaithint go huileghabhálach. Is
é an cuspóir, a mhéad is féidir, agus cé is moite de dhálaí nua nó gan choinne,
gur cheart go mbeadh, in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh an Chiste,
cinneadh amháin chun clár ilbhliantúil a fhormheas agus, más gá, cinneadh
amháin chun an clár a athbhreithniú i gcomhthéacs an athbhreithnithe
mheántéarma. ·
Mar atá faoi Chistí CCS, ba cheart prionsabal na
comhpháirtíochta a chur chun feidhme trí choiste faireacháin. ·
Bunóidh gach Ballstát córas bainistíochta agus
rialaithe aonair in aghaidh an Chiste, agus an fhéidearthacht córas amháin a
bheith ann leis an dá Chiste a chumhdach. Chun
sainghnéithe institiúideacha náisiúnta a chur san áireamh, féadfaidh na
Ballstáit údaráis tharmligthe a chruthú, ar féidir leis na húdaráis fhreagracha
cúraimí sonracha (clárú agus cur chun feidhme) a tharmligean chucu. ·
Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar
bhonn rialacha náisiúnta, faoi réir líon teoranta prionsabal coiteann agus
simplí. Ba cheart go gcuimseofaí sa chur chuige seo simpliú tábhachtach i
mbainistiú tionscadail ar leibhéal na dtairbhithe. De
bharr na roghanna simplithe costas amhail bunrátaí agus cnapshuimeanna is
féidir le Ballstáit bainistíocht dírithe ar fheidhmíocht a thabhairt isteach ar
leibhéal na dtairbhithe. Maidir le bainistiú díreach agus indíreach ·
Beidh cúnamh airgeadais ar fáil i gcás staideanna
éigeandála, mar atá sainmhínithe sna forálacha ábhartha de na Rialacháin
shonracha. Is é an Coimisiún a sheolfaidh an
mheicníocht, i ndiaidh tionscnaimh ó na Ballstáit, ó Choiste Airteagal 71
(COSI) arna ionadú ag Uachtaránacht an Aontais faoi seach nó ó pháirtithe
leasmhara eile amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta (Ard‑Choimisinéir na
Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um
Imirce, etc) agus gníomhaireachtaí an Aontais i gcúrsaí gnóthaí baile. ·
Bainfear leas as gach modh féideartha chun ilroinnt
a sheachaint trí acmhainní a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí an Aontais a
bhaint amach agus úsáid a bhaint as saineolas na bpríomhpháirtithe leasmhara,
nuair is iomchuí, ar bhonn comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe
réimse. ·
I gcás na tacaíochta airgeadais d’fhorbairt na
gcóras nua TF (“an pacáiste teorainneacha cliste”), cuirfear creat ilbhliantúil
in ionad na gcinntí reatha bliantúla airgeadais a chuireann ar chumas an
Choimisiúin na codanna lárnacha a fhorbairt.
5.3.
Solúbthacht
Maidir
le bainistíocht chomhpháirteach ·
Braithfidh tionchar an athbhreithnithe mheántéarma
ar an gcás sna Ballstáit. D’iarrfaí ar Bhallstáit a
mheastar rioscaí breise a bheith acu nó a fhaigheann acmhainní breise chun
tosaíochtaí sonracha an Aontais a chur chun feidhme na suimeanna ina bplean
airgeadais a athbhreithniú agus nuair is iomchuí gnéithe a chur lena gclár. ·
Is cuid lárnach den Chomhaontú Idirinstitiúideach
ar Smacht Buiséadach í solúbthacht airgeadais agus de thogra an Choimisiúin le
haghaidh an Rialacháin ar CAI 2014-2020. Léirítear freisin sa togra le haghaidh
athbhreithnithe ar an Rialachán Airgeadais agus le haghaidh a rialacha chur
chun feidhme. Cuirfear chun feidhme é dá bhrí sin go háirithe tríd na
meicníochtaí áirithe arna soláthar ag na tograí seo, agus aird á thabhairt mar
phasanna lárnacha d’fhonn a gcur chun feidhme an clárú ilbhliantúil airgeadais
agus a nuashonrú bliantúil, an leithdháileadh bliantúil airgeadais agus cur i
bhfeidhm bliantúil an bhuiséid. ·
Leagtar síos sna Rialacháin shonracha na méideanna
a leithdháilfear ar an gclár náisiúnta, ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus ar
ghníomhaíochtaí eile. Mar sin féin, i bpacáiste
iomlán an Rialacháin seo agus sna Rialacháin shonracha, foráiltear go
bhféadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, suimeanna áirithe
a athrú d’fhonn úsáid optamach bhuiséad an Aontais a áirithiú. Maidir
le bainistiú díreach agus indíreach ·
Meastar leithreasaí bliantúla do ghníomhaíochtaí an
Aontais, cúnamh éigeandála agus, faoi réir uasteorainneacha, an cúnamh
teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, mar “chlúdach” amháin agus, dá bhrí
sin, tá an uas‑solúbthacht is fearr ann chun cinneadh a dhéanamh ó
bhliain airgeadais amháin go bliain eile faoin áit a leithdháilfear na
hacmhainní, ag brath ar na riachtanais shonracha. ·
Sainmhínítear gníomhaíochtaí an Aontais go leathan
d’fhonn na huirlisí riachtanacha uile a thabhairt don Choimisiún chun a
chúraimí reachtóireachta agus comhordaithe beartais a chomhlíonadh. –
Dírítear iontu ar ghnéithe trasnáisiúnta (comhar,
anailís chomparáideacha, gréasáin), a dteastaíonn gníomhaíochtaí
comhbheartaithe thar na Ballstáit uile uathu agus a thacaíonn go gníomhach le
gníomhaíochtaí comhchoiteanna agus treisithe go frithpháirteach agus
gníomhaithe eile ina gcomhdhlúthaítear comhar an Aontais agus ina gcruthaítear
foghlaim fhrithpháirteach agus nuálaíocht. –
Ceadaítear leo gníomhaíochtaí freisin nach
gníomhaíochtaí trasnáisiúnta iad ach a bhfuil leas faoi leith acu don fhorbairt
beartais sna réimsí sin don Aontas ina iomlán. –
Féadfar gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir
le tríú tíortha a chumhdach leo. –
Foráiltear go gcuirfear na rialacháin shonracha seo
i bhfeidhm maidir le gach beartas agus gach cuspóir arna thacú ag na Cistí agus
fiú gnéithe airgeadais a bhaineann le beartas in oibriú na gCistí. I gcás ghné teorainneacha agus víosaí an Chiste Inmheánaí
Slándála, d’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis seo cur chun feidhme
mheicníocht mheastóireachta agus faireacháin Schengen. ·
Dá réir sin, foráiltear leis na Rialacháin
shonracha freisin tacaíocht d’fhorbairt ghréasáin na sochaí sibhialta agus
ghréasán trasnáisiúnta (don Chiste Tearmainn agus Imirce go háirithe) agus
taighde a thástáil agus a bhailíochtú, e.g. tionscadail taighde fheidhmigh chun
an bhearna idir Clár Horizon 2020 agus úsáid oibríochta a dhúnadh (i gcás an
Chiste Slándála Inmheánaí go háirithe).
5.4.
Creat comhtháite agus éifeachtach tuairiscithe,
faireacháin agus meastóireachta
Maidir
le bainistíocht chomhpháirteach ·
Ar bhonn bliantúil, déanfaidh na Ballstáit
tuairisciú ar chur chun feidhme an chláir ilbhliantúil, mar chuid lárnach
d’fheidhm imréiteach na gcuntas. Chun cur leis an
bpróiseas athbhreithnithe meántéarma, iarrfar orthu in 2017 faisnéis bhreise a
chur ar fáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le baint amach na gcuspóirí.
Tabharfar faoi fheidhm chomhchosúil in 2019 chun coigeartuithe a dhéanamh le
linn na bliana airgeadais deireanaí (2020) nuair is iomchuí sin. ·
Ag tacú le forbairt cultúir bunaithe ar
mheastóireacht i réimse na ngnóthaí baile, beidh creat coiteann meastóireachta
agus faireacháin ag na Cistí ag a mbeidh táscairí leathana a bhaineann le
beartas ina leagtar béim ar an gcur chuige dírithe ar thoradh sna Cistí agus ar
an ról fíor-riachtanach a d’fhéadfadh a bheith acu sa mheascán beartais chun na
cuspóirí do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhaint amach. Baineann na táscairí seo leis an tionchar a d’fhéadfadh a
bheith ag na Cistí: forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair
póilíneachta agus na bainistíochta géarchéime; bainistiú éifeachtach ar
shreabha imirce chuig an Aontas; cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú
tír; dlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar
shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí agus cur chuige coitianta san
Aontais ar an imirce agus ar an tslándáil araon maidir le tríú tíortha. ·
D’fhonn cur i bhfeidhm leormhaith na bprionsabal ar
mheastóireacht a áirithiú, agus aird á tabhairt ar an taithí phraiticiúil ar
mheastóireacht sna Ballstáit faoi chistiú reatha an Aontais ar ghnóthaí baile,
oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun an creat coiteann
meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt trí bhearta cur chun feidhme, inter
alia trí theimpléid agus táscairí aschuir agus toraidh coiteanna a shainmhíniú.
·
Bunófar gach beart ag tús na tréimhse clárúcháin,
agus ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas na mBallstát a gcórais tuairiscithe
agus mheastóireachta a bhunú ar bhonn na gceanglas agus na bprionsabal
comhaontaithe. ·
D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú agus d’fhonn
sineirgí idir tuairisciú agus meastóireacht a áirithiú, cuirfidh an fhaisnéis a
theastaíonn do thuarascálacha meastóireachta leis an bhfaisnéis a chuireann na
Ballstáit ar fáil sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, agus
cuirfidh sí i gcrích í. ·
Tá an tuarascáil mheastóireachta eatramhaí dlite sa
bhliain 2018 agus ba cheart go ndéanfadh sé tuilleadh forbartha ar an
smaoineamh maidir leis an tréimhse chlárúcháin ina dhiaidh sin. 2011/0367 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE ina leagtar síos na forálacha ginearálta
maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le
haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc
agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2), Airteagal 79(4),
Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[8],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an mhéid seo a leanas: (1)
Is é beartas gnóthaí baile an Aontais Eorpaigh
limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú: limistéar gan
teorainneacha inmheánacha inar féidir le daoine dul isteach ann, a bheith ag
cúrsaíocht, ag maireachtáil agus ag obair ann, iad muiníneach go bhfuil a
gcearta á n‑urramú go hiomlán agus go bhfuil a slándáil áirithithe, agus
aird á tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna amhail beartas cuimsitheach
inimirce an Aontais a fhorbairt chun iomaíochas agus comhtháthú sóisialta an
Aontais a bhreisiú, Comhchóras Tearmainn Eorpach a chruthú, agus bagairtí na
coireachta eagraithe agus tromchúisí, na cibearchoireachta agus na
sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. (2)
Ba cheart gurb ionann cistiú an Aontais chun tacú
le forbairt an limistéir seo agus comhartha inbhraite na dlúthpháirtíochta agus
na comhroinnte freagrachta nach féidir déanamh dá uireasa agus freagairt á
tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna. (3)
Leis an gcreat coiteann, ba cheart go n‑áiritheofaí
an comhchuibheas, an simpliú agus an cur chun feidhme aonfhoirmeach den chistiú
sin atá riachtanach thar na réimsí beartais lena mbaineann. (4)
Ba cheart go leagfaí síos i gcreat coiteann
prionsabail an chúnaimh agus go sainaithneofaí freagrachtaí na mBallstát agus
an Choimisiúin ó thaobh cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a áirithiú. (5)
Bheadh cistiú seo an Aontais níos éifeachtaí agus
níos dírithe dá mbunófaí cómhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe ar
chlárúchán ilbhliantúil straitéiseach, arna dhréachtú ag gach Ballstát trí
idirphlé leis an gCoimisiún. (6)
Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le
tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ó na Rialacháin shonracha seo a ghlacadh ar
bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den
Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach
agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á
gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas
iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach
agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún
atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá
dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair
is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach
seachtraí. Déanfar comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a áirithiú, go
háirithe maidir le cur chun feidhme an chúnaimh éigeandála. (7)
Ba cheart go mbeadh gníomhaíocht sheachtrach
comhsheasmhach agus comhtháite mar atá leagtha amach in Airteagal 18(4)
den CAE. (8)
Roimh ullmhú na gclár ilbhliantúil mar mhodh chun
cuspóirí chistiú seo an Aontais a bhaint amach, ba cheart go nglacfadh na
Ballstáit agus an Coimisiún páirt in idirphlé beartais agus dá bhrí sin bunófar
straitéis chomhtháite maidir le gach Ballstát ar leith. (9)
Ba cheart go mbeadh an straitéis faoi réir
athbhreithnithe mheántéarma, d’fhonn cistiú iomchuí a áirithiú sa tréimhse
2018-2020. (10)
Ba cheart do na Ballstáit comhpháirtíocht a bhunú
leis na húdaráis agus leis na comhlachtaí lena mbaineann chun a gcláir
náisiúnta a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu,
ar feadh na tréimhse ilbhliantúla iomláine. Ba cheart
do na Ballstáit coistí faireacháin a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar na
cláir náisiúnta agus cabhrú leo athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chun
feidhme agus ar an dul chun cinn i mbaint amach na gcuspóirí. (11)
Ba cheart incháilitheacht caiteachais faoi na cláir
náisiúnta a chinneadh trí bhíthin dlí náisiúnta, faoi réir prionsabal coiteann.
Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a
bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainmhíniú chun foráil a
dhéanamh maidir le rialacha aonfhoirmeacha agus cothroma is infheidhme maidir
leis na cláir náisiúnta. (12)
Ba cheart do chúnamh teicniúil cur ar chumas na
mBallstát tacú le cur chun feidhme a gclár náisiúnta agus cabhrú le tairbhithe
i gcomhlíonadh a n‑oibleagáidí agus dhlí an Aontais. (13)
D’fhonn creat iomchuí a áirithiú le cúnamh
éigeandála gasta a sholáthar, ba cheart go gceadófaí de réir an Rialacháin seo
tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí ar tabhaíodh caiteachas a bhaineann leo
sula ndearnadh iarratas ar chúnamh den sórt sin, de réir na forála sa Rialachán
Airgeadais[10]
ina gceadaítear solúbthacht den sórt sin i gcásanna eisceachtúla
cuí-réasúnaithe. (14)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a
chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh na timthrialla caiteachais, lena
n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a
cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis. (15)
Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a
ghlacadh d’fhonn feidhmiú cuí an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus an
cháilíocht cur chun feidhme a áirithiú. Chuige sin, is gá na prionsabail
ghinearálta agus na feidhmeanna riachtanacha a bhunú ar cheart do na córais seo
a chomhlíonadh. (16)
Ba cheart na hoibleagáidí ar na Ballstáit maidir le
córais bhainistíochta agus rialaithe, cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí
dhlí an Aontais agus sáruithe air a shonrú d’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil
agus cuí a gclár náisiúnta a ráthú. (17)
I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na
comhréireachta, ba cheart go mbeadh na Ballstáit freagrach go príomhúil, trína
gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na gclár
náisiúnta. (18)
Is iad údaráis fhreagracha arna gcreidiúnú ag na
Ballstáit amháin a thugann urrús réasúnach go bhfuil na rialuithe is gá curtha
i gcrích sula ndeonaítear tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do thairbhithe. Ba cheart a leagan síos go sainráite mar sin nach féidir
ach caiteachas arna dhéanamh ag údaráis fhreagracha creidiúnaithe a aisíoc ó
bhuiséad an Aontais. (19)
Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an
Choimisiúin a bheith leagtha síos chun feidhmiú éifeachtach na gcóras
bainistíochta agus rialaithe a dheimhniú, agus chun gníomhaíocht na mBallstát a
cheangal. (20)
Ba cheart gealltanais bhuiséid an Aontais a chur i
bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistíocht
éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le
hiarrataí ar iarmhéid bliantúil agus maidir leis an iarmhéid deiridh a íoc. (21)
Áirithíonn an íocaíocht réamh‑mhaoinithe
ag tús na gclár go bhfuil an Ballstát in acmhainn tacaíocht a thabhairt do
thairbhithe maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a gceadaítear an
clár. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh‑mhaoinithe
tosaigh. Ba cheart don réamh‑mhaoiniú tosaigh a bheith imréitithe go
hiomlán tráth a gcuirtear an clár i gcrích. (22)
Athbhreithniú tríbhliantúil den Rialachán
Airgeadais[11]
tugtar isteach athruithe ar na prionsabail um bainistíocht chomhpháirteach is
gá a chur san áireamh. (23)
D’fhonn cuntasacht i leith caiteachais arna
chómhaoiniú ag buiséad an Aontais i mbliain ar leith a neartú, ba cheart creat
iomchuí a chruthú le haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoin gcreat seo, ba cheart don Údarás Freagrach a chur
faoi bhráid an Choimisiúin, maidir le clár náisiúnta, dearbhú bainistíochta a
mbeidh na cuntais bhliantúla, tuarascáil achoimre agus tuairim iniúchóra
neamhspleách agus tuarascáil ar rialú ag gabháil leis. (24)
D’fhonn tacú leis an urrús is bun le himréiteach
bliantúil na gcuntas ar fud an Aontais, ba cheart go leagfaí síos forálacha
coiteanna maidir le cineál agus le leibhéal na seiceálacha atá le déanamh ag na
Ballstáit. (25)
D'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais acmhainní an
Aontais a áirithiú, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Choimisiún
ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht
dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, is tábhachtach na dálaí faoina
bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh, de dheasca sáruithe
ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta is infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag na ceartuithe airgeadais a
d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le cosaint leasanna
airgeadais an Aontais, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint
dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta le
hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na ngníomhaíochtaí
agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. D’fhonn
comhréireacht a áirithiú, is tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún nádúr agus
tromaíocht an tsáraithe a mheas le linn nó méid an cheartaithe airgeadais a
chinneadh. I dtaca leis seo de, is iomchuí na critéir
a leagan amach maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún a chur i
bhfeidhm agus an nós imeachta a bhféadfaidh cinneadh ar an gceartú airgeadais
mar thoradh air. (26)
Chun an caidreamh airgeadais idir na hÚdaráis
Fhreagracha agus buiséad an Aontais a bhunú, ba cheart don Choimisiún cuntais
na n‑údarás sin a imréiteach gach bliain. Ba
cheart don chinneadh maidir le himréiteach na gcuntas iomláine, cruinneas agus
fírinneacht na gcuntas a chumhdach ach gan comhréireacht an chaiteachais le
reachtaíocht an Aontais a chumhdach. (27)
Ba cheart don Choimisiún, atá freagrach as cur i
bhfeidhm cuí dhlí an Aontais faoi Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann an caiteachas arna thabhú ag na
Ballstáit reachtaíocht an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag na
Ballstáit bonn údair a thabhairt lena gcinntí íocaíochtaí a dhéanamh. Chun urrúis dlí agus airgeadais a thabhairt do na Ballstáit
maidir le caiteachas arna dhéanamh san am atá thart, ba cheart don Choimisiún
uastréimhse a shocrú lena gcinnfear na hiarmhairtí airgeadais ba cheart a
thiocfadh as neamh‑chomhlíonadh. (28)
D’fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí
na socruithe do shaoradh d’aon chuid den ghealltanas buiséadach i gclár
náisiúnta a shainmhíniú, go háirithe nuair a d’fhéadfaí suim a eisiamh ón
saoradh, go sonrach nuair a bhíonn moill ar an gcur chun feidhme mar thoradh ar
imeacht dhlíthiúil nó achomharc riaracháin a mbíonn tionchar fionraitheach acu
nó ar chúiseanna force majeur. (29)
Lena áirithiú go gcuirfear na
rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a
thabhairt sna rialacha a bhunaítear faoin tslí ina leagtar síos na spriocdhátaí
don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna faoi seach. (30)
Tá sé tábhachtach éachtaí chistiú an Aontais a chur
ar a súile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag
saoránaigh fios a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an
Aontais a chaitheamh. Ba cheart go mbeadh freagracht ar na hÚdaráis Fhreagracha
agus ar na tairbhithe araon as a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis chuí in iúl
don phobal. D’fhonn éifeachtúlacht níos mó a áirithiú
i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sinéirgí níos láidre a
chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an
Choimisiúin, rannchuideoidh an buiséad a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí
cumarsáide faoi chistiú seo an Aontais freisin chun cumarsáid chorparáideach
thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chuimsiú ar an gcoinníoll go
bhfuil siad bainteach le cuspóirí ginearálta an chistiúcháin seo ón Aontas. (31)
D'fhonn scaipeadh forleathan faisnéise maidir le
cistiú an Aontais a áirithiú agus d’fhonn tairbhithe féideartha a chur ar an
eolas faoi dheiseanna cistiúcháin, ba cheart rialacha mionsonraithe faoi
bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon le saintréithe teicniúla áirithe na
mbeart sin, a shainmhíniú ar bhonn an Rialacháin seo agus ba cheart do gach
Ballstát suíomh Gréasáin nó tairseach Gréasáin a bhunú ar a bhfuil an fhaisnéis
riachtanach ar fáil. (32)
Braitheann éifeachtacht na ngníomhaíochtaí tacaithe
ar a meastóireacht agus ar scaipeadh a dtorthaí freisin. Ba cheart freagrachtaí
na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis seo, agus socruithe d’fhonn
iontaofacht na meastóireachta agus cáilíocht na faisnéise lena mbaineann a
áirithiú, a chur ar bhonn foirmiúil. (33)
Chun forálacha an Rialacháin seo ar na prionsabail
choiteanna maidir le hincháilitheacht caiteachais a leasú, ba cheart an
chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i
mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha
tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid
ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (34)
D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha
aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart dó
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme
ag an gCoimisiún.[12]. (35)
Ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta
scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos
oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar
don Choimisiún, agus ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta comhairleach
chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na foirmeacha
eiseamláire chun faisnéis a sholáthar don Choimisiún, mar gheall ar iad a
bheith chomh teicniúil sin. (36)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo, eadhon forálacha ginearálta a leagan síos, a ghnóthú go
leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a bhaint amach dá réir sin ar
leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin,
ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a chur i
gcrích. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den
Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i
gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an
Chomhphobail Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní
bheidh na Ballstáit seo rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní
bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm.
[NÓ] [I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na
Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an
Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, thug an
Ríocht Aontaithe agus Éire fógra gur mian leo a bheith rannpháirteach i
nglacadh agus i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.] (37)
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2
den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh
ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní
bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh
sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm; TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1 Cuspóir agus raon feidhme Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha
ginearálta le haghaidh chur chun feidhme na Rialachán Sonrach maidir leis na
nithe seo a leanas: (a)
maoiniú caiteachais; (b)
comhpháirtíocht, clárúchán, tuairisciú, faireachán
agus meastóireacht; (c)
na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur
i bhfeidhm ag na Ballstáit; (d)
imréiteach na gcuntas. Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (a)
Ciallaíonn “Rialacháin Shonracha” –
Rialachán ../2012/AE [lena mbunaítear an Ciste
Tearmainn agus Imirce don tréimhse 2014-2020]; –
Rialachán…/2012/AE [lena mbunaítear, mar chuid den
Chiste Slándála Inmheánaí, ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do
chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh
bainistíochta géarchéime; agus –
Aon Rialachán eile lena bhforáiltear do chur chun
feidhme an Rialacháin seo. (b)
ciallaíonn “clárúchán” an próiseas maidir le
heagrú, cinneadh a ghlacadh agus maoiniú de réir céimeanna éagsúla a bhfuil sé
d’aidhm acu comhghníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme,
ar bhonn ilbhliantúil, chun cuspóirí na Rialachán Sonrach a bhaint amach; (c)
ciallaíonn “gníomhaíocht” tionscadal nó grúpa
tionscadal arna roghnú ag Údarás Freagrach an chláir náisiúnta lena mbaineann,
nó faoina chúram, lena gcuirtear le cuspóirí ginearálta agus sonracha arna
saothrú leis na Rialacháin Shonracha; (d)
ciallaíonn “gníomhaíocht an Aontais” gníomhaíocht
thrasnáisiúnta nó gníomhaíocht a bhfuil leas áirithe aici don Aontas mar atá
sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha; (e)
ciallaíonn “tionscadal” na modhanna sonracha,
praiticiúla a mbaintear úsáid astu chun gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht
tairbhí ranníocaíochta an Aontais a chur chun feidhme; (f)
ciallaíonn “cúnamh éigeandála” tionscadal nó grúpa
tionscadal lena dtugtar aghaidh ar staid éigeandála mar atá sainmhínithe sna
Rialacháin Shonracha; (g)
ciallaíonn “tairbhí” faighteoir ranníocaíochta ón
Aontas faoi thionscadal, is cuma comhlacht poiblí nó príobháideach,
eagraíochtaí idirnáisiúnta nó an Chros Dhearg (CICD), Cónaidhm Idirnáisiúnta
Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg. CAIBIDIL II PRIONSABAIL AN CHÚNAIMH Airteagal 3 Prionsabail ghinearálta 1.
Cuirfear tacaíocht ar fáil leis na Rialacháin
Shonracha, trí chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh
éigeandála, a chomhlánaíonn idirghabháil náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil,
lena gcuirtear i bhfeidhm na cuspóirí arna saothrú ag an Aontas Eorpach. 2.
Áiritheoidh an Coimisiún agus
na Ballstáit go réitíonn an tacaíocht arna cur ar fáil faoi na Rialacháin
Shonracha agus ag na Ballstáit le gníomhaíochtaí, le beartais agus le
tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí eile an
Aontais Eorpaigh. 3.
Déanfar an tacaíocht arna cur
ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme i ndlúthchomhar idir
an Coimisiún agus na Ballstáit. 4.
I gcomhréir lena bhfreagrachtaí
faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an an
tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí maidir le gníomhaíochtaí i dtríú
tíortha agus maidir le tríú tíortha, comhordú idir an Rialachán seo agus na
Rialacháin Shonracha, agus idir beartais agus ionstraimí eile an Aontais, lena n‑áirítear
na cinn sin faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. 5.
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal
na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal [26]
den Rialachán Airgeadais. 6.
Déanfaidh an Coimisiún agus na
Ballstáit éifeacht na tacaíochta arna soláthar faoi na Rialacháin Shonracha a
áirithiú, go háirithe trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.
7.
Comhlíonfaidh an Coimisiún agus
na Ballstáit a ról faoi seach maidir leis an Rialachán seo agus leis na
Rialacháin Shonracha d’fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú. Airteagal 4 Comhlíonadh
an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú ag
na Rialacháin Shonracha dlí náisiúnta agus dlí infheidhme an Aontais. Airteagal 5 Leasanna
airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint 1.
Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áireofar,
nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi na Rialacháin Shonracha seo
chun feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint
trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillitheachta nó
gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí rialaithe éifeachtacha agus,
má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a
aisghabháil agus, más cuí, trí phionóis éifeachtacha, chionmhara agus
dhíspreagthacha. 2.
Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a
bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon
le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh
siad fógra don Choimisiún fúthu seo agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an
eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus
dlíthiúla lena mbaineann. 3.
Nuair nach féidir méideanna a
íocadh go míchuí le tairbhí a aisghabháil mar thoradh ar locht nó ar fhaillí ar
thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena
mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais. 4.
Soláthróidh Ballstáit cosaint
éifeachtach i gcoinne calaoise, go háirithe i ndáil leis na limistéir a bhfuil
leibhéal níos airde riosca ag gabháil leo, agus a bheidh mar bhac, ag féachaint
do na tairbhí, agus do chomhréireacht na mbeart freisin. 5.
Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
dá dtagraítear in Airteagal 54, a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar
Bhallstáit a shonraítear i mír 4. 6.
Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó
ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an
láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach
fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF) rialuithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí
eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i
gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96
d’fhonn a shuí cibé acu ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht
neamhdhleathach eile i ndáil le comhaontú nó cinneadh deontais nó le conradh a
bhaineann le cistiú an Aontais nó nár tharla. Gan dochar don chéad agus don dara fomhír, le
comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus
comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí mar thoradh ar an Rialachán
seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme, tabharfar cead go
sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchóireachtaí,
rialuithe agus cigireachtaí den sórt sin ar an láthair a dhéanamh. Airteagal 6 Clárú Saothrófar cuspóirí na Rialachán Sonrach faoi
chuimsiú na tréimhse clárúcháin ilbhliantúla ó 2014 go 2020, faoi réir
athbhreithnithe mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 15. CAIBIDIL III CREAT AIRGEADAIS DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AN
AONTAIS, DO CHÚNAMH ÉIGEANDÁLA AGUS DO CHÚNAMH TEICNIÚIL Airteagal 7 Creat cur chun feidhme 1.
Bunóidh an Coimisiún an tsuim fhoriomlán le cur ar
fáil do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála agus do chúnamh
teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún faoi leithreasaí bliantúla bhuiséad an
Aontais. 2.
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun
feidhme, an clár oibre le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus cúnaimh
éigeandála. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(3).
3.
D’fhonn a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil in
am, féadfaidh go nglacfaidh an Coimisiún le clár oibre faoi leith le haghaidh
cúnaimh éigeandála. 4.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí an Aontais,
cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur
chun feidhme –
ag an gCoimisiún go díreach, nó trí
ghníomhaireachtaí seachtracha; –
go hindíreach, ag aonáin agus daoine seachas na Ballstáit i gcomhréir
le hAirteagal [57] den Rialachán Airgeadais. Airteagal 8 Cúnamh éigeandála 1.
Mar fhreagairt ar staid éigeandála mar atá
sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a
dhéanamh cúnamh éigeandála a chur ar fáil. 2.
Laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá
ar fáil, féadfaidh an cúnamh éigeandála a bheith ionann le 100% den chaiteachas
incháilithe. 3.
D’fhéadfadh cúnamh i mBallstáit agus i dtríú
tíortha a bheith i gceist leis i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na
gníomhaíochtaí atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha. 4.
Féadfaidh cúnamh éigeandála tacú le caiteachas a
tabhaíodh roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas nó an
t-iarratas ar chúnamh, nuair is gá é seo leis an ngníomhaíocht a chur chun
feidhme. Airteagal 9 Gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh
éigeandála i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha 1.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh
gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála a mhaoiniú i dtríú tíortha nó
maidir le tríú tíortha de réir na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí atá
sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha. 2.
Nuair a chuirtear gníomhaíochtaí den chineál sin
chun feidhme go díreach, beidh cead ag na haonáin seo a leanas iarratais a chur
isteach: (a)
Ballstáit; (b)
tríú tíortha; (c)
comhchomhlachtaí arna mbunú ag na tríú tíortha agus
ag an Aontas nó ag Ballstáit; (d)
eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear
eagraíochtaí réigiúnacha, comhlachtaí na NA, ranna agus misin, institiúidí
idirnáisiúnta airgeadais agus bainc forbartha agus institiúidí dlínse
idirnáisiúnta sa mhéid go gcuireann siad le cuspóirí an Rialacháin Shonraigh nó
na Rialachán Sonrach lena mbaineann; (e)
Coise Idirnáisiúnta na Croise
Deirge (CICD), Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus
an Chorráin Dheirg; (f)
Eagraíochtaí neamhrialtasacha
atá bunaithe agus cláraithe san Aontas agus sna tíortha a bhfuil baint acu le
cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen. Airteagal 10 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón
gCoimisiún 1.
Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó ar a shon,
féadfar, trí bhíthin na Rialachán Sonrach, tacaíocht a sholáthar le haghaidh na
mbeart ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, chomh
maith le bearta meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe is gá d’fhonn an
Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme. 2.
D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a chur ar áireamh
i measc na mbeart sin ach níl siad teoranta do: (a)
cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas; (b)
tacaíocht maidir le forbairt institiúide agus
forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach an Rialacháin
seo agus na Rialachán Sonrach; (c)
bearta a bhaineann le hanailís, bainistíocht,
faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na
Rialachán Sonrach, chomh maith le bearta a bhaineann le córais rialaithe agus
cúnamh teicniúil agus riaracháin a chur chun feidhme; (d)
meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe,
staidreamh agus staidéir, lena n‑áirítear iad siúd de chineál ginearálta
maidir le feidhmiú na Rialachán Sonrach; (e)
gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le
líonrú, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar
agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n‑áirítear le tríú tíortha. D’fhonn éifeachtúlacht níos mór a chruthú i gcumarsáid a
dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgí níos láidre a chothú idir na
gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin,
rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide
faoin Rialachán seo freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chuimsiú ar an
gcoinníoll go bhfuil baint acu seo le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo
agus na Rialachán Sonrach; (f)
córais ríomhairithe bainistíochta, faireacháin,
iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a fheidhmiú agus a
idirnascadh; (g)
dearadh creata choitinn le
haghaidh meastóireachta agus faireacháin chomh maith le córas táscairí, agus
táscairí náisiúnta á gcur san áireamh nuair is iomchuí sin; (h)
gníomhaíochtaí chun feabhas a
chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le
cleachtais meastóireachta; (i)
comhdhálacha, seimineáir,
ceardlanna agus bearta coiteanna faisnéise agus oiliúna eile maidir le cur chun
feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach d’údaráis ainmnithe agus do
thairbhithe; (j)
gníomhaíochtaí a bhaineann le
hiniúchóireacht. 3.
Féadfaidh na gníomhaíochtaí a bheith bainteach leis
na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin. CAIBIDIL IV CLÁIR NÁISIÚNTA Roinn 1
Creat
cur chun feidhme agus clárúcháin Airteagal 11 Idirghabháil
choimhdeach agus chomhréireach 1.
Beidh na Ballstáit agus na comhlachtaí ainmnithe
acu chun na críche sin (“údaráis ainmnithe”) freagrach as cláir a chur chun
feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin
Shonracha a thabhairt chun críche ar an leibhéal iomchuí, de réir chreat
institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir an Rialachán
seo agus na Rialacháin Shonracha a bheith comhlíonta. 2.
Cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh
sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na tacaíochta arna cur ar
fáil faoi na Rialacháin Shonracha, agus go háirithe na hacmhainní airgeadais
agus riaracháin is gá maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistiú agus
rialú, agus aird chuí aige ar an leibhéal tacaíochta a thugtar. Airteagal 12 Comhpháirtíocht 1. Eagróidh gach Ballstát, de
réir a rialacha agus a gcleachtas náisiúnta, comhpháirtíocht le húdaráis agus
le comhlachtaí lena mbaineann chun cláir náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun
feidhme. Áireofar leis na húdaráis agus na comhlachtaí sin
na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus na húdaráis phoiblí
eile, agus, nuair is iomchuí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí a
dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha
nó comhpháirtithe sóisialta. 2. Seolfar comhpháirtíocht go
hiomlán de réir na dlínse institiúide, dlí agus airgeadais faoi seach a bheidh
ag gach catagóir comhpháirtithe. 3.
Beidh na comhpháirtithe páirteach in ullmhú, i gcur
chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na gclár náisiúnta. 4.
Bunóidh gach Ballstát coiste faireacháin chun tacú
le cur chun feidhme na gclár náisiúnta. 5.
Féadfaidh an Coimisiún páirt a
ghlacadh in obair an choiste faireacháin mar chomhairleoir. Airteagal 13 Idirphlé
beartais 1.
Chun an tréimhse chlárúcháin a sheoladh, beidh
idirphlé beartais ag an gCoimisiún agus ag gach Ballstát maidir leis na
ceanglais náisiúnta agus an ranníocaíocht a d’fhéadfaí a chur ar fáil le
buiséad an Aontais chun na ceanglais sin a bhaint amach, agus aird á tabhairt
ar an gcás bonnlíne sa Bhallstát lena mbaineann agus ar chuspóirí na Rialachán
Sonrach. Beidh conclúid ar mhiontuairiscí
comhaontaithe mar thoradh ar an idirphlé beartais nó malartú litreacha a
shainaithneoidh tosaíochtaí agus riachtanais shonracha an Bhallstáit lena
mbaineann agus a fheidhmeoidh mar an creat d’ullmhú na gclár náisiúnta. I gcás gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i
dtríú tíortha agus maidir leo, ní bheidh gníomhaíochtaí den chineál sin dírithe
ar fhorbairt go díreach agus lorgófar san idirphlé beartais comhchuibheas
iomlán leis na prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht
sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis
an réigiún atá i gceist. 2.
I gcomhthéacs an scrúdúcháin ar an iarratas ar
íocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 39 agus na tuarascála ar chur chun
feidhme dá dtagraítear in Airteagal 49, déanfaidh an Ballstát lena
mbaineann agus an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn i gcur chun
feidhme an chláir náisiúnta, agus aird á tabhairt ar chonclúidí an idirphlé
beartais. Airteagal 14 Ullmhú
agus formheas clár náisiúnta 1.
Beartóidh gach Ballstát, ar bhonn chonclúidí an
idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), clár náisiúnta i
gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha. 2.
Déanfar blianta airgeadais na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014
agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár beartaithe náisiúnta
agus beidh na gnéithe seo a leanas ann: (a)
cur síos ar an gcás bonnlíne sa Bhallstát; (b)
anailís ar cheanglais sa Bhallstát agus na cuspóirí
náisiúnta a ceapadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse a
chumhdaítear sa chlár; (c)
straitéis iomchuí ina
sainaithnítear na cuspóirí a bheidh le saothrú le tacaíocht ó bhuiséad an
Aontais, agus spriocanna dá mbaint amach, tráthchlár táscach agus samplaí de
ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh; (d)
na meicníochtaí lena n‑áirithítear
comhordú idir na hionstraimí arna mbunú leis na Rialacháin Shonracha agus
ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ionstraimí náisiúnta; (e)
faisnéis ar an gcreat
faireacháin agus meastóireachta atá le cur i bhfeidhm agus na táscairí atá le
húsáid chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí
saothraithe a thomhas i dtaca leis an gcás bonnlíne sa Bhallstát; (f)
socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach agus
éifeachtúil thacaíocht bhuiséad an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear an
úsáid bheartaithe as cúnamh teicniúil agus an cur chuige a roghnaítear chun
prionsabal na comhpháirtíochta atá leagtha síos in Airteagal 12 a chur
chun feidhme; (g)
dréachtphlean maoinithe miondealaithe de réir gach
bliain airgeadais sa tréimhse; (h)
na meicníochtaí agus na modhanna atá le húsáid chun
poiblíocht a dhéanamh ar an gclár náisiúnta; (i)
na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir
náisiúnta, ina sonrófar aitheantas na n‑údarás ainmnithe. 3.
Cuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta atá
beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an
t-idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a thabhairt chun
críche. 4.
Déanfar na cláir náisiúnta a dhréachtú de réir na
samhla arna glacadh ag an gCoimisiún. Glacfar an
gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá
dtagraítear in Airteagal 55(2). 5.
Sula bhformheastar clár náisiúnta beartaithe,
déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na nithe seo a leanas: (a)
a chomhsheasmhacht le cuspóirí na Rialachán
Sonrach agus le conclúidí an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1); (b)
ábharthacht na gcuspóirí, na spriocanna, na dtáscairí,
an tráthchláir agus samplaí de ghníomhaíochtaí atá beartaithe sa chlár
náisiúnta atá beartaithe i bhfianaise na straitéise atá beartaithe; (c)
ábharthacht na bhforálacha cur chun feidhme dá
dtagraítear i bpointe (i) de mhír 2 i bhfianaise na ngníomhaíochtaí atá
beartaithe; (d)
comhlíonadh dhlí an Aontais ag an gclár atá
beartaithe; (e)
comhlántacht leis an tacaíocht arna soláthar ag
Cistí eile an Aontais lena n‑áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa; (f)
Nuair is infheidhme faoi Rialachán Sonrach, le
haghaidh cuspóirí agus samplaí gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i dtríú
tíortha agus maidir leo, comhchuibheas leis na prionsabail agus le cuspóirí
ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a
bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. 6.
Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí
mhí ón dáta a chuirfear an clár náisiúnta beartaithe isteach. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil clár náisiúnta
beartaithe ar neamhréir le cuspóirí na Rialachán Sonrach, nach bhfuil sé leordhóthanach
i bhfianaise na straitéise nó nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais, iarrfaidh sé
ar an mBallstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise uile is gá a chur ar fáil
agus, nuair is iomchuí, an clár náisiúnta beartaithe a leasú. Soláthróidh an
Ballstát an fhaisnéis bhreise uile is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí,
leasóidh sé an clár náisiúnta beartaithe dá réir sin. 7.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomh cur
chun feidhme, gach clár náisiúnta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar
éis don Bhallstát é a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll gur cuireadh
aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí. 8.
I bhfianaise dálaí nua nó gan
choinne, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ón mBallstát lena mbaineann, féadfar
clár náisiúnta formheasta a athscrúdú agus, más gá, a leasú don tréimhse atá
fágtha den tréimhse chlárúcháin. Airteagal 15 Athbhreithniú meántéarma 1.
In 2017 déanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát
an cás a athscrúdú, i bhfianaise na bhforbairtí i mbeartais an Aontais agus sa
Bhallstát lena mbaineann. 2.
I ndiaidh an athscrúdaithe sin, féadfaidh na
Ballstáit a gcláir náisiúnta a leasú. Leasófar cláir náisiúnta do na Ballstáit
sin a gheobhaidh leithdháiltí breise i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha. 3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha atá
leagtha síos in Airteagal 14 maidir le hullmhú agus le formheas na gclár
náisiúnta i leith ullmhú agus fhormheas na gclár náisiúnta leasaithe sin. 4.
Leithdháilfidh an Coimisiún do Bhallstáit, trí
bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, na hacmhainní do na cláir náisiúnta atá
ar fáil faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma faoi na Rialacháin
Shonracha. Tar éis chur i gcrích an athbhreithnithe
mheántéarma, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an athbhreithniú meántéarma
arna dhéanamh i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus na Rialachán
Sonrach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Airteagal 16 Struchtúr
maoinithe 1.
Déanfar ranníocaíochtaí maoinithe arna gcur ar fáil
faoi na cláir náisiúnta i bhfoirm deontas. 2.
Déanfar gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi
na cláir náisiúnta a chómhaoiniú ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha, beidh siad
neamhbhrabúsach agus ní bheidh siad faoi réir maoinithe ó fhoinsí eile a
chumhdaítear i mbuiséad an Aontais. 3.
Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais
75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail. 4.
Féadfar an ranníocaíocht ó
bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90% faoi ghníomhaíochtaí sonracha nó faoi
thosaíochtaí straitéiseacha mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha. 5.
Féadfar an ranníocaíocht ó
bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90% freisin i ndálaí a bhfuil údar cuí leo, go
háirithe más amhlaidh nach gcuirfí tionscadail chun feidhme agus nach mbainfí
cuspóirí an chláir náisiúnta amach murach sin. Airteagal 17
Prionsabail ghinearálta Incháilitheachta 1.
Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar
bhonn rialacha náisiúnta, cé is moite de chásanna ina bhfuil rialacha sonracha
leagtha síos sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Shonracha. 2.
I gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha, d’fhonn
go mbeadh an caiteachas incháilithe, ní mór dó na nithe seo a leanas a
chomhlíonadh: (a)
ní mór dó a bheith faoi raon feidhme na Rialachán
Sonrach agus a gcuspóirí; (b)
ní mór dó a bheith ag teastáil chun na
gníomhaíochtaí dá gcumhdaítear sa tionscadal lena mbaineann a dhéanamh; (c)
ní mór dó a bheith réasúnta agus prionsabail na
bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, go háirithe luach ar airgead
agus cost-éifeachtúlacht. 3.
Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta
faoi na Rialacháin Shonracha má bhaineann na nithe seo a leanas leis: –
rinne tairbhí é a thabhú agus a íoc idir an 1 Eanáir 2014
agus an 31 Nollaig 2022; agus –
d’íoc an tÚdarás Freagrach creidiúnaithe é i
ndáiríre idir an 1 Eanáir 2014 agus an 30 Meitheamh 2023. 4.
Tacófar leis an gcaiteachas arna chur ar áireamh in
iarratais ar íocaíocht ón tairbhí chuig an Údarás Freagrach le sonraisc nó le
doiciméid chuntasaíochta a mbeidh luach profach coibhéiseach ag gabháil leo, cé
is moite de chineálacha tacaíochta faoi Airteagal 18(1)(b), (c) agus (d). I gcás cineálacha tacaíochta den sórt sin, de mhaolú ar
mhír 3, is ionann na méideanna arna gcur ar áireamh san iarratas ar íocaíocht
agus an costas arna aisíoc leis an tairbhí ag an Údarás Freagrach. 5.
Déanfar glanioncam arna
ghiniúint go díreach ó thionscadal le linn a chur chun feidhme nár cuireadh san
áireamh ag tráth formheasta an tionscadail a asbhaint ó chaiteachas incháilithe
an tionscadail san iarratas ar íocaíocht deiridh arna chur isteach ag an
tairbhí. Airteagal 18 Caiteachas
incháilithe 1.
Féadfar caiteachas incháilithe a aisíoc ar na
bealaí seo a leanas: (a)
Aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna
n‑íoc go hiarbhír, mar aon le dímheas, nuair is infheidhme; (b)
scála caighdeánach costas aonaid; (c)
cnapshuimeanna; (d)
maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí
chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos
mó. 2.
Féadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chur
le chéile i gcás ina gcumhdaíonn gach ceann catagóir dhifriúil costas nó i gcás
ina n‑úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid de
ghníomhaíocht nó le haghaidh céimeanna leantacha gníomhaíochta. 3.
I gcás ina gcuirtear tionscadal chun feidhme go
heisiach trí oibreacha, trí earraí nó trí sheirbhísí a sholáthar, ní bheidh
feidhm ach le mír 1 (a). 4.
Bunófar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 (b),
(c) agus (d) roimh ré ar cheann de na bealaí seo a leanas: (a)
modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe
orthu seo a leanas: (i) sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil
eile; nó (ii) sonraí stairiúla
fíoraithe faoi thairbhithe aonair nó cur i bhfeidhm a ngnáthchleachtas maidir
le cuntasaíocht chostála; (b)
modhanna agus scála comhfhreagrach costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme i mbeartais an Aontais le
haghaidh gníomhaíochta/tionscadail agus tairbhí den chineál céanna; (c)
modhanna agus scála comhfhreagrach costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna
maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh
gníomhaíochta/tionscadail agus tairbhí den chineál céanna; 5.
Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun
costais na gníomhaíochta agus na coinníollacha maidir le híocaíocht an deontais
a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha le haghaidh
tacaíochta do gach tionscadal/gníomhaíocht. 6.
I gcás ina n‑eascraíonn costais indíreacha as
cur chun feidhme tionscadail, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann de
na bealaí seo a leanas: (a)
ráta comhréidh suas le 20% de na costais dhíreacha
incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir,
cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi
scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le
haghaidh gníomhaíochta/tionscadail nó tairbhí den chineál céanna; (b)
ráta comhréidh suas le 15% de na costais foirne
dhíreacha incháilithe; nó (c)
ráta comhréidh a chuirtear i
bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna
reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid
an Aontais le haghaidh gníomhaíochta/tionscadail agus tairbhí den chineál
céanna. 7.
Beidh deontais nach mó an tacaíocht ó bhuiséad an
Aontais ina leith ná EUR 50,000 i bhfoirm cnapshuimeanna nó scála
chaighdeánaigh costas aonaid. 8.
Is féidir maoiniú ar ráta
comhréidh, scála caighdeánach costas aonaid agus cnapshuimeanna dá dtagraítear
i mír 4 a ríomh de réir an tionscadail trí thagairt a dhéanamh do
dhréachtbhuiséad arna chomhaontú ex ante ag an Údarás Freagrach le haghaidh
deontas nach mó an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais ina leith ná EUR 100,000.
9.
Féadfar breathnú ar chostais
dímheasa mar incháilithe faoi na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá an caiteachas incháilithe i gcomhréir le
rialacha incháilitheachta an chláir náisiúnta; (b)
tá údar cuí léirithe le méid an chaiteachais trí
dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach profach coibhéiseach le sonraisc acu i
gcás aisíoca san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (1); (c)
baineann na costais go heisiach
leis an tréimhse tacaíochta don tionscadal; (d)
níl tacaíocht ó bhuiséad an
Aontais tar éis ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo éadáil na sócmhainní
dímheasta. Airteagal 19 Caiteachas
neamh‑incháilithe Ní bheidh an caiteachas seo a leanas
incháilithe i gcomhair ranníocaíochta ó bhuiséad an Aontais faoi na Rialacháin
Shonracha: (a)
ús ar fhiracha; (b)
ceannach talún nár tógadh uirthi; (c)
ceannach talún ar tógadh uirthi, i gcás gur gá an
talamh do chur chun feidhme an tionscadail, ar mhéid a sháraíonn 10% den
chaiteachas iomlán incháilithe don tionscadal lena mbaineann; (d)
cáin bhreisluacha. Mar sin
féin, beidh méideanna CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad inghnóthaithe
faoin reachtaíocht náisiúnta CBL agus gur tairbhí seachas duine neamh‑inchánach
mar a shainítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE
a íocfaidh iad, ar an gcoinníoll nach dtabhaítear na méideanna sin CBL i gcás
bonneagar a sholáthar. Airteagal 20 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit
1.
Ar thionscnamh ó Bhallstát le haghaidh gach cláir
náisiúnta, féadfaidh na Rialacháin Shonracha tacú le gníomhaíochtaí maidir le
hullmhú, le bainistiú, le faireachán, le meastóireacht, le faisnéis agus le
cumarsáid, le líonrú, le rialú agus le hiniúchóireacht, chomh maith le bearta i
ndáil le treisiú an chumais riaracháin le haghaidh chur chun feidhme an
Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach. 2.
D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a chur ar áireamh
i measc na mbeart sin: (a)
caiteachas a bhaineann le hullmhú, le roghnú, le
measúnacht, le bainistiú agus le faireachán gníomhaíochtaí nó tionscadal; (b)
caiteachas a bhaineann le hiniúchóireachtaí agus le
rialuithe ar an láthair ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail; (c)
caiteachas a bhaineann le
meastóireachtaí ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail; (d)
caiteachas a bhaineann le
faisnéis, le scaipeadh agus le trédhearcacht i ndáil le gníomhaíochtaí nó le
tionscadail; (e)
caiteachas ar éadáil, ar
shuiteáil agus ar chothabháil córas ríomhairithe do bhainistiú, d’fhaireachán agus
do mheastóireacht an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach; (f)
caiteachas ar chruinnithe na
gcoistí faireacháin agus na bhfochoistí a bhaineann le cur chun feidhme na
ngníomhaíochtaí; féadfaidh an caiteachas seo costais saineolaithe agus
rannpháirtithe eile sna coistí seo a áireamh, lena n‑áirítear
rannpháirtithe tríú tír i gcás gur riachtanach iad a bheith i láthair do chur
chun feidhme gníomhaíochtaí nó tionscadal; (g)
caiteachas ar threisiú an
chumais riaracháin do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán
Sonrach. 3.
Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na
leithreasaí d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar
thairbhithe a laghdú, lena n‑áirítear córais malartaithe leictreonaigh
sonraí, agus gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus
thairbhithe an Bhallstáit an tacaíocht dá bhforáiltear leis na Rialacháin
Shonracha a riar agus a úsáid. 4.
Féadfaidh na gníomhaíochtaí a bheith bainteach leis
na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin. Roinn 2
Bainistíocht
agus Rialú Airteagal 21
Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe Déanfar foráil sna córais bhainistíochta agus rialaithe don mhéid seo a
leanas: (a)
cur síos ar fheidhmeanna gach comhlachta lena
mbaineann bainistíocht agus rialú, agus leithdháileadh feidhmeanna laistigh de
gach comhlacht; (b)
comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna
idir comhlachtaí den chineál sin nó laistigh díobh; (c)
nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus
rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú; (d)
córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir
le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le
faireachán agus maidir le tuairisciú; (e)
córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás
ina gcuireann an tÚdarás Freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile; (f)
socruithe maidir le feidhmiú na gcóras
bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh; (g)
córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon
iniúchóireachta leormhaith a áirithiú; (h)
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú,
lena n‑áirítear calaois, agus suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar
aon le hús ar bith. Airteagal 22
Freagrachtaí na mBallstát 1.
Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí
bainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad leis na freagrachtaí
a thig as sin atá leagtha síos sna rialacha ar bhainistiú comhpháirteach atá
leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sa Rialachán seo. I gcomhréir le prionsabal an bhainistithe chomhpháirtigh,
beidh na Ballstáit freagrach as bainistiú agus as rialú na gclár náisiúnta. 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais
bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a bhunú i gcomhréir le
forálacha an Rialacháin seo agus go bhfeidhmeoidh na córais go héifeachtach. 3.
Leithdháilfidh na Ballstáit acmhainní
leordhóthanacha ar gach comhlacht chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar feadh
na tréimhse clárúcháin. 4.
Bunóidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta
chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an
Rialachán seo. 5.
Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir na
Ballstáit agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe
leictreonaigh sonraí arna bhunú ag an gCoimisiún. Airteagal 23
Údaráis ainmnithe 1.
Le haghaidh chur chun feidhme a chláir náisiúnta, ainmneoidh
gach Ballstát na comhlachtaí seo a leanas: (a) údarás creidiúnúcháin mar atá
sainmhínithe in Airteagal [56] den Rialachán Airgeadais; (b) Údarás Freagrach
creidiúnaithe: comhlacht earnála poiblí de chuid an Bhallstáit, a bheidh
freagrach as bainistiú agus rialú an chláir náisiúnta agus a dhéanfaidh an
chumarsáid uile leis an gCoimisiún a láimhseáil; (c) Údarás
Iniúchóireachta: údarás nó comhlacht náisiúnta poiblí, atá neamhspleách ó
thaobh feidhme ar an Údarás Freagrach agus ar an údarás creidiúnúcháin agus a
bheidh freagrach as feidhmiú éifeachtach an chórais bhainistíochta agus
rialaithe a dheimhniú; (d) nuair is iomchuí,
Údarás Tarmligthe: comhlacht poiblí nó príobháideach ar bith a thugann faoi
thascanna áirithe an Údaráis Fhreagraigh faoi chúram an Údaráis sin. 2.
Leagfaidh gach Ballstát síos rialacha lena
rialaítear a chaidreamh leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus a
gcaidreamh leis an gCoimisiún. Airteagal 24
Creidiúnú Údarás Freagrach 1.
I gcomhréir le hAirteagal [56(3)] den
Rialachán Airgeadais, déanfar gach Údarás Freagrach atá freagrach as caiteachas
a bhainistiú agus a rialú faoin Rialachán seo a chreidiúnú le cinneadh
foirmiúil ó údarás creidiúnúcháin ar leibhéal aireachta. 2.
Bronnfar an creidiúnú ar choinníoll go gcomhlíonann
an comhlacht na critéir chreidiúnúcháin maidir le timpeallacht inmheánach,
gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireacháin atá leagtha
síos sa Rialachán seo nó atá ar bhonn an Rialacháin seo. 3.
Beidh an creidiúnú bunaithe ar thuairim comhlachta
iniúchóireachta atá neamhspleách a dhéanann measúnú ar chomhlíonadh an Údaráis
Fhreagraigh leis na critéir chreidiúnaithe. Déanfaidh an comhlacht
iniúchóireachta neamhspleách a chuid oibre i gcomhréir le caighdeáin
iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. 4.
Déanfaidh an t-údarás creidiúnúcháin maoirseacht ar
an Údarás Freagrach agus déanfaidh sé creidiúnú an chomhlachta sin a tharraingt
siar le cinneadh foirmiúil más rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh ceann
amháin nó níos mó de na critéir chreidiúnúcháin, ach amháin má dhéanann an
tÚdarás Freagrach na bearta leasúcháin is gá laistigh de thréimhse phromhaidh a
bheidh le cinneadh ag an údarás creidiúnúcháin i gcomhréir le déine na faidhbe.
Tabharfaidh an comhlacht creidiúnúcháin fógra don Choimisiún láithreach maidir
le tréimhse phromhaidh ar bith a shocrú d’Údarás Freagrach creidiúnaithe nó
maidir le cinneadh ar bith a tharraingt siar. 5.
Chun feidhmiú fónta an chórais seo a áirithiú,
tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54 maidir leis
an méid seo a leanas: (a)
coinníollacha íosta do chreidiúnú na nÚdarás
Freagrach agus aird ar an timpeallacht inmheánach, ar ghníomhaíochtaí
rialaithe, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, agus ar fhaireachán, chomh maith le
rialacha ar an nós imeachta chun creidiúnú a eisiúint agus a tharraingt siar; (b)
rialacha a bhaineann le maoirseacht agus leis an
nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar chreidiúnú Údarás Freagrach; (c)
oibleagáidí na nÚdarás
Freagrach maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith lena bhfuil ina
bhfreagrachtaí bainistíochta agus rialaithe. Airteagal 25
Prionsabail ghinearálta maidir le rialuithe ag Údaráis Fhreagracha 1.
Déanfaidh na hÚdaráis Fhreagracha rialú córasach
riaracháin ar na hiarratais uile ar íocaíocht ó na tairbhithe agus forlíonfaidh
siad iad le rialuithe ar an láthair ar an gcaiteachas a bhaineann leis na
hiarratais ar íocaíocht dheiridh ó na tairbhithe atá dearbhaithe sna cuntais
bhliantúla d’fhonn leibhéal iomchuí dearbhaithe a fháil. 2.
Maidir leis na rialuithe ar an láthair, roghnóidh
an tÚdarás Freagrach a shampla rialaithe ó dhaonra iomlán na dtairbhithe lena
gcuimseofar, nuair is iomchuí, cuid randamach agus cuid bunaithe ar riosca,
d’fhonn ráta earráide ionadaí agus íosleibhéal muiníne a fháil, agus ag díriú
freisin ar na hearráidí is airde. 3.
Ullmhóidh an tÚdarás Freagrach
tuarascáil ar rialú maidir le gach rialú ar an láthair. 4.
Nuair is léir go bhfuil
fadhbanna a aimsítear córasach agus dá bhrí sin gurb ionann iad agus riosca do
thionscadail eile, áiritheoidh an tÚdarás Freagrach go dtabharfar faoi imscrúdú
eile, lena n‑áirítear rialuithe breise nuair is gá, chun scála fadhbanna
den chineál sin a dhéanamh amach agus cé acu an bhfuil an ráta earráide níos
airde ná an leibhéal ábharthachta. Tabharfaidh an tÚdarás Freagrach faoi na
bearta coisctheacha agus ceartaitheacha is gá agus cuirfear in iúl don
Choimisiún iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 39(1)(c).
5.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach
an Airteagail seo a bhaint amach. Bainfidh na
rialacha seo leis an méid seo a leanas, go háirithe: (a)
na rialacha i dtaobh rialuithe riaracháin agus rialuithe
ar an láthair a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le hurramú na n‑oibleagáidí,
na dtiomantas agus na rialacha incháilitheachta a thagann chun cinn de thoradh
chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach; (b)
na rialacha maidir le híosleibhéal na rialuithe ar
an láthair is gá chun na rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, mar aon leis na
dálaí faoina mbeidh ar na Ballstáit líon na rialuithe sin a mhéadú, nó faoinar
féidir leo iad a laghdú i gcás ina bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus
rialaithe go cuí agus ina bhfuil na rátaí earráide ar leibhéal atá inghlactha; (c)
na rialacha agus na modhanna maidir le tuairisc a
thabhairt ar na rialuithe agus ar an bhfíorú a rinneadh agus ar thorthaí na
rialuithe agus an fhíoraithe sin. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(3).
Airteagal 26
Íocaíocht le tairbhithe Áiritheoidh na hÚdaráis Fhreagracha go
bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir
agus ina iomlán. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint
ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ar bith ná muirear ar
bith comhéifeachta a laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe. Airteagal 27
Feidhmeanna an údaráis
iniúchóireachta 1.
Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar
iniúchóireachtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí
den chaiteachas atá ar áireamh sna cuntais bhliantúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54
a bhaineann le stádas na nÚdarás Freagrach agus na dálaí a chomhlíonfar ina
gcuid iniúchóireachtaí. 2.
I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an tÚdarás Iniúchóireachta iniúchóireachtaí,
áiritheoidh an tÚdarás Iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin. 3.
Áiritheoidh an tÚdarás Iniúchóireachta go gcuirfear
caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh
san obair iniúchóireachta. Airteagal 28
Comhar le húdaráis iniúchóireachta 1. Comhoibreoidh an Coimisiún le
húdaráis iniúchóireachta faoi seach d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí
na n‑iniúchóireachtaí arna ndéanamh ar chórais
bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú láithreach. 2. Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a
laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d’fhonn an tuarascáil
bhliantúil ar rialú agus an tuairim a
scrúdú, agus d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le
feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe. Airteagal 29
Rialuithe agus iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún 1.
Beidh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis atá ar
fáil, lena n‑áirítear an nós imeachta creidiúnúcháin, na dearbhuithe
bainistíochta bliantúla, na tuarascálacha bliantúla ar rialú, na tuairimí
iniúchóra bliantúla, na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme arna
ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí an Aontais, le
meastóireacht a dhéanamh go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha
ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na
córais seo go héifeachtach le linn chur chun feidhme na gclár náisiúnta. 2.
Gan dochar d’iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag
Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an
Choimisiúin iniúchóireachtaí nó rialuithe ar an láthair a dhéanamh ar
réamhfhógra leordhóthanach a thabhairt. Féadfaidh
ionadaithe an Bhallstáit nó oifigigh údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh
sna hiniúchóireachtaí nó sna rialuithe sin. 3.
Féadfar na nithe seo a leanas a chur ar áireamh i
raon feidhme na n‑iniúchóireachtaí nó na rialuithe: (a)
fíorú maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras
bainistíochta agus rialaithe i gclár náisiúnta nó i gcuid de; (b)
comhlíonadh cleachtas riaracháin le rialacha an
Aontais; (c)
doiciméid tacaíochta is gá a
bheith ann agus a gcomhghaol leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi
na cláir náisiúnta; (d)
na téarmaí ar gabhadh na
gníomhaíochtaí ar láimh ina leith agus ar rialaíodh iad; (e)
measúnú ar bhainistiú fónta
airgeadais na ngníomhaíochtaí nó an chláir náisiúnta. 4.
Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an
Choimisiúin, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh chun iniúchóireachtaí ar an
láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, doiciméid agus
meiteashonraí uile, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le
caiteachas nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na
Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don
Choimisiún arna iarraidh sin. Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa
mhír seo difear do chur chun feidhme forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar
gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n‑ainmniú go sonrach leis an
reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh ionadaithe údaraithe agus oifigigh an
Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil
daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh rochtain
acu ar an bhfaisnéis a gheofar ar an gcaoi sin. 5.
Arna iarraidh sin don Choimisiún agus le comhaontú
an Bhallstáit, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin rialuithe nó
fiosruithe breise maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear sa Rialachán seo a
ghabháil ar láimh. Féadfaidh gníomhairí an
Choimisiúin nó daoine arna dtarmligean ag an gCoimisiún a bheith páirteach sna
rialuithe sin. Chun na rialuithe a fheabhsú, féadfaidh an
Coimisiún, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a iarraidh ar
údaráis na mBallstát sin le haghaidh rialuithe nó fiosrúchán áirithe. 6.
Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na
gníomhaíochtaí is gá a ghlacadh d’fhonn feidhmiú éifeachtach a chórais bhainistíochta
agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na
rialacha is infheidhme. Roinn 3
Bainistíocht
Airgeadais Airteagal 30
Gealltanais bhuiséadacha 1.
Déanfar gealltanais bhuiséadacha an Aontais i ndáil
le gach clár náisiúnta i dtráthchodanna bliantúla sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014
agus an 31 Nollaig 2020. 2.
Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiúin lena
bhformheastar gach clár náisiúnta an cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal [81(2)]
den Rialachán Airgeadais, agus nuair a fhógraítear don Bhallstát lena
mbaineann, ceangaltas dlí de réir bhrí an Rialacháin sin. 3.
I gcás gach cláir náisiúnta, leanfaidh an
gealltanas buiséadach maidir leis an gcéad tráthchuid formheas an chláir
náisiúnta ag an gCoimisiún. 4.
I gcás na gceangaltas buiséadach do thráthchodanna
ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine gach
bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ach
amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal [13] den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 31
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí 1.
Déanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó bhuiséad
an Aontais leis an gclár náisiúnta a íoc i gcomhréir le leithreasaí buiséid
agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil. Breacfar
gach íocaíocht sa ghealltanas buiséadach is túisce a bheidh oscailte lena
mbaineann. 2.
Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh‑mhaoinithe
tosaigh, íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid
dheiridh. 3.
Beidh feidhm ag Airteagal [87] den Rialachán
Airgeadais. Airteagal 32
Carnadh réamh‑mhaoinithe
tosaigh agus iarmhéideanna bliantúla 1.
Ní sháróidh iomlán na n‑íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe
tosaigh agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil 95 % den ranníocaíocht ó
bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta. 2.
Nuair a bhainfear an uasteorainn 95 % amach,
leanfaidh na Ballstáit d’iarratais ar íocaíocht a tharchur chuig an gCoimisiún. Airteagal 33
Socruithe tosaigh réamh‑mhaoinithe 1.
I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena
bhformheastar an clár náisiúnta, íocfaidh an Coimisiún méid réamh‑mhaoinithe
tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad. Beidh an méid sin ionann le
4% den ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena
mbaineann. Féadfar é a roinnt in dhá thráthchuid ag brath ar mhéid an bhuiséid
atá ar fáil. 2.
Má fhormheastar clár náisiúnta in 2015 nó níos
déanaí, íocfar na tráthchodanna an bhliain ina bhformheastar é. 3.
Ní úsáidfear réamh‑mhaoiniú ach chun
íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i mbun chur chun feidhme an chláir
náisiúnta. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don Údarás Freagrach chun na
críche sin. 4.
Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh‑mhaoiniú
a íoc ar ais leis an gCoimisiún mura seoltar iarratas ar íocaíocht i gcomhréir
le hAirteagal 39 laistigh de 24 mí den dáta a íocann an Coimisiún an chéad
tráthchuid den mhéid réamh‑mhaoinithe tosaigh. 5.
Breacfar an t-ús arna ghineadh ar an réamh‑mhaoiniú
tosaigh leis an gclár náisiúnta lena mbaineann agus bainfear é ó mhéid an
chaiteachais phoiblí arna chur in iúl ar an iarratas ar íocaíocht dheiridh. 6.
Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú
tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 36
tráth a ndúntar an clár náisiúnta ar a dhéanaí. Airteagal 34
An Bhliain Airgeadais a Shainmhíniú Chun críocha an Rialacháin seo cumhdóidh an
bhliain airgeadais caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna
iontráil i gcuntais an Údaráis Fhreagraigh sa tréimhse dar tús an 16 Deireadh
Fómhair sa bhliain “N‑1” agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den
bhliain “N”. Airteagal 35
Íocaíocht an iarmhéid bhliantúil 1.
Íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil, faoi
réir na n‑acmhainní atá ar fáil, ar bhonn an phlean airgeadais atá i
bhfeidhm, na gcuntas bliantúil do bhliain airgeadais chomhfhreagrach an chláir
náisiúnta agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach. 2.
Cumhdófar sna cuntais bhliantúla na híocaíochtaí
arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach le linn na bliana airgeadais ar
comhlíonadh na ceanglais rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 25 ina
leith. 3.
Íocfar an t-iarmhéid bliantúil
tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún a mheas gurb infhála an
fhaisnéis agus na doiciméid atá luaite in Airteagal 39(1) agus in Airteagal 49
agus tar éis imréiteach an chuntais bhliantúil is déanaí. Airteagal 36
Cur i gCrích an chláir 1.
Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas
isteach faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí: (a)
An fhaisnéis is gá le haghaidh na gcuntas bliantúil
deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 39(1); (b)
iarratas ar íocaíocht an iarmhéid dheiridh; agus (c)
an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme don
chlár náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1). 2.
Cuirfear na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás
Freagrach ón 16 Deireadh Fómhair 2022 go 30 Meitheamh 2023
a chur san áireamh sna cuntais bhliantúla deiridh. 3.
Tar éis na doiciméid sin atá liostaithe i mír 1 a
fháil, íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid deiridh, faoi réir acmhainní a
bheith ar fáil, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, na gcuntas
bliantúla deiridh agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach. 4.
Íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná
trí mhí i ndiaidh dháta imréitigh na gcuntas don bhliain deiridh airgeadais nó
mí amháin i ndiaidh an dáta ar glacadh leis an tuarascáil dheiridh ar chur chun
feidhme, cibé dáta is déanaí. Na méideanna a bhfuil gealltanas fós déanta in
leith tar éis an iarmhéid a íoc, déanfaidh an Coimisiún iad a shaoradh laistigh
de thréimhse sé mhí, gan dochar d’Airteagal 47. Airteagal 37
An tréimhse íocaíochta a
bhriseadh 1.
Féadfaidh an t-oifigeach um údarú trí tharmligean
an tréimhse íocaíochta a leanann iarratas ar íocaíocht de réir bhrí an
Rialacháin Airgeadais a bhriseadh ar feadh uastréimhse naoi mí, nuair a
chomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad: (a)
go bhfuil fianaise ann, i ndiaidh faisnéis a bheith
curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht
iniúchóireachta an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i
bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe; (b)
go bhfuil ar an oifigeach um údarú trí tharmligean
tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith curtha faoina
bhráid ina gcuirtear in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ag a bhfuil
iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais le hiarratas ar íocaíocht; (c)
nár cuireadh isteach ceann
amháin nó níos mó de na doiciméid is gá faoi Airteagal 39(1). 2.
Féadfaidh an t-oifigeach um údarú trí tharmligean
an chuid den chaiteachas atá á cuimsiú ag an iarratas ar íocaíocht a ndéanann
na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 difear dó a bhriseadh agus an chuid sin
amháin. Cuirfidh an t-oifigeach um údarú trí
tharmligean in iúl don Bhallstát agus don Údarás Freagrach láithreach an chúis
leis an mbriseadh agus iarrfaidh sé orthu an cás a réiteach. Cuirfidh an
t-oifigeach um údarú trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a
chuirfear na bearta go léir is gá i gcrích. Airteagal 37a
Íocaíochtaí a fhionraí 1.
Féadfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil
iomlán nó cuid de a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas: (a)
i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach i gcóras
bainistíochta agus rialaithe an chláir a chuireann isteach ar iontaofacht an
nós imeachta maidir le deimhniú íocaíochtaí nár glacadh aon bhearta
ceartaitheacha ina leith; nó (b)
tá caiteachas i ráiteas deimhnithe caiteachais
nasctha le neamhrialtacht thromchúiseach nár ceartaíodh; nó (c)
sáraíonn Ballstát a oibleagáidí
faoi Airteagal 22(1) agus (2) go tromchúiseach. 2.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an
t-iarmhéid bliantúil iomlán nó cuid de a chur ar fionraí, i ndiaidh dó deis a
thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de thréimhse
dhá mhí. 3.
Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí an
iarmhéid bhliantúil nó cuid de i gcás ina bhfuil na bearta riachtanacha glactha
ag an mBallstát chun an fhionraí a chur i leataobh. I
gcás nach nglacann an Ballstát na bearta sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a
ghlacadh ranníocaíocht iomlán an Aontais leis an gclár oibríochtúil nó cuid den
ranníocaíocht sin a chealú i gcomhréir le hAirteagal 42. Airteagal 38
Úsáid an euro 1.
Déanfar méideanna atá leagtha amach i gcláir arna
gcur isteach ag Ballstáit, réamh‑mheastacháin ar chaiteachas, ráitis
chaiteachais, iarratais ar íocaíocht, cuntais bhliantúla agus an caiteachas atá
luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a ainmniú
in euro. 2.
Déanfaidh Ballstáit nár ghlac an euro mar a n‑airgeadra
ar dháta an iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san
airgeadra náisiúnta a chomhshó go euro. Déanfar an
méid a chomhshó go euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta mhíosúil an
Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais Údarás Freagrach an
chláir náisiúnta lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta a fhoilsiú go
leictreonach gach mí. 3.
Nuair a thiocfaidh an euro chun
bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó
atá leagtha amach i mír 2 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna
cuntais ag an Údarás Freagrach roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta comhshó
idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro. Roinn 4
Imréiteach
cuntas agus ceartuithe airgeadais Airteagal 39
Faisnéis a chur isteach 1.
Faoin 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh dheireadh na
bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát na doiciméid agus an fhaisnéis seo a
leanas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal [56] den
Rialachán Airgeadais: (a)
cuntais bhliantúla an Údaráis Fhreagraigh; (b)
dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le hiomláine,
le cruinneas agus le fírinneacht na gcuntas bliantúil, feidhmiú ceart na gcóras
rialaithe inmheánaigh agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart
bunúsach agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; (c)
tuarascáil achomair ar na hiniúchóireachtaí agus ar
na rialuithe uile a cuireadh i gcrích agus atá ar fáil, lena n‑áirítear
anailís ar laigí córasacha nó athfhillteacha, agus gníomhaíochtaí
ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe; (d)
tuairim iniúchóra an Údaráis
Iniúchóireachta maidir leis an dearbhú urrúis bhainistíochta lena gcumhdaítear
na gnéithe go léir lena mbaineann, arna dtionlacan ag tuarascáil ar rialú ina
leagtar amach cinntí na n‑iniúchóireachtaí a rinneadh maidir leis an
mbliain chuntasaíochta atá cumhdaithe ag an tuairim. 2.
Cuirfidh an Ballstát tuilleadh faisnéise ar fáil
don Choimisiún má iarrann an Coimisiúin amhlaidh. Mura
gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta chun í
a chur isteach arna shocrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh
a dhéanamh ar imréiteach na gcuntas ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh. 3.
Beidh na doiciméid a fhoráiltear
i mír 1 mar bhunús don iarratas ar íoc an iarmhéid bhliantúil. 4.
Déanfar na doiciméid atá
liostaithe i mír 1 a dhréachtú de réir na samhlacha arna nglacadh ag an
gCoimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiún na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach
dá dtagraítear in Airteagal 55(2). Airteagal 40
Imréiteach bliantúil na gcuntas 1.
Faoin 30 Aibreán den bhliain tar éis na bliana
airgeadais, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le himréiteach na gcuntas
bliantúil le haghaidh gach clár náisiúnta. Cumhdóidh
an cinneadh imréitigh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil
arna gcur isteach gan dochar do cheartuithe airgeadais ar bith ina dhiaidh sin. 2.
Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun
feidhme, modhanna a leagan síos maidir le cur chun feidhme an nós imeachta
maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas, maidir leis na bearta is gá a
dhéanamh maidir leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear
bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus
na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(3). Airteagal 41
Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag na Ballstáit Déanfaidh na Ballstáit ceartuithe airgeadais i
gcás go mbraitear neamhrialtachtaí nó faillí faoi na cláir náisiúnta tríd an
ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais lena mbaineann a chur ar ceal go hiomlán nó
i bpáirt. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh cineál
agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith
bhuiséad an Aontais agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Athleithdháilfear
méideanna ar ceal agus méideanna arna ngnóthú, chomh maith le hús orthu, ar an
gclár náisiúnta lena mbaineann, seachas na méideanna a bhaineann le
neamhrialtachtaí arna sainaithint ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag
seirbhísí an Choimisiúin lena n‑áirítear OLAF. Tar éis chur i gcrích an chláir náisiúnta,
aisíocfaidh an Ballstát na méideanna arna ngnóthú le buiséad an Aontais. Airteagal 42
Imréiteach comhréireachta agus ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an
gCoimisiún 1.
Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí
ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di le clár náisiúnta a chur ar ceal
agus an méid a ghnóthú ón mBallstát d’fhonn é a eisiamh ó chaiteachas maoinithe
an Aontais atá ag sárú an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais is infheidhme,
lena n‑áirítear sin a bhaineann le heasnaimh i gcórais bhainistíochta
agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa. 2.
Ní bheidh ceartú airgeadais mar thoradh ar shárú an
dlí infheidhme náisiúnta nó dhlí infheidhme an Aontais ach sa chás go
gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá tionchar ag an sárú, nó d’fhéadfadh tionchar a
bheith aige, ar roghnú na dtionscadal faoin gclár náisiúnta; (b)
tá baol ann go bhfuil tionchar, nó go bhféadfadh
tionchar a bheith ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le
haisíoc le buiséad an Aontais. 3.
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus cinneadh á
dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, cineál agus
tromaíocht an tsáraithe ar dhlí náisiúnta nó ar dhlí an Aontais is infheidhme agus
na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais. 4.
Sula nglacfar aon chinneadh
maoiniú a dhiúltú, déanfar cinntí an Choimisiúin mar aon le freagraí an
Bhallstáit a chur in iúl i scríbhinn, agus ina dhiaidh sin féachfaidh an dá
pháirtí le teacht ar chomhaontú i leith na mbeart atá le déanamh. 5.
Ní féidir maoiniú a dhiúltú do
na nithe seo a leanas: (a) caiteachas
arna thabhú ag an Údarás Freagrach níos mó ná 36 mí roimh
don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí; (b) caiteachas ar ghníomhaíochtaí
ilbhliantúla faoi raon feidhme na
gclár náisiúnta, i gcás ina gcuirtear an oibleagáid dheireanach ar an tairbhí
níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i
scríbhinn faoina chinntí; (c) caiteachas
ar ghníomhaíochtaí i gcláir náisiúnta, seachas na
gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, i gcás ina
ndéanann an tÚdarás Freagrach an íocaíocht nó, faoi mar a bheidh, an íocaíocht
dheiridh, ina leith níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don
Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí. 6.
Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun
feidhme, modhanna a leagan síos maidir le cur chun feidhme an nós imeachta
maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas, maidir leis na bearta is gá a
ghlacadh maidir leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear
bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus
na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(3).
Airteagal 43
Oibleagáidí na mBallstát Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais arna dhéanamh
ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi
Airteagal 21(h) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí
Airteagal 107(1) den Chonradh agus faoi Airteagal 14 de Rialachán
(CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle[13]. Airteagal 44
Aisíoc 1. Déanfar aon aisíocaíocht a
bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an
dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir
le hAirteagal [77] den Rialachán Airgeadais. Is
ar an lá deiridh den dara mí tar éis an ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite. 2. Má bhíonn
moill le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dhéanach i
gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta
iarbhír. Beidh ráta an úis sin céatadán go leith os cionn an ráta arna chur i
bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ina bpríomhoibríochtaí
athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite. Roinn 5
Saoradh Airteagal 45
Prionsabail 1.
Cuirfear cláir náisiúnta faoi bhráid nós imeachta
saortha atá bunaithe ar an mbonn go saortar méideanna nasctha le gealltanas
nach bhfuil cumhdaithe sa réamh‑mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 33
nó iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 39 faoin 31 Nollaig sa
dara bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh. 2.
Déanfar an gealltanas a bhaineann le bliain
dheireanach na tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i
gcrích na gclár. 3.
I gcás gealltanais ar bith atá oscailte fós ar an
dáta incháilithe deiridh caiteachais dá dtagraítear in Airteagal 17(3) nach
ndearna an tÚdarás Freagrach iarratas ar íocaíocht ina leith laistigh de shé
mhí tar éis an dáta sin, déanfar é a shaoradh go huathoibríoch. Airteagal 46
Eisceachtaí maidir leis
an saoradh 1.
Déanfar an méid lena mbaineann an saoradh a laghdú
le méideanna nach raibh an tÚdarás Freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i
ngeall ar na nithe seo a leanas: (a) gníomhaíochtaí a cuireadh ar fionraí le
himeacht dlíthiúil nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach
aige; nó (b) cúiseanna force majeure
a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir náisiúnta go
léir nó cuid de. Léireoidh na hÚdaráis Fhreagracha a mhaíonn go raibh force
majeure ann iarmhairtí díreacha an force majeure ar chur chun
feidhme an chláir náisiúnta go léir nó cuid de. Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin má mhair
an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin, nó roinnt
uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad tréimhse an force majeure nó do na
blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar
cuireadh cur chun feidhme na gníomhaíochta ar fionraí agus an dáta a rinneadh
an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin. 2.
Cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún
faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Eanáir i leith an méid atá
le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin. 3.
Déanfar neamhaird den chuid de na gealltanais
bhuiséadacha a ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina leith ach a ndearna an
Coimisiún a íocaíocht a laghdú nó a chur ar
fionraí amhail an 31 Nollaig den bhliain N + 2 i ríomh an tsaortha
uathoibríoch. Airteagal 47
Nós Imeachta 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl
don Bhallstát in am trátha gach uair a bhfuil baol ann go ndéanfar saoradh a
chur i bhfeidhm faoi Airteagal 42. 2. Ar bhonn na faisnéise atá
aige ar an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Údarás Freagrach faoi
mhéid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh. 3. Beidh dhá mhí ag an mBallstát
le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach. 4. Déanfaidh an Coimisiún an
saoradh uathoibríoch tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis na teorann ama
deiridh a d'eascair ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 3. 5. I gcás saortha uathoibríoch,
laghdófar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann,
don bhliain i dtrácht, de réir an mhéid arna shaoradh go huathoibríoch.
Laghdófar ranníocaíocht an Aontais sa phlean maoinithe pro rata, seachas sa
chás ina n‑ullmhaíonn an Ballstát plean maoinithe atá leasaithe. CAIBIDIL V FAISNÉIS, CUMARSÁID, FAIREACHÁN,
MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ Airteagal 48
Faisnéis agus poiblíocht 1.
Beidh na Ballstáit agus na hÚdaráis Fhreagracha
freagrach as an méid seo a leanas: (a)
a áirithiú go mbunófar suíomh Gréasáin nó tairseach
Gréasáin ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar na cláir náisiúnta sa
Bhallstát sin; (b)
tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi
dheiseanna cistiúcháin faoi na cláir náisiúnta; (c)
ról agus éachtaí na Rialachán
Sonrach a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí
cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gclár náisiúnta. 2.
Áiritheoidh na Ballstáit trédhearcacht maidir le
cur chun feidhme na gclár náisiúnta agus coinneoidh siad liosta gníomhaíochtaí
a fhaigheann tacaíocht ó gach clár náisiúnta a bheidh ar fáil tríd an suíomh
Gréasáin nó tríd an tairseach Gréasáin. 3.
Tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54
chun rialacha a leagan síos maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta le
haghaidh na mbeart poiblí agus faisnéise do thairbhithe. 4.
Déanfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe, gnéithe teicniúla na mbeart faisnéise agus
poiblíochta a shainiú. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(3). Airteagal 49
Tuarascálacha cur chun feidhme 1.
Déanfaidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil maidir
le cur chun feidhme gach cláir náisiúnta sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur
faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2016 agus faoin 31 Márta
i ngach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015 sa
tuarascáil a chuirfear isteach in 2016. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil dheiridh ar chur
chun feidhme na gclár náisiúnta a chur isteach faoin 31 Nollaig 2023.
2.
Leagfar amach faisnéis i dtuarascálacha cur chun
feidhme maidir leo seo a leanas: (a)
cur chun feidhme an chláir náisiúnta trí thagairt
do na sonraí airgeadais agus do na táscairí; (b)
aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmiú
an chláir náisiúnta. 3.
I bhfianaise an athbhreithnithe mheántéarma, sa
tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfear isteach sa bhliain 2017,
leagfar amach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus déanfar measúnú uirthi,
chomh maith leis an méid seo a leanas: (a)
an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí
saothraithe a ghnóthú leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár
náisiúnta; (b)
rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe maidir le cur
chun feidhme, faireachán agus meastóireacht an chláir náisiúnta. 4.
Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun
feidhme a chuirfear isteach sa bhliain 2019 agus sa tuarascáil dheiridh ar
chur chun feidhme, i dteannta leis an bhfaisnéis agus leis an measúnú atá
leagtha amach i mír 2 agus i mír 3, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn
atá déanta maidir le cuspóirí an chláir náisiúnta a ghnóthú. 5.
Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun
feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 inghlactha i gcás ina bhfuil an
fhaisnéis go léir arna hiarraidh sna míreanna sin ar áireamh iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15
lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme
más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a
bheith inghlactha. 6.
Cuirfidh an Coimisiún a chuid
barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme in iúl don
Bhallstát laistigh de dhá mhí ó dháta fála na tuarascála bliantúla ar chur chun
feidhme. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den
spriocdháta seo, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha. 7.
Féadfaidh an Coimisiún moltaí a
eisiúint chun plé le haon saincheisteanna a dhéanann difear do chur chun feidhme
an chláir náisiúnta. I gcás ina ndéanfar moltaí den sórt sin, cuirfidh an
tÚdarás Freagrach na bearta ceartaitheacha arna nglacadh in iúl don Choimisiún
laistigh de thrí mhí. 8.
Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar
chur chun feidhme a dhréachtú de réir na samhlacha arna nglacadh ag an
gCoimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 55(2).
Airteagal 50
An creat coiteann faireacháin agus meastóireachta 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an
Rialachán seo agus ar na Rialacháin Shonracha, nuair is iomchuí, i
ndlúthchomhar leis na Ballstáit. 2.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun
feidhme na Rialachán Sonrach i gcomhpháirt leis na Ballstáit. 3.
Bunófar creat coiteann faireacháin agus
meastóireachta d’fhonn ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, breisluach,
inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí a thomhas agus an t-ualach riaracháin a
shimpliú agus a laghdú, i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus na
Rialachán Sonrach agus fheidhmiú an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach
mar ionstraimí lena gcuirtear le forbairt limistéar na saoirse, na slándála
agus an cheartais. 4.
Tabharfar cumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
dá dtagraítear in Airteagal 54 chun an creat coiteann faireacháin agus
meastóireachta a fhorbairt tuilleadh. 5.
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá ar
fáil don Choimisiún chun faireachán agus meastóireacht an Rialacháin seo agus
na Rialachán Sonrach a cheadú. 6.
Breithneoidh an Coimisiún
freisin an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi na
Rialacháin Shonracha agus na cinn arna saothrú faoi bheartais, faoi ionstraimí
agus faoi thionscnaimh ábhartha eile an Aontais. Airteagal 51
Meastóireacht na gclár náisiúnta ag na Ballstáit 1.
Déanfaidh na Ballstáit meastóireachtaí chun
cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme na gclár náisiúnta a fheabhsú, i
gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta
ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a
bhailiú, lena n‑áirítear sonraí a bhaineann le táscairí coiteanna agus le
táscairí atá sainiúil do chlár. 3.
Is saineolaithe meastóireachta
atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na hÚdaráis Fhreagracha, ar na hÚdaráis
Iniúchóireachta, agus ar na hÚdaráis Tharmligthe a dhéanfaidh na
meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir le conas
meastóireachtaí a dhéanamh. 4.
Cuirfear na meastóireachtaí go
léir ina n‑iomláine ar fáil don phobal. Airteagal 52
Tuarascálacha measúnaithe ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún 1.
I gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin
agus meastóireachta, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas faoi bhráid an
Choimisiúin: (a) tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir
le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi na cláir náisiúnta faoin 31 Nollaig 2017; (b) tuarascáil
mheasúnaithe ex-post maidir le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoi na cláir náisiúnta
faoin 31 Nollaig 2023. 2.
Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1,
déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid Pharlaimint na
hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste
na Réigiún: (a)
tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir le cur
chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach ar leibhéal an Aontais
faoin 30 Meitheamh 2018; (b)
tuarascáil mheasúnaithe ex-post maidir le
héifeachtaí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tar éis chur i gcrích
na gclár náisiúnta, faoin 30 Meitheamh 2024. 3.
Scrúdófar freisin i meastóireacht ex-post an
Choimisiúin tionchar na Rialachán Sonrach ar fhorbairt limistéar na saoirse, na
slándála agus an cheartais i dtéarmaí a rannchuidithe leis na cuspóirí seo a
leanas: (a)
forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an
chomhair póilíneachta agus an bhainistithe géarchéime; (b)
bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an
AE; (c)
forbairt an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh; (d)
cóir chothrom agus chomhionann
náisiúnach tríú tír; (e)
dlúthpháirtíocht agus comhar
idir na Ballstáit nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna imirce
agus slándála inmheánaí; (f)
cur chuige comhchoiteann an
Aontais i leith imirce agus slándála maidir le tríú tíortha. Airteagal 53
Tuarascáil ar an athbhreithniú meántéarma In 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar
an athbhreithniú meántéarma arna dhéanamh i gcomhréir le forálacha an
Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa,
don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste
na Réigiún. CAIBIDIL VI FORÁLACHA
IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 54 An tarmligean a fheidhmiú 1.
Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san
Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2.
Bronnfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa
Rialachán seo ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse seacht mbliana ó theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar tarmligean na
cumhachta a shíneadh go hintuigthe go ceann tréimhse comhfhaid, mura gcuireann
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach
déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa
nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé
i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas
Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Tiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó
cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin
nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don
Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina
choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na
hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 55 An Nós Imeachta Coiste 1.
Tabharfaidh an Comhchoiste 'Tearmainn, Imirce agus
Slándála' arna bhunú ag an Rialachán seo cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 56 Athbhreithniú Ar bhonn togra ón gCoimisiún, déanfaidh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin
30 Meitheamh 2020 ar a dhéanaí. Airteagal 57 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach sna Ballstáit. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh 1.2. Réimse/réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóir
nó cuspóirí 1.5. Na
forais leis an togra/an tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteideal/ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid lena mbaineann
3.2. An
tionchar a mheastar ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Rannpháirtíocht
ó thríú páirtithe sa mhaoiniú 3.3. An tionchar a mheastar ar
ioncam RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/an tionscnaimh
Cumarsáid
"Building an open and secure Europe: the home affairs budget for
2014-2020” (Eoraip a fhorbairt atá oscailte agus slán: an buiséad gnóthaí
baile do 2014-2020); Togra le
haghaidh Rialacháin ina leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste
Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,
agus le haghaidh bainistíochta géarchéime; Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce; Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,
agus le haghaidh bainistíochta géarchéime; Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí,
an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha
agus víosaí.
1.2.
Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat
ABM/ABB[14]
Ceannteideal 3
faoi láthair, Teideal 18 – Gnóthaí Baile Peirspictíochtaí
Airgeadais Ilbhliantúla Amach Anseo: Ceannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht)
– "An Ciste Bainistíochta Imirce” agus “ Slándáil Inmheánach” An cineál togra/tionscnaimh þ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua (maoiniú
gnóthaí baile don tréimhse 2014-2020) ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua tar éis
treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[15]
¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá
ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i
dtreo gníomhaíochta nua
1.3.
Cuspóirí
1.3.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Is é aidhm
dheireanach na mbeartas gnóthaí baile limistéar gan teorainneacha inmheánacha a
chruthú a bhféadfaidh saoránaigh an AE agus náisiúnaigh tríú tír dul isteach,
gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua, caipiteal, eolas
agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí náisiúnta an tsaothair
á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n‑urramú go
hiomlán agus a slándáil deimhnithe. Tá comhar le tíortha neamh‑AE agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun an sprioc sin a bhaint amach. Dearbhaíodh
tábhacht mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile i gClár Stócólm agus sa Chlár
Gníomhaíochta lena mbaineann, a bhfuil a chur chun feidhme ina thosaíocht
straitéiseach de chuid an Aontais lena gcuimsítear réimsí amhail imirce (imirce
dhleathach agus lánpháirtiú; tearmann; imirce agus filleadh atá mírialta),
slándáil (an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chosc agus a
chomhrac; comhar póilíneachta) agus bainistiú na dteorainneacha seachtracha
(lena n‑áirítear beartas víosaí), chomh maith le gné sheachtrach na
mbeartas sin. Trí Chonradh Liospóin cuirtear ar chumas an Aontais freisin
uaillmhian níos fearr a léiriú i dtaca le freagairt do ghnóthaí laethúla
saoránach i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais. Ba cheart go
bhféachfaí ar thosaíochtaí an bheartais gnóthaí baile, go háirithe lánpháirtiú
náisiúnach tríú tír, i gcomhthéacs na seacht dtionscnamh suaitheanta arna gcur
i láthair i Straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé mar aidhm acu cuidiú leis an AE
teacht tríd an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch reatha agus fás cliste,
inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Cuirfear an
cúnamh airgeadais atá de dhíth ar fáil sa Chiste Tearmainn agus Imirce agus sa
Chiste Slándála Inmheánaí d’fhonn torthaí inbhraite a dhéanamh de chuspóirí
gnóthaí baile an Aontais.
1.3.2.
Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
AN CISTE
TEARMAINN AGUS IMIRCE (a) an
Comhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n‑áirítear
an diminsean seachtrach lena mbaineann; (b) tacú
le himirce dhleathach chuig an Aontas de réir riachtanais eacnamaíocha agus
shóisialta na mBallstát agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíre a
chur cinn, lena n‑áirítear iarrthóirí tearmainn agus tairbhithe cosanta
idirnáisiúnta; (c) straitéisí
córa agus éifeachtúla um fhilleadh sna Ballstáit a fheabhsú agus béim ar
inbhuaine an fhillte agus ar athcheadú isteach éifeachtúil chuig na tíortha
tionscnaimh; (d) an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta
idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a
ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh. Gníomhaíochtaí reatha ABB atá i gceist: 18.03 (Ciste Eorpach um Dhídeanaithe, bearta
éigeandála agus Ciste Eorpach chun Náisiúnaigh Tríú Tíortha a Lánpháirtiú) agus
18.02 (chomh fada agus a bhaineann sé leis an gCiste Eorpach um Fhilleadh). AN CISTE SLÁNDÁLA INMHEÁNAÍ Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar
póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh
bainistíochta géarchéime I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí,
cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais, rannchuideoidh an
Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas (a) an choireacht thrasteorann, an choireacht
thromchúiseach agus an choireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear
sceimhlitheoireacht, agus chun comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis um
fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát agus le tríú tíortha ábhartha; (b) cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú
maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar
ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh
ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an
tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil á chosaint orthu. Gníomhaíochtaí reatha ABB atá i gceist: 18.05 Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do
theorainneacha seachtracha agus víosaí I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí,
cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an AE, rannchuideoidh an
Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas (a) tacú
le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a
áirithiú i gcás náisiúnach tríú tír agus dul i ngleic le himirce mírialta (b) tacú
le bainistiú teorainneacha, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha
a áirithiú ar thaobh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha
ar an taobh eile i gcomhréir le acquis Schengen. Gníomhaíochtaí
reatha ABB atá i gceist: 18.02 (chomh fada is a
bhaineann sé leis an gCiste um Theorainneacha Seachtracha).
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar
ba cheart a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil
sé dírithe. Tá cur síos
níos mionsonraithe ar éifeachtaí an togra maidir le tairbhithe/spriocghrúpaí i
Roinn 4.1.2 den Mheasúnú Tionchair. I gcoitinne,
beidh éifeacht thairbheach ag simpliú arna thabhairt isteach ag gach leibhéal
den phróiseas maoinithe agus ag gach modh bainistíochta ar na próisis faoina
ndéanfar tacaíocht airgeadais a bhainistiú. An Ciste
Tearmainn agus Imirce: Is iad ranna
na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme an acquis nó na mbeartas
ábhartha mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí
neamhrialtasacha a oibríonn sa réimse tearmainn agus imirce (nósanna imeachta
maidir le ligean isteach, bearta lánpháirtíochta agus oibríochtaí fillte) a
bheidh ar phríomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais le haghaidh tearmainn
agus imirce. Is iarrthóirí
tearmainn, tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta, dídeanaithe athshuite agus
náisiúnaigh tríú tíortha eile a thagann chuig an AE ar chúiseanna éagsúla agus
a bhfuil riachtanais éagsúla acu (e.g. riachtanais eacnamaíocha, athaontú
teaghlaigh, mionaoisigh gan tionlacan, srl) iad na spriocghrúpaí a bhaineann
tairbhe as na hathruithe. Beidh sé níos éasca rochtain a fháil ar na
spriocghrúpaí sin cion is go mbeidh rochtain ar chistiú níos éasca le cumasc na
ngníomhaíochtaí éagsúla maidir le bainistiú ar imirce in aon Chiste amháin (aon údarás freagrach amháin, sofheictheacht níos fearr agus raon
feidhme níos soiléire maidir le hidirghabháil) agus beidh tacaíocht solúbtha
indéanta (e.g. an cineál gníomhaíochta céanna á dhíriú ar roinnt spriocghrúpaí
éagsúla). Déanfar raon feidhme na hidirghabhála a leathnú, chun slabhra imirce
iomlán le spriocghrúpaí éagsúla a chumhdach, lena n‑áirítear grúpaí
sprioctha sínte, i.e. náisiúnaigh tríú tíortha den dara glúin (ar náisiúnach
tríú tír é an t-athair nó an mháthair). An Ciste
Slándála Inmheánaí: Comhar
póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime Is iad na Ballstáit agus a n‑údaráis um fhorghníomhú
an dlí mar aon le haon údarás eile a shainfheidhmíonn i gcosaint bonneagar
criticiúil agus bainistíocht géarchéime, ach freisin na hEagraíochtaí ábhartha
Idirnáisiúnta agus Neamhrialtasacha, nuair is iomchuí (e.g. i réimse bheartas
chosc na coireachta, frithradacaithe agus frithgháinneála) a bheidh ar
phríomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais. Is é an daonra go léir an spriocghrúpa a bhainfidh
tairbhe as na hathruithe.
I measc na mórghníomhartha beidh 1) cumas feabhsaithe riaracháin agus
oibríochta na mBallstát coireacht eagraithe thromchúiseach thrasteorann a
bhrath agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear sceimhlitheoireacht d’fhonn
na bagairtí a bhaineann leis an tslándáil a eascraíonn as a leithéid de
choireacht a laghdú, agus 2) go mbeadh solúbthacht níos treise san Eoraip
maidir le géarchéimeanna agus tubaistí de bharr beartais níos comhtháite maidir
le bainistíocht riosca a nascfaidh bagairt agus measúnú riosca le ceapadh
beartas sa chaoi go mbeidh freagra níos éifeachtaí agus níos comhordaithe ag an
AE ar ghéarchéim ar thaobh amháin agus go nascfar na cumais agus an saineolas
reatha ar an taobh eile. Gnóthachan tábhachtach eile a bheidh ann nuair a
bheidh cumas níos fearr ag na Ballstáit na daoine agus bonneagar criticiúil a
chosaint agus a ullmhú in aghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais
thromchúiseacha eile a bhaineann le slándáil. Teorainneacha seachtracha agus víosaí
Is iad na seirbhísí cur chun feidhme acquis an AE,
Cód Teorainneacha Schengen, agus an Cód Víosa sna Ballstáit príomhthairbhithe
na tacaíochta airgeadais i gcomhair teorainneacha agus víosaí: gardaí teorann,
póilíní agus seirbhísí consalachta. Is na taistealaithe an spriocghrúpa a
bhainfidh tairbhe as na hathruithe - gach duine a thrasnaíonn teorainneacha
seachtracha isteach san AE. Áireofar leis an torthaí sin cumas feabhsaithe na
seirbhísí sin (1) faireachas teorann agus idirchaidreamh a dhéanamh le
seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh um
Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR); (2) bainistiú a dhéanamh ar shreabha
imirce ag ionaid chonsalachta (iarratais ar víosaí) agus (3) feabhas a chur ar
láimhseáil sreafaí paisinéirí agus pointí trasnaithe teorann, sa chaoi go
gcinnteofar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta ar thaobh amháin, i gcomhar le
seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, agus trasnú rianúil i gcomhréir le
acquis agus leis na prionsabail maidir le láimhseáil mheasúil agus dínit ar an
taobh eile. Toradh tábhachtach ar leith a bheidh air is ea an chaoi a bhunófar
dhá chóras TF nua an AE maidir le gluaiseacht náisiúnach tríú tíortha thar
theorainneacha (Córas Dul Isteach Imeachta an AE agus agus Clár um
Thaistealaithe Cláraithe).
1.3.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh Ós rud é gur
gá comhphlé beartais a dhéanamh sula ndéantar na cláir náisiúnta a shainiú, ní
féidir sraith chinntitheach táscairí a chinneadh ag an gcéim seo, sraith a
úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha atá luaite thuas a thomhas. Maidir leis an réimse tearmainn agus imirce, áfach, chuimseodh
táscairí, inter alia, an leibhéal feabhsaithe maidir le
coinníollacha glactha tearmainn, i gcáilíocht nósanna imeachta tearmainn,
maidir le comhchlaonadh na rátaí aitheantais ar fud na mBallstát, agus
iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát, leibhéal na rannpháirtíochta méadaithe de
náisiúnaigh tríú tíortha i bpróisis fostaíochta, oideachais agus dhaonlathacha,
líon na ndaoine a cuireadh ar ais agus leibhéal an chúnaimh fhrithpháirtigh
mhéadaithe idir na Ballstáit lena n‑áirítear comhar praiticiúil agus
athshuíomh. Maidir le comhar
póilíneachta agus an choireacht a chosc agus a chomhrac, i measc na dtáscairí
bheadh líon na gcomhoibríochtaí trasteorann agus líon na ndoiciméad
dea-chleachtais agus na n‑imeachtaí a d’eagrófaí. I measc na dtáscairí le haghaidh bainistíochta géarchéime agus
cosaint an bhonneagair chriticiúil bheadh líon na n‑uirlisí a chuirfí ar
fáil nó a ndéanfaí uasghrádú breise orthu chun cosaint an bhonneagair
chriticiúil ag Ballstáit a éascú i ngach earnáil den gheilleagar agus líon na
measúnuithe ar bhagairtí agus ar rioscaí a chuirfí ar fáil ar leibhéal an
Aontais. - i measc na dtáscairí sa réimse teorainneacha agus
víosaí bheadh líon na bpost consalachta a dhéanfaí a dhaingniú nó a
fheabhsú chun iarratais ar víosaí a phróiseáil go héifeachtúil agus caighdeán
na seirbhíse d’iarratasóirí víosa a áirithiú, agus trealamh a fhorbairt le haghaidh
rialú teorann agus gabháil náisiúnach mírialta tríú tíortha ag an teorainn
sheachtrach i gcomparáid leis an riosca atá ann ag an gcuid sin den teorainn
sheachtrach. Déanfaidh táscairí maidir leis an tionchar an méadú ar shlándáil
na dteorann, cumas eisiúna víosaí agus cumas chun trácht na dtaistealaithe thar
theorainneacha a láimhseáil go slán agus go réidh a thomhas.
1.4.
Na forais leis an togra/an tionscnamh
1.4.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Beidh ar an AE
leanúint ar aghaidh ag dul i ngleic le dúshláin thábhachtacha sa réimse maidir
le gnóthaí baile i rith na tréimhse 2014-2020. Má chuirtear athruithe
déimeagrafacha, athruithe struchtúracha sna margaí saothair agus patrúin
iomaíochta le haghaidh scileanna san áireamh, beidh beartas imirce dleathaí
agus lánpháirtithe a bhreathnaíonn ar aghaidh ríthábhachtach chun iomaíochas
agus comhtháthú sóisialta an AE a fheabhsú, chun ár sochaithe a shaibhriú agus
deiseanna a chruthú do chách. Ní mór don AE dul i ngleic i gceart le himirce
mhírialta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Ag an am céanna, ní mór dúinn
dlúthpháirtíocht a léiriú i gcónaí dóibh siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de
dhíth orthu. Is tosaíocht i gcónaí é go gcuirfear Comhchóras Tearmainn Eorpach
níos cosantaí agus níos éifeachtaí ina léireofar ár luachanna chun críche. Tá sé
riachtanach timpeallacht shlán shábháilte a áirithiú agus tá sé tairbhiúil ó
thaobh fás eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an AE. Tá ról cinniúnach ag
an AE, cibé acu trí dhul i ngleic le bagairtí na coireachta tromchúisí agus
eagraithe, na cibearchoireachta agus na sceimhlitheoireachta agus trí
bhainistíocht theorainneacha seachtracha an AE a áirithiú, nó trí fhreagairt
thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn de thoradh ar
thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine. I ré an domhandaithe, ina bhfuil na
bagairtí ag méadú agus ina bhfuil méadú ag teacht ar ghné trasnáisiúnta na
mbagairtí sin, ní féidir le Ballstát ar bith freagairt éifeachtach a thabhairt
ina aonair. Tá freagra cuimsitheach comhtháite de dhíth lena n‑áirithiú
go mbeidh údaráis um fhorghníomhú an dlí in ann dul i mbun oibre go
héifeachtach thar theorainneacha agus thar dhlínsí. Tá comhar le
tíortha neamh‑AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun
na spriocanna sin a bhaint amach. Léirigh imeachtaí déanacha i dTuaisceart na
hAfraice cé chomh tábhachtach agus atá sé don AE go mbeadh cur chuige
cuimsitheach agus comhordaithe aige maidir le himirce, teorainneacha agus
slándáil. Dá réir sin ní mór gné sheachtrach bheartais gnóthaí baile an AE atá
ag éirí níos tábhachtaí le himeacht ama a neartú, i gcomhchuibheas iomlán le
beartas eachtrach an Aontais.
1.4.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Cruthaíonn
bainistiú sreabha imirce agus bagairtí slándála dúshláin nach féidir le
Ballstáit dul i ngleic leo trí ghníomhú aonair. Is réimsí iad sin lena
mbaineann luach breise soiléir maidir le heagrú bhuiséad an AE. Tá ualach trom
ar roinnt Ballstát mar gheall ar a láthair gheografach shonrach agus mar gheall
ar fhad theorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil dualgas orthu iad a
bhainistiú. In éineacht le deireadh a chur le rialuithe inmheánacha teorann, ní
mór comhbhearta a bheith ann maidir le rialú agus faireachas éifeachtach ar
theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá prionsabal na dlúthpháirtíochta agus
roinnt chóir na ndualgas idir Ballstáit ag croílár na gcomhbheartas tearmainn,
imirce agus teorainneacha seachtracha dá réir sin. Cuireann buiséad an AE na
modhanna ar fáil chun freastal ar impleachtaí airgeadais an phrionsabail seo. I
réimse na slándála, na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na
sceimhlitheoireachta agus na mbagairtí eile a bhaineann leis an tslándáil, is
bagairtí iad a bhfuil gné trasteorann ag baint leo níos mó ná riamh. Tá comhar
agus comhordú trasnáisiúnta i measc na n‑údarás um fhorghníomhú an dlí
riachtanach chun na coireanna seo a chosc agus le troid ina gcoinne, mar
shampla trí mhalartú faisnéise, comh‑imscrúduithe, teicneolaíochtaí comh‑inoibritheacha
agus measúnuithe bagairtí agus riosca comhchoiteanna. Tá acmhainní
agus cumas substaintiúil ag teastáil ó na Ballstáit chun déileáil le sreabha
inimirce, teorainneacha seachtracha an AE agus slándáil an AE. Cruthaítear
barainneachtaí scála agus sineirgí de thoradh ar fheabhas ar chomhar agus ar
chomhordú oibríochtúil a chuimsíonn comhthiomsú acmhainní i réimsí ar nós
oiliúna agus trealaimh, rud a dhéanann úsáid níos éifeachtaí as cistí poiblí a
áirithiú agus dlúthpháirtíocht, muinín frithpháirteach agus comhroinnt
freagrachta as comhbheartais an AE a atreisiú i measc na mBallstát. Baineann sé
seo go mór le hábhar i réimse na slándála, áit a bhfuil tacaíocht airgeadais le
haghaidh gach cineál comhoibríochta trasteorann riachtanach chun comhar a
fheabhsú idir póilíní, custaim, gardaí teorann agus na húdaráis bhreithiúnacha.
Maidir le gné
sheachtrach na ngnóthaí baile, is léir go méadóidh glacadh beart agus
comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an AE go suntasach tionchar an AE faoi mar
atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha plé leis an AE maidir leis na
saincheisteanna sin a bhaineann le himirce agus slándáil atá ina n‑ábhar
spéise go príomha don AE agus do na Ballstáit. Tá ceart an AE
gníomhú i réimse na ngnóthaí baile bunaithe ar Theideal V “Limistéar Saoirse,
Slándála agus Ceartais” den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
go háirithe Airteagal 77(2), Airteagal 78(2), Airteagal 79(2)
agus (4) Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2)
CFAE. Tá comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí
idirnáisiúnta cumhdaithe ag Airteagal 212(3) CFAE. Tugtar urraim sna
tograí do phrionsabal na coimhdeachta toisc go mbeidh tromlach an chistiúcháin
curtha chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí agus
aird á tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát.
1.4.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Cé go
mbreithnítear i gcoitinne go mbaineann ionstraimí airgeadais gnóthaí baile
reatha a gcuid cuspóirí amach agus go bhfeidhmíonn siad go héifeachtach, seo a
leanas na ceachtanna is gá a fhoghlaim ón athbhreithniú meántéarma agus ón
gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara: – Na hionstraimí gnóthaí baile amach anseo a shimpliú agus a chuíchóiriú trí líon na gclár airgeadais a laghdú go dhá cheann trí Chiste
Tearmainn agus Imirce agus Ciste Slándála Inmheánaí a chruthú. Tabharfaidh sé
sin deis don AE leas níos straitéisí a bhaint as a n‑ionstraimí ionas go
mbeidh siad níos freagraí do thosaíochtaí polaitiúla agus do riachtanais an AE;
– Ról an AE mar ghníomhaí domhanda a neartú, trí
chomhpháirt lena mbainfidh gné sheachtrach a chur san áireamh le Cistí amach
anseo chun tionchar an AE a atreisiú maidir le gné beartais sheachtraigh de
bheartais gnóthaí baile; – Tosaíocht a thabhairt do bhainistíocht chomhpháirteach seachas do bhainistiú láraithe más féidir d’fhonn fáil réidh le hualaí
maorlathacha neamhriachtanacha; – Cur chuige maidir le bainistíocht chomhpháirteach a bheidh níos dírithe
ar thorthaí a bhunú trí athrú go clárú ilbhliantúil
lena mbainfidh comhphlé beartais ar leibhéal sinsearach lena n‑áiritheofar
go mbeidh cláir náisiúnta na mBallstát curtha ar chomhréim go hiomlán le
cuspóirí agus le tosaíochtaí beartais an AE agus go ndíreofar ar bhaint amach
torthaí; – Bainistiú láraithe a fheabhsú chun raon uirlisí a chur ar fáil le
haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi réir ag beartas, lena
n‑áirítear tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, go
háirithe gníomhaíochta nuála agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a
bhaineann le tríú tíortha (gné sheachtrach), mar aon le gníomhaíochtaí
éigeandála, staidéir agus imeachtaí; – Comhchreat rialúcháin a bhunú lena mbainfidh
comhshraith rialacha maidir le clárú, tuairisciú, bainistiú airgeadais agus
rialuithe a bheidh chomh cosúil agus is féidir le Cistí AE eile arna mbainistiú
i modh na bainistíochta comhpháirtí d’fhonn tuiscint níos fearr ar na rialacha
a chothú i measc na bpáirtithe leasmhara go léir agus chun leibhéal ard
comhchuibhis agus comhsheasmhachta a áirithiú; – Freagairt thapa agus éifeachtach a chur ar fáil i gcás éigeandálaí, na Cistí a dhearadh ionas gur féidir leis an AE freagairt go cuí i
gcásanna athraitheacha; – Ról na ngníomhaireachtaí gnóthaí baile a fheabhsú chun comhar praiticiúil a chothú idir na Ballstáit agus cúram a chur
orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme ag áirithiú ag an am céanna
rialú polaitiúil cuí ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí. Tá mionsonraí
breise ar fáil sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le
gach Rialachán.
1.4.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Cuirfidh
roinnt ionstraimí AE eile tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí atá comhlántach
do na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gCiste Tearmainn agus Imirce agus
faoin gCiste Slándála Inmheánaí: Tá Ciste
Sóisialta na hEorpa ag tacú faoi láthair le bearta lánpháirtithe maidir le
rochtain ar an margadh saothair ach maoinítear bearta ar nós cúrsaí treoshuite
saoránach, rannpháirtíocht sa saol sóisialta agus cathartha, rochtain chothrom
ar sheirbhísí, srl tríd an gCiste um Lánpháirtiú. Leanfar
ar aghaidh ag tacú le bearta lánpháirtithe ar na bealaí céanna faoin gCiste
Tearmainn agus Imirce agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa a bheidh ann amach
anseo. Beidh an deighilt idir an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim
Airgeadais Cosanta Sibhialta fós mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 3
den chlár CIPS reatha: baineann tubaistí nádúrtha chomh maith le tubaistí
neamhbheartaithe de dhéanamh an duine le cosaint shibhialta (timpistí), agus
baineann tubaistí beartaithe, de dhéanamh an duine leis an tslándáil agus
cumhdófar iad sa Chiste Slándála Inmheánaí dá bhrí sin. Beidh ionsaithe sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a
bhaineann leis an tslándáil fós lasmuigh de raon feidhme Chiste
Dlúthpháirtíochta an AE. Níl an raon feidhme beacht agus an méid a
dhéanfadh Airteagal 222 den CFAE (an clásal dlúthpháirtíochta) tacaíocht a
sholáthar do Bhallstáit a ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta orthu nó atá
thíos de thoradh tubaiste nádúrtha agus de dhéanamh an duine soiléir freisin
mar gheall go bhfuil gá le socruithe cur chun feidhme a ghlacadh go foirmiúil
chuige seo nár moladh fós fiú. Dá bhrí sin, tacófar le féidearthachtaí
maoinithe éigeandála i gcás mór-ionsaí sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a
bhaineann leis an tslándáil ón gCiste Slándála Inmheánaí. Dúnfar an bhearna idir taighde slándála faoin gClár
Horizon 2020 agus cur i bhfeidhm praiticiúil na dtorthaí ó thaighde den
sórt sin mar gheall go bhforálfar cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí
incháilithe faoin gCiste Slándála Inmheánaí a chuirfear ar chumas maoiniú a
chur ar fáil chun na torthaí taighde eolaíochta (‘fréamhshamhlacha’) a thástáil
agus a bhailíochtú d’fhonn iad a chur i bhfeidhm go rialta sa chleachtas
(‘soláthar réamhthráchtála’). Beidh dlúthbhaint ag an gClár Ceartais amach
anseo leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus déanfaidh sé comhlánú air, go
háirithe an ghné ceartais choiriúil atá aige ach tá sé dírithe níos mó ar
chomhar breithiúnach, comhchuibhiú na nósanna imeachta agus aitheantas
frithpháirteach, rud a dhéanfaidh forluí substaintiúil a chosc sa chleachtas. Tacóidh gnéithe seachtracha an Chiste Tearmainn agus Imirce
agus an Chiste Slándála Inmheánaí le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a
bhaineann le tríú tíortha a fhreastalaíonn go príomha ar leasa agus ar
chuspóirí an AE, lena mbainfidh tionchar díreach ar an AE agus ar na Ballstáit
agus lena n‑áiritheofar leanúnachas le gníomhaíochtaí arna gcur chun
feidhme i gcríoch an AE. Beidh an maoiniú sin deartha agus curtha chun feidhme
i gcomhchuibheas le gníomhaíocht sheachtrach agus le beartas eachtrach an AE.
Níl sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt agus ba
cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna
sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Sa chomhthéacs sin, beidh an
comharba ar an gClár Téamach Imirce & Tearmainn agus ar an Ionstraim
Cobhsaíochta ábhartha go háirithe maidir leis an réimse gnóthaí baile. Cé
go dtacaíonn ionstraimí cabhrach seachtraí le ceachtar de riachtanais fhorbartha
na dtíortha tairbhe nó de leasa polaitiúla ginearálta an AE le páirtithe
straitéiseacha, tacóidh cistí gnóthaí baile le gníomhaíochtaí sonracha i dtríú
tíortha ar mhaithe le leas chuspóirí bheartas imirce agus slándála inmheánaí an
AE. Dá réir sin déanfar freastal ar bhearna shonrach leo agus cuirfidh siad
leis an raon uirlisí atá ar fáil don AE.
1.5.
Fad agus tionchar airgeadais
þ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta –
þ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 01/01/2014 go 31/12/2020 –
þ Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 ¨ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB
agus BBBB, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.6.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[16]
þBainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
þ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
þ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[17] –
þ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil
misean de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais þ Bainistíocht chomhpháirteach leis na
Ballstáit þBainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha þ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí
idirnáisiúnta (sonraí le tabhairt) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí: Déanfar na tograí
a chur chun feidhme go príomha trí bhainistíocht chomhpháirteach, lena
mbainfidh cláir náisiúnta ilbhliantúla. Déanfar na
cuspóirí atá le baint amach faoi na cláir náisiúnta a chomhlánú le
“gníomhaíochtaí an Aontais” agus meicníocht mhearfhreagartha chun déileáil le
staideanna éigeandála. Beidh siad i bhfoirm deontas agus soláthair den chuid is
mó faoi bhainistíocht dhíreach láraithe lena n‑áireofar gníomhaíochtaí i
dtríú tíortha agus maidir leo. Bainfear leas
as gach modh féideartha chun ilroinnt a sheachaint trí acmhainní a dhíriú ar
líon teoranta cuspóirí an AE a bhaint amach agus úsáid a bhaint as saineolas na
bpríomhpháirtithe leasmhara, nuair is iomchuí, ar bhonn comhaontuithe
comhpháirtíochta agus comhaontuithe réime. Déanfar cúnamh
teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme trí bhainistíocht
dhíreach láraithe. Glacfaidh na
tíortha a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus forbairt
acquis Schengen páirt freisin sa dá ionstraim den Chiste Slándála Inmheánaí ar
ionann iad agus forbairt ar acquis Schengen (na hionstraimí maidir le
teorainneacha agus víosaí agus maidir le comhar póilíneachta) amhail agus dá
mba Ballstáit iad, i bhfianaise Comhaontuithe Comhlachais Schengen. Glacfaidh
siad páirt sna hionstraimí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin, ag cur a
gcláir náisiúnta ilbhliantúla chun feidhme agus beidh deis acu iarratas a
dhéanamh ar mhaoiniú faoi ghníomhaíochtaí an Aontais etc. Mar an gcéanna leis
an gCiste um Theorainneacha Seachtracha, cuirfear socruithe sonracha i gcrích
chun na rialacha breise atá riachtanach le go nglacfaidh siad páirt ann a
shonrú (rialacha a eascraíonn as an Rialachán Airgeadais, a chuid Rialacha Cur
Chun Feidhme agus na Conarthaí, lena n‑áirítear cumhacht iniúchóireachta
na Cúirte Iniúchóirí). Ós rud é go rannchuideoidh na Stáit seo le buiséad an AE
don dá ionstraim seo i gcomhréir lena OTI, cinnteoidh na socruithe freisin na
ranníocaíochtaí a bheidh le fáil ó na Stáit seo mar chuid den chomhroinnt
freagrachta maidir le rialachas Schengen, agus déanfar sin beag beann ar an
méid a leithdháiltear orthu faoi na hionstraimí. Go dtí seo, is iad na Stáit
atá i gceist ná an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin.
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Maidir le
bainistíocht chomhpháirteach, tá creat comhtháite agus
éifeachtach tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta molta. Maidir le gach
clár náisiúnta, iarrfar ar Bhallstáit Coiste Faireacháin a chur ar bun ina
bhféadfaidh an Coimisiún a bheith rannpháirteach. Ar bhonn
bliantúil, déanfaidh na Ballstáit tuairisciú ar chur chun feidhme an chláir
ilbhliantúil. Is réamhchoinníoll iad na tuarascálacha seo chun íocaíochtaí
bliantúla a fháil. Chun cur leis an bpróiseas athbhreithnithe meántéarma,
iarrfar orthu in 2017 faisnéis bhreise a chur ar fáil ar an dul chun cinn a
rinneadh maidir le baint amach na gcuspóirí. Tabharfar
faoi fheidhm chomhchosúil in 2019 chun coigeartuithe a dhéanamh le linn na
bliana airgeadais deireanaí (2020) nuair is iomchuí sin. Ag tacú le forbairt cultúir bunaithe ar mheastóireacht i
réimse na ngnóthaí baile, beidh creat coiteann meastóireachta agus faireacháin
ag na Cistí ag a mbeidh táscairí leathana a bhaineann le beartas ina leagtar
béim ar chur chuige na gCistí atá dírithe ar thoradh agus ar an ról
fíor-riachtanach a d’fhéadfadh a bheith acu sa mheascán beartais chun an
cuspóir a bhaint amach maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a
chruthú. Baineann na táscairí seo leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na
Cistí: forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair póilíneachta
agus an bhainistithe géarchéime; bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig
an AE; cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú tír; dlúthpháirtíocht
agus comhar idir na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar
shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí agus cur chuige coitianta san
AE ar an imirce agus ar an tslándáil araon maidir le tríú tíortha. D’fhonn cur i bhfeidhm leormhaith na bprionsabal ar
mheastóireacht a áirithiú, agus aird á tabhairt ar an taithí phraiticiúil ar
mheastóireacht sna Ballstáit faoi chistiúchán reatha an AE ar ghnóthaí baile,
oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun an creat coiteann meastóireachta
agus faireacháin a fhorbairt, inter alia trí theimpléid agus táscairí aschuir
agus toraidh coiteanna a shainmhíniú. Bunófar gach beart ag tús na tréimhse clárúcháin, agus ar
an gcaoi sin cuirfear ar chumas na mBallstát a gcórais tuairiscithe agus
mheastóireachta a bhunú ar bhonn na gceanglas agus na bprionsabal
comhaontaithe. D’fhonn ualach riaracháin a laghdú agus d’fhonn sineirgí
idir tuairisciú agus meastóireacht a áirithiú, cuirfidh an fhaisnéis a
theastaíonn do thuarascálacha meastóireachta leis an bhfaisnéis a chuireann na
Ballstáit ar fáil sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, agus
cuirfidh sí i gcrích í. In 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur isteach
fosta maidir leis an athbhreithniú meántéarma arna dhéanamh ar na cláir
náisiúnta. Ar bhonn níos domhandaithe, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil idirmheánach a chur
isteach maidir le cur chun feidhme na gCistí faoin 30.06.2018 agus tuarascáil
mheasúnaithe ex-post faoin 30.06.2024, lena gcumhdófar an cur chun feidhme iomlán
(i.e. ní amháin cláir náisiúnta atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach).
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An riosca nó na rioscaí a aithníodh
Ní bhíonn baol
rioscaí earráide ag an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile ina cláir
chaithimh. Dearbhaítear é sin leis an easnamh athfhillteach de chinntí
suntasacha i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí mar aon le heasnamh
de ráta earráide iarmhair os cionn 2% sna blianta seo caite i dtuarascálacha
gníomhaíochta bliantúla maidir leis an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile
(agus Ard‑Stiúrthóireacht an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála mar a
tugadh uirthi). I gcás
bainistíochta comhpháirtí, bíonn na rioscaí ginearálta
maidir le cur chun feidhme na gclár reatha i dtrí chatagóir den chuid is mó: – Riosca ar úsáid neamhéifeachtach cistí nó úsáid nach mbeadh sprioctha
go cuí; – Earráidí de bhun chastacht rialacha agus laigí i gcórais bhainistíochta
agus rialaithe; – Úsáid neamhéifeachtach as acmhainní riaracháin (comhréireacht teoranta
riachtanas); Is fiú gnéithe
sonracha maidir le córas na 4 Chiste faoin gClár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht
agus Bainistiú Sreabha Imirce” a lua freisin. – Áirithítear i gcóras na gclár bliantúil go ndéantar íocaíochtaí
deireanacha ar bhonn rialta bunaithe ar chaiteachas deimhnithe agus iniúchta.
Tá tréimhse cáilitheachta na gclár bliantúil dínasctha, áfach, ó bhliain
airgeadais an AE agus dá réir sin níl an slabhra dearbhaithe go hiomlán sásúil,
d’ainneoin córas an‑trom. – Tá rialacha cáilitheachta mionsonraithe socraithe ag an gCoimisiún.
Áirithítear leis sin i bprionsabal aonchineálacht an chaiteachais atá
maoinithe. Cruthaíonn sé ualach oibre neamhriachtanach freisin, áfach,
d’údaráis náisiúnta agus don Choimisiún agus méadaíonn sé an riosca earráidí ó
thairbhithe agus ó Bhallstáit mar gheall ar neamhthuiscint ar rialacha an AE. – Tá na córais bhainistíochta agus rialaithe reatha an‑ghar dóibh
siúd atá faoi na Cistí Struchtúracha. Baineann éagsúlachtaí beaga leo, áfach,
eadhon i slabhra na ndualgas idir údaráis deimhniúcháin agus Údaráis Iniúchóireachta.
Cruthaíonn sé seo mearbhall sna Ballstáit, go háirithe nuair a ghníomhaíonn na
húdaráis sa 2 chineál Ciste. Méadaíonn sé an riosca earráidí agus bíonn
faireachán níos déine de dhíth dá réir. Déanfar na
gnéithe seo a athrú go suntasach sa togra seo: – Leanfaidh na córais bhainistíochta agus rialaithe na ceanglais
ghinearálta atá socraithe sna Cistí CCS agus comhlíonfaidh siad ceanglais nua
an Rialacháin Airgeadais Nua go hiomlán: déanfar na 3 húdarás a athsholáthar le
2 údarás (Údarás Freagrach agus Údarás Iniúchóireachta) a bhfuil a róil
soiléirithe ag féachaint do dhearbhú níos fearr a chur ar fáil. – Cuirfidh clárú ilbhliantúil mar aon le himréiteach bliantúil bunaithe
ar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach na tréimhsí cáilitheachta
ar chomhréim le cuntais bhliantúla an Choimisiúin, gan an t-ualach riaracháin a
mhéadú i gcomparáid leis an gcóras reatha. – Déanfar spotseiceálacha ar an láthair a thabhairt chun críche mar chuid
de na rialuithe 1ú leibhéal, i.e. ag an Údarás Freagrach agus
tacóidh siad lena dhearbhú urrúis bainistíochta bliantúil. – Toisc soiléiriú agus simpliú ar na rialacha cáilitheachta mar aon lena
gcomhchuibhiú le hionstraimí eile tacaíochta airgeadais déanfar na botúin a
dhéanann tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú. Déanfar na rialacha cáilitheachta sin a shocrú ar leibhéal
náisiúnta, cé is moite de roinnt bunphrionsabal, atá cosúil leo siúd as a
mbaintear úsáid le haghaidh na gCistí CCS. – Moltar úsáid roghanna costais simplithe, go háirithe i gcás deontas
beag. I mbainistíocht
láraithe, is iad seo a leanas na príomhrioscaí: – Riosca maidir le comhfhreagras lag idir na tionscadail a fhaightear
agus tosaíochtaí polaitiúla na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile; – An riosca maidir le droch‑cháilíocht na dtionscadal a roghnaíodh
agus droch‑chur chun feidhme teicniúil an tionscadail, rud a laghdaíonn
tionchar an chláir; i ngeall ar nósanna imeachta roghnúcháin neamhleora, easpa
saineolais nó faireachán neamhleor; – An riosca maidir le húsáid neamhéifeachtach nó neamheacnamaíoch na
gcistí a deonaíodh, le haghaidh deontas (an chastacht a bhaineann le costais
incháilithe iarbhír a chúiteamh mar aon le féidearthachtaí teoranta chun
costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus le haghaidh soláthair
(corruair bíonn líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha ann a bhfuil an
saineolas acu a theastaíonn ina bhfuil féidearthachtaí neamhleora chun
comparáidí a dhéanamh idir tairiscintí praghsanna); – Bainfidh an riosca le cumas na n‑eagraíochtaí níos lú (go háirithe)
caiteachas a smachtú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n‑oibríochtaí arna ndéanamh a
áirithiú. – An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó
gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais
rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard
conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, iad ar fad ag feidhmiú a gcóras
rialaithe féin, agus bíonn siad measartha beag go minic. Táthar ag súil
go ndéanfar an chuid is mó de na rioscaí seo a laghdú a bhuíochas sin do
thograí a spriocdhíriú níos fearr agus gnéithe simplithe atá san áireamh sa
Rialachán Airgeadais Nua a úsáid.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Bainistíocht
chomhpháirteach: Ar leibhéal
na mBallstát, is forbairt atá i bhfeidhm i rith
2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais bhainistíochta agus
rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna arna ndéanamh sa
tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an
láthair, iniúchóireachtaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe agus
iniúchóireachtaí ar thionscadail. Athraítear ord na
bhfeidhmeanna seo mar sin féin ionas go bhfágfar seiceálacha ar an láthair mar
fhreagracht shoiléir ar an Údarás Freagrach mar chuid lárnach den ullmhúchán don
chleachtadh bliantúil imréitigh na gcuntas. D’fhonn cuntasacht a threisiú, gheobhadh na hÚdaráis
Fhreagracha creidiúnú ón gcomhlacht creidiúnúcháin náisiúnta atá i gceannas ar
mhaoirseacht leanúnach a dhéanamh orthu. Trí laghdú a dhéanamh ar líon na n‑údarás
– gan Údarás Deimhniúcháin a bheith ann a thuilleadh agus laghdú a dhéanamh ar
líon na gCistí – táthar ag súil leis go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus
gur mó an deis a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a fhorbairt, ach
cheadófaí roinnt freagrachtaí níos soiléire freisin. Go dtí seo níl
aon mheastachán iontaofa ann maidir le costas na rialuithe ar na Cistí
bainistíochta comhpháirtí sa réimse Gnóthaí Baile. Baineann
an t-aon mheastachán atá ar fáil leis an CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe
áit a meastar go bhfuil costais na gcúraimí a bhaineann le rialuithe (ar an
leibhéal náisiúnta, gan costais an Choimisiúin a áireamh) thart ar 2% den
mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013. Baineann na costais seo leis
na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear 1% ó chomhordú náisiúnta agus ó
ullmhúchán clár, baineann 82% le bainistíocht clár, 4% le deimhniúchán agus 13%
le hiniúchadh. Déanfaidh na tograí seo a leanas na costais rialaithe a
mhéadú: – cruthú agus feidhmiú comhlachta creidiúnúcháin agus athrú córais i
gcoitinne; – dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na cuntais bhliantúla a sheoladh
isteach; – na seiceálacha ar an láthair atá le déanamh ag an Údarás Freagrach; – an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na hÚdaráis Iniúchóireachta
chun iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta. Tá tograí ann
freisin a laghdóidh na costais rialaithe áfach: – Tiocfaidh deireadh le hÚdarás Deimhniúcháin. Cé
go ndéanfar a bhfeidhmeanna a aistriú i bpáirt chuig an Údarás Freagrach,
ceadóidh sé sin don Bhallstát cuid shuntasach de na costais a bhaineann le
deimhniúchán a shábháil de thoradh éifeachtúlachta níos fearr riaracháin,
laghdú ar an ngá le comhordú, agus laghdú ar raon feidhme na n‑iniúchóireachtaí; – Beidh na rialuithe a bheidh le déanamh ag an Údarás Iniúchóireachta
dírithe níos mó i dtreo athdhéanamh ar (shampla de) na rialuithe den 1ú
leibhéal riaracháin agus ar na rialuithe ar an láthair arna ndéanamh ag an
Údarás Freagrach. Fágfaidh sé seo go mbeidh an nós imeachta sáraíochta níos tapa
agus áiritheofar freisin go dtabharfar faoi gach rialú is gá sula seolfar na
cuntais bhliantúla isteach; – De thoradh ar chostais shimplithe a úsáid, laghdófar costais agus ualaí
riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon; – Laghdóidh an cur i gcrích bliantúil, agus an srianadh ar an tréimhse
imréitigh comhréireachta go 36 mí, tréimhse coinneála na ndoiciméad chun
críocha rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe; – Beidh sé éigeantach sreafaí cumarsáide leictreonaí a chur ar bun idir
an Coimisiún agus na Ballstáit. Ní mór na
gnéithe simplithe atá liostaithe faoi §2.2.1 thuas a chur leis sin, a
rannchuideoidh leis an ualach riaracháin do thairbhithe a laghdú freisin agus
dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar
an ualach riaracháin. Táthar ag súil
leis, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar an iomlán, go
ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh seachas iad a mhéadú nó a laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh an t‑athdháileadh
sin ar chostais (do na feidhmeanna ar fad agus de bharr na socruithe
comhréireacha rialaithe, agus freisin do na Ballstáit agus na cláir ar fad)
maolú níos éifeachtaí ar rioscaí agus go mbeidh slabhra dearbhaithe níos fearr
agus níos tapa dá bharr. Ar leibhéal
an Choimisiúin, níltear ag súil leis go mbeidh laghdú
ar chostas na bainistíochta agus na rialuithe le haghaidh bainistíochta
comhpháirtí sa chéad leath den tréimhse chlárúcháin. Tá
sé sin amhlaidh ar an gcéad dul síos toisc go leathnófar an méid agus na réimsí
beartais a bhaineann leis an mbainistíocht chomhpháirteach i gcomparáid leis an
tréimhse reatha. Dá bhrí sin beidh méadú ar éifeachtúlacht riachtanach cheana
féin chun na hacmhainní céanna a choinneáil. Ina theannta sin, beidh sé de nós
sna blianta tosaigh go leor tascanna tábhachtacha a dhéanamh le chéile: cur i
gcrích na gclár 2007-2013 (tá na tuairiscí cur i gcrích deiridh le cur isteach
faoin 31 Márta 2016), idirphlé beartais agus faomhadh na gclár
náisiúnta ilbhliantúla 2014-2020 agus córas nua um imréiteach cuntas a chur ar
bun. Sa dara leath den tréimhse bainfear úsáid as na hacmhainní féideartha a
bheidh ar fáil chun meastóireacht agus faireachán a fheabhsú. Bainistiú
láraithe Maidir le
bainistiú láraithe, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag cur a chóras rialaithe
reatha i bhfeidhm. Tá an córas sin comhdhéanta de na bunábhair seo a leanas:
maoirseacht na stiúrthóireachtaí oibríochtúla ar oibríochtaí, rialú ex ante ag
an Aonad Buiséid agus Rialaithe, an Coiste Soláthair Inmheánaigh (JPS/HPC),
rialuithe ex post le haghaidh deontas nó na hiniúchóireachtaí ón gCumas
Iniúchóireachta Inmheánaí agus ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí. Cuireann an earnáil rialaithe ex post “straitéis braite” i
bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm léi líon uasta na n‑aimhrialtachtaí a
bhrath chun íocaíochtaí míchuí a fháil ar ais. Bunaithe ar an straitéis seo,
déantar na hiniúchóireachtaí ar shampla de na tionscadail, a roghnaítear ar
bhonn anailíse riosca beagnach ar fad. Mar gheall ar an meascán seo de rialuithe ex ante agus ex
post, chomh maith leis na seiceálacha deisce agus na hiniúchóireachtaí ar an
láthair, bhí an ráta earráide inchainníochtaithe iarmharach ar an meán níos lú
ná 2% le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, meastar an córas rialaithe inmheánaigh,
chomh maith leis an gcostas a ghabhann leis, a bheith leormhaith chun an
cuspóir de ráta íseal earráide a bhaint amach san Ard‑Stiúrthóireacht
Gnóthaí Baile. Faoi chuimsiú an chreata seo, áfach, leanfaidh an Ard‑Stiúrthóireacht
Gnóthaí Baile ag iniúchadh féidearthachtaí d’fhonn feabhas a chur ar an
mbainistíocht agus simpliú a mhéadú. Go háirithe, bainfear an oiread úsáide
agus is féidir as na roghanna simplithe a chuirtear ar fáil sa Rialachán
Airgeadais nua mar gheall go meastar go rannchuideoidh siad leis an ualach
riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú
comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin a bheidh ar an
gCoimisiún. Sraitheanna nua Foráiltear sraitheanna nua le haghaidh maoinithe an AE sa réimse
gnóthaí baile sna tograí, e.g. úsáid níos fearr as an saineolas atá ann cheana
féin i ngníomhaireachtaí an AE, forbairt ar an ngné sheachtrach agus neartú ar
na meicníochtaí éigeandála.
Beidh modhanna bainistíochta agus rialaithe nua ag teastáil le haghaidh
DG HOME sa chás seo.
Níl na méideanna a chuirfear ar fáil do na sraitheanna nua seo socraithe fós,
ach ní dócha go mbeidh siad suntasach i gcomparáid leis an mbuiséad gnóthaí
baile foriomlán. Beidh sé thar a bheith tábhachtach na modhanna agus socruithe
oibre inmheánacha chun na cúraimí seo a chur chun feidhme a bhunú chomh luath
agus is féidir laistigh den tréimhse, áfach, le cloí go hiomlán le prionsabail
na bainistíochta fónta airgeadais. Léiríonn an
anailís thuas go soiléir go mbeidh gá atreisiú a dhéanamh ar leibhéal na n‑acmhainní
daonna atá de dhíth chun buiséad méadaithe DG HOME a chur chun feidhme,
d’ainneoin na simplithe ar fad a tugadh isteach.
Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil
bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana nó atá ath‑imlonnaithe
taobh istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a
thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta faoin leithdháileadh bliantúil agus i
bhfianaise na srianta buiséadacha
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Anuas ar na
meicníochtaí rialaithe rialála uile a chur i bhfeidhm, ceapfaidh an Ard‑Stiúrthóireacht
Gnóthaí Baile straitéis frith‑chalaoise i gcomhréir le straitéis frith‑chalaoise
nua an Choimisiúin (CAFS) arna glacadh an 24 Meitheamh 2011 d’fhonn a
áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha maidir le frith‑chalaois
ailínithe go hiomlán leis an CAFS agus go bhfuil a chur chuige maidir le
bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar
fhreagairtí imleora a shainaithint. Más gá, bunófar
grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta anailís a dhéanamh
ar chásanna calaoise a bhaineann leis na Cistí. Maidir le
bainistíocht chomhpháirteach, aithnítear go soiléir i straitéis frith‑chalaoise
an Choimisiúin go bhfuil sé riachtanach go ndéanfadh tograí an Choimisiúin le
haghaidh rialachán 2014-20220 iarratas ar na Ballstáit bearta frith‑chalaoise
a chur i bhfeidhm atá éifeachtach agus comhréireach maidir leis na rioscaí
calaoise sainaitheanta. In Airteagal 5 den togra
reatha ceanglaítear go soiléir ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a
bhrath agus a cheartú agus tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún. Beidh
sonraí breise maidir leis na hoibleagáidí seo mar chuid de na rialacha
mionsonraithe maidir le feidhmeanna an Údaráis Fhreagraigh mar a fhoráiltear in Airteagal 24(5)(c). Ina theannta
sin, rinneadh athúsáid na gcistí a thagann ó cheartú airgeadais bunaithe ar
thorthaí an Choimisiúin nó na Cúirte Iniúchóirí a shonrú go soiléir in Airteagal 41.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
· Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon || LD ([18]) || ó thíortha[19] an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[20] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon Teideal 3 || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || 18 01 04 aa - An Ciste Tearmainn agus Imirce - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 3 || 18 02 aa - An Ciste Tearmainn agus Imirce || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 3 || 18 01 04 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 02 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht || Difreáilte || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 01 04 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 02 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || Difreáilte || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL Baineann ranníocaíochtaí ó thríú tíortha leis
an dá chomhpháirt den Chiste Slándála Inmheánaí. Déanfar na critéir agus an modh chun na
ranníocaíochtaí seo a ríomh a chaibidliú idir an AE agus na Stáit
Chomhlachaithe ar bhonn nós imeachta ar leithligh. Ag déanamh talamh slán de go mbeadh na
céatadáin cosúil leo sin atá in úsáid faoi láthair faoin gCiste um
Theorainneacha Seachtracha, d’iarrfaí ar na Stáit Chomhlachaithe ranníocaíocht
de thart ar EUR 210 milliún a dhéanamh leis an ngné a bhaineann le
Teorainneacha agus Víosaí agus thart ar EUR 50 milliún leis an ngné a
bhaineann le comhar póilíneachta.
3.2.
An tionchar a mheastar ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus Saoránacht DG HOME || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna reatha) || || || || || || || || || 18 02 aa An Ciste Tearmainn agus Imirce || Oibleagáidí || (1) || 517.492 || 527.892 || 538.500 || 549.320 || 560.356 || 571.613 || 586.266 || - || 3,851.439 Íocaíochtaí || (2) || 90.085 || 102.823 || 270.844 || 420.790 || 532.681 || 543.385 || 554.303 || 1,336.528 || 3,851.439 18 02 bb An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || Oibleagáidí || (1a) || 135.076 || 143.047 || 151.283 || 159.791 || 168.578 || 177.653 || 187.022 || || 1,122.450 Íocaíochtaí || (2a) || 15.714 || 43.881 || 71.419 || 111.709 || 147.854 || 156.248 || 164.918 || 410.707 || 1,122.450 18 02 cc Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || Oibleagáidí || (1a) || 422.310 || 447.186 || 472.886 || 499.435 || 526.856 || 555.173 || 584.412 || - || 3,508.258 Íocaíochtaí || (2a) || 59.999 || 120.794 || 223.204 || 350.813 || 461.098 || 487.256 || 514.275 || 1,290.818 || 3,508.258 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[21] || || || || || || || || || 18 01 04 aa An Ciste Tearmainn agus Imirce || || (3) || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || || 18.500 18 01 04 bb An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || || || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || || 5.600 18 01 04 cc Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || || || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || || 11.900 IOMLÁN leithreasaí do DG HOME || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 1.079,878 || 1.123,125 || 1.167,669 || 1.213,546 || 1.260,790 || 1.309,439 || 1.362,700 || || 8.517,147 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 170.799 || 272.497 || 570.467 || 888.313 || 1,146.634 || 1,191.889 || 1,238.496 || 3,038.053 || 8.517,147 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin " EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN DG: HOME || Acmhainní daonna || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || || 145.887 Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || || 1,157 IOMLÁN DG HOME || Leithreasaí || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044 EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 1,100.875 || 1,144.125 || 1,188.672 || 1,234.552 || 1,281.799 || 1,330.452 || 1,383.716 || || 8,664.191 Íocaíochtaí || 191.796 || 293.497 || 591.470 || 909.319 || 1,167.643 || 1,212.902 || 1,259.512 || 3,038.053 || 8,664.191
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
–
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair
oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Cuirtear an beartas Gnóthaí Baile chun feidhme trí bhainistíocht
chomhpháirteach go príomha. Cé go socraítear tosaíochtaí caiteachais ar
leibhéal an AE, tugtar cúram na bainistíochta laethúla d’Údaráis Fhreagracha ar
an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún agus na hÚdaráis Fhreagracha
cinneadh le chéile maidir le comhtháscairí aschuir agus spriocanna mar chuid dá
gcuid cláir náisiúnta, agus déanfaidh an Coimisiún faomhadh orthu. Tá sé
deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le haschuir a lua go dtí go mbeidh na
cláir dréachtaithe, caibidlithe agus faofa in 2013/14.
Maidir le bainistiú láraithe, níl sé indéanta do DG HOME liosta
críochnaitheach a sholáthar freisin de gach aschur atá le cur ar fáil trí
bhíthin na hidirghabhála airgeadais faoi na Cistí, na costais agus uimhreacha a
bhaineann leo ar an meán, mar a iarrtar sa roinn seo. Níl aon uirlisí
staitistiúla ann faoi láthair a thugann deis costais bhríocha ar an meán a
ríomh ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh sainmhíniú beacht den sórt sin mar
shárú ar an bprionsabal gur chóir go mbeadh an clár amach anseo sách solúbtha
chun dul in oiriúint do na tosaíochtaí polaitiúla idir 2014 agus 2020. Tá sé
sin amhlaidh go mór mór i ndáil le cúnamh éigeandála agus gníomhaíochtaí i
dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[22] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[23]… || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
–
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
þ Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a
mhínítear thíos: EUR milliún (go
dtí an 3ú deachúil) DG HOME CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil[24] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Acmhainní Daonna DG HOME || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 145.887 Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || 1,157 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || 147.044 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[25] den chreat airgeadais ilbhliantúil [26] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Acmhainní Daonna DG HOME || 1.280 || 1.280 || 1.280 || 1.280 || 1.280 || 1.280 || 1.280 || 8.960 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 3.720 || 3.720 || 3.720 || 3.720 || 3.720 || 3.720 || 3.720 || 26.040 Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 5.000 || 5.000 || 5.000 || 5.000 || 5.000 || 5.000 || 5.000 || 35.000 IOMLÁN || 25.997 || 26.000 || 26.003 || 26.006 || 26.009 || 26.013 || 26.016 || 182.044
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
–
¨ Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní
daonna –
þ Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
mar a mhínítear thíos: Is iad figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n. Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || || 18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 18 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[27] || || 18 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach iomlánaíoch’) || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || XX 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 18 01 04 aa [28] || - i gCeanncheathrú[29] || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || * || 18 01 04 bb [30] || - i gCeanncheathrú[31] || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || * || 18 01 04 cc [32] || - i gCeanncheathrú[33] || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || * || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || || || || || || || || Eile 13 01 04 02) || || || || || || || || IOMLÁN || 197 || 197 || 197 || 197 || 197 || 197 || 197 Is é XX an réimse beartais nó an teideal
buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna
trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana
nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den AS, mar aon le haon
leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta
faoin leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha. Dhéanfaí méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú
i gcás aon phróiseas seachtraithe do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin. Cur síos ar na cúraimí
a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ag an gceanncheathrú || Cuimsíonn na cúraimí is gá a thabhairt chun críche na cúraimí go léir atá riachtanach le haghaidh clár airgeadais a bhainistiú, ar nós: - ionchur a chur ar fáil don nós imeachta buiséadach; - idirphlé beartais a dhéanamh le Ballstáit; - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan síos, cláir náisiúnta a fhaomhadh; - cláir náisiúnta a bhainistiú, glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin; - cumarsáid le páirtithe leasmhara (tairbhithe féideartha/iarbhír, Ballstáit, srl); - treoirlínte a dhréachtú do Bhallstáit - tionscadail a bhainistiú, ar bhonn oibríochtúil agus airgeadais; - rialuithe a fheidhmiú, faoi mar a chuirtear síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste soláthair, iniúchóireachtaí ex post, iniúchadh inmheánach, imréiteach na gcuntas); - cuntasaíocht; - uirlisí TF bainistithe cláir náisiúnta agus deontais a fhorbairt agus a bhainistiú; - faireachán agus tuairisciú maidir le baint amach cuspóirí, lena n‑áirítear sna Tuarascálacha Bliantúla Gníomhaíochta agus i dtuarascálacha an Oifigigh um Údarú de réir Fo-Thoscaireachta Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cinn na n‑oifigeach agus na ngníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a chomhlíonadh Pearsanra i dtoscaireachtaí || D’fhonn cur le forbairt chur chun feidhme beartais sa réimse gnóthaí baile, agus go háirithe an ghné sheachtrach a bhaineann leis, beidh ar thoscaireachtaí an AE dóthain saineolais a bheith acu ar chúrsaí gnóthaí baile. Tharlódh gur foireann í seo ón gCoimisiún Eorpach nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. D’fhonn cur le
forbairt chur chun feidhme
beartais sa réimse gnóthaí baile,
agus go háirithe an ghné sheachtrach a bhaineann leis, beidh ar thoscaireachtaí
an AE dóthain saineolais a bheith acu ar chúrsaí gnóthaí baile. Tharlódh gur
foireann í seo ón gCoimisiún Eorpach nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta
Seachtraí.
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha
–
þ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat
airgeadais ilbhliantúil eile. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[34]. Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe –
þ Déantar foráil sa togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir
an méid cruinn a chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí
cómhaoiniúcháin arna n‑idirdhealú de réir na gcineálacha gníomhaíochtaí: Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Costas Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS || IOMLÁN na leithreasaí cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh ||
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–
þ Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[35] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] COIM(2011)500 leagan críochnaitheach. [2] COIM(2010)700
leagan críochnaitheach. [3] COIM(2010)543
leagan críochnaitheach. [4] “Athbhreithniú Buiséid an AE”, COIM (2010) 700,
19.10.2010. [5] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste
Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir
leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá
cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha
ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste
Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena
n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, COIM (2011) 615 leagan
críochnaitheach) [6] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a
bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (COIM (2011) 628/3) [7] Féach fonóta 1 [8] IO C, , lch. . [9] IO C, , lch. . [10] Athbhreithniú tríbhliantúil den
Rialachán Airgeadais - Togra an Choimisiúin COIM(2010)0260 [11] Athbhreithniú tríbhliantúil den
Rialachán Airgeadais - Togra an Choimisiúin COIM(2010)0260 [12] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [13] IO L 83, 27.3.1999, lch. 1. [14] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [15] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [16] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [17] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den
Rialachán Airgeadais. [18] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí
neamhdhifreáilte [19] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [20] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [21] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), agus le
taighde indíreach agus taighde díreach a chur chun feidhme. [22] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de
bhóithre a rinneadh, etc.). [23] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóir sonrach
(cuspóirí sonracha)...” [24] Clúdach foriomlán, bunaithe ar Leithdháileadh
Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear
oifigigh agus foireann sheachtrach [25] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), agus le
taighde indíreach agus taighde díreach a chur chun feidhme. [26] Foireann sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA,
bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna,
lena n‑áirítear foireann sheachtrach ag an gCeanncheathrú agus i
dToscaireachtaí [27] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta
("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en Délégation"
(saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí
náisiúnta ar iasacht; [28] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [29] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [30] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [31] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [32] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [33] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [34] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [35] Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina
nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a
bheith bainte astu.