This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0222
Council Decision (EU) 2026/222 of 20 January 2026 authorising the opening of negotiations on behalf of the European Union for the conclusion of an agreement between the European Union, of the one part, and the Commonwealth of Australia, of the other part, on the participation of the Commonwealth of Australia in Union programmes and the association of the Commonwealth of Australia to Horizon Europe – the Framework Programme for Research and Innovation (2021-2027)
Cinneadh (AE) 2026/222 ón gComhairle an 20 Eanáir 2026 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Comhlathas na hAstráile, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Chomhlathas na hAstráile le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
Cinneadh (AE) 2026/222 ón gComhairle an 20 Eanáir 2026 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Comhlathas na hAstráile, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Chomhlathas na hAstráile le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
ST/14661/2025/INIT
IO L, 2026/222, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/222/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/222 |
27.1.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/222 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Eanáir 2026
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Comhlathas na hAstráile, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Chomhlathas na hAstráile le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 186 agus 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Chomhlathas na hAstráile le Colún II de Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027),
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, le haghaidh comhaontaithe maidir le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Chomhlathas na hAstráile le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).
Airteagal 2
Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 4
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Áise-an Aigéine, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta i dtaca le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile in aon chláir de chuid an Aontais agus leis an Meitheal um Thaighde, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht Chomhlathas na hAstráile sa chlár Fís Eorpach.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/222/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)