This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1815
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1815 of 24 July 2026 on the publication of a list indicating certain CO2 emissions values per manufacturer as well as average specific CO2 emissions of all new heavy-duty vehicles registered in the Union pursuant to Regulation (EU) 2019/1242 of the European Parliament and of the Council for the reporting period of the year 2024 (notified under document C(2026) 5108)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1815 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2026 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana 2024 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5108)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1815 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2026 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana 2024 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5108)
C/2026/5108
IO L, 2026/1815, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1815/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1815 |
28.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1815 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Iúil 2026
maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana 2024
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5108)
(Is iad na téacsanna Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Ollainnise, Spáinnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 maidir le feithiclí an mhonaróra sin nó maidir le feithiclí a aistrítear chuig an monaróir sin. |
|
(2) |
Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle le haghaidh gach monaróra a chinneadh agus na feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle arna dtuairisciú á gcur san áireamh. |
|
(3) |
Ba cheart an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra a chinneadh ar bhonn an lín feithiclí nua tromshaothair a tuairiscíodh. |
|
(4) |
I gcomhréir leis an bhfoirmle i bpointe 2.7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242, ar foirmle í is infheidhme le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana 2024, ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear san Aontas a chinneadh ar bhonn na sonraí arna dtuairisciú ag na monaróirí uile le haghaidh feithiclí a thagann faoi na foghrúpaí feithiclí 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD agus 10-LH. |
|
(5) |
Tar éis a leasaithe le Rialachán (AE) 2024/1610 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), méadaíodh raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de. Dá réir sin, ó thréimhse thuairiscithe na bliana 2024 ar aghaidh, déanfar sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí, i gcomhréir le pointe 2.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242, a ríomh ar bhonn an lín feithiclí tromshaothair de chuid monaróra a thagann faoin raon feidhme méadaithe. Dá bhrí sin, maidir le luachanna meánastaíochtaí sonracha CO2 agus luachanna conaire laghdaithe astaíochtaí CO2 monaróra, chomh maith le luach meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile, a leagtar amach sa Chinneadh seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis, níl siad inchomparáide go díreach a thuilleadh leis na luachanna a leagtar amach sna Cinntí le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta roimhe sin. Ní dhéanann an t-athrú ar ríomh scaireanna an fhoghrúpa feithiclí tromshaothair difear do na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra agus tá siad fós inchomparáide. |
|
(6) |
Na luachanna a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis, tá siad bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil don Choimisiún an 2 Iúil 2026, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra
Maidir leis na meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse thuairiscithe na bliana 2024, léirítear iad sa dara colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra
An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse thuairiscithe na bliana 2024, léirítear é sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochtaí in aghaidh an mhonaróra
An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochtaí in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse thuairiscithe na bliana 2024, léirítear iad sa cheathrú agus sa chúigiú colún, faoi seach, den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 4
Meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile
Is é 35.2 g/tkm méid mheánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas i dtréimhse thuairiscithe na bliana 2024, arna ríomh tríd an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, pointe 2.7.1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242 a chur i bhfeidhm, agus feithiclí nua tromshaothair na monaróirí uile á gcur san áireamh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
|
(1) |
DAF TRUCKS N.V.
|
|
(2) |
DAIMLER TRUCK AG
|
|
(3) |
FORD OTOMOTIV SANAYI A.Ş.
|
|
(4) |
HYUNDAI HYDROGEN MOBILITY AG
|
|
(5) |
IRIZAR S. COOP
|
|
(6) |
IVECO MAGIRUS AG
|
|
(7) |
IVECO S.P.A.
|
|
(8) |
MAN TRUCK & BUS SE
|
|
(9) |
RENAULT TRUCK SAS
|
|
(10) |
SCANIA CV AB
|
|
(11) |
VOLVO TRUCK CORPORATION
|
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Wopke HOEKSTRA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1610 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí nua tromshaothair a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (IO L, 2024/1610, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1610/oj).
IARSCRÍBHINN
Tagraíonn na hiontrálacha uile do thréimhse thuairiscithe na bliana 2024.
|
Monaróir |
Meánastaíochtaí sonracha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, ina g/tkm |
Fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 |
Conair laghdaithe astaíochtaí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1242, ina g/tkm |
Creidmheasanna astaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, ina g/tkm |
|
DAF TRUCKS N.V. |
41,40 |
0,998 |
41,61 |
6 573 |
|
DAIMLER TRUCK AG |
34,16 |
0,983 |
33,22 |
- |
|
FORD OTOMOTIV SANAYI A.Ş. |
49,70 |
1,000 |
44,21 |
- |
|
HYUNDAI HYDROGEN MOBILITY AG |
0,00 |
0,970 |
47,11 |
801 |
|
IRIZAR S. COOP |
0,00 |
0,970 |
0,13 |
41 |
|
IVECO MAGIRUS AG |
34,55 |
1,000 |
30,65 |
- |
|
IVECO S.P.A. |
22,76 |
0,970 |
22,57 |
- |
|
MAN TRUCK & BUS SE |
28,95 |
0,992 |
28,79 |
- |
|
RENAULT TRUCK SAS |
31,63 |
0,970 |
31,90 |
6 411 |
|
SCANIA CV AB |
35,10 |
0,992 |
37,78 |
96 609 |
|
VOLVO TRUCK CORPORATION |
38,14 |
0,982 |
39,44 |
52 496 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1815/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)