This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0310
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2026/310 of 3 February 2026 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation to contribute to maritime security in the West Indian Ocean and in the Red Sea (EUNAVFOR ATALANTA), and repealing Decision (CFSP) 2025/2244 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2026)
Cinneadh (CBES) 2026/310 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Feabhra 2026 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2244 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2026)
Cinneadh (CBES) 2026/310 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Feabhra 2026 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2244 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2026)
ST/5440/2026/INIT
IO L, 2026/310, 5.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/310/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 09/06/2026; Arna aisghairm le 32026D1060
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 32025D2244 | 20/02/2026 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repealed by | 32026D1060 | 10/06/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/310 |
5.2.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/310 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 3 Feabhra 2026
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/2244 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2026)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, lena ndéantar foráil maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí a dhéanamh a bhaineann le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh’). |
|
(3) |
An 4 Samhain 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/2244 (2), lena gceaptar an Ceannasóir João Pedro MONTEIRO DA SILVA ina Cheannasaí Fórsa ar an Aontas Eorpach amhail ón 7 Samhain 2025. |
|
(4) |
An 7 Eanáir 2026, mhol údaráis mhíleata na hIodáile an Captaen Daniele Paolo Maria MARTINUZZI a cheapadh i gcomharbas ar an gCeannasóir João Pedro MONTEIRO DA SILVA mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (‘an ceapachán molta’). Chuir údaráis mhíleata na hIodáile in iúl go ndéanfaí Seachaimiréal don Chaptaen Daniele Paolo Maria MARTINUZZI sula gceapfaí é mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
An 8 Eanáir 2026, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta. |
|
(6) |
An 12 Eanáir 2026, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Captaen Daniele Paolo Maria MARTINUZZI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCaptaen Daniele Paolo Maria MARTINUZZI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2025/2244 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar an Seachaimiréal Daniele Paolo Maria MARTINUZZI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) amhail ón 20 Feabhra 2026.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2025/2244 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Feabhra 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
L. MANDEL VENSILD
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2008/851/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2025/2244 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Samhain 2025 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1173 (EUNAVFOR ATALANTA/3/2025) (IO L, 2025/2244, 5.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2244/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/310/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)