This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0002
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/2 of 9 February 2026 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/1781 of the European Parliament and of the Council as regards the details and format for the disclosure of information on discarded unsold consumer products
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na mionsonraí agus an fhormáid chun faisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a nochtadh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na mionsonraí agus an fhormáid chun faisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a nochtadh
C/2026/660
IO L, 2026/2, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2 |
10.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Feabhra 2026
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na mionsonraí agus an fhormáid chun faisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a nochtadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (1), agus go háirithe Airteagal 24(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/1781, tá fiontair mhóra agus, ón 19 Iúil 2030 ar aghaidh, fiontair mheánmhéide a dhéanann táirgí tomhaltais neamhdhíolta a dhiúscairt go díreach, nó a bhfaightear réidh leis na táirgí sin thar a gceann, chun an fhaisnéis a nochtadh maidir le líon agus meáchan na dtáirgí tomhaltais neamhdhíolta a diúscraíodh le linn na bliana airgeadais roimhe sin, mar aon leis na cúiseanna le diúscairt na dtáirgí, agus i gcás inarb infheidhme, na maoluithe ábhartha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2024/1781, an cion de na táirgí diúscartha a seachadadh lena gcur faoi oibríochtaí cóireála dramhaíola, agus na bearta a rinneadh agus atá beartaithe chun scriosadh na dtáirgí a chosc. Níl feidhm ag Airteagal 24(1) maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga. |
|
(2) |
Tá an Coimisiún le sonraí coiteanna a leagan síos i ndáil le faisnéis a nochtadh maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha agus i ndáil le formáid choiteann nochta. Áirítear leis sin rialacha maidir le cineálacha nó catagóirí táirgí a theorannú agus maidir leis an gcaoi a ndéanfar an fhaisnéis faoi na táirgí neamhdhíolta diúscartha sin a fhíorú. |
|
(3) |
Baineann an oibleagáid maidir le nochtadh le diúscairt táirgí tomhaltais neamhdhíolta mar dhramhaíl chun críche aon chineál oibríochta cóireála dramhaíola, lena n-áirítear ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, aisghabháil eile, aisghabháil fuinnimh san áireamh, agus diúscairt. Ba cheart na sonraí coiteanna agus an fhormáid choiteann cur i láthair an mhéid sin a éascú, agus ba cheart iad a bheith teoranta don mhéid is gá chun trédhearcacht a bhaint amach chun feasacht an phobail a mhéadú, scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a dhídhreasú agus sonraí a ghiniúint maidir le tarlú an chleachtais táirgí tomhaltais neamhdhíolta a dhiúscairt. San am céanna, leis na sonraí coiteanna agus an fhormáid choiteann, ba cheart an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú. I gcás deonú táirgí tomhaltais, níl sé beartaithe na táirgí sin a dhiúscairt. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear táirgí deonaithe le nochtadh faisnéise maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha. |
|
(4) |
Liostaítear in Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2024/1781 cúiseanna dlisteanacha le táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh. Áirítear ar na cúiseanna sin ábhair imní maidir le sábháilteacht táirgí, sláinteachas, cosaint ceart maoine intleachtúla, nó cásanna ina gceanglaítear de réir dlí táirgí áirithe a scriosadh nó deireadh a chur leo de réir a chéile. Is é an príomhchuspóir atá le faisnéis a nochtadh maidir le scriosadh i gcásanna mar sin a bhfuil údar cuí leo, sonraí a bhailiú maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 24(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1781, féadfar an fhaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a sholáthar freisin sa tuairisciú inbhuanaitheachta a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta de bhun Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Oibreoirí eacnamaíocha a áiríonn faisnéis mar sin san fhormáid a leagtar amach sa Rialachán seo mar chuid den tuairisciú inbhuanaitheachta sin, d’fhéadfaidís nasc chuig an tuarascáil a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin, mar aon le lua soiléir faoin áit ina bhfuil an fhaisnéis inti maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha, in ionad an fhaisnéis sin a nochtadh go díreach ar an suíomh gréasáin. Ba cheart a mheas go nochtann cur i láthair mar sin an fhaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha ar bhealach soiléir infheicthe. |
|
(6) |
Ba cheart teorannú na gcatagóirí táirgí a bheith bunaithe ar an ainmníocht chomhcheangailte (AC) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3), toisc gur córas é a bhfuil cur amach forleathan air agus a úsáidtear ar fud na n-earnálacha. I bhformhór na gcásanna, is leor an chéad dá dhigit den chód AC a nochtadh chun an chatagóir táirgí tomhaltais ábhartha a shainaithint chun críoch an Rialacháin seo. I roinnt cásanna sonracha, áfach, tá gá le tuairisciú níos mionsonraithe chun sainaithint cheart na catagóire táirgí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart liosta uileghabhálach a sholáthar de na catagóirí táirgí atá le nochtadh ar leibhéal ceithre dhigit den chód AC. Féadfar a áireamh i gcatagóirí faoi AC táirgí nach bhfuil beartaithe go príomha le haghaidh tomhaltóirí agus, dá bhrí sin, nach táirgí tomhaltais iad agus nach gcumhdaítear iad leis an oibleagáid nochtadh a dhéanamh. |
|
(7) |
Chun fíorú iomchuí na faisnéise nochta a éascú de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis agus an doiciméadacht a bhfuil gá leo a choimeád ar feadh tréimhse áirithe ama chun seachadadh agus fáil táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a léiriú. |
|
(8) |
Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta a diúscraíodh le linn na bliana airgeadais roimhe sin a nochtadh go bliantúil. Chun dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha na mionsonraí agus an fhormáid maidir leis an nochtadh a chur chun feidhme, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar. Tá an cur siar sin gan dochar d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha de bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 a nochtadh ón gcéad bhliain airgeadais iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin ar aghaidh, is é sin, an 18 Iúil 2024. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2024/1781, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo bunaítear na mionsonraí agus an fhormáid chun faisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a nochtadh. Beidh feidhm aige maidir le táirgí a dhiúscrófar i ngach bliain airgeadais ón gcéad bhliain airgeadais iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh. Nochtfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis sin laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin.
Airteagal 2
Formáid don nochtadh
(1) I ndáil le cur i láthair físiúil agus ábhar an nochta faisnéise maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha, comhlíonfaidh siad an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
(2) Oibreoirí eacnamaíocha atá faoi cheangal ag an oibleagáid tuairisciú inbhuanaitheachta a fhoilsiú ina dtuarascáil bhainistíochta de bhun Airteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE nó a fhoilsíonn tuarascálacha mar sin nó tuarascálacha comhchosúla ar bhonn deonach, agus a áiríonn sa tuairisciú inbhuanaitheachta sin an fhaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I, féadfaidh siad, in ionad an fhaisnéis sin a nochtadh ar an suíomh gréasáin go díreach, nasc chuig an tuarascáil sin a sholáthar ar a suíomh gréasáin, mar aon le lua soiléir faoin áit ina bhfuil an fhaisnéis inti maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha.
Airteagal 3
Catagóirí táirgí a theorannú
Déanfar nochtadh faisnéise maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a theorannú bunaithe ar an gcéad dá dhigit de na cóid ábhartha san ainmníocht chomhcheangailte (AC) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
Maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, áfach, déanfar iad a theorannú bunaithe ar an gcéad cheithre dhigit de na cóid ábhartha san ainmníocht chomhcheangailte dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 4
An oibleagáid faisnéis a choinneáil
An fhaisnéis agus an doiciméadacht a bhfuil gá leo, i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2024/1781, chun seachadadh agus fáil na dtáirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha a thabhairt le fios, lena n-áirítear ráitis faoi ghlacadh agus cóireáil táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha arna bhfáil ag oibreoirí eacnamaíocha ó oibreoirí cóireála dramhaíola, coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha iad ar feadh 5 bliana tar éis nochtadh na faisnéise faoi na táirgí sin.
Airteagal 5
Fíorú arna dhéanamh ag údaráis inniúla náisiúnta
(1) I gcás ina bhfíoraíonn údaráis inniúla náisiúnta go bhfuil na hoibleagáidí i ndáil le nochtadh faisnéise faoi tháirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha á gcomhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha, cuirfidh siad na prionsabail agus an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III i bhfeidhm.
(2) I gcás ina measann na húdaráis inniúla náisiúnta go bhfuil an neamhchomhlíonadh ábhartha i gcás Ballstát amháin eile nó níos mó, tabharfaidh siad fógra faoi sin d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát sin.
Airteagal 6
Athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú, agus aird á tabhairt ar an taithí atá faighte ar chur chun feidhme an nochta faisnéise maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha, go háirithe ábharthacht na mionsonraí agus na formáide maidir leis an nochtadh a leagtar amach in Iarscríbhinn I, teorannú na gcineálacha táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus an chaoi le faisnéis mar sin a fhíorú. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an athbhreithnithe sin i láthair, lena n-áirítear, más iomchuí, dréacht-togra le haghaidh athbhreithniú, tráth nach déanaí ná 2 Márta 2031.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Márta 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj.
(2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).
(3) Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
IARSCRÍBHINN I
Formáid chun faisnéis a nochtadh maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha
ROINN 1
Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht’ pacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
|
(b) |
ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); |
|
(c) |
ciallaíonn ‘aisghabháil’ aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2008/98/CE; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’ ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 16 de Threoir 2008/98/CE; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘athchúrsáil’ athchúrsáil mar a shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘diúscairt’ diúscairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19) de Threoir 2008/98/CE. |
ROINN 2
Formáid chun faisnéis a nochtadh maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha
Féadfar línte breise a chur isteach de réir mar is gá. Níor bheidh deighilteoirí san áireamh i bhformáid na n-uimhreacha agus ní mór an fhaisnéis a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire.
|
Ainm an eintitis dhlítheanaighl (1) |
|
||||||||||||||
|
Aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (2) |
|
||||||||||||||
|
Cineál aitheantóra |
☐ EUID ☐ Eile, mar atá: |
||||||||||||||
|
Cineál nochta (3) |
☐ Nochtadh neamhspleách ☐ Nochtadh comhdhlúite, lena n-áirítear na fochuideachtaí nó na gnóthais is comhaltaí seo a leanas: |
||||||||||||||
|
Bliain Airgeadais – dáta tosaigh |
(ll/mm/bbbb) |
||||||||||||||
|
Bliain Airgeadais – dáta deiridh |
(ll/mm/bbbb) |
||||||||||||||
|
Catagóir an táirge (Cód AC) (4) |
Tuairisc (5) |
An líon aonad a diúscraíodh (6) |
Meáchan iomlán na n-aonad a diúscraíodh (kg) (7) |
An raibh pacáistíocht san áireamh i meáchan na n-aonad a diúscraíodh? |
An chúis leis an diúscairt (8) |
Oibríochtaí cóireála dramhaíola (1) |
|||||||||
|
Ullmhú le haghaidh athúsáide (mar %) |
Scriosadh |
Ní fios (mar %) |
|||||||||||||
|
Athchúrsáil (mar %) |
Aisghabháil eile, e.g. aisghabháil fuinnimh (mar %) |
Diúscairt (mar %) |
Scriosadh iomlán (mar %) |
||||||||||||
|
|
|
|
|
☐ Is ea ☐ Ní hea |
|
% |
% |
% |
% |
% |
% |
||||
|
|
|
|
|
☐ Is ea ☐ Ní hea |
|
% |
% |
% |
% |
% |
% |
||||
|
Bearta a glacadh chun scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a chosc (9) |
|
||||||||||||||
|
Bearta atá beartaithe chun scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a chosc (10) |
|
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
(1) Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj).
(2) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).
(1) Is éard a bheidh in ainm an eintitis dhlítheanaigh ainm an ghnóthais saorsheasaimh nó, maidir le fochuideachta, ainm máthairghnóthais grúpa i gcás nochtadh comhdhlúite.
(2) éard a bheidh in aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh an t-aitheantóir uathúil Eorpach (‘EUID’) a bhunaítear le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, aon aitheantóir eile ó scéim atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát lena mbaineann.
(3) I gcás nochtadh comhdhlúite, ní mór na fochuideachtaí a dhiúscraíonn táirgí tomhaltais neamhdhíolta a liostú i dteannta an mháthairghnóthais. I gcás grúpaí eile ina bhfuil gnóthais neamhspleácha agus eagraíocht lárnach a thacaíonn leis an ngrúpa gnóthas neamhspleách ag a bhfuil ainm branda coiteann, féadfar nochtadh comhdhlúite a dhéanamh ar shuíomh gréasáin comhroinnte, ar choinníoll go liostaítear na gnóthais is comhaltaí.
(4) Nochtfar catagóirí táirgí trí úsáid a bhaint as na cóid AC i gcomhréir le hAirteagal 3.
(5) Bunófar an tuairisc ar bhonn na hainmníochta comhcheangailte mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 nó ar bhonn tuairisc níos mionsonraithe.
(6) Déanfar an líon iomlán aonad a diúscraíodh le linn na tréimhse nochta a sholáthar le haghaidh gach catagóire táirgí. Féadfar meastachán a dhéanamh ar an líon aonad ar bhonn mheáchan iomlán na n-aonad diúscartha a dhéantar a chinneadh go cruinn. Is féidir a mheas gur aonad amháin iad ítimí iomadúla a dhíoltar le chéile, amhail druilire leictreach lena ngabhann béalmhíreanna druilire, fearais chosmaidí nó fearais gharchabhrach, agus féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, níos mó ná cód AC amháin a thabhairt le fios. I gcás ina n-úsáidtear meastacháin, ba cheart é sin a shoiléiriú trí ‘±’ a chur leis an luach nochta.
(7) Is éard a bheidh i meáchan iomlán na n-aonad diúscartha meáchan na n-aonad uile i dteannta a chéile a diúscraíodh le linn na tréimhse nochta in aghaidh gach catagóire táirgí, arna thomhas i gcileagraim. Féadfar meastachán a dhéanamh ar mheáchan iomlán na n-aonad ar bhonn an lín aonad diúscartha, a dhéantar a chinneadh go cruinn. I gcás ina n-úsáidtear meastacháin, ba cheart é sin a shoiléiriú trí ‘±’ a chur leis an luach nochta.
(8) Na cúiseanna leis na táirgí a dhiúscairt, i gcás inarb infheidhme, beidh tagairt ag gabháil leo do na cúiseanna a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2024/1781. Féadfar míniú níos mionsonraithe a chur leo. Má dhéantar aonaid den chatagóir táirgí chéanna a dhiúscairt ar chúiseanna difriúla, tá gá le líne ar leithligh maidir le gach cúis, ina dtugtar líon agus meáchan na n-aonad maidir le gach cúis.
(1) Sna hoibríochtaí cóireála dramhaíola, déanfar cion na dtáirgí diúscartha arna seachadadh chuig gach oibríocht shonrach a thabhairt le fios. Déanfar faisnéis maidir le cóireáil dramhaíola a fháil ar ais ó oibreoirí cóireála dramhaíola a bhíonn ag bailiú táirgí tomhaltais neamhdhíolta. I gcás nach féidir faisnéis maidir le cóireáil na dtáirgí diúscartha a fháil, féadfar an chóireáil a liostú mar chóireáil ‘anaithnid’. Ríomhfar céatadáin na n-oibríochtaí cóireála dramhaíola nochta ar bhonn mheáchan na dtáirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha. Is éard is scriosadh ann suim na hathchúrsála, na haisghabhála eile agus na diúscartha.
(9) Na bearta a ghlactar chun scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a chosc, beidh san áireamh leo bearta a glacadh sa bhliain airgeadais roimhe sin agus ní mór iad a bheith bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar an bhfaisnéis maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh san am atá thart.
(10) Bearta atá beartaithe chun scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a chosc, beidh san áireamh leo bearta maidir le cur chun feidhme amach anseo. Beidh áireamh leo, go háirithe, bearta sonracha a bhfuil gá leo chun cosc a chur ar scriosadh na gcatagóirí táirgí a scriosadh sa bhliain airgeadais roimhe sin ar na cúiseanna céanna, agus ní mór tuairisc a bheith leo ar an gcaoi a meastar go mbainfear an cuspóir sin amach leis na bearta.
IARSCRÍBHINN II
Táirgí tomhaltais dá dtagraítear in Airteagal 3
Táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn seo ar comhpháirteanna, táirgí idirmheánacha nó táirgí iad nach bhfuil beartaithe go príomha le haghaidh tomhaltóirí, ní chumhdaítear iad leis an oibleagáid faisnéis a nochtadh maidir le táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha.
|
Cód AC |
Tuairisc |
|
3401 |
Gallúnach; táirgí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus ullmhóidí a úsáidtear mar ghallúnach, i bhfoirm barraí, cácaí, píosaí nó cruthanna múnlaithe, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh; táirgí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus ullmhóidí chun an craiceann a ghlanadh, i bhfoirm leachta nó uachtair agus atá cóirithe lena miondíol, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh; páipéar, flocas, feilt agus fabraicí neamhfhite atá líonta, brataithe nó clúdaithe le gallúnach nó glantóir |
|
3402 |
Oibreáin dhromchla-ghníomhacha orgánacha (seachas gallúnach); ullmhóidí dromchla-ghníomhacha, ullmhóidí níocháin (lena n-áirítear ullmhóidí cúntacha níocháin) agus ullmhóidí glantacháin, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh, seachas na cinn faoi cheannteidil 3401 |
|
4011 |
Aerbhoinn nua, as rubar |
|
4202 |
Truncaí, cásanna taistil, maiseagáin, cásanna gnóthaistil, málaí cáipéisí, málaí scoile, cásanna spéaclaí, cásanna déshúileach, cásanna ceamara, cásanna uirlise ceoil, cásanna gunna, curraí gunna, agus coimeádáin chomhchosúla; málaí taistil, málaí inslithe bia nó deochanna, málaí maisíochta, málaí droma, málaí láimhe, málaí siopadóireachta, tiachóga, sparáin, cásanna léarscáile, cáisíní toitíní, púitsí tobac, málaí gléasra, málaí spóirt, cásanna buidéal, boscaí seodra, boscaí púdair, cásanna sceanra agus coimeádáin chomhchosúla, iad déanta as leathar nó leathar comhdhéanta, as leatháin plaisteach, ábhair theicstíle, snáithín bolcánaithe nó cairtchlár, nó iad lánchumhdaithe nó páirtchumhdaithe le hábhair den tsamhail sin nó le páipéar |
|
4203 |
Baill éadaigh nó gabhálais éadaigh, as leathar nó as leathar comhdhéanaimh |
|
4303 |
Baill éadaigh, gabhálais éadaigh agus earraí eile craicinn fionnaidh |
|
4818 |
Páipéar leithris agus páipéar eile comhchosúil, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise, de chineál a úsáidtear chun críocha teaghlaigh nó sláintíochta, ina rollaí a bhfuil leithead nach mó ná 36cm iontu, nó gearrtha ar thomhas nó ar chruth; ciarsúir, ciarsúir níocháin, tuáillí, éadaí boird, naipcíní boird, braillíní leapa agus nithe comhchosúla teaghlaigh, sláintíochta nó ospidéil, baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, as laíon páipéir, as páipéar, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise |
|
6301 |
Pluideanna agus rugaí taistil |
|
6302 |
Éadaí leapa, línéadach boird, línéadach ionlainne agus línéadach cistine |
|
6303 |
Cuirtíní (lena n-áirítear scaraoidí) agus dallóga intí; sciortaí cuirtíní nó sciortaí leapa |
|
6304 |
Earraí fearastaithe eile, gan iad sin atá faoi cheannteideal 9404 a áireamh |
|
6306 |
Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, clár seoil nó árthaí talún; earraí campála |
|
6307 |
Earraí rédhéanta eile, lena n-áirítear pátrúin do ghúnaí |
|
8415 |
Meaisíní aerchóirithe, ina bhfuil gaothrán mótarthiomáinte agus eilimintí chun an teocht agus taise an aeir a athrú, lena n-áirítear na meaisíní nach féidir taise an aeir a rialú ann ar leithligh |
|
8418 |
Cuisneoirí, reoiteoirí agus trealamh cuisniúcháin nó reo eile, bídís leictreach nó ná bídís; caidéil teasa seachas meaisíní aerchóirithe faoi cheannteideal 8415 |
|
8421 |
Lártheifneoirí, lena n-áirítear triomadóirí lártheifeacha; innealra agus gléasra scagúcháin nó íonúcháin le haghaidh leachtanna nó gás |
|
8422 |
Miasniteoirí; innealra chun buidéil nó coimeádáin eile a ghlanadh nó a thriomú; innealra chun buidéil, cannaí, boscaí, málaí nó coimeádáin eile a líonadh, a dhúnadh, a shéalú nó a lipéadú; innealra chun buidéil, prócaí, feadáin agus coimeádáin chomhchosúla a chur i gcapsúl; innealra pacála nó clúdaithe eile (lena n-áirítear innealra teas-chrapchlúdaithe); innealra chun deochanna a aerú |
|
8423 |
Innealra meáite (gan meánna a bhfuil íogaireacht de 5 cg nó níos fearr acu san áireamh), lena n-áirítear innill chomhairimh nó seiceála; meáchain i gcomhair meaisíní meáite de gach cineál |
|
8443 |
Innealra clódóireachta a úsáidtear i gcomhair clódóireachta le plátaí, sorcóirí agus comhpháirteanna clódóireachta eile faoi cheannteideal 8442; printéirí eile, meaisíní cóipeála agus meaisíní facs, bídís ceangailte le chéile nó ná bídís; páirteanna agus gabhálais díobh |
|
8450 |
Meaisíní níocháin tí nó le haghaidh neachtlainne, lena n-áirítear meaisíní a dhéanann idir níochán agus triomú |
|
8467 |
Uirlisí le haghaidh oibriú i ngreim láimhe, neomatach, hiodrálach nó le mótar féinchuimsithe leictreach nó neamhleictreach |
|
8471 |
Meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha agus aonaid díobh; léitheoirí maighnéadacha nó optúla, meaisíní chun sonraí a thras-scríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus meaisíní le haghaidh sonraí mar seo a phróiseáil, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
|
8506 |
Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla |
|
8507 |
Taisc-chealla leictreacha, lena n-áirítear na scarthóirí a ghabhann leo, bídís dronuilleogach nó ná bíodh (cearnógach san áireamh) |
|
8508 |
Folúsghlantóirí |
|
8509 |
Fearais leictrimeicniúla, a bhfuil mótar leictreach féinchuimsitheach acu, seachas folúsghlantóirí faoi cheannteideal 8508 |
|
8510 |
Bearrthóirí, clipéir gruaige agus fearais bainte gruaige, ina bhfuil mótar leictreach féinchuimsitheach |
|
8513 |
Lampaí inaistrithe leictreacha arna ndearadh le feidhmiú as a bhfoinse féin cumhachta (mar shampla, ceallraí tirime, taisc-cheallraí, maignéatónna), seachas trealamh soilsithe faoi cheannteideal 8512 |
|
8516 |
Prapthéitheoirí nó taiscthéitheoirí uisce agus tumthéitheoirí leictreacha; gléasra leictreach chun spás a théamh agus gaireas leictreach chun an ithir a théamh; gléasra leictritheirmeach gruagaireachta (mar shampla, triomadóirí gruaige, trilseacháin gruaige, téitheoirí tlú cataíola) agus triomadóirí láimhe; iarainn smúdála leictreacha; fearais leictriteirmeacha eile de chineál a úsáidtear sa teach; friotóirí téimh leictreacha, seachas iad siúd faoi cheannteideal 8545 |
|
8517 |
Gléasra teileafóin, lena n-áirítear teileafóin le haghaidh líonraí ceallacha nó le haghaidh líonraí eile gan sreang; gaireas le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a fháil, lena n-áirítear gaireas le haghaidh cumarsáide i líonra le sreang nó gan sreang (lena n-áirítear líonra achair logánta nó líonra achair fhairsing), seachas gaireas tarchurtha nó fála faoi cheannteideal 8443, 8525, 8527 nó 8528 |
|
8518 |
Micreafóin agus seastáin dóibh; callairí, bídís suite ina gcompal nó ná bídís; cluasáin, bídís comhcheangailte le micreafón nó ná bídís, agus gléasra ina bhfuil micreafón agus callaire amháin nó níos mó; aimplitheoirí closmhinicíochta leictreacha; gléasra aimplitheoirí fuaime leictreacha |
|
8519 |
Gléasra taifeadta fuaime nó atáirgthe fuaime |
|
8521 |
Gléasra taifeadta nó atáirgthe físe, bíodh tiúnóir físe ina chuid díobh nó ná bíodh |
|
8523 |
Dioscaí, téipeanna, gléasanna stórála soladstaide neamhluaineacha, ‘cártaí cliste’ agus meáin eile le haghaidh fuaim nó feiniméin eile a thaifeadadh, bíodh sé taifeadta nó ná bíodh, lena n-áirítear máitrísí agus máistirthéipeanna le haghaidh dioscaí a tháirgeadh, ach gan táirgí Chaibidil 37 san áireamh |
|
8524 |
Painéil chothroma ina modúil taispeána, bíodh scáileáin tadhall-íogair iontu nó ná bíodh |
|
8528 |
Monatóirí agus teilgeoirí nach gcuimsíonn gléasra glactha teilifíse; gairis ghlactha le haghaidh teilifíse, bíodh glacadóirí le haghaidh craoltóireacht raidió nó gaireas taifeadta nó atáirgthe fuaime nó físe iontu nó ná bíodh |
|
8539 |
Lampaí filiméid leictrigh nó scaoilte, lena n-áirítear aonaid lampa léis shéalaithe agus lampaí ultraivialaite nó infridhearga; arclampaí; lampaí dé-óidí astaithe solais (LED) |
|
9006 |
Ceamaraí fótagrafacha (seachas ceamaraí cineamatagrafacha); gaireas splancsolais fótagrafach agus splancbholgáin seachas lampaí díluchtaithe atá faoi cheannteideal 8539 |
|
9401 |
Suíocháin (seachas iad siúd atá faoi cheannteideal 9402), cibé is féidir iad a thiontú go leapacha nó nach féidir, agus páirteanna díobh |
|
9403 |
Troscán eile agus páirteanna díobh |
|
9404 |
Tacaí tochta; cóir leapa agus troscán agus fearastú comhchosúil (mar shampla, tochtanna, cuilteanna, éadarchlúmh, cúisíní, súisteoga agus piliúir), feistithe le lingeáin nó líonta nó feistithe go hinmheánach le haon chineál ábhair nó atá déanta as rubar ceallach nó as plaistigh, bídís cumhdaithe nó ná bídís |
|
9503 |
Trírothaigh, scútair, mótair throitheáin agus bréagáin rothaí chomhchosúla; carráistí bábóg; bábóga; bréagáin eile; mionsamhlacha laghdaithe (‘de réir scála’) agus mionsamhlacha áineasa comhchosúla, bídís ag oibriú nó ná bídís; puzail de gach cineál |
|
9504 |
Consóil agus meaisíní físchluichí, cluichí boird nó parlúis lena n-áirítear boird pionnaí, billéardaí, boird speisialta le haghaidh cluichí casino agus trealamh bollaí uathoibríoch, meaisíní siamsaíochta a oibríonn le boinn, nótaí bainc, cártaí bainc, dearbháin nó aon mhodh íocaíochta eile |
|
9619 |
Pillíní sláintíocha (pillíní) agus súitíní, naipcíní (clúidíní), líneálacha naipcín, agus earraí comhchosúla, as aon ábhar |
IARSCRÍBHINN III
Fíorú
PRIONSABAIL
Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid a bhaint as aon fhaisnéis, doiciméad, toradh, ráiteas, nó aon fhaisnéis mar fhianaise chun críoch a n-imscrúduithe.
Eagróidh agus déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta fíorú de réir cur chuige rioscabhunaithe, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
|
— |
Neamhnochtadh nó líon is ísle ná mar is gnách a nochtadh i gcomparáid le hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn sa mhargadh céanna nó sa deighleog táirgí chéanna nó i gcomparáid le nochtaí le linn blianta airgeadais roimhe sin; |
|
— |
Teist an oibreora eacnamaíoch san am atá caite maidir le neamhchomhlíonadh; |
|
— |
Céatadán ard d’oibríochtaí cóireála dramhaíola anaithnide táirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha; |
|
— |
Méid agus cineál na ngníomhaíochtaí agus na n-oibríochtaí atá faoi rialú an oibreora eacnamaíoch; |
|
— |
Faisnéis ó fhoinsí eile, amhail dearbhuithe cánach nó fianaise ar tháirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscartha, rud a fhágann go bhfuil amhras ann go bhfuil líon nó meáchan na dtáirgí tomhaltais neamhdhíolta diúscrtha níos airde ná an líon nó an meáchan a nochtadh. |
NÓS IMEACHTA
Comhlíonadh na n-oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid maidir le nochtadh
|
— |
Trína fhíorú ar nochtadh an fhaisnéis ar leathanach de shuíomh gréasáin an oibreora eacnamaíoch a bhfuil rochtain éasca air, nó an gcuirtear nasc ar fáil ar an suíomh gréasáin chuig tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 2(2); |
|
— |
Trína fhíorú ar nochtadh an fhaisnéis san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I. |
Líon nó meáchan nochta na dtáirgí a fhíorú
|
— |
Trí dhoiciméadacht a iarraidh lena léirítear seachadadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta chuig oibreoirí cóireála dramhaíola in aghaidh na bliana airgeadais de réir mar is gá a nochtadh; |
|
— |
Má tá an difríocht idir líon nó meáchan nochta na dtáirgí diúscartha agus an líon arna ríomh ón doiciméadacht a fuarthas níos lú ná 10 % den líon táirgí diúscartha a nochtadh, meastar go gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch an ceanglas maidir le nochtadh; |
Fíorú na hoibríochta cóireála dramhaíola nochta
|
— |
Tríd an oibríocht cóireála dramhaíola nochta a chur i gcomparáid le hoibríochtaí cóireála a rinne an t-oibreoir cóireála dramhaíola a fuair na táirgí nár díoladh. |
Maoluithe nochta a fhíorú
|
— |
Glactar leis go bhfuil maoluithe infheidhme nuair a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch an doiciméadacht a cheanglaítear faoi ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2024/1781 ar fáil agus nuair a chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach ann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)