This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1303
Council Decision (EU) 2026/1303 of 4 June 2026 on the position to be taken on behalf of the European Union at the 18th session of the Committee of Technical Experts of the Intergovernmental Organisation for International Carriage by Rail with regard to the revision of the Rules of Procedure of the Committee of Technical Experts, the revision of the Uniform Technical Prescriptions applicable to the subsystem ‘Rolling stock – freight wagons’ and to the subsystem ‘Rolling stock – locomotives and passenger rolling stock’, the adoption of a Uniform format of certificates and the amendment of the Uniform Technical Prescriptions applicable to the subsystem ‘Telematics applications for freight services’
Cinneadh (AE) 2026/1303 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir leis an athbhreithniú ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, leis an athbhreithniú ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – vaigíní lastais’ agus an fochóras ‘Rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’, le formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh agus leis an leasú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lastais’
Cinneadh (AE) 2026/1303 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir leis an athbhreithniú ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, leis an athbhreithniú ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – vaigíní lastais’ agus an fochóras ‘Rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’, le formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh agus leis an leasú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lastais’
ST/8956/2026/INIT
IO L, 2026/1303, 10.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1303/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1303 |
10.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1303 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Meitheamh 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir leis an athbhreithniú ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, leis an athbhreithniú ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – vaigíní lastais’ agus an fochóras ‘Rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’, le formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh agus leis an leasú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lastais’
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) agus leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún COTIF (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(1)(f) de COTIF, bunaíodh Coiste Saineolaithe Teicniúla OTIF. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 16(10) de COTIF, tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla inniúil lena rialacha nós imeachta a bhunú. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 20(1)(b) de COTIF, i gcomhar le hAirteagal 6(1) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Bailíochtú na gCaighdeán Teicniúil agus Glacadh na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme d’Ábhar Iarnróid atá beartaithe a úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU UR) a leagtar amach i bhFoscríbhinn F a ghabhann le COTIF, tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla inniúil ar Shaintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a ghlacadh nó a leasú, inter alia, na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis na fochórais ‘Rothstoc – vaigíní lastais’ (UTP WAG), ‘Rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ (UTP LOC&PAS) agus ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lastais (UTP TAF)’. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 20(1)(e) de COTIF, i gcomhar le hAirteagal 21(1) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Cead Isteach Teicniúil d’Ábhar Iarnróid a úsáidtear sa Trácht Idirnáisiúnta (RA ATMF) a leagtar amach i bhFoscríbhinn G a ghabhann le COTIF, tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla inniúil ar iarscríbhinní a ghabhann leis an bhFoscríbhinn sin a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le Formáid aonfhoirmeach deimhnithe. |
|
(6) |
Ag an 18ú seisiún a bheidh aige ar an 9 Meitheamh 2026, tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla le cinntí a ghlacadh chun a Rialacha Nós Imeachta, UTP WAG agus UTP LOC&PAS a athbhreithniú, le hIarscríbhinn C a ghabhann le ATMF UR maidir le Formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh agus le Foscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a leasú. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Saineolaithe Teicniúla a leagan síos ós rud é go mbeidh na cinntí atá beartaithe ina gceangal ar an Aontas de bhun Airteagal 35(3) agus (4) de COTIF, Airteagal 6(1) de APTU UR agus Airteagal 21(1) de ATMF UR. |
|
(8) |
Is iad cuspóirí na gcinntí sin atá beartaithe Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla a athbhreithniú chun iad a ailíniú le rialacha nós imeachta orgáin eile OTIF, chun UTP WAG agus UTP LOC&PAS a ailíniú le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2064 (3) agus (AE) 2025/675 (4), faoi seach, chun Iarscríbhinn C nua a ghabhann le ATMF UR maidir le Formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh, agus a comhoiriúnacht le cláir feithicle agus cineáil feithicle arna mbunú faoi rialachaan Aontais agus OTIF á áirithiú, eadhon na rialacha a leagtar síos sna leasuithe is déanaí ar Chinneadh Chur Chun Feidhme 2011/665/AE (5) agus(AE) 2018/1614 (6) ón gCoimisiún agus chun na tagairtí do dhoiciméid theicniúla Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a ailíniú. |
|
(9) |
Tá na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla bunaithe ar mholtaí Choiste ad hoc OTIF um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chomhar Idirnáisiúnta agus áirítear leo tuilleadh ailínithe agus comhsheasmhachta idir cleachtais CTE agus cleachtais orgáin eile OTIF. Mar sin féin, leis na rialacha maidir le doiciméid oibre a chur ar fáil roimh chruinnithe an Choiste Saineolaithe Teicniúla, foráil a dhéanamh maidir le sprioc-amanna an-ghearr go fóill, a bhféadfadh nach leor iad chun na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun cinneadh a ghlacadh ar leibhéal an Aontais a cheadú. Dá bhrí sin, cé gur cheart tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar na Rialacha Nós Imeachta CTE, ba cheart don Aontas síneadh a mholadh freisin ar an sprioc-am maidir le doiciméid oibre a chur ar fáil roimh chruinnithe an Choiste Saineolaithe Teicniúla chun go mbeifear in ann seasaimh an Aontais a ullmhú agus a ghlacadh go tráthúil. |
|
(10) |
Tá na cinntí atá beartaithe chun UTP WAG, UTP LOC&PAS agus chun Iarscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a athbhreithniú i gcomhréir le dlí agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais den chuid is mó agus rannchuidíonn siad le rialacha OTIF a ailíniú le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais. Mar sin féin, ba cheart cuid de na leasuithe a mhol Rúnaíocht OTIF a ailíniú tuilleadh le dlí ábhartha an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas leasuithe a mholadh ar na leasuithe atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh rialacha OTIF ailínithe le dlí ábhartha an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe faoi réir an choinníll go dtabharfar isteach na leasuithe sin. |
|
(11) |
An chinneadh atá beartaithe chun Iarscríbhinn C nua a ghabhann le ATMF UR maidir le formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ghlacadh, níl an cinneadh sin go hiomlán i gcomhréir le dlí agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais. Mar shampla, is cúis mhearbhaill í úsáid an téarma ‘deimhniú’ mar go n-úsáidtear é chun críoch éagsúil i gcreataí an Aontais agus COTIF. I bhfianaise fairsinge na leasuithe ar an gcinneadh atá beartaithe a mbeadh gá leo chun ailíniú le dlí ábhartha an Aontais a áirithiú, ba cheart don Aontas cur i gcoinne ghlacadh an chinnidh atá beartaithe agus tuilleadh obair a iarraidh ar Bhuanmheitheal an Choiste Saineolaithe Teicniúla (WG TECH) ar an ábhar sin, chun a áirithiú go ndéanfar Iarscríbhinn C nua a ghabhann le UR ATMF maidir le Formáid aonfhoirmeach deimhnithe a ailíniú le dlí ábhartha an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar a Rialacha Nós Imeachta agus ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – vaigíní lastais’ (UTP WAG) agus leis an bhfochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ (UTP LOC&PAS), maidir le glacadh Iarscríbhinn C a ghabhann leis na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Cead Isteach Teicniúil d’Ábhar Iarnróid a úsáidtear sa Trácht Idirnáisiúnta (RA ATMF) maidir le formáid aonfhoirmeach deimhnithe agus maidir leis an leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lastais’ (UTP TAF):
|
(1) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, mar a leagtar amach i ndoiciméad TECH-26018-CTE18-4, agus, gan dochar don seasamh sin, an leasú seo a leanas a mholadh go gcuirfí ‘12 sheachtain’ in ionad ‘8 seachtaine’ in Airteagal 9(3) de Rialacha Nós Imeachta CTE; |
|
(2) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ar na UTP WAG, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le doiciméad TECH-26003-CTE18-5.1, faoi réir na leasuithe seo a leanas:
|
|
(3) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ar UTP LOC&PAS, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le doiciméad TECH-26004-CTE18-5.2, faoi réir an leasaithe seo a leanasi bpointe 7.1.1.6.1: cuir ‘Feisteofar an t-aonad le gairis fhéintarrthála do gach duine ar bord, gairis a chomhlíonann sonraíochtaí EN 13794:2002 agus ceachtar de EN 402:2003 nó EN 403:2004’ in ionad phointe (12).’; |
|
(4) |
vótáil in aghaidh ghlacadh beartaithe Iarscríbhinn C a ghabhann le ATMF UR maidir le formáid aonfhoirmeach deimhnithe, mar a leagtar amach i ndoiciméad TECH-26005-CTE18-5.3, agus tuilleadh oibre a iarraidh ar Bhuanmheitheal an Choiste Saineolaithe Teicniúla (WG TECH) ar an ábhar sin, chun ailíniú le dlí ábhartha an Aontais a áirithiú; |
|
(5) |
vótáil i bhfabhar an leasú atá beartaithe ar Fhoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF, mar a leagtar amach i ndoiciméad TECH-26006-CTE18-5.4. |
Maidir le mionathruithe ar an seasamh a leagtar amach sa chéad mhír, féadfaidh na hionadaithe ón Aontas iad a chomhaontú ag an 18ú seisiún den Choiste Saineolaithe Teicniúla, gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. FITIRIS
(1) Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/103(1)/oj).
(2) IO L 51, 23.2.2013, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/103/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2064 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 321/2013 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘Rothstoc — vaigíní lastais’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (STI VAI) (IO L, 2025/2064, 15.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2064/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/675 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘Rothstoc — innill ghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún maidir le clár na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid (IO L, 2025/675, 7.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/675/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2011 maidir le clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid (IO L 264, 8.10.2011, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2011/665/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1303/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)