This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0904
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/904 of 24 April 2026 supplementing Regulation (EU) 2024/3005 of the European Parliament and of the Council with regard to rules of procedure on fines and periodic penalty payments imposed to ESG rating providers by the European Securities and Markets Authority
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/904 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe rátála ESG
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/904 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe rátála ESG
C/2026/2579
IO L, 2026/904, 30.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/904/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 19/08/2026
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Completion | 32024R3005 | 19/08/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/904 |
30.7.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/904 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Aibreán 2026
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe rátála ESG
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859 (1), agus go háirithe Airteagal 39(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas
|
(1) |
Chun éifeacht iomlán a thabhairt don cheart chun éisteacht a fháil, mar a ráthaítear in Airteagal 39(7) de Rialachán (AE) 2024/3005, ba cheart an ceart a bheith ag duine atá faoi réir imscrúdú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) barúlacha i scríbhinn a thabhairt mar fhreagairt ar ráitis cinntí arna n-eisiúint ag oifigeach imscrúdúcháin ESMA agus ag Bord Maoirseoirí ESMA. Ba cheart cead a thabhairt don duine sin cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. |
|
(2) |
Ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar iomláine an chomhaid arna chur isteach ag an oifigeach imscrúdúcháin bunaithe ar liosta doiciméad. Chun a áirithiú go bhfuil an duine atá faoi réir an imscrúdaithe in ann ullmhú go leormhaith chun é féin a chosaint, ba cheart do ESMA, sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, an ceart chun tuilleadh barúlacha i scríbhinn a thabhairt don duine sin. |
|
(3) |
Faoi Airteagal 37(1), pointe (b)(ii), de Rialachán (AE) 2024/3005 tá ESMA chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina ndiúltaíonn duine atá faoi réir imscrúdaithe géilleadh d’imscrúdú den sórt sin nó faisnéis arna hiarraidh ag ESMA a sholáthar. Chun ceart cosanta na ndaoine sin a ráthú go hiomlán, ba cheart do ESMA an deis a thabhairt don duine aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar maidir leis an ábhar atá faoi réir imscrúdaithe nó maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an íocaíocht phionósach thréimhsiúil sin iomchuí sa chás atá i gceist sula bhforchuirfear an pionós tréimhsiúil sin. |
|
(4) |
An chumhacht chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar aon leis an gcumhacht chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, ba cheart an dá chumhacht sin a fheidhmiú laistigh de thréimhse réasúnta ama agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith faoi réir tréimhse theorann. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, agus taithí ESMA á cur san áireamh i gcur i bhfeidhm reachtaíochta is infheidhme maidir le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú ar eintitis faoi mhaoirseacht, ba cheart tréimhsí teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú a bheith mar an gcéanna le tréimhsí teorann sa reachtaíocht sin. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na fíneálacha agus na pionóis thréimhsiúla a bhailítear a choimeád slán, ba cheart do ESMA na méideanna a fhaightear mar gheall ar na fíneálacha agus na pionóis thréimhsiúla sin a thaisceadh i gcuntais úsmhara a osclófar go heisiach chun críche fíneála aonair nó íocaíochta pionóis tréimhsiúla. Mar cheist a bhaineann le stuamacht bhuiséadach, níor cheart do ESMA na méideanna a aistriú chuig an gCoimisiún go dtí go mbeidh na cinntí críochnaitheach de bharr na gceart chun achomhairc a bheith ídithe nó imithe i léig, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rialacha nós imeachta in imeachtaí um shárú os comhair an oifigigh imscrúdúcháin
1. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin na himscrúduithe a thabhairt chun críche i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/3005 agus sula gcuirfidh sé an comhad faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo, leagfaidh sé amach na fíorais ar dóigh gurb é an sárú atá iontu, lena n-áirítear aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach i ráiteas cinntí.
Cuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na cinntí in iúl don duine atá faoi réir imscrúdaithe sa ráiteas cinntí i scríbhinn agus iarrfaidh sé ar an duine sin aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
2. Socróidh an t-oifigeach imscrúdúcháin teorainn ama réasúnach sa dréacht ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe a aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin aighneachtaí i scríbhinn a fhaightear tar éis don teorainn ama sin dul in éag a bhreithniú.
3. Ina aighneachtaí i scríbhinn, féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe na fíorais uile atá ábhartha dá chosaint a leagan amach. Déanfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe aon doiciméid ábhartha a chur i gceangal mar chruthúnas ar na fíorais a leagtar amach. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe a mholadh go ndéanfadh an t-oifigeach imscrúdúcháin éisteacht a thabhairt do dhaoine eile a d’fhéadfadh comhthacú leis na fíorais a leagtar amach sna haighneachtaí. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin agus a gcuid aighneachtaí i scríbhinn á n-ullmhú acu.
4. Duine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin iarraidh air freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdú cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
5. Seolfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an leagan críochnaitheach den ráiteas cinntí chuig an duine atá faoi réir imscrúdaithe.
Airteagal 2
Rialacha nós imeachta atá le leanúint ag ESMA maidir le fíneálacha agus bearta maoirseachta
1. Cuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na doiciméid seo a leanas faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA:
|
(a) |
cóip den ráiteas cinntí a sheol sé chuig an soláthraí rátála ESG; |
|
(b) |
cóip de na haighneachtaí i scríbhinn ón soláthraí rátála ESG; |
|
(c) |
miontuairiscí ó aon éisteacht ó bhéal. |
2. An comhad a chuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin isteach, i gcás ina measfaidh ESMA nach bhfuil an comhad sin iomlán, cuirfidh sé ar ais chuig an oifigeach imscrúdúcháin é agus iarraidh réasúnaithe ar dhoiciméid bhreise i dteannta leis.
3. I gcás ina measfaidh Bord Maoirseoirí ESMA, ar bhonn comhaid iomláin, go ndealraíonn sé nach nochtann na fíorais, a bhfuil tuairisc orthu sa ráiteas cinntí, aon sárú a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sé cinneadh ina luafar an méid sin agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe.
4. I gcás ina n-aontóidh Bord Maoirseoirí ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, cuirfidh sé na daoine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas dá réir. Sa chumarsáid sin socrófar teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Maidir leis an teorainn ama sin chun cinneadh a ghlacadh maidir le sárú a bheith ann agus maidir le bearta maoirseachta agus fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2024/3005, féadfaidh Bord Maoirseoirí ESMA aighneachtaí i scríbhinn a fhaightear tar éis dhul in éag na teorann ama sin a bhreithniú.
An duine atá faoi réir imscrúdú ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh ESMA iarraidh air freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdú cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
5. I gcás ina gcinneann Bord Maoirseoirí ESMA go ndearna duine atá faoi réir imscrúdaithe sárú agus ina nglacann sé cinneadh lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/3005, tabharfaidh sé fógra láithreach faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe.
Airteagal 3
An ceart éisteacht a fháil ó Bhord Maoirseoirí ESMA maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Sula bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil de bhun Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2024/3005, cuirfidh an Bord Maoirseoirí ráiteas cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir na n-imeachtaí, ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna lena dtugtar údar le híocaíocht phionósach a fhorchur agus méid na híocaíochta pionósaí in aghaidh gach lae a bheidh neamhchomhlíonadh i gceist. Sa ráiteas cinntí, socrófar teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh an duine lena mbaineann a chuid aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Maidir le haighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis dhul in éag na teorann ama sin, féadfaidh an Bord Maoirseoirí iad a bhreithniú agus cinneadh á dhéanamh aige i ndáil leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
2. Ní fhorchuirfidh Bord Maoirseoirí ESMA íocaíocht phionósach thréimhsiúil a thuilleadh nuair a bheidh an cinneadh ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/3005 comhlíonta ag an soláthraí rátála ESG nó ag an duine lena mbaineann.
3. Féadfaidh Bord Stiúrthóirí ESMA iarraidh ar an duine atá faoi réir na n-imeachtaí freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir na n-imeachtaí cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
Airteagal 4
Rochtain ar an gcomhad agus úsáid doiciméad
1. Arna iarraidh sin, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar chuir an t-oifigeach imscrúdúcháin nó an Bord Maoirseoirí ráiteas cinntí chucu. Deonófar rochtain tar éis fógra a thabhairt faoi aon ráiteas cinntí.
2. Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid a bhfaightear rochtain orthu de bhun an Airteagail seo, ní úsáidfidh an duine dá dtagraítear i mír 1 iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3005.
Airteagal 5
Tréimhsí teorann chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur
1. Ní dhéanfaidh ESMA fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar sholáthraithe rátála ESG tar éis don tréimhse theorann 5 bliana dul in éag.
2. Is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar an sárú a thosóidh an tréimhse teorann ama dá dtagraítear i mír 1. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis na tréimhsí ama sin an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.
3. Aon bheart a dhéanfaidh ESMA chun críoch an imscrúdaithe nó chun críocha na n-imeachtaí i ndáil le sárú a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 2024/3005, brisfidh sé an tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse teorann sin le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht don soláthraí rátála ESG nó don duine atá faoi réir an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí.
4. Mar gheall ar gach briseadh dá dtagraítear i mír 3, cuirfear tús le tréimhse theorann nua dá dtagraítear i mír 1. Rachaidh an tréimhse theorann nua sin in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse curtha isteach atá dhá oiread níos faide ná an tréimhse theorann bhunaidh gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag ESMA le linn an ama sin. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a mbeidh an tréimhse theorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5. An tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh ESMA faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/3005.
Airteagal 6
Tréimhsí teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú
1. Ní fhorfheidhmeoidh ESMA cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) 2024/3005 tar éis dhul in éag na tréimhse teorann 5 bliana.
2. An tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh a thosóidh sí.
3. An tréimhse theorann chun pionóis a fhorfheidhmiú, brisfear í mar gheall ar aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh ESMA atá ceaptha chun íocaíocht nó téarmaí agus coinníollacha íocaíochta na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.
4. I gcás ina dtarlóidh an briseadh dá dtagraítear i mír 3, tosóidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1 as an nua.
5. Cuirfear an tréimhse theorann dá dtagraítear i mír 1 ar fionraí fad is:
|
(a) |
a thabharfar am leordhóthanach chun íocaíocht a dhéanamh; |
|
(b) |
a chuirfear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh atá ar feitheamh ó Bhord Achomhairc ESMA, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/3005. |
Airteagal 7
Bailiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ESMA méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a thaisceadh i gcuntas úsmhar arna oscailt ag ESMA go dtí go mbeidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin críochnaitheach. Sa chás ina mbaileoidh ESMA an iliomad fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla an tráth céanna, áiritheoidh ESMA go dtaiscfear na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha sin i gcuntais nó i bhfochuntais éagsúla. Fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna n-íoc i mbuiséad ESMA, ní iontrálfar i mbuiséad ESMA iad ná ní dhéanfar iad a thaifeadadh mar mhéideanna buiséadacha.
2. I gcás ina suíonn ESMA gur críochnaitheach feasta iad na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla tar éis ídiú na gceart achomhairc go léir, aistreoidh ESMA na méideanna sin móide aon ús a fhabhrófar orthu chuig an gCoimisiún Eorpach. Iontrálfar na méideanna sin i mbuiséad ginearálta an Aontais ansin.
3. Tuairisceoidh ESMA don Choimisiún go tráthrialta maidir le méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear agus maidir lena stádas.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/3005, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3005/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/904/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)