This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1467
Council Decision (CFSP) 2026/1467 of 29 June 2026 amending Joint Action 2005/889/CFSP on establishing a European Union Border Assistance Mission for the Rafah Crossing Point (EU BAM Rafah)
Cinneadh (CBES) 2026/1467 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
Cinneadh (CBES) 2026/1467 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
ST/9611/2026/INIT
IO L, 2026/1467, 30.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1467/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Extended validity | 32005E0889 | 01/07/2026 | 30/09/2026 | ||
| Modifies | 32005E0889 | Athchur | airteagal 13 mír 1 mír neamhuimhrithe | 01/07/2026 | |
| Modifies | 32005E0889 | Athchur | airteagal 16 mír neamhuimhrithe 2 | 01/07/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1467 |
30.6.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1467 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2026
lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Samhain 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES (1) lena mbunaítear Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah). |
|
(2) |
An 30 Aibreán 2025, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) agus EU BAM Rafah, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart síneadh a chur le sainorduithe an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2027. |
|
(3) |
An 26 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1283 (2) lenar leasaíodh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lenar cuireadh síneadh le sainordú EU BAM Rafah go dtí an 30 Meitheamh 2026. |
|
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Márta 2026, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, inter alia, tiomantas an Aontais don dlí idirnáisiúnta agus do shíocháin chuimsitheach chóir mharthanach atá bunaithe ar réiteach an dá stát. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil an tAontas réidh chun obair a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun Deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus d’iarr sé go gcuirfeadh na páirtithe uile an sos comhraic agus gach foráil eile de Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) chun feidhme ina n-iomláine, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le prionsabail idirnáisiúnta pholaitiúla agus dhlíthiúla. |
|
(5) |
An 25 Meitheamh 2026, agus faisnéis a sholáthair Iosrael agus Údarás na Palaistíne á cur san áireamh, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh 3 mhí a chur le sainorduithe EUPOL COPPS agus EU BAM Rafah araon. |
|
(6) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart síneadh a chur le EUBAM RAFAH go dtí an 30 Meán Fómhair 2026. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh: ‘Is é EUR 7 918 667,53.’ a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Rachaidh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2026.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MOUSHOUTTAS
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 327, 14.12.2005, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2005/889/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2025/1283 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2025 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L, 2025/1283, 27.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1283/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1467/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)