This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0495
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2026/495 of 24 February 2026 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union maritime security operation to safeguard freedom of navigation in relation to the Red Sea crisis (EUNAVFOR ASPIDES) and repealing Decision (CFSP) 2025/2217 (EUNAVFOR ASPIDES/1/2026)
Cinneadh (CBES) 2026/495 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 24 Feabhra 2026 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2217 (EUNAVFOR ASPIDES/1/2026)
Cinneadh (CBES) 2026/495 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 24 Feabhra 2026 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2217 (EUNAVFOR ASPIDES/1/2026)
ST/6291/2026/INIT
IO L, 2026/495, 4.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/495/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/03/2026
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 32025D2217 | 18/02/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/495 |
4.3.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/495 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 24 Feabhra 2026
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2217 (EUNAVFOR ASPIDES/1/2026)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583 lenar bunaíodh oibríocht slándála muirí mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun an tsaoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh (CBES) 2024/583, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR ASPIDES (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh’). |
|
(3) |
An 22 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/2217 (2), lenar ceapadh an Ceannasóir Michail LAMPIRIS ina Cheannasaí Fórsa an Aontais ón 6 Samhain 2025. |
|
(4) |
An 9 Feabhra 2026, mhol údaráis mhíleata na Gréige an Ceannasóir Grigorios NOUSIAS a cheapadh i gcomharbas ar an gCeannasóir Michail LAMPIRIS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (‘an ceapachán atá beartaithe’). |
|
(5) |
An 9 Feabhra 2026, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES leis an gcinneadh atá beartaithe a cheapadh. |
|
(6) |
An 11 Feabhra 2026, thacaigh Coiste Míleata an Aontais leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh siad go gceapfaí an Ceannasóir Grigorios NOUSIAS ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 18 Feabhra 2026 go dtí an 14 Márta 2026. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCeannasóir Grigorios NOUSIAS a cheapadh ina Cheannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(8) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh sin ón 18 Feabhra 2026 chun leanúnachas a áirithiú i gcúraimí Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2025/2217 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar an Ceannasóir Grigorios NOUSIAS ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht slándála de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) don tréimhse ón 18 Feabhra 2026 go dtí an 14 Márta 2026.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2025/2217 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 18 Feabhra 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
L. MANDEL VENSILD
(1) IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2025/2217 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1224 (EUNAVFOR ASPIDES/4/2025) (IO L, 2025/2217, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2217/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/495/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)