Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0260

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

/* COIM/2010/0260 leagan deireanach */

52010PC0260




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil28.5.2010

COIM(2010) 260 leagan deireanach

2010/0154 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

(Athmhúnlú)

{SEC(2010 639}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. RÉAMHRÁ

Is é an buiséad ceann de na príomhionstraimí is gá chun beartais an AE a chur i gcrích. Tá níos mó ná EUR 130 billiún beartaithe don bhliain 2011 le dáileadh ar bheartais an AE a bheidh chun leasa an Aontais agus a chuid saoránach. Sa chomhthéacs reatha eacnamaíoch, is tábhachtaí fós go mbeidh meicníochtaí seachadta an bhuiséid ag feidhmiú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus go n-éascóidh siad cur chun feidhme bheartais an AE, ag an am céanna is a chinntíonn siad go gcaitear go hiontaofa le hairgead na gcáiníocóirí Eorpacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go mbeidh na meicníochtaí sin simplí agus trédhearcach (go háirithe i ndáil le faighteoirí deiridh chistí an AE), go bhfágfaidh siad go bhféadfar acmhainní buiséid nach ón AE iad a ghiaráil agus ag an am céanna go neartófar cuntasacht an Choimisiúin i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme mar atá socraithe in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Tá na prionsabail agus na rialacha ar fad a rialaíonn cur chun feidhme bhuiséad an Aontais san áireamh sa Rialachán Airgeadais (dá ngairtear an FR[1] anseo feasta). Tá gné chothrománach ann: tá sé infheidhme maidir le gach réimse caiteachais agus gach saghas ioncaim. Tá an FR faoi réir athbhreithniú gach trí bliana, nó tráth ar bith is gá; is athbhreithniú tríbhliantúil den chineál sin an togra reatha seo. Léirítear ann freisin an gá atá le breathnú arís ar mheicníochtaí seachadta an bhuiséid sa chomhthéacs reatha eacnamaíoch agus i bhfianaise na ndúshlán beartais a bheidh ann amach anseo[2].

Den chéad uair, tá an t-athbhreithniú tríbhliantúil seo á láimhseáil i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá bhforáiltear in Airteagal 322 den CFAE. Tíolactar é i bhfoirm athmhúnlaithe i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha na teicníce athmhúnlaithe i ndáil le gníomhartha dlíthiúla[3]. D'fhonn ligean don údarás reachtach radharc foriomlán a bheith aige ar na modhnuithe atá beartaithe, tíolactar rialacha chur chun feidhme an FR (dá ngairtear na IR anseo feasta[4]) mar aon leis an FR i bpacáiste amháin i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin. Glacfar na rialacha cur chun feidhme, ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe a chomhlánaíonn an FR, faoi chumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin de réir Airteagal 290 den CFAE.

Ní chumhdaíonn an t-athbhreithniú reatha na hathruithe atá mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ach amháin oibleagáidí na mBallstát maidir le rialú agus iniúchóireacht inmheánach agus na freagrachtaí dá ndroim sin faoin mbainistíocht chomhpháirteach a áirítear san athbhreithniú reatha. Tá an Coimisiún ag plé le hathruithe eile a bhaineann le Conradh Liospóin in dhá thogra ad hoc ar leith, de bharr a shonraí is atá siad: togra amháin a bhaineann leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí[5] , agus an togra eile a bhaineann leis na rialacha buiséadacha nua[6] (creat airgeadais ilbhliantúil a thabhairt isteach sa Chonradh, go háirithe an nós imeachta buiséadach bliantúil nua).

Cuireann an togra seo le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí an 19 Deireadh Fómhair 2009[7] dá dtáinig 235 moladh ar an iomlán ó gheallsealbhóirí a bhíonn ag cur chistí de chuid an Aontais chun feidhme nó a fhaigheann na cistí sin, idir shaoránaigh agus oibreoirí poiblí agus príobháideacha agus riaracháin réigiúnacha agus náisiúnta. Ghlac an Coimisiún an togra ar bhonn thorthaí an chomhairliúcháin sin agus ar bhonn taithí a sheirbhísí oibríochtúla agus ceachtanna a foghlaimíodh ó athbhreithnithe roimhe seo.

2. FÉILIRE

Beidh athbhreithniú an FR faoi chaibidil agus an t-ullmhúchán do na cláir a bheidh ann tar éis 2013 ar siúl, agus ba cheart é a bhreithniú sa chomhthéacs níos leithne sin. Chuige sin, tá sé tábhachtach go n-aontóidh na gníomhaithe ar fad atá bainteach leis an bpróiséas reachtach, go háirithe Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar amchlár uaillmhianach don athbhreithniú reatha agus ar an ngá atá le comhleanúnachas a áirithiú idir na rialacha airgeadais atá coisricthe san FR agus ar ábhar na mbunghníomhartha earnálacha. Chun go mbeidh an méid sin éifeachtach, ba cheart dóibh díriú ar chomhaontú a chur i gcrích maidir leis an bpacáiste (FR + IR) a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2011, amchlár atá an-uaillmhianach i ngeall ar na srianta ar chuid dílis den ghnáthnós imeachta reachtach iad.

3. AN BONN ATÁ LEIS AN TATHBHREITHNIÚ REATHA

Níor cheart ach na bunphrionsabail (FR, Teideal II) agus bunrialacha na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais a bheith san FR. Sonrófar na mionsonraí sna IR agus i 'ndlí bog' amhail treoirlínte inmheánacha. Ní mór do gach institiúid cloí leis na prionsabail seo agus ní mór cloí leo i ngach gníomh reachtach[8]; ba cheart iad a choinneáil cobhsaí agus a laghad maoluithe is féidir a bheith orthu.

Maidir leis an ábhar, níor mhór príomheilimintí na leasuithe airgeadais a chaomhnú, go háirithe iad seo a leanas: ról na ngníomhaithe airgeadais; tábhacht an chinnidh airgeadais a ghlac an Coláiste i ndáil le caiteachas oibríochtúil; rialuithe a chomhtháthú le seirbhísí oibríochtúla; feidhm na hiniúchóireachta inmheánaí; buiséadú gníomhaíochtbhunaithe; agus nuachóiriú na bprionsabal cuntasaíochta agus na mbunrialacha a bhaineann le deontais. Níor mhór rialacha soláthair a chaomhnú i gcomhréir leis na Treoracha soláthair.

Ina theannta sin, ba cheart a chuimhneamh nach bhfuil modhnuithe ar an FR ag teastáil gach uair atá fadhb le cur i bhfeidhm na rialacha. I dtromlach mór na gcásanna, ní hé an Rialachán Airgeadais is cúis leis na deacrachtaí a thagann chun cinn le linn an chomhairliúcháin phoiblí agus d'fhéadfaí iad a réiteach ach na rialacha a léirmhíniú. Eascraíonn deacrachtaí freisin as rialachán earnáilbhunaithe toisc go gcuireann leibhéal an mhionsonraithe agus na castachta go mór leis an mbaol go ndéanfar botún nó go mbainfear míchiall.

A fhad a bhaineann le cur chuige de, rinneadh gach modhnú ar an ábhar a mheas i leith na bpointí cóimheasa seo a leanas:

- an t-ualach riaracháin ar thairbhithe, ar chonraitheoirí agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme a laghdú;

- giaráil leithreasaí an bhuiséid a éascú, nuair is féidir;

- an oibleagáid atá ar an gCoimisiúin faoi Airteagal 317 den Chonradh a éascú maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme agus na príomhchuspóirí beartais a bhaint amach trí ionstraimí seachadta a fheabhsú agus trí na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú;

- bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint in aghaidh calaoise agus in aghaidh gníomhaíochtaí mídhleathacha eile[9].

4. AN GÁ ATÁ LE LEASÚ

Tá leasú de dhith d'fhonn na rialacha airgeadais a chur in oiriúint do riachtanais nua chur chun feidhme an bhuiséid (cómhaoiniú i dteannta le deontóirí eile, ionstraimí sonracha airgeadais, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí) nó i gcás go gcruthaíonn na bunphrionsabail ualach oibre neamh-chomhréireach (ús ar réamh-mhaoiniú) nó go bhféadfaidh siad cur isteach go míchuí ar éifeachtúlacht (toirmeasc ar chur chun feidhme an bhuiséid trí chomhlachtaí na hearnála príobháidí). Ní mór dámhachtain conarthaí agus deontas beag a éascú freisin.

Ina theannta sin, ba cheart nasc nua a bheith ann idir an FR agus na IR mar thoradh ar an nós imeachta nua atá infheidhme maidir leis na IR, mar atá leagtha amach i gConradh Liospóin, agus cuirfear i bhfeidhm athbhreithniú iomlán ar shraith iomlán na rialacha airgeadais dá bharr. Chuige sin, ba cheart roinnt forálacha den IR a shonraíonn eisceachtaí nó maoluithe ó fhorálacha an FR faoi láthair a thabhairt isteach san FR féin, agus níor cheart ach sonraí teicniúla agus módúlachtaí cur chun feidhme a bheith sna IR.[10]

Sa chomhthéacs seo, tá togra an Choimisiúin bunaithe ar na cuspóirí seo a leanas:

- a thuilleadh solúbthachta a thabhairt isteach i gcur i bhfeidhm phrionsabail an bhuiséid, rud a d'fheilfeadh níos fearr do riachtanais oibríochtúla agus a mhaolódh an t-ualach riaracháin neamhriachtanach ar fhaighteoirí chistí de chuid an Aontais;

- cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcaidreamh leis na comhpháirtithe cur chun feidhme sin a chuireann an Coimisiún na cláir nó cuid de na gníomhaíochtaí cláraithe (tionscadail) de chúram orthu, ag cur san áireamh, go háirithe, an cineál comhpháirtí cur chun feidhme atá ann (na Ballstáit, gníomhaireachtaí, an Banc Eorpach Infheistíochta, oibreoirí poiblí agus príobháideacha, etc.) agus na rioscaí a bhaineann leo ó thaobh airgeadais de (comhréireacht);

- córas na ndeontas a athrú ó bhainistíocht bunaithe ar fhíorchostas (ionchuir) go scéim feidhmíochtbhunaithe (aschuir), chun díriú níos fearr ar chuspóirí beartais agus chun go simpleofar go suntasach na ceanglais maidir le nósanna imeachta agus cáipéisíocht a bhaint amach chun leasa na dtairbhithe, agus úsáid cnapshuimeanna a éascú;

- bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach deis shuntasach solúbthachta thabhairt do na hoifigigh údarúcháin ionas gur féidir leo na hacmhainní a oiriúnú dá mbaic oibríochtúla agus do na rioscaí airgeadais atá i ndán dóibh;

- an córas um bainistíocht riosca agus na bearta rialaithe a nuachóiriú ionas go mbeidh siad i gcomhréir níos fearr leis an dóchúlacht earráidí a bheith ann, agus leis an gcostas atá i gceist.

5. MODHNUITHE ARNA MBEARTÚ AG AN GCOIMISIÚN

5.1. Eisceachtaí ó phrionsabail bhuiséadacha

Maidir leis an bprionsabal i ndáil le haontacht an bhuiséid , ba cheart na rialacha a rialaíonn leasanna arna nginiúint trí réamh-mhaoiniú a shimpliú (Airteagal 5, Airteagal 5a den FR) toisc go ngineann siad ró-ualach riaracháin ar an dá thaobh mar aon le míthuiscintí le hoibreoirí agus le comhpháirtithe (go háirithe toisc go bhfuil rátaí úis íseal faoi láthair). Bailítear na leasanna sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus is léiriú iad ar ioncam neamhdhiomaibhseach bhuiséad an Aontais (+/- EUR 50 M sa bhliain). Dá bhrí sin, díríonn na hathruithe atá beartaithe ar thairbhithe deontas agus ceiltear an oibleagáid ús réamh-mhaoinithe a ghineadh agus an t-ús sin a ghnóthú, ach amháin dá bhforáiltear i gcomhaontú tarmligin. Ciallaíonn sé sin go mbeidh na gníomhaireachtaí náisiúnta in ann ús a ghintear do na cláir a ndéanann siad bainistíocht orthu a athúsáid, agus go leanfar le gnóthú na n-ús a ghineann comhlachtaí an AE gach bliain. Beidh caillteanas teoranta in ioncam ilghnéitheach an Aontais (+/- EUR 15 M) de thoradh ar an mbeart sin.

Maidir le prionsabal na huilíochta , tá dé-chóras beartaithe i ndáil le h ioncam sannta (Airteagal 18 den FR) agus déantar idirdhealú idir: 1. cistí arna sannadh i dtús báire ag an Údarás Buiséid chun na críche céanna a athúsáid (ioncam sannta inmheánach), a gcoinnítear an córas reatha ina leith (tugtar anonn iad do bhliain amháin agus nuair a dhéantar iad a thabhairt anonn, caithfear iad a úsáid i dtús báire, sula n-úsáidtear leithreasaí nua) agus; 2. ioncam arna bhailiú agus arna shannadh ag deontóirí éagsúla i ndáil le clár sonrach nó gníomhaíocht shonrach (ioncam sannta seachtrach: ranníocaíocht ó CSTE agus ó thríú tíortha le clár de chuid an Aontais, cómhaoiniú gníomhaíochtaí seachtracha ó na Ballstáit agus ó dheontóirí eile...), ar cheart don chóras um thabhairt anonn a bheith níos solúbtha ina leith d'fhonn an cuspóir a shann an deontóir a ráthú. Cuirtear ar fáil córas iomchuí chun tuairisciú don Údarás Buiséid.

Maidir le prionsabal sonraíochta an bhuiséid , ba cheart na rialacha a rialaíonn aistrithe leithreasaí a shoiléiriú agus ba cheart a thuilleadh solúbthachta a cheadú sa nós imeachta um ghlacadh maidir le haistrithe áirithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún (Airteagal 21, Airteagal 23 agus Airteagal 26 den FR), chun freagairt do riachtanais an bhuiséid a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, go háirithe maidir le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, ioncam sannta agus leithreasaí riaracháin a mbaineann roinnt teideal leo. Tá sé beartaithe freisin na rialacha maidir le haistrithe ar gá an t-údarás buiséid a chur ar an eolas fúthu a shimpliú ionas nach mbeidh moill orthu arís is arís agus iad á gcur i gcrích.

Maidir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais , lena n-áirítear coincheap na comhréireachta, ba cheart go dtabharfar isteach leis an FR coincheap an riosca inghlactha (Airteagal 28b den FR). Is é cuspóir an togra seo, a rinneadh le linn an athbhreithnithe dheireanaigh ach arna thacú anois le dlúthanailís ar chostais agus ar shochair an rialaithe, cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal an riosca inghlactha earráide, i gcás gach réimse beartais , ag cur san áireamh an costas rialaithe, an riosca earráide agus sochair an bheartais. Is éard a bheidh i gceist leis sin i réimsí áirithe, leibhéal inghlactha riosca níos mó ná an tairseach ábharthachta 2 % atá in úsáid ag an gCúirt Iniúchóirí a shocrú i ngach réimse beartas chun dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart a thabhairt i gcrích. Is é an tÚdarás Reachtach a chinnfeadh na leibhéil inghlactha riosca agus shocróidís leibhéal costéifeachtach rialaithe chun bonn níos iomchuí a sholáthar don Údarás um Urscaoileadh (i.e. Parlaimint na hEorpa) chun caighdeán bainistíochta riosca an Choimisiúin a mheas.

Maidir le prionsabal na bliantúlachta , níl leasú ar bith ar an FR beartaithe ach amháin maidir leis na rialacha a bhaineann le tabhairt anonn i gcás ioncaim shannta sheachtraigh (Airteagal 10 den FR), d'fhonn an dé-chóras atá beartaithe don ioncam sannta a chur san áireamh. Tá an Coimisiún ar an eolas, áfach, maidir leis na hábhair imní atá curtha in iúl ag roinnt dá chomhphairtithe cur chun feidhme i gcláir ilbhliantúla (BEI, ITER, Galileo, cláir thaighde arna mbainistiú ag Comhthionscnaimh Teicneolaíochta, etc.) comhpháirtithe a iarrann dearbhú, sula síneoidh siad conradh nó comhaontú leis an gCoimisiún, maidir le fad ghealltanas bhuiséad an Aontais i ndáil le tionscadal ar leith, agus uaireanta ag dul ní b'fhaide ná an Creat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, fiú. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil ann do dhearbhú dá leithéid faoi láthair i bhfoirm tráthchodanna bliantúla i gcás go socraíonn an bunghníomh na suimeanna bliantúla le linn thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (e.g. Cistí Struchtúrtha), nó níos déanaí fiú (e.g. ITER), i gcomhréir le hAirteagal 76(3) den FR. Cé nach bhfuil i gclárú airgeadais[11] den chineál sin ach léiriú, soláthraíonn sé faisnéis iomchuí maidir leis na suimeanna bliantúla a ndéantar foráil dóibh le haghaidh clár tábhachtach, e.g. na Comhthionscnaimh Teicneolaíochta agus, an rud is tábhachtaí, tugann sé an pheirspictíocht mheántéarmach ar mhaoiniú an Aontais atá á lorg ag cuid de chomhpháirtithe cur chun feidhme an Aontais. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar an gcinnteacht a sholáthraíonn méideanna bliantúla atá coiscrithe i mbunúis dlí le síneadh na comhchinnteoireachta reachtaí, arb ionann é anois agus an gnáthnós imeachta reachtach.

Ar deireadh, níl aon leasú beartaithe maidir le prionsabal na trédhearcachta .

5.2. An buiséad a chur chun feidhme

5.2.1. Modhanna cur chun feidhme a shimpliú ó 5 mhodh go 2 mhodh (Airteagal 53 den FR)

Is príomheilimint de Leasú 2001 iad na forálacha a bhaineann le modhanna cur chun feidhme a rialaíonn na coinníollacha maidir le cúraimí buiséadacha a sheachtrú chuig tríú páirtithe. Is é an cuspóir atá acu, is cuma cé acu modh a roghnaítear, a áirithiú go gcuirtear an caiteachas i gcrích le leibhéal rialaithe agus trédhearcachta atá ag freagairt don leibhéal a mbeifí ag súil leis ó sheirbhísí an Choimisiúin, faoi mar atá leagtha amach sa FR.

Tá na forálacha sin éirithe chomh casta thar na blianta, áfach, go bhfuil a gciall bhunaidh caillte. Tá togra an Choimisiúin, dá bhrí sin, bunaithe ar idirdhealú soiléir a bhunú idir :

- cásanna ina gcuirtear an buiséad chun feidhme go díreach (ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháin – Airteagal 53(1) pointe (1)); agus

- cásanna ina gcuirtear an buiséad chun feidhme go hindíreach faoin gcomhbhainistíocht leis na Ballstáit nó trí eintitis nó daoine eile (Airteagal 53(1) pointe (2)).

Leagtar amach sa togra na riachtanais choiteanna le haghaidh bainistíochta dírí de gach sórt ina bhfuil foráil déanta d'fhorálacha sonracha maidir le bainistíocht indíreach le Ballstáit (Airteagal 53a den FR).

Tá an togra dírithe, go háirithe, ar an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir post an oifigigh údarúcháin a éascú i ndáil le modh chur chun feidhme an bhuiséid atá oiriúnach don ghníomhaíocht shonrach sin a chinneadh, ar taobh amháin, agus ar an taobh eile, timpeallacht níos sláine a chur ar fáil don oifigeach údarúchain. Baintear an chothromaíocht sin amach mar seo a leanas:

- cuirtear san áireamh riachtanais oibríochtúla trí níos mó comhréireachta a thabhairt isteach i rialuithe ex ante , ag brath ar na rioscaí sonracha a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus ar chúrsaí rialaithe ina n-iomláine lena n-áirítear na bearta a ghlacann an Coimisiún chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun tacú leis. Ina theannta sin, tá forálacha beartaithe chun déileáil le riachtanais ionstraimí airgeadais atá i mbun forbartha amhail ionstraimí a bhaineann leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha agus Poiblí;

- neartaítear freagracht na mBallstát agus na n-eintiteas nó na ndaoine ar cuireadh cúram orthu faoin mbainistíocht indíreach, agus simplítear oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta an Choimisiún i gcás gach cineál bainistíochta buiséid.

Ag an am céanna, tá forálacha beartaithe chun bainistíocht fhónta airgeadais a neartú d'fhonn cuntasacht an Choimisiúin a áirithiú maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. Baineann siad leis na nithe seo a leanas:

- oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta, a mbíonn ar na Ballstáit agus ar na heintitis ar cuireadh cúram orthu iad a chomhlíonadh d'fhonn foráil a dhéanamh do leibhéal sásúil cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais ;

- dearbhuithe urrúis bhainistíochta le haghaidh na gcineálacha bainistíochta buiséid indíreacha ar fad nach bhfuil faoi réir urscaoilte ar leith ón údarás buiséid, ar cheart freagracht na mBallstát agus na heintitis ar cuireadh cúram orthu a neartú agus a thuilleadh dearbhaithe a thabhairt don oifigeach údarúcháin, go háirithe i dtaobh a dhualgas tuairiscithe;

- oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta don Choimisiún, lena n-áirítear nósanna imeachta um imréiteach cuntas agus an fhéidearthacht íocaíochtaí a fhionraí nó briseadh isteach orthu.

5.2.2. Oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta na mBallstát (Airteagal 53a den FR)

Tugtar isteach forálacha nua bunaithe ar Airteagal 317 den CFAE sa togra reatha agus áirítear iontu na gnéithe seo a leanas: struchtúr riaracháin chomhchuibhithe sna Ballstáit; oibleagáidí coiteanna bainistíochta agus rialaithe le haghaidh na struchtúr sin; dearbhú urrúis bhainistíochta bliantúil in éineacht le barúil neamhspleách iniúchóireachta trína nglacann an chuideachta náisiúnta creidiúnaithe freagracht as bainistíocht chistí de chuid an Aontais ar cuireadh a gcúram air; imréiteach airgeadais, meicníochtaí fionraí agus ceartaithe arna n-oibriú ag an gCoimisiún.

Níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ach maidir leis an gcéad ghlúin eile de rialacháin earnáilsonracha, i.e. tar éis 2013 (Airteagal 187 den FR).

5.2.3. Íocaíochtaí agus cuntais mhuiníneacha (Airteagal 61(4) den FR)

Ní chumhdaíonn forálacha an FR ach cuntais bainc a osclaítear do bhainistíocht airgid thirim faoi fhreagracht an chuntasóra. Ba cheart cead a thabhairt cuntais mhuiníneacha , tiomanta do chur chun feidhme cláir faoin mbainistíocht indíreach institiúidí airgeadais, a chruthú. D'osclófaí na cuntais mhuiníneacha sin faoi fhreagracht na n-oifigeach údarúcháin le comhaontú ón oifigeach cuntasaíochta.

Ina theannta sin, tá athbhreithniú déanta ar na rialacha a bhaineann le réamh-mhaoiniú (Airteagal 81 den FR) chun aon íocaíocht amháin réamh-mhaoinithe a cheadú, agus caithfear an íocaíocht sin a imréiteach i gcomhréir le dul chun cinn na gníomhaíochta. Ba cheart a thuilleadh urrúis a chur ar fáil d'fhaighteoirí dheontais an AE dá bharr sin i ndáil leis an méid a gheobhaidh siad, toisc go bhformheasfadh an Coimisiún cáilitheacht na gcostas ar bhonn rialta trí bhíthin íocaíochtaí idirthréimhseacha.

5.2.4. Oibríochtaí ioncaim (Airteagal 73b, Airteagal 74 den FR)

Ba cheart na rialacha maidir le gnóthú a neartú ionas go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart, go háirithe, do na Ballstáit déileáil le gnóthúcháin ar an mbealach céanna is a dhéileálann siad lena n-éilimh féin ar a gcríoch féin.

Tá sé beartaithe freisin, córas na réamh-mheastachán ioncaim a shimpliú i gcomhréir le riachtanais bhuiséadacha. Ba cheart clárú a éilimh nuair atá féidearthacht mhaith ioncaim ann agus nuair is féidir é a léiriú ina fhigiúir ar bhealach réasúnta.

5.2.5. Soláthar (Airteagail 88-107 den FR)

Laistigh de na teorainneacha a údaraíodh leis an Treoir um sholáthar, 2004[12], déantar athbhreithniú ar fhorálacha maidir le soláthar d'fhonn na rialacha a shimpliú (táirsigh, ráthaíochtaí bainc), d'fhonn stádas sonrach BEI sa Chonradh a chur san áireamh, agus d'fhonn raon feidhme roinnt forálacha a shainiú níos beaichte, go háirithe i dtaobh saineolaithe a roghnú. Chomh maith leis sin, ba cheart go n-éascódh bunachar sonraí do dhíoltóirí cumarsáid níos éifeachtaí le tairgeoirí ionchasacha, i gcás luachanna conarthaí atá faoi bhun na dtáirseach atá leagtha síos sa treoir um sholáthar.

Maidir leis na rialacha a bhaineann le heisiamh , tugtar isteach in Airteagal 93 den FR maolú ó oibleagáid an eisiaimh i gcás ceanglas sáraitheach a mbaineann leas ginearálta leo, go háirithe chun leanúnachas seirbhíse na n-institiúidí a chaomhnú. Is é is aidhm don fhoráil seo rialacha an FR a ailíniú leis an treoir ábhartha. Tugtar foráil isteach in Airteagal 95 den FR don Bhanc Ceannais Eorpach agus don Bhanc Eorpach Infheistíochta chun rochtain a thabhairt dóibh ar an mbunachar lárnach eisiaimh ar an mbonn céanna le hinstiúidí an AE.

Ar deireadh, cuirtear foráil isteach in Airteagal 96(2) chun foráil a dhéanamh do bhunús fónta dlí maidir le cinntí riaracháin a fhoilsiú i ndáil le heisiamh agus le pionóis airgeadais, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí.

5.2.6. Deontais (Airteagail 108-120 den FR)

Tugadh rialacha maidir le deontais isteach den chéad uair in athmhúnlú 2002 den FR agus de na IR. Ní dhearnadh ach mionmhodhnuithe ar athbhreithniú 2006, agus níor leor iad sin chun an t-ualach riaracháin atá ar sheirbhísí oibríochtúla agus ar thairbhithe a mhaolú.

Cuireann an t-ualach riaracháin cosc ar sheirbhísí a gcuid acmhainní a dhíriú ar chuspóirí beartais agus ar sheachadadh tráthúil, agus baineann barraíocht maorlathais leis do thairbhithe. Tá dhá chúis dhíreacha leis: an iomarca cosúlachta idir rialacha/nósanna imeachta soláthair agus deontais, cé go bhfuil cuspóirí éagsúla acu (éadáil vs. tacaíocht); agus toisc na rialuithe le haghaidh deontas a bheith dírithe ar fhíorchostais (deontas fíorchostas-bhunaithe) seachas ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo (torthaí insoláthartha) ó thionscadail.

Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, scéim an Aontais a dhíriú ar chóras feidhmíochtbhunaithe , bunaithe ar tháscairí agus ar chuspóirí comhaontaithe a shainiú (aschuir agus torthaí), agus leanúint le simpliú suntasach ar chnapshuimeanna (cnapshuimeanna, scála caighdeánach costas aonaid agus rátaí comhréidh), ar léir iad a bheidh scartha ó fhíorú aon chostais iarbhír cur chun feidhme (Airteagal 109 den FR). Ba cheart an cur chuige nua seo a choisreacan sna rialacha cur chun feidhme agus d'áireofaí leis na modhanna rialaithe (lena n-áirítear iniúchóireachtaí oibríochtúla), agus comhlíonadh na gcomhphrionsabal is infheidhme maidir le deontais á áirithiú. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an t-uastáirseach i leith gach cnapshuime (25 000 EUR) a scrios agus fágáil faoin gColáiste é a chinneadh agus creat sonrach maidir le cnapshuim á ghlacadh.

Ba cheart don Choimisiúin an creat a bheidh le húsáid chun cnapshuimeanna a chinneadh (comhsheasmhacht leis na gníomhaíochtaí maoinithe, uasmhéid, bonn agus modhanna ríomha) a ghlacadh, ach amháin i gcás scéimeanna le deontais ar luach íseal (≤ 50 000 EUR), chun a áirithiú gur chuid den mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an oifigeach údarúcháin é dá rachfaí i mbun na gcnapshuimeanna agus chun cóir chomhionann idir tairbhithe a chosaint. Bheadh an t-oifigeach údarúcháin in ann, dá bhrí sin, cnapshuimeanna, scálaí costas aonad agus rátaí comhréidh a shocrú laistigh d'fhad an chláir ar bhonn buiséid shealadaigh arna chur isteach ag an iarratasóir, ag cur san áireamh na cleachtais inmheánacha cuntasaíochta, lena n-áirítear catagóirí costais inghlactha, agus iad sin amháin, ar chatagóirí iad a chuireann an t-iarratasóir i bhfeidhm go leanúnach ar oibríochtaí cosúla (gan chlaonadh a dhéanfadh dochar do chistí an AE).

I gcomhthreomhar leis sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras fíorchostais , rud atá á choinneáil mar an córas réamhshocraithe (na cineálacha éagsúla costas a shoiléiriú, na costais a tabhaíodh, ranníocaíochtaí comhchineáil, brabús), agus ba cheart brabús féideartha gníomhaíochta a ghnóthú ar bhonn prorata (i gcás go maoiníonn an AE 50 % den chostas, níor cheart ach 50 % den bhrabús a ghnóthú).

Maidir leis na deontais oibriúcháin a laghdú de réir a chéile (Airteagal 113(2) den FR), tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialach sin thar ceithre bliana, seachas é a thréigean go hiomlán, toisc go bhfuil údar tugtha leis i bprionsabal.

Tá athbhreithniú déanta ar dhámhachtain na ndeontas sna IR chun go mbeidh rogha na módúlachtaí faoin oifigeach údarúcháin a oiread agus is féidir (cinneadh vs. comhaontú, ráthaíochtaí bainc agus doiciméid a dhéanann measúnú ar acmhainn oibríochtúil agus airgeadais). Ina theannta sin, ba cheart deonú deontas ar luach íseal a dhéanamh níos éasca, tríd an mbarraíocht ceanglas riaracháin a bhaint i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus tríd an tairseach reatha a mhéadú (ó EUR 25 000 go EUR 50 000). Leanann an méid sin an treocht ar cuireadh tús leis in 2006.

Is léir go bhfuil na rialacha lena n-údaraítear deontais chascáideacha eisceachtúla ródhian agus ba cheart iad a mhaolú (Airteagal 120(2) den FR) d'fhonn ligean do thairbhí an deontas a athdháileadh trí mheán fóirdheontas chuig tríú páirtithe. Ba cheart cur chun feidhme na gclár atá dírithe ar ghrúpa mór de dhaoine fisiciúla a fheabhsú dá barr, rud nach bhféadfar a dhéanamh ach ar dhá bhealach (ollscoileanna i gcás Erasmus, eagraíochtaí neamhrialtasacha i gcás clár um aistriú airgid thirim i ngníomhaíochtaí seachtracha). Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deontais chaiscáideacha a éascú trí roinnt de na srianta reatha a bhaint nó a mhaolú i gcás gurb é príomhaidhm na gníomhaíochta na cistí a athdháileadh agus má thíolacann an tairbhí ar an gcéad chéim na ráthaíochtaí iomchuí maidir leis na suimeanna a ghnóthú. Coinnítear an prionsabal a chuireann srian ar lánrogha i ndáil le athdháileadh deontais ag an bpríomhthairbhí.

Ina theannta sin, ba cheart ligean do na hoifigigh údarúcháin breathnú ar ghrúpa comhpháirtithe cur chun feidhme, amhail cuibhreannas atá mar chuid de líonra, mar thairbhí amháin. Tugtar solúbthacht ó thaobh nós imeachta de freisin in Airteagal 109(6) den FR nuair atá deontais á ndámhachtain ar an BEI, rud a léiríonn an seasamh speisialta atá aige faoin gConradh.

Ar deireadh, tá forálacha beartaithe maidir leis na fionnachtana a shíneadh i ndáil le hearráidí córasacha laistigh de chóras na bhfíorchostas nuair a bhraitear na hearráidí sin le linn iniúchóireachta ex post . Sna cásanna sin, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith i dteideal an chion chéanna den cheartúchán airgeadais a chur chun feidhme ar thionscadail eile neamhiniúchtha arna gcur chun feidhme ag an tairbhí céanna, agus na méideanna ábhartha a ghnóthú mura bhfuil an tairbhí in ann a léiriú nach gcuireann an earráid isteach ar thionscadail neamhiniúchta.

5.2.7. Duaiseanna (Teideal Nua VIa, Airteagal 120a den FR)

Tugtar duaiseanna mar dhámhachtain tar éis comórtais agus is ionstraim éagsúil de chuid ranníocaíocht an Aontais iad seachas deontais. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, forálacha a thabhairt isteach atá bainteach le duaiseanna i dTeideal ar leith den FR. Bheadh ranníocaíocht an Aontais sa chomhthéacs sin scartha go hiomlán ó thagairt ar bith do chostais intuartha.

5.2.8. Ionstraimí airgeadais arna mbainistiú ag IFIanna (Teideal Nua VI B , Airteagal 120b, Airteagal 120c den FR)

Tá ionstraimí airgeadais á sonrú níos mó ná riamh mar mheán leordhóthanach giarála i leith chistí an AE, go háirithe nuair a chuirtear le chéile le cistí eile iad (cistí ráthaíochta, caipiteal riosca, ionstraimí cumaiscthe ina bhfuil deontas ón gComhphobal measctha le iasacht nó ráthaíocht).

Tá sé beartaithe foráil a dhéanamh do chineál nua ranníocaíochta airgeadais toisc nach féidir na hionstraimí airgeadais sin, atá á gcur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta den chuid is mó faoi láthair, a bheith ar aon dul le seirbhísí ná deontais. Ba cheart go mbeidís faoi réir forálacha sonracha chun sainiúlachtaí a gcur chun feidhme a chur san áireamh (cistí imrothlacha, cascáid ranníocaíochtaí trí líonraí baincéireachta) fad is a urramaítear prionsabail na freagrachta (amhail rioscaí a roinnt nó cómhaoiniú, agus pionóis as neamhfheidhmíocht) agus bainistíocht fhónta airgeadais (na rioscaí arna dtabhú ag cistí poiblí a theorannú).

5.2.9. Tuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí agus ráitis ar na réamhthorthaí. (Airteagal 143 agus Airteagal 144)

Tá sraith leasuithe beartaithe ar thuarascálacha bliantúla agus speisialta na Cúirte Iniúchóirí, d'fhonn na cleachtais reatha a léiriú (an nós imeachta bréagnaitheach, freagraí gach Institiúide a fhoilsiú le hais bharúlacha an ECA nó ina ndiaidh, freagraí na mBallstát a tharchur) nó dírithe ar an amchlár a chuíchóiriú. Ar deireadh, déanann foráil nua an cleachtas a bhaineann le ráiteas a dhéanamh maidir leis na réamhthorthaí a chuireann an ECA chuig na Coimisinéirí, chuig comhlachtaí agus chuig na Ballstáit a chur ar bhonn foirmiúil.

5.2.10. Cistí iontaobhais an Aontais (Airteagal 164 den FR)

Tá sé beartaithe údarás a thabhairt don Choimisiún cistí iontaobhais an Aontais a bhunú agus a bhainistiú le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha, cistí a úsáidfí le linn oibríochtaí géarchéime éigeandála agus iar-éigeandála (e.g. Háítí), nó le haghaidh gníomhaíochtaí téamacha agus a chuirfeadh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais le chéile le cistí ó dheontóirí eile.

Is é an príomhchuspóir atá le hionstraim sheachadta den chineál sin, ceadú don Aontas gníomhú mar phríomhghníomhaí agus gníomhaí níos feiceálaí i réimse an chúnaimh forbartha.

5.2.11. An féidearthacht iasachtaí a fháil chun maoiniú a thabhairt foirgnimh a cheannach (Airteagal 179(3)b den FR)

Ar chúiseanna a bhaineann le trédhearcacht agus le cost-éifeachtúlacht, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an fhéidearthacht a thabhairt isteach iasachtaí a fháil, i gcás ina mbeidh institiúidí ag súil lena n-áitreabh féin a cheannach, agus sa chás sin amháin. Dhéanfadh sé sin an-simpliú ar an gcóras reatha, bheadh sé níos cost-éifeachtúla toisc go mbeadh se chun leasa na n-institiúidí rátaí úis níos ísle a fháil de bharr rátáil AAA an Aontais sa mhargadh airgeadais, agus cheadódh sé d'institiúidí beartas fadtéarmach maidir le heastát réadach a fhorbairt (go háirithe le haghaidh toscaireachtaí, OIB agus OIL).

I gcleachtas, ní bheadh sa bhuiséad ach tráthchodanna bliantúla ar iasachtaí (aisíocaíocht na hiasachta), ach ba cheart déileáil leis na hiasachtaí 'tógála' féin lasmuigh den bhuiséad toisc nach maoiníonn siad an buiséad ach go maoiníonn siad éadáil sócmhainní. Ar an gcúis sin, tugtar an modhnú isteach in Airteagal 179 den FR in ionad in Airteagal 14 den FR. Tá modhnú déanta freisin ar Airteagal 96 de na IR, áit a sainmhínítear caiteachas riaracháin arna chumhdach ag gealltanais shealadacha, toisc go bhfuiltear le breathnú ar íocaíocht gach tráthchoda bliantúla (nó tréimhsiúla) mar chaiteachas riaracháin athfhillteach, amhail íocaíocht cíosa.

5.2.12. Cur chuige solúbtha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha (PPPanna)

Tá togra an Choimisiúin dírithe ar úsáid níos leithne PPPanna a éascú, go háirithe i réimse an taighde. Iarratas láidir é seo ó fhormhór na n-oibreoirí i dtrácht. Ba cheart don tsolúbthacht atá beartaithe freastal ar réimse leathan PPPanna, ag féachaint dá struchtúr agus do shainiú beacht na gníomhaíochta atá maoinithe (tionscadail atá sainaitheanta go soiléir nó téamaí Taighde agus Forbartha). Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, dhá fhéidearthacht nua a chur leis an dá fhéidearthacht struchtúir atá ann cheana (comhlachtaí pobail faoi Airteagal 185 den FR , faoi mar atá na Comhthionscnaimh Teicneolaíochta sa lá atá inniu ann, cuibhreannas comhpháirtithe arna struchtúrú faoi eintiteas príobháideach dlíthiúil nó líonra conarthach amháin, a fhaigheann deontas faoi Airteagal 108 den FR ). Déantar foráil go háirithe don mhéid seo a leanas:

- é a bheith ceadmhach cur chun feidhme PPP a chur de chúram ar chomhlachtaí príobháideacha agus cistí AE a bhainistiú (e.g. deontais a dhámhachtain) chuige sin i gcreat na bainistíochta indírí ( Airteagal 53(1) 2(g) den FR) ;

- foráil a dhéanamh d'eiseamláir éadrom neamhspleách de rialachán airgeadais a ghlacadh faoi chumhachtaí tarmligthe, rialachán is infheidhme maidir le comhlachtaí a cruthaíodh i mbunghníomh agus ar cuireadh cúram PPP a chur chun feidhme orthu ( Airteagal 185a den FR ). Beidh sraith choiteann prionsabal mar chuid den eiseamláir seo de rialachán airgeadais, prionsabail a bheidh éigeantach d'fhonn bainistíocht fhónta chistí de chuid an AE a áirithiú mar aon le cosaint leordhóthanach leasanna airgeadais an Aontais. Bheadh PPPanna in ann a rialacha féin a chur i bhfeidhm, áfach, (rialacha i ndáil le cuntasaíocht, iniúchóireacht inmheánach agus sheachtrach, soláthar etc.) laistigh de chreat an dlí náisiúnta is infheidhme agus an bhunghnímh.

D'fhéadfaí, dá bhrí sin, an struchtúr is fearr a bheadh in oiriúint do chuspóirí agus do chineál na ngníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme a roghnú, i réimse ina mbeadh idir shocruithe conarthacha agus institiúdaithe ('corpaithe'), agus comhlacht an Aontais ar áireamh sa dara ceann (Airteagal 185 FR), comhlacht ón earnáil phríobháideach (Airteagal 53(1) 2(g) den FR) agus comhlacht meascaithe (Airteagal 185(a) agus 53(1) 2(e) den FR).

5.3. Forálacha deiridh (Airteagail 182-187 den FR)

Ní áirithítear leis an athbhreithniú rialta tríbhliantúil ar an FR, dá bhforáiltear faoi láthair, a dhóthain slándála dlíthiúla agus cobhsaíochta i ndáil leis na rialacha airgeadais. Chomh maith leis sin, tá an mheicníocht athbhreithnithe an-righin agus ní chuirtear san áireamh leis timthriall clárúcháin ilbhliantúil bhuiséad an AE agus reachtaíocht earnála ghaolmhar. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithnithe ar an Rialachán Airgeadais amach anseo nuair a bheidh gá leo, gan bheith ag brath ar amchlár sonrach.

2010/0154 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

(Athmhúnlú)

CLÁR NA nÁBHAR |

CUID 1: | FORÁLACHA COITEANNA ... |

TEIDEAL I | RAON FEIDHME ... |

TEIDEAL II | NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA |

Caibidil 1 | Prionsabal na haontachta agus prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh ... |

Caibidil 2 | Prionsabal na bliantúlachta … |

Caibidil 3 | Prionsabal na cothromaíochta … |

Caibidil 4 | Prionsabal an aonaid chuntais … |

Caibidil 5 | Prionsabal na huilíochta … |

Caibidil 6 | Prionsabal na sonraíochta … |

Caibidil 7 | Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais… |

Caibidil 8 | Prionsabal na trédhearcachta … |

TEIDEAL III | BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID … |

Caibidil 1 | An buiséad a bhunú ... |

Caibidil 2 | Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid… |

TEIDEAL IV | AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME … |

Caibidil 1 | Forálacha ginearálta ... |

Caibidil 2 | Modhanna cur chun feidhme ... |

Caibidil 3 | Gníomhaithe airgeadais … |

Roinn 1 | Prionsabal leithscaradh na ndualgas … |

Roinn 2 | An t-oifigeach údarúcháin … |

Roinn 3 | An t-oifigeach cuntasaíochta … |

Roinn 4 | An riarthóir óinchiste … |

Caibidil 4 | Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais … |

Roinn 1 | Rialacha ginearálta ... |

Roinn 2 | Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean agus trí fho-tharmligean… |

Roinn 3 | Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh cuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste … |

Caibidil 5 | Oibríochtaí ioncaim… |

Roinn 1 | Acmhainní dílse a chur ar fáil … |

Roinn 2 | Na méideanna is infhaighte a mheas ... |

Roinn 3 | Na méideanna is infhaighte a bhunú ... |

Roinn 4 | Gnóthú a údarú … |

Roinn 5 | Gnóthú … |

Caibidil 6 | Oibríochtaí caiteachais … |

Roinn 1 | Caiteachas a ghealladh … |

Roinn 2 | Caiteachas a bhailíochtú ... |

Roinn 3 | Caiteachas a údarú … |

Roinn 4 | Caiteachas a íoc … |

Roinn 5 | Teorainneacha ama d'oibríochtaí caiteachais ... |

Caibidil 7 | Córais TF … |

Caibidil 8 | Iniúchóir inmheánach ... |

TEIDEAL V | SOLÁTHAR … |

Caibidil 1 | Forálacha ginearálta ... |

Roinn 1 | Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana ... |

Roinn 2 | Foilsiú ... |

Roinn 3 | Nósanna imeachta um sholáthar … |

Roinn 4 | Ráthaíochtaí agus rialú … |

Caibidil 2 | Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí an Aontais as a stuaim féin … |

TEIDEAL VI | DEONTAIS ... |

Caibidil 1 | Raon feidhme agus foirm na ndeontas … |

Caibidil 2 | Prionsabail ... |

Caibidil 3 | Nós imeachta um dhámhachtain… |

Caibidil 4 | Íocaíocht agus rialú … |

Caibidil 5 | Cur chun feidhme ... |

TEIDEAL VII | NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT … |

Caibidil 1 | Na cuntais a thíolacadh … |

Caibidil 2 | Faisnéis maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme … |

Caibidil 3 | Cuntasaíocht … |

Roinn 1 | Forálacha coiteanna ... |

Roinn 2 | Cuntais ghinearálta … |

Roinn 3 | Cuntais bhuiséadacha … |

Caibidil 4 | Fardail maoine … |

TEIDEAL VIII | INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH … |

Caibidil 1 | Iniúchóireacht sheachtrach … |

Caibidil 2 | Urscaoileadh … |

CUID A DÓ | FORÁLACHA SPEISIALTA … |

TEIDEAL I | AN COISTE EORPACH UM RÁTHAÍOCHT TALMHAÍOCHTA … |

TEIDEAL II | NA CISTÍ STRUCTÚRACHA, AN CISTE COTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE … |

TEIDEAL III | TAIGHDE ... |

TEIDEAL IV | GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA … |

Caibidil 1 | Forálacha ginearálta ... |

Caibidil 2 | Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ... |

Caibidil 3 | Soláthar … |

Caibidil 4 | Deontais ... |

Caibidil 5 | Iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais … |

TEIDEAL V | OIFIGÍ EORPACHA … |

TEIDEAL VI | LEITHREASAÍ RIARACHÁIN … |

TEIDEAL VII | SAINEOLAITHE … |

CUID A TRÍ | FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA ... |

TEIDEAL I | FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA ... |

TEIDEAL II | FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA ... |

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[13],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, chuig an Ombudsman, agus chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig an mBanc Ceannais Eorpach, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[14],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Rinneadh Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[15] a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil leasuithe breise le déanamh, ba chóir é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2) Leagadh síos i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 na prionsabail bhuiséadacha agus na rialacha airgeadais atá le hurramú i ngach gníomh reachtach agus ag gach institiúid. Is gá bunphrionsabail, coincheap agus struchtúr an Rialacháin sin mar aon le bunrialacha na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais a choinneáil. Ba cheart maoluithe ar na bunphrionsabail sin a athbhreithniú agus a shimpliú a oiread is féidir, ag cur san áireamh á ábharthaí atá siad, an breisluach a bhaineann leo ó thaobh bhuiséad bliantúil an Aontais de ('an buiséid' anseo feasta), agus an t-ualach a chuireann siad ar na geallsealbhóirí. Is gá príomheilimintí an leasaithe airgeadais – ról na ngníomhaithe airgeadais, rialuithe a chomhtháthú i seirbhísí oibríochtúla, na hiniúchóirí inmheánacha, buiséadú gníomhaíochtbhunaithe prionsabail chuntasaíochta agus na bunphrionsabail le deontais a nua-aoisiú – a choinneáil agus a neartú.

(3) Is ceart aird a thabhairt ar na forálacha lena gcuirtear ioncam agus caiteachas an bhuiséid chun feidhme, agus atá le fáil sna bunghníomhartha dlí arna nglacadh idir 2007 agus 2013, d'fhonn comhleanúnachas idir na gníomhartha sin agus an Rialachán seo a áirithiú.

(4) I bhfianaise na taithí praiticiúla a gnóthaíodh, is ceart leasuithe áirithe a dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais d'fhonn é a chur in oiriúint do na riachtanais athraitheacha a bhaineann leis an mbuiséid a chur chun feidhme, e.g. cómhaoiniú a dhéanamh i gcomhar le deontóirí eile, d'fhonn éifeachtacht cabhraigh seachtraí a mhéadú agus d'fhonn úsáid ionstraimí áirithe airgeadais ar nós iad sin a tugadh i gcrích leis an mBanc Eorpach Infheistíochta nó cur chun feidhme trí comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a éascú.

(5) I Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ní dhearnadh ach na prionsabail ghinearálta agus na bunrialacha lena rialaítear an earnáil bhuiséadeach a chumhdaítear sna Conarthaí a lua, ach rinneadh na forálacha cur chun feidhme a leagan síos i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[16] a chur chun feidhme, chun ordlathas níos fearr rialacha a bhaint amach agus chun gur fusa Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a léamh. Mar sin féin, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is chun críocha eilimintí neamhriachtanacha de ghníomhartha reachtacha a fhorlíonadh nó a leasú, agus chun na críocha sin amháin, is féidir an chumhacht bearta cur chun feidhme a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, roinnt forálacha atá leagtha síos i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 a ionchorprú sa Rialachán seo. Níor cheart ach mionsonraí teicniúla agus modúlachtaí cur chun feidhme a bheith sna bearta cur chun feidhme a ghlacfaidh Coimisiúin.

(6) Agus an buiséad á bhunú agus á chur chun feidhme, ba cheart ceithre bhunphrionsabal an dlí bhuiséadaigh (aontacht, uilíocht, sonraíocht, bliantúlacht) a urramú, agus ba cheart prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh, prionsabal na cothromaíochta, prionsabal an aonaid chuntais, prionsabal a bainistíochta fónta airgeadais agus prionsabal na trédhearcachta a urramú freisin.

(7) Ba cheart na prionsabail sin a athdhaingniú leis an Rialachán seo agus ba cheart a laghad eisceachtaí ab fhéidir a bheith ann agus iad a bheith faoi réir dianchoinníollacha.

(8) Maidir le prionsabal na haontachta, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo go mbaineann sé le caiteachas oibríochtúil ar chur chun feidhme fhorálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála freisin, i gcásanna ina ndéanfar an caiteachas sin a mhuirearú ar an mbuiséad. Ciallaíonn prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh go ndéanfar ioncam agus caiteachas iomlán an Aontais, i gcásanna ina ndéanfar an caiteachas sin a mhuirearú ar an mbuiséad, a iontráil sa bhuiséad.

(9) Ba cheart na rialacha lena rialaítear ús arna ghiniúint le réamh-mhaoiniú a shimpliú ós rud é go gcuireann siad ualach róthrom riaracháin ar fhaighteoirí chistí de chuid an Aontais agus ar sheirbhísí an Choimisiúin agus ós rud é gur ábhar míthuisceana iad idir seirbhísí an Choimisiúin agus oibreoirí agus comhpháirtithe. Ar mhaithe le simpliú, a fhad a bhaineann le tairbhithe deontais go háirithe, agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, níor cheart oibleagáid a bheith ann a thuilleadh ús ar réamhmhaoiniú a ghiniúint ná an t-ús sin a athghabháil. Mar sin féin, ba cheart é a bheith ceadmhach oibleagáid dá leithéid a bheith mar chuid de chomhaontú tarmligin sa chaoi is go bhféadfaí ús a ghintear trí réamh-mhaoiniú i gcomhair na gclár arna mbainistiú ag roinnt toscairí a athúsáid nó a athghabháil.

(10) Maidir le prionsabal na bliantúlachta, ba cheart an t-idirdhealú idir leithreasaí difreáilte agus leithreasaí neamhdhifreáilte a choimeád. Ba cheart na leibhéil solúbthachta agus trédhearcachta atá ann faoi láthair a choimeád chun déileáil le riachtanais fheidhmiúla. Mar eisceacht, ba cheart cead a thabhairt leithreasaí a thabhairt anonn i gcás caiteachais ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoin Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú[17].

(11) Is gnách gur ag tús bhliain buiséid n , thar aon tréimhse eile, a dhéanann na Ballstáit iarratais ar íocaíocht faoi na Rialacháin talmhaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart an tairseach uasta i gcomhair gealltanas roimhe ré i gcoinne CERT (ón 15 Samhain de bhliain n-1 ar aghaidh), a bhfuil gá leo chun ghnáthchaiteachas bainistíochta a chlúdach (arna muirearú ar bhuiséad bhliain n ), a mhéadú go trí cheathrú de na leithreasaí comhfhreagracha sa bhuiséad talmhaíochta deireanach a glacadh. Sna forálacha a bhaineann leis an teorainn ar chaiteachas riaracháin a gealladh roimh ré, ba cheart tagairt a dhéanamh do na leithreasaí ar chinn an t-údarás buiséid orthu, rud a d'eisiafadh aistriú leithreasaí.

(12) I ngeall ar leithreasaí neamhdhifreáilte a úsáid i gcomhar beart tréidliachta, arna muirearú i gcoinne CERT, cuirtear bac míchuí ar chur chun feidhme na mbeart sin, go háirithe a fhad a bhaineann le teorainneacha ar tabhairt anonn. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a thabhairt leithreasaí difreáilte a úsáid i gcomhair caiteachais den sórt sin ós rud é gur fearr a luíonn sé sin le cineál ilbhliantúil na ngníomhaíochtaí.

(13) Sna rialacha maidir le hioncam sannta a thabhairt anonn, ba cheart aird a thabhairt ar an idirdhealú idir ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach. Ionas go n-urramófar an chríoch a shann an deontóir, ba cheart ioncaim shannta sheachtracha a thabhairt anonn go huathoibríoch agus a úsáid go dtí go mbeidh na hoibríochtaí go léir a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dóibh iad curtha i gcrích. I gcás ina bhfaighfear an t-ioncam sannta seachtrach le linn na bliana deireanaí den chlár nó den ghníomhaíocht, ba cheart é a bheith ceadmhach é a úsáid le linn na céad bliana den ghníomhaíocht nó den chlár ina dhiaidh sin. Ní fhéadfar ioncam sannta inmheánach a thabhairt anonn ach aon bhliain amháin, mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh is infheidhme nó i gcúinsí a bhfuil údar cuí tugtha dóibh.

(14) Is bunriail bhuiséadach é prionsabal na cothromaíochta. Sa chomhthéacs seo, ní mór a mheabhrú gur cleachtas a thagann salach ar chóras acmhainní dílse an Aontais é dul i muinín iasachtaí. Níor cheart, áfach, a mheas gur bac atá i bprionsabal na cothromaíochta leis na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí, ar oibríochtaí iad a ráthaítear le buiséad ginearálta an Aontais.

(15) I gcomhréir le hAirteagal 320 den CFAE, ba cheart an t-aonad cuntais a chinneadh ina dtarraingeofar suas an buiséad agus a úsáidfear freisin chun na cuntais a chur chun feidhme agus a thíolacadh.

(16) Maidir le prionsabal na huilíochta, cuireadh deireadh le cleachtas aisíoc na n-íocaíochtaí ar cuntas agus le cleachtas na hathúsáide, agus i gcásanna áirithe cuireadh ina n-ionad ioncam sannta agus bealaí le leithreasaí arna saoradh a athdhéanamh. Ní dhearnadh aon difear do na rialacha speisialta maidir leis na Cistí Struchtúracha.

(17) Ba cheart an maolú maidir le hioncam sannta a athrú sa chaoi is go gcuirfear san áireamh sainiúlachtaí 'ioncam sannta inmheánach' a thig as leithreasaí arna n-údarú ag an údarás buiséadach, ar an taobh amháin, agus, ar an taobh eile, 'ioncam sannta seachtrach' arna bhailiú agus arna sannadh ag deontóirí éagsúla do chláir shonracha nó do ghníomhachta sonracha. Ina theannta sin, ba cheart leanúint de chead a thabhairt do dheontóirí gníomhaíochtaí seachtracha a chómhaoiniú, gníomhaíochtaí daonnúla go háirithe, fiú amháin mura bhfuil foráil déanta dó sin sa bhunghníomh. Chun bainistiú stoc eastáit réadaigh a éascú, ba cheart an t-ioncam a gnóthaíodh as foirgnimh nó as oibríochtaí asamhlaithe a bheith ar áireamh ar liosta na n-ioncam sannta inmheánach.

(18) A fhad a bhaineann le hioncaim shannta a thíolacadh sa dréachtbhuiséad, ba cheart a thuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach trí fhoráil a dhéanamh go ndéanfar méideanna ioncaim shannta a áireamh sa dréachtbhuiséad i gcás méideanna atá cinnte uair a bhunaithe.

(19) Ionas nach mbeidh nósanna imeachta neamhriachtanacha agus liopasta le comhlíonadh sula mbeidh cead ag an gCoimisiún glacadh le tabhartas ar nós bronntanas nó tiomnachtaí, rud a bhfuil muirear ag baint leis, níor cheart údaruithe ón údarás buiséadach a bheith éigeantach ach i gcás tabhartas ar mó ná luach áirithe iad agus a bhfuil muirir mhóra ag gabháil leo.

(20) Maidir le prionsabal na sonraíochta, caithfidh na hinstitiúidí méid áirithe solúbthachta ó thaobh bainistíochta de a bheith acu maidir le leithreasaí a aistriú. Ba cheart a cheadú, leis an Rialachán seo, leithdháileadh acmhainní airgeadais agus acmhainní riaracháin de réir cuspóra a thíolacadh ar bhealach comhtháite. Na nósanna imeachta maidir le leithreasaí a aistriú, ba cheart iad a chomhchuibhiú freisin i gcás na n-institiúidí eile go léir ionas gur faoi gach institiúid a bheadh sé déileáil le haistrithe foirne agus le leithreasaí oibríochtúla ar a mbealach féin. Maidir le haistrithe leithreasaí a bhaineann le caiteachas oibríochtúil, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a dhéanamh idir caibidlí laistigh den aon teideal amháin faoi theorainn iomlán 10% de leithreasaí na bliana airgeadais a bheidh ar an líne as a ndearnadh an t-aistriú. Níor cheart cead a bheith ag an údarás buiséadach cúlchistí a dhéanamh ach in dhá chás: i gcás nach mbeadh aon bhunghníomh ann nó sa chás nár chinnte go raibh na leithreasaí leordhóthanach.

(21) Ba cheart na rialacha maidir le haistriú leithreasaí a shimpliú agus a shoiléiriú i gcás roinnt pointí ós rud é go bhfuil sé léirithe go bhfuil na rialacha sin liopasta nó doiléir agus iad á gcur i bhfeidhm. Is gá cur i bhfeidhm níos fearr buiséadach a áirithiú, go háirithe a fhad a bhaineann le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, ioncaim shannta agus leithreasaí riaracháin a bhaineann le roinnt teideal. Ba cheart, dá bhrí sin, níos mó solúbthachta a cheadú i gcás an nós imeachta lena nglactar aistrithe áirithe.

(22) Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cinneadh neamhspleách a dhéanamh maidir le haistrithe ón gcúlchiste i gcás nach bhfuil aon bhunghníomh ann don ghníomhaíocht i dtrácht tráth a bhunaítear an buiséad agus i gcás ina nglactar an bunghníomh i rith na bliana. Ina theannta sin, ionas nach mbeidh moill ann arís is arís agus aistrithe á ndéanamh, ar aistrithe iad is gá faisnéis ina dtaobh a chur chuig an údarás buiséid, is gá nós imeachta agus tíopeolaíocht na n-aistrithe sin a shimpliú. Go háirithe, tá sé léirithe go bhfuil an fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le leithreasaí neamhúsáidte buiséadacha a aistriú i gcás tubaistí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta daonnúla ábhartha éifeachtúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhéidearthacht sin a leathnú d'fhonn teagmhais eile a thiteann amach tar éis an 1 Nollaig a chumhdach. Sna cásanna sin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart don Choimisiún an t-údarás buiséid a chur ar an eolas láithreach maidir lena chinneadh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh neamhspleách a dhéanamh, laistigh de theoireannacha áirithe, maidir le haistrithe ón gcúlchiste cúnaimh éigeandála.

(23) Ba cheart na rialacha maidir le haistrithe riaracháin an Choimisiúin a bheith ag luí le struchtúr an bhuiseadaithe gníomhaíochtbhunaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do mhaolú ón 'nós imeachta um fhógra'. Le linn na míosa deireanaí den bhliain airgeadais, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cinneadh neamhspleách a dhéanamh maidir le haistriú leithreasaí a bhaineann le caiteachas foirne, laistigh de theorainneacha áirithe.

(24) Ba cheart prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a shainiú faoi threoir phrionsabail na barainneachta, phrionsabail na héifeachtúlachta agus phrionsabail na héifeachtachta, agus ba cheart seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal sin trí mheán táscairí feidhmíochta a bhunófaí do gach gníomhaíocht agus a bheadh intomhaiste sa chaoi is go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar thorthaí. Ba cheart do na hinstitiúidí meastóireacht ex ante agus ex post a dhéanamh, i gcomhréir leis na treoracha arna gcinneadh ag an gCoimisiún.

(25) Ba cheart a shoiléiriú freisin go bhfuil gá le rialú inmheánach atá éifeachtach agus éifeachtúil chun bainistíocht fhónta airgeadais a bhaint amach agus ba cheart príomhghnéithe agus príomhchuspóirí na gcóras rialuithe inmheánaigh a shainiú.

(26) Maidir le prionsabail na comhréireachta, ba cheart coincheap an riosca inghlactha earráide a thabhairt isteach sa mheasúnú riosca a dhéanann an t-oifigeach údarúcháin. Ba cheart do na hinsititiúidí a bheith in ann imeacht ón tairseach ábharthachta 2% a úsáidtear sa Chúirt Iniúchóirí chun teacht ar chinneadh maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart. B'iomchuí dá n-úsáidfí an tÚdarás um Urscaoileadh leibhéil inghlactha riosca mar bhunús chun cáilíocht na bainistíochta riosca a dhéanann an Coimisiún a mheas. Ba cheart don údarás reachtach, dá bhrí sin, an leibhéil inghlactha riosca earráide i ngach réimse beartais a chinneadh, ag cur san áireamh na costais agus na sochair a bhaineann le rialuithe.

(27) Maidir le prionsabal na trédhearcachta, ba cheart feabhas a chur ar an bhfaisnéis faoi chur chun feidhme an bhuiséid agus faoi na cuntais. Ba cheart freisin spriocdháta docht a leagan síos maidir le foilsiú an bhuiséid, gan dochar dá fhoilsiú sealadach arna ndéanamh ag an gCoimisiún idir an dáta a bhfógróidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach agus dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Ba cheart an fhéidearthacht cúlchiste diúltach a bheith ann a choimeád freisin.

(28) D'fhonn trédhearcacht a áirithiú agus cistí a thagann as an mbuiséad á n-úsáid, is gá faisnéis faoi thairbhithe na gcistí sin a chur ar fáil laistigh de theorainneacha áirithe chun leasanna dlisteanacha poiblí agus príobháideacha a chosaint agus tréimhse cuntasaíochta shonrach CERT á cur san áireamh.

(29) Maidir le bunú an bhuiséid, tá sé tábhachtach struchtúr agus tíolacadh an dréachtbhuiséid arna tharraingt suas ag an gCoimisiún a shainiú go soiléir. Ba cheart tuairisc níos beaichte a bheith ar a bhfuil sa réamhrá ginearálta a ghabhann leis an dréachtbhuiséad. Is gá, freisin, foráil maidir le cláreagrú airgeadais a bheith ann i gcomhair na mblianta atá le teacht mar aon le foráil maidir le féidearthacht a bheith ag an gCoimisiún aon doiciméad oibre a thacaíonn le hiarratais bhuiséadacha a chur isteach.

(30) I roinn an Choimisiúin den bhuiséad, ba cheart leithreasaí agus acmhainní a thíolacadh de réir cuspóra, i.e. buiséadú gníomhaíochtbhunaithe, d'fhonn an trédhearcacht a fheabhsú i mbainistíocht an bhuiséid trí thagairt a dhéanamh do chuspóirí na bainistíochta fónta airgeadais agus go háirithe do chuspóirí na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

(31) Ba cheart méid áirithe solúbthachta a bheith ag na hinstitiúidí agus poist reachtúla á mbainistiú ó thaobh an méid a údaraítear sa bhuiséad, go háirithe ós rud é gur ar thorthaí seachas ar mhodhanna a leagann lucht bainistíochta anois an bhéim. Ba cheart leanúint de bheith ag teorannú na solúbthachta sin, áfach, leis an teorainn dhúbailte arb é atá ann leithreasaí buiséid bliana airgeadais agus líon iomlán na bpost arna sannadh; Ina theannta sin, níor cheart aon solúbthacht a bheith ann maidir le gráid AD 16, AD 15 agus AD 14.

(32) Maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme, ba cheart tréithe sonracha an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) a chur san áireamh. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart na cineálacha bunghníomhartha is féidir a bheith ann faoin CFAE agus faoi Theideal V agus VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach a shainaithint sa Rialachán Airgeadais seachas sna rialacha cur chun feidhme. Ina theannta sin, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh ionas go léireofar mar is ceart na cineálacha beart ullmhúcháin is féidir a dhéanamh i réimse an CEBS.

(33) Maidir le modhanna cur chun feidhme, ar modhanna iad a rialaíonn, go háirithe, na coinníollacha faoina seachtraítear cumhachtaí cur chun feidhme chuig tríú páirtithe, tá na rialacha tar éis éirí róchasta le blianta anuas agus ba cheart iad a shimpliú. Ag an am céanna, ba cheart an cuspóir tosaigh a bhí le seachtrú a choinneáil i.e. a áirithiú, is cuma cén modh cur chun feidhme atá ann, go gcuirfear caiteachas chun feidhme agus leibhéal rialaithe agus trédhearcachta ann atá coibhéiseach leis an leibhéal a mbítear ag súil leis ó sheirbhísí an Choimisiúin. Dá bhrí sin, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cásanna sin ina ndéanann an Coimisiún nó a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an buiséad a chur chun feidhme go díreach, agus cásanna ina gcuireann tríú páirtithe chun feidhme go hindíreach é. Ba cheart go bhféadfaí, dá bharr sin, comhchóras bainistíochta indírí a bhunú a fhéadfar a chur in oiriúint i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, go háirithe i gcásanna ina gcuirfidh na Ballstáit an buiséad chun feidhme go hindíreach faoin gcomhbhainisitíocht. Ba cheart, go háirithe, na bunphrionsabail atá le hurramú ag an gCoimisiún a bheith ar áireamh i gcomhchóras dá leithéid i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún an buiséad a chur chun feidhme go díreach mar aon leis na bunphrionsabail atá le hurramú ag páirtithe a gcuirfear de chúram orthu é a chur chun feidhme. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann rialacha agus nósanna imeachta an Aontais a chur i bhfeidhm, nó glacadh lena gcur i bhfeidhm ag an eintiteas ar cuireadh cúram air, ar chuntar go ráthóidh an t-eintiteas sin cosaint choibhéiseach ar leasanna airgeadais an Aontais.

(34) Ba cheart na rialacha maidir le measúnú ex ante ar eintitis – amach ó Bhallstáit nach bhfuil faoi réir measúnuithe ex ante – a chur in oiriúint d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh gach eintiteas ar cuireadh cúram air leibhéal cosanta ar leasanna an Aontais a bhaint amach atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Mar chuid de chúraimí maoirseachta an Choimisiúin, ba cheart foráil a dhéanamh do shraith oibleagáidí rialuithe agus iniúchóireachta, lena n-áirítear nósanna imeachta um imréiteach cuntas i gcás gach cineáil bhainistíochta buiséid.

(35) D'fhonn riachtanais oibríochtúla a chur san áireamh agus chun cur chun feidhme a éascú do thairbhithe nó do chomhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, ba cheart do na riachtanais leanúint de bheith comhréireach leis na rioscaí atá sonrach don ghníomhaíocht agus do na dálaí rialuithe ina n-iomláine ina bhfuil sé. Ba cheart cineál na gcúraimí agus na mbeart a dhéanann an Coimisiún mar chuid den mhaoirseacht ar an ngníomhaíocht agus mar chuid den thacaíocht di a chur san áireamh agus cumas an tríú páirtí nó an eintitis riachtanais dá leithéidí a chomhlíonadh á mheas. Ina theannta sin, ba cheart ionstraimí nua airgeadais ar nós ionstraimí airgeadais agus comhpháirtíochtaí príobháideacha agus poiblí a áireamh sa Rialachán chun gur fusa buiséid agus beartais a chur chun feidhme.

(36) Léiríonn an taithí a fuarthas le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a institiúdaíodh mar chomhlachtaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 gur cheart malairtí breise a chruthú d'fhonn rogha na n-ionstraimí a leathnú sa chaoi is go n-áireofaí comhlachtaí a bhfuil a rialacha níos solúbtha agus níos inrochtana ag na comhpháirtithe príobháideacha ná mar atá na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais. Ba cheart malairtí nua den chineál sin a oibriú faoi bhainistíocht indíreach. Is é rud ba cheart a bheith sna malairtí sin comhlacht a bunaíodh le bunghníomh agus a bhfuil rialacha airgeadais aige a chuireann san áireamh na prionsabail is gá d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais a áirithiú. Ba cheart na prionsabail sin a ghlacadh i rialachán tarmligthe agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar na prionsabail nach mór do thríú eintitis a gcuirtear cur chun feidhme an bhuiséid de chúram orthu a chomhlíonadh. Malairt eile ba cheart a bheith ann is ea go ndéanfadh comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a chur i bhfeidhm.

(37) Na hoibleagáidí bunúsacha rialuithe agus iniúchóireachta atá ar na Ballstáit agus an buiséad á chur chun feidhme acu go hindíreach faoin gcomhbhainisitíocht agus nach bhfuil ann faoi láthair ach i Rialacháin earnáilsonracha, ba cheart, i gcomhréir le hAirteagal 317 den Chonradh, iad a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, forálacha a áireamh lena leagtar amach creat comhleanúnach le haghaidh gach réimse beartais lena mbaineann, ar forálacha iad maidir le struchtúr comhchuibhithe riaracháin ar an leibhéal náisiúnta, comhoibleagáidí bainistíochta agus rialuithe i leith na struchtúr sin, dearbhú bliantúil urrúis maidir le bainistíocht a bhfuil tuairim neamhspleách iniúchóireachta ag gabháil leis agus dearbhú bliantúil ó na Ballstáit ina nglacann siad leis an bhfreagracht as bainistiú a dhéanamh ar na cistí de chuid an Aontais a chuirtear de chúram orthu, mar aon le himréiteach airgeadais, agus meicníochtaí fionraí agus ceartúcháin arna n-oibriú ag an gCoimisiún. Ba cheart forálacha sonracha a fhágáil i rialacháin earnáilsonracha.

(38) I gcomhréir le hAirteagal 322 den Chonradh, ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí na ngníomhaithe airgeadais a shainiú sa Rialachán seo, cumhachtaí na n-oifigeach údarúcháin, na n-oifigeach cuntasaíochta agus an iniúchóra inmheánaigh go háirithe.

Ba cheart freagracht iomlán a bheith ar na hoifigigh údarúcháin as na hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais go léir a fheidhmeofar faoina n-údarás agus ba cheart iad a thabhairt chun cúitimh i dtaobh a ngníomhartha, trí nósanna imeachta araíonachta, más gá.

Ba cheart don oifigeach cuntasaíochta leanúint de bheith freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh i gceart, as bailiú an ioncaim agus as méideanna is infhaighte a ghnóthú. Ba cheart dó an cisteán a bhainistiú, na cuntais a choinneáil agus a bheith freagrach as ráitis airgeadais na hinstitiúide a tharraingt suas.

Ba cheart don iniúchóir inmheánach a dhualgas a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta. Is é an ról ba cheart a bheith aige fíorú go bhfuil na córais bainistíochta agus rialaithe a bhunaigh na hoifigigh údarúcháin ag feidhmiú mar is ceart.

(39) Maidir le dualgais an oifigigh údarúcháin trí tharmligean, ba cheart roinnt forálacha a shoiléiriú, go háirithe i dtaca le nósanna imeachta um rialú inmheánach a chuireann sé i bhfeidhm ex ante agus ex post agus i dtaca lena dhualgais tuairiscithe. Ina leith sin, ba cheart a bhfuil ina thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a nuashonrú i gcomhréir leis an gcleachtas arb é atá ann an fhaisnéis is gá airgeadais agus bainistíochta a chur ar fáil chun tacú lena dhearbhú ráthaíochta i leith chomhlíonadh a dhualgas.

(40) Ba cheart freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an choimisiúin a shoiléiriú; ba cheart go háirithe a shonrú gurb eisean an t-aon duine amháin a bhfuil sé de cheart aige rialacha cuntasaíochta agus cairteacha comhchuibhithe na gcuntasóirí a shainiú, agus gurb iad na nósanna imeachta cuntasaíochta is infheidhme ina n-institiúidí féin a shainíonn oifigigh cuntasaíochta na nInstitiúidí eile go léir. Ba cheart a shoiléiriú an fhreagracht atá ar na hoifigigh cuntasaíochta as na cuntais a dheimhniú ar bhonn na faisnéise airgeadais arna soláthar dóibh ag an hoifigigh údarúcháin. Chuige sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na hoifigigh cuntasaíochta an fhaisnéis a fuair an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a sheiceáil agus forchoimeádas a chur isteach, más gá.

(41) D'fhonn cur chun feidhme clár áirithe nó gníomhaíochtaí a cuireadh de chúram ar na hinstitiúidí airgeadais a éascú, ba cheart an fhéidearthacht cuntais mhuiníneacha a oscailt a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Ba cheart cuntais dá leithéidí a oscailt ar leabhar na hinstitiúide airgeadais faoi ainm an Choimisiúin nó thar a cheann. Ba cheart gurbh é an institiúid airgeadais sin a bhainisteodh iad faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin agus ba cheart é a bheith ceadmhach iad a oscailt in airgeadraí nach iad an Euro.

(42) Níor cheart aon difear a bheith idir dliteanas oifigeach údarúcháin, oifigeach cuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste agus dliteanas oifigeach nó ball foirne eile agus ba cheart é a bheith faoi réir, faoi na Rialacháin Foirne, chur i bhfeidhm na mbeart araíonachta agus cúitimh airgeadais atá ann cheana. Mar sin féin, ba cheart forálacha sonracha ar leith a choinneáil ina n-aithneofar cásanna mí-iompair ag oifigigh cuntasaíochta agus ag riarthóirí óinchiste, i ngeall ar chineál sonrach na ndualgas a bhíonn orthu. Ina theannta sin, ba cheart dliteanas an oifigigh údarúcháin a shoiléiriú. I gcásanna nach bhfuil aon bhaint acu le calaois, ba cheart do gach institiúid, d'fhonn an saineolas is gá a chur ar fáil don údarás ceapacháin, sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais a bhunú a chinnfeadh cé acu a bhí mírialtacht ann nó nach raibh agus a d'fhágfadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile faoi dhliteanas birt araíonachta nó faoi dhliteanas cúiteamh a íoc agus, i gcás ina n-aimseofaí fadhbanna sna córais, a chuirfeadh tuairisc chuig an oifigeach údarúcháin agus chuig an iniúchóir inmheánach. I gcásanna calaoise, áfach, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo do na forálacha atá i bhfeidhm maidir le cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh de chuid an Aontais nó na mBallstát páirteach inti.

(43) Ba cheart cead a bheith ag roinnt institiúidí sainphainéal comhpháirteach um mírialtachtaí airgeadais a bhunú.

(44) Maidir le hoibríochtaí ioncaim, is gá na rialacha maidir le meastacháin ar mhéideanna is infhaighte a chuíchóiriú d'fhonn riachtanais bhuiséadacha a chur san áireamh. Ba cheart clárú a cheangal nuair atá roinnt dóchúlachta ag baint leis an ioncam a bhfuiltear ag feitheamh leis agus nuair is féidir é a shloinneadh i bhfigiúirí go sách beacht. Ba cheart simpliú a bhaint amach trí roinnt forálacha sonracha a thabhairt isteach maidir le nósanna imeachta um meastachán ar mhéid infhaighte a choigeartú nó a chur ar ceal.

(45) Ba cheart tréimhse teorann a chinneadh maidir le bailíocht éileamh. Murab is ionann roinnt dá Bhallstát, níl an tAontas faoi réir tréimhse teorann faoina múchtar éilimh airgeadais faoi cheann tréimhse cinnte. Níl aon tréimhse teorann ann a chuireann srian ar an Aontas agus é ag ar lorg a n-éileamh i gcoinne tríú daoine ach oiread. Is den bhainistíocht fhónta airgeadais tréimhse teorann dá leithéid a thabhairt isteach.

(46) Ba cheart na rialacha maidir le gnóthú a shoiléiriú agus a neartú. Go háirithe, ní mór a shoiléiriú nach ionann méid is infhaighte bunaithe a chur ar ceal agus teidlíocht de chuid an Aontais a tharscaoileadh. Ina theannta sin, d'fhonn an chosaint ar leasanna airgeadais an Aontais a neartú, ba cheart do na Ballstáit caitheamh le cistí de chuid an Aontais a éilítear le haghaidh aisíocaíochta ar an mbealach céanna a chaitear le héilimh ó chuideachtaí poiblí ar a gcríoch.

(47) Agus aird á tabhairt ar an dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fíneálacha a bhailítear ar bhonn sealadach[18] a bhainistiú, ba cheart fíneálacha, pionóis agus smachtbhannaí agus aon ioncam a ghineann siad a thaifead mar ioncam buiséid sa bhliain tar éis do thriail a bheith bainte as gach beart i gcoinne na gcinntí lenar forchuireadh iad. Mar eisceacht ar an riail sin, ba cheart méid nach mó ná 2% de mhéideanna iomlána na bhfíneálacha nó na bpionós atá le cur isteach sa bhuiséad a choinneáil siar chun soláthar a dhéanamh don Chiste a cruthaíodh leis an gCinneadh sin.

(48) Ba cheart coincheap an ghealltanais bhuiséadaigh agus coincheap an ghealltanais dhlíthiúil i leith caiteachais agus na coinníollacha faoinar ceart iad a chur i bhfeidhm a shainiú. D'fhonn srian a chur ar líon na ngealltanas díomhaoin, ba cheart freisin teorainn a chur leis an tréimhse a bhféadfar gealltanais dhlíthiúla aonair a dhéanamh lena linn ar bhonn gealltanas foriomlán buiséid. Ina theannta sin, ba cheart foráil maidir le gealltanas a shaoradh a dhéanamh i gcás gealltanas aonair nár tháinig aon íocaíocht astu i gcaitheamh thréimhse trí bliana.

(49) Maidir le híocaíochtaí, agus i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart na cineálacha éagsúla íocaíochta atá ann a shoiléiriú. Thairis sin, ba cheart don oifigeach údarúcháin íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a imréiteach go tráthrialta i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta arna sainiú ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. Chuige sin, ba cheart forálacha iomchuí a áireamh i gconarthaí, i gcinntí deontais, i gcomhaontuithe deontais agus i gcomhaontuithe tarmligthe le tríú páirtithe.

(50) Ba cheart tiopeolaíocht na n-íocaíochtaí a fhéadfaidh oifigigh údarúcháin a dhéanamh a shainiú Rialachán seo. Ba cheart na híocaíochtaí sin a dhéanamh, go príomha, i bhfianaise a éifeachtaí atá an gníomh agus i bhfianaise na dtorthaí a thiocfaidh as. I bhfoirm réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí iarmhéid dheiridh ba cheart na híocaíochtaí a dhéanamh, nuair nach bhfuil an méid iomlán á íoc in aon tráthchuid amháin.

(51) Ba cheart oibríochtaí an bhailíochtaithe, an údaraithe agus na híocaíochta a chur i gcrích laistigh de theorainn ama atá leagtha síos sna rialacha cur chun feidhme agus, i gcás nach gcloífear leis an teorainn ama sin, ba cheart creidiúnaithe a bheith i dteideal ús mainneachtana a fháil a bheadh le muirearú ar an mbuiséad.

(52) Ba cheart cead a bheith ag institiúidí comhaontú a thabhairt roimh ré d'fhonn glacadh go hoifigiúil le tarchur doiciméad ar bhealach leictreonach. Ina theannta sin, i gcomhréir le cinntí ón gCoimisiún maidir le doiciméid leictreonacha agus digitithe, ba cheart forálacha airgeadais a nuashonrú maidir le fíoruithe is infheidhme maidir le gealltanais agus ba cheart stádas dlí foirmeacha orduithe leictreonacha agus sonrasc leictreonach a úsáidtear chun gealltanais dhlíthiúla a chlárú a aithint go soiléir.

(53) Ba cheart an caidreamh idir iniúchóir inmheánach an Choimisiúin agus comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail a shoiléiriú. Ba cheart feidhm iniúchóireachta inmheánaí dá gcuid féin a bheith ag na comhlachtaí sin a thuairsceodh dá mboird bhainistíochta féin, murab ionann is iniúchóir inmheánach an Choimisiúin a thuairiscíonn do Choláiste na gCoimisinéirí i dtaca le nósanna imeachta agus córais an Choimisiúin. Níor cheart é a bheith d'oibleagáid a bheith ar iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ach a dhearbhú go gcomhlíonann feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí an chomhlachta caighdeáin idirnáisiúnta, agus chuige sin, ba cheart dó a bheith ábalta measúnuithe a dhéanamh ar cháilíocht na gníomhaíochta iniúchóireachta inmheánaí.

(54) Ba cheart léiriú a bheith sa Rialachán seo ar an tábhacht a bhaineann le conarthaí réime ó thaobh soláthar poiblí a bhainistiú. Ba cheart dó úsáid nósanna imeachta idirinstitiúideacha um sholáthar a spreagadh agus ba cheart foráil a bheith ann do nósanna imeachta comhpháirteacha um sholáthar idir institiúid agus údarás conarthach de chuid Ballstáit.

(55) A fhad a bhaineann leis na rialacha maidir le soláthar poiblí, ba cheart coigeartuithe áirithe a dhéanamh d'fhonn a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo ag luí le Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 i ndáil le comhordú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain.[19] An fhéidearthacht atá ag na Ballstáit faoin Treoir sin nósanna imeachta sonracha a chinneadh i gcás conarthaí a dhearbhaítear rúnda, nuair is gá bearta speisialta slándála a bheith ag gabháil lena bhfeidhmíocht nó nuair is gá sin chun Ballstát a chosaint, ba cheart í a bheith ag institiúidí an Aontais freisin.

(56) D'fhonn mírialtachtaí a sheachaint agus d'fhonn dul i ngleic le calaois agus le héilliú agus d'fhonn dea-bhainistíocht éifeachtúil a chur chun cinn, ba cheart iarrthóirí nó tairgeoirí atá ciontach sna gníomhartha sin nó a bhfuil coinbhleacht leasa acu a eisiamh ó dhámhachtain conarthaí.

(57) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus comhréireacht, ba cheart uastréimhse eisiaimh a shonrú sa Rialachán seo. Ina theannta sin, i bhfianaise Threoir 2004/18/CE, ba cheart eisiacht a bheith sa chás ina gceannaítear soláthairtí ar théarmaí fíorthairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige, nó ó ghlacadóirí nó ó leachtaitheoirí féimheachta, trí shocrú le creidiúnaithe, nó trí nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta.

(58) Ba cheart na rialacha maidir le heisiamh a fheabhsú d'fhonn an chosaint a dhéantar ar leasanna airgeadais an Aontais a neartú. Ba cheart an tagairt do sciúradh airgid a chur isteach, rud dá bhforáiltear i dTreoir 2004/18/CE. Ina theannta sin, na cásanna eisiaimh a bhaineann le hiarrthóirí nó táirgeoirí a ciontaíodh le breithiúnas ag a bhfuil feidhm res judica as cion a bhaineann lena n-iompar gairmiúil, nó maidir le calaois, éilliú, nó rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid nó in aon ghníomhaíocht neamhdhleathach comhchosúil eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart iad a leathnú d'fhonn daoine a chumhdach a bhfuil cumhachtaí acu chun ionadaíocht a dhéanamh, cinntí a dhéanamh nó a bhfuil smacht acu ar na hiarratasóirí nó na tairgeoirí sin. Mar sin féin, ar mhaithe le comhréireacht, níor cheart eisiamh a chur i bhfeidhm maidir le hiarrthóirí agus tairgeoirí is féidir a chruthú gur ghlac siad bearta leordhóthanacha i gcoinne na ndaoine a bhfuil cumhachtaí acu chun ionadaíocht a dhéanamh. Ar deireadh, d'fhonn leanúnachas seirbhíse na hinstitiúide a áirithiú, ba cheart maolú a thabhairt isteach ar an oibleagáid eisiamh a dhéanamh ar forais féimheachta nó cásanna comhchosúla, nó ar forais a bhaineann le mí-iompair gairmiúil tromchúiseach agus neamhchomhlíonadh oibleagáidí sóisialta i gcás nósanna imeachta idirbheartaíochta, más rud é, ar chúiseanna teicniúla nó ealaíona a bhaineann le cearta eisiacha a chosaint, nach féidir an conradh a dhámhachtain ach ar oibreoir eacnamaíoch ar leith.

(59) Iarrthóirí nó tairgeoirí atá i mbun nósanna imeachta um sholáthar, ba cheart oibleagáid a bheith orthu deimhniú a dhéanamh, má iarrtar é, maidir le húinéirí nó bainisteoirí, rialú agus cumhachtaí ionadaíochta an eintitis dhlíthiúil a bhfuil an tairiscint á cur isteach aige, agus ba cheart oibleagáid a bheith orthu deimhniú a dhéanamh nach mbaineann aon cheann de na cásanna arb é eisiamh as a páirt a ghlacadh sna tairiscintí is toradh air leis na húinéirí ná lena bhfochonraitheoirí. Agus tairgeoirí ag glacadh páirte i nós imeachta um sholáthar le haghaidh conarthaí ar luach an-íseal, níor cheart oibleagáid a bheith orthu deimhniú a dhéanamh nach mbaineann aon cheann de na cásanna leo arb é eisiamh is toradh air.

(60) D'fhonn éifeachtúlachta na nósanna imeachta um sholáthar a fheabhsú, ba cheart bunachar sonraí lárnach iarrthóirí nó tairgeoirí atá eisiata a bheith ag na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na comhlachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(61) Cé go bhfuil a stádas ar leith ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta laistigh de chreat an Aontais, tá impleachtaí airgeadais don Aontas ag baint leis an úsáid a bhaineann siad as a n-acmhainní féin. Ba cheart, dá bhrí sin, rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí lárnach maidir le heisiamh a cruthaíodh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ba cheart dóibh é a chur san áireamh agus conarthaí á ndámhachtain faoina rialacha soláthair. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach agus don Bhanc Eorpach Infheistíochta faisnéis maidir le tairgeoirí atá faoi réir breithiúnais cinntitheach as calaois nó sáruithe cosúla coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chur in iúl don Choimisiún.

(62) Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart iarrthóirí agus tairgeoirí a chur ar an eolas ar shlí iomchuí faoi dhámhachtain conarthaí.

(63) D'fhonn leasanna tairgeoirí nár éirigh leo a chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh nach féidir conradh atá cumhdaithe ag Treoir 2004/18/CE a shíniú roimh dheireadh thréimhse réasúnta neamhghníomhaíochta.

(64) Na hoibleagáidí atá ar na hinstitiúidí faoin Rialachán seo nós imeachta um sholáthar nó conradh a chur ar fionraí i gcás calaoise agus mírialtachtaí, ba cheart iad a shoiléiriú chun cur chun feidhme forálacha eile ábhartha a fheabhsú.

(65) A fhad a bhaineann le pionóis riaracháin agus airgeadais, ba cheart bunús fónta dlí a thabhairt isteach maidir le cinntí trína gcuirtear na pionóis sin chun feidhme a fhoilsiú, i gcomhréir le ceanglais chosanta sonraí. Ba cheart an foilsiú sin a bheith roghnach ar chúiseanna cosanta sonraí agus slándála dlíthiúla.

(66) Maidir le deontais, ba cheart creat a bhunú chun deontais de chuid an Aontais a dhámhachtain agus monatóireacht a dhéanamh orthu, creat a mbeadh forálacha sonracha ann maidir le cur chun feidhme phrionsabal na trédhearcachta, phrionsabal na córa comhionainne, phrionsabal an chómhaoinithe, prionsabail an neamhbhrabúis, an prionsabal maidir le deontais oibríochtúla a dhámhachtain ar bhonn céimlaghdaitheach, prionsabail an choisc ar dhámhachtain shiarghabhálacha agus phrionsabal an rialaithe.

(67) Ar mhaithe le simplíocht, áfach, ba cheart na ceanglais maidir le seiceálacha agus ráthaíochtaí a bheith i gcomhréir leis na rioscaí airgeadais i gceist. Ba cheart an sainiú ar dheontais a shoiléiriú, go háirithe maidir le maoiniú a bhaineann le gníomhaíochtaí iasachta nó scairshealbha agus caiteachas a bhaineann le margaí iascaigh. D'fhonn bainistíocht fhónta deontas a áirithiú agus nósanna imeachta a shimpliú, ba cheart é a bheith ceadmhach deontais a dhámhachtain trí chinneadh ón institiúid nó trí chomhaontú i scríbhinn leis an tairbhí.

(68) Ar chúiseanna soiléireachta agus trédhearcachta, ba cheart úsáid íocaíochtaí cnapshuimeanna agus íocaíochtaí ar ráta comhréidh a bheith údaraithe mar aon leis an modh traidisiúnta arb é atá ann costais a tabhaíodh iarbhír a aisíoc.

(69) Ar chúiseanna soiléireachta dlíthiúla, ba cheart na heisceachtaí ar an riail maidir le neamhbhrabús a ndéantar foráil dóibh faoi láthair sna rialacha cur chun feidhme a áireamh sa Rialachán Airgeadais. Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú gurb é is cuspóir deontais a dhámhachtain ar ghníomhaíochtaí áirithe acmhainn airgeadais a athneartú nó ioncam a ghiniúint.

(70) I Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú[20], leagtar síos, inter alia , na rialacha maidir le páirtithe polaitiúla a mhaoiniú ar an leibhéal Eorpach ó bhuiséad an Aontais. Ba cheart na rialacha sin a chur in oiriúint chun gur fearr a chuirfear san áireamh na dálaí speisialta faoina n-oibríonn páirtithe polaitiúla, lena n-áirítear dúshláin pholaitiúla agus tosaíochtaí polaitiúla a bhíonn ag athrú agus a chruthaíonn impleachtaí buiséadacha nach féidir leis na páirtithe sin a thuar agus a gcláiroibre bhliantúla agus a mbuiséid bhliantúla á dtarraingt suas acu. Chuige sin, ba cheart féidearthachtaí srianta a thabhairt isteach maoiniú a thabhairt ó bhliain amháin anonn go dtí an chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin.

(71) D'fhonn an cumas atá ag na páirtithe pleanáil fhadtéarmach airgeadais a dhéanamh, d'fhonn riachtanais maoinithe a athraíonn ó bhliain go chéile a chur san áireamh, agus d'fhonn na dreasachtaí a neartú a spreagann na páirtithe le gan a bheith ag brath ach ar mhaoiniú poiblí, ba cheart cead a bheith ag páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach cúlchistí srianta airgeadais a bhunú a bheadh bunaithe ar acmhainní dílse arna nginiúint as foinsí nach iad buiséad an Aontais. Ba cheart na maoluithe thuasluaite ón riail maidir le neamhbhrabús a bheith ina n-eisceachtaí agus níor cheart fasach a bheith iontu.

(72) Tá dea-theist ar an riail gur ceart deontais a dhámhachtain ar bhonn glaonna ar thograí. Is léir ón taithí a bhfuarthas, áfach, go bhfágann cineál na gníomhaíochta i gcásanna áirithe nach bhfuil aon rogha ann agus tairbhithe á roghnú; ba cheart, dá bhrí sin, cásanna dá leithéidí a bheith díolmhaithe ón riail sin.

(73) An riail nár cheart níos mó ná aon deontais amháin a dhámhachtain ar aon tairbhí ar leith i leith na gníomhaíochta céanna, ba cheart í a choigeartú. Is amhlaidh a cheadaíonn roinnt bunghníomhartha dlí maoiniú de chuid an Aontais a fháil ó roinnt foinsí ag an am céanna, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cásanna den sórt sin níos coitianta amach anseo d'fhonn éifeachtacht caiteachas a áirithiú. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú sa Rialachán seo nach féidir na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó as buiséad an Aontais.

(74) Níor cheart feidhm a bheith ag srianta áirithe ar incháilitheacht na dtairbhithe i gcásanna áirithe ionas go gceadófar deontais a dhámhachtain ar dhaoine nádúrtha agus ar chineálacha áirithe eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart cead a bheith ag an oifigeach údarúcháin, i gcás deontas ar luach an-íseal, gan iarraidh ar na hiarratasóirí deimhniú a dhéanamh nach mbaineann aon cheann de na cásanna leo atá eisiata faoin Rialachán seo.

(75) Maidir leis na caighdeáin soláthair is gá do thairbhithe deontais a chur i bhfeidhm, tá an riail atá ann faoi láthair sa Rialachán seo doiléir agus ba cheart í a shimpliú. Ina theannta sin, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh don chás ina bhfágfaidh cur i bhfeidhm na gníomhaíochta gur gá tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtithe.

(76) I bhfianaise na taithí praiticiúla a gnóthaíodh, ba cheart córas na gcnaipshuimeanna (cnapshuimeanna, scála caighdeánach costas aonaid agus rátaí comhréidh) a shoiléiriú agus ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir é agus gach sórt fíoraithe ex-post ar fhíorchostais. Ba cheart bearta rialuithe a chur in oiriúint don chur chuige nua seo agus ba cheart é a bheith ceadmhach iniúchóireachtaí oibríochtúla a iarraidh agus cinntí a leathnú d'fhonn tionscadail de chuid an tairbhí chéanna nach ndearnadh iniúchóireacht orthu a chumhdach, más rud é gur aimsíodh earráidí arís is arís eile i dtionscadail eile chomhchosúla. Ar deireadh, an fhéidearthacht atá ag tairbhí a ndeontas a athdháileadh ar thríú páirtithe trí fhóirdheontais, ba cheart é a leathnú faoi choinníollacha áirithe chun go mbeidh sé níos fusa cláir atá tiomnaithe do roinnt daoine nádúrtha nach féidir a shroicheadh ach ar dhá bhealach. Ba cheart an t-athdháileadh sin a bheith údaraithe ar chuntar go dtíolacfaidh an tairbhí ar an gcéad chéim ráthaíochtaí iomchuí agus go gcuirfear clásail leordhóthanacha isteach sa chomhaontú deontais chun an lamháil measúnaithe a theorannú ó thaobh na fothairbhí a roghnú agus ó thaobh mhéid an deontais de.

(77) Ó tharla gur cineál nua tacaíochta airgeadais iad duaiseanna, ba cheart iad a rialú ar leithligh ón gcóras deontais le rialacha sonracha nach bhfuil aon tagairt do chostais intuartha iontu. Ba cheart duaiseanna a bheith mar chuid den chlár oibre bliantúil agus, os cionn tairsigh áirithe, ba cheart gur thairbhí nó chonraitheoir a dhámhfadh iad tar éis don Choimisiún a gcoinníollacha dámhachtana agus a gcritéir dhámhachtana a fhormheas.

(78) Tá ag méadú ar an bhfiúntas atá in ionstraimí airgeadais ó thaobh an éifeacht atá ag cistí de chuid an Aontais a iolrú nuair a chomhthiomsaítear na cistí sin le cistí eile nó nuair atá éifeacht luamháin ag baint leo. Ós rud é nach féidir ionstraimí airgeadais dá leithéidí a chur i gcosúlacht le seirbhísí ná deontais, ba cheart cineál nua tacaíochta airgeadais a bhunú.

(79) Maidir le cuntasaíocht agus maidir leis na cuntais a thíolacadh, ba cheart a leagan síos gurb é atá sna cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséid agus ba cheart a lua freisin go bhfuil na cuntais ghinearálta bunaithe ar chóras cuntasaíochta ar bhonn fabhraithe, murab ionann is na cuntais buiséid arb é is aidhm leo cuntas cur chun feidhme an bhuiséid agus na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid a tharraingt suas.

(80) A fhad a bhaineann leis na rialacha maidir le cuntasaíocht agus na cuntais, ba cheart tíolacadh na gcuntas a shimpliú trí fhoráil a dhéanamh nach bhfuil i gcuntais an Aontais ach na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus na cuntais bhuiséadacha chomhiomlánaithe. Ba cheart a shoiléiriú freisin nach mbaineann an próiseas comhdhlúite ach leis na hinstitiúidí arna maoiniú le buiséad an Aontais, d'fhonn an stádas neamhspleách ar leith atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a chur san áireamh. Ar deireadh, ba cheart cead a bheith ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chinneadh, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, cé na comhlachtaí, mar aon leo siúd a fhaigheann fóirdheontais ón Aontas, a thig faoi raon feidhme chomhdhlúthú na gcuntas, ar chuntar go dtuigfear nach bhfuil aon aistriú cistí ó chomhlachtaí féinmhaoinithe chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ná tionchar ar a neamhspleáchas airgeadais agus oibríochtúil ná ar na nósanna imeachta um urscaoileadh i gcomhair a gcuntas i gceist le comhdhlúthú na gcuntas.

(81) D'fhonn idirdhealú soiléir a dhéanamh idir cúraimí agus freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus cúraimí agus freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta institiúidí nó comhlachtaí eile a bhfuil a gcuntais comhdhlúite, ba cheart foráil a dhéanamh go gcaithfidh gach institiúid nó comhlacht an tuarascáil ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais a ullmhú agus ansin a sheoladh chuig an údarás buiséid agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhaidh sin.

(82) Na prionsabail ar a bhfuil na cuntais ghinearálta bunaithe agus na prionsabail ar a dtíolactar na ráiteas airgeadais, ba cheart iad a shainiú faoi threoir prionsabal cuntasaíochta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta agus faoi threoir Cheathrú Threoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 arna bhunú ar Airteagal 54(3) (g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe comhlachtaí[21], i gcás ina mbeidh siad ábhartha i gcomhthéacs na seirbhíse poiblí.

(83) Na forálacha maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le chur chun feidhme an bhuiséid, ba cheart iad a leathnú le go gcumhdóidh siad úsáid leithreasaí a thugtar anonn, a chuirtear ar fáil arís agus a mbaintear úsáid astu an athuair agus le go gcumhdóidh siad na comhlachtaí éagsúla atá faoi dhlí an Aontais, chun feabhas a chur ar na socruithe trína soláthraítear figiúirí míosúla agus ar an tuarascáil ar chur chun feidhme, rud ba cheart a chur chuig an údarás buiséid trí huaire sa bhliain.

(84) Ba cheart modhanna cuntasaíochta na n-institiúidí a chomhchuibhiú agus, sa réimse seo, ba cheart gur ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a bheadh an ceart tionscnaimh.

(85) Is gá rialacha agus prionsabail an Choimisiúin maidir le cuntasaíochta a nuashonrú d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad ag luí le rialacha IPSAS (Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta don Earnáil Phoiblí).

(86) Ba cheart na forálacha maidir le cuntais shealadacha agus deiridh a nuashonrú, go háirithe chun foráil a dhéanamh don fhaisnéis tuairiscithe ba cheart a bheith ag gabháil leis na cuntais a sheoltar chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críche comhdhlúthaithe. Ba cheart do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí a mhaoinítear leis an mbuiséad tagairt a dhéanamh don litir ionadaíochta a ghabhann lena gcuntais deiridh agus na cuntais sin á dtarchur acu chuig an gCúirt Iniúchóirí agus ba cheart dóibh tagairt a dhéanamh freisin don litir ionadaíochta a ghabhann le cuntais chomhdhlúite deiridh an Aontais agus iad á dtarchur. Ar deireadh, ba cheart spriocdháta níos luaithe a leagan síos don Chúirt Iniúchóirí a mbarúlacha a thabhairt uaithi ar chuntais shealadacha na n-institúidí, amach ón gCoimisiún agus ó na comhlachtaí a mhaoinítear leis an mbuiséad, ionas go bhféadfaidh siad a gcuntais deiridh a tharraingt suas agus na barúlacha sin á gcur san áireamh.

(87) Maidir leis an iniúchóireacht sheachtrach agus maidir le hurscaoileadh, cé go bhfuil an Coimisiún lánfhreagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé comhbhainistíocht a dhéanamh leis na Ballstáit caithfidh siadsan comhoibriú i nós imeachta iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí agus san urscaoileadh a dhéanann an t-údarás buiséid.

(88) Ba cheart gur le linn na tréimhse go gairid roimh an urscaoileadh a bheadh na dálaí is fearr ann chun na cuntais agus an nós imeachta um urscaoileadh a thíolacadh.

(89) Aon fhaisnéis atá ag teastáil chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais ábhartha, ba cheart don Choimisiún í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh, arna iarraidh sin don Pharlaimint.

(90) Ba cheart forálacha speisialta a leagan síos i gcás bheartais áirithe de chuid an Aontais; ba cheart do na forálacha sin bunphrionsabail an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(91) Is gá a shoiléiriú gur féidir gealltanais shealadacha a dhéanamh tar éis an ghnáth-spriocdháta dhá mhí, tar éis ráitis chaiteachais na mBallstát a fháil i gcásanna ina bhfuiltear ag súil le cinneadh maidir le haistriú leithreasaí. Ba cheart forálacha speisialta an Rialacháin Airgeadais maidir le haistrithe a shoiléiriú.

(92) Ba cheart na téarmaí a choigeartú sa chaoi is nach ndéanfar tagairt ach do na Cistí Struchtúracha, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Iascaigh, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus do chistí i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna mbainistiú faoin gcomhbhainistíocht. Ba cheart tagairtí do bhearta struchtúracha réamhaontachais (ISPA) agus do bhearta talmhaíochta (Sapard) a bhaint ós rud é go bhfuil bainistíocht dhíreach arna déanamh ag tríú tíortha seachas comhbhainistíocht leis na Ballstáit i gceist leo. Maidir le leithreasaí arna saoradh a chur ar fáil arís, i gcomhréir leis na bunghníomhartha nua le haghaidh gníomhaíochtaí struchtúracha le linn na tréimhse 2007–2013 lena gcumhdaítear foiche Dé, ba cheart foráil a choinneáil sa Rialachán seo do chásanna ina mbeidh earráid shoiléir is inchurtha i leith an Choimisiúin, agus do na cásanna sin amháin.

(93) A fhad a bhaineann le forálacha sonracha an Rialacháin seo maidir leis na cistí struchtúracha, cistí comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Iascaigh, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus cistí i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna mbainistiú faoin gcomhbhainistíocht, ba cheart an fhoráil a choinneáil maidir le híocaíochtaí ar cuntas a aisíoc agus leithreasaí a chur ar fáil arís atá sa dearbhú ón gCoimisiún a ghabhann mar iarscríbhinn le Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha[22]. Ina theannta sin, de mhaolú ar an riail maidir le tabhairt anonn, ba cheart é a bheith ceadmhach leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá le fáil ag deireadh na bliana airgeadais a thabhairt anonn go deireadh an chláir, ar leithreasaí iad a thagann as íocaíochtaí ar cuntas a aisíoc, agus iad a úsáid nuair nach bhfuil leithreasaí eile faoi chomhair oibleagáidí le fáil.

(94) An fhoráil maidir le hioncam sannta arna ghiniúint le forcheannadh an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach agus maidir leis na leithreasaí comhfhreagracha a chur ar fáil, ba cheart í a choinneáil.

(95) Na leithreasaí a saoradh mar gheall ar neamhchur chun feidhme iomlán nó páirteach na dtionscadal ar cuireadh in áirithe dóibh iad, is gá é a bheith ceadmhach iad a chur ar fáil arís. Níor cheart, áfach, é sin a bheith ceadmhach ach faoi dhianchoinníollacha, agus i réimse na taighde amháin, ós rud é go bhfuil riosca níos mó airgeadais ag baint le taighde ná a bhaineann le réimsí eile.

(96) Maidir le taighde, ba cheart an buiséad a thíolacadh ar bhealach atá i gcomhréir leis na forálacha maidir le buiséadú gníomhaíochtbhunaithe. Ba cheart an tsolúbthacht bainistíochta atá ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) faoi láthair a choinneáil.

(97) Ina theannta sin, tá gá le soiléiriú maidir leis an ACT a bheith páirteach i nósanna imeachta um dheontais agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aige arna maoiniú ina n-iomláine nó i bpáirt leis an mbuiséad ginearálta lasmuigh de na línte buiséadacha a thiomnaítear don ACT as na cistí taighde de ghnáth. Agus é ag glacadh páirte sna nósanna imeachta um dheontais agus um sholáthar poiblí mar thríú páirtí, ba cheart an ACT a bheith díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le critéir eisiaimh, pionóis riaracháin agus airgeadais, acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais agus taisceadh ráthaíochtaí. Ina theannta sin, is gá a chur san áireamh na seirbhísí teicniúla agus eolaíocha a sholáthraíonn an ACT d'institiúidí eile agus do sheirbhísí de chuid an Choimisiúin trí shocruithe inmheánacha riaracháin, ar seirbhísí iad a thig lasmuigh de na rialacha maidir le soláthar poiblí. Ar deireadh, chun na cúraimí sin a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart a mheas, ar bhonn eisceachtúil, gur ioncam sannta seachtrach atá san ioncam sin a thagann as na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí sin.

(98) Maidir leis na forálacha sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme, is gá na hathruithe agus an simpliú atá beartaithe ar na modhanna éagsúla bainistíochta atá ann a chur san áireamh.

(99) D'fhonn ról idirnáisiúnta an Aontais a neartú ó thaobh gníomhaíochtaí seachtracha agus forbartha de, d'fhonn a fheiceálaí agus a éifeachtúlaí atá sé a mhéadú, ba cheart údarú a bheith ag an gCoimisiún cistí iontaobhais Eorpacha a chruthú agus a bhainistiú i gcomhair gníomhaíochtaí éigeandála, iar-éigeandála, nó téamacha. Cé nach bhfuil siad comhtháite sa bhuiséad, ba cheart na cistí iontaobhais sin a bhainistiú faoi na rialacha airgeadais atá leagtha síos sa Rialachán seo a mhéid is gá ar mhaithe le slándáil agus trédhearcacht agus cistí de chuid an Aontais á n-úsáid. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún bheith ina chathaoirleach ar an mbord rialaithe arna bhunú do gach ciste iontaobhais ionas go ndéanfar ionadaíocht do dheontóirí agus chun cinneadh ar an úsáid a bhainfear as na cistí. Lena chois sin, ba cheart gurbh é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin oifigeach cuntasaíochta gach ciste iontaobhais.

(100) A fhad a bhaineann le heintitis ar cuireadh cúram orthu, faoi bainistíocht indíreach, gníomhaíochtaí seachtracha a chur i bhfeidhm, níor cheart níos mó ná trí bliana, tar éis an comhaontú tarmligin a shíniú leis an gCoimisiún, a bheith sa tréimhse atá ag na heintitis sin conarthaí agus deontais a thabhairt i gcrích, mura mbeidh forlámhas ag cúinsí sonracha atá seachtrach agus eisceachtúil. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag an spriocdháta sin maidir le cláir ilbhliantúla arna gcur chun feidhme faoi na nósanna imeachta um chistí struchtúracha. Ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le leithreasaí arna saoradh, sa chás deireanach sin, a leagan síos i rialacha earnáilsonracha.

(101) A fhad a bhaineann le rialacha sonracha i leith soláthair is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí seachtracha, is gá cead a thabhairt do náisiúnaithe tríú tíortha páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta um thairiscintí i gcás cur chun feidhme gan bhunghníomh, agus forlámhas a bheith ag cúinsí eisceachtúla a bhfuil údar maith tugtha leo.

(102) Ba cheart teideal speisialta a chur ann ina mbeadh na forálacha ginearálta maidir le bainistiíocht na n-oifigí Eorpacha.

(103) D'fhonn bainistíocht a éascú, ba cheart cead a bheith ag na hinstitiúidí cumhachtaí oifigeach údarúcháin a tharmligean chuig stiúrthóirí Oifigí Eorpacha idirinstitiúideacha chun leithreasaí arna n-iontráil ina ranna féin den bhuiséad a bhainistiú. Chuige sin, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh i leith na gcumhachtaí údarúcháin is féidir le hOifigí na Stiúrthóirí a fhotharmligean.

(104) Is iomchuí teideal ar leith a choinneáil ina bhfuil na rialacha speisialta is infheidhme maidir le leithreasaí riaracháin. Ba cheart a fhoráil go bhféadfaidh dhá bhrainse an údaráis bhuiséid tuairim a eisiúint in am trátha maidir le tionscadail foirgníochta ar dócha tionchar suntasach airgeadais a bheith acu ar an mbuiséad.

(105) An nós imeachta faoinar féidir leis an údarás buiséid tuairim a eisiúint maidir le tionscadal foirgníochta, ba cheart é a shoiléiriú. Ina theannta sin, ionas go bhféadfaidh institiúidí beartas fadtéarmach maidir le heastát réadach a fhorbairt agus leas a bhaint as rátaí níos ísle úis a bhuí le rátáil chreidmheasa fhabhrach an Aontais ar an margadh airgeadais, ba cheart údarú a bheith acu iasachtaí a fháil lasmuigh den bhuiséad chun sócmhainní eastáit réadaigh a fháil. D'fhágfadh sé sin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chastacht an chórais reatha, agus costais a laghdú agus tuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach.

(106) D'éascaigh clár réime taighde i ndiaidh a chéile obair an Choimisiúin trí rialacha simplithe a leagan síos maidir le saineolaithe seachtracha a roghnú chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí nó ar iarratais ar dheontais agus chun cúnamh teicniúil a sholáthar agus obair leantach agus meastóireacht á ndéanamh ar thionscadail mhaoinithe. Leathnaíodh an nós imeachta sin chun gach clár eile a chumhdach. I bhfianaise na taithí praiticiúla a gnóthaíodh, ba cheart raon feidhme an nós imeachta speisialta um dhaoine nádúrtha a roghnú a shoiléiriú ós rud é go bhfuil gá lena gcúnamh chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí tionscadail, ar iarratais ar dheontais, ar thionscadail agus ar thairiscintí agus chun tuairim agus comhairle shaineolach a sholáthar.

(107) Maidir le forálacha críochnaitheacha, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

(108) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta chun cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[23] a fheidhmiú.

(109) Níor cheart an Rialachán Airgeadais a athbhreithniú ach amháin nuair is gá. Nuair a dhéantar athbhreithnithe go rómhinic ar an Rialachán Airgeadais cruthaítear costas díréireach a bhaineann le struchtúir agus nósanna imeachta riaracháin a chur in oiriúint do na rialacha nua. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go bhfágfadh an easpa ama nach bhféadfaí conclúidí bailí a bhaint as cur i bhfeidhm na rialacha nua atá i bhfeidhm.

(110) Ba cheart creat feiliúnach, a bheadh saincheaptha do riachtanais shonracha na bainistíochta, a chur ar fáil le go mbeadh feidhm ag na rialacha airgeadais maidir le comhlachtaí arna mbunú ag an Aontais agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu agus a fhaigheann fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ag an am céanna, agus gan baint ar aon bhealach den neamhspleáchas eagraíochtúil a theastaíonn ó na comhlachtaí sin chun a gcúraimí a dhéanamh, is gá substaint na rialacha lena rialaítear ábhair áirithe, go háirithe an t-urscaoileadh agus an chuntasaíocht, a chomhchuibhiú. Ba cheart d'iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna a fheidhmiú i leith na gcomhlachtaí sin agus a fheidhmíonn sé i leith ranna an Choimisiúin. Ba cheart rialacha inmheánacha airgeadais na gcomhlachtaí sin a ghlacadh dá réir chun go mbeidh siad comhoiriúnach leis an Rialachán Airgeadais seo. Ba cheart, dá réir sin, é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún rialachán airgeadais eiseamláireach a tharraingt suas nár cheart do chomhlachtaí an Aontais imeacht uaidh ach amháin le comhaontú ón gCoimisiún.

(111) Tá gá le modhnuithe áirithe d'fhonn a shainaithint cé go díreach na comhlachtaí atá cumhdaithe faoin rialachán réime airgeadais. Thairis sin, ba cheart foráil nua a thabhairt isteach chun cás na gcomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a chur san áireamh, rud ar cheart don Choimisiún rialachán airgeadais eiseamláireach a ghlacadh lena aghaidh chun na prionsabail is gá a leagan amach d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú.

(112) D'fhonn leanúnachas a áirithiú agus na cláir reatha á gcur chun feidhme, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir leis na hoibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta atá ar na Ballstáit agus an buiséad á chur chun feidhme acu go hindíreach faoin gcomhbhainistíocht ach amháin maidir leis an gcéad ghlúin eile de rialacháin earnáilsonracha.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A h AON

FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos, leis an Rialachán seo, na rialacha chun buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (dá ngairfear 'an buiséad' anseo feasta) a bhunú agus a chur chun feidhme, agus chun na cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh.

Chun críocha an Rialacháin seo, déileálfar leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, le Coiste na Réigiún, leis an Ombudsman agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar institiúidí de chuid an Chomhphobail.

Airteagal 2

Raon feidhme

Aon fhoráil, in aon ghníomh reachtach eile, maidir le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas an bhuiséid, ní mór di na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha amach i dTeideal II a chomhlíonadh.

TEIDEAL II

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 3

Na prionsabail bhuiséadacha

Bunófar agus cuirfear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le prionsabail na haontachta, prionsabail an chruinnis bhuiséadaigh, prionsabail na bliantúlachta, prionsabail na cothromaíochta, prionsabail an aonaid chuntais, prionsabail na huilíochta, prionsabail na sonraíochta, prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a dteastaíonn rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil lena aghaidh, agus prionsabal na trédhearcachta mar atá leagtha amach sa Rialachán seo.

CAIBIDIL 1

PRIONSABAL NA h AONTACHTA AGUS PRIONSABAL AN CHRUINNIS BHUISÉADAIGH

Airteagal 4

Sainiú ar an mbuiséad

1. Is é an buiséad an ionstraim lena dtuartar agus lena n-údaraítear, do gach bliain airgeadais, an t-ioncam agus an caiteachas go léir a mheastar a bheith riachtanach don Chomhphobal Eorpach agus don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

2. Is éard a bheidh in ioncam agus i gcaiteachas an Aontais:

(a) ioncam agus caiteachas an Chomhphobail Eorpaigh, lena n-áirítear caiteachas riaracháin de chuid na n-institiúidí arb é is údar leis forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus maidir leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach i gcúrsaí coiriúla, agus an caiteachas oibríochtúil arb é is údar leis cur chun feidhme na bhforálacha sin ina muirearaítear é sin ar an mbuiséad;

(b) caiteachas agus ioncam an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3. Taifeadfar sa bhuiséad ráthaíocht na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a dhéanfaidh an tAontas, agus íocaíochtaí leis an gCiste Ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha.

Airteagal 5

Na rialacha lena rialaítear prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh

1. Faoi réir Airteagal 74, ní bhaileofar aon ioncam agus ní dhéanfar aon chaiteachas mura mbeidh sé sannta do líne sa bhuiséad.

2. Ní fhéadfar aon chaiteachas a ghealladh nó a údarú a sháraíonn na leithreasaí údaraithe.

3. Ní fhéadfar aon leithreasú a iontráil sa bhuiséad murar d'ítim chaiteachais é a mheastar a bheith riachtanach.

4. Aon ús a thiocfaidh as na cistí ar sealúchas de chuid an Aontais iad, ní bheidh siad dlite don Aontas mura bhforáiltear a mhalairt sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na heintitis ar cuireadh cúram orthu agus atá liostaithe in Airteagal 53(1) pointe 2(b) go 2(h) agus sna cinntí nó sna comhaontuithe deontais arna dtabhairt i gcrích leis na taibheoirí.

Sna cásanna sin, athúsáidfear an t-ús le haghaidh an chláir chomhfhreagraigh nó gnóthfar é.

CAIBIDIL 2

PRIONSABAL NA BLIANTÚLACHTA

Airteagal 6

Sainiú

Na leithreasaí a iontrálfar sa bhuiséad, údarófar iad do bhliain airgeadais amháin, a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 7

Cineálacha leithreasaí

1. Beidh leithreasaí difreáilte sa bhuiséad arb éard a bheidh iontu leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, agus beidh leithreasaí neamhdhifreáilte ann freisin.

2. Cumhdófar, leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí, costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil a ghlactar ar láimh i rith na bliana airgeadais reatha, faoi réir Airteagal 77(2) agus Airteagal 166(2).

3. Cumhdófar, leis na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, na híocaíochtaí a dhéantar chun gealltanais dhlíthiúla na bliana airgeadais reatha agus/nó na mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh.

4. Beidh mír 1 agus mír 2 gan dochar d'fhorálacha speisialta Theideal I, Theideal IV agus Theideal VI de Chuid a Dó. Ní haon chosc iad leithreasaí a ghealladh ina n-iomláine ná gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh ina dtráthchodanna bliantúla.

Airteagal 8

Rialacha cuntasaíochta maidir le hioncam agus leithreasaí

1. Iontrálfar ioncam na bliana airgeadais i gcuntais na bliana airgeadais ar bhonn na méideanna a bhailítear i rith na bliana airgeadais. Féadfar acmhainní dílse mhí Eanáir na bliana ina dhiadh sin a íoc roimh ré, áfach, de bhun an Rialacháin ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an Cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais.

2. Na hiontrálacha i ndáil le hacmhainní dílse ón gcáin bhreisluacha, i ndáil leis an acmhainn bhreise OTN-bhunaithe agus le haon ranníocaíochtaí airgeadais, féadfar iad a choigeartú i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear i mír 1.

3. Na leithreasaí a údarófar do bhliain airgeadais ar leith, ní fhéadfar iad a úsáid ach chun caiteachas a gealladh agus a íocadh an bhliain airgeadais sin a chumhdach agus chun méideanna a chumhdach a bheidh dlite i gcoinne gealltanas blianta airgeadais roimhe sin.

4. Iontrálfar na gealltanais sna cuntais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil a tugadh go dtí an 31 Nollaig, faoi réir na ngealltanas foriomlán dá dtagraítear in Airteagal 77(2) agus faoi réir na gcomhaontuithe um maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 166(2), nithe a iontrálfar sna cuntais ar bhonn na ngealltanas buiséid go dtí an 31 Nollaig.

5. Iontrálfar íocaíochtaí sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a rinne an t-oifigeach cuntasaíochta ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig den bhliain sin.

6. De mhaolú ar mhír 3, ar mhír 4 agus ar mhír 5, iontrálfar caiteachas Roinn Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta sna cuntais do bhliain airgeadais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTeideal I de Chuid a Dó.

Airteagal 9

Leithreasaí a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

1. Leithreasaí nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais dár gcuireadh isteach iad, cuirfear ar ceal iad.

Féadfar iad a thabhairt anonn, áfach, ach don chéad bhliain airgeadais eile amháin, le cinneadh arna ghlacadh ag an institiúid lena mbaineann faoin 15 Feabhra ar a dhéanaí, i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 nó féadfar iad a thabhairt anonn go huathoibríoch i gcomhréir le mír 4.

2. Leithreasaí difreáilte faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí neamhdhifreáilte nár gealladh faoi dheireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt anonn sna cásanna a leanas:

(a) méideanna a chomhfhreagraíonn do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a bhfuil formhór chéimeanna ullmhúcháin an nós imeachta um ghealltanas ina leith críochnaithe faoin 31 Nollaig. Féadfar na méideanna sin a ghealladh go dtí an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin;

(b) méideanna a bhfuil gá leo nuair atá an t-údarás reachtach tar éis bunghníomh a ghlacadh i ráithe deiridh na bliana airgeadais agus nach raibh an Coimisiún in ann na leithreasaí a cuireadh ar fáil lena n-aghaidh a ghealladh faoin 31 Nollaig.

3. Féadfar leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a thabhairt anonn i ndáil le méideanna a theastaíonn chun gealltanais atá ann cheana nó gealltanais atá nasctha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a tugadh anonn, nuair nach gcumhdaítear na riachtanais leis na leithreasaí a cuireadh ar fáil do na línte ábhartha sa bhuiséad don bhliain ina dhiaidh sin. I dtús báire, úsáidfidh an institiúid i dtrácht na leithreasaí a údaraíodh don bhliain airgeadais reatha agus ní úsáidfear na leithreasaí a tugadh anonn go dtí go mbeidh na chéad leithreasaí údaraithe sin ídithe.

4. Na leithreasaí neamhdhifreáilte a chomhfhreagraíonn d'oibleagáidí a glacadh ar láimh mar is cuí i ndeireadh na bliana airgeadais, ní thabharfar anonn go huathoibríoch iad ach amháin don chéad bhliain airgeadais eile.

5. Cuirfidh an institiúid i dtrácht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (dá ngairfear ‘an t-údarás buiséid') ar an eolas faoin 15 Márta ar a dhéanaí maidir leis an gcinneadh a ghlac sí i leith na leithreasaí a thabhairt anonn agus míneoidh sí an chaoi ar cuireadh na critéir atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 3 i bhfeidhm i gcás gach tabhartha anonn.

6. Gan dochar d'Airteagal 10, ní fhéadfar leithreasaí a cuireadh i gcúlchiste agus leithreasaí le haghaidh caiteachais foirne a thabhairt anonn.

Airteagal 10

Rialacha maidir le hioncam sannta a thabhairt anonn

Aon ioncam neamhúsáidte agus leithreasaí atá le fáil an 31 Nollaig agus a tháinig as an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfar iad a thabhairt anonn mar seo a leanas:

- déanfar ioncam sannta seachtrach a thabhairt anonn go huathoibríoch agus ní mór é a úsáid ina iomláine go dtí go mbeidh gach oibríocht a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó é déanta. Féadfar ioncam sannta seachtrach a fuarthas le linn na bliana deireanaí den chlár nó den ghníomhaíocht a úsáid sa chéad bhliain den ghníomhaíocht nó den chlár ina dhiaidh sin;

- Déanfar ioncam sannta inmheánach a thabhairt anonn ar feadh aon bhliana amháin, mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh is infheidhme nó i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha dóibh. Ní mór na leithreasaí comhfhreagracha atá le fáil a úsáid i dtús báire.

Airteagal 11

Leithreasaí a shaoradh

Gan dochar d'Airteagal 157 agus d'Airteagal 160a, i gcás ina ndéanfar méideanna a shaoradh mar thoradh ar neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach na ngníomhaíochtaí ar cuireadh in áirithe iad lena n-aghaidh, in aon bhliain airgeadais tar éis na bliana a cuireadh na leithreasaí isteach sa bhuiséad, cuirfear ar ceal na leithreasaí i dtrácht.

Airteagal 12

Leithreasaí a chur faoi chomhair oibleagáidí

Féadfar na leithreasaí a cuireadh isteach sa bhuiséad a ghealladh le héifeacht ón 1 Eanáir, a luaithe a ghlacfar an buiséad, mura bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I agus i dTeideal VI de chuid a dó.

Airteagal 13

Na rialacha is infheidhme maidir leis an mbuiséad a ghlacadh go déanach

1. Mura mbeidh glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 273 de Chonradh CE agus ag an gcéad mhír d'Airteagal 178 de Chonradh Euratom maidir le caiteachas a ghealladh agus maidir le caiteachas a íoc a bhíothas in ann a chur in áirithe do líne shonrach sa bhuiséad mar chuid de chur chun feidhme an bhuiséid dheireanaigh a glacadh go cuí.

2. Féadfar gealltanais a dhéanamh in aghaidh na caibidle arb ionann iad agus an ceathrú cuid, ar a mhéad, d'iomlán na leithreasaí cionroinnte sa chaibidil i gceist den bhliain airgeadais roimhe móide an dóú cuid déag in aghaidh gach míosa atá caite.

Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh go míosúil arb ionann iad, ar a mhéad, agus an dóú cuid déag in aghaidh na caibidle de na leithreasaí cionroinnte sa chaibidil i gceist den bhliain airgeadais roimhe sin.

Ní fhéadfar teorainn na leithreasaí dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad atá á ullmhú a shárú.

3. Má tá ga leis ó thaobh leanúnachas gníomhaíochta an Aontais agus riachtanais bhainistíochta de:

(a) féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar iarratas ón gCoimisiún agus tar éis di dul i gComhairle le Parlaimint na hEorpa, dhá dhóú cuid déag shealadacha nó níos a údarú i gcomhthráth maidir le gealltanais agus maidir le híocaíochtaí mar aon leo siúd a chuirtear ar fáil trí fhorálacha mhír 1 agus mhír 2;

(b) maidir le caiteachas seachas an caiteachas a thig ó na Conarthaí nó ó na gníomhartha arna nglacadh dá mbun, beidh feidhm ag an tríú mír d'Airteagal 273 de Chonradh CE agus ag an tríú mír d'Airteagal 178 de Chonradh Euratom.

Údarófar na dóú codanna déag sin ina n-iomláine agus ní bheidh siad inroinnte.

4. Más amhlaidh, i gcaibidil ar leith, nach leor údarú dhá dhóú cuid déag sealadacha nó níos mó, arna ndeonú sna cúinsí agus faoi na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 3, chun an caiteachas is gá a chumhdach chun briseadh i leanúnachas gníomhaíochta an Aontais a sheachaint sa réimse a chumhdaítear sa chaibidil i gceist, féadfar údarú eisceachtúil a thabhairt chun méid na leithreasaí a cuireadh isteach i gcaibidil chomhfhreagrach bhuiséad na bliana roimhe sin a shárú. Gníomhóidh an t-údarás faoi na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 3. Ní fhéadfar ar chúinse ar bith, áfach, móriomlán na leithreasaí atá ar fáil i mbuiséad na bliana airgeadais roimhe sin a shárú.

CAIBIDIL 3

PRIONSABAL NA COTHROMAÍOCHTA

Airteagal 14

Sainiú agus raon feidhme

1. Ní mór ioncam buiséid agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a bheith ar comhardú.

2. Faoi chuimsiú an bhuiséid ghinearálta, ní fhéadfaidh an Comhphobal Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, chomh maith leis na comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185, iasachtaí a thógáil.

Airteagal 15

Iarmhéid ón mbliain airgeadais

1. Cuirfear an iarmhéid ó gach bliain airgeadais isteach mar ioncam i mbuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin i gcás barrachais nó mar leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí i gcás easnaimh.

2. Cuirfear na meastacháin ar an ioncam sin nó ar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí sin isteach sa bhuiséad le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus i litir leasaitheach a thíolacfar de bhun Airteagal 34. Dréachtófar iad i gcomhréir le Rialachán na Comhairle lena gcuirtear chun feidhme an Cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais.

3. Tar éis na cuntais do gach bliain airgeadais a thíolacadh, cuirfear isteach aon mhíréireacht leis na meastacháin sa bhuiséad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin trí bhuiséad leasaitheach a bheidh dírithe ina iomláine ar an míréireacht sin. I gcás den sórt sin, ní mór don Choimisiún an dréachtbhuiséad leasaitheach a chur isteach faoi cheann 15 lá ón dáta a chuirfear isteach na cuntais shealadacha.

CAIBIDIL 4

PRIONSABAL AN AONAID CHUNTAIS

Airteagal 16

Úsáid an Euro

Is in euro a tharraingeofar suas agus a chuirfear chun feidhme an buiséad agus a thíolacfar na cuntais.

Chun críocha an sreafa airgid dá dtagraítear in Airteagal 61, áfach, údarófar an t-oifigeach cuntasaíochta, agus i gcás chuntais an óinchiste, riarthóirí an óinchiste, agus, maidir le riachtanais bhainistíocht riaracháin Sheirbhís Sheachtrach an Choimisiúin, an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, na hoibríochtaí a chur i gcrích sna hairgeadraí náisiúnta mar atá leagtha amach sa Rialachán tarmligthe ina leagtar amach na rialacha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus dá dtagraítear in Airteagal 183, dá ngairfear 'rialacha cur chun feidhme' anseo feasta.

CAIBIDIL 5

P RIONSABAL NA h UILÍOCHTA

Airteagal 17

Sainiú agus raon feidhme

San ioncam iomlán cumhdófar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí iomlána, faoi réir Airteagal 18. Cuirfear isteach an t-ioncam agus an caiteachas go léir ina n-iomláine gan aon choigeartú in aghaidh a chéile, faoi réir Airteagal 20.

Airteagal 18

Ioncam sannta

1. Déanfar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach a úsáid chun ítimí sonracha caiteachais a mhaoiniú.

2. Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a) ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit le cláir taighde áirithe de bhun an Rialacháin ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an Cinneadh maidir le hacmhainní dílse na an Aontais;

(b) ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit, ó thríú tíortha, lena n-áirítear, sa dá chás sin, ranníocaíochtaí óna ngníomhaireachtaí poiblí agus paraphoiblí, óna n-eintitis dhlíthiúla, nó ó dhaoine nádúrtha, le tionscadail nó cláir áirithe chúnaimh arna maoiniú ag an gComhphobal agus arna mbainistiú ag an gCoimisiún thar a gceann;

(c) ús ar thaiscí agus ar na fíneálacha dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air;

(d) ioncam atá curtha in áirithe do chríoch shonrach, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, ó fhóirdheontais, ó bhronntanais agus ó thiomnachtaí, lena n-áirítear an t-ioncam atá curtha in áirithe go sonrach do gach institiúid;

(e) ranníocaíochtaí le gníomhaíochtaí an Chomhphobail ó thríú tíortha nó ó chomhlachtaí éagsúla;

(f) ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 160(1)a agus in Airteagal 161(2).

3. Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a) ioncam ó thríú páirtithe maidir le hearraí, seirbhísí nó obair a chuirfear ar fáil arna iarraidh sin dóibh;

(b) fáltais ó dhíol feithiclí, trealaimh, suiteálacha, ábhar, agus gairis eolaíochta agus teicneolaíochta, ar nithe iad atá á n-athsholáthar nó á gcaitheamh i dtraipisí nuair atá an luach de réir na leabhar dímheasta ina iomláine;

(c) ioncam a thagann ó aiscíocaíocht méideanna a íocadh go mícheart;

(d) fáltais ó earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar thar ceann ranna, institiúidí nó comhlachtaí eile, lena n-áirítear aisíocaíochtaí liúntas misin ó institiúidí eile agus ó chomhlachtaí eile, a íocadh thar a gceann;

(e) íocaíochtaí árachais a fuarthas;

(f) ioncam a tháinig eastát réadach a dhíol nó a ligean nó as aon chonradh eile a bhaineann le cearta i ndáil le heastát réadach.

(g) ioncam a tháinig as foilseacháin agus scannáin a dhíol, lena n-áirítear foilseacháin agus scannáin ar mheán leictreonach.

4. Féadfar freisin leis an mbunghníomh is infheidhme an t-ioncam dá bhforáiltear leis a shannadh d'ítimí sonracha caiteachais. Mura sonrófar a mhalairt sa bhunghníomh is infheidhme, is ioncam sannta inmheánach a bheidh san ioncam sin.

5. Beidh línte ar áireamh sa bhuiséad chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach agus, gach uair is féidir, léireofar an méid i gceist.

Ní fhéadfar ioncam sannta a áireamh sa dréachtbhuiséad ach amháin i gcás na méideanna atá cinnte tráth bunaithe an dréachtbhuiséid.

Airteagal 19

Tabhartais

1. Féadfaidh an Coimisiún glacadh le haon tabhartas don Aontas, amhail fondúireachtaí, fóirdheontais, bronntanais agus tiomnachtaí.

2. Is faoi réir údarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacfar le tabhartais arb é EUR 50 000 nó níos mó a luach agus a mbeidh muirear airgeadais ag roinnt leo, lena n-áirítear costais leantacha a sháraíonn 10% de luach an tabhartais, agus déanfaidh siad cinneadh i leith na ceiste laistigh de dhá mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil ón gCoimisiún. Mura ndéanfar aon agóid laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún an cinneadh deiridh maidir leis an tabhartas a ghlacadh.

Airteagal 20

Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar rátaí malairte

1. Féadfar a shonrú sna rialacha cur chun feidhme na cásanna ina bhféadfar ioncam áirithe a asbhaint as iarratais ar íocaíocht; ina dhiaidh sin ceadófar an glanmhéid a íoc.

2. Déanfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena n-áirítear cánacha a d'aisíoc tríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha, a mhuirearú ar an mbuiséad agus cáin san áireamh. Caithfear le haisíocaíochtaí cánacha ina dhiaidh sin mar a bheadh ioncam sannta ann i gcomhréir le hAirteagal 18.

3. Féadfar coigeartuithe a dhéanamh maidir leis na difríochtaí sna rátaí malairte a tharlóidh i gcur chun feidhme an bhuiséid. Áireofar an gnóthachan deiridh nó an caillteanas deiridh san iarmhéid don bhliain.

CAIBIDIL 6

PRIONSABAL NA SONRAÍOCHTA

Airteagal 21

Forálacha ginearálta

1. Cuirfear leithreasaí in áirithe chun críocha sonracha de réir teidil agus caibidle; foroinnfear na caibidlí ansin ina n-airteagail agus ina n-ítimí.

2. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, leithreasaí a aistriú go neamhspleách mar a shonraítear in Airteagal 23, nó iarrfaidh sé formheas an údaráis bhuiséid na leithreasaí a thig faoi na cásanna atá sonraithe in Airteagal 24 a aistriú.

3. Ní fhéadfar leithreasaí a aistriú ach chuig línte buiséid a bhfuil leithreasaí údaraithe ag an mbuiséad ina leith nó a bhfuil iontráil chomharthach (p.m.) ag gabháil leo.

4. Ní fhéadfar leithreasaí a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a aistriú mura n-úsáidfear an t-ioncam sin chun na críche ar sannadh dó é.

Airteagal 22

Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún

1. Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, leithreasaí a aistriú:

(a) ó theideal go chéile, suas le huasmhéid 10% de leithreasaí na bliana atá léirithe ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh;

(b) ó chaibidil go chéile agus ó Airteagal go chéile gan teorainn.

2. Cuirfidh na hinstitiúidí an t-údarás buiséid ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu trí seachtaine sula ndéanfar na haistrithe dá dtagraítear i mír 1. Má luann ceachtar brainse den údarás buiséid cúiseanna a bhfuil bunús cuí tugtha leo le linn na tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 24.

3. Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún a mholadh don údarás buiséid, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile a sháraíonn teorainn 10% de leithreasaí na bliana airgeadais ar an líne óna bhfuil an t-aistriú le déanamh. Is faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 24 a bheidh na haistrithe sin.

4. Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh laistigh d'airteagail gan an t-údarás a chur ar an eolas roimh ré.

Airteagal 23

Aistrithe inmheánacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1. Laistigh dá roinn féin den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún:

(a) leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a aistriú go neamhspleách laistigh de gach caibidil;

(b) leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a aistriú go neamhspleách laistigh de gach teideal;

(c) a fhad a bhaineann le caiteachas ar fhoireann agus ar chúrsaí riaracháin a bhaineann le roinnt teideal, leithreasaí a aistriú go neamhspleách ó theideal go chéile;

(d) a fhad a bhaineann le caiteachas oibríochtúil, leithreasaí a aistriú go neamhspleách idir caibidlí laistigh den teideal céanna, suas le huasmhéid 10% de leithreasaí na bliana atá léirithe ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh.

2. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, cinneadh a dhéanamh maidir leis na leithreasaí a leanas a aistriú ó theideal go chéile, ar chuntar go gcuirfidh sé an t-údarás buiséid ar an eolas láithreach i dtaobh an chinnidh:

(a) leithreasaí ón teideal ar a dtugtar 'forálacha' agus dá dtagraítear in Airteagal 43 a aistriú, más rud é gurb é an t-aon choinníoll amháin chun an cúlchiste a fhuascailt bunghníomh a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 294 den CFAE.

(b) i gcásanna eisceachtúla tubaistí agus éigeandála daonnúla idirnáisiúnta a dtugtar bunús cuí leo agus a tharlaíonn tar éis an 1 Nollaig den bhliain bhuiséadach, féadfaidh an Coimisiún fuílleach na leithreasaí buiséid don bhliain bhuiséadach reatha atá fós le fáil sna teidil bhuiséid a thagann faoi cheannteideal 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil a aistriú chuig na teidil bhuiséid a bhaineann le cabhair um bainistiú éigeandála agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla. Cuirfidh an Coimisiún dhá bhrainse an údaráis bhuiséid ar an eolas láithreach tar éis na haistrithe sin a dhéanamh.

Airteagal 24

Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséid

1. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe seachas na haistrithe dá dtagraítear i mír 23 a mholadh don údarás buiséid. Déanfaidh sé a thogra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go comhuaineach.

2. Glacfaidh an t-údarás buiséid cinntí maidir le haistriú leithreasaí dá bhforáiltear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, mura bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó.

3. I gcás tograí maidir le leithreasaí a aistriú a bhaineann le caiteachas a thig de riachtanas ó na Conarthaí nó ó na ngníomhartha arna nglacadh dá réir, gníomhóidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, trí thromlach cáilithe laistigh de shé seachtaine, ach amháin i gcásanna práinneacha. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim uaithi laistigh de cibé tréimhse ama a ligfidh don Chomhairle í a thabhairt dá haire agus gníomhú laistigh den teorainn ama atá leagtha síos. I gcás nach ngníomhóidh an Chomhairle laistigh den teorainn ama sin, measfar gur formheasadh na tograí maidir le haistrithe.

4. I gcás tograí le haghaidh aistriú leithreasaí a bhaineann le caiteachas seachas an caiteachas a tháinig de riachtanas ó na Conarthaí nó ó na ngníomhartha lenar glacadh dá réir, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa, tar éis di dul i gcomhairle leis an gComhairle, laistigh de shé seachtaine, ach amháin i gcásanna práinneacha. Tabharfaidh an Chomhairle a tuairim uaithi laistigh de cibé tréimhse ama a ligfidh do Pharlaimint na hEorpa í a thabhairt dá haire agus gníomhú laistigh den teorainn ama atá leagtha síos. I gcás nach ndéanfar aon chinneadh laistigh den teorainn ama sin, measfar gur formheasadh na tograí maidir le haistrithe.

5. Na tograí maidir le haistrithe a bhaineann le caiteachas a tháinig de riachtanas ó na Conarthaí nó as na ngníomhartha arna nglacadh dá réir agus a bhaineann le caiteachais eile, measfar iad a bheith formheasta mura gcinnfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a mhalairt laistigh de shé seachtaine ón dáta a fuair an dá institiúid na tograí. Más amhlaidh, i gcás tograí maidir leis na haistrithe sin, nach ionann an méid atá sa laghdú a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an aistriú atá beartaithe, measfar gurb é an méid is lú atá formheasta. I gcás ina ndiúltóidh ceann de na hinstitiúidí do phrionsabal an aistrithe, ní dhéanfar an t-aistriú.

Airteagal 26

Aistriú faoi réir forálacha speisialta

1. Aistrithe a dhéanfar laistigh de theidil an bhuiséid a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), na Cistí Struchtúrtha, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Iascaigh, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus Taighde, beidh siad faoi réir forálacha speisialta faoi Theideal I, faoi Theideal II agus faoi Theideal III de Chuid a Dó.

2. Déanfaidh an t-údarás buiséid cinntí maidir le haistrithe lena ligfear an cúlchiste cúnaimh éigeandála a úsáid, ar bhonn togra ón gCoimisiún, nó déanfaidh an Coimisiún na cinntí sin suas le huasmhéid 10% de leithreasaí na bliana atá léirithe ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh.

Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) agus (4). Mura n-aontóidh dhá bhrainse an údaráis bhuiséid leis an togra ón gCoimisiún, agus má chliseann ar iarrachtaí teacht ar chomhsheasamh maidir le húsáid an chúlchiste sin, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhú ar an togra ón gCoimisiún maidir le haistriú.

CAIBIDIL 7

PRIONSABAL NA BAINISTÍOCHTA FÓNTA AIRGEADAIS

Airteagal 27

Prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta

1. Úsáidfear leithreasaí buiséid i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, eadhon i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

2. Ceanglaítear le prionsabal na barainneachta go gcuirfear ar fáil in am trátha, sa chainníocht chuí, sa cháilíocht chuí agus ag an bpraghas is fearr, na hacmhainní a úsáidfidh an institiúid agus í ag gabháil dá gníomhaíochtaí.

Baineann prionsabal na héifeachtúlachta leis an ngaol is fearr idir na hacmhainní a úsáidfear agus na torthaí a bhainfear amach.

Baineann prionsabal na héifeachtachta leis na cuspóirí sonracha atá leagtha amach a chur i gcrích agus na torthaí atá ceaptha a bhaint amach.

3. Déanfar cuspóirí sonracha, intomhaiste, indéanta agus amaithe a leagan amach don uile earnáil den ghníomhaíocht a chumhdaíonn an buiséad. Déanfar monatóireacht ar ghnóthú na gcuspóirí sin trí mheán táscairí feidhmíochta do gach gníomhaíocht agus cuirfidh na húdaráis caiteachais faisnéis ar fáil don údarás buiséid. Soláthrófar an fhaisnéis sin uair sa bhliain agus ar a dhéanaí tráth a chuirtear isteach na doiciméid a ghabhann leis an dréachtbhuiséad.

4. D'fhonn cinnteoireacht a fheabhsú, déanfaidh na hinstitiúidí meastóireachtaí ex ante agus ex post a bheidh ag teacht leis an treoir a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Cuirfear na meastóireachtaí sin i bhfeidhm ar gach clár agus ar gach gníomhaíocht a mbíonn torthaí caiteachais shuntasaigh agus torthaí meastóireachta ag baint leo agus cuirfear iad chuig údaráis chaiteachais, reachtacha agus bhuiséid.

Airteagal 28

Ráiteas airgeadais éigeantach

1. Aon togra nó tionscnamh a chuirfidh an Coimisiún nó Ballstát faoi bhráid an údaráis reachtaigh i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den CFAE nó den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, caithfidh ráiteas airgeadais agus an mheastóireacht dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) den Rialachán seo a bheith ag gabháil leis.

Aon leasú ar thogra nó ar thionscnamh a chuirfear faoi bhráid an údaráis reachtaigh a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige don bhuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, caithfidh ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis a arna ullmhú an institiúid a bhfuil an leasú á mholadh aici.

2. D'fhonn an riosca calaoise agus mírialtachtaí a laghdú, beidh sa ráiteas airgeadais dá dtagraítear i mír 1 faisnéis maidir leis an gcóras inmheánach rialaithe atá bunaithe, measúnú ar an mbaol a bhfuiltear ag dul ina fhiontar, agus na bearta cosanta agus na bearta chun calaois a chosc atá ann cheana agus atá beartaithe.

Airteagal 28a

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

1. Cuirfear an buiséad chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil mar is iomchuí i ngach modh bainistíochta, agus i gcomhréir leis na rialacháin earnáilsonracha.

2. Chun críocha chur chun feidhme an bhuiséid, sainmhínítear rialú inmheánach mar phróiseas atá infheidhme ar gach leibhéal bainistíochta agus atá ceaptha chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a) éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí;

(b) iontaofacht tuairiscithe;

(c) acmhainní agus faisnéis a chosaint;

(d) calaois agus mírialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(e) bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idrbheart, ag cur san áireamh cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

Airteagal 28b

Riosca inghlactha earráide

Déanfaidh an t-údarás reachtach, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 322 den CFEA, cinneadh maidir le leibhéal inghlactha earráide ag comhiomlánú iomchuí den bhuiséad. Cuirfear an cinneadh sin san áireamh le linn an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 146(2).

Is ar anailís ar chostais agus ar thairbhí na rialuithe a bhunófar leibhéal an riosca inghlactha earráide. Déanfaidh na Ballstáit agus na heintitis agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 53, arna iarraidh sin, tuarascáil a thabhairt don Choimisiún ar chostais an rialaithe a iompraíonn siad agus ar líon agus méid na ngníomhaíochtaí a mhaoiníonn buiséad an Aontais.

Déanfar dlúthmhonatóireacht ar leibhéal an riosca inghlactha earráide agus athbhreithneofar é má thagann athrú suntasach ar na dálaí rialaithe.

CAIBIDIL 8

PRIONSABAL NA TRÉDHEARCACHTA

Airteagal 29

Cuntais, buiséid agus tuarascálacha a fhoilsiú

1. Bunófar an buiséad agus cuirfear chun feidhme é agus tíolacfar na cuntais i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.

2. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an buiséad agus na buiséid leasaitheacha, mar atá arna nglacadh go críochnaitheach, a chur á bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Foilseofar an buiséad laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dhearbhófar go bhfuil an buiséad glactha go críochnaitheach.

Déanfaidh gach institiúid na cuntais chomhdhlúite bhliantúla agus an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais a tharraingt suas agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Airteagal 30

Faighteoirí cistí de chuid an AE agus faisnéis eile a fhoilsiú

1. Aon fhaisnéis maidir le hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí thar ceann thríú páirtithe, beidh sí ag gabháil leis an mbuiséad in Iarscríbhinn.

2. Is sna ráitis airgeadais a bheidh faisnéis maidir le hoibríochtaí an Chiste Ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochta seachtracha.

3. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil, ar bhealach iomchuí, faisnéis atá aige faoi fhaighteoirí cistí a thagann ón mbuiséad agus an buiséad á chur chun feidhme ar bhonn lárnach agus go díreach ag a ranna, agus faisnéis faoi fhaighteoirí cistí arna soláthar ag na heintitis a ndéantar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chucu faoi mhodhanna eile bainistíochta.

4. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i leith próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[24] agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2001 maidir le cosaint daoine aonair i leith foilsiú sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[25], agus maidir leis na riachtanais slándála, ag cur san áireamh sainiúlachtaí gach modha bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha.

TEIDEAL III

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID

CAIBIDIL 1

AN BHUISÉID A BHUNÚ

Airteagal 31

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Coiste na Réigiún, an tOmbudsman agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí meastachán maidir lena n-ioncam agus maidir lena gcaiteachas a tharraingt suas agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún roimh an 1 Iúil gach bliain é.

Cuirfidh na hinstitiúidí sin na meastacháin sin chuig an údarás buiséid mar fhaisnéis tráth nach déanaí ná an 1 Iúil gach bliain freisin. Tarraingeoidh an Coimisiún a mheastacháin féin suas agus seolfaidh sé chuig an údarás buiséid faoin dáta céanna é freisin.

Agus a mheastacháin féin á n-ullmhú aige, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 32

Buiséad measta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185

Déanfaidh gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 185, i gcomhréir leis an ionstraim lenar bunaíodh é, meastachán a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig an údarás buiséid faoin 31 Márta gach bliain, ar a ioncam agus ar a chaiteachas, lena n-áirítear an plean bunaíochta agus a dhréachtchlár oibre.

Airteagal 33

Dréachtbhuiséad

1. Cuirfidh an Coimisiún dhréachtbhuiséad faoi bhráid na Comhairle faoin 1 Meán Fómhair ar a dhéanaí gach bliain. Déanfaidh sé an dréachtbhuiséad a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa ag an am céanna.

Beidh ráiteas achomair ginearálta ar chaiteachas agus ar ioncam an Aontais sa dréachtbhuiséad agus comhdhlúthófar leis na meastacháin dá dtagraítear in Airteagal 31.

Leanfaidh an buiséad an struchtúr agus an leagan amach atá leagtha amach in Airteagal 4146.

Beidh ag gabháil roimh gach roinn den dréachtbhuiséad réamhrá arna tharraingt suas ag an institiúid lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún réamhrá ginearálta an dréachtbhuiséid a tharraingt suas. Is éard a bheidh sa réamhrá ginearálta táblaí airgeadais ina mbeidh na príomhshonraí de réir teideal agus na bunúis atá leis na hathruithe ar na leithreasaí ó bhliain airgeadais go chéile de réir chatagóirí caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúla.

2. Nuair is ábhartha, cuirfidh an Coimisiún clárú airgeadais le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin i dteannta an dréachtbhuiséid.

Déanfar an clárú airgeadais a nuashonrú tar éis don buiséad a bheith glactha, d'fhonn torthaí an nós imeachta bhuiséadaigh agus aon chinneadh eile ábhartha a ionchorprú.

3. Déanfaidh an Coimisiún aon pháipéar oibre a thacaíonn, dar leis, lena iarratais bhuiséid a chur i dteannta an dréachtbhuiséid.

Airteagal 34

An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad

1. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó na hinstitiúidí eile, i leith a ranna féin, litir leasaitheach don réamh-dhréachtbhuiséad a thíolacadh don Chomhairle ar bhonn na faisnéise nua nach raibh ar fáil tráth a bunaíodh an dréacht.

2. Mar sin féin, mura gcomhaontóidh na hinstitiúidí a mhalairt, nó i gcúinsí eisceachtúla, cuirfidh an Coimisiún an litir leasaitheach sin chuig an gComhairle ar a laghad 30 lá sula léifidh Parlaimint na hEorpa an dréachtbhuiséad. Ní mór don Chomhairle an litir leasaitheach a chur chuig Parlaimint na hEorpa 15 lá ar a laghad roimh an gcéad léamh sin.

Airteagal 35

Bunú an dréachtbhuiséid

1. Bunóidh an Chomhairle an dréachtbhuiséad i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 314(3) den CFAE agus in Airteagal 177(3) de Chonradh Euratom.

2. Cuirfidh an Chomhairle an dréachtbhuiséad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa faoin 5 Deireadh Fómhair an bhliain roimh an mbliain a gcuirfear an buiséad chun feidhme. Cuirfidh an Chomhairle meabhrán míniúcháin i gceangal leis an dréachtbhuiséad ina saineofar na cúiseanna a bhí aici le himeacht ón dréachtbhuiséad.

Airteagal 36

An buiséad a ghlacadh

1. Dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa gur glacadh go críochnaitheach an buiséad i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 314(9) den CFAE agus in Airteagal 177(7) de Chonradh Euratom.

2. A luaithe a dhearbhófar gur glacadh go críochnaitheach an buiséad, beidh sé de cheangal ar gach Ballstát ón 1 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin nó ón dáta a ndearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, más tar éis an 1 Eanáir a glacadh é, na híocaíochtaí, atá dlite mar atá sonraithe i Rialachán na Comhairle lena gcuirtear chun feidhme an Cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais, a dhéanamh leis an gComhphobal.

Airteagal 37

Dréachtbhuiséid leasaitheacha

1. Má bhíonn cúinsí dosheachanta, eisceachtúla nó gan choinne ann, féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha a thíolacadh.

Iarrataí ar bhuiséid leasaitheacha arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún sna cúinsí céanna dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, is chuig an gCoimisiún a chuirfear iad.

Sula dtíolacfaidh siad dréachtbhuiséad leasaitheach, déanfaidh an Coimisiún agus institiúidí seachas an Coimisiún an raon feidhme maidir le hathleithroinnt na leithreasaí ábhartha a scrúdú, ag cur san áireamh aon chur chun feidhme ar leithreasaí atá faoi bhun na céime cur chun feidhme a rabhthas ag súil léi.

2. Déanfaidh an Coimisiún, amach ó chúinsí eisceachtúla, aon dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh don Chomhairle faoin 1 Meán Fómhair ar a dhéanaí gach bliain. Féadfaidh sé tuairim a chur i gceangal leis na hiarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó na hinstitiúidí eile.

3. Pléifidh an t-údarás buiséid iad agus aird chuí á tabhairt ar an bpráinn atá leo.

Airteagal 38

1. I gcás ina bhfaighidh an Chomhairle dréachtbhuiséad leasaitheach, tarraingeoidh sí suas dréachtbhuiséad leasaitheach i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 37.

2. Seachas i gcás an amchláir, beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 36 maidir leis na buiséid leasaitheacha. Ní mór bunús a thabhairt leo faoi threoir an bhuiséid a bhfuil a meastacháin á leasú acu.

Airteagal 39

Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath

Féadfaidh an Coimisiún agus an t-údarás buiséid teacht ar aontú i ndáil le dátaí áirithe a thabhairt ar aghaidh maidir leis na meastacháin a tharchur, agus maidir leis an dréachtbhuiséad a ghlacadh agus a tharchur. Ní fhéadfaidh sé a bheith d'éifeacht ag an socrú sin, áfach, go ngiorrófar ná go gcuirfear fad leis na tréimhsí a cheadaítear leis na téacsanna sin a bhreithniú faoi Airteagal 314 den CFAE agus faoi Airteagal 177 de Chonradh Euratom.

CAIBIDIL 2

STRUCHTÚR AGUS TÍOLACADH AN BHUISÉID

Airteagal 40

Struchtúr an bhuiséid

Is éard a bheidh sa bhuiséad:

(a) ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas;

(b) ranna ar leithligh foroinnte ina ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas de réir institiúide.

Airteagal 41

An buiséad a aicmiú

1. Déanfaidh an t-údarás buiséid aicmiú ar ioncam an Choimisiúin, agus ar ioncam agus ar chaiteachas na n-institiúidí eile, de réir a gcineáil nó de réir na húsáide a shanntar dóibh faoi theidil, faoi chaibidlí, faoi airteagail agus faoi ítimí.

2. Leagfar amach ráiteas caiteachais roinn an Choimisiúin ar bhonn ainmníochta arna glacadh ag an údarás buiséid agus aicmeofar de réir críche é.

Comhfhreagróidh teideal do réimse beartais agus freagróidh caibidil, de ghnáth, do ghníomhaíocht.

Féadfar leithreasaí oibríochtúla agus leithreasaí riaracháin a chumhdach le gach ceann de na teidil.

Laistigh den teideal céanna, déanfar na leithreasaí riaracháin a ghrúpáil in aon chaibidil amháin.

Airteagal 42

Toirmeasc ar ioncam diúltach

Ní fhéadfaidh ioncam diúltach a bheith sa bhuiséad.

Glanmhéideanna a bheidh sna hacmhainní dílse a íocfar faoin gCinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais agus taispeánfar amhlaidh iad sa ráiteas achomair ar ioncam sa bhuiséad.

Airteagal 43

Forálacha

1. Féadfar an teideal 'forálacha' a bheith i ngach roinn den bhuiséad. Cuirfear leithreasaí isteach sa teideal seo sa dá chás seo a leanas:

(a) i gcás nach ann d'aon bhunghníomh don ghníomhaíocht i dtrácht agus an buiséad á bhunú;

(b) i gcás ina mbeidh forais láidre amhrais ann faoi leordhóthanacht na leithreasaí nó faoin bhféidearthacht go gcuirfear chun feidhme, faoi choinníollacha atá ag teacht le bainistíocht fhónta airgeadais, na leithreasaí arna n-iontráil ar na línte i dtrácht.

Ní fhéadfar na leithreasaí sa teideal seo a úsáid go dtí go mbeidh siad aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 23(1)(d), i gcás ina mbeidh glacadh an bhunghnímh faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 den CFAE, agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá in Airteagal 24 i ngach cás eile.

2. I gcás ina mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha cur chun feidhme ann, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, i rith bliana airgeadais, go n-aistreofaí leithreasaí chuig an teideal 'forálacha'. Déanfaidh an t-údarás buiséid cinneadh maidir leis an aistriú sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 24.

Airteagal 44

Cúlchiste diúltach

Féadfaidh 'cúlchiste diúltach' a mbeidh EUR 200 milliún ar a mhéad ann a bheith i roinn an Choimisiúin den bhuiséad. Féadfaidh idir leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí íocaíochtaí a bheith sa chúlchiste sin; cuirfear isteach i dteideal ar leith é.

Ní mór an cúlchiste sin a úsáid roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 23 agus in Airteagal 25.

Airteagal 45

Cúlchiste le haghaidh cúnaimh éigeandála

1. Áireofar cúlchiste le haghaidh cúnaimh éigeandála do thríú tíortha i roinn an Choimisiúin den bhuiséad.

2. Úsáidfear an cúlchiste dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 24 agus in Airteagal 26.

Airteagal 46

Tíolacadh an bhuiséid

1. Léireofar an méid seo a leanas sa bhuiséad:

(1) sa ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas:

(a) ioncam measta an Aontais don bhliain airgeadais i gceist;

(b) ioncam measta don bhliain airgeadais roimhe sin agus an t-ioncam do bhliain n- 2;

(c) na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais i gceist;

(d) na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais roimhe sin;

(e) an caiteachas a gealladh agus an caiteachas a íocadh i mbliain n- 2,

(f) nótaí tráchta iomchuí maidir le gach foroinn, mar atá leagtha amach in Airteagal 41(1);

(2) sa roinn do gach institiúid, taispeánfar an t-ioncam agus an caiteachas de réir an struchtúir chéanna atá i bpointe (1);

(3) maidir le cúrsaí foirne:

(a) i gcás gach roinne den bhuiséad, plean bunaíochta lena socrófar líon na bpost do gach grád i ngach catagóir agus i ngach seirbhís agus líon na bpost buan agus sealadach arna n-údarú laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséid;

(b) plean bunaíochta don fhoireann arna híoc as na leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch le haghaidh gníomhaíochta dírí agus plean bunaíochta don fhoireann arna híoc as na leithreasaí céanna le haghaidh gníomhaíochta indírí; aicmeofar na pleananna bunaíochta de réir catagóire agus gráid agus déanfar idirdhealú iontu idir poist bhuana agus poist shealadacha, arna n-údarú laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséid;

(c) maidir le foireann eolaíochta agus theicniúil, féadfar an t-aicmiú a bhunú ar ghrúpaí grád, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i ngach buiséad; caithfear líon an phearsanra ardcháilithe theicniúil nó eolaíochta, a dtugtar buntáistí speisialta dóibh faoi fhorálacha sonracha na Rialachán Foirne, a lua sa phlean bunaíochta;

(d) plean bunaíochta lena socrófar líon na bpost de réir gráid agus catagóire do gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 185 ar comhlacht iad a fhaigheann deontas arna mhuirearú ar an mbuiséad. Sna pleananna bunaíochta, taispeánfar líon na bpost a údaraítear don bhliain airgeadais le hais líon na bpost a údaraíodh don bhliain roimhe sin;

(4) maidir le hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí:

(a) sa ráiteas ginearálta ar ioncam, na línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha agus atá ceaptha taifead a choimeád ar aon aisíocaíochtaí a fhaightear ó thairbhithe a mhainnigh i dtosach, rud a raibh cur i ngníomh na ráthaíochta um fheidhmiú mar thoradh air. Beidh iontráil chomharthach (p.m.) ag gabháil leis na línte sin agus beidh nótaí tráchta ábhartha ag gabháil leo;

(b) i roinn an Choimisiúin:

(i) na línte buiséid ina bhfuil ráthaíochtaí um fheidhmíocht an Aontais i leith na n-oibríochtaí i gceist. Beidh iontráil chomharthach (p.m.) ag gabháil leis na línte sin, ar chuntar nár eascair aon mhuirear éifeachtach atá le cumhdach faoi acmhainní cinntitheacha;

(ii) nótaí tráchta ina dtabharfar an tagairt don bhunghníomh agus líon na n-oibríochtaí atá beartaithe, an fad agus an ráthaíocht airgeadais a thug an tAontas i leith na n-oibríochtaí sin;

(c) i ndoiciméad a bheidh i gceangal le roinn an Choimisiúin, mar léiriúchán:

(i) oibríochtaí caipitiúla leanúnacha agus bainistíocht fiach;

(ii) na hoibríochtaí caipitiúla agus an bainistíocht fiach don bhliain airgeadais i gceist;

(5) na línte buiséid faoi ioncam agus faoi chaiteachas is gá leis an gCiste Ráthaíochta chun gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme.

2. De bhreis ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás buiséid aon doiciméid ábhartha eile a chur i gceangal leis an mbuiséad.

Airteagal 47

Rialacha maidir leis an bPlean Bunaíochta don Fhoireann

1. Beidh an plean bunaíochta atá tuairiscithe i bpointe 3 d'Airteagal 46(1) ina theorainn dhosháraithe ag gach institiúid nó comhlacht; ní fhéadfar aon cheapachán a dhéanamh a sháróidh an teorainn arna socrú.

Mar sin féin, féadfaidh gach institiúid nó comhlacht pleananna bunaíochta a mhodhnú suas le 10% ó thaobh líon na bpost arna n-údarú, seachas i gcás ghrád AD16, ghrád AD 15 agus ghrád AD 14, faoi réir dhá choinníoll:

(a) nach ndéanfar difear do líon na leithreasaí foirne a chomhfhreagraíonn do bhliain airgeadais iomlán, agus

(b) nach sárófar an teorainn ar líon iomlán na bpost arna n-údarú le gach plean bunaíochta.

Cuirfidh na hinstitiúidí an t-údarás buiséid ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu trí seachtaine sula ndéanfar na modhnuithe dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás ina ndéanfaidh aon cheann de bhrainsí an údaráis bhuiséid cúiseanna a mbeidh údar cuí tugtha leo a lua, staonfaidh na hinstitiúidí ó na modhnuithe a dhéanamh agus beidh feidhm ag an ngnáthnós imeachta.

2. De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar éifeachtaí na hoibre páirtaimseartha, arna húdarú ag an údarás ceapacháin i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, a chúiteamh trí cheapacháin eile.

TEIDEAL IV

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 48

An buiséad a chur chun feidhme de réir bainistíochta fónta airgeadais

1. Déanfaidh an Coimisiún ioncam agus caiteachas an bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí arna n-údarú.

2. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go n-úsáidfear na leithreasaí i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Airteagal 49

An bunghníomh agus eisceachtaí

1. Glacfar bunghníomh i dtús báire sula bhféadfar na leithreasaí arna n-iontráil sa bhuiséad d'aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais nó an Aontais Eorpaigh a úsáid.

Is éard is bunghníomh ann gníomh dlíthiúil lena soláthraítear bunús dlí don ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh arna iontráil sa bhuiséad.

2. I gcomhthéacs an CFAE agus Conradh Euratom a chur chun feidhme, is éard is bunghníomh ann gníomh arna ghlacadh ag an údarás reachtach; féadfaidh sé a bheith i bhfoirm rialacháin, i bhfoirm treorach, i bhfoirm cinnidh de réir bhrí Airteagal 288 den CFAE nó i bhfoirm cinnidh sui generis .

3. I gcomhthéacs Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála — CBES) a chur i bhfeidhm, féadfaidh bunghníomh a bheith i gceann de na foirmeacha atá sonraithe in Airteagal 13(2) agus (3), in Airteagal 14, in Airteagal 18(5), in Airteagal 23(1) agus (2) agus in Airteagal 24 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

4. I gcomhthéacs Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach (maidir le Comhar Póilíneachta agus Comhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla) a chur i bhfeidhm, féadfaidh bunghníomh a bheith i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

5. Ní bunghníomhartha iad moltaí ná tuairimí de réir bhrí an Airteagail seo; is é an cás céanna é ag rúin, conclúidí, dearbhuithe agus gníomhartha eile nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu.

6. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 4, féadfar an méid seo a leanas a chur chun feidhme d'uireasa bunghnímh ar choinníoll go dtiocfaidh na gníomhaíochtaí a bhfuil siad ceaptha a mhaoiniú faoi réim chumhachtaí an Aontais nó an Aontais Eorpaigh:

(a) na leithreasaí a bhaineann le treoirthionscadail de chineál turgnamhach agus atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar a indéanta agus ar a úsáidí atá an ghníomhaíocht. Ní fhéadfar na leithreasaí ábhartha faoi chomhair oibleagáidí a iontráil sa bhuiséad ach le haghaidh dhá bhliain airgeadais as a chéile ar a mhéad;

(b) leithreasaí le haghaidh beart ullmhúcháin i réimsí cur i bhfeidhm an CFAE agus Chonradh Euratom agus Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna gceapadh chun tograí a ullmhú d'fhonn gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo a ghlacadh. Caithfidh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cur chuige comhchuí a leanúint agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirmeacha éagsúla. Ní fhéadfar na leithreasaí ábhartha faoi chomhair oibleagáidí a iontráil sa bhuiséad ach ar feadh trí bliana airgeadais as a chéile ar a mhéad. Ba cheart an nós imeachta reachtach a thabhairt i gcrích roimh dheireadh an tríú bliain airgeadais. Le linn an nós imeachta reachtaigh, caithfidh gealladh na leithreasaí a bheith ag freagairt do shaintréithe na gníomhaíochta ullmhúcháin a fhad a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna mbeartú, na haidhmeanna arna saothrú agus na tairbhithe. Dá thoradh sin, ní féidir na modhanna arna gcur chun feidhme a bheith chomh líonmhaire céanna leis na modhanna arna mbeartú chun an ghníomhaíocht chinntitheach féin a mhaoiniú.

Agus an dréachtbhuiséad á thíolacadh aige, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil don údarás buiséid ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus beidh measúnú ar na torthaí agus ar na gníomhaíochtaí leantacha atá beartaithe sa tuarascáil sin freisin;

(c) leithreasaí a bhaineann le bearta ullmhúcháin i réimse Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (maidir le CBES). Beidh na bearta sin teoranta do thréimhse ghairid agus ceapfar iad chun na coinníollacha a bhunú faoina ndéanfar gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh d'fhonn cuspóirí an CBES a bhaint amach agus d'fhonn na hionstraimí dlíthiúla is gá a ghlacadh.

Chun críocha oibríochtaí an AE um bainistiú géarchéime, ceaptar bearta ullmhúcháin, inter alia , chun na ceanglais oibríochtúla a mheas, foráil a dhéanamh do mhear-imscaradh tosaigh acmhainní, nó chun dálaí ar an talamh a ullmhú chun an oibríocht a sheoladh.

Comhaontóidh an Chomhairle ar bhearta ullmhúcháin, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún. Chuige sin, cuirfidh an Uachtaránacht in iúl don Choimisiún, a luaithe is féidir agus le cúnamh Ard-Rúnaí na Comhairle nó Ardionadaí an CBES, go bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle beart ullmhúcháin a sheoladh agus cuirfidh sí in iúl freisin, go háirithe na hacmhainní a mheastar a bheidh ag teastáil chun na críche sin. I gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun eisíocaíocht sciobtha na gcistí a áirithiú;

(d) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí aonuaire, nó a bhaineann fiú amháin le gníomhaíochtaí a bhfuil ré éiginnte ag baint leo, arna gcur i gcrích ag an gCoimisiún de bhua cúraimí a eascraíonn óna shainchumais ar an leibhéal institiúideach de bhun an CFAE agus Chonradh Euratom, amach óna cheart maidir le tionscnamh reachtach dá dtagraítear i bpointe (b), agus faoi chumhachtaí sonracha a thugtar dó leis na Conarthaí sin agus a bhfuil liosta díobh sna rialacha cur chun feidhme;

(e) leithreasaí a bhaineann le hoibriú gach institiúide atá faoina neamhspleáchas riarthach.

Airteagal 50

An buiséad arna chur chun feidhme ag institiúidí eile

Tabharfaidh an Coimisiún do na hinstitiúidí eile na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme.

Is i gcomhréir leis an Rialachán seo a fheidhmeoidh gach institiúid na cumhachtaí sin.

Airteagal 51

Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean

Féadfaidh an Coimisiún agus gach ceann de na hinstitiúidí eile, laistigh dá ranna féin, a gcumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos leis an Rialachán seo agus i gcomhréir lena rialacha inmheánacha agus laistigh de na teorainneacha a leagfaidh siad síos in ionstraim an tarmligin. Na daoine sin a chumhachtófar amhlaidh, ní fhéadfaidh siad gníomhú ach laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh go sainráite.

Airteagal 52

Coinbhleachta leasa

1. Gach gníomhaí airgeadais agus gach duine eile a mbeidh baint aige le cur chun feidhme, bainistíocht, iniúchóireacht nó rialú an bhuiséid, cuirfear toirmeasc air aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leasa féin agus leasa an Aontais. Má bhíonn cás den sórt sin ann, ní mór don duine i gceist staonadh ó na gníomhaíochtaí sin agus an t-ábhar a tharchur chuig an údarás inniúil.

2. Bíonn coinbhleacht leasa ann nuair a chuirtear as d'fheidhmiú oibiachtúil, neamhchlaonta fheidhmeanna an ghníomhaí airgeadais nó duine eile, dá dtagraítear i mír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas eile is coiteann dó agus don tairbhí.

CAIBIDIL 2

MODHANNA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 53

Modhanna bainistíochta an bhuiséid ghinearálta

1. Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar na bealaí a leanas:

(1) trína ranna, nó trína ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55;

(2) go hindíreach, faoin gcomhbhainistíocht leis na Ballstáit nó trí cúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram orthu siúd a leanas:

(a) tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí;

(c) institiúidí airgeadais ar cuireadh de chúram orthu na hIonstraimí Airgeadais de bhun Theideal VIb a chur chun feidhme;

(d) an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachta eile de chuid an Bhainc;

(e) comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 185 agus 185a;

(f) comhlachtaí dlí phoiblí nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann an ceann deireanach acu sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

(g) comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil;

(h) daoine ar cuireadh de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán seo.

2. Ballstáit agus eintitis agus daoine atá liostaithe faoi phointe (2) de mhír 1, ní bheidh stádas oifigigh údarúcháin trí tharmligean acu.

3. Ní fhéadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí feidhmiúcháin atá aige faoi na Conarthaí a chur de chúram ar thríú páirtithe má tá go leor lánrogha ó thaobh cinntí polaitiúla a dhéanamh de ag baint leo.

Airteagal 53a

Comhbhainistíocht leis na Ballstáit

1. Urramóidh na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamhidirdhealaithe agus áiritheoidh siad feiceálacht gníomhaíocht an Aontais agus cistí an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad chucu na freagrachtaí a thiocfaidh as sin agus dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Féadfar forálacha comhlántacha a leagan síos i rialacha earnáilsonracha.

2. Déanfaidh na Ballstáit mírialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a chur ina gceart agus cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais á ndéanamh acu. Chun na críche sin, déanfaidh siad rialuithe ex ante agus ex post , lena n-áirítear, nuair is iomchuí, spotseiceálacha, d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí arna maoiniú ón mbuiséad á ndéanamh go héifeachtach agus á gcur chun feidhme mar is ceart, d'fhonn cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus d'fhonn imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá.

Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha athchomhairleacha comhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí mar a fhoráiltear dó i rialacha earnáilsonracha agus sa reachtaíocht náisiúnta.

3. I gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit comhlacht earnála poiblí amháin nó níos mó a chreidiúnú a bheidh freagrach, ina aonar, as ceartbhainistíocht agus rialuithe ar na cistí ar deonaíodh an creidiúnú lena aghaidh. Beidh sé sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na comhlachtaí sin cúraimí a dhéanamh nach mbaineann le bainistíocht ar chistí de chuid an Aontais agus cúraimí áirithe dá gcuid a chur de chúram ar chomhlachtaí eile.

Is údarás de chuid Ballstáit a thabharfaidh an creidiúnú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha agus áiritheofar go bhfuil an comhlacht in ann na cistí a bhainistiú mar is ceart. Féadfar ról an Choimisiúin sa phróiseas creidiúnaithe a shainiú freisin sna rialacha earnáilsonracha.

Beidh an t-údarás creidiúnaithe freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhlacht agus as gach beart is gá a dhéanamh chun aon easpaí oibríochtúla sa chomhlacht sin a leigheas, lena n-áirítear an creidiúnú a tharraingt siar agus a chur ar fíonraí.

4. Déanfaidh comhlachtaí arna gcreidiúnú de bhun mhír 3 den Airteagal seo na nithe seo a leanas:

(a) córas rialaithe inmheánaigh tá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú;

(b) córas cuntasaíochta bliantúla a úsáid a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c) Dul faoi iniúchóireacht sheachtrach neamhspleách, arna déanamh i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta ag seirbhís iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh a fheidhmeanna de ar an gcomhlacht creidiúnaithe;

(d) foilsiú ex post bliantúil faighteoirí cistí de chuid an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 30(3).

(f) cosaint ar shonraí pearsanta a chomhlíonann na prionsabail atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE a áirithiú.

5. Faoin 1 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, soláthróidh na comhlachtaí arna gcreidiúnú de bhun mhír 3 den Airteagal seo na nithe a leanas don Choimisiún:

(a) a gcuntais arna dtarraingt suas i leith an chaiteachais a rinneadh agus na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh á ndéanamh;

(b) achoimre ar thorthaí na n-iniúchóireachtaí agus na rialuithe go léir a rinneadh agus a bhfuil fáil orthu, lena n-áirítear anailís ar laigí córasacha nó athfhillteacha agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe;

(c) dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánach, dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, agus urrumú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

(d) tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta i leith an dearbhaithe urrúis bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo, ar tuairim í a chumhdóidh gach gné den dearbhú.

Más rud é gur chreidiúnaigh Ballstát níos mó ná comhlacht amháin in aghaidh an réimse beartais, déanfaidh sé, faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, tuarascáil sintéise a sholáthar don Choimisiún arb é a bheidh ann léargas ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta, ar gach dearbhú urrúis bhainistíochta, agus na tuairimí neamhspleácha iniúchóireachta ina leith, a ullmhaíodh maidir leis an réimse beartas i dtrácht.

6. Déanfaidh an Coimisiún:

(a) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun cuntais na gcomhlachtaí creidiúnaithe a imréiteach go tráthúil, á áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán cruinn ceart agus go bhfágann siad gur féidir cásanna mírialtachtaí a imréiteach go tráthúil;

(b) eisíocaíochtaí a sháraigh dlí an Aontais a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais.

Is le rialacha earnáilsonracha a rialófar na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis na Ballstáit a chur ar fionraí nó faoina bhféadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean iad a stopadh.

Airteagal 53b

Bainistíocht indíreach i gcomhar le heintitis agus daoine nach Ballstáit iad

1. Eintitis agus daoine ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme buiséid orthu de bhun Airteagal 53(1) pointe (2) (a) go (h), urramóidh siad prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabail na neamhidirdhealaithe agus áiritheoidh siad feiceálacht ghníomhaíocht an Aontais agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu. Agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu, rathóidh siad leibhéal cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo, agus tabharfaidh siad aird iomchuí ar na nithe a leanas:

1. cineál na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh agus na méideanna i gceist;

2. na rioscaí airgeadais i gceist;

3. an leibhéal dearbhaithe a eascraíonn óna gcóras, óna rialacha agus óna nósanna imeachta mar aon leis na bearta a rinne an Coimisiún chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh agus chun tacú leis an gcur chun feidhme sin.

2. Chuige sin, déanfaidh na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1 na nithe a leanas:

(a) córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú;

(b) córas cuntasaíochta bliantúla a úsáid a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c) dul faoi iniúchóireacht sheachtrach neamhspleách, arna déanamh i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, ag seirbhís iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh a feidhmeanna de ar an duine i gceist;

(d) rialacha agus nósanna imeachta iomchuí maidir le maoiniú ó chistí de chuid an Aontais a chur ar fáil trí dheontais, trí sholáthar agus trí ionstraimí airgeadais;

(e) foilsiú ex post bliantúil faighteoirí cistí de chuid an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 30(3);

(f) cosaint réasúnta ar shonraí pearsanta a áirithiú.

Féadfaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe (2)(h) na ceanglais sin a chomhlíonadh de réir a chéile. Glacfaidh siad a rialacha airgeadais le toiliú roimh ré ón gCoimisiún.

3. Déanfaidh na heintitis agus na daoine dá dtagraítear i mír 1 mírialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a chur ina gceart agus cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais á ndéanamh acu. Chun na críche sin, déanfaidh siad rialuithe ex ante agus ex post , lena n-áirítear, nuair is iomchuí, spotseiceálacha, d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí arna maoiniú ón mbuiséad á ndéanamh go héifeachtach agus á gcur chun feidhme mar is ceart, d'fhonn cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus d'fhonn imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá.

4. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis na heintitis agus leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí, go háirithe nuair a bhraitear earráidí sistéamacha a dhéanann iontaofacht chórais rialaithe inmheánaigh an eintitis nó an duine i dtrácht, nó dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, a chur in amhras.

Féadfaidh an t-oifigeach trí tharmligean íocaíochtaí le heintitis nó le daoine den sórt sin a stopadh ina n-iomláine nó i bpáirt chun críche tuilleadh fíoruithe a dhéanamh nuair a chuirtear faisnéis in iúl dó a thugann le fios go bhfuil easpa mhór i bhfeidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh nó a thugann le fios go bhfuil baint ag an gcaiteachas a dheimhnigh an t-eintiteas nó an duine i dtrácht le mírialtacht thromchúiseach agus nár cuireadh an mhírialtacht ina cheart, ar chuntar go mbeidh gá leis an stopadh sin chun damáiste mhór do leasanna airgeadais an Aontais a chosc.

5. Déanfaidh na heintitis agus na daoine dá dtagraítear i mír 1 na nithe a leanas a sholáthar don Choimisiún:

(a) tuarascáil ar chur chun feidhme na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh;

(b) a gcuntais arna dtarraingt suas i leith an chaiteachais a rinneadh agus na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh á ndéanamh;

(c) achoimre ar thorthaí na n-iniúchóireachtaí agus na rialuithe go léir a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar laigí córasacha nó athfhillteacha agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe;

(d) dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

(e) tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta i leith an dearbhaithe urrúis bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, ar tuairim í a chumhdóidh gach gné den dearbhú.

Soláthrófar na heilimintí sin don Choimisiún faoin 1 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin amach ón tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (e). Soláthrófar an tuairim sin faoin 15 Márta ar a dhéanaí.

Beidh na hoibleagáidí sin gan dochar do na forálacha i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Beidh ar áireamh sna forálacha sin, ar a laghad, an ceanglas ar na heintitis sin ráiteas a sholáthar gach bliain don Choimisiún, maidir leis an mbliain airgeadais i dtrácht, gur úsáideadh agus gur cuireadh i gcuntas ranníocaíochtaí an Choimisiúin i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá leagtha síos sa chonradh a tugadh i gcrích leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha nó le tríú tír.

6. Déanfaidh an Coimisiún:

(a) maoirsiú agus meastóireacht ar chur chun feidhme na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh;

(b) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun cuntais na n-eintitis agus na ndaoine a cuireadh cúram orthu a imréiteach go tráthúil, á áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán cruinn ceart agus go bhfágann siad gur féidir cásanna mírialtachtaí a imréiteach go tráthúil;

(c) eisíocaíochtaí a sháraigh na rialacha infheidhme a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais.

7. Ní bheidh feidhm ag mír 5 ná ag mír 6 den Airteagal seo maidir le heintitis agus daoine atá faoi réir nós imeachta um úrscaoileadh ar leith arna dhéanamh ag an údarás buiséid.

Airteagal 53c

Rialuithe ex ante agus comhaontuithe faoin mbainistíocht indíreach

1. Sula gcuirfidh an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme an bhuiséid de chúram ar eintitis nó ar dhaoine atá liostaithe faoi Airteagal 53(1) pointe (2) (a) go (h), gheobhaidh sé faisnéis a léiríonn go bhfuil ceanglais Airteagal 53b(2)(a) go (d) comhlíonta.

Déanfaidh an t-eintiteas nó an duine i dtrácht an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon athruithe substaintiúla ar a gcórais, ar a rialacha nó ar a nósanna imeachta a bhaineann le bainistíocht cistí de chuid an Aontais a cuireadh ar iontaoibh. I gcás ina mbeidh athrú dá leithéid, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an eintiteas nó leis an duine i dtrácht d'fhonn a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 53b(2)(a) go (d).

2. Agus eintiteas á roghnú ó cheann de na catagóirí atá liostaithe in Airteagal 53(1) pointe (2)(b), (c), (f) agus (g), tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chineál na gcúram atá le cur ar iontaoibh mar aon le taithí agus acmhainn oibríochtúil agus airgeadais na n-eintiteas i dtrácht. Is ar fhorais oibiachtúla a thabharfar údarás leis an rogha agus ní fhéadfaidh coinbhleacht leasa teacht as.

3. Sonrófar i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoin mbainistíocht indíreach na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 53b(2)(a) go (d). Saineofar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh agus beidh gealltanas ann ón eintiteas nó ó na daoine i gceist go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 53b(2)(e) agus (f) agus nach ndéanfaidh siad aon ghníomh a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith de thoradh air.

Airteagal 55

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

1. Faoi dhlí an Chomhphobail arna bhunú le Cinneadh ón gCoimisiún, daoine dlítheanacha a bheidh sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhféadfar cumhachtaí a tharmligean chucu chun clár nó tionscadal Comhphobail a chur chun feidhme ina iomláine nó i bpáirt thar ceann an Choimisiúin agus faoina fhreagracht i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin[26].

2. Is é stiúrthóir na gníomhaireachta a chuirfidh chun feidhme na leithreasaí comhfhreagracha oibríochtúla faoi bhainistíocht dhíreach.

Airteagal 57

Teorainneacha le tarmligean cumhachtaí

1. Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme maidir le cistí a thagann as an mbuiséad, lena n-áirítear íocaíocht agus gnóthú, a chur de chúram ar eintitis sheachtracha nó comhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí seachas sa chás dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe (2)(f) agus (g), nó i gcásanna sonracha ina mbeidh na híocaíochtaí i dtrácht le híoc le tairbhithe a chinnfidh an Coimisiún, ina mbeidh siad faoi réir coinníollacha agus méideanna a shocróidh an Coimisiún agus nach mbeidh lánrogha á déanamh ag an eintiteas ná ag an gcomhlacht a dhéanfaidh na híocaíochtaí.

2. Maidir leis na cúraimí a fhéadfar a chur de chúram, trí chonradh, ar eintitis sheachtracha nó ar chomhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí seachas na cinn sin a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, is cúraimí saineolais theicniúil agus cúraimí riaracháin, ullmhúcháin nó coimhdeacha a bheidh iontu nach mbaineann feidhmiú údaráis phoiblí ná úsáid cumhachtaí lánroghnacha leo.

CAIBIDIL 3

GNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

ROINN 1

PRIONSABAL LEITHSCARADH NA n DUALGAS

Airteagal 58

Cúraimí a leithscaradh

Beidh dualgais an oifigigh údarúcháin agus dualgais an oifigigh chuntasaíochta leithscartha agus neamhréititheach lena chéile.

Roinn 2

AN t OIFIGEACH ÚDARÚCHÁIN

Airteagal 59

An t-oifigeach údarúcháin

1. Comhlíonfaidh an institiúid dualgais oifigigh údarúcháin.

1a. Chun críocha an Teidil seo, tagraíonn an téarma 'foireann' do dhaoine arna gcumhdach ag na Rialacha Foirne.

2. Leagfaidh gach institiúid síos ina rialacha riaracháin inmheánacha an fhoireann ag a bhfuil grád iomchuí agus a dtarmligeann sí chuici, i gcomhréir leis na coinníollacha atá ina rialacha nós imeachta, dualgais an oifigigh údarúcháin, raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean agus an fhéidearthacht atá ag na daoine a dtarmligtear na cúraimí sin chucu iad a fho-tharmligean.

3. Chuig an bhfoireann amháin a dhéanfar cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean nó a fho-tharmligean.

4. Maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean, ní fhéadfaidh siad gníomhú ach laistigh de na teorainneacha a shocraítear le hionstraim an tarmligin nó le hionstraim an fho-tharmligin. Agus a chúram á dhéanamh aige, féadfaidh a bheith de chúnamh ag oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean ball foirne amháin nó níos mó ar cuireadh de chúram air, faoi fhreagracht an oifigigh sin, oibríochtaí áirithe a chur i gcrích atá riachtanach chun an buiséad a chur chun feidhme agus chun na cuntais a thíolacadh.

Airteagal 60

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh údarúcháin

1. Beidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach i ngach institiúid as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht.

2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, i gcomhréir le hAirteagal 28a agus leis na híoschaighdeáin arna nglacadh ag gach institiúide agus ag féachaint go cuí do na rioscaí a bhaineann le cúrsaí bainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú, an struchtúr eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh a fheileann do fheidhmiú a dhualgais a chur ar bun. Beidh anailís chuimsitheach riosca ina thacú agus an struchtúr agus na córais sin á mbunú.

2. D'fhonn caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus trí fho-tharmligean gealltanais buiséadacha agus gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh, caiteachas a bhailíochtú, íocaíochtaí a údarú agus réamhchéimeanna chur chun feidhme na leithreasaí a ghlacadh.

3. Is éard a bheidh i gceist le cur chun feidhme ioncaim, meastacháin a tharraingt suas ar na méideanna is infhaighte, teidlíochtaí atá le gnóthú a bhunú agus orduithe gnóthúcháin a eisiúint. Beidh tarscaoileadh teidlíochtaí bunaithe i gceist leis sin nuair is iomchuí.

4. Beidh gach oibríocht faoi réir rialú ex ante ar a laghad, arna bhunú ar dhoiciméid agus ar na torthaí ar rialuithe a rinneadh cheana agus atá le fáil, ar ghnéithe oibríochtúla agus airgeadais na hoibríochta.

Beidh idir thionscnamh agus fhíorú na hoibríochta sna rialuithe ex ante .

I gcás aon idirbhirt ar leith, is baill foirne nach ionann iad agus na baill foirne a thionscain an oibríocht agus nach bhfuil faoi cheannas na mball foirne sin iad na baill foirne a dhéanfaidh an fíorú.

5. Féadfaidh an t-oifigeach trí tharmligean rialuithe ex post a chur ar bun d'fhonn oibríochtaí a formheasadh cheana, tar éis rialuithe ex ante , a fhíorú. Féadfar rialuithe den sórt sin a eagrú ar bhonn sampla de réir riosca.

Is baill foirne nach ionann iad agus na baill foirne atá freagrach as na rialuithe ex post a dhéanfaidh na rialuithe ex ante . Ní bheidh na baill foirne atá freagrach as na rialuithe ex post faoi cheannas na mball foirne atá freagrach as na rialuithe ex ante .

6. Na baill foirne uile a bheidh freagrach as bainistíocht na n-oibríochtaí airgeadais a rialú, ní mór na scileanna gairmiúla is gá a bheith acu. Urramóidh siad cód sonrach maidir le caighdeáin ghairmiúla arna bhunú ag gach institiúid.

7. Aon bhall foirne a bheidh bainteach le hidirbhearta a bhainistiú ó thaobh airgeadais de agus le hidirbhearta a rialú agus a mheasfaidh, maidir le cinneadh a gcuirfidh a oifigeach uachtarach iallach air a chur i bhfeidhm nó aontú leis, nach bhfuil an cinneadh sin ag teacht le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais ná leis na rialacha gairmiúla nó go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin nó ar na rialacha gairmiúla sin, beidh sé de cheanglas air an méid sin a chur in iúl i scríbhinn don oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus, mura ngníomhóidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, beidh sé de cheanglas air é a chur in iúl don phainéal dá dtagraítear in Airteagal 66(4). Má bhíonn aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó aon chalaois nó aon éilliú ann a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Chomhphobail, déanfaidh sé na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.

8. Tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin, i bhfoirm tuarascála gníomhaíochta bliantúla, dá institiúid maidir le comhlíonadh a chuid dualgas agus beidh sa tuarascáil sin faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe agus dearbhú, ach amháin nuair a shonrófar a mhalairt in aon fhorchoimeádas a bhainfidh le réimsí sainiúla ioncaim agus caiteachais, go bhfuil forchinntiú réasúnta aige:

(a) go bhfuil léargas cothrom agus fíor san fhaisnéis atá sa tuarascáil;

(b) gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil chun na críocha ar ceapadh dóibh iad agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

( c) go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart.

Léireofar leis an tuarascáil sin torthaí na n-oibríochtaí faoi threoir na gcuspóirí a leagadh amach, na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, an úsáid a baineadh as na hacmhainní a soláthraíodh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh. Seolfaidh an Coimisiún achoimre ar thuarascálacha bliantúla na bliana roimhe sin chuig an údarás buiséid gach bliain, tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh.

Roinn 3

AN t OIFIGEACH CUNTASAÍOCHTA

Airteagal 61

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh chuntasaíochta

1. Ceapfaidh gach institiúid oifigeach cuntasaíochta a bheidh freagrach, i ngach institiúid, as na nithe seo a leanas:

(a) íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a ghnóthú;

(b) na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal VII;

(c) na cuntais a choimeád i gcomhréir le Teideal VII;

(d) na nósanna imeachta cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le Teideal VII;

(e) na córais cuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, nuair is iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t-oifigeach údarúcháin síos d'fhonn faisnéis cuntasaíochta a sholáthar nó d'fhonn údar a thabhairt léi; cumhachtófar don oifigeach cuntasaíochta a fhíorú tráth ar bith go bhfuil na critéir maidir le bailíochtú á n-urramú;

(f) an cisteán a bhainistiú.

1a. Is é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a bheidh freagrach as na rialacha cuntasaíochta agus cairt chomhchuibhithe na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le Teideal VII.

2. An fhaisnéis go léir is gá d'fhonn cuntais a sholáthar a thabharfaidh léargas ceart ar staid airgeadais na n-institiúidí agus ar chur chun feidhme an bhuiséid, gheobhaidh an t-oifigeach cuntasaíochta í ó na hoifigigh údarúcháin agus tabharfaidh siad ráthaíocht maidir lena hiontaofacht.

2a. Sula nglacfaidh an institiúid nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 185 na cuntais, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta a ainm leo á deimhniú leis sin go bhfuil dearbhú réasúnta aige go bhfuil léargas cothrom agus fíor ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an chomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 185.

Chun na críche sin, beidh an t-oifigeach sásta gur ullmhaíodh na cuntais i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta an Aontais agus gur iontráladh gach ioncam agus caiteachas sna cuntais.

Cuirfidh na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean an fhaisnéis go léir ar aghaidh atá ag teastáil ón oifigeach cuntasaíochta d'fhonn a dhualgais a chomhlíonadh.

Leanfaidh na hoifigigh údarúcháin de bheith lánfhreagrach as ceartúsáid na gcistí a bhainistíonn siad, as dlíthiúlacht agus as rialtacht an chaiteachais faoina rialú, agus as iomláine agus cruinneas na faisnéise a chuirtear ar aghaidh chuig an oifigeach cuntasaíochta.

2b. Cumhachtófar don oifigeach cuntasaíochta an fhaisnéis a gheofar a sheiceáil agus aon seiceálacha eile a dhéanamh a mheasfaidh sé a bheidh riachtanach d'fhonn a ainm a chur leis na cuntais.

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta forchoimeádais, más gá, á míniú go beacht cineál agus raon feidhme na bhforchoimeádas sin.

3. Is don oifigeach cuntasaíochta amháin a chumhachtófar airgead tirim agus coibhéis airgid a bhainistiú, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Is é a bheidh freagrach as iad a choimeád slán.

4. I gcomhthéacs clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar cuntais mhuiníne a oscailt faoi ainm an Choimisiúin nó thar a cheann, ionas go bhféadfaidh eintiteas atá liostaithe sa chéad mhír d'Airteagal 53, pointe 2 (c) agus (d) iad a bhainistiú.

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin atá i bhfeighil chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta agus i gcomhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a osclófar na cuntais sin.

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin a bhainisteofar an cuntas bainc sin.

Airteagal 62

Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean

Agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cúraimí áirithe a tharmligean chuig baill foirne faoina cheannas.

Leagfar síos le hionstraim an tarmligin na cúraimí a chuirfear ar na daoine á dtarmligtear chucu.

Roinn 4

AN RIARTHÓIR ÓINCHISTE

Airteagal 63

Cuntais óinchiste

1. Féadfar cuntais óinchiste a oscailt chun ioncam eile seachas acmhainní dílse a bhailiú agus chun suimeanna beaga a íoc mar atá sainithe sna rialacha cur chun feidhme.

Mar sin féin, féadfar leas a bhaint as cuntais óinchiste, i dtaca le cabhair um bainistiú géarchéime agus i dtaca le hoibríochtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil de réir bhrí Airteagal 110, agus ní chuirfear aon teorainn leis an méid a bheidh i gceist agus urramófar leibhéal na leithreasaí arna gcinneadh ag an údarás buiséid maidir leis an líne chomhfhreagrach buiséid don bhliain reatha airgeadais.

2. Is é oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide a mhaoineoidh na cuntais óinchiste agus is faoi fhreagracht riarthóirí óinchiste arna n-ainmniú ag oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide a chuirfear na cuntais sin.

CAIBIDIL 4

DLITEANAS NA n GNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

ROINN 1

RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 64

Tarmligin a tugadh d'oifigigh údarúcháin a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1. Maidir leis na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean agus trí fho-tharmligean, féadfaidh an t-údarás a cheap na hoifigigh sin an tarmligean sin nó an fo-tharmligean sin a tharraingt siar, tráth ar bith, go sealadach nó go cinntitheach, gan dochar d'aon bheart araíonachta.

2. Maidir leis an oifigeach cuntasaíochta, féadfaidh an t-údarás a cheap an duine sin é a chur ar fionraí, tráth ar bith, go sealadach nó go cinntitheach ó na dualgais atá air nó uirthi, gan dochar d'aon bheart araíonachta.

3. Maidir le riarthóirí óinchiste, féadfaidh an t-údarás a cheap na riarthóirí sin iad a chur ar fionraí, tráth ar bith, go sealadach nó go cinntitheach ó na dualgais atá orthu, gan dochar d'aon bheart araíonachta.

Airteagal 65

Dliteanas an oifigigh údarúcháin maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, nó éilliú

1. Tá forálacha na Caibidle seo gan dochar d'aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d'fhéadfadh na gníomhaithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 64 a thabhú mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh na mBallstát i dtreis ann.

2. Beidh gach oifigeach údarúcháin, gach oifigeach cuntasaíochta agus gach riarthóir óinchiste faoi dhliteanas birt araíonachta agus beidh siad faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne, gan dochar d'Airteagal 66, d'Airteagal 67, ná d'Airteagal 68. I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Chomhphobail, cuirfear an cás faoi bhráid na n-údarás agus na gcomhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme.

Roinn 2

NA RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE h OIFIGIGH ÚDARÚCHÁIN TRÍ THARMLIGEAN AGUS TRÍ FHO-THARMLIGEAN

Airteagal 66

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

1. Beidh an t-oifigeach údarúcháin faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

1a. Maidir leis an oibleagáid cúiteamh a íoc, beidh feidhm aici, go háirithe, sna cásanna seo a leanas:

(a) má chinneann an t-oifigeach údarúcháin, d'aon turas nó trí mhór-fhaillí i dtaca leis féin, na teidlíochtaí atá le gnóthú, nó má eisíonn sé orduithe gnóthúcháin, má thugann sé gealltanas maidir le caiteachas nó má shíníonn sé ordú íocaíochta agus gan an Rialachán seo ná na rialacha cur chun feidhme a chomhlíonadh;

(b) mura dtarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin suas, d'aon turas nó trí mhór-fhaillí i dtaca leis féin, doiciméad lena mbunaítear méid is infhaighte, nó mura n-eiseoidh sé ordú gnóthúcháin nó má tá moill air á eisiúint nó má tá moill air agus ordú íocaíochta á eisiúint aige, rud a fhágfaidh go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne na hinstitiúide.

2. Oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean a mheasfaidh, maidir le cinneadh a bheidh sé de fhreagracht air a dhéanamh, nach bhfuil sé ag teacht le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó a mheasfaidh go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin, cuirfidh sé é sin in iúl i scríbhinn don údarás tarmligin. Má thugann an t-údarás tarmligin treoir réasúnaithe i scríbhinn don oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean an cinneadh sin a dhéanamh ansin, ní fhéadfar dliteanas ar bith a chur ar an oifigeach údarúcháin.

3. I gcás ina ndéanfar fo-tharmligean laistigh dá sheirbhísí, is é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a bheidh freagrach i gcónaí as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras bainistíochta inmheánaí agus na gcóras rialaithe inmheánaigh a chuirfear ar bun agus is é a bheidh freagrach freisin as an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean a roghnú.

4. Cuirfidh gach institiúid sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais ar bun nó beidh siad rannpháirteach i bpainéal comhpháirteach arna bhunú ag roinnt institiúidí. Feidhmeoidh na painéil go neamhspleách ar a chéile agus cinnfidh siad an raibh mírialtacht airgeadais ann agus cé na hiarmhairtí ba cheart a bheith ann más ceart iad a bheith ann in aon chor.

I bhfianaise thuairim an phainéil sin, cinnfidh an institiúid an ndéanfaidh sí imeachtaí a thionscnamh lena ndlífear beart araíonachta nó cúiteamh a íoc. Má aimsíonn an painéal deacrachtaí sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, ina mbeidh moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin agus chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean, ar choinníoll nach é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an té atá i gceist, agus seolfaidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin í.

Roinn 3

NA RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE h OIFIGIGH CUNTASAÍOCHTA AGUS RIARTHÓIRÍ ÓINCHISTE

Airteagal 67

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh cuntasaíochta

Beidh oifigeach cuntasaíochta faoi dhliteanas birt araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar atá leagtha síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Beidh sé faoi dhliteanas go háirithe má ghabhann sé i mbun mí-iompair de na cineálacha seo a leanas:

(a) airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b) cuntais bhainc nó cuntais ghíoró oifige poist a athrú go mícheart;

(c) méideanna nach bhfuil i gcomhréir leis na horduithe gnóthúcháin ná leis na horduithe íocaíochta comhfhreagrach a ghnóthú nó a íoc;

(d) gan ioncam atá dlite a bhailiú.

Airteagal 68

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh óinchiste

Beidh oifigeach óinchiste faoi dhliteanas birt araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar atá leagtha síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Beidh sé faoi dhliteanas go háirithe má ghabhann sé i mbun mí-iompair de na cineálacha seo a leanas:

(a) airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b) gan a bheith in ann na doiciméid is a sholáthar a thacaíonn leis na híocaíochtaí a rinne sé;

(c) íocaíochtaí a dhéanamh le daoine seachas na daoine a bheidh ina dteideal;

(d) gan ioncam atá dlite a bhailiú.

CAIBIDIL 5

OIBRÍOCHTAÍ IONCAIM

ROINN 1

ACMHAINNÍ DÍLSE A CHUR AR FÁIL

Airteagal 69

Acmhainní dílse

Maidir le meastachán ar ioncam a thagann as acmhainní dílse, dá dtagraítear sa Chinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais, déanfar é a iontráil sa bhuiséad in euro. Cuirfear ar fáil é i gcomhréir leis an Rialachán ón gComhairle lena ndéanfar an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

Roinn 2

MÉIDEANNA IS INFHAIGHTE A MHEAS

Airteagal 70

An méid is infhaighte a mheas

1. Nuair atá ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach aon fhaisnéis leordhóthanach iontaofa maidir le beart nó staid a bhféadfadh méid a bheadh dlite don Aontas a theacht as, déanfaidh an t-oifigeach sin meastachán ar an méid is infhaighte i dtús báire.

1(a). Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid is infhaighte a choigeartú a luaithe is eol dó eachtra a bheith ann a athraíonn an beart nó ar an staid arbh é a ghin a tharraingt suas.

Agus ordú gnóthúcháin á bhunú maidir le beart nó staid ar tháinig meastachán ar mhéideanna infhaighte as roimhe sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na méideanna sin a choigeartú dá réir sin.

Nuair a tharraingeofar suas an t-ordú gnóthúcháin don mhéid céanna, laghdófar an meastachán ar mhéideanna is infhaighte go nialas.

2. De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfar aon mheastachán ar an méid is infhaighte sula ndéanfaidh na Ballstáit méideanna na n-acmhainní dílse atá sainithe sa Chinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar méideanna iad a íocann na Ballstáit ag tráthanna réamhshocraithe. Eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú gnóthúcháin i ndáil leis na méideanna sin.

Roinn 3

NA MÉIDEANNA IS INFHAIGHTE A BHUNÚ

Airteagal 71

Na méideanna is infhaighte a bhunú

1. Is éard atá i gceist le méid is infhaighte a bhunú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean an méid seo a leanas:

(a) fíorú sé gurb ann don fhiach;

(b) cinneadh nó fíorú go bhfuil an fiach ann go fírinneach agus cinnfidh sé nó fíoróidh sé méid an fhéich sin.

(c) na coinníollacha faoina bhfuil an fiach dlite a fhíorú.

2. Maidir leis na hacmhainní dílse a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus maidir le haon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, ní mór iad a bhunú le hordú gnóthúcháin chuig an oifigeach cuntasaíochta agus ní mór nóta dochair a chur chuig an bhféichiúnaí ina dhiaidh sin, an dá cheann acu le tarraingt suas ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach.

3. Déanfar méideanna a íocadh trí dhearmad a ghnóthú.

4. Leagfar síos sna rialacha cur chun feidhme na coinníollacha faoina mbeidh ús dlite don Aontas as íocaíocht dhéanach.

Roinn 4

GNÓTHÚ A ÚDARÚ

Airteagal 72

Gnóthú a údarú

1. Is éard atá i gceist le gnóthú a údarú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean atá freagrach treoir a thabhairt don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú gnóthúcháin a eisiúint, méid is infhaighte a bhunaigh sé a ghnóthú.

2. Féadfaidh an institiúid méid a shuíomh go foirmiúil mar mhéid is infhaighte ó dhaoine seachas ó Stáit trí chinneadh a dhéanamh a bheidh infhorfheidhmithe de réir bhrí Airteagal 299 den CFAE.

Roinn 5

GNÓTHÚ

Airteagal 73

Rialacha maidir le gnóthú

1. Rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe gnóthúcháin i ndáil le méideanna is infhaighte arna mbunú go cuí ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh sé a dhícheall mar is iomchuí le háirithiú go bhfaighidh an tAontas an t-ioncam atá ag dul dó agus go gcosnófar a gcearta.

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta méideanna a ghnóthú trína bhfritháireamh i gcoinne éileamh comhionann atá ag an Aontas i ndáil le haon fhéichiúnaí a bhfuil éileamh aige féin ar an Aontas, ar éileamh é atá cinnte, socraithe agus dlite,.

2. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an oifigeach údarúcháin trí tharmligean atá freagrach gnóthú méid is infhaighte arna bhunú a tharscaoileadh nó a tharscaoileadh i bpáirt, áiritheoidh sé go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus go mbeidh sé i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus leis na critéir atá leagtha síos sna rialacha cur chun feidhme. Ní mór bunús a bheith leis an gcinneadh maidir leis an tarscaoileadh. Ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an cinneadh a tharmligean ach mar atá leagtha síos sna rialacha cur chun feidhme.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal ina iomláine nó i bpáirt i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach sna rialacha cur chun feidhme. Ní hionann méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal i bpáirt agus teidlíocht bhunaithe de chuid an Aontais Eorpaigh a tharscaoileadh.

Airteagal 73a

Tréimhse teorann

Gan dochar d'fhorálacha rialachán sonrach ná do chur i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais, beidh teidlíochtaí an Aontais i ndáil le tríú páirtithe agus teidlíochtaí tríú páirtithe i ndáil leis an Aontas faoi réir tréimhse teorann cúig bliana.

Leagfar síos sna rialacha cur chun feidhme an dáta maidir leis an tréimhse teorann a ríomh agus na coinníollacha maidir leis an tréimhse sin a stopadh.

Airteagal 73b

Conas caitheamh le teidlíochtaí de chuid an Aontais sna Ballstáit

Méideanna is infhaighte ag an Aontas, ní chaithfear leo ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le teidlíochtaí ar le comhlachtaí poiblí iad sna Ballstáit ina ndearnadh an nós imeachta um ghnóthú.

Airteagal 74

Fíneálacha, pionóis agus ús fabhraithe arna bhforchur ag an gCoimisiún

Ní dhéanfar méideanna a gheofar trí fhíneálacha, trí phionóis, trí smachtbhannaí ná aon ús fabhraithe a nó aon ioncam eile a gineadh dá mbarr a thaifeadadh mar ioncam buiséid fad a fhéadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí lena bhforchuirtear iad a chur ar ceal.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad mhír a thaifeadadh mar ioncam buiséid ar a dhéanaí sa bhliain tar éis do thriail a bheith bainte as gach beart dlíthiúil, a mhéid nach n-aisíoctar iad leis an eintiteas a d'íoc iad i gcomhréir le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais.

Mar sin féin, féadfar cuid de, nach mó ná 2% de na méideanna iomlána dá dtagraítear sa chéad mhír, a choinneáil siar mar ráthaíocht d'fhonn toradh íosta as na cistí a áirithiú má dhéanann an Chúirt Bhreithiúnas an cinneadh lenar forchuireadh an fhíneáil a chur ar ceal. Dhéanfar an chuid sin a thaifeadadh mar ioncam buiséid sna blianta ina dhiaidh sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le cinntí i dtaobh cuntais a imréiteach ná i dtaobh ceartuithe airgeadais.

CAIBIDIL 6

OIBRÍOCHTAÍ CAITEACHAIS

Airteagal 75

An cinneadh maidir le maoiniú

1. Déanfar gach ítim caiteachais a ghealladh, a bhailíochtú, a údarú agus a íoc.

2. Amach ó leithreasaí a fhéadfar a chur chun feidhme gan bhunghníomh i gcomhréir le hAirteagal 49(6)(e), déanfaidh an institiúid nó na húdaráis ar tharmligean an institiúid cumhachtaí chucu cinneadh maidir le maoiniú sula dtabharfar gealltanas maidir le caiteachas.

Roinn 1

CAITEACHAS A GHEALLADH

Airteagal 76

Cineálacha gealltanas

1. Is éard a bheidh sa ghealltanas buiséadach an oibríocht lena gcoimeádfar an leithreasú is gá d'fhonn íocaíochtaí iardain a chumhdach ionas go gcomhlíonfar gealltanas dlíthiúil.

Is éard a bheidh sa ghealltanas dlíthiúil an gníomh lena rachaidh an t-oifigeach údarúcháin faoi chomhair oibleagáide nó lena mbunóidh sé oibleagáid a mbeidh muirear mar thoradh uirthi.

Is é an t-oifigeach údarúcháin céanna a ghlacfaidh an gealltanas buiséid agus an gealltanas dlíthiúil, ach amháin i gcásanna a mbeidh bunús cuí tugtha leo agus dá bhforáiltear sna rialacha cur chun feidhme.

2. Gealltanas buiséadacha aonair a bheidh i gceist nuair is eol cé an tairbhí agus an méid caiteachas i gceist.

Gealltanas buiséid foriomlán a bheidh i gceist nuair nach eol i gcónaí ceann amháin, ar a laghad, de na heilimintí is gá chun an gealltanas aonair a shainaithint.

Gealltanas buiséid sealadach a bheidh i gceist nuair a bheidh sé beartaithe an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 150 nó an gnáthchaiteachas riaracháin a chumhdach agus nuair nach eol go cinntitheach an méid caiteachais i gceist ná cé na tairbhithe deiridh.

3. Ní fhéadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta ach amháin i gcás ina bhforálfar amhlaidh leis an mbunghníomh nó i gcás caiteachais riaracháin.

Airteagal 77

Rialacha is infheidhme maidir le gealltanais

1. Maidir le haon bheart a bhféadfadh caiteachas inmhuirearaithe ar an mbuiséad teacht as, ní mór don oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanas buiséadach a thabhairt sula rachaidh sé faoi chomhair oibleagáide dlíthiúla le tríú páirtithe nó sula n-aistreoidh sé cistí chuig ciste iontaobhais ar bhonn Airteagal 164.

1(a). An oibleagáid gealltanas buiséid a dhéanamh sula ndéanfar gealltanas dlíthiúil mar a fhoráiltear i mír 1, níl sí infheidhme maidir le gealltanais dlíthiúla arna dtabhairt i gcrích tar éis cás éigeandála a bheith fógartha faoi chuimsiú an Phlean um Leanúnachas Gnó, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhua a neamhspleáchais riaracháin.

2. Faoi réir fhorálacha speisialta Theideal IV de Chuid a Dó, cumhdófar leis na gealltanais fhoriomlána buiséid costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil aonair comhfhreagrach arna dtabhairt i gcrích go dtí an 31 Nollaig de bhliain n + 1.

Faoi réir Airteagal 76(3) agus Airteagal 179(2), déanfar na gealltanais dhlíthiúla aonair a bhaineann le gealltanais aonair buiséadacha nó le gealltanais shealadacha buiséadacha a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig de bhliain n.

I ndeireadh na dtréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, saorfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fuílleach na ngealltanas buiséid nár úsáideadh.

Tar éis gealltanas foriomlán a thabhairt, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid atá i gceist le gach gealltanas dlíthiúil aonair a chlárú sna cuntais bhuiséadacha, sula síneofar iad, agus cuirfear in áirithe é don ghealltanas foriomlán. I gcás oibríochtaí cabhrach daonnúla, oibríochtaí cosanta sibhialta agus cabhrach um bainistiú géarchéime, agus nuair a thugann an phráinn údar leis, féadfar na méideanna a chlárú go díreach tar éis don gealltanais dlíthiúil aonair comhfhreagrach a bheith sínithe.

3. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla agus bhuiséadacha a thabharfar i ndáil le gníomhaíochta ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin iad agus maidir leis na gealltanais buiséid a ghabhann leo, leagfar síos dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, ach amháin i gcás caiteachais foirne, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Aon chodanna de na gealltanais sin nach mbeidh curtha i gcrích sé mhí tar éis an dáta sin, déanfar iad a shaoradh i gcomhréir le hAirteagal 11.

An méid de ghealltanas buiséadacha a chomhfhreagraíonn do ghealltanas dlíthiúil nach ndearnadh aon íocaíocht de réir bhrí Airteagal 81 ina leith i gcaitheamh trí bliana ón dáta a rinneadh an gealltanas dlíthiúil a shíniú, déanfar é a shaoradh; eisceachtaí a bheidh i gcásanna ar ábhar dlíthíochta os comhair cúirteanna breithiúnacha nó comhlachtaí eadránacha iad.

Airteagal 78

Fíoruithe is infheidhme maidir le gealltanais

1. Agus gealltanas buiséadacha á ghlacadh aige, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a) go ndearnadh an caiteachas a mhuirearú ar an ítim cheart sa bhuiséad;

(b) go mbeidh na leithreasaí ar fáil;

(c) go mbeidh an caiteachas ag teacht le forálacha na gConarthaí, le forálacha an bhuiséid, le forálacha an Rialacháin seo, le forálacha na rialacha cur chun feidhme agus le forálacha gach gnímh arna ghlacadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis na rialacháin;

(d) go mbeifear ag cloí le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Maidir leis an deis íocaíochtaí a réamh-mhaoiniú, méid na n-íocaíochtaí sin agus sceideal ginearálta na n-íocaíochtaí, beidh siad i gcomhréir leis an bhfad atá beartaithe, leis an dul chun cinn ó thaobh an chur chun feidhme de agus leis na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an réamh-mhaoiniú sin.

2. Agus gealltanas dlíthiúil á chlárú aige le síniú fisiceach nó leictreonach, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a) go mbeidh an gealltanas cumhdaithe ag an ngealltanas comhfhreagrach buiséid;

(b) go mbeidh an caiteachas rialta agus go mbeidh sé ag teacht le forálacha na gConarthaí, le forálacha an bhuiséid, le forálacha an Rialacháin seo, le forálacha na rialacha cur chun feidhme agus le forálacha gach gnímh arna ghlacadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis na rialacháin;

(c) go n-urramófar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Roinn 2

CAITEACHAS A BHAILÍOCHTÚ

Airteagal 79

Caiteachas a bhailíochtú

Is éard atá i gceist le caiteachas a bhailíochtú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin an méid seo a leanas:

(a) fíorú gurb ann do theidlíocht an chreidiúnaí;

(b) cinneadh nó fíorú gurb ann don éileamh agus méid an éilimh sin a chinneadh nó a fhíorú.

(c) na coinníollacha faoina bhfuil an íocaíocht dlite a fhíorú.

Roinn 3

CAITEACHAS A ÚDARÚ

Airteagal 80

Caiteachas a údarú

Is éard atá i gceist le caiteachas a údarú, an gníomh lena dtugann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú íocaíochta a eisiúint agus tar éis dó a fhíorú go bhfuil na leithreasaí ar fáil, méid caiteachais atá bailíochtaithe aige a íoc.

I gcás ina ndéanfar íocaíochtaí tréimhsiúla maidir le seirbhísí arna soláthar, lena n-áirítear seirbhísí cíosa nó earraí a sheachadadh, agus faoi réir na hanailíse a dhéanfaidh sé ar riosca, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin a ordú go gcuirfí i bhfeidhm córas dochair dhírigh.

Roinn 4

CAITEACHAS A ÍOC

Airteagal 81

Cineálacha íocaíochtaí

1. Déanfar íocaíocht nuair a thabharfar cruthúnas ar aird go bhfuil an ghníomhaíocht ábhartha i gcomhréir le forálacha an bhunghnímh nó le forálacha an chonartha agus cumhdóidh sí ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a) an méid iomlán atá dlite a íoc;

(b) an méid atá dlite a íoc ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(i) réamh-mhaoiniú, rud a fhéadfar a roinnt ina íocaíochtaí tar éis don chomhaontú tarmligin, don chonradh nó don chomhaontú deontais a bheith sínithe, nó tar éis don chinneadh deontais a bheith faighte;

(ii) íocaíocht eatramhach amháin nó níos mó mar chontrapháirt d'fheidhmiú i bpáirt na gníomhaíochta;

(iii) iarmhéid na méideanna atá dlite a íoc nuair atá an ghníomhaíocht curtha i gcrích ina hiomláine.

2. Déanfar idirdhealú sna cuntais bhuiséadacha idir na cineálacha éagsúla íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 tráth a dhéanfar na híocaíochtaí sin.

3. Áireofar leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 133 na rialacha a bhaineann leis an réamh-mhaoiniú sna cuntais a imréiteach agus cáilitheacht na gcostas a aithint.

4. Imréiteoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe go rialta. Chuige sin, áireofar na forálacha iomchuí sna conarthaí, sna cinntí deontais agus sna comhaontuithe agus sna comhaontuithe tarmligin a chuireann na cúraimí cur chun feidhme de chúram ar na heintitis agus ar na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) de phointe (2) den chéad mhír d'Airteagal 53.

5. Caithfear le thráthchodanna eile i bhfoirm cnapshuime agus a íoctar le tairbhithe deontas mar íocaíochtaí eatramhacha.

Airteagal 82

Íocaíocht atá teoranta do na cistí atá ar fáil

Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a íocfaidh an caiteachas, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de theorainn na gcistí atá ar fáil.

Roinn 5

TEORAINNEACHA AMA D'OIBRÍOCHTAÍ CAITEACHAIS

Airteagal 83

Teorainneacha ama do chaiteachas

Ní mór an caiteachas a bhailíochtú, a údarú agus a íoc laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sna rialacha cur chun feidhme, rialacha lena sonraítear freisin na dálaí ina mbeidh creidiúnaithe a íoctar go déanach i dteideal ús mainneachtana a fháil a mhuirearófar ar an líne ónar íocadh an phríomhíocaíocht.

CAIBIDIL 7

CÓRAIS TF

Airteagal 84

Oibríochtaí a bhainistiú go leictreonach

I gcás ina ndéanfar oibríochtaí ioncaim agus caiteachais a bhainistiú le córais ríomhaireachta, féadfar doiciméid a shíniú trí nós imeachta ríomhairithe nó trí nós imeachta leictreonach.

Airteagal 84a

Faoi réir comhaontaithe na n-institiúidí i dtrácht roimh ré, féadfar tarchur doiciméad idir institiúidí a dhéanamh trí mheán leictreonach.

CAIBIDIL 8

INIÚCHÓIR INMHEÁNACH

Airteagal 85

Iniúchóir inmheánach a cheapadh

Bunóidh gach institiúid feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chaithfear a fheidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta. An t-iniúchóir inmheánach arna cheapadh ag an institiúid, tuairisceoidh sé don institiúid sin maidir lena fhíorú go bhfuil córais agus nósanna imeachta maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme á n-oibriú mar is ceart. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir inmheánach a bheith ina oifigeach údarúcháin ná ina oifigeach cuntasaíochta.

Airteagal 86

Cumhachtaí agus cúraimí an iniúchóra inmheánaigh

1. Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach comhairle ar a institiúid maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha a eisiúint i ndáil le caighdeán na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar na dálaí ina gcuirtear oibríochtaí chun feidhme agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

Beidh sé freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá na córais bainistíochta inmheánaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ranna maidir le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir na rioscaí a ghabhann leo;

(b) measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúla agus a éifeachtaí atá na córais rialaithe inmheánaigh agus na córais iniúchóireachta inmheánaí is infheidhme maidir le gach oibríocht lena ndéanfar an buiséad a chur chun feidhme.

2. Comhlíonfaidh an t-iniúchóir inmheánach a dhualgais maidir le gach gníomhaíocht a bhíonn ar bun ag an institiúid agus maidir le gach ceann de ranna na hinstitiúide. Beidh rochtain iomlán gan teorainn aige ar an bhfaisnéis go léir a theastóidh chun go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh agus, más gá, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar an láthair, agus sna Ballstáit agus i dtríú tíortha chomh maith céanna.

Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach aird ar thuarascáil bhliantúil na n-oifigeach údarúcháin agus ar aon fhaisnéis eile a shainaithneofar.

3. Tuairisceoidh an t-iniúchóir inmheánach don institiúid maidir lena chinntí agus maidir lena mholtaí. Áiritheoidh an insitiúid go rachfar i mbun gníomhaíochta bunaithe ar na moltaí a éireoidh as na hiniúchóireachtaí. Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach tuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach faoi bhráid na hinstitiúide freisin ina léireofar líon agus cineál na n-iniúchtóireachtaí inmheánacha a rinneadh, na moltaí a rinneadh agus an ghníomhaíocht a rinneadh i bhfianaise na moltaí sin.

4. Cuirfidh an institiúid tuarascáil ar aghaidh chuig an údarás um urscaoileadh gach bliain ina dtabharfar achoimre ar líon agus ar chineál na n-iniúchóireachtaí inmheánacha a rinneadh agus ar na moltaí a rinneadh agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh i bhfianaise na moltaí sin.

Airteagal 87

Neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh

Leagfaidh an institiúid síos rialacha speisialta a bheidh infheidhme maidir leis an iniúchóir inmheánach sa tslí go dtabharfar ráthaíocht go mbeidh a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige ar bhealach a bheidh iomlán neamhspleách agus sa tslí is go gcinnfear na freagrachtaí a bheidh air.

Más ball foirne é an t-iniúchóir inmheánach, gabhfaidh sé freagracht air féin mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne agus mar atá mionsonraithe sna rialacha cur chun feidhme.

TEIDEAL V

SOLÁTHAR

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN 1

RAON FEIDHME AGUS PRIONSABAIL DÁMHACHTANA

Airteagal 88

Conarthaí poiblí a shainiú

1. Is conarthaí le haghaidh leasa airgid iad conarthaí poiblí, a thugtar i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 104 agus Airteagal 167 ionas go ndéanfar, ar phraghas arna íoc ina iomláine nó i bpáirt as an mbuiséad, sócmhainní sochorraithe nó dochorraithe a chur ar fáil, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a sholáthar.

Is é a bheidh sna conarthaí sin:

(a) conarthaí tógála;

(b) conarthaí soláthair;

(c) conarthaí oibreacha;

(d) conarthaí seirbhíse.

2. Is conarthaí a thugtar i gcrích idir údarás conarthach amháin nó níos mó agus oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó iad conarthaí réime, arb é a gcuspóir na téarmaí a bhunú lena rialaítear conarthaí a bheidh le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, ag féachaint go háirithe do phraghas agus, nuair is iomchuí, don mhéid atá beartaithe. Rialófar na conarthaí leis na forálacha sin den Teideal seo a bhaineann leis an nós imeachta um dhámhachtain, lena n-áirítear fógraíocht.

3. Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais, gan dochar d'Airteagal 93 go hAirteagal 96, nó maidir le conarthaí seirbhíse a tugadh i gcrích leis an gCoimisiún, ar taobh amháin, agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó le haon fhochuideachta eile den Bhanc Eorpach Infheistíochta, ar an taobh eile.

Airteagal 89

Prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí poiblí

1. Na conarthaí poiblí go léir a bheidh á maoiniú ina n-iomláine nó i bpáirt ag an mbuiséad, comhlíonfaidh siad prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

2. Cuirfear na conarthaí soláthair go léir amach ar tairiscint ar an mbonn is leithne is féidir, ach amháin nuair a bheidh úsáid á baint as an nós imeachta idirbheartaíochta dá dtagraítear in Airteagal 91(1)(d).

Ní fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha na conarthaí réime a úsáid go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is éifeacht dó an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

Roinn 2

FOILSIÚ

Airteagal 90

Conarthaí poiblí a fhoilsiú

1. Na conarthaí go léir a sháróidh na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 105 nó in Airteagal 167, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Foilseofar na fógraí conarthaí roimh ré, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 91(2) den Rialachán seo, mar atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme, agus i gcás na conarthaí seirbhíse a chumhdaítear le hIarscríbhinn IIB a ghabhann le Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 i ndáil le comhordú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain[27].

Féadfar gan faisnéis áirithe a fhoilsiú i ndiaidh an conradh a dhámhachtain i gcás ina gcuirfeadh sin isteach ar fheidhmiú an dlí, i gcás ina mbeadh sin in aghaidh an leasa phoiblí nó i gcás ina ndéanfaí díobháil do leasanna dlisteanacha gnó gnóthas poiblí nó gnóthas príobháideach, nó i gcás ina bhféadfaí an iomaíocht chóir eatarthu a shaobhadh.

2. Na conarthaí ar lú a luach ná na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 105 nó in Airteagal 167 agus na conarthaí seirbhíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIB a ghabhann le Treoir 2004/18/CE, foilseofar trí na modhanna iomchuí iad, mar atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme.

Roinn 3

NÓSANNA IMEACHTA UM SHOLÁTHAR

Airteagal 91

Nósanna imeachta um sholáthar

1. Is i gceann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh na nósanna imeachta um sholáthar:

(a) nós imeachta oscailte;

(b) nós imeachta srianta;

(c) comórtais;

(d) nós imeachta hidirbheartaíochta;

(e) idirphlé iomaíoch.

I gcás inar spéis le dhá institiúid nó níos mó, le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin nó níos mó nó le dhá chomhlacht nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 185 agus Airteagal 185a conradh poiblí nó conradh réime, agus aon uair a d'fhéadfaí éifeachtúlacht a mhéadú, féachfaidh na húdaráis chonarthacha i dtrácht leis an nós imeachta um sholáthar a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach.

I gcás inar gá conradh poiblí nó conradh réime chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid agus údarás conarthach ó Bhallstát, féadfaidh an institiúid agus an t-údarás conarthach sin an nós imeachta um sholáthar a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile, mar atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme.

2. I gcás conarthaí inar mó an luach ná na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 105 nó in Airteagal 167, ní údarófar nós imeachta na hidirbheartaíochta a úsáid ach sna cásanna dá bhforáiltear sna rialacha cur chun feidhme.

3. Is sna rialacha cur chun feidhme a chinnfear na tairseacha faoina bhféadfaidh an t-údarás conarthach nós imeachta na hidirbheartaíochta a úsáid, nó, de mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 88(1), faoina bhféadfaidh sé costais a íoc in i gcoinne sonrasc amháin.

4. Saineofar leis na rialacha cur chun feidhme an nós imeachta um sholáthar, dá dtagraítear i mír 1, is infheidhme maidir le conarthaí seirbhísí a chumhdaítear le hIarscríbhinn IIB a ghabhann le Treoir 2004/18/CE agus maidir le conarthaí a dhearbhaítear a bheith rúnda, conarthaí nach mór bearta slándála speisialta bheith ag gabháil lena bhfeidhmíocht, nó nuair a cheanglaítear amhlaidh chun leasanna fíor-riachtanacha an Aontais a chosaint.

Airteagal 92

Ábhar na ndoiciméad tairisceana

Beidh sna doiciméid tairisceana tuairisc iomlán, shoiléir agus bheacht ar ábhar an chonartha agus sonrófar na critéir eisiaimh, na critéir roghnúcháin agus na critéir dámhachtana is infheidhme maidir leis an gconradh.

Airteagal 93

Critéir eisiaimh is infheidhme maidir le rannpháirtíocht sna tairiscintí

1. Eisiafar iarrthóirí nó tairgeoirí ó rannpháirtíocht sna nósanna imeachta um sholáthar sna cásanna seo a leanas:

(a) más féimhigh iad nó má tá siad á bhfoirceannadh, nó má tá a ngnóthaí á riar ag na cúirteanna, má tá socrú déanta acu le creidiúnaithe, má tá gníomhaíochtaí gnó ar fionraí acu, más ábhar d'imeachtaí iad maidir leis na nithe sin, nó má bhaineann aon dáil den chineál sin leo a d'eascair as nós imeachta comhchosúil dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta nó i rialacháin;

(b) má ciontaíodh i gcion iad nó má ciontaíodh i gcion iad siúd a bhfuil cumhachtaí ionadaíocha nó déanta cinntí acu orthu a bhfuil siad faoina rialú, maidir lena n-iompar gairmiúil trí bhreithiúnas údaráis inniúil Ballstáit a bhfuil feidhm res judicata leis;

(c) má fuarthas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach iad a cruthaíodh trí aon mhodh a bhféadfaidh an t-údarás conarthach údar a thabhairt leis, lena n-áirítear cinntí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d) mura gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc nó cánacha a íoc i gcomhréir le forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil siad bunaithe nó i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá i dtír an údaráis chonarthaigh nó i gcomhréir le forálacha dlíthiúla na tíre ina gcomhlíonfar an conradh;

(e) má bhí siad nó siad siúd a bhfuil cumhachtaí ionadaíocha nó déanta cinntí orthu nó a bhfuil siad faoina rialú ina n-ábhar breithiúnais, ar bhreithiúnas é a raibh feidhm res judicata leis maidir le calaois, éiliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, i gcás ina ndéanfaidh a leithéid de ghníomhaíocht neamhdhleathach dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(f) má tá siad faoi réir pionóis riaracháin faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 96(1).

Ní bheidh feidhm ag pointí (a) go (d) i gcás ina gceannaítear soláthairtí ar théarmaí fíorthairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige, ná ó ghlacadóirí nó ó leachtaitheoirí féimheachta, trí shocrú le creidiúnaithe, nó trí nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ná pointe (e) i gcás inar féidir leis na hiarrthóirí nó na tairgeoirí a léiriú gur glacadh bearta leordhóthanacha i gcoinne iad siúd a bhfuil cumhachtaí ionadaíocha nó déanta cinntí orthu nó a bhfuil siad faoina rialú agus atá faoi réir an bhreithiúnais dá dtagraítear i bpointe (b) nó pointe (e).

2. I gcás nós imeachta idirbheartaíochta, más rud é, ar chúiseanna teicniúla nó ealaíona nó ar chúiseanna a bhaineann le cearta eisiacha a chosaint, nach féidir an conradh a dhámhachtain ach ar oibreoir eacnamaíoch ar leith, féadfaidh an institiúid a chinneadh nach n-eisiafar an t-oibreoir eacnamaíoch i gceist ar na forais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), pointe (c) agus pointe (d) má tá sé sin fíor-riachtanach d'fhonn leanúnachas sheirbhís na hinstitiúide a áirithiú. Sa chás seo, luafar na cúiseanna leis an gcinneadh.

3. Deimhneoidh na hiarrthóirí nó na tairgeoirí nach mbaineann aon cheann de na cásanna atá liostaithe i mír 1 leo. Féadfaidh an t-údarás conarthach, áfach, staonadh ó dheimhniú mar sin a éileamh i gcás conarthaí ar luach an-íseal, mar atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme.

Chun críche mír 1 a chur i bhfeidhm i gceart, ní mór don iarrthóir nó don tairgeoir an méid seo a leanas a dhéanamh aon uair a iarrfaidh an t-údarás conarthach é:

(a) más eintiteas dlítheanach é an t-iarrthóir nó an tairgeoir, faisnéis a chur ar fáil faoin úinéireacht nó faoi bhainistíocht, rialú agus cumhacht ionadaíoch an eintitis dhlítheanaigh agus a dheimhniú nach mbaineann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1 leo;

(b) i gcás ina mbeartaítear fochonraitheoireacht a dhéanamh, a dheimhniú nach mbaineann ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1 leis an bhfochonraitheoir.

4. Cinnfear leis na rialacha cur chun feidhme an tréimhse uasta ina ndéanfar iarrthóirí nó tairgeoirí a eisiamh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta um sholáthar ar bhonn na gcásanna dá dtagraítear i mír 1. Ní sháróidh an tréimhse uasta 10 mbliana.

Airteagal 94

Critéir eisiaimh is infheidhme le linn an nós imeachta um sholáthar

Ní dhámhfar conradh ar iarrthóirí nó ar thairgeoirí a mbainfidh an méid seo thíos leo le linn an nós imeachta um sholáthar maidir leis an gconradh seo. Iarrthóirí nó tairgeoirí:

(a) atá faoi réir coinbhleachta leasa;

(b) atá ciontach i mífhaisnéis agus an fhaisnéis a cheanglaíonn an t-údarás conarthach chun a bheith rannpháirteach sa nós imeachta um sholáthar á cur ar fáil, nó nach gcuireann an fhaisnéis sin ar fáil;

(c) a mbaineann ceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 93(1) leo, maidir leis an nós imeachta um sholáthar.

Airteagal 95

Bunachar sonraí lárnach maidir le heisiaimh

1. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach agus oibreoidh sé é, i gcomhréir le rialacha an Chomhphobail maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sonraí na n-iarrthóirí agus na dtairgeoirí lena mbaineann ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 93, 96(1)(b) agus (2)(a) sa bhunachar sonraí. Beidh fáil ag na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 araon air.

2. Údaráis na mBallstát agus na dtríú tíortha mar aon leis na comhlachtaí, seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 54, cuirfidh siad faisnéis faoi iarrthóirí agus faoi thairgeoirí i dtrácht ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 93(1)(e) in iúl don oifigeach údarúcháin inniúil, i gcás ina ndearna iompar an oibreora i dtrácht dochar do leas airgeadais an Aontais. Gheobhaidh an t-oifigeach údarúcháin an fhaisnéis sin agus iarrfaidh sé ar an oifigeach cuntasaíochta í a chur sa bhunachar sonraí.

Beidh teacht ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí agus féadfaidh siad an méid sin a chur san áireamh, mar is iomchuí agus ar a bhfreagracht féin, maidir le conarthaí a dhámhachtain a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid.

3. Beidh rochtain ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ag an gCiste Eorpach Infheistíochta ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí chun críche a gcistí féin a chosaint agus féadfaidh siad an fhaisnéis sin a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí agus ar a bhfreagracht féin, maidir le conarthaí a dhámhachtain i gcomhréir lena rialacha soláthair.

Cuirfidh siad in iúl don Choimisiúin faisnéis faoi iarrthóirí agus faoi thairgeoirí i dtrácht ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 93(1)(c), i gcás ina ndearna iompar na n-oibreoirí i dtrácht dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

4. Leagfar síos sna rialacha cur chun feidhme critéir thrédhearcacha, shoiléire d'fhonn a áirithiú go gcuirfear na critéir eisiaimh i bhfeidhm go comhréireach. Saineoidh an Coimisiún nósanna imeachta caighdeánacha agus sonraíochtaí teicniúla chun an bunachar sonraí a oibriú.

Airteagal 96

Pionóis riaracháin agus airgeadais

1. Féadfaidh an t-údarás conarthach pionóis riaracháin nó airgeadais a fhorchur orthu seo a leanas:

(a) conraitheoirí, iarrthóirí nó tairgeoirí sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 94;

(b) conraitheoirí a dearbhaíodh gur sháraigh siad ar bhealach tromchúiseach a n-oibleagáidí faoi chonarthaí a chumhdaítear leis an mbuiséad.

I ngach cás, áfach, ní mór don údarás conarthach deis a thabhairt don té i dtrácht a bharúlacha a thíolacadh ar dtús.

2. Na pionóis dá dtagraítear i mír 1, beidh siad comhréireach le tábhacht an chonartha agus le tromchúis an mhí-iompair, agus d'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo:

(a) an t-iarrthóir nó an tairgeoir nó an conraitheoir i dtrácht a eisiamh ó na conarthaí agus ó na deontais a mhaoinítear an mbuiséad, ar feadh tréimhse uasta deich mbliana; agus/nó

(b) pionóis airgeadais arna n-íoc ag an iarrthóir nó ag an tairgeoir nó ag an gconraitheoir suas go luach an chonartha i gceist.

3. Féadfaidh an institiúid cinntí nó achoimre ar na cinntí a léiríonn ainm an oibreora eacnamaíoch, tuairisc ghairid ar na fíricí, fad an eisiaimh nó méid na bpionós airgeadais a fhoilsiú.

Airteagal 97

Critéir maidir le conarthaí a dhámhachtain

1. Is ar bhonn na gcritéar dámhachtana is infheidhme maidir le hábhar na tairisceana a dhámhfar conarthaí nuair a bheidh cumas na n-oibreoirí eacnamaíocha nach n-eisiatar faoi Airteagal 93, faoi Airteagal 94, ná faoi Airteagal 96(2)(a) seiceáilte i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin atá sna doiciméid a bhaineann leis an iarratas ar thairiscintí.

2. Is tríd an nós imeachta uathoibríoch um dhámhachtain nó tríd an nós imeachta maidir leis an luach is fearr ar airgead a dhámhfar conarthaí.

Airteagal 98

Tairiscintí a chur isteach

1. Na socruithe maidir le tairiscintí a chur isteach, is de chineál iad lena n-áiritheofar go mbeidh fíor-iomaíocht ann agus go bhfanfaidh ábhair na dtairiscintí rúnda go dtí go ndéanfar iad ar fad a oscailt ag an am céanna.

2. Má mheastar é a bheith iomchuí agus comhréireach, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí, mar a fhoráiltear sna rialacha cur chun feidhme, urrús a thaisceadh roimh ré chun a ráthú nach n-aistarraingeofar na tairiscintí a rinneadh.

3. Seachas na conarthaí ar luach an-íseal dá dtagraítear in Airteagal 91(3), déanfaidh bord um oscailt, a cheapfar chun na críche sin, na hiarratais agus na tairiscintí a oscailt. Diúltófar aon tairiscint nó aon iarratas dhearbhaíonn an bord nach bhfuil na coinníollacha a leagadh síos á gcomhlíonadh acu.

4. Na hiarrataí ar fad a dhéanfar ar rannpháirtíocht nó na tairiscintí ar fad a ndearbhóidh an bord um oscailt na coinníollacha a leagtar síos a bheith á gcomhlíonadh acu, measfar iad ar bhonn na gcritéar a chuirtear ar fáil sna doiciméid a bhaineann leis an iarratas ar thairiscintí, d'fhonn dámhachtain an chonartha a mholadh don údarás conarthach nó d'fhonn ceant leictreonach a dhéanamh.

Airteagal 99

Prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta

Agus an nós imeachta um sholáthar ar siúl, ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh lena n-áiritheofar trédhearcacht agus cóir chomhionann sa teagmháil ar fad idir an t-údarás conarthach agus na hiarrthóirí nó na tairgeoirí. Ní fhéadfaidh leasú ar choinníollacha an chonartha nó ar théarmaí na chéad tairisceana teacht as na conarthaí sin.

Airteagal 100

Cinneadh na dámhachtana

1. Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin cé air a ndámhfar an conradh, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus na critéir dámhachtana a leagadh síos roimh ré sna doiciméid a bhaineann leis an iarratas ar thairiscintí agus leis na rialacha soláthair.

2. Cuirfidh an t-údarás conarthach na forais ar a ndearnadh an cinneadh in iúl do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí ar fad ar diúltaíodh a n-iarratas, agus tabharfar do na tairgeoirí ar fad a chomhlíonann na critéir eisiaimh agus roghnúcháin agus a dhéanann iarratas i scríbhinn, fógra faoi thréithe agus faoi bhuntáistí coibhneasta an tairgeora ar éirigh leis mar aon le hainm an tairgeora ar dámhadh an conradh air.

Ní gá sonraí áirithe a nochtadh, áfach, i gcás ina gcuirfeadh nochtadh bac ar chur i bhfeidhm an dlí, i gcás ina mbeadh sin in aghaidh an leasa phoiblí nó i gcás ina ndéanfaí díobháil do leasanna dlisteanacha gnó gnóthais phoiblí nó gnóthais phríobháideacha nó i gcás ina bhféadfaí iomaíocht chóir idir na gnóthais a shaobhadh.

Airteagal 101

An nós imeachta um sholáthar a chur ar ceal

Féadfaidh an t-údarás conarthach, sula ndéanfar an conradh a shíniú, an soláthar a thréigean nó an nós imeachta um dhámhachtain a chur ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Caithfidh bunús a thabhairt leis an gcinneadh agus caithfear aird na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí a tharraingt air.

Roinn 4

RÁTHAÍOCHTAÍ AGUS RIALÚ

Airteagal 102

Ráthaíochtaí

1. Ceanglóidh an t-údarás conarthach ar chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh roimh ré sna cásanna atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme.

2. Féadfaidh an t-údarás conarthach, má mheasann sé gurb iomchuí agus gur comhréireach é, a cheangal ar chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh d'fhonn:

(a) a áirithiú go gcomhlíonfar an conradh go hiomlán; nó

(b) teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc.

Airteagal 103

Earráidí, mírialtachtaí agus calaois sa nós imeachta

I gcás ina gcruthófar gur raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta um dhámhachtain, déanfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bhearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear an nós imeachta a chur ar ceal.

I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a dhámhachtain, go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta um dhámhachtain nó i gcomhlíonadh an chonartha, féadfaidh an t-údarás conarthach, ag brath ar an staid ag a bhfuil an nós imeachta, staonadh ón gconradh a thabhairt i gcrích nó comhlíonadh an chonartha a chur ar fionraí nó, más iomchuí, deireadh a chur leis an gconradh.

I gcás ina bhféadfar earráidí, mírialtachtaí nó calaois mar sin a chur i leith an chonraitheora, féadfaidh an t-údarás conarthach diúltú na híocaíochtaí a íoc agus, ina theannta sin, méideanna a íocadh cheana a ghnóthú nó féadfaidh sé na conarthaí go léir a tugadh i gcrích leis an gconraitheoir sin a fhoirceannadh, i gcomhréir le tromchúis na n-earráidí, na mírialtachtaí nó na calaoise.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CONARTHAÍ ARNA n DÁMHACHTAIN AG INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS AS A STUAIM FÉIN

Airteagal 104

An t-údarás conarthach

Measfar gur údaráis chonarthacha iad institiúidí an Chomhphobail i gcás conarthaí arna ndámhachtain as a stuaim féin. Tarmligfidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 59, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis chonarthaigh a fheidhmiú.

Airteagal 105

Tairseacha is infheidhme

1. Faoi réir Theideal IV de Chuid a Dó den Rialachán seo, leagtar síos i dTreoir 2004/18/CE na tairseacha lena gcinnfear:

(a) na socruithe maidir le foilsiú dá dtagraítear in Airteagal 90;

(b) an rogha maidir le nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 91(1);

(c) na teorainneacha comhfhreagracha ama.

2. Faoi réir eisceachtaí agus coinníollacha atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme, ní shíneoidh an t-údarás conarthach, i gcás na gconarthaí a chumhdaítear le Treoir 2004/18/CE, an conradh nó an conradh réime leis an tairgeoir a n-éireoidh leis go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite.

Airteagal 106

Rialacha maidir le rannpháirtíocht i dtairiscintí

Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta um thairiscintí oscailte ar choinníollacha comhionanna do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta acu leis an Aontas Eorpach i réimse an tsoláthair phoiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.

Airteagal 107

Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda

I gcás ina mbeidh feidhm ag an gComhaontú Iltaobhach maidir le Soláthair Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Trádála Domhanda, beidh na conarthaí oscailte freisin do náisiúnaigh na Stát a dhaingnigh an comhaontú sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.

TEIDEAL VI

DEONTAIS

CAIBIDIL 1

RAON FEIDHME AGUS FOIRM NA n DEONTAS

Airteagal 108

Raon feidhme na ndeontas

1. Is ranníocaíochtaí díreacha airgeadais ón mbuiséad iad deontais, a dhéantar trí thabhartas, d'fhonn na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a) gníomhaíocht a bheartaítear d'fhonn cuspóir a bhaint amach ar cuid de bheartas de chuid an Aontais Eorpaigh é; nó

(b) feidhmiú comhlachta a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta na hEorpa á saothrú aige nó ag a bhfuil cuspóir ar cuid de bheartas de chuid an Aontais Eorpaigh é (deontais oibriúcháin).

Cumhdófar le comhaontú i scríbhinn iad nó le cinneadh ón gCoimisiún a chuirfear in iúl don iarratasóir a n-éireoidh leis.

2. Ní deontais a bheidh sna nithe seo a leanas de réir bhrí an Teidil seo:

(a) caiteachas ar bhaill agus ar fhoireann na n-institiúidí agus ranníocaíochtaí leis na scoileanna Eorpacha;

(b) conarthaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 88 agus cabhair a íoctar mar chúnamh macra-airgeadais agus mar thacaíocht bhuiséadach;

(c) ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i dTeideal VIb de Chuid a hAon mar aon le scairshealbha nó rannpháirtíochtaí cothromais in institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó sainchomhlachtaí Comhphobail amhail an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(d) ranníocaíochtaí a d'íoc an tAontas mar shíntiús le comhlachtaí a bhfuil sé ina bhall díobh;

(e) caiteachas a cuireadh chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach de réir bhrí Airteagal 53 go hAirteagal 53(c);

(f) ranníocaíochtaí a rinneadh de bhua a mbunghnímh bhunaidh le comhlachtaí a bunaíodh faoi Airteagal 55;

(g) caiteachas a bhaineann le margaidh iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta[28];

(h) aisíocaíocht ar chaiteachas taistil agus ar chaiteachas cothaithe a thabhaigh daoine ar thug na hinstitiúidí cuireadh dóibh nó ar thug na hinstitiúidí sainordú dóibh nó, nuair is iomchuí, aon slánaíochtaí eile a íocadh leis na daoine sin.

(i) duaiseanna a dámhadh ar thoradh comórtais, a bhfuil feidhm ag Teideal VIa de Chuid a hAon ina leith.

3. Féadfaidh gach institiúid deontais a dhámhachtain do ghníomhaíochtaí cumarsáide nuair nach iomchuí, ar chúiseanna ar tugadh údar cuí tugtha leo, úsáid a bhaint as nósanna imeachta um sholáthar poiblí.

Airteagal 108a

Foirmeacha deontas

Féadfaidh na deontais bheith i geann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) aisíocaíocht ar chion sonraithe de na costais incháilithe a tabhaíodh;

(b) cnapshuimeanna;

(bb) scála caighdeánach costas aonaid;

(c) maoiniú ar ráta comhréidh;

(d) meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b), i bpointe (bb) agus i bpointe (c).

CAIBIDIL 2

PRIONSABAIL

Airteagal 109

Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais

1. Beidh deontais faoi réir phrionsabal na trédhearcachta agus faoi réir phrionsabal na córa comhionainne.

2. Ní fhéadfaidh siad a bheidh carnach ná ní fhéadfar iad a dhámhachtain go cúlghabhálach.

3. Ní mór réamh-mhaoiniú a bheith mar chuid de na deontais, gan dochar do na rialacha sonracha atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Dó.

Ní sháróidh na deontais uasteorainn fhoriomlán arna sloinneadh i dtéarmaí dearbhluacha atá bunaithe i bhfianaise na gcostas measta incháilithe.

Ní sháróidh an deontas na costais incháilithe.

3a. Ní fhéadfaidh sé a bheith de chuspóir ná d'éifeacht ag deontais brábús a dhéanamh faoi chuimsiú na gníomhaíochta nó faoi chuimsiú chlár oibre an tairbhí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a) gníomhaíochtaí arb é a gcuspóir cumas airgeadais an tairbhí a neartú nó ioncam a ghiniúint;

(b) staidéar, taighde, nó scoláireachtaí oiliúna a íoctar le daoine nádúrtha;

4. Má bhaineann páirtí polaitiúil ar an leibhéal Eorpach amach barrachas ioncaim a sháraíonn caiteachas i ndeireadh bliana airgeadais a raibh deontas oibriúcháin faighte aige lena linn, féadfar, de mhaolú ar riail an neamhbhrabúis atá leagtha síos i mír 2, cuid den bharrachas sin arb ionann í agus suas le 25 % d'ioncam iomlán na bliana sin a thabhairt anonn go dtí an bhliain ina dhiaidh sin ar choinníoll go n-úsáidfear roimh dheireadh na chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin í.

Chun comhlíonadh na rialach neamhbhrabúis a fhíorú, ní chuirfear san áireamh acmhainní an pháirtí pholaitiúil ar an leibhéal Eorpach, go háirithe tabhartais agus táillí comhaltais, arna gcomhiomlánú in oibríochtaí bliantúla an pháirtí pholaitiúil ar an leibhéal Eorpach, a sháraíonn 15 % de na costais incháilithe atá le híoc ag an tairbhí.

Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír má sháraíonn cúlchistí airgeadais páirtí pholaitiúil ar an leibhéal Eorpach 100% de mheánioncam bliantúil an pháirtí pholaitiúil sin.

5. Maidir le cnapshuimeanna, scála caighdeánach costas aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh, beidh na rialacha neamhbhrabúis agus cómhaoinithe atá leagtha síos i mír 3 agus mír 3a áirithithe go réasúnta am a gcinnidh nó ag an gcéim ag a dhéantar meastóireacht ar an iarratas ar dheontas.

6. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 114, Airteagal 115 agus Airteagal 116 maidir le deontais a dhamhtar ar an mBanc Eorpach Infheistíochta, ar an gCiste Eorpach Infheistíochta nó ar fhochuideachta ar bith eile de chuid an Bhainc.

Airteagal 110

Trédhearcacht

1. Beidh deontais faoi réir chlár oibre a fhoilseofar ag tús na bliana.

Cuirfear an clár oibre chun feidhme trí iarratais ar thograí a fhoilsiú, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bunús cuí tugtha leo nó mura bhfuil an dara rogha ann maidir le gníomhaíocht faoi leith mar gheall ar shaintréithe an tairbhí nó na gníomhaíochta, nó i gcás ina n-aithneofar an tairbhí sa bhunghníomh mar dhuine a fhaigheann deontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair um bainistiú géarchéime, oibríochtaí cosanta sibhialta agus oibríochtaí cabhrach daonnúla.

2. Foilseofar gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 30(3) agus le hAirteagal 30(4), na deontais go léir a dámhadh le linn na bliana airgeadais .

Airteagal 111

Prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí

I gcás gach gníomhaíochta, ní dhámhfar ach aon deontas amháin ón mbuiséad ar aon tairbhí amháin, seachas i gcás ina n-údarófar a mhalairt leis na bungníomhartha ábhartha.

Ní fhéadfar ach aon deontas oibriúcháin amháin a dhámhachtain ón mbuiséad ar thairbhí in aghaidh na bliana airgeadais.

Cuirfidh an t-iarratasóir na hoifigigh údarúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon iarratas iolrach agus aon deontas iolrach a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó leis an gclár oibre céanna.

Ní mhaoineofar leis an mbuiséad na costais chéanna faoi dhó i gcás ar bith.

Airteagal 112

Dámhachtain aisghníomhach

1. Ní fhéadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht a cuireadh ar bun cheana ach i gcás ina bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula ndámhfar an deontas.

Sna cásanna sin, ní fhéadfar na costais atá incháilithe do mhaoiniú a bheith tabhaithe roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar an deontas, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bunús cuí tugtha leo de réir mar a fhoráiltear sa bhunghníomh nó i gcás fíorphráinne a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime nó maidir le hoibríochtaí cosanta sibhialta nó cabhrach daonnúla.

Ní fhéadfar aon deontas a dhámhachtain go cúlghabhálach do ghníomhaíochtaí a tugadh i gcrích cheana.

2. Dámhfar deontas oibriúcháin laistigh de shé mhí ón dáta ar a dtosóidh bliain bhuiséadach an tairbhí. Ní fhéadfar na costais is incháilithe do mhaoiniú a thabhú sula ndéanfar an t-iarratas ar dheontas ná sula gcuirfear tús le bliain bhuiséadach an tairbhí.

Airteagal 113

Prionsabal na dámhachtana céimlaghadaithí

Mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh nó sa chinneadh airgeadais maidir le deontais a dhamhtar faoi Airteagal 49(6) pointe (d) maidir le comhlachtaí a bhfuil cuspóir a mbaineann le leas ginearálta na hEorpa á shaothrú acu, nuair a athnuafar deontais oibriúcháin le haghaidh tréimhse níos faide ná ceithre bliana, laghdófar iad de réir a chéile tar éis an cheathrú bliain.

CAIBIDIL 3

NÓS IMEACHTA UM DHÁMHACHTAIN

Airteagal 114

Iarratais ar dheontais

1. Déanfar na hiarratais ar dheontais a chur isteach i scríbhinn.

2. Glacfar le hiarratais ar dheontais má dhéanann na daoine seo a leanas iad a chur isteach:

(a) daoine dlítheanacha; féadfaidh iarratais ar dheontais a bheith incháilithe má dhéanann eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme iad a chur isteach, ar choinníoll go mbeidh an cumas ag a n-ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh orthu féin thar ceann an eintitis agus má ráthaítear go dtabharfar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais atá coibhéiseach leis an gcosaint a thairgeann daoine dlítheanacha;

(b) daoine nádúrtha a mhéid a éilíonn cineál nó tréithe na gníomhaíochta nó an chuspóra atá á shaothrú ag an iarratasóir sin.

3. Beidh feidhm ag Airteagal 93 agus ag Airteagal 96, de réir analaí, maidir le hiarratasóirí ar dheontais.

Ní mór d'iarratasóirí a dheimhniú nach mbaineann ceann de na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír leo. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin, áfach, staonadh ó dheimhniú mar sin a éileamh mar atá sonraithe sna rialacha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a) deontais ar luach an-íseal, nó;

(b) i gcás ina bhfuil deimhniú mar sin curtha ar fáil i nós imeachta um dhámhachtain eile, nó;

(c) nuair atá sé dodhéanta deimhniú mar sin a chur ar fáil.

4. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin pionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar iarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 96.

Féadfar na pionóis sin a fhorchur freisin ar thairbhithe a rinne dearbhuithe bréagacha agus an fhaisnéis a theastaigh ón oifigeach údarúcháin á soláthar nó nár sholáthar an fhaisnéis sin tráth a raibh an t-iarratas á chur isteach nó nuair a bhí an deontas á chur chun feidhme.

Airteagal 115

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

1. Beidh na critéir roghnúcháin de chineál gur féidir measúnú a dhéanamh ar chumas an iarratasóra an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a thabhairt i gcrích.

2. Beidh na critéir dámhachtana a fhógrófar san iarratas ar thograí den chineál gur féidir measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na dtograí a chuirfear isteach i bhfianaise na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a leagfar síos.

Airteagal 116

An nós imeachta meastóireachta

1. Déanfar na tograí a mheas, ar bhonn na gcritéar roghnúcháin agus na gcritéar dámhachtana a réamhfhógraíodh, d'fhonn na tograí a fhéadfar a mhaoiniú a chinneadh.

2. Ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach suas, ar bhonn an mheasúnaithe dá bhforáiltear i mír 1, liosta de na tairbhithe agus de na méideanna atá formheasta.

3. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n-iarratas in iúl do na hiarratasóirí i scríbhinn. Mura ndámhfar an deontas ar a ndearnadh iarratas, cuirfidh an institiúid na cúiseanna ar diúltaíodh an t-iarratas in iúl, faoi threoir na gcritéar roghnúcháin agus na gcritéar dámhachtana a fógraíodh cheana.

CAIBIDIL 4

ÍOCAÍOCHT AGUS RIALÚ

Airteagal 118

Ráthaíocht réamh-mhaoinithe

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, más mheasann sé é a bheith iomchuí agus comhréireach, a cheangal ar an tairbhí ráthaíocht a thaisceadh roimh ré chun teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc.

Airteagal 119

Deontais agus rialuithe a íoc

1. Ní shocrófar méid an deontais go dtí go nglacfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach leis na tuarascálacha deiridh agus leis na cuntais deiridh, gan dochar do sheiceálacha a dhéanfaidh an institiúid ina dhiaidh sin.

2. I gcás earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois le linn an nós imeachta um dhámhachtain nó le linn chur chun feidhme an deontais, agus tar éis an deis a bheith tugtha don tairbhí a chuid barúlacha a thabhairt, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 103 a chur i bhfeidhm.

3. I gcás ina léiríonn rialuithe nó iniúchóireachtaí go bhfuil earráidí ann arís agus arís eile i gcás tairbhí amháin, earráidí a mbeidh tionchar acu freisin ar thionscadail neamh-iniúchta ina bhfuil an tairbhí sin rannpháirteach nó ina raibh sé rannpháirteach, féadfaidh an t–oifigeach údarúcháin na torthaí a leathnú chun na tionscadail neamh-iniúchta sin a áireamh, tionscadail a fhéadfar a iniúchadh fós i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais, agus aisíocaíocht an mhéid ghaolmhair a iarraidh.

Féadfaidh an tairbhí, laistigh de nós imeachta sáraíochta, agóid a dhéanamh i gcoinne an ceartúchán a cuireadh i bhfeidhm ag léiriú go raibh botún i ríomh na gceartúchán, agus ag cur isteach ríomh nua.

CAIBIDIL 5

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 120

Fochonraitheoireacht agus athdháileadh deontais

1. I gcás ina gceanglófar ar an tairbhí conarthaí soláthair a dhámhachtain chun an ghníomhaíocht, nó an clár oibre i gcás deontais oibriúcháin, a chur chun feidhme, is mar atá leagtha amach sna rialacha cur chun feidhme a bheidh na nósanna imeachta ábhartha.

2. I gcás ina gceanglófar tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtithe chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre a chur chun feidhme, féadfaidh tairbhí deontais Chomhphobail an tacaíocht airgeadais sin a thabhairt ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) go bhfíreoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, sula ndeonófar an deontas, go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtairiscint ag an tairbhí maidir leis na méideanna atá dlite don Choimisiún a ghnóthú;

(b) go saineofar go cruinn na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht sin sa chinneadh deontais nó sa chomhaontú idir an tairbhí agus an Coimisiún, ionas nach bhféadfaidh an tairbhí lánrogha a dhéanamh;

(c) gur méideanna beaga iad na méideanna i gceist, mar atá sannta sna Rialacha Cur Chun Feidhme.

3. Forálfar go sainráite i ngach cinneadh deontais nó le gach comhaontú go bhfeidhmeoidh an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí rialaithe ar dhoiciméid agus ag an áitreabh agus ar fhaisnéis, fiú amháin faisnéis atá stóráilte ar mheán leictreonach, i ndáil le gach tríú páirtí a fuair cistí de chuid an Aontais.

TEIDEAL VIa

DUAISEANNA

Airteagal 120a

Sainmhíniú

Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn 'duaiseanna' ranníocaíochtaí airgeadais a dhámhtar tar éis comórtas.

Airteagal 120a-i

Rialacha Ginearálta

1. Beidh na duaiseanna faoi réir phrionsabal na trédhearcachta agus faoi réir phrionsabal na córa comhionainne.

2. Beidh na duaiseanna mar chuid den chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 a ghlac an Coimisiún. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 110(2).

Bunófar le rialacha an chomórtais, ar a laghad, coinníollacha na dámhachtana, na critéir, luach na duaise agus módúlacht na híocaíochta.

Ní fhéadfar duaiseanna a dhámhachtain go díreach gan chomórtas agus beidh siad faoi réir foilsithe faoi mar atá iarratas ar thograí.

3. Dámhfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, nó giúiré, na duaiseanna. Fúthu a bheidh sé a chinneadh cibé a dhámhfar nó nach ndámhfar duaiseanna ag brath ar a meastachán ar chaighdeán na n-iontrálacha faoi threoir rialacha an chomórtais.

4. Ní bheidh nasc idir luach na duaise agus na costais a thabhóidh an faighteoir.

5. I gcás duaiseanna a bhfuil luach níos mó ná 500,000 Euro orthu agus a dhámhann tairbhí deontais nó conraitheoir, déanfaidh an Coimisiún coinníollacha agus critéir na dámhachtana a fhormheas.

TEIDEAL VIb

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 120b

Sainiú agus raon feidhme

1. Chun críche an Rialacháin seo, ciallóidh 'ionstraimí airgeadais' bearta an AE maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthraítear ó bhuiséad an Aontais d'fhonn aghaidh a thabhairt ar chuspóir sonrach beartais trí iasachtaí, ráthaíochtaí, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasai-chothromais, nó ionstraimí eile lena n-iompraítear riosca, agus féadfaidh an méid sin a sholáthar i dteannta deontas

2. Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo maidir le heilimintí atá gaolmhar go díreach le hionstraimí airgeadais, lena n-áirítear cúnamh teicniúil.

3. Féadfaidh an Coimisiún ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme sa mhodh díreach bainistíochta, nó sa mhodh indíreach bainistíochta, trí chúraimí a chur de chúram ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe 2(c) agus (d).

Airteagal 120c

Prionsabail is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais

1. Cuirfear ionstraimí airgeadais ar fáil d'fhaighteoirí deiridh chistí de chuid an Aontais i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais, trédhearcacht agus cóir chomhionann agus i gcomhréir leis na cuspóirí a bhunaítear sa bhunghníomh a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.

2. Gan dochar do phointe 4 agus do phointe 5 d'Airteagal 46(1), coinneofar an caiteachas buiséadach atá nasctha le hionstraim airgeadais laistigh den ghealltanas buiséadach ábhartha a dhéantar ina leith.

3. Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais atá bainteach le feidhmiú oibríochtaí airgeadais faoi ionstraim airgeadais, na caighdeáin ábhartha maidir le sciúradh airgid a chosc agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta. Ní bhunófar iad i gcríocha nach gcomhoibríonn a ndlínsí leis an Aontas maidir le cur i bhfeidhm caighdeán cánach atá comhaontaithe ar leibhéal idirnáisiúnta.

4. Forálfar go sainráite le gach cinneadh idir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe 2(c) agus (d) agus idirghabhálaí airgeadais dá dtagraítear i mír 3, go bhfeidhmeoidh an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí rialaithe, ar dhoiciméid agus ag an áitreabh agus ar fhaisnéis, fiú amháin faisnéis atá stóráilte ar mheán leictreonach, i ndáil le gach tríú páirtí a fuair cistí de chuid an Aontais.

TEIDEAL VII

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

CAIBIDIL 1

NA CUNTAIS A THÍOLACADH

Airteagal 121

Struchtúr chuntais an Chomhphobail

Is éard a bheidh sna cuntais Chomhphobail:

(a) na ráitis airgeadais chomhdhlúite ina dtíolactar i bhfoirm chomhiomlánaithe an fhaisnéis airgeadais atá i ráitis airgeadais na n-institiúidí arna maoiniú ag buiséad an Aontais, agus ráitis airgeadais na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 agus na gcomhlachtaí eile nach mór a gcuntas a chomhdhlúthú i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais;

(b) na cuntais bhuiséadacha chomhiomlánaithe a thíolacann an fhaisnéis atá i gcuntais bhuiséadacha na n-institiúidí arna maoiniú ag buiséad an Aontais;

Airteagal 122

Tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus bainistíocht airgeadais

1. Ullmhóidh gach institiúid agus comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 121 tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais.

Cuirfidh siad an tuarascáil faoi bhráid an údaráis bhuiséid agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2. Tabharfar cuntas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, ar ráta chur chun feidhme na leithreasaí mar aon le faisnéis achomair ar aistrithe leithreasaí i measc na n-ítimí éagsúla den bhuiséad.

Airteagal 123

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

Comhlíonfaidh na ráitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 121 rialacha cuntasaíochta an Aontais arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, agus tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar shócmhainní agus dliteanais, muirir, ioncam agus sreabhadh airgid.

Comhlíonfaidh na cuntais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 121 na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha amach sa Rialachán seo. Tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar an ioncam buiséadach agus ar oibríochtaí caiteachais.

Airteagal 124

Prionsabail chuntasaíochta

Tíolacfaidh na ráitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 121 faisnéis, lena n-áirítear beartais chuntasaíochta, ar bhealach a sholáthróidh faisnéis ábhartha, fhónta, inchomparáideach agus intuigthe. Tarraingeofar suas iad i gcomhréir leis na prionsabail cuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta agus atá leagtha amach i rialacha cuntasaíochta an Aontais.

Airteagal 125

Airteagal 126

Ráitis airgeadais

1. Tíolacfar na ráitis airgeadais ina milliúin euro agus is éard a bheidh iontu:

(a) an clár comhardaithe agus an ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, a chuimsíonn na sócmhainní agus na dliteanais agus an staid airgeadais agus an toradh eacnamaíoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin; tíolacfar iad i gcomhréir leis na rialacha ábhartha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin.

(b) an ráiteas sreafa airgid ina léirítear na méideanna a bailíodh agus na méideanna a eisíocadh i rith na bliana agus staid deiridh an chisteáin;

(c) an ráiteas maidir leis na hathruithe ar shócmhainní glana ina dtabharfar léargas ar na gluaiseachtaí i rith na bliana i ndáil le cúlchistí agus torthaí carntha.

2. Beidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais ina bhforlíonadh agus ina dtrácht ar an bhfaisnéis a thíolacfar sna ráitis dá dtagraítear i mír 1 agus soláthrófar iontu an fhaisnéis bhreise ar fad arna forordú ag na rialacha ábhartha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin.

Airteagal 127

Tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid

Tíolacfar na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid ina milliúin euro. Is éard a bheidh sna tuarascálacha sin:

(a) na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid, ina gcomhiomlánófar na hoibríochtaí buiséadacha ar fad don bhliain i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais;

(b) na nótaí a ghabhann leis na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid, ina gcuirfear leis an bhfaisnéis a bheidh sa chuntas sin agus ina ndéanfar trácht uirthi.

Beidh an struchtúr ina dtíolacfar na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid mar an gcéanna le struchtúr an bhuiséid féin.

Airteagal 128

Cuntais shealadacha

Déanfaidh oifigigh cuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121 a gcuntais shealadacha a sheoladh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin.

Déanfaidh oifigigh cuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121 beart tuarascála a sheoladh freisin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe, mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críche comhdhlúthaithe, faoin 1 Márta ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin.

Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin na cuntais shealadacha sin le cuntais shealadacha an Choimisiúin agus seolfaidh sé cuntais shealadacha an Choimisiúin agus cuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 129

Na cuntais chomhdhlúite deiridh a fhormheas

1. Tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí a barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha institiúidí eile agus gach comhlachta dá dtagraítear in Airteagal 121 faoin 1 Meitheamh ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sí a barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha an Choimisiúin agus ar chuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí.

2. Déanfaidh na hinstitiúidí, seachas an Coimisiún, agus gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 121, a gcuntais deiridh a tharraingt suas agus seolfaidh siad iad chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 1 Iúil ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin d'fhonn na cuntais chomhdhlúite deiridh a tharraingt suas.

Déanfaidh oifigigh cuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121 beart tuarascála a sheoladh freisin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe, mar atá leagtha amach ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críche comhdhlúthaithe, faoin 1 Iúil ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin.

2a. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta gach institiúide agus comhlachta dá dtagraítear in Airteagal 121 litir ionadaíochta ag cumhdach na gcuntas deiridh sin a sheoladh chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus seolfaidh sé cóip chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, an dáta céanna a tharchuirfidh sé a chuntais deiridh.

Beidh nóta arna bhunú ag an oifigeach cuntasaíochta ag gabháil leis na cuntais deiridh, ina ndearbhóidh sé gur ullmhaíodh iad i gcomhréir leis an Teideal seo agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta is infheidhme.

2b. Ullmhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin na cuntais chomhdhlúite deiridh ar bhonn na faisnéise a thíolacfaidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121, mír 2. Beidh nóta arna bhunú ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ag gabháil leis na cuntais chomhdhlúite deiridh, ina ndearbhóidh sé gur ullmhaíodh iad i gcomhréir le Teideal VII agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

3. Tar éis dó na cuntais chomhdhlúite deiridh agus a chuntais deiridh féin a fhormheas, seolfaidh an Coimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí iad roimh an 31 Iúil den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Faoin dáta céanna, ba cheart d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin litir ionadaíochta a tharchur chuig an gCúirt Iniúchóirí a chumhdaíonn na cuntais chomhdhlúite deiridh.

4. Foilseofar na cuntais chomhdhlúite deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ráiteas urrúis arna thabhairt ag an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le hAirteagal 287 den CFAE agus le hAirteagal 160c de Chonradh Euratom faoin 15 Samhain den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL 2

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN m BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal 130

Tuarascáil ar na ráthaíochtaí agus ar na rioscaí buiséadacha

I dteannta na ráiteas dá bhforáiltear in Airteagal 126 agus in Airteagal 127, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle uair amháin sa bhliain maidir le ráthaíochtaí buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 46(4) agus na rioscaí comhfhreagracha.

Seolfar an fhaisnéis sin chuig an gCúirt Iniúchóirí ag an am céanna.

Airteagal 131

Tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid

1. Le cois na ráiteas dá bhforáiltear in Airteagal 126 agus in Airteagal 127, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin figiúirí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, uair sa mhí, ar figiúirí iad a chomhiomlánófar ag leibhéal na caibidle ar a laghad, agus a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, i ndáil le caiteachas agus ioncam araon i gcoinne na leithreasaí ar fad.

Tabharfar sonraí sna figiúirí sin freisin ar úsáid na leithreasaí a thugtar anonn.

Seolfar na figiúirí laistigh de 10 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa.

2. Trí huaire in aghaidh na bliana, laistigh de na 30 lá oibre tar éis an 31 Bealtaine, an 31 Lúnasa, agus an 31 Nollaig, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid, lena gcumhdófar ioncam agus caiteachas araon arna miondealú de réir caibidle, airteagail agus míre, a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Tabharfar sonraí sa tuarascáil sin ar úsáid na leithreasaí a tugadh anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin.

3. Seolfar na figiúirí agus an tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid chuig an gCúirt Iniúchóirí ag an am céanna.

CAIBIDIL 3

CUNTASAÍOCHT

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 132

An córas cuntasaíochta

1. Is é córas cuntasaíochta na hinstitiúide an córas lena n-eagraítear an fhaisnéis bhuiséadach agus airgeadais sa chaoi is gur féidir figiúirí a ionchur, a chomhdú agus a chlárú.

2. Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséadacha a bheidh sna cuntais. Coimeádfar na cuntais sin in euro ar bhonn na bliana féilire.

3. D'ainneoin mhír 2, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntais anailíseacha a choinneáil.

Airteagal 133

Foráil choiteann do chóras cuntasaíochta na n-institiúidí

1. Glacfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, tar éis dó dul i gcomhairle le hoifigigh cuntasaíochta na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121, na rialacha cuntasaíochta agus cairt chomhchuibhithe na gcuntas a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí go léir atá á maoiniú ag buiséad an Aontais, ag na hoifigí dá dtagraítear i dTeideal V de Chuid a Dó agus ag na comhlachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 121.

2. Agus na rialacha agus na modhanna dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh aige, beidh na caighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta mar threoir ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ach féadfaidh sé imeacht uathu i gcás ina ndlífear sin de bharr chineál sonrach ghníomhaíochtaí an Aontais.

Roinn 2

CUNTAIS GHINEARÁLTA

Airteagal 134

Na cuntais ghinearálta

Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord croineolaíoch ag baint úsáide as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 121.

Airteagal 135

Iontrálacha sna cuntais

1. Déanfar gluaiseachtaí sna cuntais agus sna hiarmhéideanna a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.

2. Beidh gach iontráil chuntasaíochta, lena n-áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh siad dóibh.

3. Ní mór córas cuntasaíochta a bheith ann a fhágann rian le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.

Airteagal 136

Coigeartuithe cuntasaíochta

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis dhúnadh na bliana buiséadaí, agus suas go dtí an dáta ar a dtíolacfar na cuntais, aon choigeartuithe is gá, nach mbainfidh le heisíoc nó le bailiú i dtaca leis an mbliain sin, d'fhonn léargas fíorcheart a thabhairt ar na cuntais ar bhealach a chomhlíonann rialacha cuntasaíochta an Aontais.

Roinn 3

CUNTAIS BHUISÉADACHA

Airteagal 137

Cuntais bhuiséadacha

1. Cuireann na cuntais bhuiséadacha taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid.

2. Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, taifeadfar sna cuntais bhuiséadacha gach oibríocht ioncaim agus caiteachais bhuiséadaigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Chuid a hAon.

CAIBIDIL 4

FARDAIL MAOINE

Airteagal 138

An fardal

1. Coinneoidh gach institiúid agus gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 121 fardail lena léirítear méid agus luach shócmhainní inláimhsithe, neamh-inláimhsithe agus airgeadais uile an Aontais i gcomhréir le heiseamláir a tharraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas.

Seiceálfaidh gach institiúid agus gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 121 go gcomhfhreagaíonn na hiontrálacha san fhardal don fhíorstaid.

2. Déanfar fógraíocht chuí ar mhaoin a bheith á díol.

TEIDEAL VIII

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH

CAIBIDIL 1

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH

Airteagal 139

Iniúchóireacht sheachtrach arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí

1. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach cinneadh agus gach riail arna nglacadh de bhun Airteagail 9, 13, 18, 22, 23, 26 agus 36 in iúl don Chúirt Iniúchóirí.

2. Cuirfidh gach institiúid aon rialacha inmheánacha a ghlacfaidh sí maidir le hábhair airgeadais in iúl don Chúirt Iniúchóirí agus don údarás buiséid.

3. Cuirfear in iúl don Chúirt Iniúchóirí ceapachán oifigeach údarúcháin, ceapachán iniúchóirí inmheánacha, ceapachán oifigeach cuntasaíochta agus ceapachán riarthóirí óinchiste, agus cinntí tarmligin faoi Airteagail 51, 61, 62, 63 agus 85.

Airteagal 140

Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht

1. Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an t-ioncam go léir agus ar tabhaíodh an caiteachas go léir ar bhealach dleathach cuí, féachfar d'fhorálacha na gConarthaí, an bhuiséid, an Rialacháin seo, na rialacha cur chun feidhme agus do gach gníomh eile arna nglacadh de bhun na gConarthaí.

2. Agus a cúram á fheidhmiú aici, beidh an Chúirt Iniúchóirí i dteideal gach doiciméad agus faisnéis a cheadú, ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 142, a bhaineann le bainistíocht airgeadais ranna nó comhlachtaí i ndáil le hoibríochtaí arna maoiniú nó arna cómhaoiniú ag an Aontas. Beidh sé de chumhacht aici aon oifigeach atá freagrach as oibríocht ioncaim nó caiteachais a cheistiú agus úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta um iniúchóireacht atá iomchuí i ndáil leis na ranna nó na comhlachtaí sin. Déanfar an iniúchóireacht sna Ballstáit i gcomhar leis na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta nó, i gcás nach mbeidh na cumhachtaí riachtanacha acu, i gcomhar leis na ranna náisiúnta atá freagrach. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach fanfaidh siad neamhspleách.

Chun an fhaisnéis go léir a fháil atá riachtanach chun an cúram a chomhlíonadh a chuireann na Conarthaí nó na gníomhartha arna nglacadh dá mbun de chúram ar an gCúirt Iniúchóirí, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a bheith i láthair, arna iarraidh sin di, le linn na n-oibríochtaí iniúchóireachta arna ndéanamh faoi chuimsiú chur chun feidhme an bhuiséid ag aon institiúid Chomhphobail, nó thar ceann aon institiúide Comhphobail.

Arna iarraidh sin don Chúirt Iniúchóirí, údaróidh gach institiúid d'institiúidí airgeadais a bhfuil taiscí Comhphobail ina seilbh acu a chur ar chumas na Cúirte Iniúchóirí a áirithiú go réiteoidh na sonraí seachtracha leis na cuntais.

3. D'fhonn a cúram a dhéanamh, tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí fógra do na hinstitiúidí agus do na húdaráis lena mbaineann an Rialachán seo faoi ainmneacha a mball foirne a bhfuil sé de chumhacht acu iniúchóireacht a dhéanamh orthu.

Airteagal 141

Rialuithe maidir le hurrúis agus le hairgead tirim

Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go seiceálfar gach urrús agus airgead tirim atá i dtaisce nó ar láimh i gcoinne dearbhán arna síniú ag na dtaisclanna nó i gcoinne meabhrán oifigiúil an airgid thirim agus na n-urrús atá i seilbh. Féadfaidh sí féin na seiceálacha a dhéanamh.

Airteagal 142

Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí

1. Déanfaidh an Coimisiún, na hinstitiúidí eile, na comhlachtaí a riarann ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus tairbhithe deiridh íocaíochtaí ón mbuiséad, na saoráidí uile agus an fhaisnéis uile a chur ar fáil don Chúirt Iniúchóirí a mheasann an Chúirt is gá chun a cúram a chur i gcrích. Cuirfidh siad ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach doiciméad a bhaineann le dámhachtain agus feidhmíocht conarthaí arna maoiniú ag buiséad an Chomhphobail agus gach cuntas airgid tirim nó cuntas ábhair, gach taifead cuntasaíochta nó doiciméad tacaíochta, agus gach doiciméad riaracháin lena mbaineann, gach doiciméad a bhaineann le hioncam agus le caiteachas, gach fardal, cairteanna eagraíochtúla uile na ranna, a mheasann an Chúirt Iniúchóirí is gá chun iniúchóireacht a dhéanamh ar an tuarascáil ar an gcur chun feidhme buiséadach agus airgeadais ar bhonn na dtaifead nó ar an láthair agus, chun na críocha céanna, na doiciméid agus na sonraí uile arna gcruthú nó arna stóráil ar mheán maighnéadach.

Cuirfidh na seirbhísí eile agus comhlachtaí iniúchóireachta inmheánaí na rialtas náisiúnta eile i dtrácht ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach saoráid a mheasann sí is gá chun a cúram a chur i gcrích.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh íocaíochtaí á bhfáil ó bhuiséad an Chomhphobail acu.

2. Déanfaidh oifigigh a ndéanann an Chúirt Iniúchóirí seiceáil ar a gcuid oibríochtaí an méid seo a leanas:

(a) a dtaifid ar airgead tirim ar láimh, nó ar aon airgead tirim eile, aon urrúis eile agus aon ábhair eile de chineál ar bith, agus na doiciméid tacaíochta maidir lena maoirseacht ar na cistí atá de chúram orthu, agus aon leabhar, aon chlár nó aon doiciméad eile a bhaineann leo a nochtadh;

(b) an comhfhreagras agus doiciméad ar bith eile a theastaíonn i gcomhair chur chun feidhme iomlán na hiniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 140(1) a thíolacadh.

Ní fhéadfaidh ach an Chúirt Iniúchóirí an fhaisnéis arna soláthar faoi phointe (b) den chéad fhomhír a iarraidh.

3. Beidh sé de chumhacht ar an gCúirt Iniúchóirí iniúchóireacht a dhéanamh ar na doiciméid maidir le hioncam agus le caiteachas an Aontais atá i seilbh ranna na n-institiúidí agus, go háirithe, atá i seilbh na ranna atá freagrach as cinntí maidir leis an ioncam agus an caiteachas sin, atá i seilbh na gcomhlachtaí a riarann ioncam agus caiteachas thar ceann an Aontais, agus atá i seilbh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad.

4. Áireofar mar chuid den chúram a bhaineann le háirithiú go bhfuarthas an t-ioncam agus gur tabhaíodh an caiteachas ar bhealach dleathach agus cuí agus go raibh an bhainistíocht airgeadais fónta, an fheidhm a bhain comhlachtaí lasmuigh de na hinstitiúidí as cistí Comhphobail a fuarthas trí dheontais.

5. An maoiniú Comhphobail a íocfar le tairbhithe lasmuigh de na hinstitiúidí, beidh sé faoi réir chomhaontaithe i scríbhinn ó na tairbhithe nó, in éagmais comhaontaithe óna dtaobhsan, ó na conraitheoirí nó ó na fochonraitheoirí, agus beidh an maoiniú sin faoi réir iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí maidir leis an úsáid a baineadh as an maoiniú a deonaíodh.

6. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil don Chúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis faoi oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt.

7. Ní fhéadfaidh sé a bheith de thoradh ar úsáid córas comhtháite ríomhaireachta go laghdófaí rochtain na Cúirte Iniúchóirí ar na doiciméid tacaíochta.

Airteagal 143

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

1. Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an gCoimisiún faoin 15 Meitheamh agus chuig na hinstitiúidí agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121, faoin 1 Meitheamh ar a dhéanaí, aon bharúlacha ar barúlacha iad a mheasann an Chúirt Iniúchóirí ba cheart a chur isteach sa tuarascáil bhliantúil. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta bréagnaitheach. Cuirfidh gach institiúid a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

2. Tar éis an nós imeachta bréagnaitheach a chur i gcrích, cuirfidh gach institiúid nó comhlacht i dtrácht a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

3. Beidh measúnacht ar fhóntas na bainistíochta airgeadais sa tuarascáil bhliantúil.

4. Beidh roinn do gach institiúid sa tuarascáil bhliantúil. Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí aon tuarascáil achomair nó aon bharúlacha ginearálta a mheasann sí a bheith iomchuí, a chur leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide ar a barúlacha in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad.

5. Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig na húdaráis atá freagrach as urscaoileadh a thabhairt agus chuig na hinstitiúidí eile, faoin 15 Samhain ar a dhéanaí, a tuarascáil bhliantúil mar aon le freagraí na n-institiúidí agus áiritheoidh sí go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

6. A luaithe a tharchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí an tuarascáil bhliantúil, cuirfidh an Coimisiún barúlacha na Cúirte in iúl do na Ballstáit lena mbaineann láithreach ar barúlacha iad a bhaineann le bainistíocht na gcistí a bhfuil siad freagrach astu faoi na rialacha is infheidhme.

Tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún laistigh de 100 lá, na bearta a glacadh d'fhonn aghaidh a thabhairt ar bharúlacha thuasluaite na Cúirte Iniúchóirí a bhaineann lena dtír féin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig an Chúirt Iniúchóirí, chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 144

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

1. Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí don institiúid nó don chomhlacht i dtrácht aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith i dtuarascáil speisialta. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta bréagnaitheach.

Beidh dhá mhí go leith ag an institiúid nó ag an gcomhlacht i dtrácht aon fhreagraí a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí is mian leo a thabhairt ar na barúlacha i gceist.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí an leagan cinntitheach den tuarascáil speisialta i gceist an mhí ina dhiaidh sin nuair a gheobhaidh sí na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht i dtrácht.

Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bpáirt leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagra.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide nó comhlachta i dtrácht ar a mbarúlacha díreach in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad.

2. Na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar tuairimí iad nach mbaineann leis na tograí ná leis na dréachtaí a chumhdaítear leis an nós imeachta um chomhairliúchán reachtach, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí a cinneadh maidir le foilsiú tar éis di dul i gcomhairle leis an institiúid a d'iarr an tuairim nó a mbaineann an tuairim léi. Beidh nótaí ó na hinstitiúidí i dtrácht ag gabháil leis na tuairimí a fhoilseofar.

Airteagal 144a

Ráiteas ar réamhthorthaí

1. Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig na hinstitiúidí, na comhlachtaí nó na Ballstáit i dtrácht, ráitis ar réamhchinntí a hiniúchóireachtaí. Ba cheart an ráiteas ar réamhchinntí, ar réamhchinntí iad, dar leis an gCúirt, ba cheart a fhoilsiú sa tuarascáil bhliantúil, a tharchur faoin 1 Meitheamh bliain an fheidhmithe tar éis na bliana dá dtagraíonn siad. Ní mór ráitis ar réamhthorthaí a choinneáil faoi rún.

2. Beidh dhá mhí go leith ag an institiúid, ag an gcomhlacht nó ag an mBallstát i dtrácht aon tráchtaí a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí is mian léi a dhéanamh ar na ráitis ar réamhchinntí.

CAIBIDIL 2

URSCAOILEADH

Airteagal 145

Amchlár an nós imeachta um urscaoileadh

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún roimh an 15 Bealtaine de bhliain n + 2, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain n .

2. Mura féidir cloí leis an dáta dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in iúl don Choimisiún na cúiseanna atá lena chur siar.

3. Má chuireann Parlaimint na hEorpa siar an cinneadh lena dtugtar urscaoileadh, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht bearta a ghlacadh, a luaithe is féidir, chun na constaicí atá roimh an gcinneadh sin a bhaint nó chun gur fusa iad a bhaint.

Airteagal 146

An nós imeachta um urscaoileadh

1. Cumhdófar leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais, an t-iarmhéid a thig uathu sin agus sócmhainní agus dliteanais an Aontais a léirítear sa chlár comhardaithe.

2. D'fhonn an t-urscaoileadh a dheonú, scrúdóidh Parlaimint na hEorpa na cuntais agus na ráitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 179a de Chonradh Euratom, tar éis don Chomhairle an méid sin a dhéanamh. Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa freisin an tuarascáil bhliantúil arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí mar aon le freagraí na n-institiúidí a mbeidh iniúchóireacht á déanamh orthu, aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis an mbliain airgeadais i gceist agus ráiteas urrúis na Cúirte Iniúchóirí i dtaca le hiontaofacht na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbhearta.

3. Aon fhaisnéis a theastóidh chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna iarraidh sin don Pharlaimint.

Airteagal 147

Bearta leantacha

1. I gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 180b de Chonradh Euratom, glacfaidh an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile gach céim iomchuí chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa agus de bhun na dtráchtaí a ghabhann leis an moladh maidir le hurscaoileadh arna ghlacadh ag an gComhairle.

2. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh na hinstitiúidí tuarascáil ar na bearta a glacadh i bhfianaise na mbarúlacha agus na dtráchtaí sin agus, go háirithe, ar na treoracha a thug siad do na ranna sin dá gcuid atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trína chur in iúl dó na bearta a ghlac siad chun gníomhú de bhun na mbarúlacha sin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún na bearta sin a chur san áireamh agus a thuarascáil féin á tarraingt suas aige. Déanfar na tuarascálacha ó na hinstitiúidí eile a tharchur freisin chuig an gCúirt Iniúchóirí.

CUID A DÓ

FORÁLACHA SPEISIALTA

TEIDEAL I

AN COISTE EORPACH UM RÁTHAÍOCHT TALMHAÍOCHTA

Airteagal 148

Forálacha speisialta maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta

1. Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí den Rialachán seo maidir le caiteachas arna dhéanamh ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear sna rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), agus maidir le hioncam, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

2. Oibríochtaí arna mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i gCuid a hAon agus i gCuid a Trí.

Airteagal 149

Gealltanais chistí CERT

1. I gcás gach bliana airgeadais, áireoidh CERT leithreasaí neamhdhifreálaithe, seachas caiteachas a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, ar caiteachas é a chumhdófar le leithreasaí difreálaithe.

2. Leithreasaí íocaíochta a tugadh anonn ach nár baineadh úsáid astu faoi dheireadh na bliana airgeadais, déanfar iad a chur ar ceal.

3. Leithreasaí nár gealladh agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, ní fhéadfar iad a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile.

An tabhairt anonn sin, ní sháróidh sí, laistigh de theorainn 2 % de na leithreasaí tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an méid den choigeartú ar íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana deireanaí airgeadais.

Leithreasaí a thugtar anonn, cuirfear ar ais go heisiach iad do na línte buiséadacha lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.

Mar thoradh ar an tabhairt anonn sin, féadfaidh íocaíocht bhreise a bheith ann do na tairbhithe deiridh a bhí faoi réir an choigeartaithe ar íocaíochtaí díreacha le linn na bliana airgeadais deireanaí, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus do na tairbhithe deiridh sin amháin.

Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir leis an tabhairt anonn an 15 Feabhra ar a dhéanaí an bhliain a mbeidh an tabhairt anonn á déanamh chuici, agus cuirfidh an Coimisiún sin in iúl don údarás buiséid.

Airteagal 150

Gealltanais shealadacha fhoriomlána leithreasaí CERT

1. Aisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit.

2. Na cinntí ón gCoimisiún lena socraítear méideanna na n-íocaíochtaí sin, is gealltanais shealadacha fhoriomlána a bheidh iontu, agus ní fhéadfaidh siad na leithreasaí iomlána a iontráladh do CERT a shárú.

3. Ón 15 Samhain, féadfar gnáthchaiteachas bainistíochta do CERT a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasaí dár bhforáladh don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh na gealltanais sin, áfach, trí cheathrú de na leithreasaí comhfhreagracha iomlána don bhliain airgeadais reatha a shárú. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith acu ach maidir le caiteachas a bhfuil an prionsabal leagtha síos dó i mbunghníomh atá ann cheana.

Airteagal 151

Sceideal agus uainiú ghealltanais bhuiséadacha chistí CERT

1. Laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear na ráitis arna gcur isteach ag na Ballstáit, beidh an caiteachas a dhéanfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear sna rialacha a bhaineann le CERT ina ábhar gealltanais de réir caibidle, de réir airteagail agus de réir ítime. Féadfar an gealltanas sin a thabhairt nuair a bheidh an tréimhse dhá mhí sin caite aon uair a bhfuil gá le nós imeachta um aistriú leithreasaí maidir leis na línte buiséid i gceist. Déanfar na méideanna a mhuirearú mar íocaíochtaí laistigh den tréimhse dhá mhí chéanna, seachas i gcás nach mbeidh íocaíocht déanta go fóill ag na Ballstáit nó i gcás ina mbeidh amhras faoi cháilitheacht.

Déanfar an gealltanas buiséadach sin a asbhaint ón ngealltanas sealadach foriomlán dá dtagraítear in Airteagal 150.

2. Na gealltanais shealadacha fhoriomlána a tugadh i ndáil le bliain airgeadais agus nach raibh aon ghealltanas ar línte sonracha san ainmníocht bhuiséadach tagtha dá mbarr faoin 1 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfear ar ceal iad i dtaca leis an mbliain bhunaidh airgeadais.

3. Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 faoi réir imréiteach na gcuntas.

Airteagal 152

Cuntasaíocht chistí CERT

Sa chuntasaíocht bhuiséadach, cuirfear caiteachas sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den bhliain i dtrácht, ar choinníoll go mbeidh an t-ordú íocaíochta faighte ag an oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Airteagal 153

Leithreasaí CERT a aistriú

1. I gcás ina bhféadfaidh an Coimisiún leithreasaí a aistriú de bhun Airteagal 23(1), déanfaidh sé a chinneadh faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé an t-údarás buiséid ar an eolas mar a fhoráiltear in Airteagal 23(1).

2. I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tograí aistrithe faoi bhráid an údaráis bhuiséid faoin 10 Eanáir ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an t-údarás buiséid cinntí faoi na haistrithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24, ach laistigh de theorainn ama trí seachtaine.

Airteagal 154

Ioncam sannta chistí CERT

1. Ioncam atá sannta faoin Teideal seo, déanfar é a shannadh de réir a thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 18(4).

2. Toradh na gcinntí ar imréiteach na gcuntas, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh 1290/2005, déanfar é a iontráil in Airteagal aonair.

TEIDEAL II

NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE AGUS CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA m BAINISTIÚ FAOIN g COMHBHAINISTÍOCHT

Airteagal 155

Raon feidhme na bhforálacha speisialta maidir le cistí eile de chuid an Aontais

1. Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí den Rialachán seo maidir le caiteachas a dhéanfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear sna Rialacháin lena rialaítear an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)[29], Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)[30], Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)[31], an Ciste Comhtháthaithe[32], an Ciste Eorpach Iascaigh[33] agus cistí i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna mbainistiú faoin gcomhbhainistíocht de bhun Airteagal 53a, dá ngairfear 'na Cistí' anseo feasta, agus beidh feidhm acu maidir lena n-ioncam, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

2. Oibríochtaí arna mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún, déanfar iad a chur chun feidhme chomh maith i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i gCuid a hAon agus i gCuid a Trí den Rialachán seo.

Airteagal 156

Ranníocaíochtaí a íoc, íocaíochtaí eatramhacha agus aisíocaíochtaí i ndáil le cistí eile de chuid an Aontais

1. Is i gcomhréir leis na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 155 a íocfaidh an Coimisiún ranníocaíochtaí airgeadais ó na Cistí.

2. Is i gcomhréir leis na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 155 a leagfar síos an teorainn ama d'íocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin.

3. Is leis na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 155 a rialófar an bealach a chaithfear le haisíocaíochtaí ó na Ballstáit chomh maith leis na himpleachtaí do mhéid na ranníocaíochtaí ó na Cistí.

4. De mhaolú ar Airteagal 10, féadfar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá le fáil an 31 Nollaig, ar leithreasaí iad a thagann as íocaíochtaí ar cuntas a aisíoc, a thabhairt anonn go dtí tráth dúnta an chláir agus a úsáid nuair is gá ar an gcoinníoll nach bhfuil leithreasaí eile faoi chomhair oibleagáidí le fáil a thuilleadh.

Airteagal 157

Leithreasú chistí eile de chuid an Aontais a shaoradh

Saorfaidh an Coimisiún go huathoibríoch na leithreasaí a gealladh, mar a fhoráiltear sna rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 155.

Féadfar na leithreasaí arna saoradh a chur ar fáil arís i gcás earráid shoiléir is inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin.

Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais a saoradh le linn na bliana roimhe sin a scrúdú agus cinnfidh sé, faoin 15 Feabhra den bhliain i gceist, ar bhonn na riachtanas a bheidh ann, an gá na leithreasaí comhfhreagracha a chur ar fáil arís.

Airteagal 158

Leithreasú a aistriú idir cistí eile de chuid an Aontais

Maidir leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear sa Teideal seo, féadfaidh an Coimisiún, ach amháin i gcás CETFT, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll gurb ionann cuspóir na leithreasaí i gceist de réir bhrí na Rialachán lena rialaítear na cistí dá dtagraítear in Airteagal 155, nó ar choinníoll gur caiteachas é a bhaineann le Cúnamh Teicniúil.

Airteagal 159

Bainistíocht, roghnú agus iniúchóireacht chistí eile de chuid an Aontais

Gnéithe a bhaineann le bainistíocht agus le roghnú tionscadal agus le hiniúchóireacht, beidh siad faoi rialú ag na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 155.

TEIDEAL III

TAIGHDE

Airteagal 160

Cistí taighde

1. Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Déanfar na leithreasaí sin a iontráil i gceann de na teidil sa bhuiséad a bhaineann le taighde sa réimse beartais trí ghníomhaíocht dhíreach nó indíreach nó i gcaibidil a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde i dteideal eile.

Bainfear feidhm astu trí na gníomhaíochtaí atá liostaithe sna rialacha cur chun feidhme a chur chun feidhme.

1a. Na leithreasaí a bhaineann leis an ioncam arna ghiniúint ag an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh leis an bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag, agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, déileálfar leo mar ioncam sannta de réir bhrí Airteagal 18. Na leithreasaí gealltanais arna nginiúint ag an ioncam seo, cuirfear ar fáil iad a luaithe a dhéanfar an méid is infhaighte a mheas agus cuirfear ar fáil na leithreasaí íocaíochta a luaithe a gheofar an t-ioncam.

2. Maidir leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear sa Teideal seo, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go chéile, ar choinníoll gur chun na críche céanna a bhainfear úsáid as na leithreasaí.

3. Na saineolaithe arna n-íoc ó na leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch, earcófar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagfaidh an Chomhairle síos nuair a bheidh gach ceann de na cláir réime taighde á nglacadh aici.

Airteagal 160a

Gealltanais maidir leis an gCiste Taighde

1. I gcásanna eisceachtúla a bhfuil bunús cuí tugtha leo, na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chomhfhreagraíonn do mhéid an ghealltanais a saoradh de bharr nár cuireadh chun feidhme ina n-iomláine nó in aon chor na tionscadail bainteach le taighde a raibh na leithreasaí seo curtha in áirithe dóibh, féadfar iad a chur ar fáil arís i gcás ina mbeidh sé riachtanach an clár a bhí beartaithe i dtosach a chur i gcrích, mura mbeidh cistí chun na críche sin i mbuiséad na bliana reatha airgeadais.

2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Coimisiún, ag tús gach bliana airgeadais, scrúdú ar na gealltanais a saoradh i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin agus déanfaidh sé measúnú, i bhfianaise na riachtanas, ar an ngá atá leis na leithreasaí a chur ar fáil arís.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséid faoin 15 Feabhra gach bliain airgeadais, ar tograí iad ina luafar le gach ítim sa bhuiséad na cúiseanna a bhaineann leis na leithreasaí sin a chur ar fáil arís.

3. Déanfaidh an t-údarás buiséid cinneadh laistigh de shé seachtaine maidir leis na tograí ón gCoimisiún. I gcás nach ndéanfar cinneadh laistigh den teorainn ama sin, measfar gur ceadaíodh na tograí.

Ní sháróidh méid na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chuirfear ar fáil arís i mbliain n , i gcás ar bith, 25% den iomlán a saoradh ó oibleagáidí ar an líne chéanna buiséid sa bhliain n- 1.

4. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chuirfear ar fáil arís, ní dhéanfar iad a thabhairt anonn.

Na gealltanais dhlíthiúla a bhaineann leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís, tabharfar i gcrích faoin 31 Nollaig de bhliain n iad.

I ndeireadh bhliain n , déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fuílleach na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís ach nár úsáideadh a shaoradh go cinntitheach.

Airteagal 161

Rannpháirtíocht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT) i ngníomhaíochtaí nach mbaineann leis an gCiste Taighde

1. Féadfaidh an ACT glacadh le maoiniú arna mhuirearú do leithreasaí a iontráladh lasmuigh de na teidil agus lasmuigh de na caibidlí dá dtagraítear in Airteagal 160(1) maidir lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair agus deontais, de réir Theideal V agus VI de Chuid a hAon, ar nósanna imeachta iad a mhaoinítear ina n-iomláine nó i bpáirt ón mbuiséad ginearálta.

Chun críocha rannpháirtíochta sna nósanna imeachta um soláthar agus um dheontas, measfar an ACT a bheith ina eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i mBallstát.

2. Caithfear leis na leithreasaí seo a leanas mar ioncam sannta, de réir bhrí Airteagal 18(2):

(a) leithreasaí a bhaineann le nósanna imeachta um dheontas agus um sholáthar ina bhfuil an ACT rannpháirteach; nó

(b) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an ACT ar son tríú páirtithe nó;

(c) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú riaracháin le hinstitiúidí eile nó le ranna eile an Choimisiúin d'fhonn seirbhísí teicniúla-eolaíocha a chur ar fáil.

Na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a ghinfear leis an ioncam dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c), cuirfear ar fáil iad a luaithe a bheidh an méid is infhaighte measta.

Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c), cuirfear ar ceal leithreasaí nach n-úsáidtear laistigh de chúig bliana.

Léireofar úsáid na leithreasaí seo i dtacar de chuntais anailíseacha i gcuntas cur chun feidhme an bhuiséid do gach catagóir gníomhaíochta lena mbaineann; scarfar í ó ioncam de thionscnamh airgeadais ó thríú páirtithe (poiblí nó príobháideach) agus ó ioncam ó sheirbhísí eile a dhéanfaidh an Coimisiún do thríú páirtithe.

3. Agus é rannpháirteach i nósanna imeachta um dheontais nó um thairiscintí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an ACT faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 93, Airteagal 94(b) agus (c), Airteagal 95, Airteagal 96, Airteagal 114(3) agus Airteagal 114(4) maidir le forálacha d'eisiamh agus do smachtbhannaí i ndáil le soláthair agus deontais.

Glacfar leis go gcomhlíonann an ACT na ceanglais maidir le hacmhainn eacnamaíoch agus airgeadais.

Díolmhófar an ACT ó ráthaíochtaí a thaisceadh mar a fhoráiltear in Airteagal 102 agus in Airteagal 118.

4. Na rialacha maidir le soláthar atá i dTeideal V de Chuid a hAon, ní bheidh feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí an ACT thar ceann tríú páirtithe.

5. De mhaolú ar Airteagal 23, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de theideal an bhuiséid a bhaineann leis an réimse beartais 'Taighde ar Ghníomhaíocht Dhíreach', aistrithe a dhéanamh idir caibidlí suas le 15% den leithreasú sa líne óna ndéantar an t-aistriú.

TEIDEAL IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 162

Gníomhaíochtaí seachtracha

1. Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na gníomhaíochtaí seachtracha arna maoiniú ón mbuiséad, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

2. Úsáidfidh an Coimisiún na leithreasaí do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a) faoi chuimsiú na cabhrach arna deonú ar bhonn neamhspleách; nó

(b) i gcomhpháirtíocht le tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe (2)(a), trí chomhaontú airgeadais a shíniú.

CAIBIDIL 2

GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal 163

Gníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Teideal seo a chur chun feidhme go díreach, nó féadfaidh aon cheann de na heintitis nó de na daoine atá liostaithe i pointí (a) go (h) de phointe (2) sa chéad mhír d'Airteagal 53 iad a chur chun feidhme go hindíreach i gcomhréir le forálacha ábhartha Airteagal 53 go hAirteagal 57. Féadfar leithreasaí do ghníomhaíochtaí seachtracha a chomhcheangal le cistí ó fhoinsí eile chun comhchuspóir a chur i gcrích.

Airteagal 164

Cistí iontaobhais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

Maidir le gníomhaíochtaí éigeandála, iar-éigeandála nó téamacha, féadfaidh an Coimisiún cistí iontaobhais a chruthú tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích le deontóirí eile. Saineoidh gníomh bunaidh gach ciste iontaobhais cuspóirí an chiste iontaobhais.

Cuirfear ranníocaíochtaí an Aontais agus na ndeontóirí isteach i gcuntas sonrach bainc. Níl na ranníocaíochtaí seo comhtháite i mbuiséad an Aontais agus bainistíonn an Coimisiún iad faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin trí tharmligean. Féadfar cúraimí chur chun feidhme an bhuiséid a chur ar na heintitis agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 53(1) pointe (2) (a) go (h) i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le bainistíocht indíreach.

Is ionann oifigeach cuntasaíochta an chiste iontaobhais agus oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. Tá sé freagrach as na nósanna imeachta cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos.

Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin agus an Chúirt Iniúchóirí na cumhachtaí céanna ar an gciste iontaobhais is a fheidhmíonn siad i ndáil le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a osclóidh agus a dhúnfaidh an cuntas sonrach bainc.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh deighilt dhocht ann idir dualgais an chuntasóra agus na n-oifigeach údarúcháin.

Bunaítear bord a bhfuil an Coimisiún ina chathaoirleach air do gach ciste iontaobhais ionas go ndéanfar ionadaíocht ar dheontóirí agus chun an úsáid a bhainfear as na cistí a chinneadh.

Bainistítear na cistí atá comhthiomsaithe sna cistí iontaobhais i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le trédhearcacht. Is iad gníomhairí airgeadais an Choimisiúin a gheallann agus a íocann na cistí.

Tugtar údarás don Choimisiún uasmhéid 7% de na méideanna a chomhthiomsaítear sa chiste iontaobhais a aistarraingt d'fhonn a chostais bhainistíochta a chlúdach. Fad an chiste iontaobhais, comhshamhlaítear na táillí bainistíochta sin le hioncaim sannta de réir bhrí Airteagal 18(2)(b) den Rialachán Airgeadais.

Gníomhóidh an t-oifigeach cuntasaíochta ar bhonn na n-orduithe gnóthúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gciste iontaobhais. Cuirfear ar ais chuig cuntas sonrach bainc an chiste iontaobhais aon ioncam a thagann as aisíocaíocht na n-orduithe gnóthúcháin sin. Déanfar na horduithe gnóthúcháin a chur ar ceal agus a tharscaoileadh faoi na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 73 den Rialachán Airgeadais.

Cruthaítear cistí iontaobhais go ceann tréimhse teoranta a chinntear sa chomhaontú bunaidh. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh le cinneadh ón gCoimisiún arna iarraidh sin don bhord.

Cinneann an Coimisiún an ciste iontaobhais a leachtú tar éis don tréimhse sin dul in éag.

Déantar módúlachtaí bhainistíocht, thuairisciú agus rialú na gcistí iontaobhais sin a mhionsonrú sna Rialacha Cur Chun Feidhme.

Airteagal 165

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach

Tá cur chun feidhme gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme go hindíreach faoi réir grinnscrúdaithe ón gCoimisiún. Déanfar an grinnscrúdú sin trí fhormheas roimh ré, trí sheiceálacha ex post nó trí nós imeachta comhcheangailte.

Airteagal 166

Comhaontuithe ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí seachtracha

1. Beidh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích na hionstraimí seo a leanas:

(a) comhaontú idir an Coimisiún agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 163;

(b) conradh nó comhaontú deontais idir an Coimisiún agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as na gníomhaíochtaí a chur i gcrích.

Leagfar síos na téarmaí faoina dtabharfar cabhair sheachtrach san ionstraim lena ndéanfar bainistíocht ar na comhaontuithe nó ar na conarthaí nó ar na deontais dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

2. Tabharfar comhaontuithe leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1(a) i gcrích faoin 31 Nollaig de bhliain n+1 ar a dhéanaí, nuair is ionann bliain n agus an bhliain ar tugadh an gealltanas buiséid.

Leagfar síos sna comhaontuithe an tréimhse a ndéanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1(a) na conarthaí agus na deontais aonair ar fad a chuireann an ghníomhaíocht chun feidhme a thabhairt i gcrích lena linn. Ach amháin i gcás gníomhaíochtaí ildeontóirí, ní bheidh tréimhse níos faide ná trí bliana tar éis an dáta ar a thugtar an comhaontú i gcrích i gceist, seachas:

(a) conarthaí aonair a bhaineann le hiniúchóireacht agus le meastóireacht;

(b) faoi dhálaí eisceachtúla sna cásanna seo a leanas:

- aguisíní le conarthaí atá tugtha i gcrích cheana féin;

- (ii) conarthaí aonair atá le tabhairt i gcrích nuair a chuirfear deireadh luath le conradh reatha;

- (iii) athruithe ar eintiteas ar cuireadh na cúraimí orthu.

3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na cláir ilbhliantúla a chuirtear chun feidhme trí ghealltanais scoilte sna cásanna seo a leanas:

- comhchodanna den Chúnamh Réamhaontachais a bhaineann le cúnamh aistrithe agus tógáil institiúidí, comhar trasteorann, forbairt réigiúnach, forbairt acmhainní daonna agus forbairt tuaithe;

- comhchuid an chomhair trasteorann den bheartas Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.

Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún na leithreasaí a shaoradh go huathoibríoch i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

CAIBIDIL 3

SOLÁTHAR

Airteagal 167

Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar

1. Forálacha Chaibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon a bhaineann leis na forálacha ginearálta maidir le soláthar, beidh siad infheidhme maidir le conarthaí a chumhdaítear leis an Teideal seo faoi réir na bhforálacha speisialta a bhaineann le tairseacha agus na socruithe maidir le dámhachtain conarthaí seachtracha atá leagtha síos sna rialacha cur chun feidhme. Is iad na húdaráis chonarthachta a bheidh i gceist chun críche na caibidle seo:

(a) an Coimisiún thar ceann agus do chuntas tríú tír amháin nó níos mó;

(c) eintitis dá dtagraítear in Airteagal 163 agus ar cuireadh na cúraimí comhfhreagracha maidir le cur chun feidhme an bhuiséid orthu.

2. Ní mór na nósanna imeachta um sholáthar a leagan amach sna comhaontuithe dá bhforáiltear in Airteagal 166.

3. Ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le gníomhaíochtaí faoi bhunghníomhartha earnáilsonracha a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime, le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla, dá dtagraítear in Airteagal 110.

Airteagal 168

Rialacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um thairiscintí

1. Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta um thairiscintí oscailte, ar théarmaí comhionanna, do na daoine go léir a thagann faoi réim na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí a rialaíonn an earnáil comhair i dtrácht.

2. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 49, féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla a bhfuil foras cuí tugtha ag an oifigeach údarúcháin leo, go ligfear do náisiúnaigh tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 tairiscint a chur isteach ar chonarthaí.

3. I gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú ar leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí ar páirtí dó an Comhphobal, beidh na conarthaí soláthair arna maoiniú ón mbuiséad oscailte do náisiúnaigh tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú seo.

CAIBIDIL 4

DEONTAIS

Airteagal 169

Gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine

Ní fhéadfar gníomhaíocht a mhaoiniú ina hiomláine ón mbuiséad mura gcruthaítear go bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun í a chur i gcrích.

Airteagal 169a

Rialacha is infheidhme maidir le deontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

Nósanna imeachta deontais a bheidh le cur i bhfeidhm faoi bhainistíocht indíreach ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 163, leagfar síos iad sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus na heintitis sin.

Airteagal 169b

Ioncam a ghintear de bharr gníomhaíochta

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an t-ioncam a ghintear de bharr gníomhaíochta a bhaint ón mbrabús dá dtagraítear in Airteagal 109(4) i gcás ina ndearnadh foráil do ghiniúint ioncaim sa chomhaontú deontais agus i gcás ina ndéantar é a ath-infheistiú d'fhonn inbhuanaitheacht na gníomhaíochta a áirithiú.

CAIBIDIL 5

INIÚCHÓIREACHT A DHÉANAMH AR CHUNTAIS

Airteagal 170

Iniúchóireacht an AE maidir le deontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

Ní mór a fhoráil go sainráite i ngach comhaontú idir an Coimisiún agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 163, nó i ngach comhaontú deontais nó cinneadh deontais, go mbeidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais.

TEIDEAL V

OIFIGÍ EORPACHA

Airteagal 171

Na hOifigí Eorpacha

1. Chun críocha chur i bhfeidhm an Teidil seo is iad na 'oifigí Eorpacha' na struchtúir riaracháin a bhunaigh institiúid amháin nó níos mó chun cúraimí leathana sonracha a chomhlíonadh.

2. Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hoibriú na hOifige Eorpaí FrithChalaoise (OLAF), cé is moite d'Airteagal 174, Airteagal 174a agus Airteagal 175.

3. Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir le hoibriú na n-oifigí Eorpacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Airteagal 172

Leithreasaí i ndáil leis na hOifigí

1. Na leithreasaí do gach oifig Eorpach, a ndéanfar an méid iomlán a bheidh i gceist leo a leagan amach i líne shonrach buiséid laistigh den roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún, leagfar amach go mionchruinn iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an roinn sin.

Is i bhfoirm ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas a bheidh an Iarscríbhinn, agus í foroinnte ar an mbealach céanna leis na ranna den bhuiséad.

Na leithreasaí a chuirfear isteach san Iarscríbhinn sin, cumhdófar leo riachtanais airgeadais gach oifige Eorpaí i gcomhlíonadh a dualgas di thar ceann na n-institiúidí.

2. Cuirfear an plean bunaíochta a bheidh ag gach oifig Eorpach i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin.

3. Déanfaidh Stiúrthóir gach oifige Eorpaí cinntí ar aistrithe laistigh den Iarscríbhinn dá bhforáiltear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an t-údarás buiséid ar an eolas faoi na haistrithe sin.

4. Is cuid dhílis de chuntais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 121 a bheidh i gcuntais gach oifige Eorpaí.

Airteagal 173

Oifigeach Údarúcháin na nOifigí Idirinstitiúideacha

Maidir leis na leithreasaí a cuireadh isteach san Iarscríbhinn do gach oifig Eorpach, déanfaidh an Coimisiún cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig Stiúrthóir na hoifige Eorpaí i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 59.

Airteagal 174

Cuntais na nOifigí Idirinstitiúideacha

1. Tarraingeoidh gach oifig idirinstitiúideach Eorpach suas cuntais anailíseacha dá caiteachas agus beifear in ann a chinneadh ar an gcaoi sin an céatadán dá seirbhísí a cuireadh ar fáil do gach institiúid. Stiúrthóir na hoifige Eorpaí i dtrácht, glacfaidh sé na critéir ar a mbunófar an corás cuntasaíochta, tar éis dá Coiste Bainistíochta iad a fhormheas.

2. Sna nótaí a bhaineann le gach líne shonrach buiséid ina gcuirtear an leithreas iomlán do gach oifig idirinstitiúideach Eorpach, léireofar meastachán ar chostas na seirbhísí a chuireann an oifig ar fáil do gach institiúid. Beidh sé sin bunaithe ar na cuntais anailíseacha dá bhforáiltear i mír 1.

3. Tabharfaidh gach oifig idirinstitiúideach Eorpach fógra do na hinstitiúidí i dtrácht faoi thorthaí na gcuntas anailíseach.

Airteagal 174a

Tarmligean cumhachtaí na nOifigí Idirinstiúideacha

1. Féadfaidh gach institiúid cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig stiúrthóir oifige idirinstitiúidí Eorpaí d'fhonn leithreasaí a cuireadh isteach ina roinn a bhainistiú, agus leagfaidh sí amach na teorainneacha agus na coinníollacha don tarmligean cumhachtaí sin.

2. Déanfaidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na freagrachtaí uile atá leagtha síos i dTeideal IV, Caibidil 8 de Chuid a hAon a fheidhmiú.

Airteagal 175

Seirbhísí do thríú páirtithe

Más cuid de chúram oifige Eorpaí soláthairtí a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh leasa airgid, déanfaidh a Stiúrthóir, tar éis formheas a fháil ón gCoiste Bainistíochta, na forálacha sonracha a leagan síos lena rialaítear soláthar na soláthairtí agus coinneáil na gcuntas comhfhreagrach.

TEIDEAL VI

LEITHREASAÍ RIARACHÁIN

Airteagal 177

Forálacha ginearálta

Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na leithreasaí riaracháin, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Airteagal 178

Gealltanais

1. Ón 15 Deireadh Fómhair gach bliain, féadfar gnáthchaiteachas riaracháin a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasaí dá bhforáiltear don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh na gealltanais sin, áfach, aon cheathrú de na leithreasaí a chinneann an t-údarás buiséid ar an líne chomhfhreagrach bhuiséadach don bhliain reatha airgid a shárú. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith acu maidir le caiteachas de chineál nach bhfuil formheasta i bprionsabal fós sa bhuiséad deireanach a glacadh mar is iomchuí.

2. Caiteachas a chaithfear a íoc roimh ré de bhun forálacha conarthachta nó dlíthiúla, cíosanna mar shampla, ón 1 Nollaig ar aghaidh féadfaidh sé a bheith ina chúis le híocaíochtaí a chur de mhuirear ar na leithreasaí don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 179

Forálacha sonracha maidir le leithreasaí riaracháin

1. Is leithreasaí neamhdhifreáilte a bheidh sna leithreasaí riaracháin.

2. Caiteachas riaracháin a éireoidh as conarthaí lena gcumhdaítear tréimhsí a leanann níos faide ar aghaidh ná an bhliain airgeadais, i gcomhréir le cleachtas áitiúil nó bainteach le soláthar trealaimh, muirearófar é ar bhuiséad na bliana airgeadais ina dtarlaíonn sé.

3. Cuirfidh na hinstitiúidí in iúl do dhá bhrainse an údaráis bhuiséid a luaithe is féidir maidir le haon tionscadal tógála a d'fhéadfadh tionchar suntasach airgeadais a bheith aige ar an mbuiséad.

(a) Má tá sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséid tuairim a eisiúint, tabharfaidh sé fógra don institiúid i dtrácht, laistigh de choicís tar éis an dáta a fhaightear an fhaisnéis maidir leis an tionscadal foirgníochta, go bhfuil sé ar intinn aige an tuairim sin a eisiúint. In éagmais freagra, féadfaidh an institiúid i dtrácht dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe de bhun a neamhspleáchais riaracháin, faoi réir Airteagal 335 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 185 de Chonradh Euratom maidir le hionadaíocht Aontais.

Cuirfear an tuairim sin ar aghaidh chuig an institiúid i dtrácht laistigh de choicís ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

(b) Iarrfaidh na hinstitiúidí formheas ón údarás buiséid d'fhonn sócmhainní eastáit réadaigh nó aon tionscadail foirgnimh eile , arna maoiniú le hiasacht, a fháil mar éadáil.

TEIDEAL VII

SAINEOLAITHE

Airteagal 179a

Saineolaithe

Áireofar leis na rialacha cur chun feidhme nós imeachta sonrach maidir le daoine nádúrtha a roghnú mar shaineolaithe, cúnamh a thabhairt d'institiúidí chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar dheontais, ar thionscadail agus ar thairiscintí, agus tuairim agus comhairle a sholáthar i gcásanna sonracha. Íocfar na daoine sin ar bhonn méid shocraithe a fhógrófar roimh ré, agus roghnófar iad ar bhonn a gcumas gairmiúil. Déanfar an roghnúchán ar bhonn critéar roghnúcháin a urramaíonn prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus in éagmais aon choinbhleacht leasa.

CUID A TRÍ

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

TEIDEAL I

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 181

Forálacha idirthréimhseacha

1. Maidir leis na Cistí a luadh in Airteagal 155(1) ar aisghaireadh na bunghníomhartha a bhain leo roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar leithreasaí arna saoradh agus Airteagal 157(1) á chur i bhfeidhm a chur ar fáil arís i gcás earráide soiléire a bheidh inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin nó i gcás foiche Dé a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a fhaigheann maoiniú ó na Cistí seo.

2. Maidir le haistriú leithreasaí a bhaineann le caiteachas oibríochtúil dá dtagraítear sna Rialacháin lena rialaítear na Cistí Struchtúrtha agus an Ciste Comhtháthaithe don tréimhse um chlárú ó 2000 go 2006, ar tréimhse í a gcaithfear íocaíochtaí Comhphobail a dhéanamh fós ina leith chun na gealltanas Comhphobail gan íoc go dtí tráth dúnta an chúnaimh a shocrú ó thaobh airgeadais de, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go dtí teideal eile ar chuntar:

- gurb é an cuspóir céanna atá ag na leithreasaí, nó

- go bhfuil baint ag na leithreasaí le tionscnaimh de chuid an Chomhphobail nó le cúnamh teicniúil agus bearta nuálaíocha agus go n-aistrítear chuig bearta den chineál céanna iad.

TEIDEAL II

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 182

Faisnéis arna hiarraidh ag an Údarás Buiséid

Tabharfar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aon fhaisnéis nó míniú maidir le hábhair bhuiséadacha laistigh dá réimsí inniúlachta a fháil.

Airteagal 183

Na Rialacha Cur chun Feidhme a ghlacadh

I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Coimisiún Rialachán tarmligthe i ndáil le rialacha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 183aa

An tarmligean a fheidhmiú

1. Na cumhachtaí chun an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 183 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe a ghlacfaidh sé an gníomh tarmligthe sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

3. Tugtar na cumhachtaí chun an gníomh tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 183ab agus Airteagal 183ac.

Airteagal 183ab

An tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 183 a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, tabharfaidh sí fógra ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an cinneadh deiridh, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 183ac

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tarmligthe laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a fhaightear fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle cuirfear mí leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tarmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tarmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tarmligthe.

Airteagal 184

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán seo nuair is gá, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 183 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Airteagal 185

Rialachán réime airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

1. I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Coimisiún rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh sin agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, comhlachtaí a bhfuil pearsantachtaí dlítheanacha acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar bhuiséad an Aontais.

Beidh an rialachán réime airgeadais sin bunaithe ar na prionsabail agus ar na rialacha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí sin imeacht ón rialachán réime ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus le réamhchead ón gCoimisiún. Ní bhainfidh eisceacht dá leithéid leis na prionsabail bhuiséadacha dá dtagraítear i dTeideal II de Chuid a hAon, le prionsabal na comhionainne i ndáil le conas a chaitear le hoibreoirí, nó le forálacha sonracha atá sna bunghníomhartha a chruthaíonn na comhlachtaí sin.

2. Is í Parlaimint na hEorpa, ar moladh ón gComhairle, a urscaoilfidh cur chun feidhme bhuiséid na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1.

3. Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus a fheidhmíonn sé i leith ranna an Choimisiúin.

4. Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh a chruthaíonn comhlacht a thagraítear i mír 1, scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus caiteachas an chomhlachta sin sula gcomhdlúthófar a gcuntais le cuntais an Choimisiúin. Beidh an scrúdú sin ag brath ar an tuarascáil iniúchóireachta arna bunú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách arna ainmniú ag an gcomhlacht agus a bhfuil sé de mhisean aige a fhíorú go gcomhlíonann cuntais an chomhlachta Airteagal 123 den Rialachán seo.

5. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 183aa, Airteagal 183ab agus Airteagal 183ac mutatis mutandis i ndáil leis an Airteagal seo.

Airteagal 185a

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

Na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu arna bunú le bunghníomh agus ar cuireadh cúram cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí-príobháidí orthu de bhun Airteagal 53(1) pointe (2)(e), glacfaidh siad na rialacha airgeadais sin.

Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú, faoi thionchar Airteagal 53b den Rialachán reatha go háirithe, agus arna leagan síos in eiseamláir éadrom de rialachán airgeadais, le glacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 183aa, Airteagal 183ab agus Airteagal 183ac mutatis mutandis i ndáil leis an Airteagal seo.

Airteagal 185b

Forálacha sonracha maidir le Gníomhaireacht Soláthair Euratom

Cuirfear chun feidhme an caiteachas riaracháin a bhaineann leis na leithreasaí dá bhforáiltear i mbuiséad an Aontais maidir le Gníomhaireacht Soláthair Euratom arna bunú faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus leis na forálacha mionsonraithe atá leagtha amach i rialacha cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 186

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a aisghairm ach amháin Airteagal 53b a mbeidh feidhm aige maidir leis na gealltanais ar fad a dhéanfar roimh an 31 Nollaig 2013 i ndáil leis na cistí dá dtagraítear in Airteagal 155.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 187

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán an Choimisiúin lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca leis an Rialachán Airgeadais a chur chun feidhme, agus ón 1 Eanáir 2012 ar a dhéanaí.

Beidh feidhm ag Airteagal 53a ó dháta theacht i bhfeidhm na rialacha nua a rialaíonn na Cistí Strúchtúrtha, an Ciste Comhtháthaithe, Forbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Iascaigh agus cistí i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna mbainistiú faoin gcomhbhainistíocht de bhun Airteagal 53a faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a ghlacfar don tréimhse ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...],[...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle | (IO L 248, 16.9.2002, lch. 1) |

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006 ón gComhairle an 13 Nollaig 2006 | (IO L 390, 30.12.2006, lch. 1) |

Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 ón gComhairle an 17 Nollaig 2007 | (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9) |

IARSCRÍBHINN V

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 |

- | Iarscríbhinn I |

Iarscríbhinn | Iarscríbhinn II |

________

[1] Rialachán Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 26.6.2002.

[2] Teachtaireacht COIM(2010) 2020 ón gCoimisiún, pointe 3.2.

[3] IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.

[4] Rialachán Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002.

[5] COIM(2010) 85, 24.3.2010.

[6] COIM(2010) 71, 3.3.2010.

[7] http://ec.europa.eu/budget/library/consultations/FRconsult2009/draft_report_en.pdf

[8] Airteagal 2 den FR.

[9] Airteagal 310(6) CFAE.

[10] Déantar foráil in Airteagal 290 den CFAE nach bhféadfaidh an t-údarás reachtach na cumhachtaí tarmligthe a chur de chúram ach ar an gCoimisiún "[...] a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin", i.e. an FR.

[11] Tarchuirtear clárú airgeadais dhá uair sa bhaliain chuig an údarás buiséid, i gcomhréir le pointe 20 den Chomhaontú idirinstiúideach (IIA) idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiúin maidir le comhar i gcúrsaí buiséid. CF COIM(2010) 73, 3.3.2010. Freagraíonn an fhoráil seo do phointe 46 den IIA atá i bhfeidhm faoi láthair.

[12] Treoir Uimh. 2004/18/CE.

[13] IO L 162, 5.6.2001, lch. 1 agus IO C 92, 17.4.2002, lch. 1.

[14] IO C […], […], lch. […].

[15] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[16] IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

[17] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

[18] C(2009) 4264 an [dáta].

[19] IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

[20] IO L 297, 15.11.2003, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) 1524/2007 (Féach leathanach 5 den eagrán seo den Iris Oifigiúil).

[21] IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

[22] IO L 161, 26.6.1999, lch. 1.

[23] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[24] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[25] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[26] IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

[27] IO L 134, 30.4.2004, lch. 114. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2083/2005 ón gCoimisiún (IO L 333, 20.12.2005, lch. 28).

[28] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 320/2006 (IO L 58, 28.2.2006, lch. 42).

[29] Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.

[30] Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 210, 31.7.2006, lch. 1).

[31] Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 210, 31.7.2006, lch. 12).

[32] Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe (IO L 210, 31.7.2006, lch. 79).

[33] Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Iascaigh Eorpaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1)

Top