This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0137
Communication from the Commission to the European Parliament pursuant to the second subparagraph of Article 251(2) of the EC Treaty concerning the Common Position of the Council on the adoption of a Directive of the European Parliament and of the Council amending Directive 2004/49/EC on safety on the Community’s railways
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail
/* COIM/2008/0137 leagan deireanach - COD 2006/0272 */
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail /* COIM/2008/0137 leagan deireanach - COD 2006/0272 */
[pic] | COIMISIÚN NA GCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil, 7.3.2008 COIM (2008) 137 críochnaitheach 2006/0272 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail 2006/0272 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/49/EC maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail CÚLRA Dáta tharchur an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2006) 784 críochnaitheach - 2006/0272 COD): | 13.12.2006 | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 11.07.2007 | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 29.11.2007 | Dáta glactha an chomhsheasaimh (d'aon ghuth) | 03.03.2008 | CUSPÓIR AN TOGRA ÓN gCOIMISIÚN An 13 Nollaig 2006 ghlac an Coimisiún Eorpach sraith beart chun tacú le hathfhuinnmhiú earnáil iarnróid na hEorpa trí bhíthin constaicí ar ghluaiseacht traenacha ar fud líonra iarnróid na hEorpa a bhaint. Sheol an Coimisiún an tionscnamh seo ar dhá chúis: - chun saorghluaiseacht traenacha laistigh den AE a éascú trí bhíthin an nós imeachta maidir le hinnill fhéinghluaiste a chur chun seirbhíse a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí. - chun an timpeallacht rialála a shimpliú trí bhíthin na treoracha maidir le hidirinoibritheacht iarnróid a chomhdhlúthú agus a chumasc. Le ceann de na bearta seo leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht iarnróid. Arna dhéanamh an togra seo dó, bhí trí chuspóir ag an gCoimisiún: - tabhairt isteach prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh d'údarúcháin, arna éisiúint cheana ag Ballstát, ar chur chun seiribhíse trealaimh. De réir an phrionsabail seo, maidir le rothra arna údarú cheana le haghaidh seirbhíse i mBallstát amháin, ní ceart go mbeadh sé mar cheanglas go ndéanfaí deimhniúchán forlíontach air i mBallstát eile i ndáil leis na ceanglais náisiúnta bhreise a thiocfadh aníos, mar shampla, de bharr shonraíochtaí an chórais áitiúil; - leathnú chumhachtaí na Gníomhaireachta chun é a chur ar a cumas fardal a dhéanamh de na nósanna imeachta náisiúnta éagsúla agus de na rialacháin teicniúla i bhfeidhm agus chun liosta a chruthú agus a thabhairt suas chun dáta (a leathnú) de na ceanglais nach gá a gcomhlíonadh a sheiceáil ach uair amháin toisc na ceanglais a bheith bainteach le rialacha lena nglactar go hidirnáisiúnta nó toisc go bhféadtar a mheas gurb ionann iad agus na rialacha seo. - soiléiriú na comhbhainte idir an chuideachta iarnróid agus an t-einteatas a bhfuil cothabháil faoina chúram. Le teacht i bhfeidhm an choinbhinsiúin nua maidir le carraeireacht idirnáisiúnta ar iarnród (COTIF 1999), tugadh isteach rialacha nua ann a rialaíonn conarthaí le haghaidh úsáid feithiclí. Dá bharr sin, beartaítear sainiú a thabhairt ar choimdeadaí vaigín agus an chomhbhaint idir an chuideachta agus an coimeádaí a shonrú, go háirithe i ndáil le cothabháil. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHSHEASAMH Rinne na trí institiúidí iarracht comhaontú a áirithiú gan mhoill ar chéad léamh an chomhaid seo. Ní raibh sé seo indéanta, ámh, de dhroim na n-iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, i ndáil le sainiú na comhbhainte idir cuideachtaí iarnróid agus coimeádaithe feithiclí maidir le cothabháil. Ní bhainfidh comhsheasamh na Comhairle, lenar glacadh d'aonghuth, de bhunchuspóirí ná de bhun-chur chuige thogra an Choimisiúin. Thairis sin, tá roinnt de na leasuithe ar ghlac Parlaimint na hEorpa leo ar an gcéad léamh mar chuid de chomhsheasamh na Comhairle cheana, agus áirithítear trí bhíthin an chomhsheasaimh seo an comhleanúnachas riachtanach trí athmhúnlú na dtreoracha maidir le hidirinoibritheacht iarnróid (togra COIM(2006)783 críochnaitheach – 2006/273 (COD)), ar thángthas ar chomhaontú faoi ar an gcéad léamh. Go háirithe, comhaontaíodh go n-aistreofaí inneachar Airteagal 14 den Treoir um Shábháilteacht Iarnróid (chomh maith le hAirteagal 14a nua) chuig an Treoir nua maidir le hIdirinoibritheacht chun na críche na nósanna imeachta ar fad a bhaineann le cur chun seirbhíse feithiclí iarnróid a bhailiú le chéile. BARÚLACHA MIONSONRAITHE AN CHOIMISIÚIN Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ag an gCoimisiún agus arna n-ionchorprú go hiomlán nó go páirteach sa chomhsheasamh. Leasuithe 2, 9, 19, 20, 24, 25, 26 agus 27, lena soiléirítear, beachtaítear nó comhlánaítear togra an Choimisiúin. Leasuithe 1, 10, 11, 12, 13, 15 agus 23, ach is gá iad a oiriúnú don téarmaíocht chaighdeánach a shíolraíonn ó Chinneadh 2006/512/CE ón gComhairle, ag leasú Cinneadh 1999/468/CE, ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. Leasú 8: Luíonn an tagairt don NVR ( National Vehicle Register ) leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir leis an NVR an 9 Samhain 2007[1]. Athraíodh an sainiú seo i gcomhsheasamh na Comhairle, ámh, chun go mbeadh sé comhleanúnach leis an airteagal nua maidir le cothabháil feithiclí. Maidir le leasú 18 , ní gá an chéad mhír a thuilleadh toisc gur comhaontaíodh inneachar Airteagal 14 a aistriú chuig an treoir nua maidir le hidirinoibritheacht iarnróid. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa dár dhiúltaigh an Coimisiún agus nach bhfuil arna n-ionchorprú go hiomlán nó go páirteach sa chomhsheasamh. Leasú 3 toisc go ndéantar trácht cheana in Aithris 14 den Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair ar an nasc idir an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht agus Treoir 89/391/CEE (maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh agus lena leagtar síos forálacha sonraithe lena n-íoslaghdaítear na priacail a ghabhann le hiompar iarnróid do fhostaithe). Leasuithe 4, 5, 6 agus 7 ós rud é nach mbeadh sé tráthúil leasú a dhéanamh ar an sainiú bunaidh ar "rialacha náisiúnta sábháilteacha" mar atá sé in Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht iarnróid, atá arna trasuíomh ag na Ballstáit. Níor chonspóid na rannpháirtithe riamh an sainiú seo. I ndáil lena substaint, ní bhaineann na rialacha náisiúnta sábháilteachta ar fad le buncheanglais de chuid na dtreoracha maidir le idirinoibritheacht iarnróid. Baineann roinnt acu, mar shampla, leis an gcomhshaol. A fhad a bhaineann le leasú 14 , rinneadh comhaontú in 2004 faoi na Spriocanna Coitianta Sábháilteachta agus faoin nós imeachta chun iad a ghlacadh. Tá dul chun cinn maith déanta cheana leis an obair agus ní bheadh sé iomchuí na toimhdí ar ar bunaíodh é a athrú agus an próiseas fós faoi shiúl. Foráiltear d'anailís chostais/sochair cheana in Airteagal 6(4) den Treoir bhunaidh. Leasuithe 16 agus 17 , ina dtagraítear d'ardleibhéal sábháilteachta agus dár ceapadh foclaíocht ní ba chomhleanúnaí le cuid eile na treorach i gcomhthéacs chomhsheasamh na Comhairle. Leasú 22 , leis an leasú seo, a dhéileáil leis an bhféidearthacht barúil teicniúil a iarraidh ón nGníomhaireacht Iarnróid sa chás go ndiúltódh an t-údarás sábháilteachta teastais sábháilteacha nó formheasanna sábháilteachta a éisiúint, téitear níos faide ná na cuspóirí arna leagan amach i dtogra an Choimisiúin. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa atá inghlactha ag an gCoimisiún agus nach bhfuil arna n-ionchorprú go hiomlán nó go páirteach sa chomhsheasamh Leasú 21 , lenar ghlac an Coimisiún i bprionsabal. Tá téacs an chomhsheasaimh bunaithe ar choincheap an "eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram", coincheap atá ina chuid de chreat rialúcháin nua an Chomhphobail (sainítear é sna sonraíochtaí teicniúla don idirinoibritheacht (STI) "vaigíní"[2] agus sa Chinneadh maidir leis an NVR dá dtagraítear thuas). Thairis sin, níor chóir go ndéanfaí coinníoll de sa Treoir go mbeadh an córas chun úinéirí a dheimhniú éigeantach nó saorálach, ach amháin tar éis críochnú an stáidéir iarmharta atá le déanamh ag an nGníomhaireacht. CONCLÚID Measann an Coimisiún go gcuireann comhsheasamh na Comhairle, a glacadh d'aonghuth an 3 Márta 2008, le bunchuspóirí agus bun-chur chuige a thogra, agus dá bhrí sin, féadann sé tacú leis. [1] IO L 305, 23.11.2007, lch.30 [2] IO L 344, 8.12.2006, lch.1