This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1924
Commission Decision (EU) 2026/1924 of 27 July 2026 on the compatibility with Union law of measures to be taken by Poland pursuant to Article 14(1) of Directive 2010/13/EU of the European Parliament and of the Council
Cinneadh (AE) 2026/1924 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2026 maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais na mbeart atá le déanamh ag an bPolainn de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh (AE) 2026/1924 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2026 maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais na mbeart atá le déanamh ag an bPolainn de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/5330
IO L, 2026/1924, 5.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1924/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 25/08/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1924 |
5.8.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1924 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Iúil 2026
maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais na mbeart atá le déanamh ag an bPolainn de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (1), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I litir uaithi dar dáta an 27 Bealtaine 2026, thug an Pholainn fógra don Choimisiún faoi bhearta áirithe a raibh sé beartaithe ag an bPolainn iad a dhéanamh de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE agus arbh é ab aidhm dóibh na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair sa Bhallstát sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú, ar bearta iad ar dearbhaíodh iad a bheith comhoiriúnach le dlí an Aontais le Cinneadh (AE) 2015/163 ón gCoimisiún (2). Na bearta atá le déanamh, is bearta iad atá sa bhreis ar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair agus suitear leo liosta nuashonraithe d’imeachtaí ainmnithe, bídís ina n-imeachtaí náisiúnta nó neamhnáisiúnta, a mheasann an Pholainn a bheith fíorthábhachtach dá sochaí. |
|
(2) |
D’fhíoraigh an Coimisiún go bhfuil na bearta a leagtar amach sa litir dar dáta an 27 Bealtaine 2026 comhoiriúnach le dlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gcomhréireacht agus le trédhearcacht an nós imeachta comhairliúcháin náisiúnta a rinneadh. |
|
(3) |
Agus scrúdú á dhéanamh ar na bearta sin, chuir an Coimisiún san áireamh na sonraí a bhí ar fáil maidir le margadh closamhairc na Polainne, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionchar na mbeart sin ar an margadh teilifíse. |
|
(4) |
Ar bhonn na fianaise mionsonraithe agus na bhfigiúirí lucht féachana arna soláthar ag údaráis na Polainne, rinne an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann gach imeacht breise ar an liosta dhá cheann de na ceithre chritéar seo a leanas ar a laghad, a mheasann an Coimisiún a bheith ina dtáscairí iontaofa ar an tábhacht a bhaineann le himeachtaí áirithe don tsochaí: (i) tá ciallachas ginearálta speisialta ag an imeacht lena mbaineann laistigh den Bhallstát agus níl a thábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an spórt nó an ghníomhaíocht lena mbaineann de ghnáth; (ii) tá tábhacht chultúrtha ar leith ag an imeacht lena mbaineann le haghaidh dhaonra an Bhallstáit, ar tábhacht í a aithnítear go ginearálta, go háirithe mar chatalaíoch féiniúlachta cultúrtha; (iii) glacann an fhoireann náisiúnta páirt sa spórt lena mbaineann i gcomórtas nó i gcraobhchomórtas idirnáisiúnta mór; agus (iv) chraoltaí an t-imeacht lena mbaineann go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana mór teilifíse aige sa Bhallstát. |
|
(5) |
Maidir leis na cluichí i Sraith na Náisiún san Eitpheil a imrítear thar lear agus a mbíonn baint ag foireann náisiúnta na Polainne leo, meastar gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad. Tá ciallachas ginearálta speisialta acu laistigh den Pholainn agus níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an eitpheil de ghnáth. Thairis sin, chraoltaí iad go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana mór teilifíse acu sa Pholainn. |
|
(6) |
Maidir leis na cluichí ó chluiche ceathrú ceannais go dtí cluiche ceannais Chraobhchomórtas Domhanda Cispheile na bhfear agus na cluichí ó Bhabhta na 16 fhoireann go dtí cluiche ceannais Chraobhchomórtas Eorpach Cispheile na bhfear a bhfuil baint ag foireann náisiúnta na Polainne leo, meastar gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad. Tá ciallachas ginearálta speisialta acu laistigh den Pholainn agus níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an chispheil de ghnáth. Thairis sin, bíonn rannpháirtíocht na foirne náisiúnta i gcraobhchomórtas idirnáisiúnta mór i gceist leo. |
|
(7) |
Meastar gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa, toisc go mbíonn an-tóir ag an bpobal i gcoitinne orthu. Níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an lúthchleasaíocht de ghnáth agus bíonn rannpháirtíocht na foirne náisiúnta i gcraobhchomórtas idirnáisiúnta mór i gceist leo. Ina theannta sin, chraoltaí iad go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana mór teilifíse acu sa Pholainn. |
|
(8) |
Maidir le cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na mban agus na bhfear ag Craobhchomórtas Oscailte na hAstráile, Craobhchomórtas Oscailte na Fraince, Wimbledon agus Craobhchomórtas Oscailte na Stát Aontaithe a bhfuil baint ag imreoirí Polannacha leo, meastar gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad. Tá ciallachas ginearálta speisialta acu laistigh den Pholainn agus níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an leadóg de ghnáth. Ina theannta sin, cé go gcraoltar formhór na n-imeachtaí leadóige ar chainéil satailíte chriptithe, is léir, mar sin féin, go bhfuil spéis ag pobal na Polainne i gcraobhchomórtais Chaithréim Mhór sin na leadóige, agus lucht féachana mór teilifíse ag cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais gach uair a chraoltar iad ar an teilifís shaorchraolta. |
|
(9) |
Maidir leis na cluichí ó Bhabhta an 32 fhoireann go dtí an cluiche ceannais de Shraith Chomhdhála UEFA a bhfuil baint ag clubanna Polannacha leo, meastar freisin gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad. Tá ciallachas ginearálta speisialta ag na himeachtaí sin sa Pholainn agus níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an pheil de ghnáth. Ina theannta sin, is léir go bhfuil spéis ag pobal na Polainne sna craobhchomórtais sin atá réasúnta nua, agus lucht féachana mór teilifíse ag na cluichí gach uair a chraoltar iad ar an teilifís shaorchraolta. |
|
(10) |
Maidir leis na cluichí sa roinn is airde de Chraobhchomórtas Domhanda Haca Oighir na bhfear a bhfuil baint ag foireann náisiúnta na Polainne leo, meastar gur imeachtaí fíorthábhachtacha don tsochaí iad. Tá ciallachas ginearálta speisialta acu laistigh den Pholainn agus níl a dtábhacht teoranta do na daoine sin a leanann an haca oighir de ghnáth. Thairis sin, bíonn rannpháirtíocht na foirne náisiúnta i gcraobhchomórtas idirnáisiúnta mór i gceist leo. |
|
(11) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann na bearta ar thug an Pholainn fógra ina leith thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, is é sin an ceart chun faisnéise agus rochtain leathan an phobail ar chumhdach teilifíse ar imeachtaí náisiúnta nó neamhnáisiúnta a chosaint, rud a mheasann an Pholainn a bheith fíorthábhachtach don tsochaí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: (i) na socruithe ar dá réir a chraolfar na himeachtaí lena mbaineann; (ii) an míniú ar ‘craoltóir incháilithe’ atá in Airteagal 20b (1) d’Acht Craolacháin na Polainne; (iii) ról an údaráis inniúil náisiúnta Krajowa Rada Radiofonii in Telewizji maidir le díospóidí a réiteach; agus (iv) an fíoras go dtiocfaidh na bearta ábhartha i bhfeidhm, maidir leis na himeachtaí nua-ainmnithe, 12 mhí tar éis a bhfógartha, rud a dheonóidh tréimhse chairde iomchuí i bhfianaise an fhéilire ar dá réir atá cuid mhór de na himeachtaí sceidealaithe. Mar thoradh air sin, ní théann éifeachtaí ainmniú na n-imeachtaí breise ar an gceart chun maoine, mar a leagtar síos in Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, thar na héifeachtaí sin a bhfuil dlúthnasc acu le cuimsiú na n-imeachtaí sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE. |
|
(12) |
Ar chúiseanna comhchosúla, is cosúil go bhfuil na bearta ar thug an Pholainn fógra ina leith comhréireach agus go dtugann siad údar le maolú ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é an leas poiblí sáraitheach lena dtugtar údar leis an maolú sin a áirithiú go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal ar chraoltaí imeachtaí náisiúnta nó neamhnáisiúnta, rud a mheasann an Pholainn a bheith fíorthábhachtach don tsochaí. Ina theannta sin, níl aon idirdhealú ná foriamh margaidh i gceist leis na bearta sin in aghaidh craoltóirí, sealbhóirí cirt ná oibreoirí eacnamaíocha eile na mBallstát eile. |
|
(13) |
Tá na bearta atá le déanamh comhoiriúnach le rialacha iomaíochta an Aontais. Tá an sainmhíniú ar chraoltóir incháilithe in Acht Craolacháin na Polainne bunaithe ar chritéir oibiachtúla, a fhágann gur féidir iomaíocht iarbhír agus ionchasach a bheith ann chun na cearta chun na himeachtaí a chraoladh a fháil. Ina theannta sin, níl an líon imeachtaí ainmnithe de chineál a d’fhágfadh go ndéanfadh sé an iomaíocht a shaobhadh ar na margaí iartheachtacha saorchraolta teilifíse agus teilifíse táille. Dá bhrí sin, ní théann éifeachtaí ainmniú na n-imeachtaí breise ar an tsaoirse iomaíochta thar na héifeachtaí sin a bhfuil dlúthnasc acu le cuimsiú na n-imeachtaí sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE. |
|
(14) |
Rinne an Coimisiún na bearta atá le déanamh ag an bPolainn a chur in iúl do na Ballstáit eile agus rinne sé torthaí an mheasúnaithe ar na bearta sin a chur faoi bhráid an choiste teagmhála arna bhunú le hAirteagal 29 de Threoir 2010/13/AE. Ghlac an coiste sin tuairim fhabhrach, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
1. Na bearta atá le déanamh ag an bPolainn de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE, ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Treoir sin an 27 Bealtaine 2026, is bearta iad atá comhoiriúnach le dlí an Aontais.
2. Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, arna ndéanamh ag an bPolainn, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Henna VIRKKUNEN
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 95, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2015/163 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2014 maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais na mbeart atá le déanamh ag an bPolainn de bhun Airteagal 14 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 27, 3.2.2015, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/163/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1924/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)