Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0903

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/903 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2026 lena sonraítear sonraí agus feidhmiúlachtaí an chórais faisnéise agus cumarsáide atá le húsáid chun críocha Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/2484

IO L, 2026/903, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/903/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/903/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/903

27.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/903 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2026

lena sonraítear sonraí agus feidhmiúlachtaí an chórais faisnéise agus cumarsáide atá le húsáid chun críocha Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 7(7), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir leis an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar a dtugtar an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (‘ICSMS’), tá an córas sin le húsáid chun críocha Chaibidlí I (‘forálacha ginearálta’), III (‘imscrúduithe’), IV (‘cinntí’) agus V (‘forfheidhmiú’) de Rialachán (AE) 2024/3015, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(7), pointe (a), den Rialachán sin.

(2)

Chun teachtaireachtaí a chumasú idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát, i measc údaráis inniúla iad féin agus idir na húdaráis inniúla agus údaráis chustaim chun forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2024/3015 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, ba cheart modúl nua a chruthú maidir le saothar éigeantais mar chuid den chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin (‘modúl saothair éigeantais ICSMS’). Tá an modúl saothair éigeantais ICSMS le húsáid ag an gCoimisiún, ag údaráis inniúla agus ag údaráis chustaim chun críocha na dteachtaireachtaí sin.

(3)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) 2024/3015 a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus na húdaráis inniúla a bheith in ann an fhaisnéis atá sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS a rochtain agus a úsáid freisin chun críocha seachas teachtaireachtaí, lena n-áirítear measúnuithe rioscabhunaithe a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 14(3), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/3015 agus chun táirgí nó grúpaí táirgí a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) den Rialachán sin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart freisin do na húdaráis chustaim a bheith in ann fhaisnéis a rochtain atá sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS agus a bheith in ann í a úsáid chun críocha Airteagal 7 agus Chaibidil V, Roinn II den Rialachán sin.

(4)

Chun cosaint faisnéise rúnda atá sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS a áirithiú, go háirithe faisnéis a roinntear le linn imscrúduithe, ba cheart rochtain ar an modúl saothair éigeantais ICSMS a shrianadh d’úsáideoirí a ainmníonn an Coimisiún agus údaráis inniúla chun críocha Chaibidlí I, III, IV agus V de Rialachán (AE) 2024/3015 agus d’úsáideoirí a ainmníonn údaráis chustaim chun críocha Airteagal 7 agus Chaibidil V, Roinn II den Rialachán sin.

(5)

Chun teachtaireachtaí éifeachtacha agus éifeachtúla a áirithiú tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS chun Caibidlí I, III, IV agus V de Rialachán (AE) 2024/3015 a chur chun feidhme, agus chun go mbeifear in ann sonraí ábhartha a chuardach go héasca agus tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, is iomchuí go sonrófar a thuilleadh, i bhformáid chaighdeánaithe, na heilimintí sonraí agus an fhaisnéis a bheidh le tarchur ag an gCoimisiún agus údaráis inniúla agus a bhaineann le himscrúduithe, cinntí agus forfheidhmiú.

(6)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach Airteagail 9 agus 15 de Rialachán (AE) 2024/3015 a áirithiú, agus go háirithe leithdháileadh éifeachtach agus éifeachtúil imscrúduithe agus aighneachtaí faisnéise, ba cheart don Choimisiún a chur in iúl don phríomhúdarás inniúil an fhaisnéis a chuirtear isteach tríd an bPointe Aonair chun Faisnéis a Chur Isteach a bhaineann le saothar éigeantais líomhnaithe atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann an príomhúdarás inniúil.

(7)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/3015 a bhaint amach agus, go háirithe, dlúthchomhar idir an Coimisiún agus údaráis inniúla, chomh maith le cúnamh frithpháirteach le linn imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Rialachán sin, is gá a leagan amach sa Rialachán seo sonraí na faisnéise atá le cur in iúl tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS ag an bpríomhúdarás inniúil nó ag údaráis inniúla eile i bhformáid struchtúrtha. Go sonrach, ba cheart a leagan amach leis an Rialachán seo mionsonraí teachtaireachtaí ón bpríomhúdarás inniúil nó ó údaráis inniúla eile a bhaineann le faisnéis a roinnt maidir le saothar éigeantais amhrasta, iarrataí ar fhaisnéis agus ar thacaíocht, agus iarrataí ar a bheith rannpháirteach go dlúth in imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go (7) de Rialachán (AE) 2024/3015, chomh maith le teachtaireachtaí ón bpríomhúdarás inniúil ar a chonclúidí maidir le gan imscrúdú a thionscnamh agus ar gach céim d’imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 17(6), Airteagal 18(2) agus Airteagal 20(7) den Rialachán sin.

(8)

Chun forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil cinntí faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2024/3015 a áirithiú, i gcás ina gcuireann an príomhúdarás inniúil cinntí in iúl d’údaráis inniúla eile lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 den Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún, mar a cheanglaítear le hAirteagal 20(7) den Rialachán sin, ba cheart a cheangal ar an bpríomhúdarás inniúil faisnéis áirithe maidir leis na cinntí sin a chur in iúl i bhformáid struchtúrtha.

(9)

Chun na críche céanna, nuair a chuireann an príomhúdarás inniúil cinntí in iúl d’údaráis chustaim lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015, mar a cheanglaítear le hAirteagal 26(3) den Rialachán, ba cheart dó modh cumarsáide iomchuí a úsáid atá le sonrú sa Rialachán seo.

(10)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil Airteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/3015 a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil ábhartha faisnéis a chur in iúl don Choimisiún agus d’údaráis inniúla eile maidir le comhlíontacht an oibreora eacnamaíoch le horduithe aistarraingthe agus diúscartha atá i gcinneadh. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha freisin an Coimisiún agus údaráis inniúla eile a chur ar an eolas maidir leis na pionóis a ghearrtar as neamhchomhlíonadh cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2024/3015.

(11)

Chun na críche céanna, ba cheart don phríomhúdarás inniúil cóip leictreonach de chinneadh lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015, agus ina bhfuil ordú aistarraingthe nó diúscartha, a chur in iúl d’údaráis faireachais margaidh agus d’údaráis inniúla eile.

(12)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil Airteagail 20, 21 agus 23 de Rialachán (AE) 2024/3015 a áirithiú, ba cheart a cheangal ar an bpríomhúdarás inniúil tarraingt siar cinnidh, nó athruithe ar chinneadh, lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 den Rialachán sin, lena n-áirítear toradh ar imeachtaí achomhairc bhreithiúnaigh agus eolas gaolmhar, a chur in iúl d’údaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún.

(13)

Le linn tarraingt siar cinnidh, nó athruithe ar chinneadh, lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015 a chur in iúl d’údaráis chustaim, i gcomhréir le hAirteagal 26(5) den Rialachán sin, ba cheart a cheangal ar an bpríomhúdarás inniúil an tarraingt siar sin nó na hathruithe sin a chur in iúl, trí mhodh cumarsáide iomchuí a úsáid atá le sonrú sa Rialachán seo.

(14)

Chun malartuithe faisnéise ábhartha éifeachtacha agus éifeachtúla a chumasú idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim, de bhun Chaibidil V, Roinn II de Rialachán (AE) 2024/3015 agus, go háirithe, Airteagail 28 go 30, ba cheart mionsonraí na faisnéise atá le malartú a leagan amach sa Rialachán seo.

(15)

I gcás ina mbíonn próiseáil sonraí pearsanta i gceist le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá sí le déanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 (3) agus Rialachán (AE) 2018/1725 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(16)

Chun a áirithiú, maidir le sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a chuirtear in iúl sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS agus sonraí pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha a ainmnítear mar úsáideoirí ICSMS, go léirscriostar na sonraí sin nuair nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh chun na gcríoch dár cuireadh na sonraí sin isteach sa chóras, agus á chur san áireamh an gá atá le sonraí a bheith ar fáil chun na measúnuithe rioscabhunaithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/3015 chomh maith le breithniú a dhéanamh ar fhad nósanna imeachta athbhreithnithe agus achomhairc a d’fhéadfadh a bheith ann agus dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, ba cheart tréimhsí coinneála na sonraí sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(17)

I gcás nach stóráiltear sonraí pearsanta sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS a thuilleadh, is gá comhlíonadh phrionsabal an teorannaithe stórála a leagtar síos in Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a áirithiú.

(18)

A mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS, ba cheart a mheas gur rialaitheoir comhpháirteach é an Coimisiún de bhun Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart don Choimisiún socrú rialaithe comhpháirtíochta a dhéanamh le húdaráis inniúla chun na freagrachtaí faoi seach a shuí agus chun a áirithiú go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim an 13 Márta 2026.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2024/3015.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Úsáid agus feidhmiúlachtaí mhodúl saothair éigeantais an Chórais Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (‘ICSMS’) agus rochtain air

1.   Chun Rialachán (AE) 2024/3015 a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, cruthaítear leis seo modúl saothar éigeantais sa chóras faisnéise agus cumarsáide le haghaidh faireachais margaidh (‘an modúl saothair éigeantais ICSMS’).

2.   Úsáidfear an modúl saothair éigeantais ICSMS chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

maidir le sonraí teagmhála agus réimsí inniúlachta an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2024/3015 agus na nuashonruithe ar an bhfaisnéis sin a bheith á gcur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile;

(b)

chun críocha Airteagail 9 agus 15 de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach tríd an bPointe Aonair chun Faisnéis a Chur Isteach a bhaineann le saothar éigeantais líomhnaithe atá ar siúl ina chríoch a bheith á cur in iúl ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 den Rialachán sin do phríomhúdarás inniúil an Bhallstáit ábhartha;

(c)

maidir le faisnéis nua faoi shaothar éigeantais amhrasta atá ar siúl i gcríoch nach bhfuil sé inniúil ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus na sonraí comhfhreagracha a bheith á gcur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil;

(d)

maidir le hiarraidh ar thacaíocht ag údaráis inniúla eile, chomh maith le hiarrataí le húdaráis inniúla eile ar dhlúthbhaint a bheith acu le himscrúdú, dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus na sonraí comhfhreagracha, a bheith á cur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil;

(e)

maidir le hiarraidh ar fhaisnéis a bheith á cur in iúl ag údarás inniúil d’údarás inniúil eile agus teachtaireachtaí ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 16(5), (6) agus (7) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus na sonraí comhfhreagracha;

(f)

chun críocha Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir le hiarraidh ar fhaisnéis a bheith á cur in iúl ag an gCoimisiún d’údarás inniúil agus teachtaireachtaí ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 16(5), (6) agus (7) den Rialachán sin, agus na sonraí comhfhreagracha;

(g)

maidir le toradh a mheasúnaithe a bheith ina chúis le gan imscrúdú a thionscnamh, dá dtagraítear in Airteagal 17(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/3015 agus na sonraí comhfhreagracha a bheith á gcur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil d’údaráis inniúla eile agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún;

(h)

maidir le himscrúdú a thionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus na sonraí comhfhreagracha, a bheith á gcur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil d’údaráis inniúla eile agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún;

(i)

maidir le dúnadh imscrúdaithe, i gcás inarb infheidhme, a bheith á chur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún chun críocha Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus d’údaráis inniúla eile dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán sin, agus na sonraí comhfhreagracha;

(j)

maidir le cinneadh lena gcinntear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015 a bheith á chur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil d’údaráis inniúla eile agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(7) den Rialachán sin, agus na sonraí comhfhreagracha;

(k)

maidir le hordú chun táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais a tharraingt siar agus a dhiúscairt a bheith á chur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil d’údaráis faireachais margaidh nó d’údaráis ábhartha eile, dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/3015;

(l)

chun críocha Airteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir le faisnéis ar fhorfheidhmiú orduithe aistarraingthe agus diúscartha dá dtagraítear in Airteagal 24 den Rialachán sin a bheith á chur in iúl don Choimisiún agus d’údaráis inniúla eile;

(m)

chun críocha Airteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir le haon phionós a chuirtear i bhfeidhm maidir le neamhchomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 23(2) den Rialachán sin a bheith á chur in iúl ag an údarás inniúil ábhartha don Choimisiún agus d’údaráis inniúla eile;

(n)

chun críocha Airteagail 20, 21 agus 23 de Rialachán (AE) 2024/3015, maidir le haon tarraingt siar cinnidh agus aon athrú ar chinneadh, lena n-áirítear toradh imeachtaí achomhairc bhreithiúnaigh, agus na mionsonraí comhfhreagracha tar éis athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin a bheith á gcur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil d’údaráis inniúla eile agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún;

(o)

teachtaireachtaí breise idir an Coimisiún agus údaráis inniúla, agus i measc na n-údarás inniúil féin chun críocha chur i bhfeidhm éifeachtach Chaibidlí I (‘forálacha ginearálta’), III (‘imscrúduithe’), IV (‘cinntí’) agus V (‘forfheidhmiú’) de Rialachán (AE) 2024/3015.

3.   Tabharfar fógra go huathoibríoch don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na teachtaireachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin agus an t-eolas gaolmhar a leagtar amach in Airteagail 2 go 8 den Rialachán seo, leis an údarás inniúil ábhartha nó na húdaráis inniúla ábhartha agus le húdaráis ábhartha eile.

4.   D’fhonn idirghníomhaíochtaí leis na húdaráis chustaim a cheadú is gá de bhun Airteagal 7 agus Chaibidil V, Roinn II, de Rialachán (AE) 2024/3015, leis an modúl saothair éigeantais ICSMS a shrianadh, cumasófar an méid seo a leanas:

(a)

ó theacht i ngníomh don idirnasc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, an teachtaireacht de bhun Airteagal 26(3) den Rialachán sin chuig na húdaráis chustaim trí idirnascadh sin an chinnidh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 den Rialachán sin;

(b)

ó theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2024/3015, an cur in iúl tríd an idirnasc sin agus an phróiseáil sonraí, iarrataí, fógraí agus teachtaireachtaí eile idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim, chomh maith le malartú teachtaireachtaí ina dhiaidh sin agus gníomhaíochtaí a rinne údaráis chustaim agus údaráis inniúla de bhun Chaibidil V, Roinn II, den Rialachán sin agus, go háirithe, Airteagail 28 agus 30 de, lena n-áirítear próiseáil na faisnéise seo a leanas maidir le hearraí a bhfuiltear in amhras go sáraíonn siad Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015 i gcás inarb ábhartha nó a shuitear a bheith ag sárú an Airteagail sin:

(i)

faisnéis maidir leis an táirge, lena n-áirítear an t-aicmiú custaim, cóid TARIC, tuairisc, líon, túsphointe agus ceann scríbe, ainm, trádainm nó trádmharc cláraithe, múnla, sainaitheantóirí táirge, pictiúir den táirge agus den phacáistiú, agus faisnéis bhreise, i gcás inarb infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2024/3015 agus in aon ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den Rialachán sin;

(ii)

faisnéis maidir leis na hoibreoirí, lena n-áirítear an t-onnmhaireoir, an díoltóir, an t-allmhaireoir, an ceannaitheoir agus an dearbhóir;

(iii)

doiciméid tacaíochta ábhartha, lena n-áirítear sonraisc, dearbhú comhréireachta, tuarascálacha tástála;

(iv)

faisnéis riaracháin, lena n-áirítear uimhir thagartha an dearbhaithe custaim, uimhir ítime na n-earraí, an dáta a ghlactar leis an dearbhú, léiriú ar dhearbhuithe ina bhfuil tacar sonraí laghdaithe, na hoifigí custaim freagracha, an chúis a bhí leis an bhfionraí, faisnéis maidir le gníomhaíocht arna glacadh agus cinntí arna nglacadh ag údaráis chustaim nó aon achomharc ag oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

cur in iúl, próiseáil, stóráil agus úsáid faisnéise maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann é agus a bhaintear amach agus a tharchuirtear de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2024/3015;

(d)

cur in iúl, próiseáil, stóráil agus úsáid faisnéise a fhaightear nó a sholáthraítear de bhun an mhalartaithe faisnéise agus an chomhair dá bhforáiltear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2024/3015.

5.   Úsáidfear an fhaisnéis sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS freisin chun measúnuithe rioscabhunaithe a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, agus sainaithint táirgí nó grúpaí táirgí a bhféadfar gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin.

6.   Beidh rochtain ar an modúl saothair éigeantais ICSMS teoranta do na húsáideoirí a ainmníonn an Coimisiún agus údaráis inniúla chun críocha Chaibidlí I, III, IV agus V de Rialachán (AE) 2024/3015 agus úsáideoirí a ainmníonn údaráis chustaim chun críocha Airteagal 7 agus Chaibidil V, Roinn II den Rialachán sin.

Airteagal 2

Comhordú ar imscrúduithe agus cúnamh frithpháirteach

1.   I gcás ina n-aimsíonn an príomhúdarás inniúil faisnéis nua de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis a aimsítear;

(b)

i gceangaltán, na doiciméid tacaíochta ábhartha uile;

(c)

an chríoch a bhfuiltear in amhras gurb inti a tharlaíonn nó a tharla an saothar éigeantais.

2.   I gcás ina n-iarrann an príomhúdarás inniúil tacaíocht ar údaráis inniúla ábhartha eile de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(a)

i gcás inarb ábhartha, tagairt don imscrúdú a n-iarrtar tacaíocht ina leith;

(b)

an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla óna n-iarrtar an tacaíocht;

(c)

cur síos mionsonraithe ar an tacaíocht a iarrtar, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, iarraidh ar dhul i dteagmháil le hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/3015.

3.   Maidir le húdarás inniúil a bhfuil leas aige in imscrúdú atá faoi stiúir údarás inniúil eile agus ar mian leis dlúthbhaint aige leis an imscrúdú de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(a)

i gcás inarb ábhartha, tagairt don imscrúdú lena mbaineann an iarraidh;

(b)

an príomhúdarás inniúil atá i gceannas ar an imscrúdú;

(c)

cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis an iarraidh.

4.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún nó údarás inniúil faisnéis ar údaráis inniúla eile chun críocha Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl de bhun Airteagal 16(5) den Rialachán sin tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(a)

i gcás inarb ábhartha, tagairt don imscrúdú lena mbaineann an iarraidh;

(b)

an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla óna n-iarrtar an fhaisnéis;

(c)

tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis atá á lorg;

(d)

aon doiciméad tacaíochta;

(e)

an spriocdháta chun freagra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2024/3015.

Airteagal 3

Gan imscrúdú a thionscnamh

I gcás ina gcuireann an príomhúdarás inniúil in iúl don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, agus do na húdaráis inniúla eile, go measann sé nach dtionscnófar imscrúdú de bhun Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(1)

faisnéis lena sainaithnítear an táirge nó na táirgí faoi réir a mheasúnaithe nó a measúnaithe;

(2)

faisnéis maidir leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir a mheasúnaithe, lena n-áirítear ainm agus seoladh bunaíochta an oibreora nó na n-oibreoirí;

(3)

na cúiseanna atá mar bhonn le measúnú an údaráis inniúil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, easpa cúraim chuí-réasúnaithe nó díothú cúraim chuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 17(5) den Rialachán sin.

Airteagal 4

Imscrúdú a thionscnamh

I gcás ina gcuireann an príomhúdarás inniúil tionscnamh imscrúdaithe de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2024/3015 in iúl don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, agus do na húdaráis inniúla eile, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl dóibh tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(1)

stádas an imscrúdaithe (‘imscrúdú arna thionscnamh’);

(2)

faisnéis lena sainaithnítear an táirge nó na táirgí atá faoi réir an imscrúdaithe;

(3)

faisnéis maidir leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir an mheasúnaithe, lena n-áirítear ainm agus seoladh bunaíochta an oibreora nó na n-oibreoirí;

(4)

dáta tionscnaimh an imscrúdaithe;

(5)

achoimre ar na cúiseanna atá le tionscnamh an imscrúdaithe;

(6)

cóip den fhaisnéis a dtabharfar fógra fúithi don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha.

Airteagal 5

Imscrúdú a dhúnadh

I gcás ina gcuireann an príomhúdarás inniúil dúnadh imscrúdaithe de bhun Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2024/3015 in iúl do na húdaráis inniúla eile, agus don Choimisiún chomh maith, i gcás inarb infheidhme, chun críocha Airteagal 16(1) den Rialachán sin, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl dóibh tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(1)

tagairt don imscrúdú a dúnadh;

(2)

stádas an imscrúdaithe (‘imscrúdú arna dhúnadh’);

(3)

cóip den fhaisnéis a dtabharfar fógra fúithi don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha;

(4)

achoimre ar na cúiseanna chun an t-imscrúdú a dhúnadh (lena n-áirítear, de réir mar a bheidh, an easpa fianaise leordhóthanaí nó díothú cúraimí cuí-réasúnaithe) agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le haon iniúchtaí allamuigh arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/3015;

(5)

dáta dúnta an imscrúdaithe.

Airteagal 6

Cinntí a chur in iúl maidir le sárú agus faisnéis a chur in iúl maidir le táirgí a tharraingt siar agus a dhiúscairt

1.   I gcás ina gcuireann an príomhúdarás inniúil cinneadh lena mbunaítear, de bhun Airteagal 20(4) de Rialachán (AE) 2024/3015, sárú ar Airteagal 3 den Rialachán sin in iúl do na húdaráis inniúla eile agus don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 20(7) den Rialachán sin, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl dóibh tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS:

(a)

tagairt don imscrúdú lena mbaineann an cinneadh;

(b)

stádas an imscrúdaithe (‘cinneadh arna ghlacadh’);

(c)

faisnéis lena sainaithnítear an táirge nó na táirgí atá faoi réir an chinnidh;

(d)

faisnéis maidir leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil an cinneadh dírithe orthu, lena n-áirítear ainm agus seoladh bunaíochta an oibreora nó na n-oibreoirí;

(e)

achoimre ar na cúiseanna leis an gcinneadh a ghlacadh;

(f)

léiriú ar cé acu a éilítear nó nach n-éilítear ceachtar acu seo a leanas leis an ordú:

(i)

na táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais a tharraingt siar agus iad a dhiúscairt nó codanna díobh a dhiúscairt;

(ii)

an táirge sin nó na táirgí sin a choinneáil siar de bhun Airteagal 20(5) den Rialachán sin;

(g)

an dáta a chuaigh an teorainn ama in éag a leagtar síos sa chinneadh ar dá réir is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha na horduithe a chomhlíonadh, de bhun Airteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/3015;

(h)

cóip leictreonach den chinneadh a glacadh.

2.   Chun críocha Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh príomhúdarás inniúil Ballstáit cinneadh lena mbunaítear, de bhun Airteagal 20(4) den Rialachán sin, sárú ar Airteagal 3 den Rialachán sin in iúl do na húdaráis chustaim seo a leanas, trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide seo a leanas:

(a)

roimh theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015: d’údaráis chustaim an Bhallstáit sin, trí úsáid a bhaint as prótacail náisiúnta a bheidh le comhaontú idir príomhúdarás inniúil agus údaráis chustaim an Bhallstáit sin;

(b)

tar éis theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015: do na húdaráis chustaim uile, trí úsáid a bhaint as an modúl saothair éigeantais ICSMS, óna gcuirtear in iúl go huathoibríoch don timpeallacht bainistíochta riosca custam an cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(4) den Rialachán sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), maidir le húdaráis chustaim Ballstáit dár eisíodh cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí phrótacail náisiúnta, cuirfidh na húdaráis chustaim sin an cinneadh sin in iúl d’údaráis chustaim na mBallstát eile trína chlárú sa timpeallacht bainistíochta riosca custam dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/3015.

3.   Chun cinneadh dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl d’údaráis chustaim roimh theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015, i gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún i gcáil an phríomhúdaráis inniúil, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl d’údaráis chustaim trína chlárú sa timpeallacht bainistíochta riosca custam dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán sin.

4.   Chun críocha Airteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údaráis inniúla eile agus don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS gan moill mhíchuí:

(a)

an dáta faoina gcuirfear i gcrích an próiseas chun na táirgí a tharraingt siar agus a dhiúscairt, dá dtagraítear in Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2024/3015;

(b)

an dáta a chuirfear pionóis i bhfeidhm as neamhchomhlíonadh an chinnidh, dá dtagraítear in Airteagal 23(2) den Rialachán sin.

Airteagal 7

Orduithe chun táirgí a tharraingt siar agus a dhiúscairt a chur in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus d’údaráis ábhartha eile

An príomhúdarás inniúil a ghlac cinneadh ina bhfuil ordú aistarraingthe nó diúscartha, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do na húdaráis ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/3015, trí bhíthin cóip leictreonach den chinneadh ina mbeidh an t-ordú aistarraingthe nó diúscartha sin.

Airteagal 8

Tarraingt siar cinnidh nó athruithe ar chinneadh tar éis athbhreithnithe a chur in iúl

1.   Chun críocha Airteagail 20, 21 agus 23 de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh an príomhúdarás inniúil in iúl don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, agus do na húdaráis inniúla eile, tríd an modúl saothair éigeantais ICSMS, an fhaisnéis seo a leanas maidir le haon chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2024/3015 a tharraingt siar, nó aon athrú ar an gcinneadh sin, tar éis athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin:

(a)

tagairt don chinneadh a glacadh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2024/3015 a bhí faoi réir an athbhreithnithe, lena n-áirítear faisnéis lena sainaithnítear an táirge nó na táirgí atá faoi réir an chinnidh agus an t-oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha ar a bhfuil an cinneadh dírithe, lena n-áirítear ainm agus seoladh bunaíochta an oibreora nó na n-oibreoirí;

(b)

cóip leictreonach dá chinneadh arna dhéanamh maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2024/3015, lena n-áirítear aon athruithe ar chinneadh, nó aon tarraingt siar cinnidh, lena gcinntear sárú, de bhun Airteagal 21(3) den Rialachán sin;

(c)

i gcás athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear in Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2024/3015, toradh an athbhreithnithe bhreithiúnaigh sin, lena n-áirítear cóip den chinneadh breithiúnach comhfhreagrach, léiriú beacht ar cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 den Rialachán sin ar neamhní go páirteach nó go hiomlán, agus achoimre ar an réasúnaíocht bhunúsach;

(d)

an dáta a bheidh éifeacht le tarraingt siar an chinnidh, nó leis na hathruithe air.

2.   Chun críocha Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2024/3015, cuirfidh príomhúdarás inniúil Ballstáit, tar éis athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin, tarraingt siar cinnidh nó athruithe ar chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 den Rialachán in iúl do na húdaráis chustaim seo a leanas, trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide seo a leanas:

(a)

roimh theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015: d’údaráis chustaim an Bhallstáit sin, trí úsáid a bhaint as prótacail náisiúnta a bheidh le comhaontú idir príomhúdarás inniúil agus údaráis chustaim an Bhallstáit sin;

(b)

tar éis theacht i bhfeidhm an idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015: do na húdaráis chustaim uile, trí úsáid a bhaint as an modúl saothair éigeantais ICSMS, óna gcuirtear in iúl go huathoibríoch don timpeallacht bainistíochta riosca custam tarraingt siar an chinnidh sin nó athruithe ar an gcinneadh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), maidir le húdaráis chustaim Ballstáit dár eisíodh tarraingt siar cinnidh nó athruithe ar chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí phrótacail náisiúnta, cuirfidh na húdaráis chustaim sin an tarraingt siar sin nó na hathruithe sin in iúl d’údaráis chustaim na mBallstát eile trína chlárú sa timpeallacht bainistíochta riosca custam dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/3015.

3.   I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar an príomhúdarás inniúil, déanfaidh sé, go dtí go dtiocfaidh an t-idirnasc dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/3015 i bhfeidhm, tarraingt siar cinnidh nó athruithe ar chinneadh dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl d’údaráis chustaim, trína chlárú sa timpeallacht bainistíochta riosca custaim dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/3015.

Airteagal 9

Tréimhsí coinneála sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a chuirtear in iúl sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS

Áiritheoidh an Coimisiún, maidir le sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a iontráladh i modúl ICSMS maidir le saothar éigeantais agus a choimeádtar i bhfoirm lenar féidir ábhair sonraí a shainaithint, go gcoinneofar na sonraí sin in ICSMS ar feadh 10 mbliana ag tosú ó na teagmhais seo a leanas:

(1)

dúnadh réamh-imscrúdaithe a bheith á chur in iúl, dá dtagraítear in Airteagal 17(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/3015;

(2)

dúnadh réamh-imscrúdaithe a bheith á chur in iúl, dá dtagraítear in Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2024/3015;

(3)

cinneadh maidir le sárú dá dtagraítear in Airteagal 20(7) de Rialachán (AE) 2024/3015 a bheith á chur in iúl;

(4)

tarraingt siar cinnidh nó athruithe ar chinneadh lena mbunaítear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3015 de bhun Airteagail 20, 21 agus 23 den Rialachán sin a bheith á chur in iúl.

(5)

Déanfar na sonraí pearsanta atá sna teachtaireachtaí sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS a scriosadh go huathoibríoch ar an lá deireanach den tréimhse choinneála dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d).

Airteagal 10

Tréimhse coinneála sonraí pearsanta úsáideoirí ICSMS

Scriosfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta atá sa mhodúl saothair éigeantais ICSMS agus a bhaineann le duine nádúrtha arna ainmniú ag an gCoimisiún nó ag údarás inniúil nó ag údarás custaim mar úsáideoir ICSMS tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dó an fhaisnéis a fháil gur scoir an duine nádúrtha de bheith ina úsáideoir ICSMS óna sheirbhísí, ón údarás inniúil ábhartha nó ón údarás custaim.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/3015, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/903/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top