This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0193
Commission Implementing Decision (EU) 2026/193 of 28 January 2026 amending Implementing Decision (EU) 2021/1182 as regards harmonised standards for neurosurgical implants, biological evaluation of medical devices, clinical investigation of medical devices for human subjects, non-active surgical implants, sterilization of health care products, biocompatibility evaluation of breathing gas pathways in healthcare applications and small-bore connectors for liquids and gases in healthcare applications
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/193 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hionphlanduithe néaramháinliachta, meastóireacht bhitheolaíoch ar fheistí leighis, imscrúdú cliniciúil ar fheistí leighis le haghaidh daoine, ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha, steiriliú táirgí cúraim sláinte, meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte agus nascóirí mionchró le haghaidh leachtanna agus gás i bhfeidhmeanna cúraim sláinte
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/193 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hionphlanduithe néaramháinliachta, meastóireacht bhitheolaíoch ar fheistí leighis, imscrúdú cliniciúil ar fheistí leighis le haghaidh daoine, ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha, steiriliú táirgí cúraim sláinte, meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte agus nascóirí mionchró le haghaidh leachtanna agus gás i bhfeidhmeanna cúraim sláinte
C/2026/403
IO L, 2026/193, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/193/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32021D1182 | Cur le | iarscríbhinn pointe 37-48 | 30/01/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/193 |
30.1.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/193 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Eanáir 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hionphlanduithe néaramháinliachta, meastóireacht bhitheolaíoch ar fheistí leighis, imscrúdú cliniciúil ar fheistí leighis le haghaidh daoine, ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha, steiriliú táirgí cúraim sláinte, meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte agus nascóirí mionchró le haghaidh leachtanna agus gás i bhfeidhmeanna cúraim sláinte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), feistí atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó leis na codanna ábhartha de na caighdeáin sin, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó na gcodanna díobh. |
|
(2) |
Cuireadh Rialachán (AE) 2017/745 in ionad Threoracha 90/385/CEE (3) agus 93/42/CEE (4) ón gComhairle le héifeacht ón 26 Bealtaine 2021. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 (5), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana maidir le feistí leighis, caighdeáin a forbraíodh chun tacú le Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE, agus caighdeáin chomhchuibhithe nua chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 a dhréachtú (‘an iarraidh’). |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata, rinne an Coiste Eorpach um Chaighdeánú agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 7197:2009 maidir le hionphlanduithe néaramháinliachta, EN ISO 10993-4:2017 maidir le meastóireacht bhitheolaíoch ar fheistí leighis, EN ISO 14155:2020 maidir le himscrúdú cliniciúil ar fheistí leighis le haghaidh daoine, EN ISO 14630:2012, EN ISO 21535:2009 agus EN ISO 21536:2009 maidir le hionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha, EN ISO 17665-1:2006 maidir le steiriliú táirgí cúraim sláinte, agus EN ISO 18562-1:2020, EN ISO 18562-2:2020, EN ISO 18562-3:2020 agus EN ISO 18562-4:2020 maidir le meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte, agus dhréachtaigh siad caighdeán comhchuibhithe nua maidir le nascóirí mionchró le haghaidh leachtanna agus gás i bhfeidhmeanna cúraim sláinte, caighdeáin nár foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí agus an gá tacú le ceanglais Rialachán (AE) 2017/745 a chur san áireamh. |
|
(5) |
Mar thoradh ar an athbhreithniú ar na caighdeáin sin, glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 7197:2024, EN ISO 14630:2024, EN ISO 17665:2024, EN ISO 18562-1:2024, EN ISO 18562-2:2024, EN ISO 18562-3:2024, EN ISO 18562-4:2024, EN ISO 21535:2024, EN ISO 21536:2024 agus EN ISO 80369-2:2024 (‘na caighdeáin’), agus glacadh na leasuithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 10993-4:2017/A1:2025 agus EN ISO 14155:2020/A11:2024 (‘na leasuithe’). |
|
(6) |
In éineacht leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún an gcomhlíontar an iarraidh leis na caighdeáin agus na leasuithe. |
|
(7) |
Comhlíonann na caighdeáin agus na leasuithe na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/745. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin agus na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 ón gCoimisiún (6), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go liostaítear in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin agus na leasuithe orthu a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na riachtanais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/745/oj).
(3) Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1990/385/oj).
(4) Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1993/42/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le feistí leighis chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus le feistí leighis diagnóiseacha in vitro chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feistí leighis a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 256, 19.7.2021, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1182/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
‘37. |
EN ISO 7197:2024 Ionphlanduithe néaramháinliachta - Siúntaí hidriceifealais steiriúla aon úsáide (ISO 7197:2024) |
|
38. |
EN ISO 10993-4:2017 Measúnú bitheolaíoch ar fheistí leighis - Cuid 4: Roghnú tástálacha le haghaidh idirghníomhaíochtaí le fuil (ISO 10993-4:2017) EN ISO 10993-4:2017/A1:2025 |
|
39. |
EN ISO 14155:2020 Imscrúdú cliniciúil ar fheistí leighis le haghaidh daoine - Dea-chleachtas cliniciúil (ISO 14155:2020) EN ISO 14155:2020/A11:2024 |
|
40. |
EN ISO 14630:2024 Ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha - Ceanglais ghinearálta (ISO 14630:2024) |
|
41. |
EN ISO 17665:2024 Steiriliú táirgí cúraim sláinte - Teas tais - Ceanglais maidir le forbairt, bailíochtú agus gnáthrialú próisis steirilithe i ndáil le feistí leighis (ISO 17665:2024) |
|
42. |
EN ISO 18562-1:2024 Meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte - Cuid 1: Meastóireacht agus tástáil laistigh de phróiseas bainistíochta riosca (ISO 18562-1:2024) |
|
43. |
EN ISO 18562-2:2024 Meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte - Cuid 2: Tástálacha le haghaidh astaíochtaí ábhair cháithnínigh (ISO 18562-2:2024) |
|
44. |
EN ISO 18562-3:2024 Meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte - Cuid 3: Tástálacha le haghaidh astaíochtaí substaintí orgánacha so-ghalaithe (ISO 18562-3:2024) |
|
45. |
EN ISO 18562-4:2024 Meastóireacht bhith-chomhoiriúnachta ar chonairí gáis análaithe i bhfeidhmeanna cúraim sláinte - Cuid 4: Tástálacha le haghaidh ábhair láiste i gcomhdhlúthán(ISO 18562-4:2024) |
|
46. |
EN ISO 21535:2024 Ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha — Ionphlanduithe athchuir ailt - Ceanglais shonracha maidir le hionphlanduithe athchuir alt an chromáin (ISO 21535:2023) |
|
47. |
EN ISO 21536:2024 Ionphlanduithe máinliachta neamhghníomhacha — Ionphlanduithe athchuir ailt - Ceanglais shonracha maidir le hionphlanduithe athchuir alt na glúine (ISO 21536:2023) |
|
48. |
EN ISO 80369-2:2024 Nascóirí beagchró le haghaidh leachtanna agus gás i bhfeidhmeanna cúraim sláinte — Cuid 2: Nascóirí le haghaidh feidhmeanna riospráide (ISO 80369-2:2024, Leagan ceartaithe 2025-06)’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/193/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)