Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1847

Cinneadh (CBES) 2026/1847 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/10021/2026/INIT

IO L, 2026/1847, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1847/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1847/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1847

23.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1847 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2026

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Ba shárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 19 Feabhra 2024, cháin an Chomhairle go láidir an tacaíocht leanúnach a thugann réimeas na Bealarúise do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ón ngníomhaíocht sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

(5)

Go háirithe, is iomchuí leathnú a dhéanamh ar liosta na n-ítimí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála, trí earraí a liostú a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin chomh maith le hearraí a rannchuidíonn le forbairt nó táirgeadh chórais mhíleata na Bealarúise, lena n-áirítear: púdair nicile, miotal nicile agus cóimhiotail nicile a úsáidtear i mbratuithe frithchreimneacha i scairdinnill; púdair bheirilliam a úsáidtear i dtiomántáin agus i gcóimhiotail ardfheidhmíochta; scannáin, téipeanna agus stiallacha féinghreamaitheacha a úsáidtear sna hearnálacha cosanta agus aeraspáis; ítimí eitlíochta a bhaineann go sonrach le haerárthaí gan foireann amhail trealamh tacaíochta ar talamh, córais trasnaíochta/idircheaptha, córais lainseála, agus seirbheamhótair; chomh maith le córais foirceanta eitilte le haghaidh aerárthaí gan foireann nó diúracáin.

(6)

Is iomchuí freisin na maoluithe a leasú chun a áirithiú go leanfar d’earraí agus seirbhísí a sholáthar, arb earraí agus seirbhísí iad is gá chun an bonneagar idirlín sa Bhealarúis a chaomhnú don phobal i gcoitinne.

(7)

Ina theannta sin, is iomchuí tuilleadh srianta a thabhairt isteach ar allmhairí earraí lena ligtear don Bhealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a chumasaíonn a rannpháirtíocht i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear srianta ar mhianta copair, mianta nicile, mianta luaidhe, mianta miotal lómhar, sinc neamhshaoirsithe, miotail chré-alcaileacha, ceimiceáin neamhorgánacha áirithe (ocsaídí since agus ocsaídí cróimiam), roisín leachtach, earraí gloine agus páirteanna gluaisteán.

(8)

Is iomchuí freisin leathnú a dhéanamh ar an toirmeasc ar náisiúnaigh na Bealarúise nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis úinéireacht nó rialú a bheith acu ar dhaoine dhlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, nó aon phost a bheith acu i gcomhlachtaí rialaithe daoine dlítheanacha, eintiteas nó comhlachta den sórt sin, sa chaoi go mbeidh feidhm ag an toirmeasc maidir le haon eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1b mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3d;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14a:

‘14a.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí a thagann faoi na cóid AC 8517 62 agus 8523 52 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó airgeadais gaolmhar a sholáthar, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil na hearraí sin nó an cúnamh teicniúil nó airgeadais gaolmhar sin beartaithe le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha.’

;

(2)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach maoin iad de chuid eintiteas atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht phoiblí;’

;

(3)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach maoin iad de chuid eintiteas atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht phoiblí;’

;

(4)

leasaítear Airteagal 2ra mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 9a agus 9b;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9c:

‘9c.   Amhail ón 26 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí a thagann faoi chód AC 2901 10 00 de thionscnamh na Bealarúise nó a onnmhairítear ón mBealarúis a cheannach nó a allmhairiú chuig an Ungáir, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid go heisiach san Ungáir.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘9f.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi na cóid AC 3803, 7006, 7008, 7009, 7011, 7013, 7014, 7017, 7018, 7020, 8707 agus 8708, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú, go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2026, na gconarthaí a thugtar i gcrích roimh an 24 Iúil 2026, ná na gconarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(5)

in Airteagal 2s, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3aa:

‘3aa.   De mhaolú ar mhír 1, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt innealra a thagann faoin gcód AC 8471 80 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil an t-innealra nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais den sórt sin beartaithe le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha.’

;

(6)

in Airteagal 2u, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1b:

‘1b.   Cuirfear toirmeasc, ón 26 Márta 2025, ar ligean do náisiúnaigh na Bealarúise nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis úinéireacht nó rialú a bheith acu, go díreach nó go hindíreach, ar dhuine dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a sholáthraíonn seirbhísí tiachóige, cuntais nó cumhdaigh cripteashócmhainní, nó aon phost a bheith acu i gcomhlachtaí rialaithe daoine dlítheanacha, eintiteas nó comhlachta den sórt sin. Amhail ón 25 Lúnasa 2026, beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114.’

;

(7)

in Airteagal 2w, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó san Eilvéis.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1847/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top