Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0463

Rialachán (AE) 2026/463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme choincheap an tríú tír shábháilte

PE/68/2025/REV/1

IO L, 2026/463, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/463/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/463/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/463

26.2.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/463 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme choincheap an tríú tír shábháilte

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), pointe (d), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaítear nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar san Aontas. Tá gnéithe éagsúla de choincheap an tríú tír shábháilte athbhreithnithe ag an gCoimisiún, lena n-áirítear critéir maidir le sábháilteacht, próis chuí, an critéar maidir le nasc agus na forálacha maidir le leigheas éifeachtach. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar infheidhmeacht choincheap an tríú tír shábháilte, agus na coimircí dlíthiúla d’iarratasóirí á gcaomhnú agus urraim do chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna.

(2)

Agus coincheap an tríú tír shábháilte á chur i bhfeidhm mar fhoras neamh-inghlacthachta, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2024/1348 nasc a bheith ann idir an t-iarratasóir agus an tríú tír ar ar a bhonn a bheadh sé réasúnach don iarratasóir dul chuig an tríú tír sin. Ní cheanglaítear, áfach, nasc a bheith ann idir an t-iarratasóir agus an tríú tír shábháilte faoin dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 31 Eanáir 1967, ná faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm i gcás nach féidir aon nasc a bhunú idir an t-iarratasóir agus an tríú tír shábháilte lena mbaineann, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348 arna leasú leis an Rialachán seo.

(3)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag Ballstáit i gcónaí coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ar bhonn an naisc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann nasc ar ar a bhonn a bheadh sé réasúnach don iarratasóir dul chuig an tríú tír sin. Ba cheart do na Ballstáit, agus na paraiméadair a leagtar amach i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á n-urramú go hiomlán, a bheith in ann coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ar bhonn nasc mar a shainítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a mhéid a shainítear go sonrach sa dlí sin nó sa chleachtas sin é. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil an nasc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír bunaithe go háirithe i gcás ina bhfuil baill teaghlaigh an iarratasóra i láthair sa tríú tír sin nó i gcás inar chuir an t-iarratasóir faoi nó inar fhan sé nó sí sa tríú tír sin, nó i gcás ina bhfuil naisc theanga, chultúrtha nó chomhchosúla eile leis an tríú tír sin ag an iarratasóir.

(4)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le hiarratasóirí a rinne idirthuras trí chríoch tríú tír sular tháinig siad isteach san Aontas, toisc go bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go bhféadfadh duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg aige nó aici cosaint éifeachtach a iarraidh i dtríú tír shábháilte a ndearna sé nó sí idirthuras tríthi. Nasc oibiachtúil idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann is ea idirthuras a bheith déanta aige nó aici roimhe sin trí thríú tír shábháilte. Chun críocha an Rialacháin seo, d’fhéadfaí a áireamh ar idirthuras trí thríú tír an cás ina ndeachaigh iarratasóir trí chríoch tríú tír nó inar fhan sé nó sí ar chríoch tríú tír, ar an mbealach chuig an Aontas, nó ina raibh an t-iarratasóir ag an teorainn nó i gcrios idirthurais tríú tír, ina raibh an fhéidearthacht ag an iarratasóir sin cosaint éifeachtach a iarraidh ar údaráis an tríú tír lena mbaineann.

(5)

Ós rud é gur gá an comhar le tríú tíortha a neartú maidir le haghaidh a thabhairt ar imirce neamhrialta chuig an Aontas, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit freisin coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ar bhonn comhaontú nó socrú, gan beann ar a ainmniú foirmiúil, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit leis an tríú tír lena mbaineann ar bhealach atá fabhrach don deimhneacht dhlíthiúil agus don trédhearcacht, ar choinníoll go bhfuil forálacha sa chomhaontú nó sa socrú lena mbaineann lena gceanglaítear scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais aon iarrataí ar chosaint éifeachtach arna ndéanamh sa tríú tír sin ag iarratasóirí atá faoi réir an chomhaontaithe nó an tsocraithe sin. Chun cosaint éifeachtach a dheonú agus chuige sin amháin, d’fhéadfaí cineálacha éagsúla nósanna imeachta maidir le próiseáil cásanna, mar shampla nósanna imeachta simplithe, nósanna imeachta grúpa nó nósanna imeachta prima facie, a áireamh sna scrúduithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír lena bhfuil comhaontú nó socrú tugtha i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit.

(6)

D’fhonn comhordú níos dlúithe ar fud an Aontais a áirithiú agus giaráil agus comhar a mhéadú in idirphlé le tríú tíortha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le hiarratasóirí faoi chomhaontuithe nó socruithe a bhfuil an tAontas, ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tíortha, ar thaobh amháin, agus tríú tír shábháilte, ar an taobh eile, ina bpáirtithe iontu. Ar mhaithe le héifeachtacht agus chun neamh-chomhoiriúnachtaí a sheachaint, ós rud é go bhféadfadh ábhar na gcomhaontuithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo teacht faoi inniúlacht chomhroinnte an Aontais agus na mBallstát, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus comhaontuithe den sórt sin á dtabhairt i gcrích acu, d’fhonn aontacht a áirithiú maidir le hionadaíocht idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, sa bhreis ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar don nós imeachta sin, ba cheart don Choimisiún, le linn na caibidlíochta maidir le comhaontú le tríú tír (‘comhaontú ar leibhéal an Aontais’), aird chuí a thabhairt ar aon chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana idir Ballstát agus an tríú tír chéanna agus aird chuí a thabhairt ar iarmhairtí an chomhaontaithe ar leibhéal an Aontais do na comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha sin agus do chomhar agus caidreamh foriomlán an Bhallstáit leis an tríú tír sin i réimse na himirce, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na hábhair pholaitiúla agus eacnamaíocha atá i gceist.

(7)

Is féidir leis an Aontas comhaontuithe nó socruithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas. Is féidir le hionstraimí den sórt sin ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le creat coiteann dlíthiúil agus nós imeachta Aontais a chur ar fáil le haghaidh comhar maidir le tearmann agus imirce, lena n-áirithítear go gcuirfear dlí agus caighdeáin an Aontais chun feidhme go comhsheasmhach, agus lena ndéantar muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a threisiú agus coincheap an tríú tír shábháilte á chur i bhfeidhm.

(8)

I bhfianaise staid leochaileachta na mionaoiseach neamhthionlactha agus an ghá atá le tacaíocht spriocdhírithe, níor cheart coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le mionaoisigh neamhthionlactha ach amháin i gcás inar féidir nasc leis an tríú tír lena mbaineann, nó idirthuras tríd an tríú tír lena mbaineann, a bhunú, agus ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) 2024/1348. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tús áite do leas an linbh i ngach cinneadh a bhaineann le mionaoisigh. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt freisin, agus coincheap an tríú tír shábháilte á chur i bhfeidhm acu, ar phrionsabal na haontachta teaghlaigh.

(9)

Is gá feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le comhaontuithe agus socruithe a thugann na Ballstáit i gcrích le tríú tíortha sábháilte chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a bhunú maidir le gné sheachtrach na himirce agus a n-iarrachtaí i leith tríú tíortha a chomhordú chun coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí faireachán a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann comhaontuithe nó socruithe le tríú tíortha na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1348 arna leasú leis an Rialachán seo. Ba cheart a bheith in ann, dá thairbhe, coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos comhleanúnaí ar fud an Aontais, agus ba cheart dó rannchuidiú le dea-fheidhmiú foriomlán an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn. Chuige sin ar chomhaontú nó socrú a thabhairt i gcrích le tríú tír, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoin gcomhaontú sin nó faoin socrú sin sula gcuirtear i bhfeidhm go sealadach é, nó sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cibé acu is túisce.

(10)

I gcomhréir le rialacha infheidhme na gConarthaí, ba cheart faisnéis ábhartha a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le comhaontuithe nó socruithe idir an tAontas agus tríú tíortha a bhaineann le coincheap an tríú tír shábháilte.

(11)

Chun a áirithiú go ndéanfar na leasanna dlisteanacha atá nasctha le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus le slándáil inmheánach na mBallstát lena mbaineann a chosaint go leordhóthanach, i gcúinsí ina ndéanann Ballstát comhaontú nó socrú a chaibidil chun críocha Rialachán (AE) 2024/1348 arna leasú leis an Rialachán seo le ceann de thríú tíortha comharsanachta an Aontais, ba cheart na Ballstáit a bhfuil teorainn choiteann acu leis an tríú tír sin a chur ar an eolas faoin gcaibidlíocht sin ag am iomchuí sula dtabharfaí an comhaontú nó an socrú lena mbaineann i gcrích, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, chun neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais a sheachaint agus chun an trédhearcacht a fheabhsú a thuilleadh i ndáil le comhaontuithe nó socruithe idir Ballstáit agus tríú tíortha, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh an Coimisiún agus na Ballstáit eile a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn na caibidlíochta le tríú tír i ndáil le comhaontuithe nó socruithe arna n-údarú faoin Rialachán seo, sula dtiocfadh na páirtithe ar chomhaontú críochnaitheach, lena n-áirítear d’fhonn a iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an chomhaontaithe nó an tsocraithe atá beartaithe agus atá faoi chaibidil le dlí an Aontais.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun nach mbeidh baol ann go n-éalódh iarratasóirí a bhfuil coincheap an tríú tír shábháilte á chur i bhfeidhm ina leith, lena n-áirítear trí shrian a chur le saorghluaiseacht de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó tríd an iarratasóir lena mbaineann a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin , chun inghlacthacht iarratas a mheasúnú.

(13)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2024/1348, i gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha ar bhonn choincheap an tríú tír shábháilte, gur cheart don údarás cinntitheach doiciméad a thabhairt don iarratasóir lena gcuirtear in iúl d’údaráis an tríú tír nár scrúdaíodh an t-iarratas ó thaobh substainte de san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte. D’fhéadfadh an tAontas agus a Bhallstáit na comhaontuithe nó na socruithe sin a thabhairt i gcrích, mar a údaraítear faoin Rialachán seo, lena bhféadfaí forálacha a áireamh maidir le nósanna imeachta atá éagsúil leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348, chun údaráis an tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aistriú iarratasóirí ó chríoch na mBallstát chuig an tríú tír sin. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil coincheap an tríú tír shábháilte á chur i bhfeidhm maidir le tríú tír a bhfuil comhaontú nó socrú den sórt sin tugtha i gcrích ag an Aontas nó ag Ballstát léi, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1348 gan dochar d’aon nós imeachta lena gcuirtear údaráis an tríú tír ar an eolas a leagtar amach i bhforálacha ábhartha an chomhaontaithe nó an tsocraithe sin.

(14)

Chun éifeachtúlacht nós imeachta a fheabhsú, níor cheart ceart uathoibríoch a bheith ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit chun críche nós imeachta achomhairc i gcoinne cinneadh maidir le neamh-inghlacthacht arna dhéanamh ar bhonn choincheap an tríú tír shábháilte. Ina theannta sin, níor cheart aon cheart uathoibríoch a bheith ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit chun críche nós imeachta achomhairc i gcoinne cinneadh maidir le neamh inghlacthacht arna dhéanamh ar an mbonn gur dheonaigh Ballstát seachas an Ballstát ina dtaisctear an t-achomharc cosaint idirnáisiúnta don iarratasóir. Mar sin féin, ba cheart forfheidhmiú an chinnidh chomhfhreagraigh um fhilleadh a chur ar fionraí le linn na teorann ama ar laistigh di is féidir leis an iarratasóir lena mbaineann a cheart nó a ceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú os comhair cúirt chéadchéime agus, nuair a thaisctear an t-achomharc sin, i gcás ina bhfuil baol ann go sárófaí prionsabal an non-refoulement.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte, a ghnóthú agus nach féidir iad a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir dar dáta an 22 Iúil 2025, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(19)

I bhfianaise chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1348 ón 12 Meitheamh 2026 agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/1348 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá nasc ann idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann agus ar bhonn an naisc sin bheadh sé réasúnach don iarratasóir dul chuig an tír sin;

(ii)

rinne an t-iarratasóir idirthuras tríd an tríú tír lena mbaineann ar an mbealach chuig an Aontas; nó

(iii)

tá comhaontú nó socrú ann a tugadh i gcrích idir an tAontas, Ballstát amháin nó níos mó nó Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tíortha, de pháirt, agus an tríú tír lena mbaineann, de pháirt eile, lena gceanglaítear scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais aon iarrataí ar chosaint éifeachtach arna ndéanamh sa tríú tír lena mbaineann ag iarratasóirí a chumhdaítear leis an gcomhaontú nó an socrú sin.’

;

(ii)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘I gcás ina rachaidh an Coimisiún i mbun caibidlíocht le haghaidh comhaontaithe thar ceann an Aontais le tríú tír (“Comhaontú ar leibhéal an Aontais”) d’fhonn comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(iii), a thabhairt i gcrích, cuirfidh sé san áireamh aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach atá ann cheana idir na Ballstáit agus an tríú tír chéanna le linn na caibidlíochta, lena n-áirítear an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontú ar leibhéal an Aontais ar na comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha sin agus ar chomhar na mBallstát leis an tríú tír sin i réimse na himirce.

Beidh tosaíocht ag comhaontú arna thabhairt i gcrích ag an Aontas agus ag tríú tír a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre, pointe (b)(iii), ar aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach nó ar aon socrú arna thabhairt i gcrích idir Ballstáit aonair agus an tríú tír chéanna, a mhéid a bhfuil a bhforálacha ar neamhréir le forálacha an chomhaontaithe ar leibhéal an Aontais sin.

Cuirfidh Ballstát, ag tráth iomchuí, na Ballstáit ábhartha ar an eolas faoi chaibidlíocht maidir le comhaontú nó socrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(iii), le tríú tír a bhfuil teorainn choiteann aici leis na Ballstáit sin.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chomhaontú nó socrú déthaobhach nó iltaobhach arna thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an gcéad mhír, pointe (b)(iii), sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, nó i gcás ina bhfuil comhaontú nó socrú le cur i bhfeidhm go sealadach, sula gcuirfear tús lena chur i bhfeidhm sealadach. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoi aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na comhaontuithe nó ar na socruithe sin nó faoi fhoirceannadh na gcomhaontuithe nó na socruithe sin.’

;

(b)

i mír 6, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

‘Ní chuirfidh na Ballstáit mír 5, an chéad fhomhír, pointe (b)(iii), i bhfeidhm i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir.’

;

(c)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

doiciméad a thabhairt dó nó di a chuireann in iúl d’údaráis an tríú tír atá i gceist, i dteanga na tíre sin, nár scrúdaíodh an t-iarratas ó thaobh substainte de san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte, gan dochar do chur i bhfeidhm nósanna imeachta éagsúla chun go gcuirfí ar an eolas údaráis an tríú tír a leagtar amach i gcomhaontuithe nó i socruithe atá i bhfeidhm cheana idir an tAontas nó an Ballstát sin agus an tríú tír lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (b)(iii).’

;

(2)

in Airteagal 68(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha de bhun Airteagal 38(1), pointe (a), (b), (c), (d) nó (e), nó Airteagal 38(2), ach amháin i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir atá faoi réir an nós imeachta teorann.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. KOMBOS


(1)  Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Feabhra 2026.

(3)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(4)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/463/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top