This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1161
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1161 of 22 May 2026 making imports of copper tubes originating in in the People’s Republic of China, Mexico, Vietnam and Uzbekistan subject to registration with a view to allowing the levy of anti-dumping duties on the imports subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1161 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2026 lena ndéantar allmhairí feadán copair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí sin a chuirtear faoi réir a gcláraithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1161 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2026 lena ndéantar allmhairí feadán copair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí sin a chuirtear faoi réir a gcláraithe
C/2026/3231
IO L, 2026/1161, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1161/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1161 |
26.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1161 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Bealtaine 2026
lena ndéantar allmhairí feadán copair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí sin a chuirtear faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Márta 2026, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí feadán copair isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis gearán a chuir an Coiste AE um Cosaint Feadán Copair isteach an 26 Eanáir 2026 thar cheann táirgeoirí arb astu a thagann níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán feadán copair an Aontais. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) píobáin agus feadáin, as copar mínghlanta, iad ina gcornaí atá corntha go cothrom, bídís mín nó le heitrí laistigh, gan tuilleadh próiseála déanta orthu, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine iad. |
|
(4) |
Aicmítear an táirge faoi láthair faoi chód AC ex 7411 10 90 (cód TARIC 7411 10 90 10). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú taraife ina dhiaidh seo. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe. |
|
(6) |
Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, má chomhlíontar na coinníollacha is gá. |
|
(7) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha, más infheidhme. |
|
(8) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(9) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 5 % agus 35 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 8 % agus 20 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. De ghnáth, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle idir leibhéal na dumpála agus leibhéal na díobhála, de réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. |
|
(10) |
Má thagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(11) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith ann, bunaithe ar na méideanna sin, leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(12) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí píobán agus feadán, as copar mínghlanta, iad ina gcornaí atá corntha go cothrom, bídís mín nó le heitrí laistigh, gan tuilleadh próiseála déanta orthu, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC ex 7411 10 90 (cód TARIC 7411 10 90 10) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Mheicsiceo, Vítneam agus na hÚisbéiceastáine iad.
2. Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2026/1506, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1506/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1161/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)