This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0397
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/397 of 23 February 2026 authorising the placing on the market of lacto-N-tetraose produced by a derivative strain of Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) as a novel food and amending Implementing Regulation (EU) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/397 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2026 lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/397 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2026 lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
C/2026/988
IO L, 2026/397, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/397/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32017R2470 | Cur le | iarscríbhinn tábla 1 Téacs | 16/03/2026 | |
| Modifies | 32017R2470 | Cur le | iarscríbhinn tábla 2 Téacs | 16/03/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/397 |
24.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/397 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2026
lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484 ón gCoimisiún (3) údaraíodh lachta-N-teatra-ós a fhaightear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as an tréithchineál géinmhodhnaithe K12 DH1 de Escherichia coli a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/7 ón gCoimisiún (4) údaraíodh lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(5) |
An 15 Deireadh Fómhair 2023 chuir an chuideachta Inbiose N.V. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun lachta-N-teatra-ós (‘LNT’), a fhaightear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as tréithchineál géinmhodhnaithe (MG1655) a dhíorthaítear ón tréithchineál óstach Escherichia coli (‘E. coli’) K12 (ATCC 700926), a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an LNT arna tháirgeadh ar an mbealach sin sna catagóirí bia céanna agus ar na huasleibhéil céanna leis an LNT a údaraítear faoi láthair le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484. Ina dhiaidh sin, an 21 Deireadh Fómhair 2025, mhodhnaigh an t-iarratasóir an iarraidh tosaigh san iarratas maidir le LNT arna tháirgeadh le tréithchineáil díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a úsáid i bhforbhianna chun forbhianna a cheaptar lena úsáid mar fhorbhianna do leanaí óga a eisiamh. |
|
(6) |
An 15 Deireadh Fómhair 2023, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin ar staidéar dílsithe eolaíoch agus sonraí dílsithe eolaíocha a chosaint, mar atá, sainaitheantas an bhia núíosaigh (5), an próiseas táirgthe, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an tréithchineál táirgthe géinmhodhnaithe (6), comhdhéanamh agus cobhsaíocht an bhia núíosaigh (7), Ionsú, Dáileadh, Meitibileacht agus Eisfhearadh (ADME) (8), faisnéis thocsaineolaíoch (9), agus an staidéar bithfhaisnéisíochta maidir le measúnú ailléirgineachta (10), mar thaca leis an iarratas. |
|
(7) |
An 19 Eanáir 2024, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) measúnú a dhéanamh ar LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) mar bhia núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(8) |
An 10 Iúil 2025 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Safety of LNT produced by a derivative strain of Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (11), i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(9) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) go bhfuil sé sábháilte nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor an foras sa tuairim eolaíoch chun a shuí go gcomhlíonann LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach deEscherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) na coinníollacha chun é a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. |
|
(10) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí dílseánaigh seo a leanas: sainaitheantas an bhia núíosaigh, an próiseas táirgthe, lena n-áirítear faisnéis maidir le tréithchineál táirgthe géinmhodhnaithe, comhdhéanamh agus cobhsaíocht an bhia núíosaigh, Ionsú, Dáileadh, Meitibileacht agus Léiriú (ADME), faisnéis thocsaineolaíoch, agus an staidéar bithfhaisnéisíochta le haghaidh measúnú ailléirgineachta, staidéar nach bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá uireasa. |
|
(11) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, cearta dílseánaigh eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na staidéir eolaíocha agus na sonraí sin. |
|
(12) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus mheas sé go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, staidéar eolaíoch agus sonraí, mar atá, sainaitheantas an bhia núíosaigh, an próiseas táirgthe, lena n-áirítear faisnéis maidir le tréithchineál táirgthe géinmhodhnaithe, comhdhéanamh agus cobhsaíocht an bhia núíosaigh, Ionsú, Dáileadh, Meitibileacht agus Léiriú (ADME), faisnéis thocsaineolaíoch, agus an staidéar bithfhaisnéisíochta le haghaidh measúnú ailléirgineachta, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(13) |
Mar sin féin, maidir le LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ina dhiaidh sin ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin. |
|
(14) |
I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) mar atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, is gá a chur in iúl do thomhaltóirí ar lipéad iomchuí, maidir le forbhianna ina bhfuil LNT arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926), nár cheart iad a úsáid má itear bianna eile arna mbreisiú le LNT ar an lá céanna. |
|
(15) |
Maidir le LNT arna tháirgeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926) a áireamh mar bhia núíosach i liosta an Aontais de bhianna núíosacha, is iomchuí go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 ann. |
|
(16) |
LNT arna tháirgeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926), ba cheart é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineáil dhíorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926), údaraítear é lena chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Lachta-N-teatra-ós arna thairgeadh ag tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 MG1655 (ATCC 700926), áireofar é ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta Inbiose N.V (12). chun an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 16 Márta 2026, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Inbiose N.V.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Inbiose N.V.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2020 lena n-údaraítear lachta-N-teatra-ós a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 103, 3.4.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/484/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/7 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 2, 4.1.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/7/oj).
(5) Roinn 2.1; Iarscríbhinn 2.1.01 a ghabhann leis an iarratas (tuarascáil NMR LNT - Inbiose); Iarscríbhinn 2.1.02 a ghabhann leis an iarratas (aistrithe NMR LNT); Iarscríbhinn 2.1.03 a ghabhann leis an iarratas (tuarascáil bhailíochtúcháin LNT_UPLC-RI INBMV1002_2021); Iarscríbhinn 2.1.03.01 a ghabhann leis an iarratas (UPLC-RI_Analytical standards CoA); Iarscríbhinn 2.1.04 a ghabhann leis an iarratas (UPLC-MSMS analysis_LNT); Iarscríbhinn 2.1.05 a ghabhann leis an iarratas (speictrim bhreise NMR).
(6) Roinn 2.2; Prótacal maidir le máistir-chillbhainc agus ceallbhainc infheidhme a ullmhú – Inbiose N.V.); Iarscríbhinn 2.2.04 a ghabhann leis an iarratas (GMM_description INB_LNT agus GMM_description INB_LNT_01_updated_2024); Iarscríbhinn 2.2.04.02 a ghabhann leis an iarratas (INB_LNT_01 - Struchtúr plasmaide cabhraí agus NB_LNT_01_updated_2024 - Struchtúr agus seicheamh plasmaide cabhraí); Iarscríbhinn 2.2.04.03 a ghabhann leis an iarratas (INB_LNT_01 Géinte athchuingreacha); Iarscríbhinn 2.2.04.04 a ghabhann leis an iarratas (Seichimh aimíonaigéad na próitéine athchuingrí in INBLNT_01); Iarscríbhinn 2.2.04.05 a ghabhann leis an iarratas (Faisnéis ghéiniteach); Iarscríbhinn 2.2.04.06 a ghabhann leis an iarratas (Mapaí géanómaíocha géinscriosta); Iarscríbhinn 2.2.04.07 a ghabhann leis an iarratas (Contigs_LNT_fasta_file_updated_2024, an doiciméad iomlán); Iarscríbhinn 2.2.04.08 a ghabhann leis an iarratas (comhad PROKKA_LNT_fasta den AA tuartha); Iarscríbhinn 2.2.04.09 a ghabhann leis an iarratas (Deimhniú LNT_Deposition); Iarscríbhinn 2.2.04.10 a ghabhann leis an iarratas (pINB_LNT_01 - struchtúr agus seicheamh); Iarscríbhinn 2.2.04.11 a ghabhann leis an iarratas (INB_LNT_01 - FSFM breise); Iarscríbhinn 2.2.04.12 a ghabhann leis an iarratas (Tástáil le haghaidh neamhláithreacht ceall inmharthana); Iarscríbhinn 2.2.05 a ghabhann leis an iarratas (Amhábhair); Iarscríbhinn 2.2.06 a ghabhann leis an iarratas (Difríochtaí píolótacha vs tráchtála); Iarscríbhinn 2.2.07 a ghabhann leis an iarratas (Plean AGPRC); Iarscríbhinn 2.2.08 a ghabhann leis an iarratas; Iarscríbhinn 2.2.08.01 a ghabhann leis an iarratas; Iarscríbhinn 2.2.09 a ghabhann leis an iarratas ((HACCP plan_2019).
(7) Roinn 2.3; Iarscríbhinn 2.3.01 a ghabhann leis an iarratas (cion luatha); Iarscríbhinn 2.3.02 a ghabhann leis an iarratas (carbaihiodráití); Iarscríbhinn 2.3.03 a ghabhann leis an iarratas (iontocsainí); Iarscríbhinn 2.3.04 a ghabhann leis an iarratas (Enterobacteriaceae); Iarscríbhinn 2.3.05 a ghabhann leis an iarratas (anailís pH); Iarscríbhinn 2.3.06 a ghabhann leis an iarratas (Micribhitheolaíocht); Iarscríbhinn 2.3.07 a ghabhann leis an iarratas (Cion próitéine); Iarscríbhinn 2.3.08 a ghabhann leis an iarratas (Cion uisce); Iarscríbhinn 2.3.09 a ghabhann leis an iarratas (Miotail throma); Iarscríbhinn 2.3.10 a ghabhann leis an iarratas (Míceatocsainí); Iarscríbhinn 2.3.11 a ghabhann leis an iarratas (Neamhláithreacht rDNA); Iarscríbhinn 2.3.12 a ghabhann leis an iarratas (Torthaí na tuairisce modha qNMR (Inbiose)); Iarscríbhinn 2.3.12.01 a ghabhann leis an iarratas (Bailíochtú modha: Tomhas athshondais mhaighnéadaigh núicléaigh chainníochtúil (qNMR); Iarscríbhinn 2.3.13 a ghabhann leis an iarratas (UPLC-RI Mioncharbaihiodráití); Iarscríbhinn 2.3.14.01 a ghabhann leis an iarratas (HMOnna a chinneadh le LC-MSMS); Iarscríbhinn 2.3.14.02 a ghabhann leis an iarratas (Validation report_LC-MSMS); Iarscríbhinn 2.3.15 a ghabhann leis an iarratas (Tuarascáil ar intuaslagthacht LNT agus LNT solubility report_updated_2024); Iarscríbhinn 2.3.16 a ghabhann leis an iarratas (Ríomh chomhdhéanamh maitríse LNT; Excel sheet : LNT spec.; Excel sheet : qNMR LNT % DM); Iarscríbhinn 2.3.18 a ghabhann leis an iarratas (LNT_Stability study_Powder 40C 70RH ó Inbiose); Iarscríbhinn 2.3.19 a ghabhann leis an iarratas (LNT 40 °C_75 % RH achoimre ar staidéar cobhsaíochta; Excel sheet: 40_75; Excel sheet : graphs 40_75; Excel sheet : microbio); Iarscríbhinn 2.3.20 a ghabhann leis an iarratas (LNT_Stability study_Powder 25C 60RH ó Inbiose agus LNT_Stability study_Powder 25C 60RH_CONFIDENTIAL_Updated_updated_2024 ó Inbiose); Iarscríbhinn 2.3.21 a ghabhann leis an iarratas (Achoimre ar staidéar cobhsaíochta - LNT 25 °C_60 % RH Excel sheet: 25_60 Excel sheet: graphs 25_60 Excel sheet: microbio agus Achoimre ar staidéar cobhsaíochta LNT 25 °C_60 %; RH_Updated_updated_2024; Excel sheet : 25_60; Excel sheet : graphs 25_60; Excel sheet : microbio); Iarscríbhinn 2.3.22 a ghabhann leis an iarratas (LNT_Stability study_Liquid food matrices ó Inbiose); Iarscríbhinn 2.3.23 a ghabhann leis an iarratas (LNT_Stability study_Infant formula ó Inbiose); Iarscríbhinn 2.3.24 a ghabhann leis an iarratas (Monarú an bhainne foirmle do naíonáin); Iarscríbhinn 2.3.30 a ghabhann leis an iarratas (Buaic-sainaithint LNT); Prótacal maidir le máistir-chillbhainc agus ceallbhainc infheidhme a ullmhú – Inbiose N.V.; P1512_R03_v01 –17 NOV 2020; P1679_R01_v01_INB_signed); P1512_R03_v01 –17 NOV 2020 (tuairisc mhodha chun faireachán a dhéanamh ar HMOnna i gcomhábhair bhia agus i maitrísí bia); P1679_R01_v01_INB_signed (Meastóireacht ar scagaire scannáin malartach le haghaidh ullmhú samplaí i modh hmo lc-ms).
(8) Roinn 2.7.
(9) Roinn 2.9; Foroinn 2.9.2 (So-ghineacht agus staidéar géineatocsaineachta); Foroinn 2.9.3 (Staidéir ar thocsaineacht ildáileog bhéil fho-ainsealach i bhfrancaigh); Iarscríbhinn 2.9.01 a ghabhann leis an iarratas (LNT OECD 471 Staidéir ar shó-ghineacht); Iarscríbhinn 2.9.02 a ghabhann leis an iarratas (LNT OECD 487 Staidéar géineatocsaineachta); Iarscríbhinn 2.9.03 a ghabhann leis an iarratas (Anailísí ar fhoirmliú OECD 408); Iarscríbhinn 2.9.04 a ghabhann leis an iarratas (Bailíochtú tuarascála - fualanailís); Iarscríbhinn 2.9.05 a ghabhann leis an iarratas (Anailís plasma - bailíochtú); Iarscríbhinn 2.9.06 a ghabhann leis an iarratas (Staidéar ar an raon dáileoige); Iarscríbhinn 2.9.07 a ghabhann leis an iarratas (Tuarascáil - Staidéir ar thocsaineacht ildáileog bhéil fho-ainsealach in LNT OECD 408); Foscríbhinn B.3 (tábla achoimre barúlacha atá suntasach ó thaobh staitistice de i staidéar tocsaineachta).
(10) Iarscríbhinn 2.10.01 a ghabhann leis an iarratas (torthaí ailléirgine).
(11) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9610, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9610.
(12) Seoladh: Technologiepark 82, bus 41, 9052 Zwijnaarde, an Bheilg.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:
|
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
(*1) Lachta-N-teatrós N-aicéitiolglúcósaimín (GlcNac-LNT); galachta-olagaishiúicrídí (GOS); galachtaisiollachta-N-teatrós (Gal-LNT); para-lachta-N-heicsea-ós II (pLNH II).
ADCanna: Aonaid Déanta Coilíneachta; AInna: Aonaid Iontocsaine.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/397/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)