Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1876

Cinneadh (CBES) 2026/1876 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

ST/9652/2026/REV/1

IO L, 2026/1876, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1876/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1876/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1876

28.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1876 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2026

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33, i gcomhar le hAirteagal 31(2), de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Márta 2013, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh don tSaiheil.

(2)

An 19 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2905 (1), lena gceaptar João CRAVINHO mar ISAE don tSaiheil. Rachaidh sainordú ISAE in éag an 31 Lúnasa 2026.

(3)

Ba cheart ISAE don tSaiheil a cheapadh ar feadh tréimhse 12 mhí.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad.

(5)

Is gá rannpháirtíocht chomhleanúnach agus éifeachtach an Aontais sa tSaiheil a áirithiú, lena n-áirítear trí ISAE nua a cheapadh chun idirphlé polaitiúil, comhordú agus cur chun feidhme Chur Chuige Athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile a stiúradh, agus tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit á gcur san áireamh.

(6)

Tá sé tábhachtach an fuinneamh a choimeád i ngníomhaíocht an Aontais, lena n-áirítear trí chonclúidí ón gComhairle maidir leis an tSaiheil, agus leanúint de Chur Chuige Athnuaite an Aontais i leith na Saiheile a chur chun feidhme ag an am céanna, agus na tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit á gcur san áireamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

1.   Leis seo, ceaptar Birgitte MARKUSSEN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go gcuirfí síneadh le sainordú ISAE (‘an sainordú’) nó go ndéanfar é a fhoirceannadh níos luaithe, ar bhonn measúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

2.   Chun críocha an tsainordaithe, sainítear gurb é atá sa tSaiheil Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir. Rachaidh ISAE i dteagmháil freisin, de réir mar is iomchuí, le tíortha Imchuach Loch Shead agus le tíortha eile agus le heintitis réigiúnacha nó idirnáisiúnta laistigh agus lasmuigh den tSaiheil, lena n-áirítear sa Mhagraib agus i Murascaill na Guine, mar is iomchuí, agus, go háirithe, leis na tíortha comharsanacha a ndéanann dinimic na Saiheile difear dóibh.

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

1.   Ar bhonn chuspóirí beartais Straitéis Chomhtháite an Aontais Eorpaigh sa tSaiheil mar a glacadh le conclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021, an oiriúnaithe ar chur chuige an Aontais i leith réigiún na Saiheile mar a pléadh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 11 Nollaig 2023 agus an 19 Feabhra 2024, agus Chur Chuige Athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile arna fhormhuiniú ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 20 Samhain 2025, agus tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit á gcur san áireamh, is é an sainordú a bheidh ann rannchuidiú go gníomhach agus tosaíocht a thabhairt d’iarrachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus forbairt inbhuanaithe bhuan a bhaint amach sa réigiún. Thairis sin, beidh sé d’aidhm ag ISAE feabhas a chur ar cháilíocht, tionchar agus infheictheacht rannpháirteachas ilghnéitheach an Aontais sa tSaiheil agus luachanna uilíocha agus leasanna an Aontais a chur chun cinn. I gcomhréir le treoshuíomhanna na Comhairle, cuideoidh ISAE leis an Ardionadaí cur chuige athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile a chur chun feidhme, a bhaineann le rioscaí méadaitheacha na neamhshláine agus na héagobhsaíochta sa réigiún.

2.   Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí an Aontais sa réigiún a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear urraim d’iomláine chríochach, ar bhealach comhtháite, lena n-áirítear i réimsí na polaitíochta, na slándála agus na forbartha, agus leis na hionstraimí agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile do ghníomhaíochtaí an Aontais a chomhordú. Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí rannpháirtíochta agus comhordúcháin an Aontais a dhoimhniú le sásraí náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta.

3.   Gníomhóidh ISAE i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhardú leis an gComhairle, leis an gCoimisiún, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), le toscaireachtaí an Aontais, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, go háirithe na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí Afracacha, go sonrach an tAontas Afracach agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS).

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú:

(a)

rannchuidiú go gníomhach le cur chun feidhme Chur Chuige Athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile, de réir mar is iomchuí agus tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit á gcur san áireamh, agus cur chuige comhtháite an Aontais sa réigiún a chomhordú agus a fhorbairt a thuilleadh, d’fhonn feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus éifeachtacht fhoriomlán ghníomhaíochtaí an Aontais sa tSaiheil chomh maith le tacú le cumarsáid straitéiseach éifeachtach;

(b)

teagmháil a dhéanamh, lena n-áirítear trí thaidhleoireacht tointeála agus for-rochtain pholaitiúil ardleibhéil le rialtais agus le heagraíochtaí réigiúnacha, agus trí chomhaontuithe síochána agus tionscnaimh idirnáisiúnta idirghabhála agus réitigh coinbhleachta, leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile sa réigiún, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, mná, an t-aos óg, an tsochaí shibhialta agus diaspóraí, agus tíortha na Magraibe, na hAfraice Thiar agus Imchuach Loch Shead, d’fhonn cuspóirí agus leasanna an Aontais a chur chun cinn agus cur le tuiscint agus íomhá dhearfach níos fearr ar ról an Aontais sa tSaiheil agus ina gharchomharsanacht;

(c)

ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna agus infheictheacht an Aontais i bhfóraim ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus in aon phróisis eile atá ábhartha do chobhsaíocht an réigiúin agus na leasanna agus an infheictheacht sin a chur chun cinn;

(d)

gníomhaíocht iomlán comhordaithe agus comhtháite an Aontais sa réigiún a éascú agus leas á bhaint as na hionstraimí ábhartha uile, lena n-áirítear comhar um fhorbairt, an tSaoráid Eorpach Síochána, agus gníomhaíochtaí na mBallstát agus tacaíocht an Aontais do bhainistiú géarchéime agus do chosc coinbhleachtaí trí ghníomhaíochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais (CBSC) agus trí iarrachtaí cobhsaíochta réigiúnacha agus náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd maidir le hathchóiriú agus dí-armáil na hearnála slándála, díshlógadh agus ath-imeascadh iarchomhraiceoirí, agus oidhreacht chultúrtha le linn coinbhleachta agus géarchéime;

(e)

dlúthchomhar a choinneáil leis na Náisiúin Aontaithe, go háirithe Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na hAfraice Thiar agus na Saiheile, leis an Aontas Afracach agus lena Ionadaí Speisialta do Mhailí agus don tSaiheil, ECOWAS, leis an gCoimisiún um Imchuach Loch Shead agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear toscairí speisialta eile don tSaiheil;

(f)

súil ghéar a choinneáil, agus anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bunchúiseanna na héagobhsaíochta agus ag treochtaí fadtéarmacha sa réigiún, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, an tréadachas, an neamhshlándáil bia agus an rochtain ar acmhainní nádúrtha, go háirithe talamh agus uisce, chomh maith le bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a threisíonn an chobhsaíocht, agus an comhar maidir leo, a chur chun cinn, chun tacú leis na hiarrachtaí leathadh na héagobhsaíochta a theorannú, ag tabhairt aird ar leith ar na réigiúin is leochailí agus ar thionscnaimh réigiúnacha chun comhar trasteorann a chothú i ndáil leis sin, lena n-áirítear idir stáit chósta na hAfraice Thiar agus stáit na Saiheile;

(g)

súil ghéar a choinneáil ar ghnéithe réigiúnacha agus trasteorann na ndúshlán atá os comhair an réigiúin, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, radacú, coireacht eagraithe, bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí, smuigleáil arm, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine, gáinneáil ar dhrugaí, slándáil mhuirí, sreabha dídeanaithe agus imirce agus sreabha airgeadais aindleathacha gaolmhara;

(h)

súil ghéar a choinneáil ar iarmhairtí daonnúla, polaitiúla, slándála agus forbartha sreabha móra dídeanaithe agus imirce, lena n-áirítear daoine easáitithe ina dtír féin, agus, de réir mar is iomchuí, dul i mbun idirphlé leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an imirce agus rannchuidiú ar bhonn níos ginearálta le beartas an Aontais maidir leis an imirce agus dídeanaithe i ndáil leis an réigiún, i gcomhréir le cuspóirí agus luachanna an Aontais, chun comhar tairbheach a chur chun cinn i réimse na himirce le cur chuige an bhealaigh iomláin cuimsitheach;

(i)

rannchuidiú le cur chun feidhme na gconclúidí ábhartha ón gComhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, teagmhálacha polaitiúla ardleibhéil rialta a choinneáil leis na tíortha a ndéanann an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe idirnáisiúnta difear dóibh agus ról lárnach an Aontais a áirithiú sna hiarrachtaí an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe idirnáisiúnta a chomhrac;

(j)

súil ghéar a choinneáil ar iarmhairtí polaitiúla, slándála agus forbartha na ngéarchéimeanna daonnúla sa réigiún, agus an nasc idir an tsíocháin, an chabhair dhaonnúil agus an fhorbairt á chur san áireamh agus réitigh réigiúnacha fhadtéarmacha ar ghéarchéimeanna agus ar choinbhleachtaí á gcur chun cinn;

(k)

rannchuidiú, i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine sa réigiún, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, le Treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, agus maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina n-aghaidh a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, cuimsitheacht agus comhionannas inscne a chur chun cinn sa phróiseas stát-tógála, i gcomhréir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus rúin a rinneadh ina dhiaidh sin maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, lena n-áirítear Rún 2242 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus tacú le cur chun feidhme Rún 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an óige, an tsíocháin agus an tslándáil;

(l)

leanúint de bheith ag breathnú ar earnáil an cheartais ina hiomláine, agus ar shásraí cuntasachta is féidir a úsáid chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac, lena n-áirítear moltaí a cheapadh, teagmháil rialta a dhéanamh leis na húdaráis ábhartha sa réigiún, le hOifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus le hOifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus dul i mbun plé le cosantóirí chearta an duine agus le breathnóirí sa réigiún;

(m)

eolas an Aontais ar ionchais áitiúla agus ar chomhthéacsanna áitiúla a dhoimhniú trí theagmháil rialta a dhéanamh sa réigiún, lena n-áirítear le gníomhaithe áitiúla agus, ar bhonn anailís chríochnúil, leanúnach ar an staid, próiseas machnaimh a éascú agus rannchuidiú le freagairt luath, oiriúnú agus fís straitéiseach fhadtéarmach an Aontais sa tSaiheil.

2.   Chun an sainordú a chomhlíonadh, déanfaidh ISAE inter alia na nithe seo a leanas:

(a)

comhairle a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ar cheapadh na seasamh ón Aontas i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, chun teagmháil agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta lena neartaítear cur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na Saiheile a chur chun cinn go réamhghníomhach;

(b)

rannchuidiú le forléargas a choinneáil ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus comhoibriú go dlúth le toscaireachtaí ábhartha an Aontais agus leis na Ballstáit.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Coinneoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléideach le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhar le ranna ábhartha SEGS.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is EUR 1 788 249,05 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an sainordú (‘an caiteachas’) sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE cuntasach as an gcaiteachas.

Airteagal 6

Tiomsú agus comhdhéanamh fhoireann ISAE

1.   Laistigh de theorainneacha an tsainordaithe agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar ar fhoireann ISAE an saineolas maidir le saincheisteanna beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh fhoireann ISAE.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh pearsanra ar iasacht ag obair ar fhoireann ISAE. Is iad an Ballstát tionscnaimh, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, de réir mar is iomchuí, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí de chuid an Aontais nó chuig SEGS a thabhairt ar iasacht chun oibriú ar fhoireann ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag pearsanra idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit tionscnaimh, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas an tsainordaithe.

4.   Comhlonnófar pearsanra ISAE le roinn ábhartha SEGS nó le toscaireachtaí an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus chomhaltaí fhoireann ISAE

Comhaontófar leis na tíortha óstacha, de réir mar is iomchuí, na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise maidir le ISAE is gá chun an sainordú a chomhlánú agus a fheidhmiú go rianúil. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (2).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Soláthróidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta do ISAE agus do chomhaltaí fhoireann ISAE.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir leis an sainordú agus ar bhonn na staide slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, agus bainistiú teagmhas slándála, agus trí phlean teagmhais agus plean aslonnaithe a bhunú;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag pearsanra uile a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála a chur chun feidhme, agus tuarascálacha i scríbhinn a sholáthar don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha rialta ar dhul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí ar chur chun feidhme an tsainordaithe dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 11

Tuairisciú

Soláthróidh ISAE tuarascálacha go tráthrialta don Ardionadaí. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála agus, i gcás inar gá, faoi bhráid chomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Soláthróidh ISAE tuarascálacha don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh ISAE i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chomh maith leis na rialacha cur chun feidhme a leagtar síos sa Chinneadh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Márta 2025 (4).

2.   Cosnóidh ISAE daoine aonair i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus leis na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an Ardionadaí do SEGS.

Airteagal 13

Comhordú

1.   Faoi chuimsiú chur chuige athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile, rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cuideoidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a chur i bhfeidhm nó a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Féachfaidh ISAE le hidirchaidreamh a dhéanamh leis na Ballstáit ar bhonn rialta. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí de chuid thoscaireachtaí SEGS, an Aontais agus de chuid an Choimisiúin, agus le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise thráthrialta ar fáil do SEGS, do thoscaireachtaí an Aontais agus do mhisin na mBallstát sa réigiún.

2.   Ar an láthair, déanfaidh ISAE dlúthchaidreamh le Cinn Mhisin ábhartha na mBallstát, le Cinn Thoscaireachtaí an Aontais agus le Cinn Mhisean CBSC. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme aige nó aici. Cuirfidh ISAE, i ndlúthchomhar leis na toscaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do Cheann Misin EUCAP Sahel Mali. Rachaidh ISAE agus Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 14

Cearta a aistriú

Chun a áirithiú go n-urramófar gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh ag na ISAEnna a bhí ann roimhe seo don tSaiheil maidir lena mbaill foirne, maidir le soláthar oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí agus maidir le talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile a fháil ar cíos, tiocfaidh ISAE i gcomharbas ar na ISAEnna sin a bhí ann roimhe seo agus glacfaidh sé nó sí cearta agus oibleagáidí na ISAEnna sin a bhí ann roimhe seo air nó uirthi féin, cé is moite d’oibleagáidí a eascraíonn as mí-iompar tromchúiseach as a leanfaidh na ISAEnna sin a bhí ann roimhe seo amháin de bheith freagrach.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile a dhéanfaidh an tAontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2027.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2905 ón gComhairle an 18 Samhain 2024 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L, 2024/2905, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2905/oj).

(2)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(4)  Cinneadh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Márta 2025 maidir leis na rialacha i ndáil le láimhseáil iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh Ionadaithe Speisialta AE (IO C, C/2025/1951, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1951/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1876/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top