This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0612
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the Cohesion Fund and repealing Council Regulation (EC) No 1084/2006
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle
/* COIM/2011/0612 leagan deireanach - 2011/0274 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle /* COIM/2011/0612 leagan deireanach - 2011/0274 (COD) */
{SEC(2011)1138
final} {SEC(2011)1139
final} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an
Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don
tréimhse 2014-2020: buiséad chun Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar. Ina thogra,
chinn an Coimisiún gur cheart beartas comhtháthaithe a bheith ina ghné
riachtanach den chéad phacáiste airgeadais eile i gcónaí agus chuir sé béim ar
a ról ríthábhachtach maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar. Dá bhrí sin mhol an Coimisiún roinnt athruithe
tábhachtacha ar an mbealach ina ndéantar beartas comhtháthaithe a dhearadh agus
a chur chun feidhme. Is iad príomh‑shainmharcanna an togra cistiú a
dhíriú ar líon níos lú tosaíochtaí atá nasctha níos fearr le Straitéis Eoraip
2020, ag díriú ar thorthaí, ag déanamh monatóireachta ar dhul chun cinn i dtreo
cuspóirí comhaontaithe, úsáid na coinníollachta a mhéadú agus an seachadadh a
shimpliú. Leagtar amach sa Rialachán seo na forálacha
lena rialaítear an Ciste Comhtháthaithe, agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006. Baintear leas ann as an obair a rinneadh ó
foilsíodh an Ceathrú Tuarascáil faoin gComhtháthú i mí Bealtaine 2007 ina
bhfuil cuntas ar na príomhdhúshláin atá os comhair na réigiún sna blianta atá
le teacht agus inar cuireadh tús leis an díospóireacht ar an mbeartas
comhtháthaithe amach anseo. Ar an 9 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún leis
an gCúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú inar soláthraíodh anailís ar na
treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus inar cuireadh síos ar na treoshuímh
maidir leis an mbeartas comhtháthaithe amach anseo. Is bealach tábhachtach é beartas
comhtháthaithe chun dlúthpháirtíocht leis na réigiúin níos boichte agus níos
laige de chuid an AE a chur in iúl - ach tá níos mó ná sin i gceist leis. Is é
ceann de mhóréachtaí an AE an chaoi a bhfuil sé in ann caighdeáin mhaireachtála
a ardú dá shaoránaigh uile. Déanann sé é seo, trí chuidiú leis na Ballstáit
agus na réigiún níos boichte forbairt agus fás agus chomh maith leis sin trína
ról i lánpháirtiú an Mhargaidh Aonair a sholáthraíonn margaí agus
barainneachtaí scála de bharr a mhéide, i ngach áit san AE, idir shaibhir agus
bhocht, mhór agus bheag. Léiríodh a lán samplaí i meastóireacht an Choimisiúin
ar bheartas comhtháthaithe san am a chuaigh thart de luach breise agus d’fhás
agus infheistíocht chruthaithe post nach dtarlódh murach tacaíocht ó bhuiséad
an AE. Mar sin féin, léirítear tionchar an scaipthe
agus an easpa ord tosaíochta sna torthaí. Ag tráth a bhfuil airgead poiblí gann
agus infheistíocht lena neartaítear fás de dhíth níos mó ná mar a bhí riamh,
chinn an Coimisiún athruithe tábhachtacha a bheartú ar an mbeartas
comhtháthaithe. Cabhraíonn
an Ciste Comhtháthaithe le Ballstáit a bhfuil a OIN in aghaidh an chónaitheora níos
lú ná 90 % de mheán an AE27 chun infheistíochtaí a dhéanamh i ngréasáin
iompair TEN‑T agus sa chomhshaol. Déanfar cuid de leithdháileadh an
Chiste Chomhtháthaithe (€10 billiún) a imfhálú chun príomhghréasáin iompair
faoin tsaoráid “Connecting Europe” a mhaoiniú. Is féidir leis an gCiste
Comhtháthaithe tacú le tionscadail a bhaineann le fuinneamh freisin, fad is go
léiríonn siad tairbhe don chomhshaol go soiléir, mar shampla trí éifeachtúlacht
fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán agus comhairle na
saineolaithe Breithníodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar
an 5ú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch agus
Sóisialta; Athbhreithniú Buiséid an AE[1], na tograí don chreat
airgeadais ilbhliantúil[2], an 5ú
Tuarascáil faoin gComhtháthú[3] agus na gcomhairliúchán
tar éis ghlacadh na tuarascála agus na tograí á ndéanamh. Tionóladh an comhairliúchán poiblí ar Chonclúidí
an 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú idir an 12 Samhain 2010
agus an 31 Eanáir 2011. Chuir 444 páirtí ar
an iomlán leis an gcomhairliúchán. Áiríodh leis na freagróirí Ballstáit,
údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí a
bhfuil leas Eorpach acu, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus
páirtithe leasmhara eile. Cuireadh sraith ceisteanna ag an gcomhairliúchán
poiblí maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Foilsíodh achoimre ar
na torthaí an 13 Bealtaine 2011[4]. Tionóladh comhairliúchán poiblí ar thodhchaí an
Ghréasáin Iompair Thras‑Eorpaigh ón 4 Bealtaine 2010 go dtí an
15 Meán Fómhair 2010 chomh maith. Tacaíonn
tromlach na bpáirtithe leasmhara, go háirithe ar leibhéal réigiúnach agus ar
leibhéal an Bhallstáit, le comhordú níos fearr idir ionstraimí airgeadais
éagsúla lena maoinítear TEN‑T ar leibhéal an AE, eadhon an beartas
comhtháthaithe, maoiniú taighde, an clár TEN‑T agus idirghabhálacha an
BEI. Úsáideadh torthaí na meastóireachtaí ex-post a
rinneadh maidir leis na cláir 2000-2006; agus raon leathan staidéar agus
comhairle saineolaithe mar ionchur. Cuireadh
comhairle na saineolaithe ar fáil chomh maith tríd an nGrúpa Ardleibhéil ag
machnamh ar an mBeartas Comhtháthaithe amach anseo, a bhí comhdhéanta de
shaineolaithe ó riaracháin náisiúnta, agus bhí 10 gcruinniú acu idir 2009 agus
2011. 2.2. Measúnú iarmharta Rinneadh roghanna a mheasúnú go háirithe maidir
leis an ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le hinfheistiú i mbonneagar
bunúsach iompair agus comhshaoil. Tá an Ciste
Comhtháthaithe dírithe ar thacú le tionscadail i ngréasáin iompair thras‑Eorpacha
i gcomhréir le hAirteagail 171 agus 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. Rinneadh bealaí éagsúla chun cistiú a dhéanamh
coinníollach ar chreat macraifhioscach fónta a mheasúnú, lena n‑áirítear
an status quo, le coinníollacht ex-post lag nár cuireadh i bhfeidhm riamh,
coinníollacht threisithe ex post agus coinníollacht ex ante, lena
n‑éileofaí go gcomhlíonfaí réamhchoinníollacha sula nglacfaí leis na
cláir. Is le coinníollacht ex-post
dhá-chéim a chomhlíonfar na critéir úinéireachta, trédhearcachta agus
intuarthachta ar an mbealach is fearr, agus ag an am céanna áiritheofar leis
nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht infheistíochtaí um fhás a fheabhsú trí
leanúint ar aghaidh le beartais fhioscacha neamhfhónta. Tá sé intuigthe ó nós
imeachta dhá-chéim den sórt sin go ndéanfaí líon méadaitheach ceangaltas a chur
ar fionraí go comhleanúnach i gcás sáruithe leantacha, agus tugann sé roinnt
solúbthachta, ach tá sé sin teoranta do dhálaí eacnamaíocha eisceachtúla.
Áirithítear leis freisin go gcuirfear forálacha um choinníollacht
mhacraifhioscach an Chiste Chomhtháthaithe/na gCistí Struchtúracha agus na
rialacha nua maidir le faireachas buiséid sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis
ar chomhréim go hiomlán. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Tá ról tábhachtach ag beartas réigiúnach Eorpach
maidir le leas a bhaint as sócmhainní áitiúla agus díriú ar an acmhainneacht
inginiúil a fhorbairt. In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh (CFAE) iarrtar gníomhaíocht ón Aontas Eorpach maidir lena
chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a neartú agus chun forbairt
chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn trí na héagothromaíochtaí idir leibhéil
forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus forbairt a chur chun cinn sna
réigiúin is mídheisiúla. Luaitear san CFAE go gcuirfear an Ciste
Comhtháthaithe ar bun d’fhonn cur le tionscadail i réimsí an chomhshaoil agus
na ngréasán tras‑Eorpach maidir le bonneagar iompair. Tagraítear in Airteagal 192
den CFAE freisin d’úsáid an Chiste Chomhtháthaithe le haghaidh cúrsaí
comhshaoil i gcásanna nach féidir an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” a
chur i bhfeidhm i ngeall ar chostais dhíréireacha le haghaidh údarás poiblí
Ballstáit. Luaitear i bPrótacal Uimh. 28 leis an CFAE go soláthróidh an
Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do thionscadail i mBallstáit ina bhfuil an OIN
in aghaidh an duine níos lú ná 90 % de mheán an Aontais. Tá uainiú an athbhreithnithe
ar mhaoiniú an AE chun comhtháthú a chur chun cinn nasctha leis an togra le
haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil nua, mar chuid de Chlár Oibre an
Choimisiúin. Faoi mar a tugadh chun
suntais in Athbhreithniú Buiséid an AE, “ba cheart buiséad an AE a úsáid chun
earraí poiblí an AE, gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin
in ann a mhaoiniú iad féin a mhaoiniú, nó i gcás ina bhféadfaí torthaí níos
fearr a fháil”.[5] Tabharfar urraim sa togra
dlí do phrionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil tascanna CFRE leagtha amach
sa Chonradh agus tá an beartas curtha chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na
comhbhainistíochta agus aird á tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na
mBallstát agus na réigiún. Tá an ionstraim reachtach, agus an cineál birt
araon (i.e. maoiniú) sainithe sa CFAE, ina soláthraítear an bunús dlí maidir
leis an gCiste Comhtháthaithe, agus ina sonraítear go mbeidh tascanna, cuspóirí
tosaíochta agus eagrúchán an chiste sainithe i rialacháin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Áirítear togra EUR 376 billiún le haghaidh na
tréimhse 2014-2020 i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil.
Buiséad molta 2014-2020 || EUR billiún Réigiúin chóineasaithe Réigiúin trasdula Réigiúin iomaíochais Comhar críche Ciste comhtháthaithe Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra || 162,6 39 53,1 11,7 68,7 0,926 An tSaoráid “Connecting Europe” maidir le hiompar, fuinneamh agus TFC || EUR 40 billiún (chomh maith le EUR 10 billiún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe) *Tá na figiúirí ar
fad i bpraghsanna tairiseacha 2011 5. ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN ARNA
BHEARTÚ Cinneann an Rialachán arna bheartú raon feidhme
idirghabhála an Chiste Chomhtháthaithe. Áirítear leis
Airteagal faoi raon feidhme ina sainítear na réimsí ginearálta le haghaidh
idirghabhála faoi chuimsiú réimse an iompair agus an chomhshaoil. Sainítear
raon feidhme na hidirghabhála le liosta diúltach gníomhaíochtaí nach mbeidh
incháilithe i gcomhair tacaíochta, agus liosta de thosaíochtaí infheistíochta. I réimse an chomhshaoil, tacóidh an Ciste
Comhtháthaithe le hinfheistíocht in oiriúnú don athrú aeráide agus i rioscaí a
chosc, infheistíocht sna hearnálacha uisce agus dramhaíola, bithéagsúlacht,
cosaint ithreach agus seirbhísí éiceachórais, agus an timpeallacht uirbeach. I
gcomhréir le tograí an Choimisiúin maidir leis an gCreat Airgeadais
Ilbhliantúil, tá infheistíocht i bhfuinneamh incháilithe le haghaidh
tacaíochta, ar an gcoinníoll go mbeidh tairbhí comhshaoil dearfacha le baint
aisti, dá bhrí sin tacaítear le hinfheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh agus
i bhfuinneamh in‑athnuaite freisin. I réimse an iompair rannchuideoidh an Ciste
Comhtháthaithe le hinfheistíochtaí sa Ghréasán Iompair Tras‑Eorpach,
chomh maith le córais iompair íseal-charbóin agus iompar uirbeach. 2011/0274 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus
lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara fomhír d'Airteagal 177 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[6], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh (CFAE) foráiltear gur cheart don Aontas a ghníomhaíochtaí, as a
dtagann neartú a chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, a
fhorbairt agus leanúint de na gníomhaíochtaí sin. Ba cheart don Chiste
Comhtháthaithe, dá bhrí sin, ranníocaíocht a chur ar fáil do thionscadail i
réimse an chomhshaoil agus do ghréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair
iompair. (2)
Le Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 an [...] lena
leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste
Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach um Ghnóthaí
Muirí agus an Iascaireacht atá cumhdaithe ag an gComhchreat Straitéiseach agus
lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí
na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus
lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006[8]
[Rialachán na bhForálacha Coiteanna] bunaítear creat nua do ghníomhaíocht na
gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe. Is gá cuspóirí an Chiste
Chomhtháthaithe a shonrú maidir leis an gcreat nua dá ghníomhaíocht agus maidir
leis an gcuspóir arna shannadh dó sa Chonradh. (3)
Féadfaidh an tAontas, tríd an gCiste
Comhtháthaithe, rannchuidiú le gníomhaíochtaí chun cuspóirí comhshaoil an
Aontais atá sainithe in Airteagal 11 agus Airteagal 191 den Chonradh a
bhaint amach. (4)
Caithfidh tionscadail an ghréasáin
iompair thras‑Eorpaigh arna maoiniú ag an gCiste Comhtháthaithe na
treoirlínte a chomhlíonadh arb iad na treoirlínte a glacadh le Cinneadh Uimh. 661/2010/AE
ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le
forbairt an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh[9].
Chun iarrachtaí a dhíriú, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail leasa
choitinn de réir mar atá siad sainmhínithe sa Chinneadh sin. (5)
Ba cheart forálacha sonracha maidir leis an gcineál
gníomhaíochtaí a bhféadfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht a thabhairt
dóibh faoi na cuspóirí téamacha atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012
[RFC] a leagan síos. Ag an am céanna, ba cheart
caiteachas lasmuigh de raon feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a shainiú agus a
shoiléiriú, lena n-áirítear maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a
laghdú i suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na
hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear
scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa
laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[10].
(6)
Chun aghaidh a thabhairt ar shainriachtanais an
Chiste Chomhtháthaithe, agus i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020 gur cheart don
bheartas comhtháthaithe tacú leis an ngá fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a bhaint amach[11], is gá tosaíochtaí
infheistíochta a leagan amach laistigh de raon feidhme na gcuspóirí téamacha
atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]. (7)
Ba cheart comhthacar táscairí a leagan amach chun
dul chun cinn i gcur chun feidhme cláir a mheasúnú sula ndéanann Ballstáit a
gcláir oibríochtúla a dhréachtú. Ba cheart
táscairí sonracha don chlár a chur leis na táscairí sin. (8)
Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE)
Uimh.1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ciste
Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1164/94[12].
Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a aisghairm dá
bhrí sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Ábhar Leis an Rialachán seo bunaítear cúraimí an
Chiste Chomhtháthaithe agus raon
feidhme a chuid tacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis
agus post dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. [ ]/2012 [RFC].
Airteagal 2
Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe 1. Agus cothromaíocht iomchuí á
áirithiú aige agus de réir riachtanais shonracha infheistíochta agus
bhonneagair gach Ballstáit, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a
leanas: (a)
infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n‑áirítear
réimsí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ina léirítear
tairbhí don chomhshaol; (b)
gréasáin thras‑Eorpacha i réimse an
bhonneagair iompair, i gcomhréir leis na treoirlínte a glacadh le Cinneadh
Uimh. 661/2010/AE; (c)
cúnamh teicniúil. 2. Ní thacóidh an Ciste
Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas: (a)
díchoimisiúnú cumhachtstáisiún núicléach; (b)
astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i
suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE; (c)
tithíocht. Airteagal 3
Tosaíochtaí infheistíochta I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán
(AE) Uimh. [...]/2012 [RFC], tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na
tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha atá
leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]: (a)
tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair
íseal-charbóin sna hearnálacha uile mar seo a leanas: (i) táirgeadh agus dáileadh foinsí
inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn, go háirithe na cinn sin arna sainaithint
mar thosaíochtaí sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET); (ii) éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid
fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide; (iii) tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus
úsáid fuinnimh inathnuaite i mbonneagair phoiblí; (iv) córais dáilte
chliste ar leibhéil ísle voltais a fhorbairt; (v) straitéisí
íseal-charbóin do limistéir uirbeacha a chur chun cinn; (b)
oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus
bainistíocht riosca a chur chun cinn mar seo a leanas: (i) tacú le hinfheistíocht tiomnaithe le
haghaidh oiriúnú don athrú aeráide; (ii) infheistíocht
a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó
thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt; (c)
an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní
a chur chun cinn mar seo a leanas: (i) aghaidh a thabhairt ar na riachtanais
shuntasacha infheistíochta san earnáil dramhaíola chun ceanglais an acquis
chomhshaoil a chomhlíonadh; (ii) aghaidh a
thabhairt ar na riachtanais shuntasacha infheistíochta san earnáil uisce chun
ceanglais an acquis chomhshaoil a chomhlíonadh; (iii) bithéagsúlacht a chosaint agus a
athbhunú, lena n-áirítear trí bhíthin bonneagar glas (iii) an timpeallacht
uirbeach a fheabhsú, lena n-áirítear athghiniúint láithreán athfhorbraíochta
agus truailliú aeir a laghdú; (d)
iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus baic ar
phríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint mar seo a leanas: (i) tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair
ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Iompair Tras‑Eorpach; (ii) córais iompair íseal-charbóin atá
neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt lena n‑áirítear soghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn; (iii) córais iarnróid uilechuimsitheacha,
ardchaighdeáin agus idir‑inoibritheacha a fhorbairt; (e) feabhas a chur ar chumas
institiúideach agus riarachán éifeachtúil poiblí trí chumas institiúideach agus
éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le
cur chun feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a neartú. Airteagal 4
Táscairí 1.
Bainfear úsáid as comhtháscairí, de réir mar atá
leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inarb
iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán
(AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]. Maidir
le comhtháscairí, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha
do 2022. 2.
Maidir le táscairí i ndáil le haschur
a bhaineann go sonrach le clár, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar
spriocanna carnacha do 2022 3.
Maidir le táscairí i ndáil le torthaí a bhaineann
go sonrach le clár, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar
fáil agus socrófar spriocanna do 2022, ach féadfar iad a shloinneadh i dtéarmaí
cainníochtúla nó cáilíochtúla. Airteagal 5
Forálacha idirthréimhseacha 1. Ní bheidh tionchar ag an
Rialachán seo ar an gcúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún a mhodhnú ná ar leanúint
leis, lena n‑áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar bhonn
Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil
feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013, ar
reachtaíocht í a mbeidh feidhm aici dá bhrí sin ina dhiaidh sin maidir leis an
gcúnamh sin nó na tionscadail lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. 2. Beidh
iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006
fós bailí. Airteagal 6
Aisghairm Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a
aisghairm leis seo. Déanfar tagairtí don
Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 7
Athbhreithniú Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022 i gcomhréir
le hAirteagal 177 den Chonradh. Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN Liosta
na gComhtháscairí don Chiste Comhtháthaithe || AONAD || AINM An Comhshaol || || Dramhaíl sholadach || tonaí || Cumas athchúrsála dramhaíola breise Soláthar uisce || daoine || Daonra breise a chuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó || m3 || Laghdú measta ar sceitheadh sa ghréasán dáilte uisce Cóireáil fuíolluisce || coibhéis áitritheora || Daonra breise a chuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó || || || || Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca || daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuile daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as cosaint dóiteáin foraoise agus as bearta eile cosanta Athshlánú talún || heicteáir || Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe Séalú ithreach || heicteáir || Athrú ar an talamh arna séalú de dheasca forbartha Nádúr agus bithéagsúlacht || heicteáir || Achar dromchla gnáthóg a bhfuil bail níos fearr orthu ó thaobh caomhnú de Fuinneamh agus athrú aeráide || || Foinsí inathnuaite fuinnimh || MW || Cumas breise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh Éifeachtúlacht fuinnimh || teaghlaigh || An líon teaghlach a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu || kWh/bliana || Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil i bhfoirgnimh phoiblí || úsáideoirí || Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste Laghdú ar ghás ceaptha teasa || tonaí de choibhéisí CO2 || Laghdú measta ar ghás ceaptha teasa i gcoibhéisí CO2 Iompar || || Iarnród || km || Fad iomlán na líne iarnróid nua || km || Fad iomlán na líne iarnróid atógtha nó uasghrádaithe Bóithre || km || Fad iomlán na mbóithre nuathógtha || km || Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe Iompar uirbeach || turais phaisinéirí || Méadú ar thurais phaisinéirí ina n-úsáidtear seirbhís iompair uirbigh a fhaigheann tacaíocht Uiscebhealaí intíre || tona-km || Méadú ar an lasta a iompraítear ar uiscebhealaí intíre feabhsaithe [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún
agus na parlaimintí náisiúnta: Athbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700,
19.10.2010. [2] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na
Réigiún: Buiséad don Eoraip 2020, COIM(2011) 500, 29.6.2011. [3] An 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú
Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, Samhain 2010. [4] Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid Choimisiúin: Results
of the public consultation on the conclusions of the fifth report on economic,
social and territorial cohesion (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar
chonclúidí an chúigiú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus
críochach), SEC(2011) 590 leagan deireanach, 13.5.2011. [5] COIM(2010) 700, 19.10.2010. [6] IO C, , lch . [7] IO C, , lch . [8] IO C, , lch . [9] IO L 204, 5.8.2010, lch. 1. [10] IO L 275, 25.10.2003, lch. 32. [11] Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 - Straitéis
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, COIM (2010) 2020
leagan críochnaitheach, 3.3.2010. [12] IO L 210, 31.7.2006, lch. 79.