Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0486

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas

/* COM/2010/0486 final - COD 2008/0183 */

52010PC0486

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas /* COM/2010/0486 final - COD 2008/0183 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 17.9.2010

COIM(2010) 486 leagan deireanach

2008/0183 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

CÚLRA AN TOGRA

An dáta ar ghlac an Coimisiún an togra: 17 Meán Fómhair 2008

Aistriú an Togra chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa – COIM(2008) 563 leagan deireanach: 15 Deireadh Fómhair 2008 (2008/0183(CNS))

Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa – an chéad léamh: Rinneadh an tuairim a glacadh an 26 Márta 2009 a dhearbhú leis an rún an 5 Bealtaine 2010 maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin do nósanna imeachta um chinnteoireacht idirinstitiúideach leanúnach (COIM(2009) 665)-"omnibus".

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Níl ar fáil fós

Le linn sheisiún Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2009, thug an Pharlaimint a formheas, le 425 vóta i bhfabhar, 71 vóta i gcoinne agus 62 staonadh, do rún reachtach lenar fhormheas sí tuarascáil an Uasail Siekierski ina raibh 20 leasú.

COMHTHÉACS AN TOGRA

Is éard a leagadh síos le Rialachán (CEE) Uimh. 3730/87 ón gComhairle na rialacha ginearálta maidir le bia ó stoic idirghabhála a sholáthar d'eagraíochtaí ainmnithe lena dháileadh ar na daoine is díothaí sa Chomhphobal. Aisghaireadh an Rialachán sin ó shin i leith agus cuimsíodh é sa Rialachán lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair).

Tá sé cruthaithe le breis is fiche bliain anuas go bhfuil na stoic idirghabhála a chuirtear ar fáil tríd an scéim seo ina soláthar iontaofa bia do na daoine is díothaí. Tháinig fás ar an ngá le dáileadh bia le gach méadú a rinneadh ar an Aontas, rud a mhéadaigh go mór líon na ndaoine san Aontas atá ar an ngannchuid. In 2008, bhain breis is 13 milliún duine leas as an scéim.

Áirítear ar chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), mar a shainmhínítear in Airteagal 39(1) den Chonradh iad, na margaí a chobhsú agus, ina theannta sin, a áirithiú go mbeidh soláthairtí á bhfáil ag tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnacha. I gcaitheamh na mblianta, d'éirigh leis na pleananna um dháileadh bia a cuireadh chun feidhme faoin scéim tacú le comhlíonadh an dá chuspóir agus, trí easlándáil an tsoláthair bhia i measc na ndaoine is díothaí san Aontas a laghdú, tá sé léirithe gur uirlis fhíor-riachtanach iad na pleananna sin lena rannchuidítear lena ráthú go mbíonn bia ar fáil go forleathan laistigh den Aontas agus na stoic idirghabhála á laghdú ag an am céanna.

Tá athstruchtúrú déanta ar an CBT le blianta beaga anuas, agus tá an bhéim a bhí ar an bpríomhchuspóir, is é sin an táirgeacht a mhéadú, athraithe go hinmharthanacht fhadtéarmach na talmhaíochta a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, tá deireadh curtha le hidirghabháil mar uirlis rialúcháin i gcás táirgí áirithe, mar atá ola olóige, siúcra agus seagal agus, i gcás táirgí eile, tá an fheidhm bhunaidh a bhí leis an idirghabháil, is é sin líontán sábhála, á húsáid arís. Tá an méid sin dearbhaithe le cinntí a rinneadh faoin athbhreithniú ar an Athchóiriú ar an CBT 2009. Dá dheasca sin, tá méadú mór tagtha le blianta anuas ar an méid a bhraitheann an scéim ar cheannacháin ón margadh chun bia a sholáthar.

Sa dearbhú a rinne Parlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2006 maidir le soláthar do charthanais fhormheasta a oibríonn chun an clár Eorpach um chúnamh bia do na daoine is díothaí a chur chun feidhme, chuir sí imní in iúl faoin méid atá i ndán don chlár Eorpach um chúnamh bia do na daoine is díothaí agus, an gá atá ann chun a riachtanais bhia a shásamh á aithint aici, d'iarr sí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an clár Eorpach um chúnamh bia a dhéanamh buan.

An 22 Bealtaine 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir leis an ardú ar phraghsanna bia san Aontas Eorpach agus sna tíortha atá i mbéal forbartha, inar cuireadh béim ar an ngné bhunúsach atá ag an gceart chun bia agus ag an ngá le rochtain a fheabhsú do gach uile dhuine i gcónaí ar a ndóthain bia ar mhaithe le saol gníomhach agus folláin.

Tá an tábhacht a bhaineann leis an scéim seo tugtha faoi deara ag an gCoimisiún cheana sa Teachtaireacht uaidh dar teideal " Tackling the challenge of rising food prices – Direction for EU Action " an 20 Bealtaine 2008. Agus é ag labhairt os comhair na Parlaiminte an 18 Meitheamh 2008, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le fios go bhfuil an Coimisiún ag súil le méadú de dhá thrian ar an mbuiséad don tionscnamh sin.

Tugadh go leor tuairimí le fios le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar líne a bhain le clár an Aontais um dháileadh bia, agus léiríodh tacaíocht ollmhór sna freagraí leanúint den chlár um dháileadh bia. Bailíodh moltaí ó eagraíochtaí carthanais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na scéime agus ó údaráis náisiúnta bainistíochta trí bhíthin cruinnithe rialta.

Bhí Measúnú Iarmharta i bhfoirm doiciméid oibre de chuid an Choimisiúin (SEC(2008)2436/2) ag gabháil leis an togra.

EILIMINTÍ AN TOGRA

Sa chomhthéacs sin, bheartaigh an Coimisiún, sa bhliain 2008, athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár um dháileadh bia (COIM(2008) 563 leagan deireanach) bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

- Dhá fhoinse soláthair. Dhéanfaí an bia a fhoinsiú ó stoic idirghabhála nó ón margadh. Ní bheadh foinsiú ón margadh teoranta do chásanna nuair nach bhfuil na táirgí ar fáil go sealadach ó na stoic idirghabhála. Thabharfaí tosaíocht fós, áfach, do tháirgí oiriúnacha ó na stoic idirghabhála nuair atá siad ar fáil.

- Réimse níos leithne de bhianna le dáileadh agus tosaíochtaí níos soiléire. Le go mbeidh cothú cothrom le fáil ó tháirgí dá bhforáiltear faoin scéim, ní bheadh an rogha de bhianna arna ndáileadh teoranta a thuilleadh do na bianna sin atá faoi réir idirghabhála. Is iad údaráis na mBallstát a roghnódh na táirgí bia faoi chuimsiú na gclár náisiúnta um dháileadh bia trína leagfaí síos na cuspóirí agus na tosaíochtaí a bhaineann le bia a dháileadh ar na daoine is díothaí agus lena n-áireofaí cúraimí cothaithe.

- Dearcadh fadtéarmach. Bíonn ar na húdaráis náisiúnta agus na carthanais pleanáil fhadtéarmach agus ullmhú cúramach a dhéanamh do ghníomhaíochtaí dáilte bia. Ar mhaithe le héifeachtúlacht a fheabhsú, bhunófaí scéim um dháileadh bia an Aontais ar feadh trí bliana. Is méideanna táscacha cúnaimh a bheadh ann don dara bliain agus don tríú bliain agus bheadh gá iad a dhearbhú ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, moltar uasteorainn do ranníocaíocht airgeadais an Aontais.

- Cómhaoiniú. Dá dtabharfaí isteach cómhaoiniú dhaingneofaí an ghné chomhtháthaithe den scéim, d'áiritheofaí pleanáil chuí agus neartofaí sineirgí. Ar mhaithe le tabhairt isteach rianúil agus leibhéal ard leanúnach maidir le húsáid chistí an Chomhphobail a chuirtear ar fáil, is 75 % agus 85 % a bheadh sna rátaí cómhaoinithe Comhphobail i mBallstáit an Chomhtháthaithe do phlean 2010/12. Ina dhiaidh sin, ó phlean 2013/15 i leith, is 50 % agus 75 % faoi seach a bheadh i rátaí cómhaoinithe an Chomhphobail.

- Treisiú na monatóireachta agus an tuairiscithe. Neartófaí na hoibleagáidí tuairiscithe ag na leibhéil éagsúla agus d'áireofaí tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

TUAIRIM ÓN g COIMISIÚN AR NA LEASUITHE ATÁ MOLTA AG PARLAIMINT NA h EORPA

Measann an Coimisiún gurb iomchuí líon áirithe Leasuithe foclaíochta (1, 2, 4 agus 9) a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa a ghlacadh, ós rud é go rannchuideodh siad leis an tuairisc ar an éagsúlacht leathan de ghnéithe atá cuimsithe sa scéim a iomlánú, cé go bhfuil formáid dhifriúil roghnaithe ag an gCoimisiún i roinnt cásanna áirithe.

Tá na hathruithe is suntasaí ar ghlac an Coimisiún leo ina thogra leasaithe le fáil i Leasuithe 8, 11, 13 agus 14, cé go bhféadfadh difríocht a bheith ann idir an fhoclaíocht a choimeád an Coimisiún agus an fhoclaíocht a mhol Parlaimint na hEorpa. Is éard a thugtar isteach le hAirteagal 8 an ghné a bhaineann leis an Aontas mar thionscnamh na mbianna, rud a choimeádtar sa togra leasaithe seo mar thosaíocht ar féidir leis na Ballstáit a chinneadh nuair a roghnaíonn siad na cineálacha bianna le dáileadh. Foráiltear le Leasú 11 d'oibleagáid maidir le pointí dáilte chun rannpháirtíocht an Aontais sa phlean a thaispeáint go soiléir, agus tá sé sin coimeádta ag an gCoimisiún sa togra leasaithe seo ina bhfuil rialacha mionsonraithe a ghlacfaí ina dhiaidh sin. Luaitear i Leasú 13 gur cheart táirgí bia a cheannach bunaithe ar nósanna imeachta iomaíocha mar atá tugtha le fios go sainráite sa togra. Ar deireadh, iarrtar le Leasú 14 costais stórála a thabhaíonn eagraíochtaí carthanais a aisíoc, agus tá an méid sin ionchorpraithe anois freisin.

Mar sin féin, níorbh fhéidir glacadh le leasuithe áirithe toisc go n-athróidís substaint an togra ón gCoimisiún ar bhealach a thiocfadh salach ar na cuspóirí thuasluaite. Baineann an diúltú is suntasaí leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa an scéim a fhágáil mar atá agus í maoinithe go hiomlán ó bhuiséad an Aontais (Leasuithe 5, 10, 16, 17, 18, 19). Tá an Coimisiún den tuairim dhaingean go neartódh cómhaoiniú an ghné chomhtháthaithe den scéim, agus d'áiritheofaí pleanáil agus bainistiú níos fearr agus, dá bhrí sin, coimeádtar cómhaoiniú sa togra leasaithe. Mar sin féin, i bhfianaise na n-ábhar imní a thug an Pharlaimint le fios faoin tsaincheist seo, tá na rátaí náisiúnta cómhaoinithe atá sa togra leasaithe íslithe go mór ag an gCoimisiún go dtí 10 % do Bhallstáit an Chomhtháthaithe agus 25 % do Bhallstáit eile agus, rud nach dóchúil sa togra bunaidh, bheadh na rátaí sin cobhsaí le himeacht ama.

COMHFHOGASÚ DON CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH

Bunaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idirdhealú soiléir idir an dlínse arna tharmligean chuig an gCoimisiún ar mhaithe le gníomhartha neamhreachtacha (gníomhartha tarmligthe) a ghlacadh, gníomhartha a fhorlíonann nó a athraíonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach mar a fhoráiltear in Airteagal 290, agus an dlínse a thugtar don Choimisiún ar mhaithe le gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 a ghlacadh. Is ar na Ballstáit atá an fhreagracht, áfach, gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach de réir an dlí a chur chun feidhme, ach má tá gá ag cur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh le coinníollacha aonfhoirmeacha ar mhaithe le cur chun feidhme, is ar an gCoimisiún atá sé iad a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme.

Is éard atá i gceist leis an scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí a chomhfhogasú do rialacha nua an Chonartha ná cleachtadh cáilíochta trína ndéantar na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ar mhaithe le feidhmiú rianúil an bhirt a áirithiú a aicmiú mar ghníomhartha cur chun feidhme nó gníomhartha tarmligthe.

Sa togra leasaithe seo tá na heilimintí riachtanacha go léir, na prionsabail ghinearálta agus rialacha cláraithe na scéime a chinnteoidh an Reachtóir.

I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuireann an Reachtóir de chúram ar an gCoimisiún eilimintí neamhriachtanacha áirithe a fhorlíonadh nó a athrú, eilimintí a bhfuil gá leo, mar sin féin, d'fheidhmiú cuí na scéime. Foráiltear leis an togra leasaithe seo go nglacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an modh chun leithdháileadh foriomlán na n-acmhainní a ríomh, lena n-áirítear dáileadh na stoc idirghabhála agus modh airgeadais, sainmhíniú ar luach cuntasaíochta na dtáirgí a thagann ó na stoic idirghabhála, mar aon le modh a úsáidfear chun acmhainní a ath-leithdháileadh de bharr athbhreithnithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an bplean. Ba cheart don Choimisiún forálacha a ghlacadh trína n-éilítear nósanna imeachta tairisceana a úsáid sna hoibríochtaí go léir a bhaineann le feidhmiú na bpleananna, mar aon le forálacha a bhaineann le hurrúis a bheidh le taisceadh ag iarratasóirí agus rialacha a bhaineann le smachtbhannaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcás neamhchomhlíonadh na sprioc-amanna agus i gcás easnamh eile.

Is iad na Ballstáit, i gcomhéir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, atá freagrach as gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach de réir an dlí agus a ghlacann an Reachtóir a chur chun feidhme. Is léir, áfach, gur gá a áirithiú go gcuirtear an scéim chun feidhme go haonfhoirmeach sna Ballstáit sin atá rannpháirteach ann chun aon bhaol le saobhadh nó neamh-idirdhealú a sheachaint. Sa togra leasaithe seo, dá bharr sin, tugann an Reachtóir na cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe agus nósanna imeachta a ghlacadh, na pleananna a ghlacadh agus a athbhreithniú nuair is gá, sainmhíniú a dhéanamh ar na heilimintí breise le háireamh sna pleananna trí bliana, na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna is infheidhme maidir le haistarraingtí ón stoc, formáid na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus na gclár náisiúnta um dháileadh bia, na rialacha maidir le costais a aisíoc, lena n-áirítear sprioc-amanna agus uasteorainneacha airgeadais, na coinníollacha a bhaineann leis an gcuireadh chun tairisceana agus na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí bia agus lena soláthar, na híoscheanglais a bhaineann le cláir mhaoirseachta, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhaineann le nósanna imeachta íocaíochta lena n-áirítear na cúraimí a bheidh le comhall ag na gníomhaireachtaí náisiúnta idirghabhála agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an oibleagáid rannpháirtíocht an Aontais sa scéim a thaispeáint ar an bpacáistíocht agus ag na pointí dáilte.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá na rialacha atá beartaithe ceaptha chun na forálacha nua don scéim um dháileadh bia do na daoine is díothaí san Aontas a chur chun feidhme. Is é an tAontas a chómhaoineoidh an scéim nua; dá bhrí sin, is gá Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 a leasú.

Áirítear uasteorainn bhliantúil €500 milliún de chómhaoiniú na scéime ag an Aontas sa togra.

TOGRA LEASAITHE

Ag féachaint d'Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear an togra leasaithe ón gCoimisiún i láthair thíos.

2008/0183 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Le Rialachán (CEE) Uimh. 3730/87 ón gComhairle an 10 Nollaig 1987 lena leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le bia a sholáthar ó stoic idirghabhála chuig eagraíochtaí ainmnithe lena dháileadh ar na daoine is díothaí sa Chomhphobal[4], ar Rialachán é a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus a cuimsíodh i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair)[5], tá scéim iontaofa le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas á cur ar fáil le breis agus fiche bliain agus is rannchuidiú tábhachtach é le comhtháthú réigiúin an AE trí éagothromaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a laghdú.

2. Áirítear ar chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), mar a shainmhínítear in Airteagal 39(1) den Chonradh iad, na margaí a chobhsú agus, ina theannta sin, a áirithiú go mbeidh soláthairtí á bhfáil ag tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnacha. I gcaitheamh na mblianta, d'éirigh leis an scéim um dháileadh bia tacú le comhlíonadh an dá chuspóir agus, trí easlándáil an tsoláthair bhia i measc na ndaoine is díothaí san Aontas a laghdú, tá sé léirithe gur uirlis fhíor-riachtanach í a rannchuidíonn lena ráthú go mbíonn bia ar fáil go forleathan laistigh den Aontas agus na stoic idirghabhála á laghdú ag an am céanna. Ba cheart do scéim an AE um chúnamh bia do na daoine is díothaí aidhmeanna an CBT a ráthú i gcónaí agus cuidiú leis na cuspóirí comhtháthaithe a bhaint amach.

3. Sa dearbhú a rinne Parlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2006 maidir le soláthar do charthanais fhormheasta a oibríonn chun an clár Eorpach um chúnamh bia do na daoine is díothaí[6] a chur chun feidhme, dúirt Parlaimint na hEorpa gur léir an fiúntas a bhí ag baint leis an gclár Eorpach um chúnamh bia do na daoine is díothaí agus gur clár é a bhí fíorthábhachtach do na milliúin daoine. Ina theannta sin, léirigh sí go raibh imní uirthi faoi thodhchaí an chláir Eorpaigh um chúnamh bia do na daoine is díothaí, agus an gá atá ann chun a riachtanais bhia a shásamh á aithint aici, d'iarr sí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle inter alia an clár Eorpach um chúnamh bia a dhéanamh buan.

4. Le gach méadú a tháinig ar an Aontas de réir a chéile tháinig méadú ar líon na ndaoine a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as na scéimeanna um chúnamh bia. Mar sin féin, i ngeall ar an luaineacht atá ag gabháil do phraghsanna bia, tá laghdú tagtha ar shlándáil an tsoláthair bhia i measc na ndaoine is díothaí agus méadú tagtha, i dtréimhsí áirithe, ar an gcostas atá ar chúnamh bia a sholáthar. Dá bharr sin, le himeacht na mblianta, tá méadú tagtha ar thábhacht na scéime a bunaíodh den chéad uair faoi Rialachán (CEE) Uimh. 3730/87 agus faoi láthair faoi Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007. Is ríthábhachtach, dá bhrí sin, leanúint den scéim ar leibhéal an Aontais agus í a chur in oiriúint tuilleadh d'fhorbairtí athraitheacha ar an margadh.

5. Leis an scéim reatha um dháileadh bia, táthar ag brath ar dháileadh táirgí ó stoic idirghabhála an Aontais agus, ar bhonn sealadach, ar cheannacháin ar an margadh a chuirtear leis na táirgí sin. Mar sin féin, is é an toradh atá ar na hathbhreithnithe a rinneadh ar an CBT agus ar fhorbairtí fabhracha praghsanna go bhfuil laghdú de réir a chéile tagtha ar na stoic idirghabhála, agus ar réimse na dtáirgí atá ar fáil. Dá bharr sin, ba cheart go mbeadh ceannacháin ar an margadh freisin ina bhfoinse bhuan soláthair don scéim chun cur leis na stoic idirghabhála, i gcás nach mbeadh stoic oiriúnacha idirghabhála ar fáil.

6. Ní féidir le scéim Aontais aisti féin freastal ar na riachtanais mhéadaitheacha atá ann le haghaidh cúnaimh bhia san Aontas. Chun go mbeadh slándáil soláthair bhia ann do na daoine is díothaí, tá gá chomh maith céanna le beartais náisiúnta a chuirfidh lucht riaracháin phoiblí chun feidhme agus is gá an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear tionscnaimh áitiúla, a chur i mbun oibre ar an gceist. D'fhéadfadh scéim Aontais a mbeadh gné mhór chomhtháthaithe ag baint léi, áfach, a bheith ina múnla do dháileadh bia ar na daoine is díothaí, go háirithe i réigiúin thearcfhorbartha, agus d'fheadfadh sí sineirgí a chothú agus tionscnaimh phoiblí agus phríobháideacha a spreagadh a mbeadh sé d'aidhm acu slándáil soláthair bhia na ndaoine atá ar an ngannchuid a mhéadú. Ina theannta sin, i bhfianaise scaipeadh geografach na stoc laghdaithe idirghabhála atá ar fáil sna Ballstáit, d'fhéadfaí, leis an scéim sin, rannchuidiú chun an úsáid is fearr a bhaint astu. Dá bhrí sin, níor cheart ach oiread gur dhochar scéim an Aontais d'aon bheartais náisiúnta den sórt sin.

7. D'fhonn bainistiú buiséadach fónta a áirithiú, ba cheart go bhforálfaí d'uasteorainn sheasta cúnaimh ón Aontas. Thairis sin, chun tairbhiú go hiomlán de ghné chomhtháthaithe na scéime Comhphobail agus chun na sineirgí a chothófar leis sin a neartú, agus d'fhonn pleanáil cheart a áirithiú, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh na Ballstáit an clár um dháileadh bia a chómhaoiniú. Ba cheart foráil a dhéanamh d'uasrátaí don chómhaoiniú ón Aontas agus ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais a chur le liosta na mbeart atá incháilithe do mhaoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta[7].

8. Ba cheart ráta na ranníocaíochta ón CERT a leagan síos agus aird á tabhairt ar chás na mBallstát atá incháilithe do mhaoiniú ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2007-2013, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I iad a ghabhann le Cinneadh 2006/596/CE ón gCoimisiún[8], d'fhonn comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais a neartú.

9. Is léir ó thaithí go bhfuil gá le feabhsúcháin áirithe i mbainistiú na scéime um dháileadh bia, go háirithe chun peirspictíocht níos fadtréimhsí a sholáthar do na Ballstáit agus do na heagraíochtaí ainmnithe trí phleananna ilbhliantúla. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún pleananna trí bliana a bhunú chun an scéim a chur chun feidhme, ar pleananna iad a bheadh bunaithe ar na hiarrataí sin ó na Ballstáit a chuirfí chuig an gCoimisiún agus ar fhaisnéis eile a mheasfadh an Coimisiúin a bheith ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit a n-iarrataí ar tháirgí bia a bhunú ar na cláir náisiúnta um dháileadh bia, ina leagfaí amach cuspóirí agus tosaíochtaí na mBallstát maidir le bia a dháileadh ar na daoine is díothaí, lena n-áirítear breithnithe cothaitheacha. Chuige sin, b'iomchuí dá gcinnfeadh na Ballstáit cóir fhabhrach a thabhairt do tháirgí de thionscnamh an Aontais. Ar deireadh, d'fhonn a áirithiú go gcumhdófar go cuí na costais a bhaineann le cur chun feidhme an phlean, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh costais áirithe a thabhaíonn eagraíochtaí ainmnithe i dtaobh riaracháin, iompair agus stórála de a aisíoc faoi chuimsiú na n-acmhainní a chuirtear ar fáil tríd an bplean.

10. Le go gcuirfear na pleananna trí bliana chun feidhme go héifeachtach, beidh gá a fhíorú go n-urramaítear na hoibleagáidí ag an leibhéal iomchuí. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá leormhaith a dhéanamh agus pionóis a thabhairt i gcás neamhrialtachtaí d'fhonn a áirithiú go gcuirtear an plean trí bliana chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

11. Le hAirteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, tugtar cumhachtaí don Choimisiún sa chaoi is gur féidir leis roinnt d'fhorálacha an Airteagail sin a chur chun feidhme.

12. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá cumhachtaí an Choimisiúin a tugadh chun an scéim dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a fheidhmiú a chomhfhogasú i gcomhréir le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("an Conradh").

13. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar mhaithe le heilimintí áirithe neamhriachtanacha d'Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na heilimintí sin a bhféadfar an chumhacht sin a fheidhmiú ina leith, mar aon leis na coinníollacha a bhfuil an tarmligean sin faoina réir, a shainiú.

14. D'fhonn a ráthú go gcuirfear Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh. Ba cheart don Choimisiún na bearta is gá chun an tAirteagal sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an...

15. D'fhonn a áirithiú go nglacfar na pleananna trí bliana ar shlí atá éifeachtúil agus trédhearcach, ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta maidir leis na pleananna a ghlacadh agus a athbhreithniú a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe. Ar an ábhar céanna, ba cheart an plean trí bliana a ghlacadh agus a athbhreithniú, nuair is gá, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

16. D'fhonn a áirithiú go mbeidh creat cuimsitheach agus éifeachtúil ag na Ballstáit chun páirt a ghlacadh sa scéim agus í a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trína gcinnteofar eilimintí breise le háireamh sa phlean trí bliana, mar aon le rialacha maidir le táirgí a sholáthar agus nósanna imeachta agus teorainneacha ama a bheadh infheidhme má bhaintear ó na stoic idirghabhála, lena n-áirítear aistrithe idir Ballstáit.

17. D'fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a bheidh ar na Ballstáit rannpháirteacha a chur isteach inchomparáide, ba cheart don Choimisiún rialacha maidir le formáid na gclár náisiúnta um dháileadh bia agus na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme.

18. Ba cheart go mbeadh an deis ag na Ballstáit caitheamh le speansais áirithe de chuid na n-eagraíochtaí carthanais mar a chaitear le speansais atá cáilithe faoin scéim. D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an deis sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trína gcinnteofaí rialacha coiteanna mionsonraithe maidir le haisíoc na gcostas sin, lena n-áirítear teorainneacha ama agus uasteorainneacha airgeadais.

19. D'fhonn a áirithiú go n-eiseofar na cuirí chun tairisceana i gcomhréir le rialacha aonfhoirmeacha sna Ballstáit go léir, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na coinníollacha a bhaineann leis an gcuireadh chun tairisceana agus leis na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí bia agus lena soláthar.

20. D'fhonn leibhéal comhchuibhithe feidhmíochta de na heilimintí éagsúla atá sa chóras monatóireachta a áirithiú, ba cheart don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfaí síos na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit i dtaca le seiceálacha.

21. D'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh údaráis na mBallstát an plean a chur chun feidhme ar shlí aonfhoirmeach agus go n-éascófar an comhar idir na húdaráis sin, ba cheart don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna le haghaidh íocaíochtaí, lena n-áirítear laghduithe nuair nach gcomhlíontar iad, forálacha cuntasaíochta agus na cúraimí a bheidh le comhall ag na comhlachtaí náisiúnta idirghabhála, lena n-áirítear i gcás aistrithe idir Ballstáit.

22. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh 1234/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, cuirtear an pointe (g) seo leanas isteach:

"(g) ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an scéim um dháileadh táirgí bia ar na daoine is díothaí san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007."

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear Airteagal 4a nua isteach:

"Airteagal 4a

[Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh]

I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196 a .

I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196 b ."

(2) I gCuid II, Teideal I, Caibidil I, Roinn II, leasaítear Foroinn IV mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

" Airteagal 27 Scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas

1. Bunaítear scéim trína bhféadfar táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas trí eagraíochtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chun na críche sin, cuirfear táirgí de chuid stoc idirghabhála ar fáil nó, i gcás nach bhfuil stoic idirghabhála atá oiriúnach don scéim um dháileadh bia le fáil, ceannófar táirgí bia ar an margadh.

Chun críocha na scéime dá bhforáiltear sa chéad fhomhír ciallóidh 'na daoine is díothaí' daoine dlítheanacha, bíodh siad ina ndaoine aonair, ina dteaghlaigh nó ina ngrúpaí ina bhfuil daoine den sórt sin, a ndéantar a spleáchas sóisialta agus airgeadais a thaifeadadh nó a aithint ar bhonn critéar cáilitheachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla náisiúnta, nó a mheastar a bheith amhlaidh ar bhonn critéar arna n-úsáid ag na heagraíochtaí ainmnithe agus atá formheasta ag na húdaráis inniúla sin.

2. Na Ballstáit sin atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéim dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad cláir um dháileadh bia a mbeidh an méid seo a leanas tugtha le fios iontu chuig an gCoimisiún:

(a) sonraí na bpríomhthréithe agus na bpríomhchuspóirí,

(b) na heagraíochtaí ainmnithe,

(c) na hiarrataí ar na méideanna de tháirgí bia a bheidh le dáileadh le linn tréimhse trí bliana agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

Roghnóidh na Ballstáit na táirgí bia ar bhonn critéar oibiachtúil, lena n-áirítear luachanna cothaitheacha agus oiriúnacht chun críche dáilte. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do tháirgí bia de thionscnamh an Aontais.

3. Ar bhonn na n-iarrataí a thabharfaidh na Ballstáit fógra ina leith de bhun na chéad fhomhíre de mhír 2 agus de bhun aon fhaisnéise eile a mheastar a bheith ábhartha, glacfaidh an Coimisiún pleananna trí bliana.Leagfar síos i ngach plean trí bliana leithdháiltí bliantúla airgeadais an Aontais in aghaidh gach Ballstáit agus ranníocaíochtaí bliantúla íosta airgeadais na mBallstát. Is leithdháiltí táscacha a bheidh sna leithdháiltí don dara bliain agus don tríú bliain den chlár.Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa scéim na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 a dhearbhú. Tar éis na ndearbhuithe sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, gach bliain ina dhiaidh sin, maidir leis na leithdháiltí críochnaitheacha, faoi theorainn na leithreasaí a bheidh ar fáil sa bhuiséad.I gcás nach bhfuil táirgí a áirítear sa phlean trí bliana ar fáil i stoic idirghabhála an Bhallstáit ina bhfuil gá leis na táirgí sin, déanfar foráil sa phlean trí bliana go n-aistreofar iad ó Bhallstáit ina bhfuil siad ar fáil sna stoic idirghabhála.Féadfar plean trí bliana a athbhreithniú i bhfianaise aon fhorbairtí ábhartha a dhéanann difear dá fheidhmiú.

4. Ní fhéadfaidh na heagraíochtaí a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit de réir mhír 1 a bheith ina ngnóthais tráchtála.Cuirfear na táirgí ar fáil saor in aisce do na heagraíochtaí ainmnithe.Na táirgí bia a dháilfear ar na daoine is díothaí, dáilfear iad:

(a) saor in aisce, nó

(b) ar phraghas nach rachaidh in aon chás thar an bpraghas a mbeidh bonn cirt leis de réir na gcostas a thabhóidh na heagraíochtaí ainmnithe agus an ghníomhaíocht á cur chun feidhme acu, seachas na costais a fhéadfar a chumhdach faoi phointí (b) agus (a) den dara fomhír de mhír 7.

5. Déanfaidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa scéim an méid seo a leanas:

(a) tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme na scéime a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(b) coinneoidh siad an Coimisiún ar an eolas ar bhealach tráthúil maidir le forbairtí a dhéanfaidh difear do chur chun feidhme na gclár um dháileadh bia.

6. Déanfaidh an tAontas na costais incháilithe faoin scéim a chómhaoiniú. Ní bheidh an cómhaoiniú sin:

(a) níos airde ná EUR 500 milliún in aghaidh na bliana buiséid san iomlán; ná

(b) níos airde ná 75 % de na costais incháilithe, nó 90 % de na costais incháilithe sna Ballstáit atá incháilithe do mhaoiniú ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2007-2013, mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2006/596/CE ón gCoimisiún*.

7. Is iad seo a leanas na costais a bheidh incháilithe faoin scéim:

(a) costas na dtáirgí a thagann ó stoic idirghabhála;

(b) costas na dtáirgí bia a cheannófar ar an margadh, agus

(c) costais iompair na dtáirgí atá i stoic idirghabhála idir Ballstáit, nuair is gá sin.

Laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil chun an plean trí bliana a chur chun feidhme i ngach Ballstát, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta caitheamh leis na costais seo a leanas mar a chaitear le costais incháilithe:

(a) costais iompair na dtáirgí bia chuig iostaí stórála na n-eagraíochtaí ainmnithe;

(b) na costais seo a leanas a thabhóidh na heagraíochtaí ainmnithe, a mhéid a bhaineann siad go díreach le cur chun feidhme an phlean:

(i) costais riaracháin;

(ii) costais iompair idir iostaí stórála na n-eagraíochtaí ainmnithe agus na pointí dáilte deiridh, agus

(iii) costais stórála.

8. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha riaracháin agus fisiceacha lena áirithiú go gcuirfear an plean chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus leagfaidh siad síos na pionóis is infheidhme i gcás neamhrialtachtaí.

9. Beidh an tásc "cúnamh ón Aontas Eorpach" agus suaitheantas an Aontais Eorpaigh marcáilte go soiléir ar phacáistíocht an bhia a dháilfear tríd na pleananna agus sna pointí dáilte freisin.

10. Beidh scéim an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta trína ndáiltear táirgí bia ar na daoine is díothaí, i gcomhréir le dlí an Aontais.

* IO L 243, 6.9.2006, Lch. 47."

(b) Cuirtear isteach Airteagal 27a agus Airteagal 27b seo a leanas:

" Airteagal 27a

Eilimintí neamhriachtanacha den scéim um dháileadh bia

1. D'fhonn a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as an mbuiséad a shanntar don scéim dá dtagraítear in Airteagal 27, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an modh trína ríomhtar leithdháileadh foriomlán na n-acmhainní, lena n-áirítear dáileadh na dtáirgí idirghabhála idir na Ballstáit agus modh airgeadais chun na táirgí bia a cheannach ar an margadh. Saineofar freisin luach cuntasaíochta na dtáirgí a thagann ó na stoic idirghabhála, mar aon le modh a úsáidfear i gcás aon ath-leithdháileadh acmhainní ar na Ballstáit de bharr athbhreithnithe ar phlean trí bliana.

2. D'fhonn a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach agus éifeachtúil as an mbuiséad a shanntar don scéim dá dtagraítear in Airteagal 27, agus chun cearta agus oibleagáidí na n-oibreoirí a chosaint, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha a ghlacadh trína n-éilítear nósanna imeachta tairisceana a úsáid sna hoibríochtaí go léir a bhaineann le feidhmiú na gclár um dháileadh bia, mar aon le forálacha a bhaineann le hurrúis a bheidh le taisceadh ag rannpháirtithe sna tairiscintí, agus forálacha a bhaineann le smachtbhannaí, laghduithe agus eisiaimh a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, go háirithe maidir le neamhchomhlíonadh na sprioc-amanna chun táirgí a bhaint ó na stoic idirghabhála agus i gcás easnamh tromchúiseach nó neamhrialtachtaí agus an plean trí bliana á fheidhmiú.

Airteagal 27b

An scéim um dháileadh bia a chur chun feidhme go haonfhoirmeach

1. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún forálacha chun go gcuirfear an plean trí bliana agus na cláir náisiúnta um dháileadh bia dá dtagraítear in Airteagal 27 chun feidhme go haonfhoirmeach. Bainfidh na gníomhartha sin leis an méid seo a leanas:

(a) rialacha mionsonraithe agus nósanna imeachta maidir leis an bplean trí bliana a ghlacadh agus a athbhreithniú, lena n-áirítear na sprioc-amanna is infheidhme;

(b) na pleananna trí bliana, chomh maith leis na hathbhreithnithe orthu agus na leithdháiltí críochnaitheacha dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 27(3) a ghlacadh;

(c) forálacha maidir le heilimintí breise a bheidh sna pleananna trí bliana, le rialacha maidir le táirgí bia a sholáthar, agus leis na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna is infheidhme nuair a bhaintear táirgí den stoc idirghabhála agus leis na haistrithe idir Ballstáit;

(d) forálacha maidir le formáid na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus na gclár náisiúnta um dháileadh bia;

(e) rialacha mionsonraithe a bheidh infheidhme maidir le haisíoc na gcostas dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 27(7), lena n-áirítear na huasteorainneacha airgeadais agus na sprioc-amanna;

(f) coinníollacha aonfhoirmeacha a bhaineann leis na cuirí chun tairisceana, lena n-áirítear na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí bia agus maidir lena soláthar;

(g) forálacha maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha a bheidh le déanamh ag na Ballstáit;

(h) forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna le haghaidh íocaíochtaí agus na laghduithe is infheidhme nuair nach gcomhlíontar iad, forálacha cuntasaíochta agus nósanna imeachta le haghaidh aistrithe idir Ballstáit, lena n-áirítear an tuairisc ar na cúraimí a bheidh le comhall ag na comhlachtaí náisiúnta idirghabhála lena mbaineann;

(i) coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le hAirteagal 27(9) a chur chun feidhme."

(3) Scriostar pointe (g) agus pointe (h) d'Airteagal 43.

(4) Cuirtear pointe (9) seo a leanas isteach in Airteagal 184:

"(9) faoin 31 Nollaig 2014 ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 27, mar aon le haon togra iomchuí, a chur i bhfeidhm."

(5) Cuirtear Airteagal 196 a agus Airteagal 196 b seo a leanas isteach i gCaibidil I de Chuid VII:

" Airteagal 196a

Gníomhartha tarmligthe

1. Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama.

A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, fógróidh an Coimisiún amhlaidh go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm tráth ar bith.

Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach ama sula ndéanfar an Cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

Cuirfidh an Cinneadh cúlghairme sin deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm láithreach nó ar dháta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh de mhí amháin leis an tréimhse sin.

Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe ann.

Foilseofar an gníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 196b

Gníomhartha cur chun feidhme

[Beidh an chuid seo le comhlánú tar éis an Rialachán a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú dá dtagraítear in Airteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus atá faoi scrúdú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.]

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige maidir leis an bplean trí bliana a thosóidh ar an 1 Eanáir 2012 nó tar éis an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

RÁITEAS AIRGEADAIS | Fichefin/478963rev1 (EM/tm) 6.5.2010.1 |

DÁTA: 15/07/2010 |

1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID: 05 02 04 01 | LEITHREASAÍ: 500 M€ in B-2010 500 M€ in DB-2011 |

2. | TEIDEAL: Togra leasaithe le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) maidir le bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas |

3. | BUNÚS DLÍ: Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |

4. | AIDHMEANNA: Tá na rialacha beartaithe ceaptha chun na forálacha nua don scéim um dháileadh bia do na daoine is díothaí san Aontas a chur chun feidhme |

5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | AN BHLIAIN REATHA AIRGEADAIS (EUR milliún) | AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN (EUR milliún) |

5.0 | CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLAITHE) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | 500 | - | - |

5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - | - |

2010 | 2011 | 2012 | 2013 |

5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | 500 | 500 |

5.1.1 | IONCAM MEASTA | - | - | - | - |

5.2 | MODH DON RÍOMH: - |

6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | TÁ NÍL |

6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ LE TRASDUL IDIR CHAIBIDILÍ AN BHUISÉID REATHA? | TÁ NÍL |

6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | TÁ NÍL |

6.3 | AN mBEIDH GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO? | TÁ NÍL |

BARÚLACHA: Is é an tAontas a chómhaoineoidh an scéim nua. Tá uasteorainn bhliantúil airgeadais €500 milliún sa togra. |

[1] IO C […], […], Lch. […].

[2] XX

[3] IO C […], […], Lch. […].

[4] IO L 352, 15.12.1987, Lch. 1.

[5] IO L 299, 16.11.2007, Lch. 1.

[6] IO C 293 E, 2.12.2006, Lch. 170.

[7] IO L 209, 11.8.2005, Lch. 1.

[8] IO L 243, 6.9.2006, Lch. 47.

Top