This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026L0804
Directive (EU) 2026/804 of the European Parliament and of the Council of 30 March 2026 amending Directive 2014/49/EU as regards the scope of deposit protection, the use of deposit guarantee schemes funds, cross-border cooperation, and transparency (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2026/804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2026/804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/19/2025/INIT
IO L, 2026/804, 20.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/804/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | iarscríbhinn I | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 10 mír 10 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 10 mír 4 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 4 mír 8 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 5 mír 1 pointe (e) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 8 mír 2 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 8 mír 4 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 8 mír 5 pointe (b) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 8 mír 5 pointe (d) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Scriosadh | airteagal 8 mír 8 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 10 mír 11 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 10 mír 12 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 10 mír 13 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 10 mír 7a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 11a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 11b | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 11c | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 11d | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 11e | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 12a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 2 mír neamhuimhrithe | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 2a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 2b | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 2c | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 3a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 14 mír 9 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 15a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 16 mír 1a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 16 mír 7a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 16 mír 9 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 16a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 2 mír 1 pointe 19 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 2 mír 1 pointe 20 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 2 mír 1 pointe 21 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 2 mír 1 pointe 22 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 2 mír 1 pointe 23 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 4 mír 13 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 4 mír 4a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 4 mír 7 mír neamhuimhrithe | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 5 mír 1 pointe (l) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 6 mír 2 mír neamhuimhrithe | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 6 mír 2a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 7a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 8 mír 5a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 8a | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 8b | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Cur le | airteagal 8c | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 1 mír 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 1 mír 2 pointe (d) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 10 mír 2 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 10 mír 3 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 10 mír 7 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 10 mír 9 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 11 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 14 mír 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 14 mír 3 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 14 mír 4 mír neamhuimhrithe 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 15 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 2 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 3 mír neamhuimhrithe 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 4 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 6 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 7 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 16 mír 8 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 2 mír 1 pointe 13 Téacs | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 2 mír 1 pointe 3 Téacs | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 2 mír 3 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 4 mír 4 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 4 mír 5 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 4 mír 6 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 5 mír 1 pointe (c) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 5 mír 1 pointe (d) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 5 mír 1 pointe (f) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 5 mír 1 pointe (j) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 5 mír 2 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 6 mír 2 pointe (a) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 6 mír 2 Téacs | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 6 mír 6 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 7 mír 3 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 7 mír 5 mír neamhuimhrithe 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 7 mír 7 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 7 mír 9 abairt | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 8 mír 1 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 8 mír 3 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 8 mír 5 pointe (c) | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 8 mír 9 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 9 mír 2 | 10/05/2026 | |
| Modifies | 32014L0049 | Athchur | airteagal 9 mír 3 | 10/05/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/804 |
20.4.2026 |
TREOIR (AE) 2026/804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(5) agus (6) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus raon feidhme na Treorach sin agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh, den chuid is mó, an cuspóir atá aici maidir le taisceoirí san Aontas a chosaint trí scéimeanna ráthaithe taiscí a bhunú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, áfach, gur gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fágtha i gcosaint taisceoirí agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí a fheabhsú, agus na rialacha maidir le hidirghabhálacha ó scéimeanna ráthaithe taiscí seachas imeachtaí íocaíochta amach a chomhchuibhiú. |
|
(2) |
Tá sé beartaithe leis an athbhreithniú ar chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí an Aontais an bealach a réiteach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aontas baincéireachta a dhoimhniú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí a chomhchuibhiú a thuilleadh. |
|
(3) |
Ba cheart do chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí an Aontais seasamh go comhsheasmhach leis na prionsabail go seasfaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe caillteanais agus nach n-úsáidfear acmhainní cáiníocóirí chun cabhrú le hinstitiúidí creidmheasa atá i gcruachás nó iad a tharrtháil. |
|
(4) |
Mura gcomhlíonann institiúidí creidmheasa a n-oibleagáidí ranníocaíochtaí a íoc le scéimeanna ráthaithe taiscí nó faisnéis a sholáthar do thaisceoirí agus scéimeanna ráthaithe taiscí, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh don chuspóir go gcosnaítear taisceoirí. Ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí nó, i gcás inarb ábhartha, d’údaráis ainmnithe an ráta úis reachtúil a ghearradh ar mhéid na ranníocaíochtaí atá dlite i gcás íocaíocht dhéanach na ranníocaíochtaí. Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar an gcomhordú idir scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe agus údaráis inniúla agus gníomhaíocht forfheidhmithe á déanamh in aghaidh institiúid creidmheasa nach gcomhlíonann a hoibleagáidí. Is gá a áirithiú go gcuireann scéimeanna ráthaithe taiscí nó, i gcás inarb ábhartha, údaráis ainmnithe na húdaráis inniúla ar an eolas in am faoi aon sárú ar oibleagáidí institiúidí creidmheasa faoi rialacha cosanta taiscí, ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a úsáid faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ina theannta sin, chun a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis iomchuí i gcásanna ina ndéantar sárú ar na rialacha sin. |
|
(5) |
Chun tacú le cleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí a chóineasú a thuilleadh agus chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí a n-athléimneacht a thástáil, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (‘ÚBE’), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), treoirlínte a eisiúint maidir le tástálacha struis a dhéanamh ar scéimeanna ráthaithe taiscí. |
|
(6) |
De bhun Threoir 2014/49/AE, tá taiscí institiúidí airgeadais áirithe, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta, eisiata ó chumhdach le scéimeanna ráthaithe taiscí. Ba cheart, áfach, cosaint a thabhairt, faoi réir coinníollacha áirithe, do na cistí a fhaigheann na hinstitiúidí airgeadais sin óna gcliaint agus a thaisceann siad in institiúid creidmheasa thar ceann a gcliant, i bhfeidhmiú na seirbhísí a thairgeann siad. |
|
(7) |
Tá na catagóirí taisceoirí atá cosanta ag scéim ráthaithe taiscí bunaithe ar an gcuspóir go bhfuiltear ag iarraidh infheisteoirí neamhghairmiúla a chosaint, ach meastar nach bhfuil gá ag infheisteoirí gairmiúla leis an gcosaint sin. Ar an gcúis sin, eisiadh údaráis phoiblí ón gcumhdach go dtí seo. Ní féidir a mheas, áfach, gur infheisteoirí gairmiúla iad formhór na n-údarás poiblí, ar a n-áirítear scoileanna agus ospidéil i roinnt Ballstát. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir le taiscí infheisteoirí neamhghairmiúla, ar nós údaráis áitiúla, eintitis phoiblí bheaga agus institiúidí neamhbhrabúis arna rialú ag an rialtas láir nó ag an rialtas stáit, tairbhe a bhaint as an gcosaint a thairgeann scéim ráthaithe taiscí. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go n-úsáidtear ina n-iomláine taiscí a thógtar chun na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chomhlíonadh chun caillteanais a sheasamh agus chun rannchuidiú le hathchaipitliú institiúide creidmheasa i gcás ina gclisfidh uirthi, ba cheart iad a eisiamh ó chumhdach scéimeanna ráthaithe taiscí. Chun a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na taiscí sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla, ba cheart iad a eisiamh ó chumhdach scéimeanna ráthaithe taiscí gan beann ar cé acu a d’údaraigh nó nár údaraigh an t-údarás réitigh iad a áireamh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe. |
|
(9) |
D’fhéadfadh taiscí móra a bheith ann go sealadach de bharr taiscí a leanann as teagmhais áirithe, lena n-áirítear idirbhearta réadmhaoine arna dtabhairt i gcrích ag duine nádúrtha a bhaineann le maoine cónaithe príobháideacha nó sochair árachais áirithe a bheith á n-íoc amach. Ar an gcúis sin, le Treoir 2014/49/AE cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar taiscí os cionn EUR 100 000 a leanann as na teagmhais sin a chosaint ar feadh 3 mhí ar a laghad, ach tráth nach faide ná 12 mhí ón uair a chuirtear an méid chun sochair nó ón uair a thagann na taiscí sin chun bheith inaistrithe de réir an dlí. Chun cosaint taisceoirí san Aontas a chomhchuibhiú agus chun an chastacht riaracháin agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le raon feidhme na cosanta le haghaidh na dtaiscí sin a laghdú, is gá a gcosaint a ailíniú le híosmhéid EUR 500 000 do gach iarmhéid ard sealadach, agus do thaiscí a bhaineann le hidirbhearta réadmhaoine go huasmhéid EUR 2 500 000, ar feadh tréimhse chomhchuibhithe 6 mhí, sa bhreis ar an leibhéal cumhdaigh EUR 100 000. Tar éis do na Ballstáit iad a thrasuí, ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na méideanna sin, agus uair amháin gach 5 bliana ar a laghad. Más iomchuí, ba cheart don Choimisiún togra le haghaidh Treorach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na méideanna sin a choigeartú, agus éabhlóid praghsanna réadmhaoine i mBallstáit éagsúla agus an gá atá le comhréireacht agus cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais á gcur san áireamh. |
|
(10) |
Le linn idirbheart réadmhaoine, is féidir le cistí dul trí chuntais éagsúla sula ndéantar an t-idirbheart a shocrú iarbhír. Dá bhrí sin, chun taisceoirí atá ag déanamh idirbhearta réadmhaoine a chosaint ar bhealach aonchineálach, ba cheart cosaint iarmhéideanna arda sealadacha a chur i bhfeidhm maidir leis an teacht isteach ó dhíolachán chomh maith leis na cistí arna dtaisceadh i dtréimhse réamhshainithe ghearrthéarmach chun maoin chónaithe phríobháideach a cheannach. |
|
(11) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, i gcás ina gceadaíonn Ballstát dliteanais taisceora a asbhaint don institiúid creidmheasa agus an méid in-aisíoctha á ríomh, is gá a shoiléiriú nach bhféadfar ach dliteanais a bhí dlite sular tháinig na taiscí chun bheith neamh-infhaighte a asbhaint ó thaiscí incháilithe an taisceora, agus a mhéid is incheadaithe an fritháireamh sin faoi na forálacha reachtúla agus conarthacha is infheidhme, agus a mhéid sin amháin. |
|
(12) |
Is gá acmhainneachtaí oibríochtúla scéimeanna ráthaithe taiscí a bharrfheabhsú agus a n-ualach riaracháin a laghdú. Ar an gcúis sin, ba cheart a leagan síos, a mhéid a bhaineann le sainaithint taisceoirí atá i dteideal taiscí i gcuntais tairbhithe nó a mhéid a bhaineann le measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil taisceoirí incháilithe do choimircí iarmhéideanna arda sealadacha, go bhfuil an fhreagracht fós ar na taisceoirí nó ar na sealbhóirí cuntais a dteidlíocht i leith taiscí den sórt sin a léiriú trína mbíthin féin. |
|
(13) |
Cé gur cheart, de ghnáth, an méid in-aisíoctha a bheith ar fáil laistigh de 7 lá oibre, d’fhéadfadh taiscí áirithe a bheith faoi réir tréimhse aisíocaíochta níos faide toisc go gceanglaíonn siad ar scéimeanna ráthaithe taiscí an t-éileamh ar aisíocaíocht a fhíorú. Chun na rialacha a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, ba cheart an tréimhse aisíocaíochta níos faide sin a theorannú do 20 lá oibre ón dáta a fuair an scéim ráthaithe taiscí lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha nó an doiciméadacht ábhartha. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna ina bhfuil feidhm ag an tréimhse aisíocaíochta níos faide sin agus cásanna ina dtógann sé níos faide na méideanna a chuireann an scéim ráthaithe taiscí ar fáil a fháil laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos sa Treoir seo mar gheall ar aon chéim oibríochtúil is gá don taisceoir a ghlacadh. |
|
(14) |
Chun comhsheasmhacht le bearta sriantacha an Aontais agus a gcur chun feidhme a áirithiú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa taiscí atá faoi réir na mbeart sin a chur ar leataobh agus ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí aisíocaíocht na dtaiscí sin a chur ar fionraí fad a bheidh feidhm ag na bearta sin. |
|
(15) |
D’fhéadfadh sé gur mó an costas riaracháin a bhaineann le bheith ag aisíoc méideanna beaga i gcuntais dhíomhaoine ná na sochair don taisceoir. Is gá a shonrú, dá bhrí sin, nár cheart oibleagáid a bheith ar scéimeanna ráthaithe taiscí céimeanna gníomhacha a ghlacadh chun taiscí arna sealbhú sna cuntais sin a aisíoc, ar taiscí iad atá faoi bhun tairseacha áirithe ba cheart a shocrú ar an leibhéal náisiúnta. An ceart atá ag taisceoirí an méid sin a éileamh, áfach, ba cheart é a chaomhnú. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil cuntais ghníomhacha eile ag an taisceoir céanna freisin, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí na méideanna sin a áireamh sna cuntais sin agus an méid atá le haisíoc á ríomh. |
|
(16) |
Tá modhanna éagsúla ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun taisceoirí a aisíoc, idir íocaíochtaí amach agus aistrithe leictreonacha. Chun inrianaitheacht an phróisis aisíocaíochta ó scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, áfach, agus chun fanacht i gcomhréir le cuspóirí chreat an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, is é aisíocaíochtaí le taisceoirí trí bhíthin aistrithe creidmheasa an modh réamhshocraithe íocaíochta amach ba cheart a bheith ann i gcás inar mó an aisíocaíocht ná EUR 10 000. |
|
(17) |
Tá institiúidí airgeadais eisiata ó chosaint taiscí. Institiúidí airgeadais áirithe, áfach, lena n-áirítear institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta agus gnólachtaí infheistíochta, déanann siad na cistí a fhaightear óna gcliaint a thaisceadh freisin i gcuntais bhainc, ar bhonn sealadach go minic, chun oibleagáidí maidir le coimirciú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an reachtaíocht earnála, lena n-áirítear Treoracha 2009/110/CE` (7), 2014/65/AE (8) agus (AE) 2015/2366 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I bhfianaise go bhfuil ról na n-institiúidí airgeadais sin ag dul i méid, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí na taiscí sin a chosaint ar choinníoll go bhfuil na cliaint sin sainaitheanta nó in-sainaitheanta. |
|
(18) |
Ní heol i gcónaí do chliaint institiúidí airgeadais cén institiúid creidmheasa atá roghnaithe ag a n-institiúid airgeadais chun a gcistí a thaisceadh inti. Dá bhrí sin, níor cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí na taiscí sin a chomhiomlánú le taisce a d’fhéadfadh a bheith ag na cliaint chéanna san institiúid creidmheasa chéanna ar chuir an institiúid airgeadais a dtaiscí faoina cúram. D’fhéadfadh sé nach eol d’institiúidí creidmheasa cé na cliaint atá i dteideal na suimeanna arna sealbhú sna cuntais cliant nó nach bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa in ann sonraí aonair maidir leis na cliaint sin a sheiceáil nó a thaifeadadh. Ag brath ar an gcineál institiúide airgeadais agus a samhail ghnó, d’fhéadfadh imthosca a bheith ann ina gcuirfí an sealbhóir cuntais i mbaol dá n-aisíocfaí an cliant go díreach. Dá bhrí sin, ba cheart scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith in ann méideanna a aisíoc le cuntas cliaint arna oscailt ag an sealbhóir cuntais in institiúid creidmheasa eile chun sochair gach cliaint i gcás ina gcomhlíontar critéir áirithe. Ionas go seachnaítear an riosca go ndéanfaí íocaíocht dhúbailte sna cásanna sin, ba cheart aon éileamh atá ag cliaint i ndáil le suimeanna arna sealbhú ag an sealbhóir cuntais thar a gceann a laghdú de réir an mhéid a aisíocann an scéim ráthaithe taiscí go díreach leis na cliaint sin. Ba cheart do ÚBE, dá bhrí sin, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun a shonrú cé na mionsonraí teicniúla a bhaineann le sainaithint cliant chun críche aisíocaíochta, cé na critéir maidir le haisíocaíocht leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint nó leis an gcliant go díreach, agus cé na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint. |
|
(19) |
Agus taisceoirí á n-aisíoc, d’fhéadfadh scéimeanna ráthaithe taiscí teacht ar chásanna is cúis le hábhair imní maidir leis an sciúradh airgid. Ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí, dá bhrí sin, an íocaíocht amach le taisceoir a choinneáil siar i gcás ina dtugtar fógra dóibh gur chuir aonad faisnéise airgeadais cuntas bainc nó cuntas íocaíochta ar fionraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac. |
|
(20) |
Foráiltear le Treoir 2014/49/AE i gcás ina ndéanann scéim ráthaithe taiscí íocaíochtaí i gcomhthéacs imeachtaí réitigh, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann ar mhéid atá cothrom lena híocaíochtaí agus gur cheart an t-éileamh sin a rangú pari passu le taiscí faoi chumhdach. Ní dhéantar idirdhealú leis an bhforáil sin idir ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí i gcás ina n-úsáidtear uirlis um tharrtháil inmheánach bainc oscailte, agus an ranníocaíocht a dhéanann scéim ráthaithe taiscí le maoiniú straitéise aistrithe agus leachtú an eintitis iarmharaigh dá éis. Chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le héileamh a bheith ag scéim ráthaithe taiscí agus maidir le méid an éilimh sin i gcásanna éagsúla, is gá a shonrú, i gcás ina ndéanann an scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht le maoiniú straitéise aistrithe i gcás réitigh, mar shampla, cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide, nó le maoiniú beart malartach, lena ndéantar tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas, lena n-áirítear taiscí, de chuid na hinstitiúide creidmheasa a aistriú chuig faighteoir, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí sin in aghaidh an eintitis iarmharaigh in imeachtaí foirceanta ina dhiaidh sin faoin dlí náisiúnta. Chun a áirithiú go ndéanann scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide creidmheasa atá fágtha san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide creidmheasa sin a ionsú go héifeachtach, agus chun feabhas a chur ar an bhféidearthacht go ndéanfaí aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta leis an scéim ráthaithe taiscí, ba cheart an rangú céanna a bheith ag éileamh na scéime ráthaithe taiscí agus atá ag taiscí faoi chumhdach. I gcás ina gcuirtear an uirlis um tharrtháil inmheánach bainc oscailte i bhfeidhm, i.e. leanann an institiúid creidmheasa dá hoibríochtaí, tá an scéim ráthaithe taiscí leis an méid a ranníoc a ndéanfaí taiscí faoi chumhdach a dhíluacháil nó a chomhshó dá réir chun na caillteanais san institiúid creidmheasa sin a ionsú, dá mbeadh taiscí faoi chumhdach faoi raon feidhme na tarrthála inmheánaí. Dá bhrí sin, níor cheart éileamh in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach a ghiniúint de dheasca ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí, toisc go ndíothódh sé sin an chríoch ar chuici a rinne an scéim ráthaithe taiscí an ranníocaíocht. |
|
(21) |
Chun a áirithiú go ndéantar cleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí agus deimhneacht dhlíthiúil a chóineasú do thaisceoirí a bhfuil a dtaiscí á n-éileamh acu, agus chun go seachnófar bacainní oibríochtúla roimh scéimeanna ráthaithe taiscí, tá sé tábhachtach tréimhse atá fada a dóthain a leagan amach ina bhfuil taisceoirí in ann aisíocaíocht a dtaiscí a éileamh i gcás nach bhfuil taisceoirí aisíoctha ag an scéim ráthaithe taiscí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos i Treoir 2014/49/AE i gcás íocaíocht amach. Ba cheart don scéim ráthaithe taiscí aon éileamh den sórt sin a mheas, lena n-áirítear i gcásanna nár aithníodh an t-éilitheoir mar thaisceoir fós trí bhíthin cinneadh cúirte. |
|
(22) |
De bhun Threoir 2014/49/AE, bhí ar na Ballstáit a áirithiú go sroichfeadh an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí, faoin 3 Iúil 2024, spriocleibhéal 0,8 % de mhéid thaiscí a comhaltaí, ar taiscí faoi chumhdach iad. Chun measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann scéimeanna ráthaithe taiscí an ceanglas sin, ba cheart tréimhse thagartha shoiléir a bhunú chun an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí a chinneadh. |
|
(23) |
Chun athléimneacht scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, ba cheart a gcistí a bheith díorthaithe ó ranníocaíochtaí cobhsaí agus neamh-inchúlghairthe. Foinsí áirithe maoiniúcháin do scéimeanna ráthaithe taiscí, ar nós aisghabhálacha a bhfuil coinne leo in aghaidh éilimh scéimeanna ráthaithe taiscí a eascraíonn as a n-idirghabhálacha, tá siad ró-theagmhasach chun iad a áireamh mar acmhainn airgeadais atá ar fáil agus a cháilíonn do spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí. Chun coinníollacha na scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le comhlíonadh a spriocleibhéil a chomhchuibhiú agus chun a áirithiú go bhfuil an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí maoinithe ag ranníocaíochtaí ón tionscal, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cistí a cháilíonn chun an spriocleibhéal a bhaint amach agus cistí a mheastar a bheith ina bhfoinsí comhlántacha maoiniúcháin, mar shampla cistí a fuarthas ar iasacht a mbíonn dliteanais fiachais na scéime ráthaithe taiscí mar thoradh orthu. Mar sin féin, is féidir aisíocaíochtaí iasachta intuartha a phleanáil agus a chur san áireamh i ranníocaíochtaí tráthrialta ó chomhaltaí na scéime ráthaithe taiscí, agus níor cheart, dá bhrí sin, dliteanais fiachais na scéime ráthaithe taiscí a asbhaint go hiomlán ón acmhainn airgeadais atá ar fáil agus a cháilíonn don spriocleibhéal. Chun an margadh aonair le haghaidh baincéireachta a chothú trí thacaíocht leachtachta idir scéimeanna ráthaithe taiscí a dhreasú agus chun úsáid na hacmhainne airgeadais atá ar fáil ó scéim cosanta institiúideach (SCI) a aithnítear mar scéim ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE le haghaidh bhearta SCI chun cosc a chur ar chliseadh a ball-institiúidí agus áireamh dúbailte á sheachaint ag an am céanna, ba cheart éileamh gan íoc ar iasacht a sholáthraítear do scéim ráthaithe taiscí eile nó ar acmhainn airgeadais a chuirtear ar fáil ar bhealach eile do chuntas SCI an SCI sin a aithnítear mar scéim ráthaithe taiscí a áireamh go heisiach do spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí iasachta nó do chuntas scéim ráthaithe taiscí an SCI a aithnítear mar scéim ráthaithe taiscí. |
|
(24) |
Chun intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a bhaineann leis an am chun spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí a bhaint amach tar éis cistí scéime ráthaithe taiscí a úsáid nó tar éis méadú ar mhéid na dtaiscí faoi chumhdach, is gá an tréimhse athshlánaithe a shonrú, ní hamháin i gcás laghdú substaintiúil ar an acmhainn airgeadais atá ar fáil, a fhágann go bhfuil an acmhainn airgeadais atá ar fáil níos lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, ach freisin i gcás laghdú níos lú arb é an toradh atá air go dtiteann an acmhainn airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil ach go bhfuil siad fós ag níos mó ná dhá thrian den spriocleibhéal. Chun na héifeachtaí comh-thimthriallacha a bhaineann le hualach mór airgeadais a fhorchur ar bhainc a sheachaint, ba cheart an tréimhse athshlánaithe 6 bliana i gcás laghduithe níos mó a choinneáil ar bun gan beann ar cé acu an idirghabháil na scéime ráthaithe taiscí is cúis leis na laghduithe sin nó an méadú suntasach ar mhéid na dtaiscí faoi chumhdach is cúis leo. I gcás laghduithe níos lú, ba cheart 2 bhliain a bheith sa tréimhse athshlánaithe. Mar sin féin, má tá an laghdú ar an spriocleibhéal an-bheag i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí ábhartha a bhailiú, ba cheart an scéim ráthaithe taiscí a bheith in ann síneadh bliana a chur leis an tréimhse 2 bhliain sin. |
|
(25) |
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear an mhodheolaíocht chun ríomh a dhéanamh ar an acmhainn airgeadais atá ar fáil agus atá incháilithe do spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí agus mionsonraí an phróisis atá le leanúint chun spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí a bhaint amach tar éis an laghdaithe. |
|
(26) |
Ba cheart an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a bheith inúsáidte láithreach chun dul i ngleic le teagmhais thobanna íocaíochta amach nó idirghabhálacha tobanna eile. I bhfianaise cleachtais éagsúla ar fud an Aontais, is iomchuí ceanglais a leagan síos maidir le straitéisí infheistíochta na gcistí scéimeanna ráthaithe taiscí chun maolú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach ar chumas aon scéime ráthaithe taiscí a sainordú a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil scéim ráthaithe taiscí inniúil ar an straitéis infheistíochta a shocrú, ba cheart don údarás, don chomhlacht nó don eintiteas sa Bhallstát atá freagrach as an straitéis infheistíochta a shocrú na prionsabail maidir le héagsúlú agus infheistíocht i sócmhainní ísealriosca a urramú freisin nuair atá an straitéis infheistíochta sin á socrú. Chun neamhspleáchas agus solúbthacht oibríochtúil iomlán na scéime ráthaithe taiscí a chaomhnú ó thaobh rochtain ar a cistí de, i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit cistí scéime ráthaithe taiscí a thaisceadh lena mbanc ceannais náisiúnta nó lena státchiste náisiúnta, ba cheart na cistí sin a chur in áirithe go soiléir agus a dheighilt chun críocha cuntasaíochta agus ba cheart iad a bheith ar fáil go héasca lena n-úsáid ag an scéim ráthaithe taiscí. |
|
(27) |
Chun éagsúlú leormhaith infheistíochta cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus cleachtais chóineasaithe a áirithiú, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint do scéimeanna ráthaithe taiscí ina leith sin. |
|
(28) |
An fhéidearthacht a leagtar amach i dTreoir 2014/49/AE chun an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a mhéadú trí ranníocaíochtaí éigeantacha arna n-íoc ag ball-institiúidí le scéimeanna atá ann cheana, ar scéimeanna ranníocaíochtaí éigeantacha iad arna mbunú ag Ballstát chun na costais a bhaineann le riosca sistéamach a chumhdach, níor úsáideadh riamh í agus dá bhrí sin ba cheart í a bhaint. |
|
(29) |
Is gá cosaint taisceoirí a fheabhsú, agus an tráth céanna an gá atá le díolachán práinne sócmhainní scéime ráthaithe taiscí a sheachaint agus teorainn a chur leis na héifeachtaí comh-thimthriallacha diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar fud na hearnála baincéireachta mar gheall ar bhailiú ranníocaíochtaí urghnácha. Ba cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit, dá bhrí sin, a scéimeanna ráthaithe taiscí a cheadú socruithe cistiúcháin malartacha ó fhoinsí príobháideacha a úsáid lena gcuirtear ar a gcumas cistiú gearrthéarmach a fháil tráth ar bith ó fhoinsí seachas ranníocaíochtaí, lena n-áirítear sula n-úsáideann siad an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh agus cistí arna mbailiú trí ranníocaíochtaí urghnácha. Ós rud é gur cheart d’institiúidí creidmheasa an costas agus an fhreagracht as maoiniú scéimeanna ráthaithe taiscí a sheasamh go príomha, níor cheart socruithe cistiúcháin malartacha ó chistí poiblí a cheadú ach amháin i bhfoirm ráthaíochtaí nó iasachtaí le scéim ráthaithe taiscí ag a bhfuil aibíochtaí nach faide ná 6 bliana, a úsáidtear mar rogha dheireanach agus i gcás íocaíocht amach nó ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí le réiteach, agus sa chás sin amháin. Leis sin, níor cheart cosc a chur ar iasachtaí gearrthéarmacha ó fhoinsí poiblí a úsáid roimh shocruithe cistiúcháin malartacha eile in imthosca eisceachtúla chun aisíocaíocht thráthúil le taisceoirí nó ranníocaíocht le réiteach a áirithiú. |
|
(30) |
Cé gurb é an príomhról atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí faoi chumhdach a aisíoc, d’fhéadfadh idirghabhálacha lasmuigh de chásanna íocaíochta amach a bheith níos costéifeachtaí do scéimeanna ráthaithe taiscí agus rochtain gan bhriseadh ar thaiscí a áirithiú trí straitéisí aistrithe a éascú. D’fhéadfaí a cheangal ar scéimeanna ráthaithe taiscí rannchuidiú le réiteach institiúidí creidmheasa. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, féadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú chun inmharthanacht fhadtéarmach institiúidí creidmheasa a athbhunú, nó bearta malartacha a mhaoiniú i gcás dócmhainneachta. Is féidir ról éifeachtach a bheith ag na bearta coisctheacha agus malartacha sin i leanúntas na n-uirlisí bainistithe géarchéime, chun muinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun. Na Ballstáit nár fhoráil do bhearta coisctheacha agus malartacha ina ndlí náisiúnta roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh ar acmhainneacht riachtanach a scéimeanna ráthaithe taiscí agus údarás ábhartha eile a fhorbairt chun na bearta sin a chur chun feidhme amach anseo. Tar éis measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na mBallstát agus ar an taithí a fuarthas ó bhearta coisctheacha agus malartacha a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhann, i gcás inarb ábhartha, togra reachtach. Cé gur féidir leis na bearta coisctheacha agus malartacha sin feabhas suntasach a chur ar chosaint taiscí, is gá na bearta sin a chur faoi réir coimircí leordhóthanacha, lena n-áirítear i bhfoirm tástáil chomhchuibhithe ar an gcostas is lú, chun cothrom iomaíochta agus éifeachtacht agus costéifeachtúlacht na mbeart sin a áirithiú. Níor cheart na coimircí sin a chur i bhfeidhm ach maidir le hidirghabhálacha arna maoiniú leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a rialáiltear faoin Treoir seo. |
|
(31) |
Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm beart coisctheach le scéimeanna ráthaithe taiscí ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint ina sonraítear na coinníollacha atá le forchur ar institiúidí creidmheasa a thairbhíonn de bhearta coisctheacha, na córais atá le cur i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun bearta coisctheacha a roghnú agus a chur chun feidhme go leormhaith agus chun faireachán a dhéanamh ar a rioscaí, agus na socruithe mionsonraithe comhair idir údaráis réitigh, údaráis ainmnithe agus údaráis inniúla. |
|
(32) |
Bearta chun teip institiúide creidmheasa a chosc trí idirghabhálacha atá luath go leor, is féidir ról éifeachtach a bheith acu sin i measc raon na n-uirlisí bainistithe géarchéime a úsáidtear chun muinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith de chineálacha éagsúla, mar shampla bearta tacaíochta caipitil trí ionstraimí cistí dílse, lena n-áirítear ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,, nó ionstraimí caipitil eile, ráthaíochtaí nó iasachtaí. Bhain scéimeanna ráthaithe taiscí leas ilchineálach as na bearta sin. Chun a áirithiú go bhfuil an raon uirlisí bainistithe géarchéime ann agus go bhfuiltear in ann leas a bhaint as bearta coisctheacha ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcreat réitigh agus leis na rialacha maidir le Státchabhair, is gá an t-uainiú agus na coinníollacha maidir lena gcur i bhfeidhm a shonrú. Ba cheart bearta coisctheacha a úsáid go luath chun meathlú ar staid airgeadais institiúide creidmheasa a chosc. Níl siad iomchuí a luaithe a bheidh cinneadh déanta ag an údarás réitigh go bhfuil ag teip ar an institiúid creidmheasa nó gur dócha go dteipfidh uirthi agus nach bhfuil aon bhearta ann a d’fhéadfadh a teip a chosc, gan beann ar an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an réiteach chun leas an phobail. Ba cheart d’údaráis ainmnithe a dhearbhú, dá bhrí sin, cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an idirghabháil sin ag scéim ráthaithe taiscí. |
|
(33) |
Chun a áirithiú go mbaineann bearta coisctheacha a gcuspóir amach, ba cheart a cheangal ar institiúidí creidmheasa nóta a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina leagtar amach na bearta a gheallann siad a dhéanamh. Ba cheart a bheith sa nóta sin na gnéithe uile lena bhféachtar le heis-sreabhadh cistí a chosc agus staid chaipitil agus staideanna leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a neartú, rud a chuireann ar a cumas don institiúid creidmheasa gach ceann de na ceanglais ábhartha stuamachta agus rialála eile a chomhlíonadh ar bhonn réamhbhreathnaitheach. Ba cheart a bheith sa nóta, dá bhrí sin, bearta tiomsaithe caipitil, lena n-áirítear rialacha maidir le heisiúint ceart, comhshó deonach ar ionstraimí fofhiachais, cleachtaí bainistithe dliteanais, díolacháin sócmhainní a ghineann caipiteal, urrúsú punann, agus coinneáil tuillimh, lena n-áirítear toirmisc ar dhíbhinní agus toirmisc ar leasanna a fháil i ngnóthais. Ina theannta sin, sa nóta, ba cheart easnamh caipitil tosaigh na hinstitiúide creidmheasa a shonrú. Le linn chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe sa nóta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa a staideanna leachtachta a neartú freisin agus staonadh ó chleachtais tráchtála ionsaitheacha, ó leithdháileadh díbhinní nó luacha saothair inathraithe, ó bheith ag athcheannach scaireanna dílse agus ó bheith ag ceannach ionstraimí caipitil hibrideacha .Ba cheart straitéis a bheith sa nóta freisin chun imeacht ó na bearta tacaíochta a fuarthas. Laistigh de thráthchlár réasúnach, ba cheart don institiúid creidmheasa plean atheagraithe gnó a sholáthar don údarás inniúil chun inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú. Is iad na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh is fearr atá in ann measúnú a dhéanamh ar ábharthacht agus inchreidteacht na mbeart atá beartaithe i bplean atheagraithe gnó. Chun a áirithiú go bhfuil údarás ainmnithe na scéime ráthaithe taiscí, a n-iarrann an institiúid creidmheasa uirthi beart coisctheach a mhaoiniú, in ann a mheasúnú go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le bearta coisctheacha, ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhar leis an údarás ainmnithe. Ba cheart soláthar breise cistí d’institiúid creidmheasa a chur ar fionraí i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean atheagraithe gnó inchreidte agus indéanta. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith cur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa pleananna atheagraithe gnó a dhréachtú. |
|
(34) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa, a fhaigheann tacaíocht ó scéimeanna ráthaithe taiscí i bhfoirm bearta coisctheacha, a ngealltanais, ba cheart d’údaráis inniúla plean feabhsúcháin a iarraidh ó institiúidí creidmheasa nár chomhlíon na gealltanais a leagadh amach ina nóta nó ina bplean atheagraithe gnó, nár aisíoc an méid a ranníocadh faoi na bearta coisctheacha, nó nár chomhlíon an straitéis scoir. I gcás ina measfaidh údarás inniúil nach féidir inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa a bhaint amach leis na bearta sa phlean feabhsúcháin, nó i gcás nach gcomhlíonann an institiúid creidmheasa an plean feabhsúcháin, níor cheart don scéim ráthaithe taiscí aon tacaíocht choisctheach bhreise a sholáthar don institiúid creidmheasa agus ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh de bhun Threoir 2014/59/AE, ar cé acu atá teip ar an institiúid nó nach bhfuil nó ar dócha go dteipfidh uirthi. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith cur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa pleananna feabhsúcháin a dhréachtú. |
|
(35) |
Is gá ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí le bearta malartacha a chur faoi réir coimircí leordhóthanacha chun cothrom iomaíochta agus éifeachtacht agus costéifeachtúlacht na mbeart sin a áirithiú. Ní féidir an scéim ráthaithe taiscí a úsáid chun aistriú taiscí neamhchumhdaithe agus dliteanas neamhurraithe eile chuig faighteoir a mhaoiniú ach amháin má tá géarghá leis an aistriú agus má tá sé comhréireach chun tógálacht a sheachaint, dá n-uasmhéadódh an t-aistriú luach na sócmhainní tráth a ndíolta, nó dá gcoimeádfadh caomhnú gaolmhaireachtaí cliant muinín. Níor cheart an scéim ráthaithe taiscí a úsáid chun cistí dílse nó dliteanais a aistriú a aicmítear faoi bhun gnáthdhliteanais neamhurraithe sna dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta. |
|
(36) |
Chun éifeachtaí díobhálacha ar iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a sheachaint, is gá a leagan síos, sa chás go ndéantar bearta malartacha i gcás dócmhainneachta, gur cheart do chomhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht d’institiúid creidmheasa, mar shampla leachtaitheoir, faighteoir, riarthóir nó comhlacht eile, nó an t-údarás náisiúnta ábhartha, socruithe a dhéanamh chun gnó na hinstitiúide creidmheasa nó cuid de a mhargú i bpróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus féachaint leis an bpraghas díola a uasmhéadú, a mhéid is féidir. An institiúid creidmheasa nó an t-údarás náisiúnta ábhartha, nó aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann na hinstitiúide creidmheasa nó an údaráis náisiúnta ábhartha sin, ba cheart di nó dó rialacha a chur i bhfeidhm atá oiriúnach chun na sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú chuig ceannaitheoirí ionchasacha a mhargú. In aon chás, ba cheart úsáid acmhainní an Bhallstáit a bheith faoi réir na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) fós, i gcás inarb infheidhme. |
|
(37) |
Ós rud é go bhfuil sé de phríomhaidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí faoi chumhdach a chosaint, níor cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí ach idirghabhálacha seachas íocaíochtaí amach a mhaoiniú i gcás ina bhfuil méid iomlán na n-idirghabhálacha sin níos lú ná méid na dtaiscí faoi chumhdach san institiúid creidmheasa lena mbaineann. |
|
(38) |
Chun sainiúlachtaí SCInna a aithnítear mar scéimeanna ráthaithe taiscí a chur san áireamh a thuilleadh agus chun a n-éifeachtacht a neartú, ba cheart foráil a dhéanamh le Treoir 2014/49/AE go bhféadfadh scéim ráthaithe taiscí iasacht a sholáthar nó seachas sin na cistí a rialaítear leis an Treoir sin a aistriú go sealadach ar bhealach eile chuig cuntas SCI, ar cuntas é atá ar leithligh ó chuntas na scéime ráthaithe taiscí chun críocha cuntasaíochta, chun tacaíocht airgeadais a dheonú do chomhalta agus go háirithe chun a leachtacht agus a shócmhainneacht a áirithiú chun féimheacht a sheachaint i gcás inar gá, chun cuspóirí Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (10). Ba cheart é sin a bheith indéanta i gcásanna ina bhfuil gá leis an acmhainn a sholáthraítear chun forlíonadh a dhéanamh ar na hacmhainní eile atá tiomnaithe do leachtacht agus sócmhainneacht institiúide cleamhnaithe a áirithiú chun a féimheacht a sheachaint agus ba cheart é a bheith faoi réir an choinníll gur ionchas inchreidte é aisíocaíocht a dhéanamh leis an scéim ráthaithe taiscí laistigh de 7 lá oibre, más gá. |
|
(39) |
Chun cosaint comhchuibhithe na dtaisceoirí a fheabhsú agus freagrachtaí a shonrú i gcásanna trasteorann ar fud an Aontais, is í scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile ba cheart a áirithiú go ndéantar íocaíochtaí amach le taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit ina nglacann na hinstitiúidí creidmheasa, ar comhaltaí den scéim ráthaithe taiscí iad, le taiscí agus cistí in-aisíoctha eile trí sheirbhísí taiscí a thairiscint ar bhonn trasteorann gan bheith bunaithe sa Bhallstát óstach. Chun oibríochtaí íocaíochta amach a éascú trí fhaisnéis a sholáthar do thaisceoirí agus doiciméid ábhartha a bhailiú agus a sheoladh ar aghaidh, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile oibriú mar phointe teagmhála do thaisceoirí ag institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. |
|
(40) |
Tá an comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí ar fud an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéantar taisceoirí a aisíoc ar bhealach gasta costéifeachtúil i gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa seirbhísí baincéireachta trí bhrainsí i mBallstáit eile. I bhfianaise dul chun cinn teicneolaíochta a chuireann úsáid aistrithe trasteorann agus cian-sainaitheanta chun cinn, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile aisíocaíochtaí a dhéanamh go díreach le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go bhfuil an t-ualach riaracháin agus na costais níos lú ná mar a bheidís dá ndéanfadh scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh an aisíocaíocht. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith ina comhlánú ar an sásra comhair atá ann faoi láthair, lena gceanglaítear ar scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh taisceoirí i mbrainsí a aisíoc thar ceann scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile. Chun muinín taisceoirí a chaomhnú sna Ballstáit baile agus sna Ballstáit óstacha araon, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith rannpháirteach sa chomhar sin, inter alia trí liosta imthosca agus coinníollacha a áireamh faoina bhféadfadh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile cinneadh a dhéanamh maidir le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe sa Bhallstát óstach a aisíoc. |
|
(41) |
Féadfaidh institiúidí creidmheasa a gcleamhnacht le scéim ráthaithe taiscí a athrú nó féadfar cuid dá ngníomhaíochtaí a aistriú agus, ar an gcaoi sin, féadfaidh siad teacht faoi réir scéim ráthaithe taiscí eile. Le Treoir 2014/49/AE, ceanglaítear go ndéantar na ranníocaíochtaí a d’íoc institiúid creidmheasa le linn an 12 mhí roimh athrú ballraíochta sa scéim ráthaithe taiscí, nó aistriú gníomhaíochtaí, a aistriú ón scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh chuig an scéim ráthaithe taiscí eile go comhréireach leis an méid taiscí faoi chumhdach a aistrítear. Chun a áirithiú nach bhfuil an t-aistriú ranníocaíochtaí chuig an scéim ráthaithe taiscí is faighteoir ag brath ar rialacha náisiúnta éagsúla maidir le sonrascadh nó ar dháta íocaíochta iarbhír na ranníocaíochtaí, ba cheart don scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh an méid atá le haistriú a ríomh ar bhonn ranníocaíochtaí atá dlite seachas ranníocaíochtaí a íocadh. |
|
(42) |
Is gá a áirithiú go gcosnaítear taisceoirí go comhionann ar fud an Aontais, rud nach féidir a ráthú go hiomlán le córas measúnaithe coibhéise um chosaint taisceoirí i dtríú tíortha. Ar an gcúis sin, ba cheart do bhrainsí san Aontas d’institiúid creidmheasa a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír dul isteach i scéim ráthaithe taiscí sa Bhallstát ina nglacann siad le taiscí. D’áiritheofaí leis an gceanglas sin freisin comhsheasmhacht le Treoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE a fhéachann le creat stuamachta agus réitigh níos láidre a thabhairt isteach maidir le grúpaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta san Aontas. Os a choinne sin, ba cheart neamhchosaint scéimeanna ráthaithe taiscí ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais tríú tíortha a sheachaint. Níor cheart, dá bhrí sin, taiscí i mbrainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag institiúidí creidmheasa an Aontais a chosaint, ach amháin má chinneann na Ballstáit go bhfuil taiscí sna brainsí sin le cumhdach. |
|
(43) |
Is rud é nochtadh caighdeánaithe tráthrialta faisnéise a mhúsclaíonn feasacht taisceoirí ar chosaint taiscí. Chun ceanglais maidir le nochtadh a ailíniú le forbairtí teicneolaíochta, ba cheart na bealaí nua cumarsáide digití lena n-idirghníomhaíonn institiúidí creidmheasa le taisceoirí a chur san áireamh sna ceanglais sin. Ba cheart faisnéis aonchineálach shoiléir a bheith á fáil ag taisceoirí lena mínítear cosaint taiscí, agus teorainn a chur leis an ualach riaracháin gaolmhar ar institiúidí creidmheasa nó ar scéimeanna ráthaithe taiscí. Ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear inneachar agus formáid na bileoige faisnéise atá le cur i láthair na dtaisceoirí agus an fhaisnéis teimpléid a cheanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí, ar údaráis ainmnithe nó ar institiúidí creidmheasa a chur in iúl do thaisceoirí i gcásanna sonracha, lena n-áirítear cumaisc institiúidí creidmheasa, cinntí nach bhfuil taiscí le fáil, nó aisíocaíocht taiscí cistí cliant. |
|
(44) |
D’fhéadfadh cumasc institiúidí creidmheasa nó tiontú fochuideachta ina brainse nó vice versa difear a dhéanamh do phríomhghnéithe na cosanta taisceoirí. Ionas nach n-imrítear drochthionchair ar thaisceoirí a bhfuil taiscí acu sa dá institiúid creidmheasa cumaisc agus a mbeadh a n-éilimh ar chumhdach taiscí laghdaithe mar gheall ar athruithe cleamhnachta le scéim ráthaithe taiscí, ba cheart na taisceoirí uile a chur ar an eolas faoi athruithe den sórt sin, agus ba cheart é a bheith de cheart acu a dtaiscí a tharraingt siar nó iad a aistriú go hinstitiúid creidmheasa eile suas go méid is comhionann le cumhdach caillte a dtaiscí gan dul faoi fhíneáil. |
|
(45) |
Chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, tógálacht a sheachaint agus é a chur ar a gcumas do thaisceoirí a gcearta chun taiscí a éileamh a fheidhmiú i gcás inarb infheidhme, ba cheart d’údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí agus institiúidí creidmheasa lena mbaineann taisceoirí a chur ar an eolas maidir le taiscí gan bheith ar fáil. |
|
(46) |
Chun trédhearcacht a mhéadú do thaisceoirí agus láidreacht airgeadais agus iontaoibh a chur chun cinn i measc scéimeanna ráthaithe taiscí nuair atá a sainorduithe á gcomhlíonadh acu, ba cheart feabhas a chur ar na ceanglais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair. Agus forbairt á déanamh ar na ceanglais atá i bhfeidhm faoi láthair lena gcuirtear ar a gcumas do scéimeanna ráthaithe taiscí an fhaisnéis uile is gá chun íocaíocht amach a ullmhú a iarraidh ar a mball-institiúidí, ba cheart scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith in ann an fhaisnéis is gá chun íocaíocht amach a ullmhú i gcomhthéacs comhair trasteorann a iarraidh freisin. Arna iarraidh sin do scéim ráthaithe taiscí, ba cheart a cheangal ar bhall-institiúidí faisnéis ghinearálta a sholáthar maidir le haon ghnó trasteorann ábhartha i mBallstáit eile nó, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha freisin. Ar an gcaoi chéanna, chun raon oiriúnach faisnéise a sholáthar do ÚBE maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí agus maidir le húsáid na hacmhainne sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuireann scéimeanna ráthaithe taiscí ÚBE ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil, agus fógra a thabhairt do ÚBE faoi na himthosca ba chúis le cistí scéime ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí amach nó bearta eile. Ar deireadh, chun léiriú a dhéanamh ar an ról neartaithe atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí i mbainistíocht géarchéime baincéireachta lena bhféachtar le húsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a éascú i gcás réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh achoimre a thabhairt do na scéimeanna ráthaithe cistí ar phleananna réitigh institiúidí creidmheasa chun ullmhacht ghinearálta na scéimeanna ráthaithe cistí sin a mhéadú chun na cistí a chur ar fáil, a oiread agus is gá. |
|
(47) |
Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint leordhóthanach taisceoirí a éascú ar fud an Aontais. Mar chomhlacht a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige, tá sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh ÚBE, lena nglacadh ag an gCoimisiún. |
|
(48) |
I gcás ina bhforáiltear dó sa Treoir seo, ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart a shonrú sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin na mionsonraí teicniúla a bhaineann le cliaint institiúidí airgeadais a shainaithint chun taiscí cistí cliant a íoc amach, na critéir agus imthosca maidir le haisíocaíocht leis an sealbhóir cuntais chun tairbhe gach cliaint nó chun tairbhe an chliaint go díreach, agus na rialacha maidir le héilimh iolracha ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint. Ba cheart a shonrú sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála freisin an mhodheolaíocht chun ríomh a dhéanamh ar an acmhainn airgeadais atá ar fáil agus atá incháilithe don spriocleibhéal agus an próiseas chun scéimeanna ráthaithe taiscí a athshlánú. |
|
(49) |
Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart a shonrú sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin ábhar agus formáid na bileoige faisnéise do thaisceoirí agus an nós imeachta agus ábhar na faisnéise ba cheart a chur in iúl do thaisceoirí. Ba cheart a shonrú sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme freisin na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a sholáthraíonn institiúid creidmheasa faisnéis dá scéim ráthaithe taiscí agus i gcás ina soláthraíonn scéim ráthaithe taiscí nó údarás ainmnithe faisnéis do ÚBE, chomh maith leis na teimpléid chun an fhaisnéis sin a sholáthar. |
|
(50) |
Chun go mbeidh cead ag institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas brainsí a bheith acu sna Ballstáit, arb institiúidí iad nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí arna bhunú san Aontas chun an ceanglas maidir le dul isteach i scéim ráthaithe taiscí de chuid an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na brainsí sin chun na bearta is gá a dhéanamh leis an gceanglas sin a chomhlíonadh. |
|
(51) |
Le Treoir 2014/49/AE, ceadaítear do na Ballstáit SCI a aithint mar scéim ráthaithe taiscí má chomhlíonann sé na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus má chomhlíonann sé Treoir 2014/49/AE. Chun samhail ghnó shonrach na SCInna sin a chur san áireamh, go háirithe ábharthacht beart coisctheach atá i gcroílár a sainordaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go gceadódh na Ballstáit tréimhse níos faide do SCInna chun gur féidir leo oiriúnú do na rialacha nua. Leis an bhféidearthacht sin maidir le tréimhse chomhlíontachta níos faide, cuirtear san áireamh an t-am is gá do SCInna, a aithnítear mar scéimeanna ráthaithe taiscí, a bheith acu chun acmhainn airgeadais a chruinniú i gcuntas ar leithligh chun críocha cuntasaíochta atá tiomnaithe do thacaíocht airgeadais a dheonú do chomhalta agus go háirithe chun a leachtacht agus a shócmhainneacht a áirithiú chun féimheacht a sheachaint i gcás inar gá. |
|
(52) |
Chun a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe an acmhainneacht oibríochtúil is gá a chur i dtoll a chéile chun na rialacha nua, mar a leagtar amach iad sa Treoir seo maidir le húsáid beart coisctheach a chur i bhfeidhm, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm iarchurtha na rialacha sin. |
|
(53) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin cosaint aonfhoirmeach taisceoirí san Aontas a áirithiú, de bharr na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, trí na rialacha a leagtar síos cheana a leasú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(54) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus tugadh tuairim uaidh an 12 Meitheamh 2023 (12), |
|
(55) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2014/49/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/49/AE
Leasaítear Treoir 2014/49/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 7a An dualgas cruthúnais maidir le hincháilitheacht taiscí agus teidlíocht ina leith Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(3), go gcruthaíonn taisceoir, nó i gcás inarb iomchuí, sealbhóir cuntais, go gcomhlíonann na taiscí lena mbaineann coinníollacha Airteagal 6(2) nó, de rogha air sin, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2), go gcruthaíonn an taisceoir nó an sealbhóir cuntais teidlíocht i leith na dtaiscí sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’ |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8a Taiscí ar mó iad ná EUR 10 000 a aisíoc Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mó na méideanna atá le haisíoc ná EUR10 000, go n-aisíocann scéimeanna ráthaithe taiscí, i gcás inar féidir, taisceoirí trí aistrithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (24), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) nó, i gcás nach féidir na haistrithe creidmheasa sin a dhéanamh, trí bhíthin íocaíochta, seachas íocaíocht airgid thirim, lena n-áirithítear inrianaitheacht na gcistí. Airteagal 8b Taiscí cistí cliant a chumhdach 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdaítear taiscí cistí cliant leis na scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil feidhm ag an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) maidir le gach ceann de na cliaint a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo. De mhaolú ar Airteagal 7(1), i gcás ina bhfuil an méid in-aisíoctha á chinneadh le haghaidh cliant aonair, ní chuirfidh an scéim ráthaithe taiscí méid comhiomlán na dtaiscí a chuireann an cliant sin faoi chúram na hinstitiúide creidmheasa céanna san áireamh. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí cistí cliant faoi chumhdach a aisíoc leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint, nó leis an gcliant go díreach. 4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 8c Aisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ábhair imní maidir leis an sciúradh airgid nó le maoiniú sceimhlitheoireachta 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann an t-údarás ainmnithe an scéim ráthaithe taiscí ar an eolas laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a fhaigheann an t-údarás ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 64(4) de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) ó mhaoirseoir airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), den Treoir sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear idir an t-údarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun go bhfeidhmíonn an scéim ráthaithe taiscí a cúraimí agus a freagrachtaí faoin Treoir seo agus go n-urramaíonn an malartú faisnéise sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann an scéim ráthaithe taiscí aisíocaíocht an mhéid in-aisíoctha ar fionraí i gcás ina bhfuil taisceoir, nó aon duine atá i dteideal suimeanna arna sealbhú ina chuntas, cúisithe i gcion a eascraíonn as an sciúradh airgid nó as maoiniú sceimhlitheoireachta, nó a bhaineann leis an sciúradh airgid nó le maoiniú sceimhlitheoireachta, go dtí go dtugtar breithiúnas na cúirte. Bunóidh na Ballstáit nós imeachta lena n-áirithítear go gcuirtear an fhaisnéis sin in iúl don scéim ráthaithe taiscí go tráthúil. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann an scéim ráthaithe taiscí aisíocaíocht an mhéid in-aisíoctha ar fionraí ar feadh na tréimhse céanna leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2024/1640 i gcás ina gcuireann an institiúid creidmheasa nó an t-údarás ainmnithe in iúl di gur chuir an t-aonad faisnéise airgeadais dá dtagraítear san Airteagal sin idirbheart, cuntas nó caidreamh gnó a bhaineann leis an taisceoir lena mbaineann ar fionraí. 4. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil an scéim ráthaithe taiscí faoi dhliteanas i leith aon fhionraí a dhéanfar i gcomhréir le míreanna 2 agus 3. (*3) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj)." (*4) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj)." (*5) Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir leis an gcosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/9/oj).’;" |
|
(10) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Gan dochar do chearta a d’fhéadfadh a bheith acu faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart seachaíochta ag scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann íocaíochtaí faoi ráthaíocht laistigh de chreat náisiúnta maidir le cearta taisceoirí in imeachtaí foirceanta nó in imeachtaí atheagrúcháin ar mhéid atá cothrom leis na híocaíochtaí a dhéanann na scéimeanna ráthaithe taiscí sin leis na taisceoirí sin. Scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann ranníocaíocht i gcomhthéacs na n-uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a) nó (b), de Threoir 2014/59/AE, nó i gcomhthéacs beart arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Treoir seo, beidh éileamh acu in imeachtaí foirceanta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa iarmharaí ar mhéid atá cothrom leis an ranníocaíocht a rinne siad. Rangófar an t-éileamh sin ar an leibhéal céanna le taiscí faoi chumhdach faoin dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 108(1) de Threoir 2014/59/AE. 3. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le taisceoirí nach ndearna an scéim ráthaithe taiscí a dtaiscí a aisíoc nó a admháil laistigh na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (3) éileamh a chur isteach in aghaidh na scéime ráthaithe taiscí ar aisíocaíocht a dtaiscí laistigh de 5 bliana ón dáta a dhéaneann údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó a thugann údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).’ |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: ‘Airteagal 11 Úsáid cistí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáideann scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 10 go príomha chun aisíocaíochtaí le taisceoirí a dhaingniú i gcomhréir le hAirteagal 8. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáideann scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh chun réiteach institiúidí creidmheasa a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE. 3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh a úsáid le haghaidh bearta coisctheacha i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:
4. I gcás inar úsáideadh an acmhainn airgeadais atá ar fáil le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11a, déanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa cleamhnaithe an acmhainn a úsáidtear le haghaidh na mbeart sin a sholáthar láithreach don scéim ráthaithe taiscí, i bhfoirm ranníocaíochtaí urghnácha i gcás inar gá, i gcás inarb infheidhme ceachtar de na nithe seo a leanas:
5. I gcás ina ndéantar institiúid creidmheasa a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 32b de Threoir 2014/59/AE chun imeacht as an margadh nó deireadh a chur lena gníomhaíocht baincéireachta, féadfaidh na Ballstáit ceadú do scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil a úsáid le haghaidh bearta malartacha chun rochtain taisceoirí ar a dtaiscí a chaomhnú, lena n-áirítear aistriú sócmhainní agus dliteanas agus aistriú leabhair taisce, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 11d den Treoir seo. 6. Faoin 11 Bealtaine 2030 déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú ar chur chun feidhme agus ar thionchar na bhforálacha a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5, lena n-áirítear:
Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inarb iomchuí.’ |
|
(13) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 11a Bearta coisctheacha 1. I gcás ina gceadaíonn na Ballstáit úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3), áiritheoidh siad go n-úsáideann na scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh chun bearta coisctheacha den sórt sin a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais faireacháin agus nósanna imeachta cinnteoireachta i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí atá iomchuí do na bearta coisctheacha a roghnú agus a chur chun feidhme agus d’fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí cleamhnaithe. 3. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a chur chun feidhme ach amháin i gcás inar dhearbhaigh an t-údarás ainmnithe gur comhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1. Tabharfaidh an t-údarás ainmnithe fógra don údarás inniúil agus don údarás réitigh. 4. Forbróidh ÚBE treoirlínte chun an méid seo a leanas a shonrú:
Airteagal 11b Ceanglais maidir le bearta coisctheacha 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann institiúidí creidmheasa a iarrann ar scéim ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú de bhun Airteagal 11(3) faoi bhráid an údaráis inniúil nóta ina leagtar amach na bearta a gheallann na hinstitiúidí creidmheasa sin a ghabháil de láimh chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta is infheidhme a áirithiú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 2. Leis an nóta dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach gníomhaíochtaí chun an riosca go dtagann meathlú ar fhóntacht airgeadais na hinstitiúide creidmheasa a mhaolú agus a staideanna caipitil agus leachtachta a neartú. 3. I gcás ina n-úsáidtear acmhainn airgeadais scéime ráthaithe taiscí le haghaidh bearta coisctheacha de bhun Airteagal 11(3) den Treoir seo, measfar úsáid den sórt sin a bheith ina hathrú ar staid airgeadais na hinstitiúide creidmheasa agus ceanglófar nuashonrú ar an bplean téarnaimh de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2014/59/AE. 4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás bearta tacaíochta caipitil, lena n-áirítear athchaipitliú, bearta bearnaithe sócmhainní agus ráthaíochtaí sócmhainní, nach gcumhaítear leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí ach an t-easnamh caipitil mar a mheastar faoi láthair ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:
Déanfar na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (c), a áireamh sa nóta dá dtagraítear i mír 1. Agus méid na tacaíochta caipitil atá le soláthar ag an scéim ráthaithe taiscí á chinneadh, féadfaidh an scéim ráthaithe taiscí aon mheasúnú réamhbhreathnaitheach ar leordhóthanacht caipitil a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear an plean caomhnaithe caipitil dá dtagraítear in Airteagal 142 de Threoir 2013/36/AE. Tabharfaidh an scéim ráthaithe taiscí fógra don údarás inniúil faoi mhéid na tacaíochta caipitil atá le soláthar. 5. Áiritheoidh na Ballstáit go n-aistríonn na scéimeanna ráthaithe taiscí a sealúchais scaireanna nó ionstraimí caipitil eile san institiúid creidmheasa a dtacaítear léi a luaithe is féidir sin sna himthosca tráchtála agus airgeadais. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar foráil sa nóta dá dtagraítear i mír 1 maidir le straitéis scoir ó na bearta coisctheacha, lena n-áirítear sceideal a shonraítear go soiléir chun go n-aisíocann an institiúid creidmheasa aon chistí in-aisíoctha a fuarthas mar chuid de na bearta coisctheacha agus chun sealúchas na scéime ráthaithe taiscí lena mbaineann i gcaipiteal na hinstitiúide creidmheasa sin a dhífheistiú de bhun mhír 5. Ní nochtfar an fhaisnéis sin go dtí go n-imíonn an institiúid creidmheasa sin ó na bearta coisctheacha, nó go dtí go bhfuil an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 1c(3) curtha i gcrích, faoi réir oibleagáidí neamh-inmhoillithe maidir le nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6). 7. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-íoctar aon díbhinní, aischeannach scaireanna ná luach saothair inathraithe amach agus nach dtugann an institiúid creidmheasa a dtacaítear léi aon ghealltanas neamh-inchúlghairthe díbhinní, aischeannach scaireanna ná luach saothair inathraithe a íoc amach. Féadfaidh an t-údarás inniúil íocaíocht díbhinní a cheadú ar bhonn eisceachtúil i gcás ina léiríonn an institiúid creidmheasa chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil sí faoi cheangal dlí díbhinní den chineál sin a íoc. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanann na toirmisc a leagtar amach sa mhír seo i bhfeidhm go dtí go n-imíonn an institiúid creidmheasa ó na bearta coisctheacha. 8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann an institiúid creidmheasa a dtacaítear léi plean atheagraithe gnó faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh de 6 mhí ón tacaíocht airgeadais tosaigh a sholáthar. Tar éis na bearta coisctheacha a dheonú, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse sin go huastréimhse 8 mí. I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean atheagraithe gnó inchreidte nó indéanta, cuirtear ar fionraí soláthar breise cistí ag an scéim ráthaithe taiscí don institiúid creidmheasa lena mbaineann. 9. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na bearta atá beartaithe sa phlean atheagraithe gnó dá dtagraítear i mír 8 comhoiriúnach le plean athstruchtúraithe na hinstitiúide creidmheasa arna cheangal ag an gCoimisiún, de bhun chreat Státchabhrach an Aontais. 10. Soláthróidh an t-údarás inniúil an plean atheagraithe gnó dá dtagraítear i mír 8 don údarás réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh an plean atheagraithe gnó a scrúdú d’fhonn aon ghníomhaíochtaí a shainaithint a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar inréiteacht na hinstitiúide agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maidir leis na hábhair sin. Cuirfidh an t-údarás réitigh a mheasúnú agus a mholtaí in iúl laistigh den tráthchlár a shocraíonn an t-údarás inniúil. Airteagal 11c Plean feabhsúcháin 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcomhlíonann institiúid creidmheasa na gealltanais a leagtar amach sa nóta dá dtagraítear in Airteagal 11b(1), nó sa phlean atheagraithe gnó dá dtagraítear in Airteagal 11b(8) nó i gcás nach n-aisíocann sí an méid a ranníoc an scéim ráthaithe taiscí faoi na bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3) tráth a haibíochta nó nach gcomhlíonann sí an straitéis scoir faoi Airteagal 11b(6), go gcuireann an scéim ráthaithe taiscí an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan mhoill. 2. Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go n-iarrann an t-údarás inniúil ar an institiúid creidmheasa plean feabhsúcháin aonuaire a chur faoi bhráid an údaráis ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí ina ndéantar cur síos ar na bearta a dhéanann an institiúid creidmheasa chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a áirithiú, chun a inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú agus chun an méid cuí arna ranníoc ag an scéim ráthaithe taiscí leis na bearta coisctheacha a aisíoc, chomh maith leis an tráthchlár gaolmhar. Rachaidh an t-údarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis na bearta atá beartaithe sa phlean feabhsúcháin. 3. I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean feabhsúcháin inchreidte nó indéanta nó i gcás nach gcomhlíonann an institiúid creidmheasa an plean feabhsúcháin, cuirfidh an t-údarás inniúil an scéim ráthaithe taiscí agus an t-údarás réitigh ar an eolas faoina mheasúnú. Sa chás sin, ní dheonóidh an scéim ráthaithe taiscí aon bheart coisctheach breise don institiúid creidmheasa sin agus déanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú ar cé acu atá teip ar an institiúid nó nach bhfuil an institiúid i mbéal teipthe nó ar dócha go dteipfidh uirthi i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2014/59/AE. 4. Faoin 11 Bealtaine 2029, eiseoidh ÚBE treoirlínte ina leagtar amach na heilimintí atá le háireamh sa phlean atheagraithe gnó a ghabhann leis na bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11b(4) go (8) agus sa phlean feabhsúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 11d Coinníollacha maidir le bearta malartacha 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-úsáidtear acmhainn airgeadais de chuid scéime ráthaithe taiscí le haghaidh bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 11(5), go bhféadfaidh an scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht den mhéid is gá a dhéanamh chun maoiniú a dhéanamh ar aistriú taiscí neamhchumhdaithe agus gnáthdhliteanais neamhurraithe eile chuig faighteoir agus chun neodracht caipitil an fhaighteora a áirithiú, de bhreis ar an méid is gá chun taiscí cumhdaithe agus sócmhainní na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann a aistriú, sna cásanna seo a leanas ina measann an t-údarás náisiúnta ábhartha:
Áiritheoidh na Ballstáit nach maoiníonn scéimeanna ráthaithe taiscí an t-aistriú cistí dílse agus dliteanas a rangaítear faoi ghnáthdhliteanais neamhurraithe ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina maoiníonn scéim ráthaithe taiscí an t-aistriú sócmhainní agus dliteanas, lena n-áirítear aistriú leabhair taisce dá dtagraítear in Airteagal 11(5), go ndéanann an institiúid creidmheasa lena mbaineann, nó an t-údarás náisiúnta ábhartha, na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais a bheartaíonn an institiúid creidmheasa sin a aistriú a mhargú, nó go ndéanann sí socruithe maidir lena margú. Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, leis an margú sin, déanfar an margú mar seo a leanas:
Airteagal 11e Tástáil íoschostais Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-úsáidtear cistí scéime ráthaithe taiscí le haghaidh aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5) den Treoir seo, nach bhfuil méid idirghabháil na scéime ráthaithe taiscí faoi seach níos mó ná an méid is lú de na méideanna seo a leanas:
(*6) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj);’;" |
|
(14) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 12a Acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna cosanta institiúideacha a aithnítear mar scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Airteagal 113(7), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do scéim cosanta institiúideach dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), an acmhainn airgeadais atá ar fáil di dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thabhairt ar iasacht nó a chur ar fáil ar bhealach eile d’aon chistí eile de chuid na scéime cosanta taiscí sin dá dtagraítear in Airteagal 113(7), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
2. Áiritheoidh na Ballstáit, má thug scéim cosanta institiúideach dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), acmhainn airgeadais ar iasacht nó má chuir sí ar fáil ar bhealach eile iad i gcomhréir le mír1 den Airteagal seo agus má thagann an gá chun taisceoirí a ball-institiúidí a aisíoc nó chun idirghabháil a dhéanamh i gcás réitigh chun cinn, go n-aisíoctar an acmhainn sin arna iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 8(1).’ |
|
(15) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Brainsí san Aontas d’institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifigí lasmuigh den Aontas Eorpach acu dul isteach i scéim ráthaithe taiscí laistigh dá gcríoch sula gceadaíonn siad do na brainsí sin glacadh le taiscí incháilithe sna Ballstáit sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann na brainsí dá dtagraítear sa chéad mhír ranníocaíocht leis an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 13.’ |
|
(17) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 15a Institiúidí creidmheasa cleamhnaithe a bhfuil brainsí i dtríú tíortha acu Áiritheoidh na Ballstáit nach gcumhdaíonn scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag a n-institiúidí creidmheasa cleamhnaithe. De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcumhdaítear le scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag a n-institiúidí creidmheasa cleamhnaithe ar choinníoll go n-ardaíonn na scéimeanna ráthaithe taiscí sin ranníocaíochtaí comhfhreagracha óna hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann agus faoi réir fhormheas an údaráis ainmnithe.’ |
|
(18) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 16a Malartú faisnéise idir institiúidí creidmheasa agus scéimeanna ráthaithe taiscí, agus tuairisciú ag údaráis 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinníonn na hinstitiúidí creidmheasa an fhaisnéis uile is gá i gcónaí, chun an tástáil struis dá dtagraítear in Airteagal 4(10), agus chun ullmhú le haghaidh aisíocaíocht taiscí, i gcomhréir leis an gceanglas sainaitheantais a leagtar síos in Airteagal 5(4), lena n-áirítear an fhaisnéis chun críocha Airteagal 8(5) agus Airteagail 8b agus 8c, agus arna iarraidh sin, an fhaisnéis sin a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil siad cleamhnaithe. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann institiúidí creidmheasa, arna iarraidh sin, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil siad cleamhnaithe:
Léireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír na Ballstáit nó na tríú tíortha ina bhfuil na brainsí nó na taisceoirí sin lonnaithe. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann scéimeanna ráthaithe taiscí, faoin 31 Márta gach bliain, ÚBE ar an eolas faoin méid seo a leanas:
4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann na húdaráis ainmnithe fógra do ÚBE, gan moill mhíchuí, faoi na nithe seo a leanas uile:
Beidh achoimre ina dtugtar tuairisc ar na nithe seo a leanas uile san fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b):
5. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le mír 3 agus an achoimre dá dtagraítear i mír 4 gan moill mhíchuí. Mar sin féin, ní fhoilseoidh sé aon fhaisnéis arna soláthar ag scéim ráthaithe taiscí a mheasann an scéim ráthaithe taiscí sin a bheith rúnda. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann údaráis réitigh na n-institiúidí creidmheasa ar comhalta iad de scéim ráthaithe taiscí achoimre ar phríomhghnéithe na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(7), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí sin. Féadfaidh údaráis réitigh faisnéis a eisiamh ón achoimre sin, ar faisnéis í nach bhfuil gá ag an scéim ráthaithe taiscí ná ag údaráis ainmnithe léi chun na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8, Airteagal 11(2), (3) agus (5) agus Airteagal 11e den Treoir seo a fheidhmiú. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus íosmhéid inneachair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus na cineálacha taisceoirí, agus na nósanna imeachta, na teimpléid agus inneachar na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’ |
|
(20) |
scriostar Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach acu agus a ghlacann le taiscí incháilithe i mBallstát an 11 Bealtaine 2028, agus nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí iad ar an dáta sin, go dtéann siad isteach i scéim ráthaithe taiscí atá ag oibriú laistigh dá gcríocha faoin 11 Lúnasa 2028. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (16) maidir leis na brainsí sin go dtí an 11 Lúnasa 2028.
2. De mhaolú ar Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus, a mhéid a thagraíonn sé d’Airteagal 11(3), Airteagal 11e den Treoir sin a mhéid a bhaineann le bearta coisctheacha, féadfaidh na Ballstáit go dtí an 31 Nollaig 2032 a cheadú do scéimeanna cosanta institiúideacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), de Threoir 2014/49/AE na forálacha náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 11(3) den Treoir sin chun feidhme a chomhlíonadh mar is infheidhme an …10 Bealtaine 2026.
Airteagal 3
Trasuí
1. Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 11 Bealtaine 2028, Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 11 Bealtaine 2028. Na forálacha is gá chun Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus, a mhéid a dhéantar tagairt ann d’Airteagal 11(3), Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE a chomhlíonadh, áfach, cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 11 Bealtaine 2029.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO C 307, 31.8.2023, lch. 19.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/3754, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3754/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 5 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/49/oj).
(4) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(6) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).
(7) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/110/oj).
(8) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).
(9) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/804/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)