This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1704
Council Decision (CFSP) 2026/1704 of 10 July 2026 in support of the implementation of United Nations Security Council Resolution 1540 (2004) on the non-proliferation of weapons of mass destruction and their means of delivery to non-State actors
Cinneadh (CBES) 2026/1704 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta chuig gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad
Cinneadh (CBES) 2026/1704 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta chuig gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad
ST/10047/2026/INIT
IO L, 2026/1704, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1704/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1704 |
13.7.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1704 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2026
chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta chuig gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta, straitéis ina bhfuil, i gCaibidil III, liosta de na bearta is gá a dhéanamh san Aontas agus i dtríú tíortha chun an leathadh sin a chomhrac. |
|
(2) |
An 28 Aibreán 2004, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1540 (2004) (‘UNSCR 1540 (2004)’), arbh í an chéad ionstraim idirnáisiúnta í chun déileáil ar bhealach comhtháite cuimsitheach le hairm ollscriosta, le modhanna a seachadta agus le hábhair ghaolmhara. Le UNSCR 1540 (2004), bunaíodh oibleagáidí ceangailteacha do gach Stát a raibh sé d’aidhm acu gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad a chosc agus a dhíspeagadh ó rochtain a fháil ar na hairm sin agus ar ábhar a bhaineann leo. D’iarr sí freisin ar na Stáit tuarascáil maidir leis na céimeanna atá glactha acu nó atá beartaithe acu a ghlacadh chun UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme a chur faoi bhráid choiste na Comhairle Slándála a bunaíodh le UNSCR 1540 (2004) (‘Coiste 1540’). |
|
(3) |
An 27 Aibreán 2006, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1673 (2006) agus chinn sí go raibh Coiste 1540 le dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun cur chun feidhme iomlán Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn trí chláir oibre, for-rochtana, cúnaimh, idirphlé agus comhair. Ina theannta sin, d’iarr sí ar Choiste 1540 féachaint, le Stáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha, an bhféadfaí taithí agus ceachtanna foghlamtha a roinnt, agus cláir a bheith ar fáil a d’fhéadfadh cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a éascú. |
|
(4) |
An 20 Aibreán 2011, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1977 (2011) agus chinn sí síneadh a chur le sainordú Choiste 1540 go ceann tréimhse 10 mbliana go dtí an 25 Aibreán 2021. Chinn sí freisin go raibh Coiste 1540 leis an méid seo a leanas a dhéanamh: leanúint dá iarrachtaí a threisiú chun cur chun feidhme iomlán Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ag na Stáit uile a chur chun cinn; páirt ghníomhach a ghlacadh i dtairiscintí agus iarrataí ar chúnamh a mheaitseáil trí mhodhanna ar nós cuairteanna ar chuireadh ón Stát lena mbaineann, teimpléid chúnaimh, pleananna gníomhaíochta nó faisnéis eile arna gcur faoi bhráid Choiste 1540; agus athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar stádas chur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe roimh mhí na Nollag 2016. |
|
(5) |
An 15 Nollaig 2016, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe d’aon toil Rún 2325 (2016) agus ar an gcaoi sin d’fhormhuinigh sí an toradh a bhí ar phróiseas cuimsitheach athbhreithnithe Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a rinneadh le linn 2016. D’iarr sí ar na Stáit uile bearta náisiúnta a neartú chun Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme agus d’iarr sí go dtabharfaí níos mó cúnaimh chun cumas an Stáit a fhorbairt ina leith sin, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí deonacha, agus d’iarr sí go mbeadh comhar níos fearr ann i measc geallsealbhóirí, na sochaí sibhialta agus lucht léinn. |
|
(6) |
An 30 Samhain 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2663 (2022) agus chinn sí síneadh a chur le sainordú Choiste 1540 go ceann tréimhse 10 mbliana go dtí an 30 Samhain 2032. |
|
(7) |
Le tacaíocht an Aontais maidir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tacaíocht a seoladh ó 2006 trí Ghníomhaíochtaí Chomhpháirteacha 2006/419/CBES (1) agus 2008/368/CBES (2) ón gComhairle agus trí Chinntí 2013/391/CBES (3), (CBES) 2017/809 (4) agus (CBES) 2023/654 (5) ón gComhairle, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na Stát nár thuairiscigh agus ar líon na Stát nár thíolaic faisnéis bhreise a d’éiligh Coiste 1540 tar éis dóibh tuarascálacha neamhiomlána a thíolacadh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil gá fós le tacaíocht leanúnach do chur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ba cheart don Aontas an Cinneadh seo a ghlacadh, a chuirfidh le cur chun feidhme an Rúin sin. |
|
(8) |
Ba cheart cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gCinneadh seo a chur ar iontaoibh Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as tacaíocht shubstainteach agus lóistíochta a chur ar fáil do Choiste 1540 agus dá Ghrúpa Saineolaithe. |
|
(9) |
Tá an Cinneadh seo faoi threoir an phrionsabail maidir leis an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí comhpháirteacha de chuid na Comhairle roimhe seo agus ó na cinntí ón gComhairle roimhe seo lena tacaítear le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Tugann sé tús áite do riachtanais shonracha arna sainaithint ag Stáit agus d’iarrataí ó Stáit, lena n-áirítear ceanglais acmhainneachta, agus cuireann sé cúnamh agus fothú acmhainneachta ar fáil trí chineálacha cur chuige saincheaptha éileamhspreagtha. Spreagann sé úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo d’fhonn an inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus coinneáil na hacmhainneachta institiúidí a áirithiú; agus ina theannta sin spreagann sé an chomhlántacht, an comhordú agus na sineirgí i measc UNODA, an tAontas agus gníomhaithe ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha dar cuspóir tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Dírítear sa Chinneadh seo ar ghníomhaíochtaí ag a bhfuil torthaí nithiúla intomhaiste léirithe, go háirithe maidir leis an gcur chun feidhme náisiúnta a neartú, sásraí tuairiscithe agus cúnaimh a fheabhsú, feasacht a mhúscailt idir na páirtithe leasmhara ábhartha agus tiomantas marthanach a chothú do chur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Leis an gCnneadh seo, feabhsófar an fhreagrúlacht ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, leis an dul chun cinn eolaíoch agus le rioscaí dé-úsáide athraitheacha i gcomhthéacs rún 1540 (2004). Áirithítear leis freisin go ndéanfar gné na hinscne a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí tionscadail agus cuirfear rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban chun cinn i ngníomhaíochtaí agus in idirphléití a thagann faoina raon feidhme. |
|
(10) |
Ba cheart an Cinneadh seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCreat-Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún leis na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le cláir nó tionscadail arna riar ag na Náisiúin Aontaithe a bhainistiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tacóidh an tAontas leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a chomhfhreagraíonn do bhearta a leagtar amach i Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta:
|
(a) |
ceardlanna agus seisiúin oiliúna théamacha chun acmhainní a fhothú le haghaidh suas le 5 iarraidh ar chúnamh ag na Stáit; |
|
(b) |
oiliúint a chur ar pointí teagmhála réigiúnacha; |
|
(c) |
cleachtadh ionsamhlúcháin amháin nó cleachtadh boird amháin; |
|
(d) |
tacaíocht d’fhorbairt pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus do sholáthar tacaíochta saincheaptha; |
|
(e) |
táirgeadh agus scaipeadh eolais. |
Leagtar síos miontuairisc ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 ar iontaoibh UNODA. Déanfaidh sí an cúram sin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 1 999 934,66 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú go n-áiritheoidh UNODA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais ar bhealach atá i gcomhréir le méid na ranníocaíochta.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.
Airteagal 4
Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh in éag 36 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin am sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/419/CBES ón gComhairle an 12 Meitheamh 2006 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 165, 17.6.2006, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2006/419/oj).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/368/CBES ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 127, 15.5.2008, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2008/368/oj).
(3) Cinneadh 2013/391/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2013 chun tacú le cur chun feidhme praiticiúil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 198, 23.7.2013, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/391/oj).
(4) Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 a thacaíonn le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/809/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2023/654 ón gComhairle an 20 Márta 2023 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 81, 21.3.2023, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/654/oj).
IARSCRÍBHINN
Doiciméad Tionscadail
Rannchuidiú an Aontais Eorpaigh chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta chuig gníomhaithe neamhstáit
1. CÚLRA
I gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) i gcoinne leathadh arm ollscriosta a glacadh an 12 Nollaig 2003, lena leagtar síos mar chuspóir go ndéanfaí ról Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chothú agus a hacmhainneacht aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an leata a fheabhsú, tá tacaíocht chomhsheasmhach tugtha ag an Aontas thar na blianta do chur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le cur chun feidhme na rún a tháinig ina dhiaidh.
Ó 2006 i leith, tá an tacaíocht sin á cur ar fáil trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha ón gComhairle agus Cinntí ón gComhairle i ndiaidh a chéile, arna gcur chun feidhme ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA). Tá sainordú ag UNODA tacaíocht a thabhairt do Choiste na Comhairle Slándála arna bhunú de bhun Rún 1540 (‘Coiste 1540’) agus dá Ghrúpa Saineolaithe agus d’fhóin sé mar eintiteas cur chun feidhme an chláir do thionscadail arna gcistiú ag an Aontas mar taca leis an rún.
Tá ról lárnach ag UNODA maidir le cur chun feidhme éifeachtach Rún 1540 a chur chun cinn agus a éascú ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta. I gcomhréir lena shainorduithe, lena n-áirítear faoi Rún 1977 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chuir UNODA ardáin ar fáil chun feasacht a mhúscailt faoi Rún 1540, acmhainneachtaí náisiúnta cur chun feidhme a neartú, agus idirphlé agus comhar a chothú maidir le saincheisteanna téamacha agus trasearnálacha. Trí dhlúthchomhar a dhéanamh le Coiste 1540, na Ballstáit, eagraíochtaí idir-rialtasacha, eintitis speisialaithe idirnáisiúnta, eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha agus leis an tsochaí shibhialta, leathnaigh UNODA a thacaíocht agus shaincheap sé í de réir a chéile chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí sonracha na dtíortha agus na réigiún.
Is léir freisin an rannchuidiú suntasach atá déanta ag UNODA leis na hiarrachtaí domhanda a thacaíonn le cur chun feidhme Rún 1540 sa líon ard gníomhaíochtaí a rinneadh. Idir 2011 agus 2025, d’eagraigh nó chomheagraigh UNODA níos mó ná 200 gníomhaíocht, nó thug sé tacaíocht dóibh, agus béim á leagan aige ar a ról ríthábhachtach maidir le hiarrachtaí cur chun feidhme agus cúnaimh a chur chun cinn ar fud an domhain. D'eascair torthaí intomhaiste as na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi Chinntí comhleanúnacha ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear rátaí tuairiscithe feabhsaithe agus creataí náisiúnta dlíthiúla agus institiúideacha neartaithe lena gcuirtear Rún 1540 agus na rúin ina dhiaidh sin chun feidhme. D’ainneoin an dul chun cinn sin, tá bearnaí tábhachtacha cur chun feidhme fós ann ar fud go leor réigiún. Tá dúshláin fós roimh go leor Stát a bhaineann le creataí reachtacha agus rialála a fhorbairt, an comhordú idirghníomhaireachta, an saineolas teicniúil agus srianta acmhainní.
Tá na réigiúin tosaíochta a sainaithníodh don togra, eadhon an Afraic, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, agus an Áise agus an tAigéan Ciúin, fós chun deiridh i gcur chun feidhme éifeachtach Rún 1540. San Afraic, áit a bhfuil rioscaí suntasacha fós ann maidir le leathadh agus ina meastar an bhagairt ó ghrúpaí sceimhlitheoireachta a bheith ar na bagairtí is forleithne i gcomparáid le réigiúin eile, ní léiríonn ach beagán níos mó ná aon trian de na Stáit go bhfuil príomhbhearta institiúideacha agus dlíthiúla i bhfeidhm acu. Go háirithe, is as an réigiún sin seacht gcinn as ocht de na Ballstáit nár chuir tuarascáil náisiúnta isteach faoi Rún 1540. Dá bhrí sin, leis an gcinneadh atá beartaithe, tabharfar tús áite do chúnamh teicniúil atá dírithe ar an éileamh agus d’fhothú acmhainneachta agus leathnófar iad, lena n-áirítear forbairt reachtach, rud atá fós ina phríomhthosaíocht. I Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, tá go leor i ngeall ar chur chun feidhme Rún 1540 , go háirithe i bhfianaise leathnú tapa na coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus bearnaí leanúnacha i gcórais rialaithe onnmhairí. Tuairiscíonn thart ar leath de na Ballstáit go bhfuil bearta i bhfeidhm acu, ach tá an cur chun feidhme fós míchothrom, agus tá ionstraimí reachtacha ilroinnte agus bíonn an comhordú institiúideach neamhréireach. Leis an gcinneadh atá beartaithe, tabharfar tús áite do chúnamh dlíthiúil agus teicniúil saincheaptha, arna chomhlánú le comhar réigiúnach feabhsaithe, chun forbairt agus oibríochtú na ndlíthe agus na rialachán ábhartha a chur chun cinn. San Áise agus san Aigéan Ciúin, is dúshlán suntasach slándála réigiúnaí fós iad an trádáil aindleathach agus maoiniú earraí neamhrialaithe atá íogair ó thaobh an leata de. Is ann do go leor bearta cur chun feidhme ach tá siad fós míchothrom, agus tá bearnaí i gcreataí reachtacha, sa chomhordú idirghníomhaireachta agus i gcomhroinnt na faisnéise. Leis an gcinneadh atá beartaithe, neartófar an cúnamh reachtach agus an fothú acmhainneachta institiúidithe, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí rialaithe agus forfheidhmithe onnmhairiúcháin faoi Rún 1540, chun bainistiú straitéiseach éifeachtach trádála a chur chun cinn.
Dúshlán coiteann trasearnálach ar fud na réigiún uile is ea srianta leanúnacha acmhainní, agus is minic a bhíonn tionchar ag an láimhdeachas ard, ag an oiliúint theoranta agus ag tosaíochtaí iomaíocha ar phointí teagmhála náisiúnta Choiste 1540, rud a léiríonn an gá atá le fothú acmhainneachta marthanach, tacaíocht spriocdhírithe acmhainní agus comhar idirnáisiúnta neartaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá gá le rannpháirtíocht leanúnach lena neartaítear acmhainneachtaí institiúideacha agus lena gcuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-iarrachtaí cur chun feidhme a áirithiú.
Ina theannta sin, léiríonn forbairtí mar shampla teicneolaíochtaí agus rioscaí dé-úsáide atá ag teacht chun cinn ábharthacht leanúnach Rún 1540 agus an gá atá le tacaíocht idirnáisiúnta leanúnach agus oiriúnaitheach. Rannchuideoidh an tionscadal freisin leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta leanúnacha mar ullmhúchán d’athbhreithniú cuimsitheach 2027 ar stádas chur chun feidhme Rún 1540.
Foráiltear sa togra seo don chúnamh díreach éileamhbhunaithe do na Ballstáit arna iarraidh sin, i gcomhréir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoi Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle roimhe seo agus le hAthbhreithniú Cuimsitheach 2022 an Choiste ar Rún 1540, inar cuireadh i dtábhacht an gá atá le feabhas a chur ar fhreagrúlacht ar iarrataí ar chúnamh. Bunaithe ar an dul chun cinn a baineadh amach agus ar na riachtanais a sainaithníodh, is é is aidhm don togra seo an acmhainneacht agus an comhar réigiúnach a neartú a thuilleadh, agus gníomhaíochtaí trasréigiúnacha á gcur chun cinn ag an am céanna.
Beidh rannpháirtíocht leanúnach an Aontais, trí chinneadh eile ón gComhairle, ríthábhachtach chun an méid a baineadh amach go dtí seo a chomhdhlúthú, chun an dul chun cinn a choinneáil ar bun maidir le hiarrachtaí cur chun feidhme agus chun acmhainneachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh trí thacaíocht chomhsheasmhach fhadtéarmach.
2. CREAT GINEARÁLTA
Cuirfidh an tionscadal seo atá beartaithe leis an méid a baineadh amach le Cinneadh (CBES) 2023/654 ón gComhairle agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle roimhe seo lena dtacaítear le cur chun feidhme Rún 1540, arna chur chun feidhme ag UNODA. I gcás inarb ábhartha, féadfar gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha eile. Thacódh an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ábhartha ina réigiún faoi seach faoin gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe, agus cistiú do na gníomhaíochtaí sin le cur ar fáil trí UNODA.
Beidh na prionsabail seo a leanas mar threoir agus an Cinneadh ón gComhairle atá beartaithe á chur chun feidhme:
|
(a) |
an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha roimhe seo agus ó na Cinntí ón gComhairle chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach Rún 1540; |
|
(b) |
tús áite a thabhairt do riachtanais shonracha arna sainaithint ag Stáit agus d’iarrataí ó Stáit, lena n-áirítear ceanglais acmhainneachta, agus cúnamh agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil trí chineálacha cur chuige saincheaptha éileamhspreagtha; |
|
(c) |
úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo a spreagadh chun an inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus coinneáil na hacmhainneachta institiúidí a áirithiú; |
|
(d) |
agus ina theannta sin an chomhlántacht, an comhordú agus na sineirgí idir UNODA, an tAontas agus gníomhaithe ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha dar cuspóir tacú le cur chun feidhme Rún 1540 a spreagadh; |
|
(e) |
díriú ar ghníomhaíochtaí ag a bhfuil torthaí nithiúla intomhaiste léirithe, go háirithe maidir leis an gcur chun feidhme náisiúnta a neartú, sásraí tuairiscithe agus cúnaimh a fheabhsú, feasacht a mhúscailt idir na páirtithe leasmhara ábhartha agus tiomantas marthanach a chothú do chur chun feidhme Rún 1540; |
|
(f) |
an fhreagrúlacht a neartú ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, leis an dul chun cinn eolaíoch agus le rioscaí dé-úsáide athraitheacha, i gcomhthéacs Rún 1540; agus |
|
(g) |
comhtháthú gné na hinscne i ngníomhaíochtaí tionscadail a áirithiú agus rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí agus in idirphlé faoin gCinneadh seo arna bheartú ag an gComhairle. |
3. CUSPÓIRÍ
Ag tógáil ar an dul chun cinn a baineadh amach trí Chinntí roimhe seo ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus bunaithe ar Athbhreithniú Cuimsitheach 2022, leanfaidh UNODA de chur chun feidhme éifeachtach agus uilíoch Rún 1540 agus a rún ina dhiaidh sin a chur chun cinn trí bhearta spriocdhírithe comhordaithe arb é is aidhm dóibh iarrachtaí agus acmhainneachtaí cur chun feidhme náisiúnta, foréigiúnacha agus réigiúnacha a neartú. Díreoidh na bearta sin ar acmhainneachtaí náisiúnta a fhorbairt, ar chomhar a neartú idir pointí teagmhála náisiúnta, ar chúnamh teicniúil agus téamach a éascú mar fhreagairt ar riachtanais an Stáit agus trí chomhar idirnáisiúnta agus ardú feasachta feabhsaithe i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha.
Mar a cuireadh i bhfios go láidir le torthaí na n-athbhreithnithe cuimsitheacha ó 2009 i leith, chun cur chun feidhme Rún 1540 a neartú, tá gá le hiarrachtaí comhordaithe ilbhliantúla atá curtha in oiriúint don chomhthéacs réigiúnach agus do shaintréithe náisiúnta. Leis an gclár, tógfar agus cothófar móiminteam cur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí faoi thograí deontais an Aontais roimhe seo trí chur chuige ilchéimneach lena n-áirítear an méid seo a leanas:
Cuspóir Foriomlán (an tionchar a mheastar a bheidh ann)
I gcomhréir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta, is é cuspóir foriomlán an chláir rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta trí thacú leis na Ballstáit Rún 1540 a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach ar bhonn náisiúnta, ar rún é atá fós ina cholún den ollstruchtúr idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh.
Leis an gcuspóir sin, cuirtear leis an tacaíocht a thug an tAontas roimhe seo trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/419/CBES agus 2008/368/CBES agus trí Chinntí 2013/391/CBES, (CBES) 2017/809 agus (CBES) 2023/654 ón gComhairle.
Cuspóirí Sonracha
|
(a) |
Acmhainneachtaí náisiúnta agus réigiúnacha a neartú chun Rún 1540 a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí oiliúint, fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus iarrataí ar chúnamh agus tairiscintí cúnaimh a éascú; |
|
(b) |
Acmhainneacht, ról agus éifeachtacht pointí teagmhála náisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear comhordú, comhar agus malartú faisnéise feabhsaithe idir stáit agus Coiste 1540 agus leis na pointí teagmhála iad féin, chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an rúin; |
|
(c) |
Tacú le pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha maidir le cur chun feidhme a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme go praiticiúil, arna iarraidh sin ag Stáit, agus rochtain a éascú ina dhiaidh sin ar chúnamh saincheaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar riachtanais shainaitheanta; |
|
(d) |
Comhar foréigiúnach, réigiúnach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, lena gcuirtear le sineirgí, leis an gcomhleanúnachas agus leis an gcomhlántacht maidir le Rún 1540 a chur chun feidhme; |
|
(e) |
Feasacht a fheabhsú sna sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear údaráis rialtais, parlaiminteoirí, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil agus an tsochaí shibhialta maidir leis na hoibleagáidí agus an tábhacht a bhaineann le Rún 1540 a chur chun feidhme go hiomlán; |
|
(f) |
Rannpháirtíocht fhóinteach a neartú sna sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear mná, maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta Rún 1540 a chur chun feidhme; |
|
(g) |
Tacú le cur chun feidhme praiticiúil na moltaí ábhartha ó Athbhreithnithe Cuimsitheacha 2009, 2016 agus 2022, chomh maith le hullmhúcháin d’Athbhreithniú Cuimsitheach 2027 agus toradh an athbhreithnithe sin a chur chun feidhme. |
4. NA TORTHAÍ A bhFUILTEAR AG SÚIL LEO
An toradh foriomlán a bhfuiltear ag súil leis:
Cur chun feidhme náisiúnta neartaithe maidir le Rún 1540 ag na Ballstáit.
Torthaí sonracha:
|
(a) |
Feasacht mhéadaithe a bheith ag na húdaráis náisiúnta agus ag na sochaí sibhialta maidir leis an tábhacht a bhaineann le Rún 1540 a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach; |
|
(b) |
Creataí náisiúnta dlíthiúla, rialála agus riaracháin feabhsaithe agus neartaithe a bhaineann le Rún 1540; |
|
(c) |
Acmhainneachtaí institiúideacha agus teicniúla na bpointí teagmhála agus na bpáirtithe náisiúnta ábhartha eile a neartú agus comhordú idirghníomhaireachta a fheabhsú; |
|
(d) |
Cáilíocht, iomláine, comhsheasmhacht agus tráthúlacht na dtuarascálacha náisiúnta, na bpleananna gníomhaíochta deonacha agus na n-aighneachtaí gaolmhara chuig Coiste 1540 a mhéadú; agus |
|
(e) |
Comhordú, comhlántacht agus comhroinnt faisnéise a fheabhsú idir comhpháirtithe idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha. |
5. GNÍOMHAÍOCHTAÍ
Bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh ó thimthriall leanúnach na ndeontas, dírítear leis an tionscadal seo ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe náisiúnta agus foréigiúnacha, lena n-áirítear cleachtaí ionsamhlúcháin, seachas imeachtaí feasachta móra réigiúnacha. Leis an gcur chuige sin, is féidir tacaíocht níos praiticiúla agus níos dírithe a thabhairt mar fhreagairt ar iarrataí sonracha ó na Ballstáit. Leanfar le hoiliúint maidir le Pointí Teagmhála Réigiúnacha chun comhordú agus malartú eolais a éascú.
I. Cumas feabhsaithe ag oifigigh Rialtais maidir le hoibleagáidí Rún 1540 a chur chun feidhme
Gníomhaíocht 1A: Ceardlanna agus Seisiúin Oiliúna Téamacha maidir le Fothú Acmhainneachta
Eagrófar ceardlanna agus oiliúint théamacha maidir le fothú acmhainneachta mar fhreagairt ar suas le cúig iarraidh ar chúnamh ó Stáit, agus tosaíocht á tabhairt do thíortha san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Comhlánóidh na gníomhaíochtaí sin feidhm mheaitseála cúnaimh Choiste 1540 agus tacóidh siad leis na Stáit maidir le céimeanna praiticiúla agus spriocdhírithe a ghlacadh chun cur chun feidhme náisiúnta Rún 1540 a neartú. Leis na ceardlanna agus an oiliúint sin, cuirfear feabhas ar acmhainneacht na n-oifigeach rialtais agus neartófar comhordú idirghníomhaireachta, rud a chuirfidh le cur chun feidhme náisiúnta níos éifeachtaí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le saineolaithe ábhair, oiliúint a chur ar fáil, uirlisí reachtacha a chur i láthair agus cláir chúnaimh ábhartha a chomhroinnt.
Ag brath ar riachtanais agus comhthéacsanna náisiúnta, d’fhéadfadh sé a bheith d’aidhm ag ceardlanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Feasacht a mhúscailt faoi Rún 1540 agus a rúin ina dhiaidh sin; |
|
— |
Athbhreithniú a dhéanamh ar chreataí náisiúnta dlíthiúla agus rialála agus ar bhearta forfheidhmiúcháin chun bearnaí agus gníomhaíochtaí tosaíochta a shainaithint; |
|
— |
Eintitis náisiúnta lena mbaineann a shainaithint agus róil agus freagrachtaí a shoiléiriú; |
|
— |
Cúnamh teicniúil saincheaptha a chur ar fáil chun tacú le fothú acmhainneachta náisiúnta inbhuanaithe; agus |
|
— |
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le forbairtí teicneolaíochta, rioscaí dé-úsáide agus aistrithe teicneolaíochta doláimhsithe, de réir mar is iomchuí. |
Gníomhaíocht 1B: Oiliúint maidir le Pointí Teagmhála Réigiúnacha
Feidhmíonn pointí teagmhála mar naisc idir an Coiste agus na húdaráis náisiúnta agus comhlíonann siad ról na gcomhordaitheoirí náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an rún. Dá bhrí sin, is rannchuidiú ríthábhachtach iad na cláir oiliúna spriocdhírithe le haghaidh pointí teagmhála Choiste 1540 chun an tuiscint ar Rún 1540 a neartú, mar aon leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit, chomh maith le dúshláin cur chun feidhme agus na hacmhainneachtaí is gá chun aghaidh a thabhairt orthu. Idir an dá linn, i bhfianaise na minicíochta in uainíochtaí na bpointí teagmhála chomh maith leis an timpeallacht oibriúcháin atá ag teacht chun cinn maidir le cur chun feidhme Rún 1540, ní mór oiliúint na bpointí teagmhála a dhéanamh ar bhealach rialta marthanach. Cuirfear tacaíocht ar fáil do cheithre chúrsa oiliúna réigiúnacha do phointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú ag Stáit. Leis an oiliúint, neartófar eolas na bpointí teagmhála ar Rún 1540 agus ar rúin ina dhiaidh sin, soiléireofar freagrachtaí na stát, chomh maith leis na deiseanna cúnaimh atá ar fáil agus neartófar comhroinnt faisnéise, agus comhar agus comhoibriú idir pointí teagmhála agus idir Coiste 1540 agus pointí teagmhála.
Gníomhaíocht 1C: Freachnaimh Ionsamhlúcháin
Déanfar dhá chleachtadh boird nó ionsamhlúcháin chun oiliúint phraiticiúil bunaithe ar chásanna a bhaineann le cur chun feidhme Rún 1540 a chur ar fáil do na stáit rannpháirteacha. Leis na cleachtaí sin, tacófar le cur i bhfeidhm praiticiúil agus bailíochtú na gcreataí náisiúnta, le comhordú idirghníomhaireachta agus le próisis chinnteoireachta.
D’fhéadfadh cleachtaí ionsamhlúcháin díriú ar chásanna a bhaineann le rioscaí a maidir le leathadh na n-ábhar núicléach, ceimiceach nó bitheolaíoch, agus féachaint ar ghníomhaíochtaí agus gníomhaithe soláthair aindleathacha, aistrithe trasteorann nó dúshláin maidir le rialú onnmhairí, ag brath ar thosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Leis na cleachtaí, neartófar ullmhacht oibríochtúil agus treiseofar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus oiliúna.
II. Deis fheabhsaithe do na Ballstáit a dteastaíonn cúnamh uathu chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar a gcuid riachtanas
Gníomhaíocht 2: Tacú le pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil
Is uirlis thábhachtach iad pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540. Cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit bearnaí a mheas, tús áite a thabhairt do bhearta cur chun feidhme, páirtithe leasmhara náisiúnta a mhapáil, agus measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní atá riachtanach agus ar na riachtanais chúnaimh is gá. Trí chur chuige saincheaptha céimnithe, tabharfar tacaíocht do dhá stát ar a laghad, arna iarraidh sin, chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear riachtanais chúnaimh a shainaithint agus a mhapáil. Áireofar leis an tacaíocht sin tús áite a thabhairt do bhearta cur chun feidhme, acmhainní riachtanacha a shainaithint agus iarrataí ar chúnamh a dhréachtú nó a bheachtú. I gcás inarb ábhartha, áireofar ann freisin anailís ar chreataí dlíthiúla náisiúnta atá ann cheana chun bearnaí a shainaithint a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí reachtaíocht nó rialacháin nua nó bhreise chun oibleagáidí faoi Rún 1540 a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tar éis aon phleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta mar atá beartaithe, beartaítear tacaíocht leanúnach a thabhairt chun a áirithiú go gcuirfear na pleananna chun feidhme ar bhealach nithiúil inbhuanaithe.
Leis an ngníomhaíocht, tacófar leis na stáit na pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha a fhorbairt ina mbeidh spriocanna, amlínte agus iarrachtaí comhordaithe soiléire agus lena n-éascófar comhpháirtíochtaí éifeachtacha idir stáit agus soláthraithe cúnaimh chun Rún 1540 a chur chun feidhme go cuimsitheach.
III. Feasacht fheabhsaithe ar na húdaráis náisiúnta, ar luchtanna éisteachta ábhartha agus ar an tsochaí shibhialta maidir leis an tábhacht a bhaineann le Rún 1540 a chur chun feidhme go hiomlán
Gníomhaíocht 3: Táirgeadh agus Scaipeadh Eolais:
Cuirfear dhá aschur táirgthe eolais ar fáil, lena n-áirítear foilseacháin, chun na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme Rún 1540 a fhiosrú. Beidh sé d’aidhm ag na haschuir sin taithí agus cleachtais éifeachtacha a thiomsú, léargais a thabhairt ar threochtaí agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, agus tacú le forbairt eolasach straitéisí agus beartas. Leis an ngníomhaíocht, cuirfear feabhas ar an eolas atá ag na páirtithe leasmhara ábhartha ar shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach na n-oibleagáidí faoi Rún 1540 agus rannchuideofar le hobair Choiste 1540 i réimsí ábhartha. Beidh téamaí na dtáirgí táirgthe eolais bunaithe ar bhreathnú ar threochtaí, bearnaí agus riachtanais cur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a sainaithníodh in Athbhreithniú Cuimsitheach 2022, agus iad siúd atá le sainaithint in Athbhreithniú Cuimsitheach 2027.
6. SÁSRA COMHORDÚCHÁIN AGUS RÓIL
Feidhmeoidh UNODA mar an t-eintiteas cur chun feidhme agus déanfaidh sé idirchaidreamh le Coiste 1540 agus lena Ghrúpa Saineolaithe maidir le gníomhaíochtaí an chláir a eagrú. Ós é an t-eintiteas cur chun feidhme é, coinneoidh UNODA, dlúthchumarsáid ar bun leis an deontóir, tionólfaidh sé cruinnithe comhordúcháin, ullmhóidh sé tuarascálacha insinte agus airgeadais rialta, agus cuirfidh sé tacaíocht pholaitiúil agus eagraíochtúil ar fáil d’eintitis chomhpháirtíochta. Déanfar cistí uile an tionscadail a eisíoc agus a bhainistiú i gcomhréir le rialacha agus rialacháin na Náisiún Aontaithe.
Trí Rún 1977 (2011), thathantaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar Choiste 1540 leanúint den phlé gníomhach le Stáit agus le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha chun comhroinnt taithí, ceachtanna a foghlaimíodh agus cleachtas éifeachtach a chur chun cinn sna réimsí a chumhdaítear le Rún 1540. Sa chomhthéacs sin, lean comhordaitheoirí réigiúnacha Rún 1540 ó UNODA in Addis Ababa agus in Bangkok de thacaíocht láidir a thabhairt do chur chun feidhme Rún 1540 ar fud réigiúin na hAfraice agus an Aigéin Chiúin chun rioscaí maidir le leathadh armán ollscriosta a chosc.
Choinnigh UNODA ar bun, lena n-áirítear trína lárionaid réigiúnacha, comhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun a áirithiú go bhfaighidh na Ballstáit atá i ngátar tacaíocht leordhóthanach chun an rún a chur chun feidhme. Leanfaidh UNODA de bheith ag comhoibriú le ESCE, a gheobhaidh cistiú spriocdhírithe chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme ina Stáit Rannpháirteacha, i gcomhréir lena shainordú, lena chumhdach geografach agus lena shaineolas teicniúil. Bainfidh an comhar sin leas as láithreacht láidir réigiúnach ESCE agus as comhpháirtíocht sheanbhunaithe leis na húdaráis náisiúnta, ach fanfaidh comhordú, maoirseacht agus tuairisciú foriomlán an tionscadail faoi fhreagracht UNODA.
Áiritheoidh UNODA comhleanúnachas agus comhlántacht idir na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme go díreach ag UNODA agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag ESCE trí chomhordú agus comhroinnt faisnéise rialta. Déanfaidh UNODA ionchuir ó ESCE a chomhdhlúthú sa tuairisciú foriomlán ar an gclár, lena n-áirítear na tuarascálacha bliantúla airgeadais agus insinte a chuirtear faoi bhráid an deontóra. Comhlánófar na tuarascálacha foirmiúla sin le nuashonruithe neamhfhoirmiúla idir an dá eintiteas trí chomhfhreagras ríomhphoist, glaonna comhdhála, agus cruinnithe comhordúcháin ad hoc, de réir mar is gá. Leis an gcur chuige feabhsaithe sin maidir le cur chun feidhme réigiúnach, cuirtear ar chumas UNODA iarrachtaí comhchoiteanna a áirithiú agus deiseanna sineirge a uasmhéadú.
Déanfaidh UNODA idirchaidreamh agus comhordú freisin le heintitis cur chun feidhme clár agus tionscadal ábhartha eile arna gcistiú ag an Aontas, go háirithe Tionscnamh maidir le hIonaid Barr Feabhais AE chun riosca CBRN a mhaolú agus Clár P2P um Rialú ar Onnmhairiú, chomh maith le tionscadail a chuirtear chun feidhme faoi na Cinntí seo a leanas ón gComhairle:
|
— |
Cinneadh (CBES) 2025/494 ón gComhairle an 11 Márta 2025 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, lena chlár idirsheisiúnach, agus leis na hullmhúcháin dá Dheichiú Comhdháil Athbhreithniúcháin; |
|
— |
Cinneadh (CBES) 2023/2705 ón gComhairle an 30 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1296 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta; |
|
— |
Cinneadh (CBES) 2024/645 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta. |
7. SOLÁTHAR FOIRNE
Chun an Cinneadh seo ón gComhairle atá beartaithe a chur chun feidhme, beidh gá le láithreacht thiomnaithe foirne chun cur chun feidhme comhordaithe, tráthúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí uile a áirithiú. Dá bhrí sin, tá na róil seo a leanas beartaithe:
— Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla amháin atá lonnaithe i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe:
Beidh ról ceannasach ag Aonad Tacaíochta 1540, laistigh de Bhrainse Arm Ollscriosta UNODA, i gcur chun feidhme an chláir. Tacóidh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla san Aonad le bainistiú agus maoirseacht fhoriomlán an chláir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha a chur chun feidhme, comhordú le ESCE chun gníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail, tuarascálacha deontóirí a ullmhú, agus cumarsáid rialta leis an deontóir.
— Comhordaitheoir Réigiúnach amháin atá lonnaithe in Addis Ababa, an Aetóip:
Beidh an Comhordaitheoir Réigiúnach freagrach as toil pholaitiúil a ghiniúint a thuilleadh, feasacht a mhúscailt, agus acmhainneacht a fhorbairt i Stáit na hAfraice chun cur chun feidhme Rún 1540 a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhearnaí sa chur chun feidhme náisiúnta atá fós ann a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Leanfaidh an comhordaitheoir den acmhainneacht thiomnaithe a áirithiú le haghaidh for-rochtain agus rannpháirtíocht san Afraic maidir le Rún 1540, agus soláthróidh sé tacaíocht phríomhúil chun gníomhaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a sholáthar arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme Rún 1540 sa réigiún a neartú.
8. FAD
Is é 36 mhí ré iomlán mheasta chur chun feidhme an tionscadail.
9. INFHEICTHEACHT AN AONTAIS
Déanfaidh UNODA gach beart iomchuí chun tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCinneadh seo ón gComhairle atá beartaithe a phoibliú, agus ar an gcaoi sin infheictheacht iomlán ranníocaíocht an Aontais agus feasacht iomlán uirthi a áirithiú. Cuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais Eorpaigh arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Chuige sin, leagfaidh UNODA béim ar ról an Aontais trí bhrandáil agus for-rochtain iomchuí, trí thrédhearcacht gníomhaíochta a áirithiú agus trí fheasacht a mhúscailt maidir le cuspóirí an Chinnidh seo, chomh maith le tacaíocht an Aontais agus na torthaí a baineadh amach. Beidh bratach an Aontais le feiceáil go soiléir ar na hábhair arna dtáirgeadh i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCinneadh seo i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir le húsáid agus atáirgeadh cruinn na brataí.
10. TAIRBHITHE
Is Ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe a bheidh i dtairbhithe an tionscadail.
Déanfaidh UNODA a dhícheall na stáit is tairbhithe a spreagadh chun páirt fhóinteach a thabhairt do mhná ag gach céim den tionscadal.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1704/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)