This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0500
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT pursuant to Article 294(6) of the Treaty on the Functioning of the European Union concerning the position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council laying down harmonisation conditions for the marketing of construction products
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
/* COM/2010/0500 final - COD 2008/0098 */
/* COM/2010/0500 final - COD 2008/0098 */ TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 20.9.2010 COIM(2010) 500 leagan deireanach 2008/0098 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú 2008/0098 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú 1. CÚLRA Tarchur an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM (2008) 311 leagan deireanach – A6-0068/2009-2008/0098 (COD): | 23 Bealtaine 2008. | An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 25 Feabhra 2009. | An dáta ar tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh: | 24 Aibreán 2009. | An dáta ar seoladh an togra leasaithe: | 20 Deireadh Fómhair 2009. | An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle: | [13 Meán Fómhair 2010]. | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Ar cheann de na tionscnaimh a thig faoi chlár rollach an Choimisiúin maidir le simpliú mar chuid dá straitéis 'Rialáil Níos Fearr: Straitéis um Shimpliú' , tá simpliú Threoir 89/106/CEE ón gComhairle, an Treoir um Tháirgí Foirgníochta, dá ngairtear 'TTF' anseo feasta. Is é is aidhm do TTF saorchúrsaíocht agus saorúsáid táirgí foirgníochta sa Mhargadh Inmheánach a áirithiú. Ó tharla gur táirgí idirmheánacha a bheartaítear a chorprú sna hoibreacha foirgníochta iad táirgí foirgníochta, baineann an tsábháilteacht leis na táirgí sin a mhéid a chuireann siad le sábháilteacht na n-oibreacha. Sa chaoi sin baintear amach cuspóirí TTF trí bhealaí comhchuibhithe a shainiú chun feidhmíocht an táirge a léiriú go cruinn iontaofa, seachas trí cheanglais sábháilteachta an táirge a chomhchuibhiú, faoi mar atá sna treoracha um Chur Chuige Nua. Is é is cuspóir don togra ón gCoimisiúin Rialachán a chur in ionad TTF féachaint cuspóirí na reachtaíochta seo Comhphobail a shainiú níos fearr, agus a cur chun feidhme a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtúla. Tá an méid seo a leanas i gceist leis an togra, ar cuid den tionscnamh 'Rialáil Níos Fearr' é: bunchoincheapa an mharc CE agus an úsáid a bhaintear as a shoiléiriú ; nósanna imeachta simplithe a thabhairt isteach d'fhonn na costais a thabhaíonn gnóthais, gnóthais bheaga agus mheánmhéide go háirithe, a laghdú; inchreidteacht an chórais ina iomláine a mhéadú trí chritéir nua sonrúcháin atá níos déine a chur i bhfeidhm maidir le comhlachtaí a bhíonn ag plé le measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta. 3. BARÚLACHA FAOI SHEASAMH NA COMHAIRLE 3.1. Barúlacha ginearálta Tá an Coimisiún sásta go bhfuil an chéad léamh déanta sa Chomhairle agus go bhfuil an seasamh glactha anois. Is tábhachtach d'earnáil na foirgníochta gur ghlac an Chomhairle, den chuid is mó, le príomhchuspóirí thogra an Choimisiúin, is é sin le rá, simpliú, soiléiriú agus inchreidteacht mhéadaithe, agus prionsabail um Rialáil Níos Fearr á n-urramú acu ag an am céanna (féach dearbhú an Choimisiúin ag pointe 5). Go háirithe, is mór ag an gCoimisiún an tacaíocht a thug an Chomhairle dá thogra maidir leis na bearta arb é simpliú is cuspóir dóibh, ar saincheist rí-thábhachtach é do na gnóthais Eorpacha bheaga agus mheánmhéide atá gníomhach san earnáil seo. Feicfear go mbeidh nósanna imeachta simplithe, mar atá tuairiscthe in Airteagail 36 – 38, go háirithe Airteagal 37 atá infheidhme do mhicreaghnóthais a mhonaraíonn táirgí foirgníochta, iontach ábhartha fad is a bhaineann le hiomaíochas an tionscail Eorpaigh. Thairis sin, maidir leis na hathchóirithe maidir le mórdhíol a rinneadh ar struchtúr na hEagraíochta Eopaí i gcomhair Measúnuithe Teicniúla agus ar eisiúint Measúnuithe Teicniúla Eorpacha, cuideoidh siad go héifeachtach le tuilleadh simpliú a dhéanamh, le tuilleadh trédhearcachta a chruthú agus le muinín as an gcóras a neartú. Thacaigh an Chomhairle freisin le soiléiriú prionsabal agus comhthéacsanna ginearálta: léirítear é seo go háirithe sa ról soiléir lárnach atá ag an dearbhú feidhmíochta agus an marc CE gaolmhar, a bhfuil a bhrí breá soiléir anois sa chomhthéacs sin. Tá an méid sin fíor freisin maidir le ról na gcaighdeán comhchuibhithe, a bhfuil a ról neartaithe go soiléir anois toisc gurb iad an t-aon bhealach atá ar fáil chun feidhmíocht shaintréithe na dtáirgí foirgníochta atá cumhdaithe leo a mheas. Sa chaoi sin, ní mór do mhonaróirí agus do na Ballstáit araon an teanga theicniúil choiteann seo a úsáid nuair atá feidhmíocht na dtáirgí á meas agus á dearbhú ag na monaróirí, nó nuair atá na Ballstáit ag leagan síos aon cheanglais rialúcháin ina leith. Sa deireadh, tá inchreidteacht an chórais neartaithe go mór trína naisc le hinneachar an Phacáiste Beart don Mhargadh Inmheánach in Earraí, do chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus do lucht faireacháin an mhargaidh. 3.2. Barúlacha maidir leis na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa Níor aontaigh an Chomhairle ach go páirteach le tuairim an Choimisiúin ar na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh. Tá an méid sin fíor freisin maidir leis na leasuithe sin nár ionchorpraíodh ach go páirteach i seasamh na Comhairle. I bprionsabal d'fhormheas an Chomhairle príomhphointí na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa maidir leis an dearbhú feidhmíochta, á dhéanamh éigeantach dá bhrí sin nuair a chumhdaítear an táirge foirgníochta i dtrácht le caighdeán comhchuibhithe nó nuair a eisíodh MTE ina leith. Sa chomhthéacs céanna, le hAirteagal 3(3) nua i seasamh na Comhairle déantar tuilleadh forbartha ar na leasuithe comhfhreagracha a rinne Parlaimint na hEorpa, lena dtarmligtear cumhachtaí cinnteoireachta chuig an gCoimisiún maidir leis na buntréithe sin a chinneadh, ar buntréithe iad de tháirgí foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe, a ndearbhóidh na monaróirí a bhfeidhmíocht i gcónaí. Dhiúltaigh an Chomhairle togra na Parlaiminte substaintí dainséaracha a chur isteach in inneachar éigeantach an dearbhaithe feidhmíochta agus ní dhéanann sí tagairt don ábhar sin ach in aithris 24 nua. Tá an seasamh sin ag teacht le dearcadh an Choimisiúin, mar a chuirtear é in iúl freisin sa togra leasaithe. Dhiúltaigh an Chomhairle freisin togra na Parlaiminte, ar thacaigh an Coimisiún leis agus ar chuir sé foclaíocht eile air, clásal a chur isteach in Airteagal 10(4) lena n-áirítear neamhspleáchas na bPointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta ar chomhlachtaí a bhfuil baint acu leis an nós imeachta chun an marc CE a fháil. Ní féidir glacadh leis nach bhfuil foráil dá leithéid i Rialachán 764/2008/CE, ós rud é nach bhfuil i gceist leis an Rialachán sin ach táirgí lasmuigh den limistéar comhchuibhithe agus nach bhfuil an marc CE orthu. 3.3. Forálacha nua á dtabhairt isteach le seasamh na Comhairle agus an Choimisiúin Thug an Chomhairle eilimintí nua isteach i gcomhair Airteagail 3 – 6, go háirithe trí fhoráil a chur isteach in Airteagal 3(3) lena dtarmligtear chuig an gCoimisiún cumhachtaí cinnteoireachta maidir leis na buntréithe nach mór dearbhú a dhéanamh ina leith i gcónaí, trí fhoráil a dhéanamh in Airteagal 5 do mhaoluithe ar phrionsabal ginearálta an dearbhaithe feidhmíochta éigeantaigh agus trí mhionsonraí a thabhairt in Airteagal 6 maidir le hinneachar íosta an dearbhaithe sin, go háirithe ag áirithiú go ndéanfar dearbhú i gcónaí, de réir leibhéil nó aicme, i leith fheidhmíocht buntréithe amháin ar a laghad. Is oth leis an gCoimisiún go bhféadfadh Airteagail 3 – 6, mar a ghlac an Chomhairle iad, ualaí riaracháin agus tástála neamhriachtanacha a fhorchur ar ghnóthais, agus sa chaoi sin nach mbeadh na hAirteagail sin ag teacht le prionsabail um Rialáil Níos Fearr. Chuir an Chomhairle freisin leis an bhfaisnéis nach mór a bheith ag gabháil leis an marc CE, trí roinnt eilimintí a chur le hAirteagal 9(2). Leis an leasú seo táthar ag dul i dtreo eile i gcomparáid leis an leasú a rinne Parlaimint na hEorpa ina leith seo. B'fhiú a sheiceáil freisin conas is féidir na riachtanais sin agus na féidearthachtaí in Airteagal 7(3) inneachar an dearbhaithe feidhmíochta a sholáthar go leictreonach a réiteach, féidearthacht a bhfuil sé faoin gCoimisiún í a shainiú trí ghníomhartha tarmligthe, agus ar dearbhú feidhmíochta é ar cheart eilimintí áirithe di a sholáthar leis an dtáirge ar aon nós anois, de réir Airteagal 9(2) nua. Ina theannta sin, trí bhíthin a seasaimh chríochnaigh an Chomhairle an comhfhogasú leis an bPacáiste Beart don Mhargadh Inmheánach in Earraí le haghaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh (Caibidil VII) agus thug sí isteach na leasuithe is gá chun an tsraith nua rialacha (Airteagail nua 60 – 64, lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) a chur in ionad, sa chomhthéacs seo, na bhforálacha tosaigh maidir leis an nós imeachta coiste. Tá struchtúr nua freisin sa seasamh a ghlac an Chomhairle do na forálacha maidir le forbairt agus glacadh Doiciméad Eorpach um Measúnú (DEManna) (Airteagail 19 – 24 agus Iarscríbhinn II) agus feidhmiú eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil, chomh maith le forálacha nua maidir le maoiniú na heagraíochta céanna ón Aontas Eorpach (Airteagail 31 – 35). Formhuiníonn an Coimisiún na prionsabail a chuirtear in iúl leis na leasuithe sin. Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara, d'ainneoin na n-iarrachtaí chun seasamh deiridh na Comhairle a chuíchoiriú, go bhfuil neamhréireachtaí áirithe fós ann, agus d'fhéadfadh éifeachtaí polaitiúla a bheith ag na neamhréireachtaí sin freisin. D'fhonn deacrachtaí a sheachaint agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm amach anseo, ba cheart na forálacha sin ar fad a choigeartú ag céimeanna deiridh an nós imeachta reachtaigh. Is sampla gléineach de na deacrachtaí sin na nósanna imeachta simplithe, inar cásanna iad sin nach bhfreagraíonn aithris 34 ná an sainmhíniú a thugtar ar Dhoiciméadacht Shonrach Theicniúil in Airteagal 2(15) d'inneachar Airteagail 36 go 38. 4. CONCLÚID Cé go measann an Coimisiún nach bhfuil seasamh na Comhairle ag teacht le cuid de shanaidhmeanna a thogra tosaigh/leasuithe, feictear dó gurb é an t-aon bhealach chun ligean don nós imeachta leanúint ar aghaidh ná gan cur ina choinne. Ghníomhaigh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Mar fhocal scoir, tacaíonn an Coimisiún, de mheon comhréitigh, leis an seasamh a ghlac an Chomhairle, faoi réir na ráiteas a dhéantar sa chéad phointe eile. 5. RÁITEAS ÓN g COIMISIÚN Rinne an Coimisiún dhá ráiteas (ag gabháil leis seo) a bhaineann le prionsabail um Rialáil Níos Fearr a urramú agus le faireachán an mhargaidh. IARSCRÍBHINN Dearbhú ón gCoimisiún le linn na Comhairle maidir le rialáil níos fearr Tacaíonn an Coimisiún, de mheon comhréitigh, le comhaontú Polaitiúil na Comhairle maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú. Mar sin féin, meabhraíonn an Coimisiún gur cuid dá straitéis um shimpliú[1] é an togra seo agus, dá bhrí sin, is oth leis an gCoimisiún, maidir leis an téacs a chomhaontaigh an Chomhairle ar deireadh, agus go háirithe maidir le hAirteagal 3 go hAirteagal 7 de, go bhféadfaí ualaí riaracháin agus tástála neamhriachtanacha a fhorchur ar ghnóthais mar a measadh sa mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an mbuntogra[2]. Ní bheadh sé, dá bhrí sin, i gcomhréir leis na prionsabail um Rialáil Níos Fearr ná leis an gcuspóir leathan chun an t-ualach riaracháin a thig ó reachtaíocht AE a laghdú, ar prionsabail agus ar cuspóirí iad a d'fhormhuinigh Comhairle Eorpach an Earraigh i mí an Mhárta 2007. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún monatóireacht a dhéanamh ar an ngné seo den Rialachán go háirithe agus cuirfidh sé a chuid conclúidí sa tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dearbhú ón gCoimisiún le linn na Comhairle maidir le faireachán an mhargaidh Measann an Coimisiún go bhféadfaidh údaráis Ballstáit, i bhfianaise Aithris 37 agus i gcomhréir le meon Airteagal 6(3) agus le meon Airteagal 8(3), bearta iomchuí a ghlacadh, más gá, maidir le táirge a chuirfear ar mhargadh nó a chuirfear ar fáil ar mhargadh an Bhallstáit sin, mura mbeidh sa dearbhú feidhmíochta an fheidhmíocht a bhaineann leis na buntréithe a bhfuil ceanglais ina leith maidir leis an táirge sin agus maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó na húsáidí dearbhaithe a bheartaítear dó, nó féadfaidh na húdaráis bearta iomchuí a ghlacadh mura mbeidh na feidhmíochtaí dearbhaithe ag freagairt do na ceanglais sin, sa Bhallstát céanna nó i gcodanna dá chríoch. Is gá go mbeidh na bearta i gcomhréir leis na priacail a bheidh i gceist agus níor cheart go mbeadh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh orthu. [1] An Coimisiún Eorpach (2005): COIM (2005) 535 leagan deireanach: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún – Clár Comhphobail Liospóin a chur chun feidhme: Straitéis maidir le Simpliú na Timpeallachta Rialála, An Bhruiséil. [2] COIM (2008) 311, SEC (2008) 1900 agus SEC (2009) 1901 an 23 Bealtaine 2008.