This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0699
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/699 of 23 March 2026 amending Regulation (EU) 2018/858 of the European Parliament and of the Council as regards the standardised access to vehicle on-board diagnostics information and repair and maintenance information, and the requirements and procedures for secure access to on-board diagnostic information
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/699 ón gCoimisiún an 23 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain shlán ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/699 ón gCoimisiún an 23 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain shlán ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord
C/2026/1811
IO L, 2026/699, 3.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/699/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 23/06/2026
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X foscríbhinn 2 pointe 3 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 2 pointe 2.1.14 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 2 pointe 2.1.15 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 3 mír neamhuimhrithe 3 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 3 mír neamhuimhrithe 4 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 4.1.1 pointe (f) | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 4.4.2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 3 pointe 4.5.2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X foscríbhinn 4 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 1 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.1 abairt 2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.5 Téacs | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.5.1 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.5.12 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.5.13 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.5.4 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.5.7 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.5.7a | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.5.8 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.6.2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.6.3 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.6a | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 2.6b | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 2.9 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 6.1 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 6.2.2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 6.2.3 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 6.4 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 6.4a | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 6.4b | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 6.4c | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Scriosadh | iarscríbhinn X pointe 7.2 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Scriosadh | iarscríbhinn X pointe 7.3 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Athchur | iarscríbhinn X pointe 7.4 | 23/06/2026 | |
| Modifies | 32018R0858 | Cur le | iarscríbhinn X pointe 7.5 | 23/06/2026 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32026R0699R(01) | (CS) |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/699 |
3.6.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/699 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Márta 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain shlán ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 61(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/858, ceanglaítear ar mhonaróirí feithiclí rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe neamh-idirdhealaitheach a thabhairt d’oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle, ar threalamh diagnóiseach agus ar threalamh eile, ar uirlisí lena n-áirítear na tagairtí iomlána agus ar íoslódálacha na mbogearraí agus na faisnéise is infheidhme faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí. |
|
(2) |
Le hAirteagal 4(5), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (rialacha cibearshlándála an Aontais) foráiltear go bhfuil na monaróirí leis na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh maidir le feithiclí a chosaint ar chibirionsaithe. Le ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta tástála a glacadh chuige sin, déantar tagairt do cheanglais Rialachán Uimh. 155 de chuid na Náisiún Aontaithe (3). |
|
(3) |
De bhun Rialachán Uimh. 155 de chuid na Náisiún Aontaithe, tá na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta tástála dá bhforáiltear ann, gan dochar, áfach, do reachtaíocht an Aontais lena rialaítear rochtain páirtithe údaraithe ar an bhfeithicil, ar a sonraí, a feidhmeanna agus a hacmhainní, agus coinníollacha na rochtana sin: |
|
(4) |
Maidir le rochtain oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, lena n-áirítear rochtain chun scríofa ar an bhfaisnéis sin, le Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear cosc ar mhonaróir feithiclí an rochtain sin a chur faoi réir coinníollacha seachas iad siúd a leagtar síos sa Rialachán sin, mar shampla coinníollacha arb í is spreagadh dóibh an chibearshlándáil. |
|
(5) |
Níl creat dlíthiúil an Aontais lena rialaítear bearta cibearshlándála atá le cur i bhfeidhm maidir le rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicil iomlán. Le rialacha cibearshlándála an Aontais, ceanglaítear ar mhonaróirí na feithiclí a chosaint ar chibirionsaithe ach teorannaítear leo éifeacht na gceanglas teicniúla lena sonraítear na bearta is infheidhme a mhéid a bhaineann le rochtain ar shonraí feithicle. Os a choinne sin, ní chuirtear an chibearshlándáil san áireamh go leormhaith i rialacha maidir le rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle. Mar thoradh air sin, bíonn aghaidh le tabhairt ag monaróirí feithiclí ar shrianta tábhachtacha dlíthiúla lena gcuirtear cosc orthu bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an fheithicil a chosaint ar chibirionsaithe a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go gceadaítear do mhonaróirí carr bearta éifeachtacha comhréireacha cibearshlándála a chur i bhfeidhm agus an tráth céanna, rochtain a thabhairt ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord. |
|
(7) |
An méadú ar an líon bagairtí cibearshlándála agus glacadh gaolmhar rialacha an Aontais lena gceanglaítear ar mhonaróirí feithiclí feithiclí a chosaint ar chibirionsaithe, is forbairtí teicniúla agus rialála iad sin lena dtugtar údar leis na leasuithe sin ar Iarscríbhinn X. |
|
(8) |
Chun cead a thabhairt do na monaróirí aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin agus rochtain éifeachtach oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle á coinneáil ar bun, ba cheart a chuimsiú i Rialachán (AE) 2018/858 na coinníollacha agus na nósanna imeachta is ceadmhach do mhonaróirí feithiclí a chur i bhfeidhm chun rochtain shlán oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord a áirithiú. |
|
(9) |
De réir chineál na rochtana a lorgaítear agus iarmhairtí na rochtana sin, ba cheart cead a thabhairt do mhonaróirí feithiclí ceanglas a leagan síos go ndéanfaidh monaróirí uirlisí diagnóiseacha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord an uirlis agus an t-oibreoir neamhspleách atá ag lorg rochtana nó a fhostaí a fhíordheimhniú agus inrianaitheacht a áirithiú tríd an bhfaisnéis ábhartha maidir leis an rochtain sin a thaifeadadh agus a stóráil. Ba cheart cead a thabhairt dóibh freisin, i gcásanna sonracha, ceanglas a dhéanamh de go gceanglófaí d’fhreastalaí an mhonaróra feithiclí. |
|
(10) |
Chun coinníollacha cothroma le haghaidh na hiomaíochta a chosaint, ba cheart an fhaisnéis faoi oibreoirí neamhspleácha a lorgaíonn rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle a bhréagainmniú. |
|
(11) |
Chun é a chur ar a gcumas do mhonaróirí feithiclí spleáchais a bhainistiú, mar a cheanglaítear faoi na rialacha cibearshlándála feithicle is infheidhme, ba cheart cead a bheith acu a fhíorú go gcomhlíonann na huirlisí diagnóiseacha agus a monaróirí na caighdeáin agus an cur chun feidhme cibearshlándála ábhartha. |
|
(12) |
I gcás cibirtheagmhas, mí-úsáid thromchúiseach nó teagmhais lena mbaineann dliteanas an mhonaróra feithiclí, ba cheart monaróirí feithiclí a bheith in ann faisnéis a fháil faoi chásanna sonracha rochtana agus rochtain uirlise agus oibreora neamhspleách nó a fhostaí a chur ar fionraí ar bhonn sealadach, de réir mar is iomchuí agus faoi rialú an údaráis ceadaithe. |
|
(13) |
Ba cheart do mhonaróirí feithiclí an fhaisnéis theicniúil uile is gá a sholáthar do mhonaróirí na n-uirlisí diagnóiseacha aonchineálacha ag pointe ama fada go leor roimh an bhfeithicil a chur ar an margadh chun é a chur ar a gcumas do na monaróirí uirlise sin seirbhís leormhaith a sholáthar d’oibreoirí neamhspleácha deisiúcháin. |
|
(14) |
I dteannta na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta um rochtain shlán ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, leis an Rialachán seo ba cheart rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a éascú a thuilleadh, agus an dul chun cinn teicniúil á chur san áireamh. |
|
(15) |
Ba cheart an chatalóg faisnéise atá le cur ar fáil ag na monaróirí feithiclí a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus go háirithe na riachtanais a chur san áireamh a bhaineann le ceallraí feithicle agus córais nua cúnta tiománaí a dheisiú agus a chothabháil. |
|
(16) |
I gcás ina gcumasaíonn monaróirí feithiclí rochtain ar an sruth sonraí infheithicle, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus chun críche diagnóisice, deisiúcháin agus cothabhála, faireacháin agus cigireachta, ar mhodh eile seachas an port sonraí srathach ar an nascóir caighdeánaithe, ba cheart an rochtain agus an fhaisnéis chéanna a bheith ar fáil faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha do na hoibreoirí neamhspleácha uile. |
|
(17) |
Agus an ról a bhíonn ag foilsitheoirí sonraí maidir le deisiú agus cothabháil feithiclí a éascú á aithint, ba cheart na ceanglais roinnte faisnéise ar na monaróirí feithicle a shoiléiriú a thuilleadh. |
|
(18) |
Chun é a chur ar a gcumas do dheisitheoirí neamhspleácha aonaid rialaithe feithicle a athchlárú faoi na coinníollacha céanna a bhíonn ar fáil do mhonaróirí feithicle agus do dheisitheoirí údaraithe, is gá ceanglais bhreise a leagan amach go gcuirfidh monaróirí bogearraí nó faisnéis shonrach ar fáil do mhonaróirí uirlisí diagnóiseacha neamhspleácha. |
|
(19) |
Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, áfach, ní mór do na monaróirí feithicle bearta tábhachtacha ullmhúcháin a chur chun feidhme agus dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sin a chur siar chun foráil a dhéanamh maidir le haga tionscanta iomchuí. |
|
(20) |
Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ná do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Oibleagáidí monaróirí a mhéid a bhaineann le rochtain a thabhairt d’oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle faoin Rialachán seo go háirithe, tá siad gan dochar do chearta ábhar sonraí agus oibleagáidí monaróirí feithicle, monaróirí uirlisí diagnóiseacha agus oibreoirí neamhspleácha faoi na gníomhartha sin. |
|
(21) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim uaidh an 20 Feabhra 2026 (7). |
|
(22) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/858 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/858 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj.
(2) Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint taistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair gan chosaint, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2144/oj).
(3) Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála [2021/387] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/387/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(5) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(7) https://www.edps.europa.eu/data-protection/our-work/our-work-by-type/opinions_en.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/858 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|
|
(2) |
i bpointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘An oibleagáid atá ar mhonaróir faisnéis faoi chóras diagnóiseach ar bord feithicle agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach a bheith i gcomhréir leis na nithe seo a leanas – Cuid 1 ‘Faisnéis ghinearálta agus sainiú cáis úsáide’, Cuid 2 ‘Ceanglais theicniúla’, Cuid 3 ‘Ceanglais feidhmíochta maidir leis an gcomhéadan úsáideora’ agus Cuid 4 ‘Tástáil comhréireachta de chaighdeán EN ISO 18541 – 2021 agus Cuid 5 ‘Foráil shonrach maidir le feithiclí tromshaothair’ ‘Feithiclí bóthair – Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí’ de chaighdeán EN ISO 18541 – 2018.’’; |
|
(3) |
i bpointe 2.5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.1:
|
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.4:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.7:
|
|
(7) |
cuirtear isteach an pointe 2.5.7a seo a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear pointe 2.5.8 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear isteach na pointí 2.5.12 agus 2.5.13 seo a leanas:
|
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.6.2:
|
|
(11) |
cuirtear isteach an pointe 2.6.3 seo a leanas:
|
|
(12) |
cuirtear isteach na pointí 2.6a agus 2.6b seo a leanas:
|
|
(13) |
cuirtear an méid seo sa leanas in ionad phointe 2.9:
(*1) Rialachán Uimh. 154 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus tomhaltas breosla agus/nó tomhas tomhaltais fuinnimh leictrigh agus raoin leictrigh (WLTP) [2021/2039] (IO L 423, 26.11.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2039/oj)." (*2) Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí [2023/64] (IO L 14, 16.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/64/oj).’;" () Rialachán Uimh. 154 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus tomhaltas breosla agus/nó tomhas tomhaltais fuinnimh leictrigh agus raoin leictrigh (WLTP) [2021/2039] (IO L 423, 26.11.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2039/oj). () Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí [2023/64] (IO L 14, 16.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/64/oj).’; |
|
(14) |
cuirtear an méid seo sa leanas in ionad phointe 6.1:
(*3) Mar a shainítear in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/138/oj).’;" () Mar a shainítear in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/138/oj).’; |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.2:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.3:
|
|
(17) |
cuirtear an méid seo sa leanas in ionad phointe 6.4:
|
|
(18) |
cuirtear isteach an pointe 6.4a seo a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear isteach an pointe 6.4b seo a leanas:
|
|
(20) |
cuirtear isteach an pointe 6.4c seo a leanas:
|
|
(21) |
scriostar pointí 7.2 agus 7.3; |
|
(22) |
cuirtear an méid seo sa leanas in ionad phointe 7.4:
|
|
(23) |
cuirtear isteach an pointe 7.5 seo a leanas:
|
|
(24) |
i bhFoscríbhinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
|
(25) |
leasaítear Foscríbhinn 3 mar a leanas:
|
|
(26) |
cuirtear isteach an Fhoscríbhinn 4 seo a leanas: ‘Foscríbhinn 4 Coinníollacha agus nós imeachta um rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle 1. Raon Feidhme 1.1. Cuimsítear san Fhoscríbhinn seo na coinníollacha maidir le rochtain a mbeidh cead ag an monaróir a leagan amach agus na nósanna imeachta a chuirfidh an monaróir feithiclí i bhfeidhm nó a mbeidh cead aige ceanglas a chur ar pháirtithe eile iad a chur i bhfeidhm, agus na bearta slándála maidir le rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord dá dtagraítear i bpointe 2.9.(a) agus (b) den Iarscríbhinn seo á gcur i bhfeidhm. 1.2. Aon tagairt a dhéantar san Fhoscríbhinn seo d’oibreoirí neamhspleácha nó do chomhpháirtithe, do dhéileáilithe agus do dheisitheoirí údaraithe, nó do mhonaróir feithiclí atá ag feidhmiú chun críoch deisiúcháin agus cothabhála chomh maith, cuimseoidh sí aon duine nó oibreoir atá ag gníomhú ar a son, amhail soláthraí seirbhíse a dhéanann, mar sheirbhís a sholáthraítear don oibreoir neamhspleách, páirteanna nó trealamh a chlárú, a fheistiú nó a ghníomhachtú ar fheithicil go cianda (soláthróirí seirbhíse cianda). 2. Oibleagáidí ar an monaróir 2.1. Beidh an monaróir feithiclí freagrach as a áirithiú go bhfuil na réamhriachtanais theicniúla uile i bhfeidhm i ndáil le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear san Fhoscríbhinn seo, lena n-áirítear dintiúir rochtana amhail deimhnithe nó comharthaí bogearra agus na socruithe is gá le monaróirí uirlise diagnóisí. 2.2. Léireoidh an monaróir feithiclí don údarás ceadaithe gur dearadh an fheithicil chun go mbeifear in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, i gcomhréir leis na ceanglais san Fhoscríbhinn seo, agus úsáid á baint as uirlisí diagnóiseacha ilbhranda. 2.3. Soláthróidh an monaróir feithiclí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 11 den Fhoscríbhinn seo do na monaróirí uirlisí diagnóiseacha. 2.4. Maidir le freastalaí an mhonaróra feithiclí a úsáidtear chun rochtain a thabhairt faoi phointe 2.9 den Iarscríbhinn seo, áiritheoidh an monaróir feithiclí go dtugtar d’oibreoirí neamhspleácha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach tríd an bhfreastalaí sin an infhaighteacht agus an fheidhmíocht chéanna maidir leis an gcóras faisnéise agus a thugtar dá chomhpháirtithe, dá dhéileáilithe agus dá dheisitheoirí údaraithe nó don mhonaróir feithiclí a úsáideann é chun na críche sin.Áiritheoidh an monaróir feithiclí go mbeidh fáil, gan cur isteach, ar aon fhreastalaí a úsáidtear chun rochtain a chumasú faoi phointe 2.9 den Iarscríbhinn seo, ach amháin in imthosca eisceachtúla nárbh fhéidir a thuar ná nach raibh aon neart ag an monaróir feithiclí orthu ná nach bhfuil inchurtha i leith faillí a rinne sé, nó de réir mar is gá chun an córas faisnéise a chothabháil. I gcás cothabhála, ní bheidh an tréimhse do-úsáidteachta níos faide ná tréimhse cothabhála aon fhreastalaí eile a úsáideann an monaróir chun rochtain a chumasú chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe 2.9 den Iarscríbhinn seo. Cuirfear an fhaisnéis faoin gcothabháil bheartaithe ar fáil do mhonaróirí na n-uirlisí diagnóiseacha luath go leor roimh ré. Cuirfidh an monaróir feithiclí faisnéis staidrimh faoi infhaighteacht freastalaí ar fáil ar bhonn bliantúil don údarás ceadaithe arna iarraidh sin dó. Tuairisceoidh an monaróir feithiclí cásanna nach bhfuil fáil ar an bhfreastalaí go pras chuig an bhFóram maidir le diagnóisic ar bord a shainítear i bpointe 12. 2.5. Ní chuirfidh an monaróir feithiclí srian ar rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord thar na srianta a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Rialachán seo. Thairis sin, ní chuirfidh an monaróir feithiclí srian ar an rochtain a bhíonn ag oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord thar na srianta is infheidhme maidir lena chomhpháirtithe, lena dhéileáilithe agus lena dheisitheoirí údaraithe nó don mhonaróir feithiclí a fhaigheann rochtain ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord chun críoch deisiúcháin agus cothabhála. 2.6. Áiritheoidh an monaróir feithiclí nach mbeidh de thoradh ar na bearta cibearshlándála a chuireann sé chun feidhme, lena n-áirítear na ceanglais oiriúnachta dá dtagraítear i bpointe 6.2, go gcuirfear srian nó bac ar rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord faoin bhFoscríbhinn seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun Airteagal 4.5(d) de Rialachán (AE) 2019/2144 agus Iarscríbhinn II, líne D4, a ghabhann leis a chomhlíonadh. Féadfaidh na bearta sin aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcás inar féidir leis an monaróir feithiclí a dtionchar agus a ndóchúlacht a léiriú. 2.7. Aon bheart a chuireann an monaróir feithiclí chun feidhme chun crioscaíl astaíochtaí agus calaois odaiméadair a chosc, ní chuirfidh sé srian ná bac ar rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun Airteagal 4(7) agus 4(8) de Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) a chomhlíonadh. 3. Fíordheimhniú 3.1. Féadfaidh an monaróir feithiclí a chur de cheanglas, mar choinníoll maidir leis na dintiúir rochtana a eisiúint, go bhfíordheimhneofar an monaróir uirlise diagnóisí agus an uirlis dhiagnóiseach a úsáidtear, ach amháin i gcás na n-oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála seo a leanas:
3.2. I gcás ina mbaineann athruithe ar an bhfeithicil le rochtain ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a leagan síos, mar choinníoll maidir leis na dintiúir rochtana a eisiúint, go bhfíordheimhneofar an t-oibreoir. I gcás gairis a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh, i gcás nach ndéantar ach na sonraí a léamh agus a thuairisciú go huathrialaitheach do fhreastalaí an mhonaróra uirlise diagnóisí gan aon idirghníomhú daonna, ní éileoidh an monaróir feithiclí fíordheimhniú an oibreora. 3.3. I gcás ina mbaineann athrú ar bhogearra feithicle nó ar a chumraíocht/ar a pharaiméadair arb éard atá ann athchlárú ar chód bogearra na feithicle agus arb é is toradh air athrú ar iompar beartaithe na feithicle agus a mhaireann níos faide ná an oibríocht deisiúcháin agus cothabhála, ionas nach féidir é a aisiompú ná a fhorscríobh ach trí oibríocht choibhéiseach a dhéanamh, i gcás ina mbaineann athrú den sórt sin le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go bhfíordheimhneofar fostaí an oibreora atá ag iarraidh rochtana ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, ach amháin má dhearbhaíonn an monaróir uirlise diagnóisí don mhonaróir feithiclí, bunaithe ar thoradh iniúchta neamhspleách a rinneadh tráth nach luaithe ná 3 bliana roimh an iarraidh, go bhfuil córas i bhfeidhm ag an oibreoir chun an fostaí a bhfuil an rochtain sin á hiarraidh aige a shainaithint go soiléir. 3.4. Cuimseofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 3.2 oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála amhail gníomhachtú gníomhróirí agus gnáthaimh tástála feidhme, cóid diagnóise fabht a ghlanadh, solais seirbhíse a athshocrú, paraiméadair d’fhoghlaim oiriúnaitheach a athshocrú agus páirteanna a athchur, lena n-áirítear sonraí léimh agus comhpháirte neamhchliste a thúsú de réir sainaitheantóra, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad chun iniúchadh teicniúil tréimhsiúil a dhéanamh lena mbaineann luachanna atá inchomparáide leis na luachanna a shonraítear in ISO20730-3, Iarscríbhinn B, ar choinníoll go bhfuil na luachanna sin ar fáil san fheithicil. 3.5. Áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 3.2 calabrú, arb éard atá ann próiseas chun paraiméadair bogearraí nó crua-earraí feithicle a choigeartú nó a ailíniú mar a leagann an monaróir feithiclí síos agus gan códú malairtí ná modhnú na mbogearraí feithicle. 3.6. Chun an fíordheimhniú dá dtagraítear i pointí 3.1 go 3.3 a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go gceanglódh an monaróir feithiclí ar mhonaróir na huirlise a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord dearbhú a dhéanamh don mhonaróir feithiclí i leith na nithe seo a leanas:
3.7. I gcásanna dá dtagraítear i bpointe 3.6, pointí (b) agus (c), fíoróidh monaróir na huirlise diagnóisí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord céannacht an oibreora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht fhostaí an oibreora agus a chomhlíontacht leis na ceanglais údaraithe dá dtagraítear i bpointí 8.1 agus 8.2 nó suífear í bunaithe ar an deimhniú údaraithe dá dtagraítear i bpointe 9.2. 3.8. Ní éileoidh an monaróir feithiclí aon táille chun rochtain a chumasú faoi phointe 2.9 d’Iarscríbhinn X. Féadfaidh an monaróir feithiclí táillí comhréireacha a bhfuil údar leo a ghearradh i gcás na saoráide cianda dá dtagraítear i bpointe 2.9, pointe (c), áfach. 4. Ceanglais maidir le nascadh 4.1. Cé is moite de na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 3.1, pointí (a) go (c), féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go ndéanfar nascadh aonuaire ar líne ón uirlis dhiagnóiseach trí fhreastalaí an mhonaróra uirlise diagnóisí le freastalaí an mhonaróra feithiclí chun dintiúir a fháil. Tar éis na dintiúir rochtana a sholáthar, ní bheidh nascadh ar líne de dhíth chun rochtain a fháil. 4.2. I gcás ina mbaineann athrú ar bhogearra feithicle nó ar a chumraíocht/ar a pharaiméadair arb é is toradh air athrú ar iompar beartaithe na feithicle agus a mhaireann níos faide ná an oibríocht deisiúcháin agus cothabhála, ionas nach féidir é a aisiompú ná a fhorscríobh ach trí oibríocht choibhéiseach a dhéanamh, i gcás ina mbaineann athrú den sórt sin le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbeidh nasc leanúnach ar líne ann le freastalaí an mhonaróra uirlise diagnóisí tráth a dhéantar an deisiúchán leis an uirlis dhiagnóiseach chomh maith le nasc idir an monaróir uirlise diagnóisí agus freastalaí an mhonaróra feithiclí. 4.3. Cuimseofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 4.2 an méid seo a leanas;
4.4. Ní áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 4.2 oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála a áirítear i bpointí 3.4 agus 3.5. 4.5. De mhaolú ar phointe 4.4, áfach, áirítear leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 4.2 oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála dá dtagraítear i bpointe 3.5 i gcás inar gá luachanna calabraithe a fhíorú atá faoi réir ceanglais rialála nó i gcás nach féidir an calabrú a thabhairt i gcrích d’uireasa sonraí sonracha i dtaobh comhpháirt aonair nó aonad teicniúil faoi leith is gá chun an próiseas deisiúcháin a thabhairt i gcrích agus a fhaightear ó fhreastalaí an mhonaróra mar chuid den phróiseas códaithe malairtí. 5. Ceanglais maidir le hinrianaitheacht 5.1. Cé is moite de na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 3.1, pointí (a) go (c), féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbaileoidh agus go stórálfaidh an monaróir uirlise diagnóisí uimhir aitheantais feithicle na feithicle agus sainaitheantóir uathúil na huirlise diagnóisí. 5.2. I gcás ina mbaineann athruithe ar an bhfeithicil leis an rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbaileoidh agus go stórálfaidh an monaróir uirlise diagnóisí faisnéis faoi na jabanna uile diagnóisice a rinneadh (e.g. aitheantas seirbhíse agus fofheidhm) agus na paraiméadair/aitreabúidí a úsáideadh agus stampaí dáta agus ama AUL le haghaidh gach idirghníomhaíochta leis an bhfeithicil. 5.3. Áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 5.2 na hoibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála sin dá dtagraítear i bpointí 3.4, 3.5, 4.3 agus 4.5. 5.4. I gcás ina mbaineann athrú ar bhogearra feithicle nó ar a chumraíocht/ar a pharaiméadair arb éard atá ann athchlárú ar chód bogearra na feithicle agus arb é is toradh air athrú ar iompar beartaithe na feithicle agus a mhaireann níos faide ná an oibríocht deisiúcháin agus cothabhála, ionas nach féidir é a aisiompú ná a fhorscríobh ach trí oibríocht choibhéiseach a dhéanamh, i gcás ina mbaineann athrú den sórt sin le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbaileoidh agus go soláthróidh an monaróir uirlise diagnóisí torthaí an iniúchta ar thoipeolaíocht líonra na feithicle, staid tosaigh na feithicle nuair a nasctar léi, lena n-áirítear leaganacha bogearraí/crua-earraí na n-aonad rialaithe leictreonach uile atá feistithe san fheithicil, torthaí na n-idirghníomhaíochtaí modúil agus na ngnáthamh uile a ritheadh (e.g. paraiméadair aischurtha) agus torthaí na miontuairisce seiceála deiridh ar dhea-chaoi feithicle tar éis deisiúcháin. 5.5. Áireofar sna cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 5.4 oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála amhail bunpháirt athsholáthair a phéireáil le feithicil (lena n-áirítear páirt athmhonaraithe nó ath-úsáidte atá comhoiriúnacha le bogearraí agus crua-earraí (mar a shainíonn an monaróir feithiclí)), nó páirt athsholáthair atá údaraithe ag an monaróir feithiclí a phéireáil le feithicil trí uirlis dhiagnóiseach neamhspleách a úsáid agus athchlárú modúil trí úsáid a bhaint as bogearraí feithicle buntrealaimh agus bogearraí cláraithe buntrealaimh i gcomhréir le treoracha an mhonaróra feithiclí. Áireofar ann freisin cásanna díchúplála nó dícháraithe comhpháirte ó fheithicil. 5.6. Ní áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 5.4 oibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála a áirítear i bpointí 3.4, 3.5, 4.3 agus 4.5. 6. Ceanglais maidir leis an gcibearshlándáil is infheidhme maidir le huirlis dhiagnóiseach 6.1. Cé is moite de chásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 3.1, pointí (a) go (c), féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbeidh an uirlis dhiagnóiseach a úsáidtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle (*7) agus go mbeidh an monaróir uirlise diagnóisí i gcomhréir leis an Sásra Malartaithe agus Measúnaithe Iontaofa um Shlándáil Faisnéise, chuig an leibhéal a shonraíonn an monaróir feithiclí i gcomhréir le pointe 2.5, nó ISO 27001. 6.2. I gcás ina mbaineann athruithe ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 3.2 le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir feithiclí ceanglas a dhéanamh de go mbeidh an uirlis dhiagnóiseach a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord agus an monaróir uirlise diagnóisí i gcomhréir le ceanglais chur chun feidhme slándála an mhonaróra feithiclí. 6.3. Ceanglais chur chun feidhme slándála an mhonaróra feithiclí, ní rachaidh siad thar na ceanglais a fhorchuirtear ar uirlis dhiagnóiseach, soláthróirí uirlise agus eagraíocht dhílis an mhonaróra feithiclí, agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. 6.4. Féadfaidh an monaróir feithiclí a cheangal ar an monaróir uirlise diagnóisí tástálacha a dhéanamh chun a fhíorú go bhfuil an uirlis dhiagnóiseach i gcomhréir leis na ceanglais shonraithe. Áiritheofar trí bhíthin Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse go ndéanfaidh an monaróir feithiclí aon fhíorú ar thorthaí na dtástálacha sin go tráthúil. I gcás nach ndeimhnítear go bhfuil an monaróir uirlise diagnóisí i gcomhréir leis na ceanglais sa roinn seo, soláthróidh an monaróir feithiclí ráiteas soiléir ina bhfuil na cúiseanna nach bhfuiltear á gcomhlíonadh, in éineacht leis na bearta is gá atá le cur chun feidhme ag an monaróir uirlise diagnóisí. 6.5. Áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 6.2 na hoibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála sin dá dtagraítear i bpointí 3.4 agus 3.5. 6.6. I gcás athrú ar bhogearra feithicle nó ar a chumraíocht/ar a pharaiméadair arb é is toradh air athrú ar iompar beartaithe na feithicle agus a mhaireann níos faide ná an oibríocht deisiúcháin agus cothabhála, ionas nach féidir é a aisiompú ná a fhorscríobh ach trí oibríocht choibhéiseach a dhéanamh, i gcás ina mbaineann athrú den sórt sin le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, féadfaidh an monaróir ceanglas a dhéanamh de go mbeidh an uirlis dhiagnóiseach a úsáidtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord agus an monaróir uirlise diagnóisí i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha maidir le cur chun feidhme Chóras Bainistithe Nuashonruithe Bogearraí an mhonaróra feithiclí (mar a shainítear i Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (*8). Ní rachaidh na ceanglais sin thar na ceanglais a fhorchuirtear ar uirlis dhiagnóiseach, soláthróirí uirlise agus eagraíocht dhílis an mhonaróra feithiclí, agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. 6.7. Áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 6.6 na hoibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála sin dá dtagraítear i bpointí 4.3, 4.5 agus 5.5 agus ní áireofar iad siúd dá dtagraítear i bpointí 3.4 agus 3.5. 7. Dintiúir rochtana 7.1. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile dá dtagraítear i Ranna 3, 4 agus 6, soláthróidh an monaróir feithiclí dintiúir rochtana don mhonaróir uirlise diagnóisí gan mhoill, ar dintiúir rochtana iad atá leordhóthanach chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord is gá. 7.2. Féadfaidh dintiúir rochtana a bheith sonrach don uimhir aitheantais feithicle. 7.3. Beidh dintiúir rochtana bailí ar feadh 30 lá ar a laghad ón uair a sholáthraítear iad. 7.4. I gcás ina mbaineann athrú ar an bhfeithicil le rochtain a fháil ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord, áfach, féadfaidh an monaróir feithiclí bailíocht na ndintiúr rochtana a theorannú do 24 uair an chloig. 7.5. Áireofar leis na cásanna rochtana dá dtagraítear i bpointe 7.4 na hoibríochtaí deisiúcháin agus cothabhála dá dtagraítear i bpointí 3.4, 3.5, 4.3, 4.5 agus 5.5. 8. Critéar údaraithe agus deimhnithe údaraithe 8.1. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 3.2, féadfaidh an monaróir feithiclí diúltú dintiúir rochtana a eisiúint mura ndearbhaíonn monaróir na huirlise diagnóisí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord an méid seo a leanas i dtaobh an oibreora a bhfuil rochtain á lorg aige ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord:
Ní fhorchuirfidh an monaróir feithiclí aon choinníoll eile maidir le dintiúir rochtana a eisiúint seachas iad sin a shonraítear i bpointí (a) agus (b). 8.2. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 5.4, nuair a éilíonn an monaróir feithiclí fíordheimhniú fhostaí an oibreora agus mura ndearbhaíonn an monaróir uirlise diagnóisí don mhonaróir feithiclí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 3.3, go bhfuil córas i bhfeidhm ag an oibreoir lena gcumasaítear sainaithint chinnte an fhostaí a lorgaíonn rochtain den sórt sin, féadfaidh an monaróir feithiclí a dhiúltú na dintiúir rochtana a eisiúint i gcás nach ndearbhaíonn monaróir na huirlise diagnóisí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dhiagnóiseach ar bord, sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe 8.1., go bhfuil comhaontú fostaíochta ag an bhfostaí a bhfuil rochtain á lorg aige ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord leis an oibreoir a bhfuil rochtain á lorg aige ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord agus go bhfuil cárta aitheantais bailí tírshonrach nó doiciméad coibhéiseach ag an bhfostaí lena mbaineann. 8.3. Chun bheith incháilithe don nós imeachta fíordheimhniúcháin faoin bhFoscríbhinn seo, tabharfaidh an monaróir uirlise diagnóisí gealltanas faoi choinníollacha ginearálta na gconarthaí le hoibreoirí glacadh, ar iarraidh ón oibreoir neamhspleách, chun comhlíontacht a dhearbhú leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointí 8.1 agus 8.2, le deimhniú dá dtagraítear i bpointe 9.2 den bhFoscríbhinn seo agus nár eisíodh tráth níos luaithe ná 60 mí roimh an iarraidh ar rochtain. I gcás nach n-iarrann oibreoir fíordheimhniú bunaithe ar an ndeimhniú sin, áfach, féadfaidh an monaróir uirlise diagnóisí, chun fíordheimhniú a dhéanamh, roghnú céannacht an oibreora nó céannacht fhostaí an oibreora agus comhlíontacht na gcritéar údaraithe a fhíorú trí bhíthin a phróiseas dílis. 9. Comhlacht um Measúnú Comhréireachta agus Ionad Iontaoibhe 9.1. Maidir leis na deimhnithe dá dtagraítear i bpointí 3.7 agus 8.3, eiseoidh Ionad Iontaoibhe dá dtagraítear i bpointe 2.1.6 d’Fhoscríbhinn 3 iad bunaithe ar thorthaí an Chomhlachta um Measúnú Comhréireachta dá dtagraítear i bpointe 4.2.2 d’Fhoscríbhinn 3 maidir leis na tosca dá dtagraítear i bpointe 9.2. 9.2. Chun go n-eiseodh Ionad Iontaoibhe na deimhnithe údaraithe, déanfaidh an Comhlacht um Measúnú Comhréireachta an méid seo a leanas:
9.3. Chun na deimhnithe údaraithe a eisiúint sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 9.1, déanfaidh an tIonad Iontaoibhe an méid seo a leanas:
10. Rochtain an mhonaróra feithiclí ar fhaisnéis faoin oibreoir 10.1. Gheobhaidh an monaróir feithiclí, arna iarraidh sin dó, rochtain ón monaróir uirlise diagnóisí ar an bhfaisnéis maidir le hoibríocht aonair deisiúcháin nó chothabhála a taifeadadh i gcomhréir le Roinn 5 i gcás inar gá maidir le hobair dheisiúcháin nó chothabhála a rinneadh ar fheithicil ar leith chun an méid seo a leanas a dhéanamh agus sa chás sin amháin:
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c), áireofar san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoin oibreoir agus/nó faoina fhostaithe. I gcás ina raibh an monaróir uirlise diagnóisí ag brath ar fhíordheimhniú deimhnithe a sholáthair an tIonad Iontaoibhe, soláthróidh an Comhlacht um Measúnú Comhréireachta ábhartha an fhaisnéis is gá bunaithe ar a mheasúnú ar iarraidh dhoiciméadaithe ón monaróir feithiclí. Áiritheoidh an monaróir feithiclí nach n-úsáidfear an fhaisnéis faoi oibríocht aonair deisiúcháin nó chothabhála a bhfuarthas rochtain uirthi chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) chun aon chríche eile. 10.2. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 10.1, cuirfidh an monaróir uirlise diagnóisí an t-oibreoir neamhspleách agus, i gcás inarb ábhartha, fostaí an oibreora neamhspleách ar an eolas gan mhoill faoin rochtain ar an bhfaisnéis faoi oibríocht aonair deisiúcháin nó chothabhála nó ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an oibreoir agus/nó a fhostaithe. 10.3. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 10.1, pointí (a) agus (c), agus i gcás inar gá agus inar comhréireacha chun mí-úsáid bhreise a chosc nó aghaidh a thabhairt ar riosca cibearshlándála, féadfaidh an monaróir feithiclí rochtain na huirlisí diagnóisí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a shrianadh nó iarraidh ar an monaróir uirlise diagnóisí lena mbaineann bearta a dhéanamh láithreach chun srian a chur ar rochtain an oibreora, na huirlise diagnóisí nó an fhostaí lena mbaineann ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord a bhaineann le feithiclí an mhonaróra sin. 10.4. I gcásanna eisceachtúla, mar fhreagairt ar theagmhas mór cibearshlándála atá ag tarlú nó atá ar tí tarlú, féadfaidh monaróir feithiclí rochtain ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord a chur ar fionraí, ar an leibhéal is mionsonraithe is féidir, i gcás inar gá agus inar comhréireach chun freagairt don teagmhas lena mbaineann. 10.5. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 10.3 agus 10.4, tabharfaidh an monaróir feithiclí fógra faoin bhfionraí, an tráth céanna, don Údarás Ceadaithe, in éineacht leis na cúiseanna leis an bhfionraí agus an fhianaise ábhartha uile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí nuair a shocrófar an teagmhas nó má iarrann an tÚdarás Ceadaithe ar an monaróir feithiclí déanamh amhlaidh.Déanfaidh an tÚdarás Ceadaithe, laistigh de 10 lá ó lá an fhógra, athbhreithniú ar na forais leis an bhfionraí agus, i gcás inar soiléir nach bhfuil údar cuí leis an bhfionraí nó go bhfuil an fionraí díréireach, iarrfaidh sé ar an monaróir feithiclí nó ar an monaróir uirlise diagnóisí lena mbaineann an rochtain a chur ar fáil arís. Féadfaidh an tÚdarás Ceadaithe iarraidh, tráth ar bith, ar an monaróir feithiclí agus ar an monaróir uirlise diagnóisí lena mbaineann an rochtain a chur ar fáil arís i gcás ina measann sé gur tháinig deireadh leis na forais leis an bhfionraí. 11. Faisnéis atá le soláthar do mhonaróirí uirlise diagnóisí 11.1. Taispeánfaidh córas faisnéise deisiúcháin agus cothabhála an mhonaróra feithiclí sonraí teagmhála agus próiseálfaidh sé faisnéis ghaolmhar faoin gcaoi arbh fhéidir an fhaisnéis a iarradh a fháil, mar a shonraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) maidir le comhtháthú uirlise diagnóisí, tráth an chineálcheadaithe:
11.2. Faoi réir comhaontú neamhnochta a thabhairt i gcrích, cuirfidh an monaróir feithiclí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil, arna iarraidh sin air, d’aon oibreoir neamhspleách atá i gcomhréir leis an Sásra Malartaithe agus Measúnaithe Iontaofa um Shlándáil Faisnéise, ar an leibhéal a shonraigh an monaróir feithiclí i gcomhréir le pointe 2.5, nó ISO 27001:
11.3. Soláthróidh an monaróir feithiclí an fhaisnéis seo a leanas agus cuirfidh sé na seirbhísí seo a leanas ar fáil don mhonaróir uirlise diagnóisí, tráth a thugtar comhaontú i gcrích maidir le comhtháthú uirlise diagnóisí:
11.4. Na ceanglais maidir le cur chun feidhme slándála dá dtagraítear i bpointe 11.3, beidh míniú ar na cúiseanna leis an gceanglas sin ag gabháil leo. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an monaróir feithiclí gan ach na ceanglais is gá a sholáthar gan mínithe mionsonraithe i gcás inar fíor an méid seo a leanas:
11.5. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 11.1 go 11.3 in éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú. 12. Fóram maidir le diagnóisic ar bord 12.1. Beidh an fóram um rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí (Fóram maidir le diagnóisic ar bord) i gceannas ar chur chun feidhme nósanna imeachta a chomhordú agus faireachán a dhéanamh air maidir leis an méid seo a leanas:
12.2. Déanfaidh an Fóram an méid seo a leanas:
12.3. Déanfaidh monaróirí feithicle agus oibreoirí neamhspleácha a bhíonn ag plé le cur chun feidhme agus úsáid na nósanna imeachta agus na bpróiseas a dtugtar tuairisc orthu i mír 12.1 ionadaíocht do chomhaltaí an Fhóraim maidir le diagnóisic ar bord. 12.4. Oibreoidh an Fóram maidir le diagnóisic ar bord faoin struchtúr comónta dlíthiúil agus eagraíochtúil mar an ‘Fóram maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil feithicle a bhaineann leis an tSlándáil dá dtagraítear i mír 2.1.12 d’Fhoscríbhinn 3. (*4) Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj)." (*5) Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/83/oj)." (*6) Rialachán Uimh. 168 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí tráchtála a mhéid a bhaineann le fíorastaíochtaí tiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj)." (*7) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj)." (*8) Rialachán Uimh. 156 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonruithe bogearraí [2021/388] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 60, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/388/oj)." () Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj). () Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/83/oj). () Rialachán Uimh. 168 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí tráchtála a mhéid a bhaineann le fíorastaíochtaí tiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj). () Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj). () Rialachán Uimh. 156 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonruithe bogearraí [2021/388] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 60, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/388/oj). |
(*1) Rialachán Uimh. 154 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus tomhaltas breosla agus/nó tomhas tomhaltais fuinnimh leictrigh agus raoin leictrigh (WLTP) [2021/2039] (IO L 423, 26.11.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2039/oj).
(*2) Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí [2023/64] (IO L 14, 16.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/64/oj).’;
(*3) Mar a shainítear in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/138/oj).’;
(*4) Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj).
(*5) Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/83/oj).
(*6) Rialachán Uimh. 168 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí éadroma do phaisinéirí agus feithiclí tráchtála a mhéid a bhaineann le fíorastaíochtaí tiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj).
(*7) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).
(*8) Rialachán Uimh. 156 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonruithe bogearraí [2021/388] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 60, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/388/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/699/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)