This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0776
Council Implementing Regulation (EU) 2026/776 of 30 March 2026 implementing Regulation (EU) No 359/2011 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Iran
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/776 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/776 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/7226/2026/INIT
IO L, 2026/776, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/776/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32011R0359 | Scriosadh | iarscríbhinn I Téacs | 01/04/2026 | |
| Modifies | 32011R0359 | Athchur | iarscríbhinn I Téacs | 01/04/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/776 |
31.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/776 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chinn an Chomhairle gur cheart an iontráil maidir le duine amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a bhaint agus gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le ceathrar agus le dhá eintitis a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/359/oj
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 (‘Liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2(1)’) mar a leanas:
|
(1) |
faoin gceannteideal ‘Daoine’, scriostar an iontráil seo a leanas:
|
|
(2) |
sa liosta dar teideal ‘Daoine’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha 19, 28, 59 agus 78:
|
|
(3) |
sa liosta dar teideal ‘Eintitis’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 25:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/776/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)